21 1966


Uimhir 21 de 1966.


ACHT NA dTITHE, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TITHE (LENA nÁIRÍTEAR SOLÁTHAR IASACHTAÍ AGUS DEONTAS AG AN STÁT AGUS AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA I LEITH TITHE), CHUN NA CRÍCHE SIN DO CHOMHDHLÚTHÚ MAILLE LE LEASUITHE ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEANN LE TITHE, DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

1860, c. 154.

1891, c. 66.

1936, Uimh. 24 .

1948, Uimh. 1 .

1952, Uimh. 16 .

1960, Uimh. 40 .

1962, Uimh. 27 .

1947, Uimh. 28 .

1960, Uimh. 9 .

1941, Uimh. 23 .

1707, c. 2.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1860” an Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860;

ciallaíonn “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;

ciallaíonn “Acht 1936” Acht na Sclábhaithe, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1962” Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo);

tá le “príomh-dhochtúir oifigiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Sláinte, 1947 , arna leathnú leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , agus, chun críocha an Achta seo, measfar gurb é an príomhdhochtúir oifigiúil faoin údarás sláinte a bhfuil baile ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó ceantar uirbeach ina limistéar feidhmiúcháin (maidir le feidhmeanna a bhaineann le hoibriú seirbhísí seachas seirbhísí faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1954 go 1958) an príomh-dhochtúir oifigiúil do choimisinéirí an bhaile sin nó do chomhairle an cheantair, de réir mar a bheidh;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

tá le “údarás sláinte” an bhrí chéanna atá leis san Acht Sláinte, 1947 , arna leasú le halt 9 d'Acht na nÚdarás Sláinte, 1960;

folaíonn “teach”, ach amháin i gCuid V den Acht seo, aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus, ach amháin mar a dúradh agus in ailt 15, 16 agus 17 den Acht seo, folaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach le húsáid mar theaghais agus forléireofar “tithíocht” dá réir sin;

ciallaíonn “údarás tithíochta”—

(a) i gcás ceantar sláinte contae (gan aon bhaile a áireamh ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854), comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge sin nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

(d) i gcás baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach amháin maidir le hailt 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 34, 35, 36, 39, 40, 41, 42 agus 43 den Acht seo, coimisinéirí an bhaile sin agus, maidir leis na hailt sin, comhairle an chontae ina bhfuil an baile,

agus forléireofar dá réir sin tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta;

folaíonn “talamh”, ach amháin in alt 86 den Acht seo, uisce, agus, maidir le talamh a fháil, folaíonn sé aon leas i dtalamh nó uisce nó ceart thar talamh nó uisce (lena n-áirítear leas nó ceart arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás a gheobhaidh an talamh);

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “baile neamhbhardasach” áit (nach contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile) ar mó ná míle an líon daoine ann de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh deiridh é a foilsíodh;

ach amháin i gCuid V den Acht seo, ciallaíonn “úinéir”, maidir le haon teaghais, teach, foirgneamh nó talamh eile, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá, cibé acu dá cheart féin é nó mar iontaobhaí nó gníomhaire d'aon duine eile, i dteideal cíos forlán na teaghaise, an tí, an fhoirgnimh nó na talún eile a fháil, nó, mura bhfuil an teaghais, an teach, an foirgneamh nó an talamh eile ligthe ar cíos forlán, a bheadh i dteideal é a fháil dá mbeadh sé ligthe amhlaidh;

ach amháin san alt seo agus in ailt 15 agus 34 den Acht seo, ní fholaíonn “duine” údarás tithíochta;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “cumann fóntais phoiblí” cumann atá cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionnscail agus Soláthair, 1893 go 1936, nó cumann atá cláraithe faoi Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, nó ceardchumann atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1952, ar dá chuspóirí tithe a thógáil nó comhlacht a chruthóidh don Aire gur cuspóirí daoncharadacha go huile a chuspóirí agus go bhfolaíonn siad tithe a sholáthar;

ciallaíonn “an t-údarás cláraitheachta” an t-údarás cláraitheachta faoi Acht 1891;

ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an oifig a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707;

ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—

(a) maidir le comhairle contae (nó comhlacht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955), feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955,

(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge;

ciallaíonn “tuathlimistéar” limistéar nach bhfuil aon áit ann laistigh de chontae-bhuirg, de bhuirg, de cheantar uirbeach, de bhaile nó de bhaile neamhbhardasach;

ciallaíonn “na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil” na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1962;

ciallaíonn “talamh stáit” talamh is talamh stáit de réir brí Acht 1936 agus is leis an Stát ar thosach feidhme alt 105 den Acht seo.

(2) Aon cheadú nó toiliú is gá de réir an Achta seo go dtabharfaidh an tAire é, féadfar é a thabhairt go ginearálta nó maidir le cás áirithe agus, i gcás ina lamhálfaidh forálacha iomchuí an Achta seo é, féadfaidh aon cheadú nó toiliú den sórt sin baint le haon chineál áirithe ábhair nó ruda nó le limistéar áirithe nó le limistéar de chineál áirithe agus leis sin amháin.

(3) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtacháin eile forléireofar í, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

1963, Uimh. 33 .

3. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán faoin Acht seo fógra, cóip d'ordú, nó éileamh, a sheirbheáil nó a dhéanamh ar dhuine nó a thabhairt dó, díreofar chuige é, seirbheálfar nó déanfar air é nó tabharfar dó é i slí éigin acu seo a leanas :

(a) más faoina ainm a bheidh sé dírithe chuige, trína sheachadadh dó;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear an fógra, an chóip nó an t-éileamh a sheirbheáil, a thabhairt nó a dhéanamh i leith aon talún nó áitribh nó oibreacha ar an gcéanna, trína sheachadadh do dhuine os cionn sé bliana déag d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú ar an talamh nó san áitreabh sin nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh sin nó ina aice.

(2) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán faoin Acht seo fógra, cóip d'ordú, nó éileamh a sheirbheáil nó a dhéanamh ar úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir, aon talún nó áitribh agus nach féidir ainm an úinéara nó an áititheora, cibé acu é, a fháil amach ó fhiosrú réasúnach féadfar é a dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir”, de réir mar a bheidh, gan é a ainmniú.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra deisiúchán, fógra a luaitear i bhfo-alt (4) d'alt 66 den Acht seo, fógra gnóthaíochta de réir brí Chuid V den Acht seo nó fógra a luaitear i bhfo-alt (4) d'alt 117 den Acht seo a sheirbheáil ar dhuine, nó a thabhairt dó, trína dhaingniú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, foilseofar, laistigh de choicís ina dhiaidh sin, cóip den fhógra i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa cheantar arb é an áit deiridh é arb eol cónaí a bheith air ann.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, aon tráth i rith na tréimhse trí mhí tar éis doiciméad a dhaingniú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, an doiciméad a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire go bhfuil forais réasúnacha ann chun go ligfí thar ceal foilsiú, seirbheáil nó tabhairt fógra, cóipe d'ordú nó éilimh faoin Acht seo nó faoi aon ordú nó rialachán faoin Acht seo agus nach mbeidh foilsiú, seirbheáil, tabhairt nó déanamh an fhógra, na cóipe nó an éilimh ina chúis díobhála ná éagóra, féadfaidh sé foilsiú, seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal agus beidh éifeacht de réir a bhrí ag gach ligean thar ceal den sórt sin.

(7) Féadfar ligean thar ceal faoin bhfo-alt sin roimhe seo a thabhairt roimh an am, nó tar éis an ama, a mbeadh sé de cheangal, mura mbeadh an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip a fhoilsiú, a sheirbheáil nó a thabhairt agus sula ndéanfar aon ghníomh, nó tar éis gníomh a dhéanamh, ar choinníoll réamhghabhálach dó an fógra nó an chóip mura mbeadh an ligean thar ceal.

Oibleagáid ann eolas a thabhairt d'údarás tithíochta.

4. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, chun aon chríocha a bhaineann leis an Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar áititheoir aon talún nó ar aon duine a ghlacann, dó féin nó do dhuine eile, cíos as aon talamh go gcuirfidh sé in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse shonraithe dar críoch lá nach giorra ná lá is fiche tar éis an ceangal sin a chur air, sonraí an eastáit, an leasa nó an chirt ar dá bhua a áitíonn sé an talamh sin nó a ghlacann sé an cíos sin, cibé acu é, agus ainm agus seoladh (feadh a eolais orthu) gach duine ar feasach dó aon eastát, leas nó ceart a bheith aige sa talamh sin, thairis nó ina leith.

(2) Aon duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar faoin alt seo, nó, nuair a bheidh an t-ábhar nó an ní sin á chur in iúl aige, a dhéanfaidh ráiteas i scríbhinn is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Rialacháin i gcoitinne.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha aon ailt den Acht seo is féidir a chur i bhfeidhm faoi réir rialachán, nó d'fhorordú aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo seachas alt 114 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo aon rialachán ina mbeidh foráil i leith íocaíocht a bheidh le déanamh ag an Aire gan toiliú an Aire Airgeadais leis an bhforáil sin.

Aisghairm.

6. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, féadfar deontais faoi aon achtachán a aisghairtear leis an bhfo-alt sin a thabhairt i leith oibreacha a tosaíodh sular aisghaireadh an t-achtachán.

(3) I gcás ina ndéanfar, maidir le teach a sholáthar nó a athfhoirgniú nó oibreacha a dhéanamh (lena n-áirítear soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach), deontas a thabhairt faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus go mbeadh, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, feidhm ag achtachán do dhéanamh forála—

(a) chun luacháil inrátaithe tionóntáin chun críocha rátaíochta a laghdú,

(b) chun luacháil inrátaithe tionóntáin a fhágáil gan mhéadú laistigh de thréimhse a luafar,

leanfaidh an t-achtachán d'fheidhm a bheith aige maidir leis an tionóntán ionann is nár achtaíodh an tAcht seo.

(4) San alt seo, tá le “críocha rátaíochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht seo.

CUID II

Forálacha Airgeadais

Caibidil I

Caiteachais faoin Acht

Caiteachais riaracháin an Aire.

7. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Caiteachais údarás tithíochta is comhairle contae a mhuirearú.

1934, Uimh. 44 .

8. —Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis na caiteachais a bheidh faoin Acht seo ar údarás tithíochta is comhairle contae :

(a) i gcás inarb éard iad an t-údarás comhairle contae nach contae a bhfuil ordú déanta ina leith faoi alt 5 den Acht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 (dá ngairtear ordú ranna san alt seo) muirearófar na caiteachais sin ar an gcontae (agus gach buirg agus gach ceantar uirbeach ann a fhágáil as an áireamh); agus

(b) i gcás inarb éard iad an t-údarás comhairle contae a bhfuil ordú ranna déanta ina leith—

(i) déanfar na caiteachais sin, seachas caiteachais faoi alt 39 den Acht seo, a mhuirearú ar an tuathlimistéar sláintíochta arb ina leith a chuathas faoi na caiteachais,

(ii) déanfar na caiteachais sin faoin alt sin 39 a mhuirearú ar an gcontae (agus gach buirg agus ceantar uirbeach ann a fhágáil as an áireamh).

Caiteachais faoi alt 111 den Acht a íoc.

9. —(1) Déanfar na caiteachais faoina rachfar maidir le feidhm údaráis tithíochta a chomhlíonadh faoi alt 111 den Acht seo a íoc ar éileamh, go feadh an mhéid a dheimhneoidh an tAire é a bheith iníoctha go cuí ag an údarás, leis an Aire, leis an údarás tithíochta nó le duine eile a chuaigh faoi na caiteachais agus beidh sé inaisghafa mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ag an duine nó ag an údarás a dhéanfaidh an t-éileamh.

(2) Má bhíonn suim dlite d'údarás tithíochta ón Aire agus go mbeidh, san am céanna, caiteachais inaisghafa ag an Aire ón údarás, féadfar an tsuim a fhritháireamh i gcoinne na gcaiteachas, go hiomlán nó go páirteach de réir mar is iomchuí.

Cumhacht fritháirimh.

10. —Má bhíonn suim dlite faoin Acht seo d'aon duine ó údarás tithíochta agus, san am céanna, go mbeidh suim eile dlite ón duine sin don údarás, féadfar an tsuim chéadluaite a fhritháireamh i gcoinne na suime sin is déanaí a luaitear, go hiomlán nó go páirteach de réir mar is iomchuí.

Caibidil II

Cúnamh le haghaidh Taighde,

Traenála agus Comhlachtaí Áirithe

Cúnamh ón Aire le haghaidh taighde agus traenála áirithe.

1961, Uimh. 20 .

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nó iasacht a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire—

(a) do chomhlacht a dhéanann, maidir le tithíocht, taighde a sheoladh nó traenáil a sholáthar, nó

(b) do dhuine atá, ar an Aire á iarraidh sin nó lena chomhthoiliú, ag gabháil do thaighde maidir le tithíocht.

(2) I gcás ina mbeartóidh an tAire deontas nó iasacht a thabhairt faoin alt seo maidir le hábhar ar dóigh don Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán taighde a dhéanamh ina leith faoin Acht Taighde Tionscail agus Caighdéan, 1961 , is tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus is ansin amháin a thabharfaidh an tAire an deontas nó an iasacht.

Cúnamh ó údarás tithíochta do chomhlachtaí áirithe.

12. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo, cúnamh a thabhairt d'údarás tithíochta eile nó do chomhlacht lena mbaineann an t-alt seo i leith an t-údarás tithíochta eile nó an comhlacht do sholáthar cóiríocht tithíochta nó i leith ábhar éigin eile, i slí amháin nó níos mó acu seo a leanas :

(a) trí iasacht,

(b) trí ranníoc tréimhsiúil a dhéanamh le cistí an údaráis eile nó an chomhlachta,

(c) trí shuimeanna a bheidh dlite ón údarás eile nó ón gcomhlacht i leith airgead a fuarthas ar iasacht a ráthú.

(2) Baineann an t-alt seo leis na comhlachtaí seo a leanas :

(a) comhlacht ar dá chuspóirí ceann amháin ar a laghad acu seo a leanas :

(i) teaghaisí a sholáthar do dhaoine scothaosta,

(ii) teaghaisí a sholáthar a chabhróidh le ceann amháin nó níos mó de na príomh-chuspóirí a bhaint amach a gceanglaítear le fo-alt (3) d'alt 60 den Acht seo ar údarás tithíochta aird a bheith acu orthu,

(iii) airgead a airleacan chun teaghaisí a sholáthar (lena n-áirítear athfhoirgniú nó ceannach),

(iv) taighde maidir le tithíocht a sheoladh nó traenáil a sholáthar,

(b) aon chomhlacht eile a cheadóidh an tAire chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, go haonarach nó i gcomhar le haon duine nó daoine eile, ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta cinneadh a dhéanamh ar ranníoc tréimhsiúil a dhéanamh nó iasacht nó ráthaíocht a thabhairt.

Caibidil III

Iasachtaí agus Deontais Tithíochta, etc.

Míniú chun críocha Chaibidil III de Chuid II.

13. —Sa Chaibidil seo, folaíonn an briathar “soláthar”, maidir le teach nár áitíodh ariamh, an teach a cheannach agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Rialacháin chun críocha alt i gCaibidil III de Chuid II.

14. —Gan dochar do ghinearáltacht chumhacht an Aire rialacháin a dhéanamh chun críocha aon ailt atá sa Chaibidil seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin go gcomhlíonfaidh tithe, árasáin nó teaghasáin coinníollacha maidir le láithreán, dreach, pleanáil, foirgniú, nó uimhir in aghaidh an acra nó pleananna forordaithe nó cibé pleananna eile a cheadóidh an tAire.

Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach nó tithe nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é agus amháin más rud é—

(a) go bhfuil trí sheomra ar a laghad sa teach nó i ngach teach agus nach lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin—

(i) i gcás teach a bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig chéad déag troigh chearnach,

(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach, agus

(b) i gcás inar cumann fóntais phoiblí a sholáthraigh an teach nó gach teach, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí duine is comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos :

AN TABLA

Méid an Deontais

 

Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoin alt seo

 

I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach

 

I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce a bheith soláthraithe

I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe i limistéar nach bhfuil scéim phoiblí séarachais ná soláthar uisce poiblí ann

An uimhir seomraí sa teach

An uimhir seomraí sa teach

An uimhir seomraí sa teach

3

4

5 nó níos mó

3

4

5 nó níos mó

3

4

5 nó níos mó

£

£

£

£

£

£

£

£

£

Duine (seachas cumann fóntais phoiblí) a sholáthróidh teach     ...

125

175

225

175

225

275

200

250

300

Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach

135

185

235

185

235

285

210

260

310

Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar d'fheirmeoirí agus do dhaoine eile.

16. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith más rud é agus amháin rud é—

(a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an teach a thógáil an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis,

(b) go bhfuil trí sheomra ar a laghad sa teach agus nach lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin—

(i) i gcás teach a bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig chéad déag troigh chearnach,

(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach.

(c) go bhfuil an teach tógtha ar láithreán seachas láithreán ar thug an tAire ranníoc ina leith faoi alt 44 nó 45 den Acht seo, agus

(d) go bhfuil an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás inar cumann fóntais phoiblí a sholáthraigh an teach, gurb é céad áititheoir an tí duine is comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin.

(2) Ní thabharfar deontais faoin alt seo ach amháin más rud é gurb é tuairim an Aire go gcomhlíonann an duine a sholáthraigh an teach nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, céad áititheoir an tí ceanglais mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, is é sin,

(a) go bhfuil tithíocht ag teastáil ón duine sin nó ón áititheoir sin agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé,

(b) gur i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí ar an duine sin nó ar an áititheoir sin agus go gcónaíonn sé amhlaidh i dteach plódaithe, nó i dteach atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann nó go bhfuil tithíocht ag teastáil uaidh ar chúiseanna liachta, atruacha nó cúiseanna eile dá sórt, agus gurb amhlaidh do dhála an duine nó an áititheora nach bhféadfadh sé teach, chun é féin á áitiú, a sholáthar gan cúnamh deontais faoin alt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos :

AN TABLA

Méid an Deontais

Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoin alt seo

I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach

I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe

An uimhir seomraí sa teach

An uimhir seomraí sa teach

3

4

5 nó níos mó

3

4

5 nó níos mó

£

£

£

£

£

£

1.  Duine (seachas cumann fóntais phoiblí) a sholáthróidh teach:

i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an duine—

(a) gan bheith níos mó ná £25     ...     ...     ...

225

300

375

300

375

450

(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40     ...     ...     ...

175

250

325

250

325

400

(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60     ...     ...     ...

175

200

275

250

275

350

2.  Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ar comhalta den chumann a chéad áititheoir:

i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an chéad áititheoir sin—

(a) gan bheith níos mó ná £25     ...     ...     ...

235

310

385

310

385

460

(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40     ...     ...     ...

185

260

335

260

335

410

(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60     ...     ...     ...

185

210

285

260

285

360

(4) Sa Tábla a ghabhann le fo-alt (3) den alt seo, déanfar na tagairtí do £40 agus £60 a fhorléiriú, maidir le teach ar roimh an lú Iúil, 1965, a tosaíodh ar é a thógáil, mar thagairtí do £35 agus £50 faoi seach.

Deontais ón Aire chun an dara teach a sholáthar ar ghabháltais áirithe a aistriú.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine ar i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí air agus arb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha, agus a shóláthróidh teach, más rud é agus amháin más rud é—

(a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an teach a thógáil an lú Iúil, 1965, nó dá éis,

(b) gur lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe,

(c) gur deimhin leis an Aire—

(i) gur teach dóthanach é do riachtanais an duine a sholáthraigh é agus go bhfuil sé á áitiú aige mar ghnáth-áit chónaithe dó féin,

(ii) go bhfuil an duine tar éis a ghabháltas nó cuid shubstainteach de a aistriú chun duine dá theaghlach nó chun Coimisiún na Talún, agus

(iii) gur fhág nó go bhfágfaidh an duine teach eile agus go bhfuil nó go mbeidh an teach sin á áitiú ag duine de theaghlach an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó go bhfuil Coimisiún na Talún tar éis an teach eile a cheannach nó tar éis a chomhaontú é a cheannach.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó—

(a) i gcás nach féidir le réasún saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar, ná céad punt,

(b) i gcás ina bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe soláthraithe, ná céad seachtó is cúig phunt.

Deontais ón Aire chun árasáin nó teaghasáin a thógáil.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh trí stór nó níos mó, más rud é agus amháin más rud é—

(a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an bhfoirgneamh a thógáil an lú lá de Nollaig, 1964, nó dá éis, agus

(b) nach lú ná dhá chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos :

AN TÁBLA

Méid an Deontais

Tuairisc an árasáin nó an teaghasáin

An uimhir seomraí san árasán nó sa teaghasán

1

2

3

4 nó níos mó

1.  Arásán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh sé stór nó níos mó a bhfuil ardaitheoir ann     ...     ...     ...     ...     ...

£

£

£

£

175

225

275

325

2.  Árasán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh trí stór nó níos mó seachas mar a thuairiscítear ag tagairt 1 thuas     ...     ...     ...

125

175

225

275

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith árasán nó teaghasán ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

Deontais ón Aire le haghaidh tithíochta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine eile.

19. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhlacht a sholáthróidh (trí thógáil, ceannach, athfhoirgniú nó comhshó), le ceadú an Aire, teach amháin nó nó níos mó mar chóiríocht do dhaoine scothaosta, nó mar chóiríocht, chun bheith ina ghnáth-áit chónaithe acu, sa teach nó ina mhaighne nó sna tithe nó ina maighne, do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí leasa nó airígh do dhaoine scothaosta.

(2) Ní bheidh méid deontais faoin alt seo níos mó i leith gach teaghaise ar leithligh a sholáthrófar sa teach—

(a) i gcás inar mar chóiríocht do dhaoine scothaosta a sholáthrófar an teaghais, ná trí chéad punt, agus

(b) i gcás inar mar chóiríocht do dhaoine seachas daoine scothaosta a sholáthrófar an teaghais, ná caoga punt i leith gach seomra sa teaghais nó dhá chéad agus caoga punt, cibé suim acu is lú.

Deontais ón Aire i leith tithe fréamhshamplacha a sholáthar.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, d'aon duine nó comhlacht i leith teach a thógáil de réir pleananna agus sonraíochtaí arna gceadú ag an Aire más deimhin leis an Aire—

(a) nár tógadh teach roimhe sin de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite ná de réir pleananna nó sonraíochtaí is comhionann, go substainteach, leis na pleananna agus na sonraíochtaí réamhráite, agus

(b) go bhféadfaí tithe a thógáil de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite níos luainní ná dá mba ar ghnáth-mhodhanna a thógfaí iad, nó ar chostas íseal, nó go bhféadfaí tithe a thógfaí de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite, ar tithe iad de dhéanamh a bheadh oiriúnach lena dtógáil ag údarás tithíochta, a aistriú agus a thógáil go caothúil ar láithreán eile.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná leath an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas réasúnach an teach a thógáil é.

(3) Féadfar deontas a íoc faoin Acht seo (ar leithligh ón alt seo) i leith aon teach eile a thógfar le ceadú an Aire de réir pleananna agus sonraíochtaí arb ionann iad agus na pleananna agus na sonraíochtaí tí ar tugadh deontas ina leith faoin alt seo nó nach bhfuil de dhifear idir iad agus na pleananna agus na sonraíochtaí sin ach modhnuithe a cheadaigh an tAire, d'ainneoin nach gcomhlíonann an teach aon rialacháin a rinne an tAire chun críocha an ailt seo faoina dtabharfar an deontas.

Deontais ón Aire do dhaoine a athfhoirgneoidh tithe.

21. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine le haghaidh teach a athfhoirgniú, i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh deontas a thabharfar do dhuine faoin alt seo níos mó—

(a) i gcás ina n-athfhoirngeoidh an duine teach chun é féin á áitiú, agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, ná dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus

(b) in aon chás eile, ná trian an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus.

(3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó—

(a) i gcás teaghais nach bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, ná céad punt,

(b) i gcás teaghais ina bhfuil ceithre sheomra, ná céad agus is fiche punt, agus

(c) i gcás teaghais ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, ná céad is daichead punt.

(4) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí mura deimhin leis an Aire go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú.

(5) San alt seo agus sa chéad alt ina dhiaidh seo, folaíonn an briathar “athfhoirgniú”, maidir le teach, aon oibreacha a dhéanfar ar an teach (chun an teach a leathnú, a mhéadú, a fheabhsú nó a dheisiú) arb é tuairim an Aire iad a bheith riachtanach le réasún chun an teach a dhéanamh níos oiriúnaí chun daoine cónaí ann, ach ní fholaíonn sé maisiú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo), seachas deontas chun soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha nó an soláthar uisce sin agus na saoráidí séarachais sin a sholáthar agus a chur isteach, laistigh de na cúig bliana déag roimhe sin faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo).

(7) Ní bheidh duine ó theideal chun deontas a fháil faoin alt seo mar gheall ar gur tugadh deontas roimhe sin faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith oibreacha ba ghá a dhéanamh mar gheall ar dhamáiste don teach ag gaoth, báisteach nó tuile.

Deontais eile ón Aire chun tithe a athfhoirgniú.

22. —(1) I gcás deontas, chun teach a thógáil, a cheannach, a athfhoirgniú, a dheisiú nó a fheabhsú, a thabhairt faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo), roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas nó deontais a mbeidh cibé méid ann nó iontu is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine chun an teach a athfhoirgniú más rud é—

(a) gur gá na hoibreacha mar gheall ar dhamáiste ag gaoth, báisteach nó tuile,

(b) gurb é is cúis leis na hoibreacha rud éigin (seachas na hábhair dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo) thar urláimh an duine réamhráite agus go ndeimhneoidh oifigeach don Aire dianghá a bheith leis na hoibreacha chun an teach a bhuanchaomhnú,

(c) go dtosófar ar na hoibreacha tráth nach déanaí ná cúig bliana déag ach nach luaithe ná déich mbliana tar éis dáta íoca an deontais dheiridh roimhe sin agus gurb éard iad nó gur cuid díobh díon slinne, díon tíleacha nó díon d'ábhar eile arna cheadú ag an Aire a chur in ionad dín,

(d) gurb éard iad na hoibreacha seomra folctha feistithe a sholáthar agus go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an an tí mar a bhí díreach sular tosaíodh ar na hoibreacha,

(e) gurb éard iad na hoibreacha seomra nó seomraí a sholáthar, go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an tí, mar a bhí díreach sula ndearnadh na hoibreacha agus gur gá iad, i dtuairim an Aire, chun plódú a mhaolú, nó

(f) gurb éard iad na hoibreacha seomra nó seomraí a shol áthar, go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an tí mar a bhí díreach sula ndearnadh na hoibreacha agus gur deimhin leis na Aire—

(i) gur i dtuathlimistéar atá an teach;

(ii) go bhfuil an seomra á áitiú nó na seomraí á n-áitiú, cibé acu é, mar ghnáth-áit chónaithe ag duine atá tar éis a ghabháltas nó cuid shubstainteach de a aistriú chun duine dá theaghlach nó chun Coimisiún na Talún, agus go bhfuil an seomra nó na seomraí sin dóthanach do riachtanais an duine sin.

(2) Faoi féir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh aon deontas a a thabharfar faoin alt seo do dhuine—

(a) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (a), (c) nó (f) d'fho-alt (1) den alt seo níos mó—

(i) i gcás ina n-athfhoirgneoidh an duine teach chun é féin á áitiú agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, ná dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus

(ii) in aon chás eile, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é,

(b) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é,

(c) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ná

(i) trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó

(ii) caoga punt,

cibé acu is lú, agus

(d) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, ná

(i) trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó

(ii) caoga punt i leith gach seomra a sholáthrófar,

cibé acu is lú.

(3) Ní bheidh deontas nó comhiomlán na ndeontas a thabharfar aon tráth áirithe faoin alt seo níos mó—

(a) i gcás teach nach bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, ná céad punt,

(b) i gcás teach a bhfuil ceithre sheomra ann, ná céad is fiche punt, nó

(c) i gcás teach a bhfuil cúig sheomra nó níos mó ann, ná céad is daichead punt.

(4) Ní bheidh duine ó theideal chun deontas a fháil faoin alt seo mar gheall ar gur tugadh deontas roimhe sin maidir leis an teach i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.

Deontais ón Aire le haghaidh deisiúchán riachtanach.

23. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a bheidh áitithe i dteach i gceantar sláinte contae agus a dhéanfaidh deisiúcháin riachtanacha ar an teach.

(2) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo más rud é agus amháin más rud é—

(a) go dtabharfaidh an t-údarás tithíochta deimhniú ón údarás don Aire á dheimhniú, agus gur deimhin leis an Aire, nach féidir, ar chostas réasúnach, an teach a dhéanamh oiriúnach ar gach slí, chun daoine cónaí ann, agus gurb éard iad, ar an gcuid is lú de, na deisiúcháin a mbeartaítear an deontas a thabhairt ina leith na deisiúcháin is gá chun fad a chur le ré an tí, agus

(b) go ndéanfar go sásúil éifeachtúil na deisiúcháin a mbeartaítear an deontas a thabhairt ina leith.

(3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta na deisiúcháin ar theach a mbeartaítear deontas a thabhairt ina leith faoin alt seo a dhéanamh le toiliú an duine a bheidh ag áitiú an tí agus, más é an t-údarás a dhéanfaidh na deisiúcháin, féadfaidh an tAire an deontas a íoc leis an údarás.

(4) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná—

(a) dhá thrian an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na ndeisiúchán é ar ina leith a thabharfar an deontas, nó

(b) ochtó punt,

cibé acu is lú.

(5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith roimhe sin faoin alt seo nó faoi alt 5 d'Acht 1962.

Deontais ón Aire d'údarás tithíochta chun tithe a fheabhsú.

1962, Uimh. 26 .

24. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, d'údarás tithíochta a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin ar theach arb iad is úinéir air i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha feabhsúcháin a bheith críochnaithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó—

(a) i gcás inarb éard atá sna hoibreacha go léir oibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d) nó (g) d'fho-alt (6) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é,

(b) i gcás inarb éard atá sna hoibreacha go léir oibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) d'fho-alt (6) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó

(c) i gcás inarb éard atá i gcuid de na hoibreacha oibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d) nó (g) den fho-alt sin (6) agus i gcuid eile oibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) den fho-alt sin (6), ná méid is comhionann le comhiomlán trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha den chineál a luaitear sna míreanna sin (a), (b), (c), (d), agus (g) é agus trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha den chineál é a luaitear sna míreanna sin (e) agus (f),

(3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó—

(a) maidir le hoibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d), nó (g) d'fho-alt (6) den alt seo;

(i) i gcás nach bhfuil níos mó ná trí sheomra sa teaghais, ná céad punt,

(ii) i gcás ina bhfuil ceithre sheomra sa teaghais, ná céad is fiche punt.

(iii) i gcás ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó sa teaghais, ná céad is daichead punt,

(b) maidir le hoibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) den fho-alt sin (6);

(i) i gcás ina gcuirfear isteach soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha, ná cúig phunt is seachtó,

(ii) i gcás nach gcuirfear isteach ach soláthar uisce príobháideach, ná caoga punt, nó

(iii) i gcás nach gcuirfear isteach ach saoráidí séarachais príobháideacha, ná cúig phunt is fiche.

(4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo agus faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , i leith an tsoláthair uisce phríobháidigh chéanna nó na saoráidí séarachais príobháideacha céanna.

(5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí murab é an lú lá de Nollaig, 1964, nó lá dá éis lá an obair a thosú agus gur deimhin leis an Aire an teach a bheith oiriúnach chun na hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh air agus an teach a bheith, ar na hoibreacha a bheith críochnaithe, oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann.

