4 1966


Uimhir 4 de 1966.


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIREANNA AER LINGUS, TEORANTA, AGUS AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, ATÁ AR SEILBH AG AER RIANTA, TEORANTA, A AISTRIÚ CHUN AN AIRE AIRGEADAIS, AGUS CHUN SCAIREANNA ÁIRITHE EILE AGUS STOC BINTIÚIR ATÁ AR SEILBH AG AER RIANTA, TEORANTA, A AISTRIÚ CHUN AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIRCHAIPITEAL AER RIANTA, TEORANTA, A LAGHDÚ, DÁ CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA DE CHUID AER LINGUS, TEORANTA, A THÓGÁIL GO FEADH LUACH £700,000, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AIRLEACAIN A THABHAIRT D'AER LINGUS, TEORANTA, AGUS D'AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, AGUS CHUN SUIMEANNA A GHEOBHAIDH SIAD AR IASACHT A RÁTHÚ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE BREISE AGUS SOCRUITHE EILE MAIDIR LEIS NA CUIDEACHTAÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Feabhra, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Mínthe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Aer Lingus” Aer Lingus, Teoranta;

ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann, Teoranta;

ciallaíonn “Aer Rianta” Aer Rianta, Teoranta;

ciallaíonn “na haerchuideachtaí” Aer Lingus, Aerlínte agus Aer

Rianta agus forléireofar “aerchuideachta” dá réir sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

Scaireanna atá ar seilbh ag Aer Rianta a aistriú agus a scairchaipiteal a laghdú.

1963, Uimh. 33 .

2. —D'ainneoin aon ní atá in Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais Aer Rianta, ar thosach feidhme an Achta seo—

(a) beidh na scaireanna de chuid Aer Lingus agus Aerlínte a bheidh ar seilbh ag Aer Rianta díreach roimh an tosach feidhme sin arna n-aistriú chun an Aire Airgeadais,

(b) beidh na gnáthscaireanna agus an stoc bintiúir morgáiste de chuid Irish and Intercontinental Hotels, Limited, a bheidh ar seilbh ag Aer Rianta díreach roimh an tosach feidhme sin arna n-aistriú chun Aerlínte, agus eiseoidh Aerlínte chun an Aire Airgeadais dhá chéad ochtó a ceathair míle, trí chéad agus seacht scair punt an ceann de chuid Aerlínte agus féadfaidh an tAire sin an céanna a thógáil gan íoc astu, agus

(c) beidh scairchaipiteal Aer Rianta arna laghdú go dtí seasca míle punt arna roinnt i seasca míle scair punt an ceann agus beidh an líon scaireanna de chuid na cuideachta a shealbhóidh an tAire Airgeadais arna laghdú go dtí caoga a haon míle, dhá chéad seasca a haon.

£700,000 a aistriú ó Aer Rianta go dtí Aer Lingus agus scaireanna go feadh luach £700,000 de chuid Aer Lingus a eisiúint chun an Aire Airgeadais.

1961, Uimh. 25 .

3. —A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo aistreoidh Aer Rianta go dtí Aer Lingus suim seacht gcéad míle punt a d'airleac an tAire Airgeadais chun Aer Rianta an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, agus ar an aistriú sin—

(a) beidh fo-alt (3) d'alt 3 agus ailt 5 agus 6 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1961 , arna gcúlghairm agus measfar nach raibh feidhm riamh acu maidir leis an tsuim sin seacht gcéad míle punt, agus

(b) i dteannta na scaireanna de chuid Aer Lingus a aistrítear chun an Aire Airgeadais le halt 2 den Acht seo, eiseoidh Aer Lingus chun an Aire Airgeadais agus féadfaidh an tAire sin aon aicme nó aicmí scaireanna de chuid Aer Lingus go feadh luach ainmniúil seacht gcéad míle punt a thógáil gan íoc astu.

Airleacain chun Aer Lingus agus Aerlínte ón Aire Airgeadais.

4. —(1) D'fhonn a chumasú d'Aer Lingus a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna nach mó ná milliún punt a iarrfaidh an chuideachta sin ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na cuideachta sin.

