2 1965


Uimhir 2 de 1965.


AN tACHT TALÚN, 1965

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH. [9 Márta, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt,—

tá le “limistéar cúng” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 4;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú leis na rialacha nó na rialacháin iomchuí dá dtagraítear in alt 2;

ciallaíonn “oibreacha” oibreacha ar bith agus folaíonn sé aon abhainn, sruthán, sruthchúrsa aiceanta nó saorga, canáil, draein, linn, loch nó limistéar eile faoi uisce, agus aon phort nó claífort, aiceanta nó saorga;

déanfar gach tagairt do ghabháltas nó do thalamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid nó do chodanna de ghabháltas nó de thalamh agus do dháileacht talún ina hiomláine nó i bpáirt agus d'oidhreachtán neamhchorprach ina iomláine nó i bpáirt;

déanfar gach tagairt d'airgead ceannaigh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon phraghas fuascailte uasleasa, d'aon phraghas atógála, d'aon chúiteamh nó d'aon chiste, agus d'aon iarmhar den phraghas fuascailte sin, den phraghas atógála sin, den chúiteamh nó den chiste sin, agus d'aon scair sa phraghas fuascailte sin, sa phraghas atógála sin, sa chúiteamh nó sa chiste sin, agus d'aon iarmhar den scair sin.

Rialacha agus rialacháin.

1933, Uimh. 38 .

2. —(1) An chumhacht chun rialacha a dhéanamh a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht Talmhan, 1933 , beidh réim aici i gcás rialacha chun forálacha an Achta seo (seachas forálacha a bhaineann le hairgeadas talamh-cheannaigh) a chur i gcrích agus beidh sí infheidhmithe chun na rialacha sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacha agus rialacháin a dhéanamh chun forálacha an Achta seo maidir le hairgeadas talamh-cheannaigh a chur i gcrích agus féadfaidh sé leis na rialacha agus na rialacháin sin aon fhorálacha maidir le hairgeadas talamh-cheannaigh atá in aon Acht a ritheadh roimh an Acht seo a oiriúnú do riachtanas an Achta seo.

Íocaíochtaí agus caiteachais.

3. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na híocaíochtaí a dhéanfaidh, agus na caiteachais faoina rachaidh, an tAire agus Coimisiún na Talún ag tabhairt éifeacht don Acht seo agus á riaradh.

Ordú á dhearbhú go bhfuil limistéar ina limistéar cúng.

4. —(1) Is limistéar cúng gach limistéar acu seo a leanas chun críocha an Achta seo—

(a) contae nó cuid de chontae a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

(b) cibé limistéar eile a dhearbhófar ó am go ham le hordú ón Aire a bheith ina limistéar cúng.

(2) Nuair a bheidh ordú á dhéanamh ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfaidh sé aird ar mhéid na ngabháltas, ar mhianach na talún agus ar an gcineál nó na cineálacha feirmeoireachta a bhíonn ar siúl sa limistéar a dhearbhófar a bheith ina limistéar cúng.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Airleacain do dhaoine i limistéir chúnga chun talamh a cheannach.

1949, Uimh. 25 .

5. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talún, de réir rialachán faoin alt seo, airleacan a thabhairt do dhuine cáilithe i ndáil le ceannach talún aige.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus féadfaidh cibé forálacha forlíontacha nó fo-ghabhálacha is fóirsteanach leis an Aire a bheith in aon rialacháin den sórt sin.

(b) Féadfaidh rialacháin faoi alt seo, go sonrach ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(i) an t-airleacan a mhuirearú ar an talamh, cibé acu trí ordú muirir arna dhéanamh ag Coimisiún na Talún nó ar dhóigh eile é;

(ii) Coimisiún na Talún d'fháil urrúis, cibé acu trí mhuirear nó ar dhóigh eile é, i leith airleacain faoin alt seo;

(iii) méid aon airleacain faoin alt seo;

(iv) modh aisíoctha airleacain faoin alt seo;

(v) ús a íoc ar airleacan faoin alt seo;

(vi) íoc táille nó táillí ag duine cáilithe le Coimisiún na Talún as iniúchadh nó iniúchtaí a mheasfaidh Coimisiún na Talún a bheith riachtanach maidir le hiarratas ar airleacan faoin alt seo;

(vii) feidhmiú cibé forálacha sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó san Acht um Míntíriú Talún, 1949 , a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach, maidir le dílsiú talún agus le cionroinnt, comhdhlúthú, muirearú agus gnóthú airleacan faoin alt seo, agus oiriúnú tagairtí sna forálacha sin nuair is gá é.

(3) (a) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim a dhéanfar chun críche an ailt seo.

(b) Ní dhéanfaidh Clárlann na nGníomhas aon táille ná íocaíocht eile a mhuirearú ná a fhorchur maidir le haon doiciméad is gá le haghaidh nó i leith airleacain faoin alt seo.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “duine cáilithe” duine (lena n-áirítear comhúinéir nó tionónta i gcoiteannas) ar chóir, i dtuairim Choimisiún na Talún, airleacan a thabhairt dó, agus is tionónta nó dílseánach ar ghabháltas—

(a) atá i limistéar cúng,

(b) atá oiriúnach, i dtuairim Choimisiún na Talún, chun críocha talamh a shocrú, agus

(c) a gcomhaontófar é a dhíol le Coimisiún na Talún laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe i rialacháin faoin alt seo.

Blianacht saoil a dheonú faoin Acht seo.

1952, Uimh. 25 .

1964, Uimh. 2 .

6. —(1) Aon uair a dhéanfaidh duine (dá ngairtear an díoltóir san alt seo) atá sean, éagumasaithe nó dall, leas i dtalamh a dhíol dá dheoin féin le Coimisiún na Talún (cibé acu go leithleach, i gcomhpháirt, nó i gcoiteannas atá an leas sin á theachtadh), féadfaidh Coimisiún na Talún, de rogha an díoltóra, agus in ionad iomlán an phraghais cheannaigh nó cuid de a íoc in airgead, blianacht saoil a dheonú don díoltóir de réir rialachán faoin alt seo.

(2) Is é luach a bheidh ar bhlianacht saoil faoin alt seo cibé luach a bheidh, ar an dáta a chríochnófar díol an leasa, comhionann go hachtúireach (de réir cibé táblaí a bheidh ar an dáta sin arna gceadú ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo) leis an iomlán nó le cuid den phraghas ceannaigh ar in ionad a íoctha a dheonaítear an bhlianacht saoil.

(3) I gcás díoltóra a bheidh pósta ar an dáta a chríochnófar an díol, má bhíonn céile an díoltóra sin (gan leas a bheith ag an gcéile sin i gcomhpháirt ná i gcoiteannas sa talamh) beo ar an dáta sin, ríomhfar blianacht faoin Acht seo ar dhóigh go gcuirfidh sí ar fáil—

(a) blianacht (dá ngairtear blianacht phríomha san Acht seo agus in aon rialacháin faoin alt seo) is míoctha go dtí go bhfaighidh an díoltóir, nó céile an díoltóra, bás, agus

(b) blianacht (dá ngairtear blianacht thánaisteach san Acht seo agus in aon rialacháin faoin alt seo) de mhéid is ionann agus leath na blianachta príomha is iníoctha ón dáta a gheobhaidh an díoltóir, nó céile an díoltóra, bás go dtí go bhfaighidh an céile marthanach bás.

(4) Féadfaidh díoltóir a bheidh, ar an dáta a chríochnófar an díol, gan pósadh nó ina bhaintreach fir nó ina baintreach duine is cleithiúnaí ar an díoltóir a ainmniú, agus, má aontaíonn Coimisiún na Talún leis an ainmniú sin, beidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo maidir leis an díoltóir agus leis an gcleithiúnaí ionann is dá mba chéile an díoltóra an cleithiúnaí.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus féadfaidh cibé forálacha forlíontacha nó fo-ghabhálacha is fóirsteanach leis an Aire a bheith in aon rialacháin den sórt sin.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go sonrach ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(i) an aicme nó na haicmí daoine a shonrú a mheasfar chun críocha an ailt seo a bheith sean, éagumasaithe nó dall;

(ii) Coimisiún na Talún d'íoc na gcostas agus na gcaiteachas faoina ndeachaigh an díoltóir maidir le díol an leasa le Coimisiún na Talún;

(iii) an praghas ceannaigh íosta nó an chuid íosta de phraghas ceannaigh a bhféadfaidh an díoltóir an rogha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ina leith;

(iv) an tréimhse ar laistigh di a fheidhmeoidh an díoltóir an rogha sin (más ann);

(v) Coimisiún na Talún do dheonú ceart cónaithe i dteach cónaithe ar an talamh don díoltóir ar feadh saol an díoltóra agus ina dhiaidh sin do chéile nó cleithiúnaí marthanach (más ann) an díoltóra ar feadh saol an chéile nó an chleithiúnaí sin;

(vi) na coinníollacha (más ann dóibh) a bhainfidh leis an gceart cónaithe sin.

(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le díoltóir, duine de theaghlach an díoltóra a bheidh, ar an dáta a chríochnófar an díol, go hiomlán nó go páirteach i gcleithiúnas ar thuilleamh an díoltóra;

ciallaíonn “duine den teaghlach” athair, máthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail, aintín, nia, neacht, col ceathar, cliamhain nó banchliamhain agus, i gcás bandíoltóra, a leanbh neamhdhlisteanach.

(7) Chun aon ghaol a rianú chun críocha an ailt seo, measfar gur sliocht dlisteanach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine ar a ndearnadh uchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964.

Blianachtaí ceannaigh, etc., áirithe a íoc go hiomlán.

1933, Uimh. 38 .

1939, Uimh. 26 .

1923, Uimh. 42 .