(6) San alt seo ciallaíonn “oibreacha feabhsúcháin”, maidir le teach, gach ní nó aon ní acu seo a leanas :

(a) seomra nó seomraí breise a sholáthar dá dtagann méadú ar achar urláir an tí mar bhí díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh, agus is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach chun plódú a mhaolú;

(b) seomra folctha feistithe a sholáthar dá dtagann méadú ar achar urláir an tí mar a bhí díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh;

(c) córas uisce te a sholáthar agus a chur isteach;

(d) oibreacha istigh sa teach arb éard iad córas a sholáthar agus a chur isteach chun leictreachas a sholáthar;

(e) soláthar uisce príobháideach a sholáthar agus a chur isteach;

(f) saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach; nó

(g) díon a chur in ionad dín nó díon a athfhoirgniú go substainteach.

(7) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith roimhe sin faoi alt seo laistigh de thréimhse cúig bliana déag.

Deontais ón Aire d'údarás tithíochta i leith oibreacha a rinneadh de bhua alt 69 den Acht.

25. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra deisiúchán a sheirbheáil faoi alt 66 den Acht seo agus go mbeidh an t-údarás, de bhua alt 69, tar éis na hoibreacha a dhéanamh ba ghá chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann maidir leis an ábhar nó na hábhair a bheith sonraithe san fhógra, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo a thabhairt don údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) I gcás inarb éard iad na hoibreacha oibreacha seachas soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná—

(a) méid nach mó ná, i ndáil le gach teaghais ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe;

(i) i gcás teaghais ina bhfuil trí sheomra ar a mhéid, céad punt,

(ii) i gcás teaghais ina bhfuil ceithre sheomra, céad is fiche punt,

(iii) i gcás teaghais ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, céad is daichead punt, nó

(b) trian de chostas na n-oibreacha a dhéanamh,

cibé acu is lú.

(3) I gcás inarb éard iad na hoibreacha nó ar cuid díobh soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, féadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , don údarás tithíochta i leith an tsoláthraithe agus an chur isteach.

Deontais fhorlíonacha ó údarás tithíochta do dhaoine chun tithe a sholáthar.

1959, Uimh. 16 .

1929, Uimh. 41 .

26. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire nó Aire na Gaeltachta, cibé acu é, deontas iomchuí do dhuine nó i leith duine a sholáthróidh teach, féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas iomchuí íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don duine, nó i leith an duine arb é an chéad duine é ag áitiú an tí tar éis tógáil nó ceannach an tí a chríochnú i leith an teach a sholáthar, más rud é agus amháin más rud é—

(a) gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, nó

(b) nach mó ná míle agus cúig phunt is daichead sa bhliain iomlán (arna chinneadh ag an údarás tithíochta) ioncaim an duine sin agus ioncaim a chéile (más ann).

(2) Le linn d'údarás tithíochta a bheith ag cinneadh ioncaim duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ioncaim a chéile, féadfaidh an t-údarás, má dheimhníonn an duine don údarás go ndéanann sé féin nó a chéile duine cleithiúnach a chothabháil ar a chostas nó a costas féin, cibé liúntas is oiriúnach leo a thabhairt, faoi réir liúntais uasta céad punt, i leith gach duine a chothabháiltear amhlaidh, nó ceithre chéad punt san iomlán, cibé acu is lú.

(3) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná an deontas iomchuí.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo.

(5) Is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc cinneadh údaráis tithíochta ar mhéid deontais faoin alt seo nó ar ioncam duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ar ioncam a chéile (más ann).

(6) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith teach ar tugadh deontas ina leith faoi alt 9, 10 nó 11 d'Acht 1952 nó faoi alt 12 d'Acht 1962.

(7) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i gcás ina ndearna údarás tithíochta agus ioncam á chinneadh acu chun críocha alt 12 d'Acht 1962, liúntas a thabhairt i leith cothabháil dhuine chleithiúnaigh ar chostas duine a raibh a ioncam á chinneadh amhlaidh, nach ndéanfaidh an liúntas sin a thabhairt difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do bhailíocht an chinnte.

(8) I gcás údarás tithíochta do thabhairt deontais faoi alt 12 d'Acht 1962 an lú lá d'Iúil, 1965, nó dá éis do dhuine nó i leith duine—

(a) arb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus ar mó ná caoga punt ach nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, nó

(b) ar mhó ná ocht gcéad agus dhá phunt is tríocha ach nár mhó ná míle, daichead is cúig phunt iomlán ioncam an duine agus ioncam a chéile (má b'ann) sa bhliain arna chinneadh chun críocha an ailt sin 12 ag an údarás,

ní dhéanfaidh sé difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do bhailíocht an deontais a thabhairt go raibh an luacháil sin níos mó ná caoga punt nó gur mhó an t-iomlán sin ná ocht gcéad agus dhá phunt is tríocha sa bhliain.

(9) San alt seo, ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas—

(a) faoi fho-alt (1) nó fo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959 ) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ,

(b) faoi alt 16 d'Acht 1948,

(c) faoi alt 2 d'Acht 1962, nó

(d) faoi alt 15, 16 nó 17 den Acht seo.

(10) Measfar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé le deontas faoi alt 16 den Acht seo, a theacht i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963.

Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta chun árasáin nó teaghasáin a thógáil.

27. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas do dhuine faoi alt 18 den Acht seo i leith árasáin nó teaghasáin a thógáil, féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don duine i leith na n-árasán nó na dteaghasán, cibé acu é, a thógáil.

(2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais faoin alt sin 18.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo.

Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta do chomhlacht i leith tithe a sholáthar do dhaoine scothaosta agus i leith críocha eile.

28. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas iomchuí—

(a) do chomhlacht a sholáthróidh teach mar chóiríocht do dhaoine scothaosta, nó

(b) do chomhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an Achta seo agus a sholáthróidh teach, árasán nó teaghasán,

féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don chomhlacht i leith an teach, an t-árasán nó an teaghasán a sholáthar.

(2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais iomchuí.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas—

(a) faoi alt 16 d'Acht 1948,

(b) faoi alt 2 nó 6 d'Acht 1962, nó

(c) faoi alt 15, 18 nó 19 den Acht seo,

a thabharfar i leith teach, árasán nó teaghasán ar tosaíodh nó a dtosófar á thógáil an lú lá de Mheán Fómhair, 1963, nó dá éis.

Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta chun tithe a athfhoirgniú.

1958, Uimh. 27 .

1954, Uimh. 16 .

29. —(1) I gcás an tAire do thabhairt deontais, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, do dhuine i leith teach a athfhoirgniú, féadfaidh an t-údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine sin.

(2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais ón Aire ná an méid, nuair a chuirfear é sin le méid an deontais ón Aire, is comhionann le dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na hoibre athfhoirgniúcháin é.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo.

(4) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith teach ar tugadh deontas ina leith faoi fho-alt (3A) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Leasú), 1958 ), d'alt 16 d'Acht 1948, faoi fho-alt (3) d'alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , nó faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1962.

Deontais fhorlíontacha agus cúnamh eile ó údarás tithíochta i leith deisiúchán riachtanach.

30. —I gcás an tAire do thabhairt deontais faoi alt 5 d'Acht 1962, nó faoi alt 23 den Acht seo do dhuine i leith deisiúchán riachtanach ar theach, féadfaidh an t-údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine nach mó ná an difear idir méid an deontais ón Aire agus an méid a measfaidh an tAire gurb é costas na ndeisiúchán riachtanach é, cúnamh ábhair foirgníochta nó saothair a thabhairt chun na deisiúcháin a dhéanamh go feadh luacha nach mó ná méid an difir réamhráite nó aon íocaíocht in earraí a dhéanamh leis an duine sin go feadh luacha nach mó ná méid an difir réamhráite.

Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta i gcás deontais áirithe a thabhairt faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 .

1953, Uimh. 6 .

31. —(1) I gcás Aire na Gaeltachta do thabhairt deontais do dhuine faoi fho-alt (2), faoi fho-alt (3), (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953 ) nó faoi fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht), (Leasú), 1959) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 , féadfaidh údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine sin.

(2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais arna thabhairt faoin alt sin 3.

(3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith obair ar theach ar tugadh deontas ina leith faoi alt 7 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , nó faoi alt 9 d'Acht 1962.

(4) Maidir le deontais faoi fho-alt (3) nó faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (5) den alt sin 3 do dhaoine a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn teach nó a sholáthraíonn agus a chuireann isteach soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais príobháideacha, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i gcás an feabhsú nó an méadú, nó an soláthrú agus an cur isteach, a thosú an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis.

Deontais ó údaráis tithíochta áitithe i leith cóiríochta do lucht eitinne scamhóg.

32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh údarás tithíochta is comhairle contae nó bardas contae-bhuirge deontas a thabhairt d'úinéir tí nó don duine a bheidh ag áitiú tí agus a sholáthróidh seomra breise sa teach nó as an teach nó both nó sealla i maighne an tí.

(2) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo más rud é agus amháin más rud é gur deimhin leis an údarás tithíochta go bhfuil eitinn scamhóg ar dhuine de theaghlach an tí agus go bhfuil sé faoi chóireáil di agus nach leor cóiríocht an tí mar atá lena chóireáil i gceart nó lena leithlisiú ón gcuid eile de mhuintir an teaghlaigh.

(3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná méid, arna cheadú ag an Aire, a chosnóidh sé an seomra, an both nó an sealla breise a sholáthar.

(4) I gcás ina dtabharfaidh údarás tithíochta deontas faoin alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, suim a chúiteamh leis an údarás nach mó ná—

(a) dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas an tseomra, ar bhotha nó an tsealla bhreise a sholáthar é, nó

(b) dhá chéad punt,

cibé acu is lú.

(5) Féadfaidh an t-údarás tithíochta na hoibreacha a mbeartaítear deontas a thabhairt ina leith faoin alt seo a dhéanamh le toiliú an duine a bheidh ag áitiú an tí.

Modhnú agus arian le méadú ar luacháil inrátaithe i gcásanna áirithe.

33. —(1) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 15, 16, 17, 18 nó 20 den Acht seo nó i gcás deontas a thabhairt faoi alt 6 d'Acht 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó faoi alt 19 den Acht seo maidir le teach a thógáil, agus ina ndéanfar athscrúdú ar luacháil inrátaithe an tionóntáin arb éard é féin nó ar cuid de an teach, an t-árasán nó an teaghasán, cibé acu é, lena mbaineann an deontas, measfar an méid sin den luacháil athscrúdaithe is inchurtha i leith tógáil an tí, an árasáin nó an teaghasáin a bheith, gach bliain de na naoi mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha tar éis na bliana airgeadais áitiúla a chríochnófar an teach, an t-árasán nó an teaghasán, arna laghdú chun críocha rátaíochta an chionúireacht sin den mhéid sin a shonraítear sa cholún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla.

(2) San alt seo, ciallaíonn “críocha rátaíochta”, maidir le tionóntán, na críocha seo a leanas (agus ní haon chríocha eile), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a ghearrfar rátaí den chéad uair ar an tionóntán de réir na luachála méadaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó chun seirbhíse aon bhliana de na hocht mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, déanfar gach ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae nó ráta bhardasaigh, cibé acu é, maidir leis an mbliain sin.

(4) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 21, 23, 25 nó 32 den Acht seo, nó i gcás deontas a thabhairt faoi alt 6 d'Acht 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó faoi alt 19 den Acht seo, maidir le teach a athfhoirgniú nó a chomhshó, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é nó ar cuid é den teach lena mbaineann aon deontas den sórt sin a mhéadú, ar aon luacháil, nó ar athscrúdú ar luacháil, air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis na hoibreacha iomchuí a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim na n-oibreacha iomchuí.

(5) San alt seo, ciallaíonn “na hoibreacha iomchuí”—

(a) i ndáil le deontas faoi alt 6 d'Acht 1962 nó faoi alt 19 den Acht seo maidir le teach a athfhoirgniú nó a comhshó—an t-athfhoirgniú nó an comhshó;

(b) i ndáil le deontas faoin alt sin 21—an t-athfhoirgniú de réir brí an ailt sin 21;

(c) i ndáil le deontas faoin alt sin 23—na deisiúcháin riachtanacha;

(d) i ndáil le deontas faoin alt sin 25—na hoibreacha a dhéanfar de bhun alt 69 den Acht seo;

(e) i ndáil le deontas faoin alt sin 32—na hoibreacha a dhéanfar ag soláthar an tseomra, an bhotha nó an tsealla bhreise.

AN TABLA

Laghdú ar Luacháil Tí,

Árasáin nó Teaghasáin

Uimhir na bliana

An chionúireacht den luacháil

An chéad bhliain

...

...

...

Naoi ndeichiú

An dara bliain     ...

...

...

...

Ocht ndeichiú

An tríú bliain

...

...

...

Seacht ndeichiú

An ceathrú bliain

...

...

...

Sé dheichiú

An cúigiú bliain

...

...

...

Cúig dheichiú

An séú bliain      ...

...

...

...

Ceithre dheichiú

An seachtú bliain

...

...

...

Trí dheichiú

An t-ochtú bliain

...

...

...

Dhá dheichiú

An naoú bliain    ...

...

...

...

Deichiú

Deontas a aisíoc leis an Aire nó leis an údarás tithíochta má sháraítear gealltanas.

34. —(1) I gcás ina mbeidh an tAire nó údarás tithíochta tar éis deontas faoin gCuid seo den Acht seo nó tráthchuid de dheontas a íoc le haon duine nó comhlacht agus go mbeidh an duine nó an comhlacht, cibé acu é, de réir rialacháin ag a bhfuil feidhm maidir leis an deontas nó mar choinníoll chun an deontas a fháil, tar éis gealltanas a thabhairt don Aire nó don údarás agus go mbeidh an gealltanas gan chomhlíonadh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas :

(a) dlífidh an duine nó an comhlacht méid an deontais nó na tráthchoda, cibé acu é, a aisíoc leis an Aire nó leis an údarás; agus

(b) féadfaidh an tAire nó an t-údarás an méid a ghnóthú ón duine nó ón gcomhlacht mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Má bhíonn suim dlite d'údarás tithíochta ón Aire agus, san am céanna, go ndlífidh an t-údarás faoin alt seo méid a aisíoc leis an Aire, féadfar an tsuim a fhritháireamh i gcoinne na méide, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí.

Deontas a choimeád siar nó a laghdú.

35. —(1) Más é tuairim an Aire nó údaráis tithíochta, de réir mar a bheidh, go bhfuil coinníoll faoina ndearnadh deontas faoin gCuid seo den Acht seo a leithroinnt, nó rialachán a bhaineann leis an deontas, gan chomhlíonadh, féadfaidh an tAire nó an t-údarás tithíochta an deontas a choimeád siar nó méid an deontais a laghdú cibé suim is iomchuí leis nó leo.

(2) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire faoin alt seo diúltú deontas i leith aon tí, árasáin nó teaghasáin a leithroinnt, nó deontas den sórt sin a choimeád siar nó a laghdú, má bhíonn an méid comaoine a bheidh á éileamh i leith an tí, an árasáin nó an teaghasáin, i modh airgid cheannaigh, cíosa nó eile, níos mó—

(i) i gcás ina mbeidh ordú comaoine uasta i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbaineann sé leis an teach, leis an árasán nó leis an teaghasán— ná an méid uasta iomchuí a shocraíonn an t-ordú, agus

(ii) in aon chás eile—ná an méid is dóigh leis an Aire, tar éis dó aon uiríolla a bhreithniú is oiriúnach leis an deontaí a chur faoina bhráid, gur luach réasúnach é.

(b) Sa mhír sin roimhe seo, ciallaíonn “ordú comaoine uasta” ordú ón Aire ag socrú na comaoine uasta chun críocha an fho-ailt seo i leith tithe, árasán nó teaghasán.

(c) Féadfar aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú le hordú ina dhiaidh sin.

Deontas a thabhairt do chomharba iarratasóra éagtha.

36. —Má fhaigheann duine a iarrfaidh deontas faoin gCuid seo den Acht seo bás sula dtabharfar an deontas, féadfar, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, an deontas a thabhairt dá chomharba i dteideal.

Srian le hAchtanna áitiúla agus forálacha eile.