(2) D'fhonn a chumasú d'Aerlínte a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna nach mó ná milliún punt a iarrfaidh an chuideachta sin ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na cuideachta sin.

(3) Déanfar airleacain faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a thabhairt faoi réir cibé téarmaí i dtaobh aisíoca, úis agus eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(4) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte ag aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Ráthaíocht ón Aire Airgeadais i leith airgead a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte ar iasacht.

1936, Uimh. 40 .

5. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus modh agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis go n-aisíocfaidh Aer Lingus nó Airlínte go cuí aon airgead a fuair siad ar iasacht roimh thosach feidhme an Achta seo nó a gheobhaidh siad ar iasacht dá éis sin nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc.

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo agus le fo-alt (1) d'alt 4 den Acht seo—

(a) ionas gur nó ná cúig mhilliún punt méid na n-airleacan a bheidh tugtha d'Aer Lingus faoin bhfo-alt deiridh sin mar aon le méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a bheidh Aer Lingus tar éis a fháil ar iasacht tar éis tosach feidhme an Achta seo mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag Aer Lingus, nó

(b) ionas gur mó ná milliún punt méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin (1) (seachas ráthaíocht lena mbaineann fo-alt (12) den alt seo) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a fuair Aer Lingus ar iasacht roimh thosach feidhme an Achta seo mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha ag an Aire roimhe sin ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag Aer Lingus.

(3) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo agus le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo ionas gur mó ná sé mhilliún punt méid na n-airleacan a bheidh tugtha d'Aerlínte faoin bhfo-alt deiridh sin mar aon le méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a bheidh Aerlínte tar éis a fháil ar iasacht mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gcuideachta sin.

(4) I gcás rathaíocht a thabhairt faoin alt seo tabharfaidh an chuideachta dá dtugtar í, má fhoréilíonn an tAire Airgeadais é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire Airgeadais a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú dó.

(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire Airgeadais íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.

(6) Aon airgead a airleacadh as an bPríomh-Chiste d'fhonn a chumasú don Aire Airgeadais íocaíocht a dhéanamh faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, é a aisíoc leis an Aire Airgeadais (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(7) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (6) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith na suime sin agus íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar íoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Aon airgead a íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte leis an Aire Airgeadais nó a ghnóthóidh an tAire Airgeadais ó Aer Lingus nó Aerlínte faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é.

(10) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo mar thagairt don chomhionannas in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an comhionannas sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth an ráthaíocht a thabhairt,

(b) glacfar le gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (6) den alt seo agus i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(11) I gcás—

(a) an comhionannas in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a ríomh de bhun mhír (a) den fho-alt roimhe seo, agus

(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar na hairgid reatha ag a mbeidh, an tráth a shonraítear sa mhír sin, parluachanna a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta,

déanfar an tagairt sa mhír sin don ráta iomlaoide an tráth sin a ghlacadh mar thagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin.

(12) Aon ráthaíocht a bheidh tugtha ag an Aire Airgeadais faoi alt 75 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 , á ráthú go ndéanfaidh Aer Rianta, de réir téarmaí bintiúr ag urrú aisíoc airgid a fuair Aer Lingus ar iasacht agus a d'eisigh Aer Rianta roimh thosach feidhme an Achta seo, an phríomhshuim agus an t-ús a urraíodh leis na bintiúir a íoc go cuí measfar, ar an tosach feidhme sin, gur ráthaíocht í faoin alt seo á ráthú go n-íocfaidh Aer Lingus go cuí, de réir téarmaí na mbintiúr, an phríomhshuim agus an t-ús a urraíodh leis na bintiúir agus leanfaidh an ráthaíocht sin de lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith aici dá réir sin.

(13) Aon airgead is iníoctha ag Aer Lingus nó Aerlínte faoi chonradh le haghaidh earraí a sholáthar a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo nó a dhéanfar dá éis le haontú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais measfar, chun críocha an ailt seo, gurb airgead é a fuair Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, ar iasacht.

Scair stiúrthóra aerchuideachta a dhílsiú don Aire Airgeadais ar an stiúrthóir d'fháil bháis.