7. —(1) Aon uair a thiocfaidh íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo chun bheith dlite do Choimisiún na Talún, beidh an íocaíocht sin, d'ainneoin aon ní i gCuid III den Acht Talmhan, 1933 , nó in alt 42 den Acht Talmhan, 1939 , iníoctha go hiomlán ag an duine nó ag na daoine a dhlífidh ó am go ham an íocaíocht sin a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le cíos, suim bhliantúil agus suim bhreise, blianacht cheannaigh, airgead ceannaigh ina airgead réidh, ús ar airgead ceannaigh agus aon íocaíocht eile is iníoctha le Coimisiún na Talún i leith talún, nó oidhreachtáin neamhchorpraigh, nach bhfuil i limistéar cúng, a dhíolfaidh Coimisiún na Talún ar ceant poiblí nó trí chonradh príobháideach nó a leithroinnfear faoi scéim a bheidh ceadaithe ag Coimisiún na Talún tar éis dáta an Achta seo a rith le duine dá dtagraítear i mír (a) nó i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 ; ar choinníoll, áfach, i gcás ina ndéanfar, tar éis dáta an Achta seo a rith, dearbhú, le hordú ón Aire faoi fho-alt (1) d'alt 4 den Acht seo, gur limistéar cúng an limistéar ina bhfuil an talamh sin, nach mbeidh feidhm maidir leis an talamh sin ag an alt seo amhail ar an gcéad lá gála tar éis an t-ordú a dhéanamh agus ón lá sin amach, agus ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíocht i leith talún nó oidhreachtáin neamhchorpraigh a mbeidh Coimisiún na Talún (mar gheall ar mhainneachtain in íoc aon airgid, ar shárú coinníll, nó ar aon mhainneachtain eile) tar éis a chur faoi deara é a dhíol nó tar éis é a thógáil chucu nó seilbh a fháil air, agus a bhfuil an bhlianacht cheannaigh nó an íocaíocht eile ina leith athscrúdaithe faoi Chuid III den Acht Talmhan, 1933 .

(3) Aon deimhniú a thabharfar faoi ghnáthshéala Choimisiún na Talún á dheimhniú i dtaobh íocaíochta gurb íocaíochtaí i leith talún, nó oidhreachtáin neamhchorpraigh, a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, is fianaise prima facie é ar an bhfíoras a dheimhneofar amhlaidh.

(4) Chun aon íocaíocht dá dtagraítear san alt seo a ghnóthú beidh ag Coimisiún na Talún na leigheasanna céanna atá acu chun tráthchodanna neamhíoctha de bhlianachtaí ceannaigh a ghnóthú.

Cumhacht na gCoimisinéirí Tuata chun finnéithe a thoghairm.

8. —(1) Chun deireadh a chur le hamhras, achtaítear leis seo go bhféadfaidh na Coimisinéirí Tuata, chun críocha cibé feidhmeanna dá gcuid ar gá éisteacht ina leith, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht os a gcomhair,

(b) finnéithe a thiocfaidh os a gcomhair a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon Choimisinéir Tuata daoine a chur faoin mionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dóibh.

(2) Aon fhinné a thiocfaidh os comhair na gCoimisinéirí Tuata ag éisteacht den sórt sin beidh sé i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna agus a bheadh dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Beidh toghairm arna síniú ag Coimisinéir Tuata amháin ar a laghad.

(4) Más rud é—

(a) ar aon duine a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair na gCoimisinéirí Tuata ag éisteacht den sórt sin nach dtiocfaidh an duine sin i láthair, nó

(b) ar aon duine a bheith i láthair mar fhinné ag éisteacht den sórt sin go ndiúltóidh sé mionn a ghlacadh a cheanglóidh na Coimisinéirí Tuata go dlíthiúil air a ghlacadh, nó aon doiciméid faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh na Coimisinéirí Tuata go dlíthiúil air a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh Coimisinéir Tuata a cheangal air go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, nó

(c) go ndéanfaidh aon duine rud ar bith eile a bheadh, dá mba chúirt dlí na Coimisinéirí Tuata le cumhacht chun duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Tuata cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt faoi ghnáthshéala Choimisiún na Talún agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis cibé fiosrúchán is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na hArd-Chúirte.

Cumhacht údaráis áitiúil chun ranníoc a dhéanamh i leith costas oibreacha áirithe ag Coimisiún na Talún.

9. —(1) Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, cumhacht ag údarás áitiúil íocaíocht a dhéanamh le Coimisiún na Talún mar ranníoc i leith costas oibreacha a rinne Coimisiún na Talún nó a bheartaigh siad a dhéanamh agus, ar na hoibreacha a bheith críochnaithe, a bhfuair, nó ar dóigh go bhfaighidh, an t-údarás áitiúil tairbhe astu.

(2) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh, nó aon chomhlacht reachtúil eile a mbeadh baint leis ag na hoibreacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

An tAire Tailte agus Coimisiún na Talún a shaoradh ó oibleagáidí agus dliteanais áirithe.

1869, c. 42.

1881, c. 71.

10. —(1) Chun deireadh a chur le hamhras, agus faoi réir fho-alt (2) den alt seo, dearbhaítear leis seo nach n-oibreoidh, agus nach measfar gur oibrigh riamh, aon ní sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon achtachán eile nó in aon riail dlí nó in aon chonradh intuigthe, ná aon ní a rinneadh faoin gcéanna, chun aon oibleagáid nó dliteanas acu seo a leanas a chur ar an Aire Tailte nó ar Choimisiún na Talún—

(a) aon oibleagáid chun aon oibreacha a ghlanadh, a chothabháil, a dheisiú nó a athchóiriú, nó

(b) aon dliteanas i leith gnímh nó neamhghnímh ag oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire don Aire nó do Choimisiún na Talún (nach gníomh nó neamhghníomh faillíoch) maidir le haon oibreacha a dhéanamh, a ghlanadh, a chothabháil, a dheisiú nó a athchóiriú, ar gníomh nó neamhghníomh é ba thort ar aon talamh nó maidir le haon talamh a ceannaíodh nó ar comhaontaíodh é a cheannach faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó ar déileáladh leis faoin Irish Church Act, 1869, nó faoin Irish Church Act Amendment Act, 1881, nó faoi na hAchtanna um Bord na gCeantar Cúng (Éire), nó ar aon talamh nó maidir le haon talamh atá tadhlach leis an talamh céadluaite sin.

(2) I gcás talamh a bheith á áitiú go haonarach agus go heisiatach ag Coimisiún na Talún i gcaitheamh aon tréimhse, ní oibreoidh fo-alt (1) den alt seo chun Coimisiún na Talún a fhuascailt i gcaitheamh na tréimhse sin—

(a) ó aon oibleagáid (cibé mar a forchuireadh í nó a d'éirigh sí) chun aon oibreacha ar an talamh sin a ghlanadh, a chothabháil nó a athchóiriú, nó

(b) ó aon dliteanas i leith aon ghnímh a rinneadh, nó aon neamhghnímh a tharla, le linn aon oibreacha a bheith á ndéanamh, á nglanadh, á gcothabháil, á ndeisiú nó a n-athchóiriú, ar gníomh nó neamhghníomh é ba thort ar an talamh sin nó maidir leis an talamh sin nó ar aon talamh nó maidir le haon talamh atá tadhlach leis an talamh céadluaite sin.

(3) Más rud é go mbeidh Coiimsiún na Talún tar éis aon oibreacha a dhéanamh, a ghlanadh, a chothabháil, a dheisiú nó a athchóiriú aon tráth nó tráthanna, ní oibreoidh sé sin, ná ní mheasfar gur oibrigh sé riamh, ann féin, chun dliteanas a chur ar Choimisiún na Talún na hoibreacha sin a ghlanadh, a chothabháil, a dheisiú nó a athchóiriú.

Coimisiún na Talún a dhíolmhú ó dhliteanas i leith rátaí áirithe.

11. —(1) Más rud é, maidir le haon oidhreachtán nach oidhreachtán arb é atá ann talamh gan foirgneamh nó foirgnimh air—

(a) go ngearrfar ar Choimisiún na Talún an ráta contae nó an ráta bardasach in aghaidh na bliana airgeadais áitiúil ina rithfear an tAcht seo nó in aghaidh aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, agus

(b) go ndeimhneoidh Coimisiún na Talún faoina ngnáthshéala go raibh an foirgneamh nó na foirgnimh atá ar áireamh san oidhreachtán gan áitiú ar dháta an ráta sin a ghearradh,

ní bheidh na rátaí iomchuí iníoctha ag Coimisiún na Talún ná ag áititheoir a áiteoidh an t-oidhreachtán ina dhiaidh sin.

(2) Más rud é, tar éis dáta an ráta contae nó an ráta bhardasaigh a ghearradh, go mbeidh an foirgneamh nó na foirgnimh a bheidh ar áireamh in oidhreachtán den sórt sin ar áitiú ag áititheoir seachas Coimisiún na Talún i gcaitheamh aon tréimhse sa bhliain airgeadais áitiúil ina rithfear an tAcht seo nó in aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, beidh cuid de na rátaí iomcuí don bhliain airgeadais áitiúil sin a mbeidh idir í agus iomlán na rátaí iomchuí sin an cothrom céanna a bheidh idir an tréimhse sin agus bliain iníoctha ag an áititheoir sin agus beidh sí inghnóthaithe ionann is dá mba rud é go ndearnadh an t-áititheoir sin a rátú i gcéaduair i leith an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus mura n-íocfaidh sé í beidh sí iníoctha ag aon áititheoir a áiteoidh an foirgneamh nó na foirgnimh ina dhiaidh sin agus beidh sí inghnóthaithe ón áititheoir sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “rátaí iomchuí” na rátaí (cibé acu i leith ráta contae nó ráta bardasaigh) is iníoctha maidir le haon fhoirgneamh nó foirgnimh atá ar áireamh in oidhreachtán a mbeidh Coimisiún na Talún tar éis a dheimhniú ina leith, de bhun fho-alt (1) den alt seo, go raibh an foirgneamh nó na foirgnimh neamháitithe ar dháta an ráta contae nó an ráta bhardasaigh a ghearradh i leith an oidhreachtáin.

Toirmeasc ar ghabháltais áirithe a ligean, a fholigean nó a fhoroinnt gan toiliú ó Choimisiún na Talún.

1927, Uimh. 19 .

1964, Uimh. 16 .

12. —(1) Ní dhéanfar gabháltas talmhaíochta a ligean, a fholigean ná a fhoroinnt gan toiliú i scríbhinn ó Choimisiún na Talún, agus féadfaidh an toiliú sin a bheith ginearálta nó sonrach agus féadfaidh sé a bheith faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí le Coimisiún na Talún.

(2) Ní fheidhmeofar cumhacht Choimisiún na Talún chun a dtoiliú a dhiúltú faoin alt seo ach amháin d'fhonn cosc a chur le gabháltais a bhunú nó a choinneáil ar bun nach gabháltais eacnamaíocha iad i dtuairim Choimisiún na Talún.