37. —Sa mhéid go mbeidh forálacha aon Achta áitiúil nó aon fhodhlíthe, rialacha, rialachán nó scéime, cibé údarás faoina ndearnadh iad, maidir le foirgnimh nua a fhoirgniú, a leagan amach nó a dhraenáil, ar neamhréir le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha ailt atá sa Chuid seo den Acht seo, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le haon teach a dtabharfaidh an tAire deontas ina leith faoin gCuid seo den Acht seo agus a chomhlíonfaidh na rialacháin a dhéanfar amhlaidh nó a thógfar de réir pleananna agus sonraíochtaí a bheidh ceadaithe ag an Aire.

An tAire do thabhairt deontas d'ainneoin reacht nó ionstraim reachtúil a bheith gan chomhlíonadh.

38. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoin Acht seo d'ainneoin ceanglas reachta nó ionstraime reachtúla a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an deontas má bhíonn oifigeach don Aire tar éis deimhniú ceadaithe maidir leis an áitreabh iomchuí a eisiúint agus gur deimhin leis an Aire gur de mheon macánta a ghníomhaigh an t-iarratasóir ag dul ag tógáil, ag ceannach, ag athfhoirgniú, ag feabhsú, ag comhshó nó ag deisiú an áitribh.

Iasachtaí ó údarás tithíochta chun tithe á fháil nó a fhoirgniú.

1960, Uimh. 45 .

1919, c. 57.

39. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a thabhairt ar iasacht do dhuine chun teach a fháil nó a fhoirgniú.

(2) Aon rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo féadfaidh siad, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht alt 5 den Acht seo, foráil a bheith iontu maidir le gach ní nó aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas :

(a) an aicme nó na haicmí daoine dá bhféadfar iasachtaí a thabhairt faoin alt seo agus an ranníoc íosta a bheidh le déanamh le linn teach a fháil nó a fhoirgniú ag duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo faoi chomhair an chostais a bhainfidh leis an teach a fháil nó a fhoirgniú;

(b) an aicme nó na haicmí tithe a bhféadfar iasachtaí a thabhairt ina leith faoin alt seo;

(c) méid uasta, agus an t-urrús i leith, iasachta faoin alt seo agus modh ríofa luach tí a mbeifear ag iarraidh iasachta faoin alt seo ina leith;

(d) aisíoc iasachtaí a tugadh faoin alt seo, lena n-áirítear an modh agus an tréimhse le haghaidh an aisíoca sin;

(e) íoc úis ar iasachtaí a tugadh faoin alt seo agus ráta an úis sin a shocrú;

(f) na coinníollacha ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag an iasachtaí in imeacht na tréimhse go dtí go n-aisíocfar an iasacht, agus go n-íocfar an t-ús ar an iasacht, leis an údarás tithíochta;

(g) dliteanas pearsanta úinéara tí a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo i ndáil le haisíoc aon suime a bheidh dlite i leith na hiasachta agus i ndáil le híoc aon suime a bheidh dlite i leith an úis ar an iasacht;

(h) fógra a thabhairt d'iasachtaí á cheangal air coinníoll a chomhlíonadh ar a dtabharfar iasacht dó faoin alt seo nó ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh aige nó á cheangal air forálacha aon rialachán faoin alt seo a chomhlíonadh;

(i) íoc tráthchodanna iasachtaí a thabharfar faoin alt seo i leith tithe i gcúrsa a bhfoirgnithe;

(j) an t-iasachtaí d'aistriú a leasa i dteach a dtabharfaidh údarás tithíochta iasacht (seachas iasacht a mbeidh comhaonú déanta maidir léi faoi fho-alt (3) den alt seo) ina leith faoin alt seo tráth a bheidh an iasacht nó cuid di nó an t-ús, nó cuid den ús, uirthi gan aisíoc nó gan íoc de réir mar a bheidh, leis an údarás.

(3) I gcás ina dtabharfaidh rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo cumhacht chun iasacht ó údarás tithíochta faoin alt seo a urrú le dara morgáiste nó dara muirear ar an teach lena mbaineann an iasacht, féadfaidh an t-údarás tithíochta, d'fhonn an iasacht a urrú, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích.

(4) Má fhágtar gan chomhlíonadh aon rialacháin faoin alt seo nó aon choinníoll ar a dtabharfaidh údarás tithíochta iasacht (seachas iasacht a bheidh urraithe le dara morgáiste nó le dara muirear) faoin alt seo, nó ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag an iasachtaí nó má dhéanann féimheach den iasachtaí a fuair iasacht den sórt sin, féadfaidh an t-údarás tithíochta seilbh a aisghabháil ar an teach (cibé cé mhéid a luach) faoi ailt 84 go 89 d'Acht 1860 ionann is dá mba é an t-údarás an tiarna talún agus dá mba é an t-iasachtaí an tionónta.

(5) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (4) den alt seo, dílseoidh eastát, ceart, leas agus teideal uile an iasachtaí sa teach, gan aon tíolacadh ná aistriú, don údarás agus féadfaidh an t-údarás an teach a úsáid chun críocha aon cheann dá bhfeidhmeanna nó é a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach leo.

(6) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (4) den alt seo, íocfaidh siad leis an iasachtaí suim is comhionann le luach an leasa sa teach a bheidh faoina réir ag an údarás, tar éis méid na hiasachta a bheidh fós gan íoc an tráth sin, aon suim a bheidh dlite i leith úis agus na costais go léir faoina rachaidh an t-údarás ag aisghabháil seilbhe ar an teach agus á dhiúscairt, lena n-áirítear na costais faoina rachaidh an t-údarás maidir le haon eadráin faoi fho-alt (7) den alt seo, a bhaint as an gcéanna.

(7) Mura gcomhaontóidh údarás tithíochta agus iasachtaí, déanfaidh eadránaí maoine a ainmneofar faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , luach leasa i dteach a bheidh faoina réir ag an údarás a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(8) San alt seo, ciallaíonn “iasachtaí”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo agus folaíonn sé comharba i dteideal duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo.

Iasachtaí ó údarás tithíochta chun tithe a athfhoirgniú, a dheisiú agus a fheabhsú.

40. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire, iasacht a thabhairt do dhuine (dá ngairtear an t-iasachtaí san alt seo) a dhéanfaidh oibreacha athfhoirgniúcháin, deisiúcháin nó feabhsúcháin ar theach, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás—

(a) go mbeidh an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann tar éis na hoibreacha beartaithe a bheith déanta,

(b) go bhfuil na hoibreacha beartaithe riachtanach chun cóiríocht tithíochta oiriúnach a sholáthar, agus

(c) go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú, le deisiú nó le feabhsú, cibé acu é.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfar aisíoc iasachta faoin alt seo i leith tí a urrú—

(a) le hionstraim ag dílsiú úinéireacht an tí don údarás tithíochta faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí,

(b) tríd an teach a mhuirearú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, le haisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi),

(c) tríd an deimhniú talún a eisíodh faoi na hAchtanna sin maidir leis an teach a thaisceadh leis an údarás tithíochta, nó

(d) i gcás ina mbeidh an úinéireacht sin dílsithe cheana féin do dhuine seachas an t-iasachtaí faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí, trí ionstraim mhuirir bhreise ag muirearú aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo ar an teach agus ag cur an chirt fhuascailte sin freisin faoi réir aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo.

(3) Mura mó ná dhá chéad punt an iasacht a bheartaítear a thabhairt faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, dá rogha féin, an iasacht a thabhairt gan an t-urrús a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a iarraidh.

(4) Aon suim a bheidh dlite d'údarás tithíochta ó aon duine i leith iasacht a tugadh faoin alt seo féadfaidh an t-údarás í a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Chun críocha an ailt seo, is éard is “úinéireacht” ann an leas sin nó an cónasc leasanna sin i dteach gur leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh é nó leas léasach i seilbh ar feadh an méid sin blianta a bheidh gan chaitheamh ar an dáta ar a ndéanfaidh an t-údarás tithíochta an iasacht faoin alt seo i leith an tí a údarú agus is comhionann le suim, nó is mó ná suim, an téarma a shocrófar chun an iasacht a aisíoc agus cúig bliana déag.

Coimisiún na Talún do dhíol talún faoi réir muirir i bhfabhar údarás tithíochta.

41. —(1) I gcás Coimisiún na Talún do thairiscint talamh a dhíol faoi aon chumhacht reachtúil atá dílsithe dóibh chuige sin, agus—

(a) go bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an talamh ionstraim ag dílsiú leasa sa talamh d'údarás tithíochta d'urrú iasachta faoin gCaibidil seo, nó

(b) go bhfuil an talamh sin faoi réir muirir i bhfabhar an údaráis tithíochta d'urrú iasachta faoin gCaibidil seo,

díolfar an talamh faoi réir na hionstraime nó an mhuirir agus faoi réir forálacha iomchuí na Caibidle seo agus aon rialachán faoi alt 39 den Acht seo i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais a gceanglaíonn an dlí, ar leithligh ón bhfo-alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.

Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí.

1936, Uimh. 45 .

42. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir scéim arna ceadú ag an Aire, ráthú a dhéanamh ar iasacht nó ar chuid d'iasacht ó chumann foirgníochta, ó chuideachta árachais, ó bhanc nó ó eagras tionscail nó tráchtála chun teach a thógáil, a cheannach nó a athfhoirgniú.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cuid nach lú ná caoga faoin gcéad den chaiteachas faoina rachaidh údarás tithíochta ag slánú ráthaíochtaí faoi scéim faoin alt seo a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas más deimhin leis an Aire—

(a) nach dtabharfaí an iasacht dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt nó gur tugadh an ráthaíocht maidir leis an gcuid sin den iasacht is ionann agus breis na hiasachta ar an iasacht a thabharfaí dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt, agus

(b) nár mhó an méid a d'íoc an t-údarás tithíochta ag slánú na ráthaíochta ná dhá thrian an chaillteanais a tharla mar gheall ar thabhairt na hiasachta nó na coda den iasacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, cibé acu é.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta scéim a dhéanamh faoin alt seo.

(4) San alt seo—

tá le “cuideachta árachais” an bhrí chéanna atá leis san Acht Arachais, 1936 ;

ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann lena mbaineann na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942.

Airleacain d'fhoirgneoirí a ráthú.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh údarás tithíochta ráthú a dhéanamh ar airleacan a thabharfaidh aon duine do dhuine a thógfaidh nó a athfhoirgneoidh teach nó a sholáthróidh agus a chuirfidh isteach soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha ar leithroinneadh deontas ina leith faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1964, faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , nó faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh ráthaíocht faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás tithíochta ach, maidir le haon teach, ní thabharfar í i leith méid is mó ná comhiomlán méid an deontais sin mar aon le méid an deontais fhorlíontaigh a fhéadfaidh údarás a thabhairt faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , nó faoin Acht seo i leith an teach a sholáthar nó a athfhoirgniú nó an soláthar uisce príobháideach agus na saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, cibé acu é.

Caibidil IV

Ranníocaí ón Aire i leith Muirear Iasachta Bliantúil Áirithe

Ranníocaí ón Aire i leith muirear iasachta bliantúil áirithe de chuid údarás tithíochta.

1963, Uimh. 28 .

1964, Uimh. 29 .

44. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ranníoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a dhéanamh, i gcaitheamh cibé tréimhse nach faide ná caoga bliain a chinnfidh an tAire, faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh údarás tithíochta i leith airgead a fuair siad ar iasacht—

(a) chun teaghaisí a sholáthar faoin Acht seo nach mbeidh deontas faoi alt 15 den Acht seo tugtha ina leith, nó

(b) chun láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthar, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire gurb é an lú lá d'Iúil, 1965, dá éis sin a tosaíodh ar obair forbartha an láithreáin.

(2) I gcás teaghaisí a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo seachas ranníoc speisialta :

(a) ní bheidh an ranníoc níos mó ná seasca a sé agus dhá thrian faoin gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin más deimhin leis an Aire gur soláthraíodh na teaghaisí—

(i) tar éis tosach feidhme an ailt seo, mar chóiríocht do dhaoine scothaosta,

(ii) mar chóiríocht do dhaoine a easáitíodh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nó a easáiteofar—

(I) de dheasca aon oibríochtaí ag údarás tithíochta faoin Acht seo,

(II) faoi alt 77 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (lena n-áirítear, go sonrach, aon oibríochtaí faoi chomhshocraíocht chun talamh a fhorbairt a rinne nó a chuir údarás tithíochta i gcrích le duine nó comhlacht faoi fho-alt (3) den alt sin 77) nó

(III) faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 ,

(iii) mar chóiríocht do dhaoine a easáitíodh de dheasca na tithe a bhí acu titim nó a dhíothú,

(iv) mar chóiríocht do dhaoine a chónaíonn faoi dhála plódaithe,

(v) mar chóiríocht do dhaoine i gcall tithíochta ar chúiseanna liachta, atruacha nó cúiseanna eile dá sórt sin, más amhlaidh do dhála na ndaoine sin nach bhféadfaí iad a atithiú ar aon slí eile,

(b) ní bheidh an ranníoc níos mó ná tríocha a trí agus trian faoi gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin in aon chás eile.

(3) I gcás láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthrófar faoin Acht seo, ní bheidh ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo níos mó ná tríocha a trí agus trian faoin gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin.

(4) Gan dochar do ghinearálacht na cumhachta chun rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo, féadfaidh aon rialacháin den sórt sin foráil a dhéanamh do gach coinníoll nó d'aon choinníoll acu seo a leanas maidir le teaghaisí, láithreáin chun críocha foirgníochta nó talamh eile, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar ranníoc faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla faoi réim nó de bhun na Caibidle seo i leith na dteaghaisí, na láithreán nó na talún eile:

(a) coinníollacha maidir le cíosanna teaghaisí;

(b) coinníollacha maidir le caighdeáin foirgníochta;

(c) coinníollacha chun ranníocaí ón ráta bardasach nó ón ráta contae (mar is iomchuí) a éileamh faoi chomhair costais údaráis áitiúil i leith a seirbhísí tithíochta;

(d) coinníollacha maidir le teaghaisí a chothabháil;

(e) coinníollacha maidir le teaghaisí nó talamh eile a dhíol nó a léasadh faoin Acht seo;

(f) coinníollacha maidir le láithreáin a fhorbairt chun críocha foirgníochta;

ar choinníoll gur tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus ar an gcuntar sin amháin a dhéanfar rialacháin a dhéanfaidh foráil le haghaidh coinníollacha a luaitear i mír (e) den fho-alt seo.

(5) I gcás inarb é tuairim an Aire go ndearnadh ranníoc, nó go bhféadfaí ranníoc a dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo faoi aon achtachán a chúlghairtear leis an Acht seo faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil i leith airgead a fuair údarás tithíochta ar iasacht chun teaghaisí a sholáthar, ní dhéanfar aon ranníoc faoin alt seo i leith na muirear sin, ach an ranníoc a dhéanfar amhlaidh nó is dóigh leis an Aire a fhéadfaí a dhéanamh mar aon le haon ranníoc eile a bheadh, mura mbeadh an aisghairm, le déanamh ag an Aire faoin achtachán féadfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (6) agus (7), den alt seo, é a dhéanamh ionann is dá mba nár achtaíodh an tAcht seo.

(6) Aon ranníoc a dhéanfar de bhua fho-alt (5) den alt seo, féadfar, más oiriúnach leis an Aire é, é a dhéanamh faoi réir coinníollacha lena n-áirítear gach coinníoll nó aon choinníoll a luaitear i mír (a), (c), (d), nó (e) d'fho-alt (4) den alt seo.

(7) Gach ranníoc i leith muirir iasachta bhliantúla faoi réim nó de bhua an ailt seo féadfaidh an tAire a dhéanamh díreach leis an údarás tithíochta nó leis an duine óna bhfuarthas ar iasacht an t-airgead arb ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta sin.