6. —D'ainneoin aon ní in alt 2 den Acht seo, ar stiúrthóir aerchuideachta a scor nó d'fháil bháis nó ar oifig stiúrthóra aerchuideachta a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na cuideachta, dílseoidh an scair a shealbhaigh an stiúrthóir sin don Aire Airgeadais, gan é bheith riachtanach í a aistriú, ar an Aire sin d'íoc luach ainmiúil na scaire sin leis an duine sin ba stiúrthóir nó lena ionadaí dlíthiúil pearsanta.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht as an bPríomh-Chiste.

7. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

(2) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon airgead is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú an chirt nó na cumhachta is infeidhmithe ag sealbhóir scaireanna sna haerchuideachtaí.

8. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna in aerchuideachta a bheidh aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht is infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire Airgeadais í a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

9. —Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna de chuid na n-aerchuideachtaí a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Srian le scaireanna sna haerchuideachtaí a eisiúint.

10. —Ní eiseofar scaireanna in aerchuideachta gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

Na haerchuideachtaí d'fháil airgid ar iasacht.

1936, Uimh. 40 .

11. —(1) (a) Féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais (agus leis sin amháin) arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais agus i cibé slí is oiriúnach léi.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, airgead a fháil ar iasacht trí stoc nó gnéithe eile urrúis a bhunú a eiseofar, a aistreofar, a fhuasclófar agus lena ndéileálfar i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chuideachta a gheobhaidh an t-airgead ar iasacht, ar an toiliú a dúradh roimhe seo a bheith tugtha tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh roimhe seo.

(2) Féadfar na cumhachtaí chun airgead a fháil ar iasacht a thugtar leis an alt seo do na haerchuideachtaí a fheidhmiú chun críche ar bith a tharlóidh le linn a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh forálacha a bheith sna téarmaí ar a dtógfaidh aerchuideachta airgead ar iasacht faoin alt seo ag muirearú an airgid agus an úis ar an airgead ar an maoin uile de gach uile shórt a bheidh dílsithe de thuras na huaire don chuideachta nó ar aon mhaoin áirithe de chuid na cuideachta agus, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon achtachán, féadfaidh forálacha ag bunú tosaíocht na muirear sin eatarthu féin agus i ndáil le muirir i leith airleacan a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a thabharfar dá éis sin don chuideachta as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgead a fuarthas ar iasacht amhlaidh tosaíocht a ghabháil ar mhuirir, nó bheith ar aon-chothrom le muirir, i leith na n-airleacan sin.

(4) Ní rachaidh an méid iomlán a gheobhaidh aerchuideachta ar iasacht faoin alt seo thar cibé méid a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na cuideachta sin.

(5) Na dliteanais agus na hoibleagáidí de chuid Aer Rianta faoi aon bhintiúir a d'eisigh Aer Rianta roimh thosach feidhme an Achta seo agus a mbeidh ráthaíocht faoi alt 75 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 , tugtha ina leith ag an Aire Airgeadais, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chun Aer Lingus.

Stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.

12. —(1) Is é líon stiúrthóirí Aer Lingus cibé líon nach mó ná seachtar a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Is é líon stiúrthóirí Aerlínte cibé líon nach mó ná seachtar a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Is é líon stiúrthóirí Aer Rianta cibé líon nach mó ná cúigear a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.

(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir aerchuideachta a chur as oifig tráth ar bith.

(6) Beidh stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus iad á gceapadh aige.

(7) (a) Féadfaidh an tAire (agus eisean amháin), le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir bainistí nó comhstiúrthóir bainistí aerchuideachta a cheapadh, más cuí sin leis an Aire, as líon stiúrthóirí na cuideachta agus beidh sé i seilbh na hoifige dá gceapfar é go ceann cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le sochair aoisliúntais) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, duine a cheapfar chun oifige faoin bhfo-alt seo a chur as oifig tráth ar bith.

(8) D'ainneoin aon ní san alt seo aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar stiúrthóir ar aon cheann de na haerchuideachtaí leanfaidh sé, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar ar ceapadh é, de bheith i seilbh oifige mar stiúrthóir den sórt sin go dtí deireadh na tréimhse arb ina haghaidh a ceapadh é ionann agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.