(3) Aon ligean, foligean nó foroinnt a dtabharfar iarracht nó a n-airbheartófar é a dhéanamh contrártha don alt seo, beidh sé ar neamhní amhail in aghaidh gach uile dhuine; ar choinníoll, áfach, in aon chás ina dtabharfar toiliú Choimisiún na Talún faoin Acht seo tar éis an ligin, an fholigin nó na foroinnte ar tugadh iarracht nó ar airbheartaíodh é a dhéanamh, go n-oibreoidh an toiliú sin, má ordaíonn Coimisiún na Talún amhlaidh, chun bailíocht a thabhairt le héifeacht siarghabhálach don ligean, don fholigean nó don fhoroinnt sin ar tugadh iarracht nó ar airbheartaíodh é a dhéanamh.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon ghabháltas nach bhfuil faoi réir blianachta ceannaigh nó íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún na Talún, agus

(a) a bhfuil iomlán an ghabháltais sin laistigh de theorainn aon chontae-bhuirge, buirge, ceantair uirbigh nó baile, nó

(b) a ndeimhneoidh Coimisiún na Talún faoina ngnáthshéala gurb é a dtuairim go bhfuil an gabháltas sin ag teastáil le haghaidh forbairt uirbeach mar gheall ar a chóngaracht do chontae-bhuirg, do bhuirg, do cheantar uirbeach nó do bhaile.

(5) An tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt (3) den Acht Talmhan, 1927 , do thoiliú Choimisiún na Talún le foroinnt faoin alt sin, forléireofar í mar thagairt do thoiliú Choimisiún na Talún faoin Acht seo.

(6) I gcás ina dtarlódh murach an t-alt seo go bhfaighfí teideal de dhroim seilbhe chun cuid nó codanna de ghabháltas, is gá toiliú Choimisiún na Talún faoin alt seo chun an teideal sin a fháil; ar choinníoll nach gá an toiliú sin i gcás ar bith ina bhfuarthas nó ina bhfaighfear an teideal sin (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é) de dhroim seilbhe nó trí sheilbh arbh ann di go hiomlán roimh dháta an Achta seo a rith.

(7) Gach coinníoll i gconradh chun talamh a dhíol trína gcoisctear ar an gceannaitheoir foréilimh a dhéanamh maidir le ligean, foligean nó foroinnt gabháltais talmhaíochta, beidh sé ar neamhní.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “talmhaíochta”, maidir le gabháltas, gabháltas talmhaíochta nó féaraigh go substaintiúil, nó gabháltas talmhaíochta agus féaraigh go substaintiúil, de réir cineáil;

ciallaíonn “gabháltas,” maidir le tionónta nó dílseánach áirithe, an talamh go léir a bheidh ar teachtadh aige, ar dháta, nó tar éis dáta, an Achta seo a rith, faoi fhorléasadh singil nó a bhfuair sé teideal chuige de dhroim seilbhe, cibé acu feo simplí, deontas feofheirme, léasacht nó ó bhliain go bliain é (cibé acu faoi choinníollacha reachtúla é nó nach ea), agus cibé acu a bheidh sé ar teachtadh i gcomhpháirt nó i gcoiteannas nó ina aonar nó ar leithleacht, agus cibé acu a ceannaíodh nó nár ceannaíodh é faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó a bheidh nó nach mbeidh sé cláraithe, nó a meastar nó nach meastar é a bheith cláraithe, faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, nó faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 ; ar choinníoll, i gcás ina mbeidh dhá ghabháltas nó níos mó den sórt sin arna gcomhdhlúthú, go measfar gurb aon ghabháltas amháin iad agus, i gcás dhá mhaoin chláraithe nó níos mó a bheith cláraithe san úinéireacht chéanna agus iad gan comhdhlúthú ag Coimisiún na Talún, go measfar gur gabháltais ar leithligh iad chun críocha an ailt seo;

folaíonn “foroinnt” éileamh ar bith ar theideal chun cuid nó codanna de ghabháltas, cibé acu trí dhiúscairt chun duine amháin nó níos mó é.

Toirmeasc ar thailte áirithe a dhíol, a aistriú, a ligean nó a fholigean gan toiliú ó Choimisiún na Talún.

1923, Uimh. 42 .

1950, Uimh. 16 .

1939, Uimh. 26 .

13. —(1) I gcás ina bhfoilseofar liosta sealadach faoi fho-alt (2) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , tar éis dáta an Achta seo a rith, ní dhéanfar, go dtí go bhfoirceannfar imeachtaí faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun na tailte a fháil, na tailte (ná aon chuid díobh) a luafar sa liosta sealadach a dhíol, a aistriú, a ligean, a fholigean ná a fhoroinnt gan toiliú i scríbhinn ó Choimisiún na Talún.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (6) (arna leasú le halt 29 den Acht seo) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , tar éis dáta an Achta seo a rith, ní dhéanfar, sa tréimhse trí mhí dar tosach dáta an fhógra a sheirbheáil, na tailte (ná aon chuid díobh) a luafar san fhógra a dhíol, a aistriú, a ligean, a fholigean ná a fhoroinnt gan toiliú i scríbhinn ó Choimisiún na Talún; ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Tuata, le hordú (a bheidh ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ), an tréimhse sin a fhadú trí mhí eile agus go ndéanfaidh Coimisiún na Talún freisin fógra i dtaobh an ordaithe sin a sheirbheáil ar an modh forordaithe.

(3) I gcás ina mbeidh fógra tugtha faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Talmhan, 1939 , á rá go bhfuil Coimisiún na Talún á bheartú cead a iarraidh chun gabháltas a atógáil, ní dhéanfar, go dtí go bhfoirceannfar imeachtaí faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun an gabháltas a atógáil, an gabháltas a luafar san fhógra a dhíol, a aistriú, a ligean, a fholigean ná a fhoroinnt, ina iomláine ná i bpáirt, gan toiliú i scríbhinn ó Choimisiún na Talún.

(4) Aon díol, aistriú, ligean, foligean nó foroinnt a dtabharfar iarracht nó a n-airbheartófar é a dhéanamh contrártha don alt seo, beidh sé ar neamhní amhail in aghaidh gach uile dhuine; ar choinníoll, áfach, in aon chás ina dtabharfar toiliú Choimisiún na Talún faoin Acht seo tar éis an díola, an aistrithe, an ligin, an fholigin nó na foroinnte, ar tugadh iarracht nó ar airbheartaíodh é a dhéanamh, go n-oibreoidh an toiliú sin, má ordaíonn Coimisiún na Talún amhlaidh, chun bailíocht a thabhairt le héifeacht siarghabhálach don díol, don aistriú, don ligean, don fholigean nó don fhoroinnt sin ar tugadh iarracht nó ar airbheartaíodh é a dhéanamh.

(5) Aon uair a fhoilseofar nó a sheirbheálfar liosta sealadach nó fógra dá dtagraítear san alt seo agus a bhainfidh le talamh cláraithe, tabharfaidh Coimisiún na Talún cóip den liosta nó den fhógra do Chláraitheoir na dTeideal agus déanfaidh seisean, ar an gcóip sin a fháil dó, cibé taifid is dóigh leis is gá a chur sa chlár iomchuí agus, a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse iomchuí nó tar éis dó fógra a fháil ó Choimisiún na Talún gur foirceannadh na himeachtaí dá dtagraítear san alt seo, cealóidh sé na taifid sin.

Ainmnithigh Choimisiún na Talún a cheapadh.

1957, Uimh. 6 .

1939, Uimh. 26 .

14. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, go measfaidh Coimisiún na Talún gur gá nó gur fóirsteanach é sin a dhéanamh chun a gcumhachtaí faoi na hAchtanna sin a fheidhmiú, féadfaidh siad, le hordú, tar éis fo-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, aon duine nó daoine a bhfeicfear dóibh cíosanna agus brabúis a bheith á bhfáil aige nó acu, nó urlámhas agus bainistíocht a bheith aige nó acu, i gcás aon talún (dá ngairtear an talamh san alt seo) nó, mura bhfuil aon duine nó daoine den sórt sin ann nó má tá an duine sin nó aon duine ar leith de na daoine sin faoi éagumas, féadfaidh siad duine éigin eile, a cheapadh ina ainmnitheach, chun críocha na n-imeachtaí sin agus sin an méid, do na daoine uile a bhfuil leas acu sa talamh, agus féadfaidh siad, nuair is gá sin, an talamh, nó (i gcás aon mhalartú talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh) talamh eile, a dhílsiú don duine sin.

(2) Sula ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfaidh Coimisiún na Talún don duine a bheartófar a cheapadh ina ainmnitheach fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuil ar intinn acu an t-ordú a dhéanamh.

(3) D'ainneoin aon achtacháin nó riail dlí, feidhmeoidh ainmnitheach a cheapfar faoin alt seo go hiomlán agus go héifeachtúil ar son na ndaoine go léir a mbeidh leas acu sa talamh chun críocha na n-imeachtaí ar maidir leo a rinneadh an ceapachán (lena n-áirítear seirbheáil doiciméad, ach dáileadh airgid cheannaigh a fhágáil as áireamh), ach ní chun aon chríche eile ná ar aon dóigh eile, agus féadfaidh sé gach gníomh a dhéanamh is gá chun na himeachtaí sin a thabhairt chun críche, lena n-áirítear an talamh a aistriú, cibé acu is talamh chláraithe é nó nach ea.

(4) Féadfaidh Coimisiún na Talún le hordú—

(a) ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo a fhoirceannadh, agus

(b) duine a cheapadh seachas an duine ar foirceannadh a cheapachán amhlaidh chun bheith ina ainmnitheach sna imeachtaí céanna, agus nuair is gá é an talamh a dhílsiú don duine eile sin.

(5) Aon uair a dhéanfar ordú faoin alt seo a bhainfidh le talamh chláraithe, tabharfaidh Coimisiún na Talún cóip den ordú do Chláraithaoir na dTeideal agus déanfaidh seisean, ar an gcóip den ordú a fháil dó, cibé athruithe is dóigh leis is gá sa chlár iomchuí.

(6) I gcás ina ndílseoidh Coimisiún na Talún talamh d'ainmnitheach faoin alt seo, beidh an leas a dhílseofar amhlaidh ina ghreamacht ar leas na ndaoine go léir a mbeidh an t-ainmnitheach ag feidhmiú ar a son.

(7) Duine a cheapfar chun bheith ina ainmnitheach faoin alt seo, ní bheidh sé, de bhíthin an cheapacháin sin amháin, ina iontaobhaí chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957 .

(8) Féadfar an teideal Ainmnitheach Choimisiún na Talún a thabhairt ar dhuine a cheapfar ina ainmnitheach faoin alt seo agus is leor de thuairisc air é sin.