(8) Chun críocha an ailt seo, measfar nach rachaidh an méid airgid a bheidh údarás tithíochta tar éis a fháil ar iasacht chun teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthar thar méid arna ríomh sa tslí a fhorordaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chun críocha an ailt seo agus féadfar modh áirithe ríofa a fhorordú i ndáil le teaghaisí nó láithreáin i limistéar áirithe nó de shaghas áirithe, nó teaghaisí ar gá caiteachas breise chucu, mar gheall ar a suíomh, a láithreán, a ndearadh nó gné a bhfoirgnithe.

(9) San alt seo, ciallaíonn “ranníoc speisialta” ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo arna dhéanamh ag an Aire faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a bheidh tabhaithe ag údarás tithíochta is comhairle contae i leith teaghaise ar deimhin leis fúithi gur teaghais í a sholáthraigh an t-údarás an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis i dtuathlimistéar mar chóiríocht do dhuine arb í an talmhaíocht a shlí bheatha nó cuid shubstainteach dá shlí bheatha agus a áitíonn talamh nach mó ná cúig phunt a luacháil inrátaithe nó comhiomlán a luachálacha inrátaithe (gan aon fhoirgnimh air a áireamh).

Ranníocaí ón Aire i leith iasachtaí áirithe a gheobhaidh comhlachtaí a sholáthraíonn teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta.

45. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire ó ham go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, ranníoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a dhéanamh, ar feadh cibé tréimhse nach faide na caoga bliain a chinnfidh an tAire faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh comhlacht arna cheadú as an Aire chun críocha an ailt seo i leith airgead a fuair siad ar iasacht chun teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar.

(2) Baineann an t-alt seo le teaghaisí agus láithreáin chun críocha foirgníochta nach féidir leis an Aire ranníoc a dhéanamh maidir leo de dhroim agus amháin de dhroim gur ar shlí seachas ag údarás tithíochta a soláthraíodh na teaghaisí nó na láithreáin.

(3) Ní bheidh ranníoc i leith muirear iasachta bliantúil a dhéanfar faoin alt seo níos mó ná méid uasta an ranníoca a fhéadfadh an tAire a dhéanamh faoi alt 44 den Acht seo dá mba údarás tithíochta a sholáthraigh na teaghaisí nó na láithreáin lena mbainfidh an ranníoc.

(4) Gach ranníoc i leith muirear iasachta bliantúil faoin alt seo féadfaidh an tAire é a dhéanamh díreach leis an gcomhlacht nó leis an duine óna bhfuarthas ar iasacht an t-airgead arb ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta sin.

Ranníocaí a choimeád siar nó a laghdú.

46. —Más deimhin leis an Aire aon tráth gur fhág comhlacht a cheadaigh sé chun críocha alt 45 den Acht seo nó údarás tithíochta gan chomhalladh aon choinníollacha ar a ndéantar ranníoc faoi chomhair muirear iasachta bliantúil faoi réim nó de bhua na Caibidle seo, féadfaidh an tAire méid aon ranníoca den sórt sin a laghdú nó a íoc a fhionraí nó scor de é a íoc, mar is cuí leis.

Iocaíocht ón Aire in ionad ranníocaí i leith muirear iasachta bliantúil.

47. —(1) I gcás ina mbeidh an tAire i dteideal go ndéanfadh sé, ach nach ndearna sé, ranníoc faoin gCaibidil seo faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla a tabhaíodh i leith airgead a fuair comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha alt 45 den Acht seo ar iasacht, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal gealltanas a thabhairt) is oiriúnach leis an Aire, in ionad an ranníoc a dhéanamh suim, a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh an tAire ach nach mó ná an ranníoc uasta a bheidh an tAire i dteideal amhlaidh a dhéanamh, a íoc leis an iasachtaí nó leis an duine ón bhfuarthas an t-airgead ar iasacht.

(2) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis ranníoc a dhéanamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla a tabhaíodh i leith airgead a fuair údarás tithíochta nó comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha an ailt sin 45 ar iasacht, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis aon tráth, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal gealltanas a thabhairt) is oiriúnach leis an Aire, in ionad na ranníocaí breise a dhéanamh, suim a chinnfidh an tAire a bheith comhionann le luach caipitiúil na ranníocaí breise a íoc leis an iasachtaí nó leis an duine óna bhfuarthas an t-airgead ar iasacht.

(3) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo agus, mar choinníoll ar a ndearnadh an íocaíocht, gur tugadh gealltanas dó nach mbeidh comhlíonta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas :

(a) dlífidh an t-údarás nó an comhlacht méid na híocaíochta a aisíoc leis an Aire; agus

(b) féadfaidh an tAire an méid a ghnóthú ón údarás nó ón gcomhlacht mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Má bhíonn suim dlite d'údarás tithíochta ón Aire agus, san am céanna, go ndlífidh an t-údarás faoin alt seo méid a aisíoc leis an Aire, féadfar an tsuim a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, go hiomlán nó go páirteach de réir mar is iomchuí.

(5) San alt seo ciallaíonn na “ranníocaí breise” na ranníocaí nó an ranníoc faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh údarás tithíochta nó comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha an ailt sin 45 i leith airgead a fuarthas ar iasacht a bheadh le déanamh ag an Aire faoi réim nó de bhua na Caibidile seo mura mbeadh go ndearna sé íocaíocht de réir forálacha fho-alt (2) den alt seo.

Fóirdheontas ón Aire i leith muirear iasachta áirithe.

48. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, fóirdheontas (dá ngairtear an fóirdheontas úis san alt seo) a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith airgead lena mbaineann an t-alt seo agus a fuair an t-údarás ar iasacht, ar cóimhéid leis an difear idir na muirir iasachta a thabhaíodh i leith an airgid sin agus na muirir iasachta ar an méid céanna arna ríomh de réir cibé ráta nó rátaí úis níos lú a chinnfidh an tAire.

(2) Ní áireofar an fóirdheontas úis mar ranníoc faoi chomhair muirear iasachta bliantúil chun críocha alt 44 den Acht seo ná ní dhéanfaidh sé difear do mhéid ranníoca is iníoctha de bhua fho-alt (5) den alt sin 44.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo ach le hairgead a fuair údarás tithíochta ar iasacht chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, as ciste na n-iasachtaí áitiúla an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, nó dá éis chun tithe, iostáin nó cóiríocht tithíochta eile lenar bhain Rialacháin na dTithe (Ranníocaíochta Muirear Iasachta), 1932 go 1951, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, a sholáthar.

(4) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis fóirdheontas a íoc faoi alt 15 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , i rith na bliana airgeadais a thosaigh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ní dhéanfar an fóirdheontas úis i leith airgead lenar bhain an fóirdheontas faoin alt sin 15 a íoc i rith na bliana airgeadais sin.

Caibidil V

Liúntais Easáitiúcháin

Cumhacht údaráis tithíochta chun liúntais a íoc le daoine easáitithe áirithe.

49. —(1) I gcás aon duine a bheidh arna easáitiú as áitreabh mar gheall ar—

(a) an t-údarás d'fháil an áitribh chun críocha an Achta seo, nó

(b) fógra deisiúcháún a sheirbheáil nó ordú dúnta nó ordó scartála a dhéanamh, nó

(c) gealltanas a chomhlíonadh lenar ghlac údarás faoi fho-alt (5) nó (8) d'alt 66 den Acht seo.

féadfaidh údarás tithíochta cibé liúntas réasúnach is oiriúnach leis an údarás a íoc leis faoi chomhair na gcostas a thabhaigh sé ag aistriú ón áitreabh gó dtí áitreabh eile.

(2) Má mheasann an t-údarás tithíochta gur fhulaing nó go bhfulaingeoidh duine lena mbaineann an fo-alt seo cruatan mar gheall ar an easáitiú, féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire, cibé liúntas réasúnach is oiriúnach leo a íoc leis (i dteannta liúntais faoi fho-alt (1) den alt seo)—

(a) má sheolann an duine aon trádáil nó gnó san áitreabh as a mbeidh sé arna easáitiú faoi chomhair an chaillteanais a mheasfaidh siad a bhainfidh don duine mar gheall ar a thrádáil nó a ghnó bonnluascadh de dhrom a easáitithe, agus

(b) in aon chás eile—faoi chomhair an chaillteanais a mheasfaidh siad a bhainfidh don duine de dhroim a easáitithe.

(3) Baineann fo-alt (2) den alt seo le duine a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a sheolann aon trádáil nó gnó san áitreabh as a mbeidh sé arna easáitiú nó a mbeidh gnáthchónaí air san áitreabh sin ar feadh sé mhí ar a laghad roimh an easáitiú.

(4) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta ag meas an chaillteanais a luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh aird acu ar an tréimhse ar réasúnach súil a bheith ann a bheadh an t-áitreabh a áitíonn an duine ar fáil chun críocha a thrádála nó a ghnó agus fós ar infhaighteacht áitribh eile a bheadh oiriúnach chun na críche sin.

Caibidil VI

Dleachtanna Stampa

Dleachtanna stampa ar chomhaontuithe áirithe, etc., a mhaitheamh.

50. —Ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon chomhaontú, gníomhas, ná ionstraim eile a bhaineann le ligean teaghaise a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 58 den Acht seo ar thionóntacht ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí.

Leasú ar alt 12 den Finance Act, 1895.

1895, c. 16.

51. —I gcás nach mbeidh cúiteamh is míoctha i leith leasa a dhílseoidh d'údarás tithíochta de bhua ordú dílseacháin déanta amach go críochnaitheach tráth an dílsithe sin, beidh éifeacht ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú an leasa sin, ionann is dá ndéanfaí tagairt do dháta an chúitimh a dhéanamh amach go críochnaitheach a chur san alt sin in ionad dáta an dílsithe.

Srian le halt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , agus le halt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

1947, Uimh. 33 .

1949, Uimh. 13 .

1891, c. 39.

52. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, baineann an t-alt seo le gach ionstraim a thugann éifeacht do cheannach tí, árasáin nó teaghasáin, ar é a thógáil.

(2) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , ná alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus, ina ionad sin, is iad na dleachtanna stampa a bheidh inmhuirir ab inmhuirir dá mba nár achtaíodh na hailt sin.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo má bhíonn, agus amháin más rud é go mbeidh, deimhniú formhuinithe ar an ionstraim ó dhuine le húdarás ón Aire chun críocha an ailt seo á dheimhniú—

(a) go ndearnadh nó go ndéanfar, de bhua fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo, deontas faoi alt 2 nó 7 d'Acht 1962 a thabhairt, nó

(b) go ndearnadh nó go ndéanfar deontas faoi alt 15, 16, 17, 18 nó 20 den Acht seo a thabhairt i leith an tí a cheannófar amhlaidh.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh dleacht stampa muirearaithe ar ionstraim de réir an ailt sin 13 nó an ailt sin 24,

(b) ina gceanglóidh an duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim maidir leis an ionstraim a chur in iúl, agus

(c) ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfaí go cuí deimhniú a fhormhuiniú faoi fho-alt (3) den alt seo ar an ionstraim,

measfar an deimhniú sin a bheith formhuinithe ar an ionstraim sin agus dleacht dá réir a bheith inmhuirir uirthi, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil roimhe sin le stampa áirithe á chur in iúl gur stampáladh go cuí í.

(5) In aon chás den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difear idir an méid dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a mheastar is inmhuirir uirthi de bhua fho-alt (4) den alt seo a aisíoc ar choinníoll go n-iarrfar an t-aisíoc laistigh de dhá bhliain ó dháta na hionstraime.

CUID III

Teaghaisí a Sholáthar agus a Bhainistí

Dualgas ar údarás tithíochta tithíocht a iniúchadh agus dóthanacht soláthair agus bail tithíochta a mheasúnú.

53. —(1) Beidh de dhualgas ar gach údarás tithíochta iniúchadh a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin uair amháin ar a laghad gach cúig bliana nó i gceann gach eatraimh, a bheidh níos giorra ná cúig bliana, a ordóidh an tAire ó am go ham, ar na tithe ina limistéar feidhmiúcháin, agus

(a) a fháil amach cá mhéid tithe sa limistéar atá ar aon slí neamhoiriúnach nó neamhfhóirsteanach chun daoine cónaí iontu,

(b) a fháil amach an bhfuil aon phlódú sa limistéar, agus

(c) cibé nithe eile a fháil amach a shonróidh an tAire ó am go ham,

agus, ag féachaint don eolas a gheofar ón iniúchadh agus do cibé eolas eile is iomchuí, measúnú a dhéanamh, maidir leis an limistéar, ar dhóthanacht an tsoláthair tithíochta agus ar an éileamh is dóigh a bheidh san am le teacht ar thithíocht agus a chur faoi deara tuarascáil air sin a ullmhú.

(2) Chun na críocha a bhainfidh le tuarascáil a ullmhú faoin alt seo, déanfaidh údarás tithíochta cibé fiosruithe agus coimeádfaidh siad cibé taifid a mheasfaidh siad is gá nó is oiriúnach nó a ordóidh an tAire.

Athbhreithniú ag údarás tithíochta ar chostas seirbhísí tithíochta.

54. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta athbhreithniú ar chostas a seirbhísí tithíochta a ullmhú laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin i gceann gach eatraimh a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheidh athbhreithniú á ullmhú faoin alt seo acu beidh aird ag údarás tithíochta ar an méid seo a leanas :

(a) an t-ioncam a fhaibhríonn ó theaghaisí a sholáthraigh an t-údarás faoin Acht seo, cibé acu ó chíosanna, blianachtaí ceannaigh nó eile é,

(b) caiteachais chothabhála, bhainistí, riaracháin nó eile (lena n-áirítear muirir iasachta bhliantúla) a thabhaítear i leith teaghaisí den sórt sin,

(c) an costas a mheastar a bhainfidh le clár foirgníochta reatha nó clár foirgníochta beartaithe an údaráis, agus

(d) cibé ábhair eile a shonróidh an tAire ó am go ham.

(3) Aon athbhreithniú faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé ábhair ann, a shonróidh an tAire ó am go ham.

Cláir foirgníochta.

55. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta clár (dá ngairtear clár foirgníochta san Acht seo) ina sonrófar na hoibreacha a bheartaíonn siad a ghabháil de láimh ag féachaint do riachtanais tithíochta a limistéir feidhmiúcháin a ullmhú agus glacadh leis laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin uair amháin ar a laghad gach cúig bliana nó i gceann gach eatraimh, a bheidh níos giorra ná cúig bliana, a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh clár foirgníochta agus beidh ann tograí an údaráis tithíochta, maidir leis an tréimhse lena mbainfidh an clár, chun ti he taitneamhachtaí, foirgnimh agus talamh eile a sholáthar mar aon leis na hoibreacha nó na seirbhísí foghabhálacha a sholáthrófar ina dteannta sin mar aon le tograí an údaráis chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a sholáthróidh tithe chun iad féin á n-áitiú, agus chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh, mar aon le cibé eolas eile a iarrfaidh an tAire agus féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, ord tosaíochtaí a chur ina gclár a bhainfidh le haon cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas :

(a) tionscadail áirithe;

(b) tionscadail i limistéir áirithe;

(c) tionscadail chun cóiríocht tithíochta a sholáthar d'aicmí áirithe daoine.

(3) Nuair bheidh a clár foirgníochta á ullmhú ag údarás foirgníochta beidh aird acu ar na cuspóirí seo a leanas :

(a) deisiú, dúnadh nó scartáil tithe atá neamhoiriúnach nó neamhfhóirsteanach chun daoine cónaí iontu;

(b) deireadh a chur le plódú;

(c) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine (lena n-áirítear daoine atá scothaosta nó míchumasach) atá, i dtuairim an údaráis, i gcall tithíochta agus nach bhfuil i gcumas sin a sholáthar as a n-acmhainn féin;

(d) cóiríocht tithíochta dhóthanach a sholáthar faoi chomhair riachtanas de dhroim teaghaisí do dhul chun arsantais nó gur dóigh don daonra dul i líonmhaire;

(e) láithreáin dhóthanacha, oiriúnacha chun críocha foirgníochta a sholáthar;

(f) na cuspóirí i bplean forbartha faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , don limistéar arb é limistéar feidhmiúcháin an údaráis é nó ina bhfuil an limistéar feidhmiúcháin sin, de réir mar a bheidh, a bhaint amach;

(g) an t-údarás do ghríosadh daoine chun tithe a sholáthar lena n-úinéir-áitiú ag an úinéir nó lena ligean.

