9 1966


Uimhir 9 de 1966.


ACHT NA bPAITINNÍ (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPAITINNÍ, 1964 . [15 Márta, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964 .

1964, Uimh. 12 .

1. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (ina bhfuil forálacha idirlinne) a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964 , a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:

“4A. I gcás ina ndearnadh, maidir le paitinn, sonraíocht iomlán a ghlacadh roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 55 d'Acht 1927 d'fheidhm a bheith aige maidir le caingean mar gheall ar an bpaitinn a shárú, d'ainneoin an t-alt sin a aisghairm leis an Acht seo.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na bPaitinní (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPaitinní, 1964 agus 1966, a ghairm d'Acht na bPaitinní, 1964 , agus den Acht seo le chéile.