(9) Ní dhéanfar aon cheapachán faoi alt 54 den Acht Talmhan, 1939 , tar éis an fhoirm dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a bheith forordaithe.

Feidhmiú cumhachtaí agus feidhmeanna áirithe ag Scrúdaitheoirí de chuid Choimisiún na Talún a bheidh údaraithe chuige sin.

1923, Uimh. 42 .

15. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh cibé Scrúdaitheoirí de chuid Choimisiún na Talún a údaróidh an tAire chun na críche sin, le toiliú an Choimisinéara Breithiúnais, cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisinéara Breithiúnais agus Choimisiún na Talún maidir le dáileadh airgid cheannaigh (lena n-áirítear deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 5 den Acht Talmhan, 1923 , ar shuimeanna as an gCiste Costas a bunaíodh faoin alt sin) a fheidhmiú.

(2) Aon duine a bheidh éagóirithe trí chinneadh ag Scrúdaitheoir a bheidh údaraithe faoi fho-alt (1) den alt seo, is cinneadh a rinne an Scrúdaitheoir sin agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a luaitear san fho-alt sin, féadfaidh sé, ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinneadh sin chun an Choimisinéara Breithiúnais agus, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc a chinneadh-sean ar an achomharc sin.

(3) Féadfar achomharc i gcoinne chinneadh an Choimisinéara Breithiúnais faoi fho-alt (2) den alt seo a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

An fhréamh theidil is inghlactha.

1931, Uimh. 11 .

16. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir Breithiúnais, dá rogha féin, d'ainneoin forálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh nó aon achtacháin uile, treoracha ginearálta a eisiúint chun Scrúdaitheora a bheidh údaraithe chun críche fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, glacadh mar thréimhse thosaithe teidil, a gceanglófar ar an úinéir, an tionónta nó an t-éilitheoir eile é a rianú, le tréimhse nach lú ná—

(a) dhá bhliain déag dar tosach dáta tíolactha, aistrithe nó sannta na talún nó an ghabháltais ar chomaoin luachmhar, agus dar críoch an dáta a dhílsigh an talamh, nó leas an tionónta sa talamh, do Choimisiún na Talún, nó

(b) tríocha bliain dar críoch an dáta a dhílsigh an talamh, nó leas an tionónta sa talamh, do Choimisiún na Talún.

cibé tréimhse acu sin is giorra.

(2) I gcás éileamh i gcoinne an airgid cheannaigh a bheith gan sásamh ar dháileadh a dhéanamh mar gheall ar fheidhm a bhaint as an rogha a thugtar le fo-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha d'alt 34 den Acht Talmhan, 1931 , a bhaineann le cúiteamh.

Slánaíocht do Scrúdaitheoir.

17. —Ní bheidh Scrúdaitheoir faoi dhliteanas ó thaobh aon chaingne, agra nó imeachta i gcás nó i leith aon ghnímh nó ní a rinne sé nó a d'fhág sé gan déanamh, bona fide, de bhun alt 15 nó 16 den Acht seo.

Cearta seilge áirithe a mhúchadh.

1964, Uimh. 16 .

18. —Más rud é—

(a) go ndearnadh tailte a chlárú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, nó faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 ,

(b) ar na tailte sin a chlárú amhlaidh go ndearnadh na cearta seilge, seachas na cearta iascaireachta ar, nó thar, na tailte sin, a fhorcoimeád do dhuine seachas an t-úinéir cláraithe, agus

(c) nach ndearnadh na cearta sin a forcoimeádadh amhlaidh a fheidhmiú sa tréimhse dhá bhliain déag dar críoch dáta an Achta seo a rith nó in aon tréimhse dhá bhliain déag dar críoch dáta tar éis dáta an Achta seo a rith,

beidh, agus dearbhaítear leis seo go mbeidh, deireadh leis na cearta a forcoimeádadh amhlaidh ar dhul in éag don tréimhse sin agus, ar iarratas ó aon duine leasmhar, cuirfidh Cláraitheoir na dTeideal faoi deara, mura mbeidh fianaise shásúil ar fheidhmiú na gcearta sin sa tréimhse sin á cur ar fáil, go gcealófar taifead na gceart sin sa chlár iomchuí.

Oidhreachtáin neamhchorpracha.

1923, Uimh. 42 .

19. —(1) Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo—

(a) go bhfolóidh an tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , do phaistí talún, agus go measfar gur fholaigh sí riamh, oidhreachtáin neamhchorpracha, agus

(b) go bhfolóidh na tagairtí i bhfo-alt (3) den alt sin (arna leasú le fo-alt (2) den alt seo) do phaiste talún, nó d'aon phaiste talún, agus go measfar gur fholaigh siad riamh, oidhreachtán neamhchorprach.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , trí “agus folóidh ‘holding’ sna hAchtanna sin, agus measfar gur fholaigh sé riamh, aon dáileacht talún a díoladh nó ar comhaontaíodh í a dhíol faoi na hAchtanna sin” a chur in ionad “agus folóidh an focal ‘holding’ sna bAchtanna san paiste talmhan ’nar dineadh do réir an ailt seo roimh-íoc chun go gceannófí é.”

Leathnú ar chumhachtaí Choimisiún na Talún chun cearta slí a chur ar fáil.

1923, Uimh. 42 .

1931, Uimh. 11 .

20. —(1) I dteannta na n-ábhar a luaitear in alt 43 den Acht Talmhan, 1923 , agus in alt 39 (arna leasú le halt 33 den Acht seo) den Acht Talmhan, 1931 , áireofar ar chumhachtaí Choimisiún na Talún chun airgead a chaitheamh, le haghaidh tairbhe nó feabhsú aon tailte, an chumhacht chun slite agus cearta slí a thabhairt do Choimisiún na Talún, agus dá gceadúnaithe, agus chun sonrú agus leathnú nó feabhsú a dhéanamh ar shlite agus cearta slí, thar aon talamh (lena n-áirítear aon fhaibhriú, trí ghlárú nó trá, cibé acu draenáil ba chúis leis nó nach ea), d'fhonn bealach a fhurasú go dtí an fharraige agus ón bhfarraige, nó go dtí loch nó abhainn agus ó loch nó abhainn, atá tadhlach le tailte a díoladh nó ar comhaontaíodh iad a dhíol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, cibé acu a thugtar nó nach dtugtar na cearta slí sin le hiad a bheith comhghabhálach le haon talamh, agus cibé acu atá nó nach bhfuil aon chríoch-phointe do na slite agus na cearta slí sin ar thailte a díoladh nó ar comhaontaíodh iad a dhíol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar do Choimisiún na Talún le halt 43 den Acht Talmhan, 1923 , agus le halt 39 (arna leasú le halt 33 den Acht seo) den Acht Talmhan, 1931 , agus a leathnaítear leis an alt seo, a fheidhmiú chun na cearta seo a leanas a thabhairt agus a shonrú agus a leathnú—

(a) cearta chun feithiclí a locadh nó báid a tharraingt isteach ón uisce, agus

(b) cearta chun báid a fheistiú nó a fhágáil ar ancaire.

(3) Ní dhéanfar cumhachtaí Choimisiún na Talún faoin alt seo a fheidhmiú go héigeantach maidir le haon cheart thar talamh is gaire ná caoga slat do theach cónaithe áitithe agus ar ceart é a bhí ar marthain i dtosach na tréimhse sé mhí dar críoch an dáta a sheirbheálfaidh Coimisiún na Talún an fógra i leith an chirt sin.

Oibriú orduithe dílseacháin áirithe.

1923, Uimh. 42 .

21. —(1) Má dhéantar talamh a dhílsiú do cheannaitheoir le hordú dílseacháin, fiat dílseacháin nó ionstraim eile agus go mbeidh san ordú nó san ionstraim foráil chun an talamh a chomhdhlúthú le talamh a bheidh cláraithe, nó a mheastar a bheith cláraithe, faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, (dá ngairtear an talamh cláraithe san alt seo), oibreoidh an t-ordú nó an ionstraim chun an talamh a dhílsiú don cheannaitheoir sa cháil chéanna ina bhfuil, agus faoi réir na n-iontaobhas céanna (más ann) faoina bhfuil, an talamh chláraithe á theachtadh aige.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh talamh arna dhílsiú, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, do cheannaitheoir le hordú dílseacháin faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus

(b) go mbeidh sé ráite san ordú dílseacháin go bhfuil an talamh á thabhairt mar mhalairt ar thalamh chláraithe,

beidh feidhm ag forálacha alt 46 den Acht Talmhan, 1923 , amhail is dá mba de bhun chomhaontú faoin alt sin a tugadh éifeacht don mhalartú agus amhail is dá gcuirfí tagairtí do dháta an ordaithe dílseacháin in ionad na dtagairtí atá i bhfo-alt (3) den alt sin do dháta an chláraithe.

Éifeacht bháis ar ordú dílseacháin.

1923, Uimh. 42 .

22. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 63 den Acht Talmhan, 1923 :

“63.—(1) Ní bheidh ordú dílseacháin ar neamhní mar gheall ar an duine a n-airbheartófar na tailte a áirítear san ordú a dhílsiú dó d'fháil bháis roimh an ordú dílseacháin sin a fhorghníomhú, ach beidh d'éifeacht aige chun go ndílseoidh sé, agus measfar gur dhílsigh sé riamh, na tailte sin d'ionadaí pearsanta an duine sin chun cibé úsáidí agus ar cibé iontaobhais a mbeadh na tailte sin faoina dteorainn dá mba rud é go raibh siad dílsithe don duine sin díreach roimh a bhás.

(2) I gcás ina n-airbheartóidh ordú dílseacháin tailte a dhílsiú do dhuine mar úinéir teoranta, ní bheidh an t-ordú ar neamhní de bhíthin amháin go bhfuair an duine bás roimh é a fhorghníomhú ach beidh éifeacht aige chun go ndílseoidh sé, agus measfar gur dhílsigh sé riamh, na tailte sin do na páirtithe is neasa teideal dóibh chun cibé úsáidí agus ar cibé iontaobhais a mbeadh na tailte sin faoina dteorainn dá mba rud é go raibh siad dílsithe don duine sin díreach roimh a bhás.