(4) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis clár foirgníochta a ullmhú agus tar éis glacadh leis, athbhreithneoidh siad an clár foirgníochta ó am go ham de réir mar a éileoidh an tAire nó a dhlífidh cúrsaí agus aon athruithe a dhéanamh ann is cuí leo agus glacfaidh siad leo.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh le clár foirgníochta, agus is feidhm fhorcoimeádta glacadh le hathruithe i gclár foirgníochta, faoin alt seo.

Teaghaisí a sholáthar.

56. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta teaghaisí (lena n-áirítear tithe, árasáin, teaghasáin agus brúnna) a thógáil, a fháil, a cheannach, a chomhshó nó a athfhoirgniú, a léasadh nó a sholáthar ar shlí eile agus féadfaidh gur teaghaisí buana nó teaghaisí sealadacha na teaghaisí sin.

(2) Beidh cumhacht ag údarás tithíochta, i ndáil le teaghaisí a soláthraíodh, a sholáthrófar nó, i dtuairim an údaráis, is gá, san am le teacht, a sholáthar faoin Acht seo, go soláthróidh siad agus, más oiriúnach leo, go gcoiméadfaidh siad i ndea-ordú agus i ndea-dheis bóithre, siopaí, faichí imeartha, ionaid áineasa, páirceanna, plásáin, spásanna oscailte, láithreáin le haghaidh ionaid adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus foirgnimh eile nó talamh agus cibé oibreacha nó seirbhísí eile a bheidh, i dtuairim an údaráis, fóinteach i ndáil le riachtanais na ndaoine dá mbeidh na teaghaisí arna soláthar nó i ndáil le riachtanais na ndaoine sin agus dhaoine eile.

Cumhacht ag údarás tithíochta láithreáin foirgníochta a sholáthar.

57. —Féadfaidh údarás tithíochta láithreáin le haghaidh foirgníochta a sholáthar ar thalamh a gheobhaidh nó a leithreasóidh siad chun críocha de chuid an Achta seo agus féadfaidh siad, i ndáil leis na láithreáin sin a sholáthar, bóithre a dhéanamh, agus spásanna oscailte a leagan amach, ar an talamh agus cibé seirbhísí eile a sholáthar agus cibé oibreacha eile a dhéanamh is gá maidir le, nó a ghabhann le, forbairt na talún le haghaidh foirgníochta, lena n-áirítear oibreacha nó seirbhísí is gá maidir le, nó a ghabhann le, forbairt na talún le haghaidh ionaid adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus faichí imeartha, ionaid áineasa, páirceanna agus spásanna oscailte.

Bainistí agus rialú ar theaghaisí áirithe agus ar aon taitneamhachtaí, oibreacha nó seirbhísí foghabhálacha a sholáthrófar i ndáil leo sin.

1881, c. 49.

58. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, dílseofar don údarás tithíochta, agus feidhmeoidh an t-údarás tithíochta, bainistí agus rialú aon teaghaise, foirgnimh nó talún eile a bheidh ar úinéireacht ag an údarás, agus fós bainistí agus rialú aon oibreacha nó seirbhísí, a sholáthróidh an t-údarás faoin Acht seo,

(2) Féadfaidh údarás tithíochta aon teaghais nó foirgneamh eile a bheidh ar úinéireacht acu a athfhoirgniú, a mhéadú nó a fheabhsú.

(3) Faoi réir na rialachán sin, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais a sholáthrófar faoin Acht seo agus a bheidh ar úinéireacht acu, cibé cíos nó íocaíocht eile a chinnfidh siad ó am go ham a éileamh i leith tionóntacht nó áitiú na teaghaise sin agus féadfaidh an t-údarás cibé éileamh is oiriúnach leo, i modh cíosa nó eile, a dhéanamh maidir le haon fhoirgnimh nó talamh eile nó oibreacha nó seirbhísí a sholáthrófar faoin Acht seo.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh do gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas :

(a) an uimhir uasta daoine a cheadófar a bheith ar áitiú i dteaghaisí lena mbainfidh na rialacháin ar aon ligean;

(b) na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le cur in aon chomhaontú faoina gceadófar d'aon duine teaghaisí den sórt sin a áitiú nó a úsáid;

(c) na hábhair ar a mbeidh aird ag údarás tithíochta le linn dóibh a bheith ag cinneadh cíosanna;

(d) cibé ábhair eile a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó oiriúnach chun bainistí chuí éifeachtúil teaghaisí den sórt sin a áirithiú.

(5) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act, 1881, maidir le húdarás tithíochta do ligean plásán a soláthraíodh faoi alt 56 den Acht seo, agus measfar gurb é a bheidh i ligean den sórt sin, mura mbeidh foráil a mhalairt i gcomhaontú ligin, ligean mar áis sealadach a bheidh infhoirceannta i gceann aon mhíosa.

Leasú ar alt 1 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

1928, Uimh. 4 .

59. —Déanfar fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, a fhorléiriú agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thithe nó bothóga tagairtí do theaghaisí arna soláthar faoin Acht seo.

Dualgas ar údarás tithíochta scéim tosaíochta a dhéanamh i leith cóiríocht tithíochta a ligean.

60. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta scéim a dhéanamh, de réir an ailt seo laistigh de bhliain ó thosach feidhme an ailt seo agus ó am go ham mar is oiriúnach leo, a chinnfidh na tosaíochtaí a bheidh le tabhairt d'aicmí daoine a shonrófar sa scéim nuair a bheifear ag ligean teaghaisí a sholáthraigh an t-údarás faoin Acht seo agus arb iadsan a n-úinéir.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta aon scéim a bheidh siad tar éis a dhéanamh faoin alt seo a athbhreithniú ó am go ham agus aon leasuithe is cuí leo a dhéanamh uirthi.

(3) Nuair a bheidh scéim á déanamh nó á leasú faoin alt seo ag údarás tithíochta, beidh aird acu ar na bunchuspóirí seo a leanas :

(a) deisiú, dúnadh nó scartáil tithe atá neamhoiriúnach ar aon slí chun daoine cónaí iontu;

(b) deireadh a chur le plódú;

(c) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine (lena n-áirítear daoine atá scothaosta nó míchumasach) atá, i dtuairim an údaráis tithíochta, i gcall tithíochta agus nach bhfuil i gcumas sin a sholáthar as a n-acmhainn féin;

(d) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine ar a bhfuil eitinn scamhóg.

(4) Féadfaidh scéim faoin alt seo a shonrú go dtabharfar tosaíochtaí áirithe d'aicmí áirithe daoine nuair a bheidh teaghaisí áirithe á ligean.

(5) Ní foláir ceadú an Aire a bheith le haon scéim a dhéanfar, agus le haon leasú a dhéanfar ar scéim den sórt sin, faoin alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar údarás tithíochta maidir le haon ábhar i scéim a dhéanfar faoin alt seo an scéim a athrú i slí a ordóidh sé agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás tithíochta déanamh de réir an ordacháin laistigh de cibé am a shonróidh an tAire chuige sin, agus ní fhorléireofar ná ní oibreoidh an fo-alt seo chun a chumasú don Aire a ordú teaghais a ligean chun aon phearsan áirithe.

(7) Aon uair a thiocfaidh scéim faoin alt seo i bhfeidhm beidh feidhm ag an méid seo a leanas :

(a) aon rialacháin ag a raibh feidhm, roimh theacht i bhfeidhm don scéim, maidir le teaghaisí lena mbaineann an scéim scoirfidh siad d'éifeacht a bheith acu a mhéid a dhéanann siad foráil chun na tosaíochtaí a chinneadh a bhíonn le tabhairt do dhaoine nuair a bhíonn teaghaisí á ligean;

(b) is de réir forálacha na scéime a ligfidh údarás tithíochta teaghaisí lena mbaineann an scéim.

(8) Chun an t-ordú tosaíochta a chinneadh ar dá réir a dhéanfar ligin chun daoine de réir na scéime iomchuí faoin alt seo gheobhaidh an t-údarás tithíochta tuarascáil óna bpríomh-dhoctúir oifigiúil agus tabharfaidh siad aird ar an tuarascáil sin.

(9) Tabharfaidh údarás tithíochta cead, nuair a iarrfar sin, chun scéim a rinne siad faoin alt seo a iniúchadh le linn uaire oifige ag aon duine.

(10) Is feidhm fhorcoimeádta scéim a dhéanamh faoin alt seo nó leasú a dhéanamh ar aon scéim den sórt sin.

Eolas a fháil ó thionóntaí agus ó dhaoine a bheidh ag iarraidh tionóntachtaí.

1939, Uimh. 27 .

61. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, d'fhonn a chumasú dóibh an cíos a chinneadh a bheidh iníoctha ag duine chun ar ligeadh, nó a bheidh tar éis a iarraidh go ligfí chuige, teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo, a cheangal ar an duine sin sonraí i scríbhinn i dtaobh na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás laistigh de thréimhse shonraithe a chríochnóidh tráth nach giorra ná ceithre lá dhéag tar éis an ceangal sin a chur air:

(a) an uimhir de líon tí an duine sin a chónaíonn leis, mar aon lena n-aoiseanna, a ngnéas, a slite beatha agus bail a sláinte;

(b) ioncam seachtainiúil an duine agus gach duine dá líon tí a chónaíonn leis;

(c) aon chúnamh, sochar nó liúntas a fhaigheann sé féin nó aon duine dá líon tí a chónaíonn leis, nó a fhaightear thar a cheann féin nó thar ceann an duine sin, as cistí stáit nó faoin Acht um Chongnamh Phoiblí, 1939, nó faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, nó ó aon fhoinse eile d'aon sórt;

(d) an chóir iompair atá ar fáil chun an duine sin agus na daoine dá líon tí a chónaíonn leis a thabhairt chun a n-áiteanna oibre, nó i gcás leanaí, chun scoile agus costas an iompair sin;

(e) na téarmaí ar a n-áitíonn sé áitreabh, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine lenarb iníoctha an cíos sin.

(2) Aon duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar faoin alt seo, nó a dhéanfaidh, agus é ag cur an ábhair nó an ní sin in iúl, aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fineáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Seilbh a aisghabháil ar theaghaisí agus ar fhoirgnimh.

1960, Uimh. 42 .

62. —(1) I gcás—

(a) nach bhfuil aon tionóntacht—

(i) in aon teaghais a sholáthraigh údarás tithíochta faoin Acht seo,

(ii) in aon fhoirgneamh nó i gcuid d'fhoirgneamh arb iad an t-údarás is úinéir air agus a bheidh ag teastáil uathu chun críocha an Achta seo, nó

(iii) i dteaghais arb í an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta is úinéir uirthi,

de dhroim tionóntacht a fhoirceannadh nó eile, agus

(b) go bhfuil áititheoir ag áitiú na teaghaise nó an fhoirgnimh nó aon choda den chéanna a mhainníonn nó a dhiúltaíonn seilbh na teaghaise nó an fhoirgnimh nó coda den chéanna a sheachadadh ar an údarás nó an Ghníomhaireacht, cibé acu é, á éileamh sin, agus

(c) go bhfuil ráiteas san éileamh á rá go bhfuil an t-údarás nó an Ghníomhaireacht chun iarratas a dhéanamh faoin bhfo-alt seo mura gcomhlíonfar ceanglais an éilimh,

féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht (gan dochar d'aon mhodh eile chun seilbh a aisghabháil) iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teaghais nó an foirgneamh á iarraidh go n-eiseofar barántas faoin alt seo.

(2) I gcás—

(a) cíos aon teaghaise atá ligthe ag údarás tithíochta faoin Acht seo nó ag an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta ar thionóntacht mhíosúil nó ar thionóntacht ar feadh tréimhse is giorra ná mí, a bheith i riaráiste ar feadh tréimhse is giorra ná mí; agus

(b) go bhfuil an teaghais tréigthe, i dtuairim an údaráis nó na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, cibé acu é, ag an duine chun ar ligeadh í, agus

(c) nach bhfuil an teaghais á háitiú, iarbhír, ag aon duine,

féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht fógra, nach giorra ré ná an fógra a chaithfí a thabhairt chun an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála, a thabhairt don duine chun ar ligeadh an teaghais amhlaidh go bhfuil siad chun seilbh a ath ghabháil ar an teaghais agus i gcás ina dtabharfar fógra go cuí faoin bhfo-alt seo agus más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh an cíos sin a bheidh i riaráiste gan íoc ar an bhfógra a dhul in éag, féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht seilbh a athghabháil ar an teaghais agus air sin foirceannfaidh an tionóntacht sa teaghais de bhua an fho-ailt seo.

(3) Ar iarratas a dhéanfar go cuí faoi fho-alt (1) den alt seo a éisteacht, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas an barántas a eisiúint más deimhin leis go ndearnadh go cuí an t-éileamh a luaitear san fho-alt sin (1).

(4) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87, agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo faoi réir an mhodnaithe go bhféadfar, i gcás nach féidir, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ainm áititheora teaghaise nó foirgnimh nó coda den chéanna a fháil amach ó fhiosrú réasúnach, toghairm faoin alt sin 86 a dhíriú go dtí “an t-áititheoir” gan a ainm a lua, agus beidh an éifeacht chéanna ag an mbarántas nuair a eiseofar amhlaidh é a bheadh ag barántas faoin alt sin 86.

(5) In aon imeachtaí chun seilbh a aisghabháil ar theaghais nó foirgneamh nó ar aon chuid de theaghais nó d'fhoirgneamh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh doiciméad a airbheartóidh gurb é an comhaontú tionóntacha iomchuí é a dhéanfaidh an comhlacht a thionscnóidh na himeachtaí a thabhairt ar aird ina fhianaise prima facie ar an gcomhaontú agus ní gá aon síniú ar an doiciméad a chruthú agus i gcás nach mbeidh aon tionóntacht san áitreabh lena mbainfidh na himeachtaí mar gheall ar an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála agus gurb é an duine dar tugadh an fógra sin an duine a dtionscnófar na himeachtaí ina choinne, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas :

(a) aon éileamh nó ceanglas a bheidh san fhógra sin go seachadfaidh an duine sin seilbh an áitribh sin don údarás nó don Ghníomhaireacht is éileamh dóthanach é chun críocha mhír (b) den fho-alt sin (1); agus

(b) aon ráiteas san fhógra sin go bhfuil an t-údarás nó an Ghníomhaireacht chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo i leith an áitribh is ráiteas dóthanach é chun críocha mhír (c) den fho-alt sin (1).

(6) Measfar nach ndéanann aon ní sna hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, nó san Acht Srianta Cíosa, 1960 , difear do na forálacha den Acht seo a bhaineann le seilbh a fháil ar theaghais nó ar fhoirgneamh nó ar chuid de theaghais nó d'fhoirgneamh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

CUID IV

Tithe Plódaithe agus Tithe Neamhoiriúnacha

An bhrí atá le “plódú”.

63. —Measfar chun críocha an Achta seo teach a bheith plódaithe aon tráth nuair is amhlaidh don líon daoine a chodlaíonn de ghnáth sa teach agus don uimhir seomraí atá sa teach—

(a) go gcaitheann beirt de na daoine sin, is daoine deich mbliana d'aois nó níos mó nach den ghnéas céanna agus nach daoine a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile, codladh sa seomra céanna, nó

(b) gur lú ná ceithre chéad troigh chiúbach d'aon duine, an t-aerspás saor in aon seomra a úsáidtear mar sheomra codlata (agus a ghlacadh, chun aerspás saor a ríomh, gur ocht dtroigh ar airde atá an seomra más mó ná ocht dtroigh ar airde é),

agus forléireofar “plódú” dá réir sin.

Oibleagáid ann sonraí a thabhairt i dtaobh tí.

64. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, chun críocha na Coda seo den Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir tí na sonraí seo a leanas a chur in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra agus nach giorra ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta an fhógra :

(a) an uimhir iomlán seomraí sa teach agus a dtoisí;

(b) an chríoch chun a n-úsáidtear gach seomra acu sin de thuras na huaire;

(c) an líon áititheoirí sa teach ar dháta a shonrófar san fhógra;

(d) na saoráidí sláintíochta agus cócaireachta atá ar fáil do na háititheoirí sin; agus

(e) cibé sonraí eile i dtaobh an tí a shonróidh an t-údarás san fhógra.

(2) Aon duine a gceanglóidh fógra faoin alt seo air aon ábhar nó ní a chur in iúl i scríbhinn d'údarás tithíochta agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní sin a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra nó a dhéanfaidh, agus é ag cur an ábhair nó an ní sin in iúl amhlaidh, aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Tithe plódaithe.

1890, c. 70.

1919, c. 45.

65. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar úinéir tí ag sonrú an líon uasta daoine agus na haicmí daoine a fhéadfaidh, ag féachaint d'alt 63 den Acht seo, a bheith ag áitiú sa teach nó in aon seomra sa teach gan plódú a bheith ann, agus féadfaidh an t-údarás, maidir le haon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo, a cheangal ar an úinéir ar a seirbheálfar é gach a mbeidh san fhógra a fhoilsiú ar cibé modh a shonróidh an t-údarás.

(2) Má bhíonn úinéir tí ina chúis leis an teach a bheith plódaithe nó má cheadaíonn sé an teach a bheith plódaithe, féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an úinéir sin á cheangal air scor de bheith ina chúis leis an bplódú sin nó d'é a cheadú agus ag sonrú tréimhse, nach giorra ná lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, nach foláir lena linn, nó ag sonrú an teagmhais nach foláir tar éis dó tarlú, ceanglais an fhógra a chomhlíonadh.

(3) Aon duine a fhailleoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais ó údarás áitiúil á cheangal air gach a mbeidh i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo a fhoilsiú beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (2) den alt seo agus, aon tráth tar éis deireadh na tréimhse nó tarlú an teagmhais a bheidh sonraithe san fhógra, go mbeidh an duine ar a mbeifear tar éis an fógra a sheirbheáil, ina chúis leis an teach, nó tar éis a cheadú an teach, lena mbaineann an fógra a bheith plódaithe, beidh sé, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(5) I gcás teach nach mbeadh plódaithe mura mbeadh sin a theacht chun bheith plódaithe mar gheall ar leanaí an duine a bheidh ag áitiú an tí éirí níos sine nó dul i líonmhaire, ní bheidh úinéir an tí ciontach i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo.

(6) D'ainneoin fo-alt (1) d'alt 121 den Acht seo, aon fhodhlíthe a rinneadh faoi alt 62 den Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, scoirfidh siad, ar thosach feidhme an ailt seo, d'éifeacht a bheith acu a mhéid a baineann siad le plódú.

Tithe neamhoiriúnacha.

66. —(1) I gcás inarb é tuairim údaráis tithíochta go bhfuil teach ar aon slí neamhoiriúnach chun daoine conaí ann seirbheálfaidh an t-údarás, murab é a dtuairim freisin nach féidir an teach a dhéanamh oiriúnach sa tslí sin ar chostas réasúnach, ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún an duine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile fógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra deisiúcháin san Acht seo) ag sonrú na n-ábhar a líomhnaítear ina leith go bhfuil an teach neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus á cheangal ar an úinéir cibé oibreacha is gá chun an teach, maidir leis na hábhair a shonrófar san fhógra, a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra agus nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, agus, go háirithe, féadfaidh fógra deisiúchán, más oiriúnach leis an údarás, na hoibreacha a shonrú is gá, i dtuairim an údaráis, chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine conaí ann nó creatlach an tí a chosc ó mheath agus déanfaidh an t-úinéir sin, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí na hoibreacha is gá chun ceanglais an fhógra a chomhlíonadh agus féadfaidh sé agus siad dul isteach ar aon talamh chun na críche sin.

(2) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta á bhreithniú an bhfuil teach neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann beidh aird acu ar a mhéid atá an teach easnamhach (má tá) maidir le gach ceann de na hábhair atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an féidir ar aon slí teach a dhéanamh oiriúnach, ar chostas réasúnach, chun daoine cónaí ann, beidh aird acu ar an gcostas a mheastar a bhainfidh leis an teach a dhéanamh oiriúnach amhlaidh agus ar an méadú a mheasfaidh an t-údarás a thiocfaidh ar luach an tí dá bharr sin.

(4) I gcás inarb é tuairim an údaráis tithíochta go bhfuil teach ar aon slí neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir é a dhéanamh oiriúnach amhlaidh sa tslí sin ar chostas réasúnach, seirbhéalfaidh siad ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún na daoine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile, fógra i dtaobh an trátha (is tráth éigin lá is fiche ar a laghad tar éis an fógra a sheirbheáil) agus na háite a mbreithneoidh an t-údarás staid an tí agus aon tairiscint, maidir le hoibreacha a dhéanamh nó maidir le húsáid an tí san am le teacht, is mian leis an úinéir a chur faoina mbráid agus beidh gach duine den sórt sin i dteideal a éisteachta nuair a bhreithneofar amhlaidh an t-ábhar.

(5) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh siad, más oiriúnach leo, tar éis dul i gcomhairle le húinéir an tí, nó le haon duine a bhfuil leas aige sa teach, lena mbaineann an fógra, glacadh le gealltanas uaidh go ndéanfaidh sé, laistigh de thréimhse a shonrófar sa ghealltanas, cibé oibreacha a dhéanfaidh, i dtuairim an údaráis, an teach oiriúnach chun daoine cónaí ann, nó nach n-úsáidfear an teach chun daoine cónaí ann go dtí go ndéanfaidh an t-údarás, ar bheith deimhnitheach dóibh é a bheith déanta oiriúnach chuige sin, an gealltanas a chealú.

(6) I gcás nach nglacfaidh an t-údarás tithíochta le haon ghealltanas faoi fho-alt (5) den alt seo, nó ina mbeifear tar éis glacadh le gealltanas agus nach ndéanfar aon obair lena mbaineann an gealltanas laistigh den tréimhse a shonrófar sa ghealltanas, nó i gcás ina n-úsáidfear aon tráth an teach contrártha do théarmaí an ghealltanais, déanfaidh an t-údarás láithreach ceann acu seo a leanas:

(a) ordú (dá ngairtear ordú dúnaidh san Acht seo) á thoirmeasc an teach nó aon chuid den teach a úsáid chun aon chríche a shonróidh an t-údarás tithíochta san ordú; nó

(b) ordú (dá ngairtear ordú scartála san Acht seo) á cheangal, i gcás ina nglacfar amhlaidh le gealltanas den sórt sin, ar an duine a thabharfaidh an gealltanas, nó, in aon chás eile, ar úinéir an tí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) laistigh de thréimhse a shonrófar san ordú, nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an ordaithe, an teach a fhágáil nó a chur faoi deara go bhfágfar an teach, agus ar an teach a bheith fágtha amhlaidh, é a dhaingniú in aghaidh a atháitithe; agus

(ii) laistigh de shé sheachtain tar éis deireadh na tréimhse a shonrófar amhlaidh, nó, mura bhfágfar an teach laistigh den tréimhse sin, laistigh de shé sheachtain tar éis an dáta a fhágfar é, nó i gceachtar cás laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a mheasfaidh an t-údarás tithíochta, sna himthosca áirithe, a bheith réasúnach a shonrú, an teach a scartáil agus láithreán an tí a ghlanadh agus a chothromú agus aon bhruscar a bheidh ann a aistriú as agus, más oiriúnach leis an údarás, balla nó fál a thógáil idir aon bhóthar oscailte, sráid nó áit phoiblí,

agus féadfaidh aon duine, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí dul, chun ceanglais an ordaithe scartála a chomhlíonadh, isteach ar aon talamh.

(7) Féadfaidh ordú scartála, maidir le haon oibreacha is gá a dhéanamh chun ceanglais an ordaithe a chomhlíonadh, a cheangal go ndéanfar na hoibreacha de réir na gcoinníollacha sin, más ann, a shonrófar san ordú agus a mheasfaidh an t-údarás is iomchuí agus i cibé slí a shonrófar san ordú.

(8) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú scartála a dhéanamh i leith tí, féadfaidh an t-údarás, más oiriúnach leo, glacadh le gealltanas ó úinéir an tí nó ó aon duine eile a mbeidh leas aige sa teach á gheallúint go ndéanfar an teach nó aon chuid de a úsáid go haonarach feasta chun críche seachas mar áit chónaithe duine agus a shonrófar sa ghealltanas.

(9) I gcás ina nglacfaidh údarás tithíochta le gealltanas faoi fho-alt (8) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an t-údarás air sin, maidir leis an teach nó leis an gcuid de lena mbainfidh an gealltanas, ordú dúnaidh faoi fho-alt (6) den alt seo;

(b) ar an ordú dúnaidh a dhéanamh, ansin an t-ordú scartála a luaitear san fho-alt sin (8)—

(i) má bhíonn sé i ngníomh cheana féin, scoirfidh sé de bheith i ngníomh,

(ii) mura mbeidh sé i ngníomh leanfaidh sé gan bheith i ngníomh,

an fad, agus amháin an fad, a leanfaidh an t-ordú dúnaidh de bheith i ngníomh; agus

(c) má dhéantar an teach nó aon chuid de a úsáid aon tráth contrártha do théarmaí an ghealltanais, déanfaidh an t-údarás, d'ainneoin fo-alt (10) den alt seo, an t-ordú dúnaidh a fhoirceannadh.

(10) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú dúnaidh a dhéanamh maidir le teach, féadfaidh an t-údarás, aon tráth nach luaithe ná sé mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, an t-ordú a fhoirceannadh agus ordú scartála a dhéanamh maidir leis an teach.

(11) Más deimhin le húdarás tithíochta go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh lena mbaineann ordú dúnaidh nó cuid den áitreabh sin a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann—

(a) i gcás inar deimhin sin leis an údarás maidir leis an áitreabh sin, foirceannfaidh siad an t-ordú, nó

(b) i gcás inar deimhin sin leis an údarás maidir le cuid den áitreabh féadfaidh siad, más oiriúnach leo, an t-ordú a fhoirceannadh a mhéid a bhaineann sé leis an gcuid sin,

agus, d'ainneoin mír (b) d'fho-alt (9) den alt seo, ní thiocfaidh ordú scartála i ngníomh de dhroim agus amháin de dhroim an t-údarás d'fhoirceannadh ordú dúnaidh faoin bhfo-alt seo.

(12) Déanfaidh údarás tithíochta, a luaithe is féidir tar éis ordú dúnaidh nó ordú scartála a dhéanamh nó ordú dúnaidh a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach, cóip den ordú nó den fhógra i dtaobh an fhoirceannta a sheirbheáil i scríbhinn ar úinéir an tí agus, chomh fada agus is féidir le réasún an duine sin a fháil amach, ar aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach.

(13) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, tiocfaidh ordú deisiúchán, ordú scartála nó ordú dúnaidh i ngníomh;

(a) i gcás ina ndéanfar achomharc faoi alt 72 den Acht seo i gcoinne an fhógra nó an ordaithe agus go ndéanfaidh an chúirt, ar an achomharc sin, an fógra nó an t-ordú a dhaingniú i dteannta nó d'éagmais modhnuithe, athruithe nó breisithe—ar an gcúirt do chinneadh an achomhairc nó ar cibé dáta eile a chinnfidh an chúirt,

(b) in aon chás eile—ar dheireadh a bheith leis an tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis dáta an fógra nó an chóip den ordú a sheirbheáil.

(14) Aon uair a bheidh ordú scartála i ngníomh, seirbheálfaidh an t-údarás tithíochta ar áititheoir an tí lena mbainfidh an t-ordú fógra i scríbhinn ag insint éifeacht an ordaithe agus ag sonrú an dáta a cheanglaíonn an t-ordú an teach a bheith fágtha agus á cheangal air an teach a fhágáil roimh an dáta sin nó sula mbeidh ocht lá is fiche caite ó dháta an fógra a sheirbheáil, cibé acu is déanaí, agus má tharlaíonn, aon tráth tar éis an dáta a gceanglóidh an fógra an teach a bheith fágtha, go mbeidh aon duine ag áitiú an tí, nó aon choda de, féadfaidh an t-údarás nó úinéir an tí iarratas a dhéanamh chun an bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach chun barántas a eisiúint faoin alt seo.

(15) Ar iarratas a rinneadh go cuí faoi fho-alt (14) den alt seo a éisteacht, déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas, más deimhin leis gur tugadh go cuí an fógra a cheanglaítear leis an alt seo agus nár comhlíonadh ceanglas an fhógra, an barántas a eisiúint.

(16) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87 agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo agus nuair a eiseofar an barántas sin amhlaidh beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag barántas faoin alt sin 86.

(17) Maidir le háitreabh lena mbaineann fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas lenar glacadh faoin alt seo, ní choiscfidh aon ní sna hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, nó san Acht Srianta Cíosa, 1960

(a) úinéir an áitribh,

(b) an duine ónar glacadh leis an ngealltanas, nó

(c) an t-údarás tithíochta,

ó sheilbh a fháil ar an áitreabh sin.

Féadfaidh údarás tithíochta fógra a chur suas i dtaobh fógra deisiúcháin a sheirbheáil, ordú dúnaidh nó ordú scartála a dhéanamh nó glacadh le gealltanas.

67. —(1) Aon uair a bheidh fógra deisiúchán, ordú dúnaidh nó ordú scartála tagtha i ngníomh nó a bheidh údarás tithíochta tar éis glacadh le gealltanas faoi fho-alt (5) nó (8) d'alt 66 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás fógra a chomhlíonfaidh ceanglais fho-alt (2) den alt seo a dhaingniú den áitreabh, nó in aice an áitribh, lena mbainfidh an fógra, an t-ordú nó an gealltanas.

(2) Déarfaidh fógra a dhaingneofar faoin bhfo-alt sin roimhe seo go bhfuil an fógra deisiúchán, an t-ordú dúnaidh nó an t-ordú scartála tagtha i ngníomh, nó go bhfuil glactha leis an ngealltanas ag an údarás tithíochta, de réir mar a bheidh, sonróidh sé an t-áitreabh lena mbaineann an t-ordú nó an gealltanas agus luafar ann na pionóis is féidir a ghearradh faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 68 den Acht seo i leith úsáid nó úsáid cheadaithe a dhéanamh den áitreabh contrártha don alt sin 68, mar aon le bríthin fho-alt (3) den alt seo.

(3) Aon duine a aghloitfidh fógra a dhaingneofar faoin alt seo, nó a aistreoidh an fógra gan údarás dleathach, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Srian le húsáid áitribh lena mbainfidh fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas.

68. —(1) Aon duine arb eol dó fógra deisiúchán a bheith seirbheáilte agus go mbaineann sé le teach agus nach ndearnadh de réir an fhógra agus a úsáidfidh an teach chun daoine cónaí ann tráth díreach roimh an teach a bheith fágtha nó a cheadóidh é a úsáid amhlaidh beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Aon duine arb eol dó fógra dúnaidh nó fógra scartála a bheith tagtha i ngníomh agus go mbaineann sé le háitreabh, nó go bhfuil glactha faoin gCuid seo den Acht seo le gealltanas nach n-úsáidfear an t-áitreabh nó nach n-úsáidfear é ach amháin chun críocha áirithe a bheidh sonraithe sa ghealltanas, agus a úsáidfidh an t-áitreabh contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais, nó a cheadóidh é a úsáid amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh duine arna chiontú i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le fógra deisiúchán nó faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le hordú dúnaidh, le hordú scartála nó le gealltanas,

(b) tar éis dáta an chiontaithe, go ndéanfaidh an duine, i gcás é a bheith arna chiontú faoi fho-alt (1) den alt seo, úsáid, nó cead a thabhairt úsáid a dhéanamh, chun daoine cónaí ann, d'áitreabh lena mbaineann an fógra, nó i gcás é a bheith arna chiontú faoi fho-alt (2) den alt seo, úsáid, nó cead a thabhairt úsáid a dhéanamh, d'áitreabh lena mbaineann an t-ordú nó an gealltanas contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais,

(c) tráth na húsáide sin, nach ndearnadh de réir an fhógra nó go bhfuil, maidir leis an áitreabh a úsáidfear nó a cheadófar a úsáid amhlaidh, an t-ordú nó an gealltanas i bhfeidhm fós,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide na sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(4) Is cion leanunach cion faoi fho-alt (3) den alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua a bhunú ina leith ó am go ham.