13. —(1) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí agus beidh gach cathaoirleach ina stiúrthóir ar an gcuideachta arb é an cathaoirleach é ar a bord stiúrthóirí.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le toiliú an Aire Airgeadais, cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí a chur as oifig.

(3) Beidh cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus iad á gceapadh aige.

(4) Duine ar bith a bhí i seilbh oifige roimh thosach feidhme an Achta seo mar chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí aon cheann de na haerchuideachtaí leanfaidh sé, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar ar ceapadh é, de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a ceapadh é ionann agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Stiúrthóirí, oifigigh agus seirbhísigh na naerchuideachtaí a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

14. —(1) Má ainmnítear duine is stiúrthóir ar aerchuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht aerchuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé nó a scoirfidh sé as an bhfostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an chuideachta an fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gcuideachta, aon tuarastal ná pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'aerchuideachta chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir brí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gcuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na cuideachta.

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta.

Meabhráin chomhlachais agus airteagail chomhlachais na naerchuideachtaí a athrú.

1963, Uimh. 33 .

15. —Déanfaidh na haerchuideachtaí cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun a gcuid meabhrán comhlachais agus airteagal comhlachais a athrú d'fhonn iad a bheith de réir an Achta seo.

Srian le meabhráin chomhlachais agus airteagail chomhleachais na naerchuideachtaí a athrú.

1963, Uimh. 33 .

16. —D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais aerchuideachta, ní bheidh aon athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail sin baili ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

Cuntais a thabhairt don Aire.

17. —Tabharfaidh gach aerchuideachta, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta, don Aire—

(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na cuideachta;

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na cuideachta, agus

(c) cóip de thuarascáil stiúrthóirí na cuideachta chun scairshealbhóirí na cuideachta don bhliain chuntasaíochta sin.

(2) Beidh an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a thabharfar de bhun fho-alt (1) den alt seo dréachtaithe i cibé slí a ordóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a thabharfar dó de bhun fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt amhlaidh dó.

(4) Tabharfaidh aerchuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil leis an gcuideachta, nó i dtaobh beartas agus oibríochtaí na cuideachta.

Ceapadh iniúchóirí ag na haerchuideachtaí.

18. —Beidh ceapadh iniúchóirí ag na haerchuideachtaí faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Díolúine ó dhleacht stampa.

19. —Ní mhuirearófar dleacht stampa i leith aon aistriú maoine a dhéantar leis an Acht seo.

An tAire do cheadú scéimeanna aoisliúntais le haghaidh oifigigh agus seirbhísigh de chuid na naerchuideachtaí.

20. —(1) Ní chuirfidh aerchuideachta i gcrích scéim le haghaidh pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor dóibh d'aon oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith aon oifigigh nó seirbhísigh, de chuid na cuideachta mura mbeidh an scéim ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Ní chuirfidh aerchuideachta i gcrích scéim ag leasú nó ag cúlghairm scéime a bheidh i ngníomh ar thosach feidhme an Achta seo nó a thiocfaidh i ngníomh ina dhiaidh sin le haghaidh pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor dóibh d'aon oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith aon oifigigh nó seirbhísigh, de chuid na cuideachta mura mbeidh an scéim roimhe sin ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le scéimeanna aoisliúntais den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo agus a bheidh i ngníomh ar dháta thosach feidhme an Achta seo.

Aisghairm.

21. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Caiteachas.

22. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 21.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na nAisghairme

Uimh. 40 de 1936 .

An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936.

Cuid VIII agus an Dara Sceideal.

Uimh. 10 de 1942 .

An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar (Leasú), 1942.

An tAcht tiomlán.

Uimh. 23 de 1946 .

An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1946.

Cuid IV.

Uimh. 4 de 1950 .

An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1950.

Alt 25.

Uimh. 29 de 1959 .

An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959.

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1961 .

An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1961.

An tAcht iomlán (seachas fo-alt (3) d'alt 3 agus ailt 5 agus 6).