(3) I gcás ina n-airbheartóidh ordú dílseacháin tailte a dhílsiú i ndaoine mar nasc thionóntaí, ní bheidh sé ar neamhní de bhíthin amháin go bhfuair duine nó daoine acu sin bás roimh é a fhorghníomhú, ach beidh éifeacht aige chun go ndílseoidh sé, agus measfar gur dhílsigh sé riamh, na tailte sin don mharthanóir nó do na marthanóirí chun cibé úsáidí agus ar cibé iontaobhais a mbeadh na tailte sin faoina dteorainn dá mba rud é go raibh siad dílsithe do na daoine sin go léir díreach roimh bhás an duine nó na ndaoine sin, cibé acu é.

(4) San alt seo ciallaíonn ‘ordú dílseacháin’ ordú dílseacháin faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus folaíonn sé fiat dílseacháin nó ionstraim eile a airbheartaíonn talamh a dhílsiú do cheannaitheoir.”.

Cumhacht chun orduithe dílseacháin áirithe a dhéanamh.

1931, Uimh. 11 .

23. —Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo go bhfuil cumhacht ag Coimisiún na Talún chun ordú dílseacháin a dhéanamh faoi alt 28 den Acht Talmhan, 1931 , maidir le gabháltas ar forghníomhaíodh comhaontú ceannaigh ina leith.

Easnaimh mar gheall ar oibriú Reacht na dTréimhsí, 1957 .

1957, Uimh. 6 .

1891, c. 48.

24. —(1) Ní bheidh easnamh i gciste na n-iasachtaí áitiúla, i gciste na mblianachtaí ceannaigh nó i gciste na mbannaí talún, mar gheall ar oibriú alt 24 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , ina mhuirear ar an gCiste Ráthaíochta a bunaíodh faoi alt 5 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

(2) Déanfar easnamh in aon chuntas nó ciste seachas ciste na mblianachtaí ceannaigh, mar gheall ar oibriú alt 24 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , a shlánú don chiste iomchuí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé tráthanna agus ar cibé dóigh a ordóidh an tAire Airgeadais.

Gabháltais a chomhdhlúthú.

1923, Uimh. 42 .

25. —(1) Déantar leis seo cumhachtaí Choimisiún na Talún faoi alt 66 den Acht Talmhan, 1923 , chun gabháltais áirithe a chomhdhlúthú, a leathnú chun go bhfolóidh siad cumhacht chun aon dá ghabháltas nó níos mó a chomhdhlúthú le hordú, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh siad faoi réir blianachta ceannaigh, aon uair is dóigh le Coimisiún na Talún go bhfuil an comhdhlúthú sin riachtanach nó inmhianaithe chun críocha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh agus a thoileoidh tionónta nó dílseánach na ngabháltas leis an gcomhdhlúthú sin.

(2) Ar ghabháltas comhdhlúite a dhéanamh faoi alt 66 den Acht Talmhan, 1923 , nó faoin alt sin arna leathnú leis an alt seo, aistreofar chun an ghabháltais a dhéanfar amhlaidh na heastáit, na leasanna, na cearta, na hualaí, na muirir, na dliteanais agus na cothromais go léir a bheidh, ar dháta an ordaithe ó Choimisiún na Talún ag déanamh an ghabháltais sin, ag baint nó ag gabháil le gach gabháltas a chomhdhlúthófar amhlaidh, agus aon bhlianacht cheannaigh, blianacht mhíntírithe nó íocaíocht eile a aistreofar amhlaidh measfar go raibh sí, agus beidh sí, de mhuirear ar an ngabháltas comhdhlúite agus inghnóthaithe as ar an modh céanna agus de réir na tosaíochta céanna a raibh an bhlianacht nó an íocaíocht sin de mhuirear ar chuid den ghabháltas comhdhlúite agus inghnóthaithe aisti roimhe sin.

(3) Ar iarratas ó Choimisiún na Talún, cláróidh Cláraitheoir na dTeideal, faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, úinéireacht na talún go léir a chomhdhlúthófar faoin alt seo agus déanfaidh sé cibé athruithe is dóigh leis is gá sa chlár iomchuí.

Airgead ceannaigh a íoc nó airleacan a thabhairt trí bhannaí talún.

1934, Uimh. 11 .

26. —D'ainneoin alt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , nó aon ordú a rinneadh faoin Acht sin, féadfar airgead ceannaigh is gá de réir an Achta sin a íoc, nó airleacan is gá dá réir a thabhairt, trí bhannaí talún a eisiúint faoin Acht sin, a íoc nó a thabhairt ionann is dá mba rud é gur comhaontaíodh ar mhéid an airgid cheannaigh nó an airleacain, nó gur socraíodh, nó go meastar gur socraíodh, an céanna an lá a dhílsítear an talamh nó leas an tionónta i ngabháltas atógtha do Choimisiún na Talún.

Gan cumhachtaí a thugtar le halt 40 (6) den Acht Talmhan, 1923 , a bheith ina n-ábhair eiscthe.

1923, Uimh. 42 .

1950, Uimh. 16 .

27. —Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo nach ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 , cinneadh na talún a bheidh le hiniúchadh faoi fho-alt (6) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , arna leasú leis an Acht seo; ar choinníoll nach n-údaróidh an tAire d'oifigeach (de bhun fho-alt (2) d' alt 12 den Acht Talún, 1950 ) an cinneadh sin a dhéanamh murab oifigeach do Choimisiún na Talún an t-oifigeach agus nach ísle céim é ná Cigire Sinsearach.

Leasú ar alt 15 den Acht Talmhan, 1923 .

1923, Uimh.42

28. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfar na hinfheistíochtaí agus an t-ús dá dtagraítear i bhfo-alt

(3) d'alt 15 den Acht Talmhan, 1923 , nó cibé infheistíochtaí nó airgead eile a bheidh an uair sin in ionannas leis an gcéanna, a aistriú chun cibé oifigeach do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bheidh ainmnithe chun na críche ag comhlacht ceannais an Choláiste sin.

(2) Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Talmhan, 1923

(a) trí “le toil agus cead an Aire Airgid” a scriosadh i bhfo-alt (5), agus

(b) trí “le toil an Aire Airgid”, agus “agus a cheadóidh an tAire Airgid” a scriosadh i bhfo-alt (6).

Leasú ar alt 40 den Acht Talmhan, 1923 .

1923, Uimh. 42 .

29. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , trí “arna shéalú le gnáthshéala Choimisiún na Talún agus arna sheirbheáil ar an modh forordaithe ar” a chur in ionad “do chur tríd an bpost chun” i bhfo-alt (6).

Leasú ar alt 46 den Acht Talmhan, 1923 .

1923, Uimh. 42 .

30. —Déantar leis seo alt 46 den Acht Talmhan, 1923 , a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Chun críocha na gcláruithe sin, féadfaidh Cláraitheoir na dTeideal a ordú d'aon duine ag a bhfuil an deimhniú talún (dá ngairtear an seandeimhniú feasta san alt seo) i leith an ghabháltais bhunaidh an seandeimhniú a sheachadadh do Chláraitheoir na dTeideal nó, más deimhin leis gur cailleadh nó gur díothaíodh an seandeimhniú, féadfaidh sé tabhairt ar aird an tseandeimhnithe a ligean thar ceal.

(5B) Déanfar, amhail ó dháta na gcláruithe, aon éileamh i leith liain nó aon éilimh eile ar an seandeimhniú a aistriú chuig an deimhniú talún i leith an ghabháltais nua agus ní dhéanfar difear do thosaíocht an éilimh nó na n-éileamh sin.

(5C) Eiseoidh Cláraitheoir na dTeideal an deimhniú talún i leith an ghabháltais nua don duine ag a raibh an seandeimhniú díreach roimh é a sheachadadh do Chláraitheoir na dTeideal nó roimh é a chailleadh no a dhíothú.”

Leasú ar alt 18 den Acht Talmhan, 1927 .

1927, Uimh. 19 .

31. —Déantar leis seo alt 18 den Acht Talmhan, 1927 , a leasú—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I ngach cás den sórt sin féadfar suim is ionann agusan difríocht idir an méid a chuireann fo-alt (1) den alt seo de dhliteanas ar Choimisiún na Talún, nó ar aon daoine a bheidh ag áitiú na talún mar leithroinnithe nó mar cheannaitheoirí ó Choimisiún na Talún, agus an méid iomlán a bheadh, murach forálacha an fho-ailt sin, inghnóthaithe go dlíthiúil ó na daoine sin i leith rátaí agus riaráistí rátaí, dá dtionscnófaí imeachtaí chun a ngnóthaithe i gcoinne na ndaoine sin an lá ceaptha, a íoc agus a ghlanadh mar éileamh i gcoinne airgead ceannaigh na dtailte i dtosaíocht ar gach éileamh eile i gcoinne an airgid cheannaigh sin.”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “‘an lá ceaptha’” i bhfo-alt (5): “agus ‘mar éileamh a ghabhann le praghas atógála an ghabháltais’ a chur in ionad ‘mar éileamh i gcoinne airgead ceannaigh na dtailte.’”

Leasú ar ailt 35 agus 38 den Acht Talún, 1931.

1931, Uimh. 11 .

32. —(1) Déantar leis seo alt 35 den Acht Talmhan, 1931 , a leasú—

(a) trí “céad punt” a chur in ionad “triocha púnt” gach áit a bhfuil sé,

(b) trí “trí chéad punt” a chur in ionad “céad púnt” gach áit a bhfuil sé, agus

(c) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “trí chéad púnt” i bhfo-alt (5).

(2) Déantar leis seo alt 38 den Acht Talmhan, 1931 , a leasú trí “dhá chéad punt” a chur in ionad “caoga púnt” i bhfo-alt (2).

Leasú ar alt 39 den Acht Talmhan, 1931 .

1931, Uimh. 11 .

1923, Uimh. 42 .

33. —Déantar leis seo alt 39 den Acht Talmhan, 1931 , a leasú—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I dteannta na n-ábhar a luaitear in alt 43 den Acht Talmhan, 1923 , áireofar ar chumhachtaí Choimisiún na Talún chun airgead a chaitheamh, ar fheabhsú talún a díoladh nó ar comhaontaíodh é a dhíol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, cumhacht chun slite agus cearta slí a thabhairt do Choimisiún na Talún agus dá gceadúnaithe, agus chun sonrú agus leathnú nó feabhsú a dhéanamh ar shlite agus ar chearta slí, thar aon talamh d'fhonn bealach a fhurasú go dtí talamh agus ó thalamh ar bith a díoladh nó ar comhaontaíodh é a dhíol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, cibé acu a thugtar nó nach dtugtar na cearta slí sin le hiad a bheith comhghabhálach le haon talamh, agus cibé acu atá nó nach bhfuil aon chríoch-phointe do na slite agus na cearta slí sin ar thailte a díoladh nó ar comhaontaíodh iad a dhíol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh”, agus

(b) trí “nó a leathnú nó a fheabhsú” a chur isteach i ndiaidh “do bhronna agus do mhíniú” i bhfo-alt (3),

(c) trí “nó a shonrófar nó a leathnófar nó a bhfeabhsófar” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “go mbronnfar”,

(d) trí “a shonróidh, nó a leathnóidh nó a fheabhsóidh” a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “a bhronnfaidh”, agus

(e) trí “dhá chéad punt” a chur in ionad “caoga punt” i bhfo-alt (4).

