14 1966


Uimhir 14 de 1966.


AN tACHT TAE (CEANNACH AGUS ALLMHAIRIÚ) (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN EASTÓSCÁIN, ÚSCANNA AGUS TIÚCHÁIN TAE A ALLMHAIRIÚ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA TAE (CEANNACH AGUS ALLMHUIRIÚ), 1958 , AGUS AN CUSTOMS CONSOLIDATION ACT, 1876. [30 Meitheamh, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1958, Uimh. 13 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Tae (Ceannach agus Allmhuiriú), 1958 .

Brí “tae” a leathnú.

2. —Sa mhíniú ar “trádálaí tae” in alt 1 den Phríomh-Acht agus in alt 4 den Phríomh-Acht, folóidh “tae” eastóscáin, úscanna agus tiúcháin tae.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

“Srianta le hallmhairiú agus ceannach eastóscáin, úscanna agus tiúcháin tae.

8A. (1) Ní dhéanfaidh aon duine ach amháin an Chuideachta aon eastóscán, úsc ná tiúchán tae a allmhairiú.

(2) Ní allmhaireoidh an Chuideachta aon eastóscán, úsc ná tiúchán tae mura ndéanfaidh an Chuideachta—

(a) é a allmhairiú díreach ón tír inar monaraíodh é agus mura sa tír sin a táirgeadh an tae ónar monaraíodh é, nó

(b) é a allmhairiú faoi réim agus de réir údaráis ón Aire.

(3) Ní cheannóidh duine aon eastóscán, úsc ná tiúchán tae lena allmhairiú mura rud é—

(a) gurb í an Chuideachta nó trádálaí tae cláraithe an duine, agus

(b) (i) gur cheannaigh an duine sin an t-eastóscán, an t-úsc nó an tiúchán sa tír inar monaraíodh é agus gur sa tír sin a táirgeadh an tae ónar monaraíodh é, nó

 (ii) go bhfuil an tAire tar éis a údarú é a cheannach.

(4) Ní bhaineann fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo—

(a) le heastóscán, úsc nó tiúchán tae a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, ar Oileáin Mhuir nIocht nó ar Oileán Mhanann a monaraíodh é agus, i gcás an t-eastóscán, an t-úsc nó an tiúchán sin a allmhairiú, gurb ó Thuaisceart Éireann, ón mBreatain Mhór, ó Oileáin Mhuir nIocht nó ó Oileán Mhanann a coinsíníodh é,

(b) le heastóscán, úsc nó tiúchán tae a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur mar shampla a allmhairíodh é, ná

(c) le heastóscán, úsc nó tiúchán tae—

(i) a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur chun úsáide pearsanta an allmhaireora nó a lín tí a a Umhairíodh é, agus

(ii) má bhíonn níos mó ná punt meáchain ann, a allmhairíodh faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonaigh an tAire.

An Chuideachta do ghníomhú mar ghníomhaire le haghaidh eastóscáin, úscanna agus tiúcháin tae a allmhairiú.

8B. Gníomhóidh an Chuideachta, ar iarratas ó thrádálaí tae cláraithe, mar ghníomhaire chun eastóscáin, úscanna agus tiúcháin tae a allmhairiú a cheannaigh an trádálaí sa tír inar monaraíodh iad, inar monaraíodh iad as tae a táirgeadh sa tír sin agus a allmhairíodh díreach ón tír sin.”

Leasú ar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876.

4. —Beidh éifeacht ag alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, ionann is dá scriosfaí “tea, or” as an gceathrú mír den Table of Prohibitions and Restrictions Inwards atá san alt sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

5. —Féadfar an tAcht Tae (Ceannach agus Allmhairiú) (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Tae (Ceannach agus Allmhairiú), 1958 agus 1966, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1966.