Leasú ar alt 29 den Acht Talmhan, 1933 .

1933, Uimh. 38 .

1936, Uimh. 41 .

34. —Déantar leis alt 29 den Acht Talmhan, 1933 , a leasú trí “£6,000” a chur in ionad “£2,000” gach áit dá bhfuil sé i bhfo-alt (1), agus déanfar na tagairtí atá in alt 28 den Acht Talmhan, 1936 , do dhá mhíle punt a fhorléiriú mar thagairtí do shé mhíle punt.

Leasú ar alt 32 den Acht Talmhan, 1933 .

1933, Uimh. 38 .

1936, Uimh. 41 .

1936, Uimh. 41 .

35. —(1) Déantar leis seo alt 32 den Acht Talmhan, 1933 , a leasú—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) D'ainneoin aon ní san alt seo nó in aon achtachán eile, ní dhéanfaidh Coimisiún na Talún, chun aon chríche seachas chun maolú ar chúngracht sa gharchomharsanacht nó chun páirceanna spóirt, páirceanna poiblí, faichí áineasa nó faichí imeartha a sholáthar nó chun gairdíní a chur ar fáil do scoileanna nó (i gcás talún nach bhfuil faoi bhun caoga slat ó theach cónaithe áitithe a bhí ann i dtosach feidhme na tréimhse cáiliúcháin agus sa chás sin amháin) chun saoráidí a sholáthar do dhaoine a bheadh ag bádóireacht nó ag iascaireacht ar an bhfarraige nó ar loch nó ar abhainn, aon talamh a thógáil go héigeanta más deimhin leis na Coimisinéirí Tuata ina leith—

(a) nach ndearna tionónta nó dílseánach na talún é a thairiscint chun a díolta sa tréimhse cháiliúcháin, agus

(b) gur comhlíonadh bona fide aon cheann de na ceanglais seo a leanas is infheidhme—

(i) i gcás inar duine seachas comhlacht corpraithe tionónta nó dílseánach aonair na talún—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an talamh nó ina gharchombarsanacht ar an duine sin;

(ii) gcás inar comhlacht corpraithe tionónta nó dílseánach aonair na talún—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an talamh nó ina gharchomharsanacht ar gach duine dá bhfuil i dteideal leasa thairbhiúil sa chomhlacht corpraithe.

(iii) in aon chás nach luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) den mhír seo—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an talamh nó ina gharchomharsanacht ar na daoine go léir atá i dteideal leasa thairbhiúil in aon chuid den talamh nó in aon scair sa talamh agus ar na daoine go léir atá i dteideal leasa thairbhiúil sa chomhlacht nó sna comhlachtaí corpraithe ag a bhfuil teideal chun aon choda den talamh nó chun aon scair sa talamh;

ar choinníoll nach mbeidh, ná nach meastar go mbeidh, an ceanglas maidir le cónaí arna shásamh i gcás ar bith trí aon fhoráil reachtúil maidir le cónaí ag comhlacht corpraithe a chomhlíonadh, agus

(c) ag féachaint d'achar, suíomh agus mianach na talún sin, don mhéid cúngrachta agus dífhostaíochta atá i ngarchomharsanacht na talún sin agus sa tír i gcoitinne, agus dá mhéid is inmhianaithe táirgeadh bia a mhéadú, gur thug an talamh sin, sa tréimhse cháiliúcháin, leormhéid torthaí talmhaíochta agus leormhéid fostaíochta, agus aon ghaolta le tionónta nó dílseánach na talún atá buanfhostaithe ar an talamh sin a áireamh ar an lucht fostaíochta”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) San alt seo—

folaíonn ‘garchomharsanacht’ aon áit ar deimhin leis na Coimisinéirí Tuata nach bhfuil sé thar trí mhíle ón bpointe is gaire den talamh iomchuí;

ciallaíonn ‘tréimhse cháiliúcháin’ an tréimhse bhliana dar críoch an dáta a fhoilseofar san Iris Oifigiúil an deimhniú agus an liosta sealadach a cheanglaítear le fo-alt (1) d'alt 25 den Acht Talmhan, 1936 , a fhoilsiú amhlaidh; forléireofar “cónaí” ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir’ mar ní a cheanglaíonn go mbeadh gnáth-chónaí ar an talamh nó ina gharchomharsanacht ar an duine nó na daoine a luaitear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) (cibé acu é) de mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí Tuata, dá rogha féin, neamhaird a thabhairt chun críocha an ailt seo ar aon tréimhse nó tréimhsí a bhíothas as láthair go sealadach ón talamh más deimhin leo an tréimhse nó na tréimhsí sin a bheith inchurtha de réir réasúin i leith breoiteachta, gnó, oideachais, saoire nó aon chúise eile;

folaíonn ‘tionónta nó dílseánach’ banchéile nó fearchéile tionónta nó dílseánaigh.”

(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, i gcás aon imeachtaí a bheith ar feitheamh ar dháta an Achta seo a rith maidir le talamh atá ar áireamh i liosta sealadach faoi alt 25 den Acht Talmhan, 1936 , a foilsíodh roimh dháta an Achta seo a rith, leanfar de na himeachtaí sin agus críochnófar iad ionann is dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo.

Leasú ar alt 44 den Acht Talmhan, 1933 .

1933, Uimh. 38 .

36. —Déantar leis seo alt 44 den Acht Talmhan, 1933 , a leasú trí “cibé suim a shocróidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire,” a chur in ionad “suim chúig céad púnt.”

Leasú ar alt 52 den Acht Talmhan, 1933 .

1933, Uimh. 38 .

37. —Déantar leis seo alt 52 den Acht Talmhan, 1933 , a leasú—

(a) trí “céad punt” a chur in ionad “triocha punt” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin, agus

(b) trí “trí chéad punt” a chur in ionad “céad púnt” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin.

Leasú ar alt 38 den Acht Talmhan, 1936 .

1936, Uimh. 41 .

38. —Déantar leis seo alt 38 den Acht Talmhan, 1936 , a leasú trí “dhá bhliain” a chur in ionad “seacht mblian” i mír (c) d'fho-alt (1).

Leasú ar alt 13 den Acht Talmhan, 1939 .

1939, Uimh. 26 .

1953, Uimh. 18 .

39. —Déantar leis seo alt 13 den Acht Talmhan, 1939 , a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (d) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Talún, 1953 )—

“agus

(e) aon airgead eile, nach luaitear i mír (a), (b), (c) nó (d) den fho-alt seo, a bheidh dlite agus ag dul do Choimisiún na Talún ón duine nó thar ceann an duine a bhí cheana ina thionónta nó ina úinéir ar na tailte nó ar na cearta a atógadh, a ceannaíodh nó a fuarthas amhlaidh, i leith na dtailte nó na gceart sin anuas go dtí dáta dáilithe an airgid cheannaigh nó an chúitimh, cibé acu é.”

Leasú ar alt 20 den Acht Talmhan, 1939 .

1939, Uimh. 26 .

40. —Déantar leis seo alt 20 den Acht Talmhan, 1939 , a leasú—

(a) trí “a bheith tar éis gabháltas a chur suas chun a dhíolta ar cheant poiblí agus teideal acu é a chur á dhíol agus nár díoladh an gabháltas nó a bheith tar éis paiste talún a thógáil ó dháilí” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “d'fháil seilbhe gabháltais no do thógaint paiste talmhan ó dháilí”, agus

(b) trí “faoi réir cibé teorainneacha a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “le toiliú an Aire Airgeadais”.

Oibriú orduithe faoi alt 24 den Acht Talmhan, 1939 .

1939, Uimh. 26 .

1950, Uimh. 16 .

1953, Uimh. 18 .

41. —(1) Maidir le hordú ó Choimisiún na Talún faoi alt 24 den Acht Talmhan, 1939 (arna leathnú le halt 25 den Acht Talún, 1950 , agus arna leasú le halt 23 den Acht Talún, 1953 ) ag daingniú scéime faoin alt sin 24, oibreoidh sé, agus measfar gur oibrigh sé riamh, chun go gcoimeádfaidh sé ar leithligh—

(a) do gach cuid den talamh a leithroinnfear leis an scéim sin, nó

(b) do gach ceart maidir leis an gcuid nó leis na codanna den talamh a shonrófar sa scéim sin,

na heastáit, na leasanna, na hualaí, na muirir, na dliteanais agus na cothromais uile a bhí, díreach roimh dhéanamh an orduithe, ag baint leis an scair neamhroinnte nó leis an gceart nó na cearta neamhroinnte.

(2) Is forálacha de bhreis ar fhorálacha fho-alt (5) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1939 , forálacha fho-alt (1) den alt seo, agus ní forálacha ina n-ionad sin iad.

Leasú ar alt 39 den Acht Talmhan, 1939 .

1939, Uimh. 26 .

1939, Uimh. 26 .

42. —(1) Déantar leis seo alt 39 den Acht Talmhan, 1939 , a leasú—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Tuata maidir le gabháltas—

(a) nach ndearna an tionónta é a thairiscint chun a dhíolta sa tréimhse cháiliúcháin, agus

(b) gur comhlíonadh bona fide aon cheann de na ceanglais seo a leanas is infheidhme—

(i) i gcás inar duine seachas comhlacht corpraithe an tionónta aonair—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an ngabháltas nó ina gharchomharsanacht ar an duine sin;

(ii) i gcás inar comhlacht corpraithe an tionónta aonair—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an ngabháltas nó ina gharchomharsanacht ar gach duine dá bhfuil i dteideal leasa thairbhiúil sa chomhlacht corpraithe;

(iii) in aon chás nach luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) den mhír seo—go raibh cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir ar an ngabháltas nó ina gharchomharsanacht ar na daoine go léir atá i dteideal leasa thairbhiúil in aon chuid den ghabháltas nó in aon scair sa ghabháltas agus ar na daoine go léir atá i dteideal leasa thairbhiúil sa chomhlacht nó sna comhlachtaí corpraithe ag a bhfuil teideal chun aon choda den ghabháltas nó chun aon scair sa ghabháltas;

ar choinníoll nach mbeidh, ná nach meastar go mbeidh, an ceanglas maidir le cónaí arna shásamh i gcás ar bith trí aon fhoráil reachtúil maidir le cónaí ag comhlacht corpraithe a chomhlíonadh, agus

(c) ag féachaint d'achar, suíomh agus mianach an ghabháltais sin, don mhéid cúngrachta agus dífhostaíochta atá i ngarchomharsanacht an ghabháltas sin agus sa tír i gcoitinne, agus dá mhéid is inmhianaithe táirgeadh bia a mhéadú, gur thug an gabháltas sin, sa tréimhse cháiliúcháin, leormhéid torthaí talmhaíochta agus gur tugadh leormhéid fostaíochta (agus aon ghaolta le tionónta an ghabháltais sin a bhí buanfhostaithe air a áireamh ar an lucht fostaíochta) i gcaitheamh na tréimhse cáiliúcháin, ar an ngabháltas sin, ansin agus sa chás sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(A) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní atógfaidh Coimisiún na Talún an gabháltas sin ná aon chuid de chun aon chríche seachas chun maolú ar chúngracht sa gharchomharsanacht ina bhfuil an gabháltas sin, nó chun páirceanna spóirt, páirceanna poiblí, faichí áineasa nó faichí imeartha a sholáthar nó chun gairdíní a chur ar fáil do scoileanna nó (i gcás talún nach gaire ná caoga slat ó theach cónaithe áitithe a bhí ann i dtosach na tréimhse cáiliúcháin agus sa chás sin amháin) chun saoráidí a sholáthar do dhaoine a bheadh ag bádóireacht nó ag iascaireacht ar an bhfarraige nó ar loch nó ar abhainn;

(B) más rud é—

(i) go n-atógfaidh Coimisiún an Talún an gabháltas sin nó cuid de, agus

(ii) go gcónaíonn tionónta an ghabháltais sin nó banchéile nó fearchéile an tionónta sin ar an ngabháltas sin nó ina gharchomharsanacht, agus

(iii) nach bhfuil an tionónta sin ná an bhanchéile nó an fearchéile sin ina úinéir nó ina húinéir ar thalamh (seachas an gabháltas sin nó an chuid de a atógadh) ar mó ná sé mhíle punt a luach ar an margadh, agus

(iv) go n-iarrfaidh an tionónta sin ar Choimisiún na Talún, laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, mura ndearnadh ach cuid den ghábháltas sin a atógáil, an gabháltas sin go léir a atógáil agus (cibé acu go hiomlán nó go páirteach a atógfar an gabháltas sin) an talamh eile go léir (más ann) atá ar teachtadh aige nó is leis i ngarchomharsanacht an ghabháltais sin agus, in aon chás, go n-iarrfaidh sé ar Choimisiún na Talún gabháltas nua a chur ar fáil dó, ansin agus as chás sin déanfaidh Coimisiún na Talún de réir an iarratais sin agus cuirfidh sé ar fáil don tionónta sin gabháltas nua a mheasfaidh na Coimisinéirí Tuata a bheith oiriúnach dó agus a mheasfaidh siad freisin (faoi réir cheart achomhairc chun an Bhinse Achomhairc, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse sin) nach lú a luach ar an margadh ná margadh-luach an ghabháltais atógtha agus na talún eile (más ann) a fuarthas de bhun an iarratais sin nó suim sé mhíle punt, cibé acu is lú;

(C) má chuireann Coimisiún na Talún gabháltas nua ar fáil don tionónta sin de bhun na míre díreach roimhe seo den fho-alt seo, is i mbannaí talún is iníoctha an méid (más aon mhéid é) a bheidh praghas atógála an ghabháltais atógtha, i dteannta phraghas na talún eile (más ann) a fuarthas ón tionónta sin de bhun na míre sin níos mó ná mhargadh-luach an ghabháltais nua sin a chuirfear ar fáil amhlaidh.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) San alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse cháiliúcháin’ an tréimhse bhliana dar críoch an lá a thabharfar fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo; forléireofar ‘cónaí ar feadh na tréimhse cáiliúcháin go léir’ mar ní a cheanglaíonn go mbeadh gnáthchónaí ar an talamh nó ina gharchomharsanacht ar an duine nó na daoine a luaitear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) (cibé acu é) de mhír (b) d'fho-alt (6) den alt seo, ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí Tuata, dá rogha féin, neamhaird a thabhairt chun críocha an ailt seo ar aon tréimhse nó tréimhsí a bhíothas as láthair go sealadach ón talamh más deimhin leo an tréimhse nó na tréimhsí sin a bheith inchurtha de réir réasúin i leith breoiteachta, gnó, oideachais, saoire nó aon chúise eile;

folaíonn ‘tionónta nó dílseánach’ banchéile nó fearchéile tionónta nó dílseánaigh;

folaíonn ‘garchomharsanacht’ aon áit ar deimhin leis na Coimisinéirí Tuata nach bhfuil sé thar trí mhíle ón bpointe is gaire den ghabháltas iomchuí.”

(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, i gcás aon imeachtaí a bheith ar feitheamh ar dháta an Achta seo a rith chun gabháltas a atógáil ar tugadh fógra ina leith faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Talmhan, 1939 , roimh dháta an Achta seo a rith, leanfar de na himeachtaí sin agus críochnófar iad ionann is dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo.

Leasú ar alt 43 den Acht Talmhan, 1939 .

1939, Uimh. 26 .

43. —Déantar leis seo alt 43 den Acht Talmhan, 1939 , a leasú—

(a) trí “agus ar mbeidh seilbh faighte nó tógtha ag Coimisiún na Talmhan” a scriosadh i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “faoi réir cibé teorainneacha a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é”.

Leasú ar alt 28 den Acht Talún, 1950 .

1950, Uimh. 16 .

44. —Déantar leis seo alt 28 den Acht Talún, 1950 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):

“(12) Féadfaidh Coimisiún na Talún aon talamh (arb é an talamh go léir é, nó cuid den talamh, a bhfuair Coimisiún na Talún eastát i bhfeo simplí ann trí cheannach faoi alt 27 den Acht seo nó trí ordú aistrithe) a dhiúscairt chun aon duine nó comhlacht dá luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , arna leathnú le fo-alt (6) d'alt 30 den Acht seo.”

Srian le dílsiú leasanna i dtalamh nach bhfuil i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach ná i mbaile.

1964, Uimh. 16 .

1963, Uimh. 33 .

1941, Uimh. 23 .

1942, Uimh. 22 .

1952, Uimh. 25 .

1964, Uimh. 2 .

1851, c. 93.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “talamh lena mbaineann an t-alt seo” talamh nach bhfuil i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach ná i mbaile;

folaíonn “leas”, maidir le talamh—

(a) eastát,

(b) leas léasach nó tionóntacht (lena n-áirítear leas faoi dheontas go ceann téarma blianta, cibé acu a forcoimeádadh cíos nó nár forcoimeádadh),

(c) leas morgáistí (lena n-áirítear morgáistí cothromais) nó muirearóra,

(d) leas is inchurtha i leith duine a bheith tar éis conradh a dhéanamh chun léas nó tionóntacht a cheannach nó a thógáil,

(e) leas is inchurtha i leith ceart chun bheith cláraithe mar úinéir na talún nó mar úinéir muirir ar an talamh faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, nó faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 ,

(f) leas arb é atá ann an ceart chun daingniú a dhéanamh ar chonradh nó idirbheart eile a thugtar le fo-alt (1) d'alt 37 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

(g) leas is inchurtha i leith seilbhe,

agus áirítear ann leasanna cothromais agus leasanna tairbhiúla chomh maith le leasanna dlíthiúla;

ciallaíonn “duine cáilithe” duine atá in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(i) saoránach Éireannach,

(ii) duine (seachas comhlacht corpraithe) a raibh gnáthchónaí air sa Stát go leanúnach i gcaitheamh na seacht mbliana dar chríoch an tráth ábhartha,

(iii) duine a mbeidh an tAire Tionscail agus Tráchtála tar éis a dheimhniú ina thaobh gur chruthaigh sé chun sástacht an Aire sin gur chun críche tionscail seachas an talmhaíocht agus chuige sin amháin atá an leas iomchuí á fháil aige,

(iv) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ,

(v) comhlacht corpraithe atá, de bhua ceadúnais a eisíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó a bhfuil éifeacht aige de bhua an Achta sin, cláraithe faoin Acht sin gan an focal “limited” nó an focal “teoranta” a bheith curtha leis;

(vi) comhlacht corpraithe a bunaíodh le reacht de chuid Shaorstát Éireann nó le hAcht ón Oireachtas,

(vii) comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát de bhun treoir shonrach nó údarás sonrach i reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in Acht ón Oireachtas,

(viii) banc atá ainmnithe sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht an Bhainc Cheannais, 1942 ,

(ix) duine a mbeidh Coimisiún na Talún tar éis a dheimhniú ina thaobh gur chruthaigh sé chun a sástachta gur le haghaidh cónaí príobháideach atá an leas iomchuí a fháil aige nuair nach fairsinge ná cúig acra an talamh atá i gceist,

(x) aon earnáil a ndearbhóidh an tAire le rialacháin í a bheith ina hearnáil bhreise chun críocha an mhínithe seo;

ciallaíonn “údarás Stáit”—

(a) Aire Stáit,

(b) Coimisiún na Talún,

(c) na Coimisinéirí Ioncaim,

(d) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

aon tagairt do leas a dhílsiú forléireofar í, i gcás leasa théagmhasaigh nó leasa chinniúnaigh nó aon leasa eile nach mbeidh ag dílsiú nuair a bhunófar í, mar thagairt nach dtagraíonn ach amháin do bhunú an leasa.

(2) (a) D'ainneoin aon achtacháin eile nó aon rialach dlí, ach faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (3) den alt seo, ní thiocfaidh aon leas i dtalamh lena mbaineann an t-alt seo chun bheith dílsithe do dhuine nach duine cáilithe ach amháin le toiliú i scríbhinn (cibé acu ginearálta nó sonrach é) ó Choimisiún na Talún agus faoi réir aon choinníollacha a chomhlíonadh a bheidh ag gabháil leis an toiliú, agus beidh cinneadh an iarratais ar an toiliú sin ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 .

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i gcás ina dtiocfaidh leas chun bheith dílsithe—

(i) d'údarás Stáit,

(ii) do dhuine mar ionadaí dlíthiúil pearsanta duine éagtha, nó

(iii) ar eastát duine éagtha a dháileadh má thagann an leas chun bheith dílsithe, i gcás leasa arb eastát réadach é, d'oidhre an duine éagtha nó do dhuine de theaghlach (nach é an t-oidhre é) an duine éagtha nó, in aon chás eile, do dhuine de theaghlach an duine éagtha.

(c) I bhfomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo ciallaíonn “duine de theaghlach” athair, máthair, leasathair, leasmháthair, fearchéile, banchéile, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail, aintín, nia, neacht, col ceathar, cliamhain nó banchliamhain agus, i gcás baineannaigh éagtha, a leanbh neamhdhlisteanach.

(d) Chun aon ghaol a rianú chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur sliocht dlisteanach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine ar a ndearnadh uchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964,

(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, aon ionstraim lena n-airbheartófar leas i dtalamh lena mbaineann an t-alt seo a theacht chun bheith dílsithe (agus is ionstraim a thabharfadh, ar leithligh ón alt seo, éifeacht don dílsiú sin), tabharfaidh sé éifeacht don dílsiú sin ar choinníoll go mbeidh inti deimhniú ón duine a n-airbheartaítear an leas a dhílsiú ann—

(i) gur tugadh toiliú iomchuí faoin alt seo agus, má bhíonn aon choinníollacha ag gabháil leis an toiliú sin, gur comhlíonadh iad, nó

(ii) go bhfuil an duine a thiocfaidh i dteideal an leasa thairbhiúil iomláin sa leas (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach duine acu) ina dhuine cáilithe faoi threoir earnála sonraithe den mhíniú ar “duine cáilithe” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, nó

(iii) gurb ionstraim í de dhroim conartha a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith, nó

(iv) má bhaineann an ionstraim le cás dá dtagraítear i bhfomhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, go bhfuil an cás faoi réim na fomhíre sin,

d'ainneoin aon agóide in aghaidh chruinneas an deimhnithe sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i gcás ionstraime a bhaineann le cás dá dtagraítear i mír (b) (seachas fomhír (iii) den mhír sin) d'fho-alt (2) den alt seo.

(4) (a) Más é tuairim Choimisiún na Talún nach bhfuil duine ina dhuine cáilithe agus go bhfuil sé, i ndiaidh dáta an Achta seo a rith, tar éis seilbh, áitíocht nó urláimh a fháil ar thalamh lena mbaineann an t-alt seo ar dhóigh seachas faoi threoir thoiliú faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh Coimisiún na Talún, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an modh forordaithe ar an duine, a cheangal air ráiteas i scríbhinn a sheachadadh dóibh roimh dháta sonraithe (nach luaithe ná tríocha lá tar éis an fhógra a sheirbheáil) a mbeidh ann cibé sonraí a shonrófar san fhógra maidir lena sheilbh, a áitíocht nó a urláimh ar an talamh, agus déanfaidh an duine de réir an cheanglais.

(b) Sa mhír sin roimhe seo folaíonn “áitíocht” áitíocht nach mbeadh an ach amháin bheith i láthair ar an talamh agus folaíonn “urláimh” urláimh neamhdhíreach.

(5) (a) I gcás ina dtarlóidh, tráth a bheidh leas i dtalamh lena mbaineann an t-alt seo arna dhílsiú i gcomhlacht corpraithe, go dtiocfaidh urláimh an chomhlachta chorpraithe chun bheith aistrithe chuig duine nach duine cáilithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) beidh de dhualgas ar an gcomhlacht corpraithe an t-aistriú sin a nochtadh do Choimisiún na Talún laistigh de mhí ó dháta an aistrithe sin, agus

(ii) má thionscnaíonn Coimisiún na Talún imeachtaí chun an talamh nó aon chuid de a fháil nó a atógáil, ní bheidh feidhm ag aon srian dá bhfuil i bhfo-alt (3) d'alt 32 den Acht Talmhan, 1933 (arna leasú de hachtacháin ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo) nó i bhfo-alt (6) d'alt 39 den Acht Talmhan, 1939 (arna leasú mar a dúradh).

(b) I mhír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “urláimh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a bheith aige nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugann na hairteagail chomhlachais nó aon doiciméad eile lena rialaítear an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go stiúrfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir mar is mian leis an duine sin.

(6) Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach—

(i) i ndáil le hiarratas ar dheimhniú faoi mhír (iii) nó (ix) den mhíniú ar “duine cáilithe” atá i bhfo-alt (1) den alt seo,

(ii) i ndáil le hiarratas ar thoiliú faoi fho-alt (2) den alt seo,

(iii) i ndeimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo, nó

(iv) i bhfreagra ar cheanglas faoin alt seo, nó,

(b) a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais faoin alt seo, nó

(c) a mhainneoidh eolas a nochtadh a cheanglaítear air leis an alt seo a nochtadh,

beidh sé ciontach i gcion is intriailte, de rogha an ionchúisitheora, go hachomair nó ar díotáil agus—

(i) ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, nó

(ii) ar a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná deich míle punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile.

(7) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le húdarás, toiliú nó ceadú aon stiúrthóra, bhainisteora, rúnaí, nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó gur furasaíodh é trí aon fhaillí aige, measfar go ndearna seisean an cion freisin agus dlífear imeachtaí a thabhairt ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(8) (a) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo maidir le deimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt—

(i) más deimhniú é de bhun fhomhír (i) de mhír (a) den fho-alt sin agus gur ráiteas maidir le toiliú iomchuí a thabhairt an ráiteas—nár tugadh toiliú den sórt sin,

(ii) más deimhniú de bhun fho-mhír (ii) den mhír sin é—nár dhuine cáilithe faoi threoir na hearnála a sonraíodh dó an duine a tháinig i dteideal an leasa thairbhiúil iomláin sa leas (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach duine acu),

(iii) más deimhniú de bhun fhomhír (iii) den mhír sin é—nárbh ionstraim de dhroim conartha a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith an ionstraim, agus

(iv) más deimhniú de bhun fhomhír (iv) den mhír sin é —nár chás a tháinig faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo an cás.

(b) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo maidir le heolas a nochtadh is gá a nochtadh de réir fho-alt (5) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, nár dhuine cáilithe an t-aistrí.

(c) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo maidir le ceanglas faoi fho-alt (4) den alt seo, féadfar fianaise go raibh Coimisiún na Talún ar an tuairim a shonraítear san fho-alt sin a thabhairt trí dheimhniú faoi shéala Choimisiún na Talún a thabhairt ar aird á dheimhniú go raibh siad ar an tuairim sin.

(9) (a) Féadfar toiliú ó Choimisiún na Talún chun críocha an ailt seo a thabhairt go siarghabhálach agus, má thugtar amhlaidh é, beidh éifeacht aige dá réir sin.

(b) Féadfar fianaise ar thoiliú ó Choimisiún na Talún chun críocha an ailt seo a thabhairt in aon imeachtaí dlíthiúla trí dheimhniú faoi shéala Choimisiún na Talún a thabhairt ar aird á dheimhniú gur thug siad an toiliú sin.

(c) I gcás toiliú a thabhairt de bhua mhír (a) den fho-alt seo tar éis forghníomhú na hionstraime iomchuí, measfar an deimhniú iomchuí faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo a bheith san ionstraim.

(10) Má bhíonn aon choinníoll i gconradh trína n-iarrfar cosc a chur le ceanglais maidir le toiliú ó Choimisiún na Talún chun críocha an ailt seo, beidh an coinníoll sin ar neamhní.

(11) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de thrí bliana ó dháta an chiona.

(12) Na forálacha atá san alt seo chun srian a chur le leasanna i dtalamh lena mbaineann an t-alt seo a dhílsiú, measfar iad a bheith ar áireamh sna forálacha sriantacha lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 38 den Registration of Title Act, 1891, agus fo-alt (1) d'alt 59 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 .

(13) Gach rialachán a dhéanfar faoi mhír (x) den mhíniú ar “duine cáilithe” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Leasú ar alt 17 den Acht Talún, 1953 .

1953, Uimh. 18 .

46. —Déantar leis seo alt 17 den Acht Talún, 1953 , a leasú trí “nó a dtáinig siad i dteideal a gcláraithe mar únaeraí uirthi” a chur isteach i ndiaidh “únaeraí cláraithe” i bhfo-alt (2).

Aisghairm.

47. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

48. —(1) Féadfar an tAcht Talún, 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar é a lua í dteannta na nAchtanna sin.

AN CHEAD SCEIDEAL

Alt 47.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

33 & 34 Vict. c. 46.

The Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870.

Alt 44, ó “No purchaser,” go dtí deireadh an ailt.

44 & 45 Vict. c. 49.

Land Law (Ireland) Act, 1881.

Alt 30.

3 Edw. 7. c.37.

Irish Land Act, 1903.

Alt 54.

9 Edw. 7. c.42.

Irish Land Act, 1909.

Alt 32.

9 & 10 Geo. 5. c.82.

Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919.

Mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2.

Uimh. 42 de 1923 .

An tAcht Talmhan, 1923 .

Mír (c) d'fho-alt (6) d'alt 46; fo-alt (7) d'alt 46; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 65.

Uimh. 19 de 1927 .

An tAcht Talmhan, 1927 .

Fo-ailt (1) agus (3) d'alt 3; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4; alt 5.

Uimh. 41 de 1936 .

An tAcht Talmhan, 1936 .

Alt 44.

Uimh. 16 de 1950 .

An tAcht Talún, 1950 .

Mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 27.

Uimh. 18 de 1953 .

An tAcht Talún, 1953 .

Fo-alt (1) d'alt 15; fo-alt (3) d'alt 17.

AN DARA SCEIDEAL

Alt 4.

Dún na nGall

Gaillimh

Ciarraí

Liatraim

Maigh Eo

Ros Comáin

Sligeach

An chuid de Chontae an Chláir is ionann agus na sean-tuathcheantair seo a leanas: Baile Uí Bheacháin, Inis Díomáin, Cill Rois, An Scairbh, An Tulach agus Cill an Dísirt.

An chuid d'Iarthar Chorcaí is ionann agus na sean-tuathcheantair seo a leanas: Beanntraí, Baile an Chaisleáin, An Scoilagus An Sciobairín.