(5) In aon imeachtaí faoin alt seo i gcoinne duine mar gheall ar chead a thabhairt áitreabh lena mbaineann fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas a úsáid chun daoine cónaí ann, toimhdeofar gur cheadaigh an duine sin an úsáid sin mura rud é, gan dochar d'aon chosaint eile, go suífidh sé nach bhfuair sé, go díreach ná go neamhdhíreach, aon íocaíocht ná comaoin luachmhar eile i leith na húsáide agus go ndearna sé gníomh iomchuí chun deireadh a chur leis an úsáid.

(6) I gcás ina mbeidh ordú dúnaidh nó ordú scartála tagtha i ngníomh i leith áitribh nó ina mbeidh glactha le gealltanas mar a dúradh nach n-úsáidfear áitreabh chun críocha áirithe a shonraítear sa ghealltanas, ní dleathach do dhuine ar bith a cheangal go n-íocfar aon suim nó go dtabharfar aon chomaoin luachmhar i leith úsaid an áitribh contrártha do théarmaí an ordaithe nó an ghealltanais, agus i gcás ina ndéanfar nó ina dtabharfar íocaíocht nó comaoin den sórt sin i leith aon úsáide den sórt sin féadfar a mhéid nó a luach a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Fógra deisiúcháin nó ordú scartála a chur i bhfeidhm.

69. —(1) Má bhíonn fógra deisiúchán nó ordú scartála gan chomhlíonadh in aon slí, ansin, tar éis deireadh na tréimhse chun comhlíonta a shonraítear san fhógra nó san ordú, nó má bhíonn achomharc déanta faoi alt 72 den Acht seo i gcoinne an fhógra nó an ordaithe agus go mbeifear tar éis an fógra nó an t-ordú a dhaingniú, le hathrú nó gan athrú, ar achomharc, tar éis lá is fiche ó dháta an t-achomharc a chinneadh go críochnaitheach nó tar éis cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an chúirt ag cinneadh an achomhairc di, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh úinéir an tí lena mbainfidh an fógra nó an t-ordú ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, agus

(b) féadfaidh an t-údarás tithíochta aon ní a dhéanamh a cheanglóidh an fógra nó an t-ordú, nó an fógra nó an t-ordú arna athrú ag an gcúirt, agus féadfaidh an t-údarás, a seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar aon talamh chun na críche sin.

(2) Nuair a bheidh údarás tithíochta ar tí dul isteach i dteach chun aon oibreacha a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás fógra i dtaobh iad a bheith chun sin a dhéanamh a thabhairt d'úinéir an tí agus, mar is rogha leo, d'aon duine eile a bhfuil leas aige sa teach mar mhorgháistí, tionónta nó eile, agus má tharlaíonn, aon tráth tar éis seacht lá ó dháta an fógra sin a sheirbheáil air agus le linn aon oibrí nó conraitheoir a bheidh fostaithe ag an údarás a bheith ag déanamh oibreacha sa teach, go mbeidh aon duine ar ar seirbheáladh an fógra nó aon oibrí a bheidh fostaithe aige nó ag aon chonraitheoir a bheidh fostaithe aige, sa teach chun aon oibreacha a dhéanamh, beidh an duine ar ar seirbhéaladh an fógra ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air mura gcruthóidh sé chun sástacht na cúirte a mbeidh sé ar cúiseamh os a comhair go raibh dian-ghá leis na hoibreacha sin a dhéanamh chun áititheoirí an tí a chur ó chontúirt.

Fodhlíthe maidir le tithe ar cíos.

70. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta, maidir le tithe a bheidh ligthe ar cíos nó ar comaoin luachmhar eile, fodhlíthe chun na gcríocha seo a leanas:

(a) chun a áirithiú go bhfuil siltean, aerúchán agus soilseachán cuí arna sholáthar maidir leis an teach;

(b) chun a áirithiú go ndéanfar aon deisiúcháin is gá chun creatlach an tí a chothabháil;

(c) chun a áirithiú go mbeidh ar soláthar sa teach cibé cóiríocht clóiséid, soláthairtí uisce, cóiríocht níocháin, agus cóiríocht stórála, ullmhúcháin agus cócaireachta bia is leor le haghaidh úsáide gach líon tí, agus a bheidh sorochtana ag gach líon tí, a bheidh ag áitiú sa teach;

(d) chun a áirithiú go gcloítear le leor-chaighdeán glaineachta maidir leis an teach.

(2) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion a chur air.

(3) Má bhíonn, maidir le teach, ceanglais aon fhodhlí a rinneadh faoin alt seo gan chomhlíonadh in aon slí, féadfaidh an t-údarás tithíochta, aon tráth tar éis fógra nach giorra ná lá is fiche a thabhairt, i scríbhinn, d'úinéir an tí, aon ní a dhéanamh is gá chun ceanglais an fhodhlí a chomhlíonadh agus féadfaidh an t-údarás, a seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar aon talamh chun na críche sin.

(4) Bainfidh forálacha ailt 221 agus 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo mar a bhaineann siad le fodhlíthe arna ndéanamh faoin Acht sin.

(5) Má bhíonn fodhlíthe faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, i bhfeidhm i limistéar údaráis tithíochta maidir le haon ábhar a luaitear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh éifeacht, an fad a leanfaidh na fodhlíthe sin i bhfeidhm, ag oibleagáid an údaráis faoin bhfo-alt sin (1).

Caiteachais deisiúcháin agus scartála, etc., a ghnóthú.

71. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis aon chaiteachais a thabhú faoi fho-alt (14) d'alt 66, faoi alt 69 nó faoi alt 70 den Acht seo maidir le teach, féadfaidh an t-údarás éileamh i scríbhinn a dhéanamh ar úinéir an tí ag éileamh air iad a íoc agus má tharlaíonn, tar éis ceithre lá dhéag ó dháta an éilimh, go mbeidh na caiteachais nó aon chuid díobh gan íoc nó nach mbeidh glactha ag an údarás le tairiscint ón úinéir ar na caiteachais a íoc ina dtráthchodanna nó ar shlí eile, féadfaidh an t-údarás an méid a bheidh gan íoc mar aon le hús, de réir an ráta úis ar dá réir a fhéadfaidh an t-údarás, ar dháta an éilimh, airgead a fháil ar iasacht as ciste na n-iasachtaí áitiúla, a ghnóthú go hiomlán nó go páirteach, gan docbar d'aon mhodh gnóthaithe eile, ar mhodh amháin nó níos mó acu seo a leanas:

(a) tríd an údarás do dhíol aon ábhar a tháinig de na hoibreacha a rinne an t-údarás maidir leis an teach agus iad do choimeád an méid sin de shochair an díola is comhionann le méid na gcaiteachas sin mar aon le hús;

(b) trína cheangal ar áititheoir an tí (cibé acu roimh nó tar éis an dáta a thabhaigh an t-údarás na caiteachais a thosaigh an áitíocht) go n-íocfaidh sé leis an údarás aon chíos nó íocaíocht in ionad cíosa a bheidh dlite an tráth sin nó a thiocfaidh chun bheith dlite ina dhiaidh sin de go dtí go mbeidh méid na gcaiteachas mar aon le haon ús a bheidh dlite orthu íoctha leis an údarás, nó, má bhíonn an teach folamh nó má thagann sé chun bheith folamh, é a ligean, go dtí go mbeidh an méid sin íoctha, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás, ar choinníoll go ndéanfaidh an t-údarás fógra lá is fiche ar a laghad a sheirbheáil ar úinéir an tí go bhfuil siad, de réir mar is iomchuí, chun a cheangal ar an úinéir go n-íocfaidh sé leo aon chíos nó íocaíocht eile a bheidh dlite amhlaidh, nó ag insint na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a mbeartaíonn siad an teach a ligean amhlaidh nó aon athrú a bheartaíonn siad a dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha sin;

(c) trí ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú muirir san alt seo) ag muirearú méid na gcaiteachas, mar aon le hús orthu, ar an teach agus, de rogha an údaráis tithíochta, ar gach áitreabh eile a bheidh ar teachtadh ina theannta ar an tionacht chéanna nó faoin tionóntacht chéanna;

(d) trí ghnóthú ó úinéir an tí nó ón duine a fhaigheann cíos an tí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ar choinníoll, má chruthaíonn an duine gur mar ghníomhaire nó iontaobhaí do dhuine éigin eile a fhaigheann sé an cíos agus nach bhfuil, agus nach raibh ó dháta an fógra sheirbheáil air, a dhóthain airgid ar láimh aige thar ceann an duine eile sin chun éileamh uile an údaráis a shásamh, gurb é méid a dhliteanais an méid iomlán airgid atá, nó a bhí, ar láimh aige mar a dúradh.

(2) Íocfaidh an t-údarás tithíochta le húinéir an tí aon bharrachais airgid a bheidh ann de bharr díola de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, nó má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, le gach úinéir den sórt sin de réir cibé coibhnis ar a gcomhaontóidh na húinéirí, nó (cheal comhaontú) a dhéanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach a chinneadh ar iarratas ó aon úinéir den sórt sin.

(3) Oibreoidh seirbheáil fógra faoi mhír (b) den fho-alt sin (1) ar úinéir d'aistriú chun an údaráis tithíochta an chirt eisiataigh chun an cíos nó an íocaíocht eile is iníoctha de bhua an fho-ailt sin (1) leis an údarás a ghnóthú, a fháil agus urscaoileadh a thabhairt ina leith agus má tharlaíonn, aon tráth i rith na tréimhse a bheidh an cíos nó an íocaíocht eile infhaighte amhlaidh ag an údarás, go ndiúltóidh an t-úinéir, ar an údarás á iarraidh sin air, aon oibreacha cothabhála nó oibreacha a bhfuil sé, mar úinéir, faoi dhliteanas ina leith, a dhéanamh maidir leis an teach, féadfaidh an t-údarás na hoibreacha a dhéanamh agus beidh aon chaiteachais a thabhóidh an t-údarás ag déanamh na n-oibreacha inghnóthaithe ag an údarás ionann is dá mba chaiteachais a thabhaigh an t-údarás faoi fho-alt 14 d'alt 66, faoin alt sin 69 nó faoin alt sin 70 maidir leis an teach na caiteachais sin.

(4) Measfar gur morgáiste a rinneadh trí ghníomhas de réir brí na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, ordú muirir agus is iad an t-údarás tithíochta na morgáistithe chun críocha na nAchtanna sin agus, dá réir sin, beidh acu, maidir le gach ordú muirir, na cumhachtaí uile a thugann na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí a rinneadh trí ghníomhas.

(5) Aon uair a dhéanfaidh údarás tithíochta ordú muirir, cuirfidh siad faoi deara, a luaithe is féidir dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníombas nó ag an údarás cláraitheachta, de réir mar is gá sa chás.

(6) Aon ordú muirir a bhaineann le talamh agus a chláróidh an t-údarás cláraitheachta beidh sé inchláraithe ag an údarás sin mar eire a bhaineann leis an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear san ordú sin mar úinéir nó áititheoir na talún cláraithe ag an údarás sin mar úinéir na talún sin.

(7) I gcás—

(a) ina dtairgfidh Coimisiún na Talún talamh lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil atá dílsithe chuige sin dóibh, agus

(b) go mbeidh an talamh sin faoi réir ordú muirir,

díolfar an talamh faoi réir an mhuirir a bhunóidh an t-ordú mar aon le haon mhuirear, eire, nó dliteanas a gceanglaíonn an dlí, ar leithligh ón bhfo-alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.

(8) Nuair a bheifear ag ríomh caiteachais a thuairiscítear san alt seo áireoidh an t-údarás tithíochta aon chostais a bhainfidh le gnóthú an mhéid a bheidh dlite, lena n-áirítear costais i ndáil le himeachtaí sa Chúirt Dúiche nó i ndáil le clárú ordú muirir i gClárlann na nGníomhas nó ag an údarás cláraitheachta, agus asbhainfidh an t-údarás tithíochta méid aon deontais a tugadh faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith oibreacha lena mbaineann na caiteachais, agus ina theannta sin, más oiriúnach leis an údarás tithíochta, méid aon deontais fhorlíontaigh a d'fhéadfadh an t-údaras tithíochta a thabhairt i leith na n-oibreacha.

Achomhairc.

72. —(1) Aon duine arb éagóir leis—

(a) fógra deisiúchán, ordú dúnaidh, ordú scartála nó diúltú ordú dúnaidh a fhoirceannadh,

(b) ordú muirir faoi mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 71 den Acht seo,

(c) éileamh ar chaiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta ag déanamh aon ní a cheangail fógra deisiúchán nó ordú scartála a dhéanamh,

(d) ceanglas á cheangal cíos nó íocaíocht in ionad cíosa a íoc le húdarás tithíochta, fógra nó ligean faoi réim nó de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 71 den Acht seo,

féadfaidh sé, laistigh den tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis dáta an fógra nó cóip den ordú a sheirbheáil, an t-éileamh a dhéanamh, nó tar éis an diúltaithe, de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda;

Ar choinníoll—

(i) nach ndéanfar, ar achomharc i ndáil le héileamh ar chaiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta ag déanamh aon ní a cheangail fógra deisiúchán nó ordú scartála a dhéanamh, aon cheist a chur a d'fhéadfaí a chur ar achomharc i gcoinne an fhógra nó an ordaithe, agus

(ii) nach mbeidh aon ábhar achomhairc ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i ndáil le hordú dúnaidh ar thionscnamh duine a áitíonn an t-áitreabh lena mbaineann an t-ordú faoi léas nó comhaontú nach faide ná trí bliana an chuid atá gan chaitheamh dá théarma.

(2) Ar aon achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Chuarda, más cuí léi—

(a) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an diúltadh, an ligean nó an ceanglas a dhaingniú gan choinníoll,

(b) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an ligean nó an ceanglas a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breisithe is dóigh leis an gCúirt a bheith réasúnach,

(c) an fógra, an t-éileamh, an t-ordú, an ligean nó an ceanglas a neamhniú, nó

(d) an t-ordú dúnaidh a fhoirceannadh.

(3) Féadfaidh an Chúirt Chuarda glacadh le cibé gealltanas lena nglacfadh an t-údarás tithíochta, agus beidh an éifeacht chéanna ag aon ghealltanas lena nglacfaidh an Chúirt Chuarda amhlaidh agus dá mba don údarás tithíochta a tugadh an gealltanas sin agus go mbeidís tar éis glacadh leis faoin gCuid seo den Acht seo.

(4) I gcás ina neamhneoidh an Chúirt Chuarda fógra deisiúchán, cuirfidh sí ina breithiúnas, má iarrann an t-údarás tithíochta uirthi sin a dhéanamh, cinneadh cé acu is féidir nó nach féidir an t-áitreabh a dhéanamh oiriúnach, ar chostas reasúnach, chun daoine cónaí ann.

Cumhacht na Cúirte Cuarda léas tí a bhfuil ordú scartála déanta ina leith a fhoirceannadh.

73. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis ordú scartála a dhéanamh maidir le teach agus nach mbeidh glactha ag an údarás le gealltanas faoi fho-alt (8) d'alt 66 den Acht seo agus gurb ábhar léasa an teach, féadfaidh an léasóir nó an léasaí ordú d'fhoirceannadh an léasa a iarraidh ar an gCúirt Chuarda.

(2) Ar aon iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda, tar éis deis ar a éisteacht a thabhairt d'aon fholéasaí, a ordú, más cuí léi, go bhfoirceannfar an léas, gan choinníoll nó faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le haon pháirtí sna himeachtaí d'íoc airgid le haon pháirtí eile sna himeachtaí i modh cúitimh nó damáistí nó eile) is dóigh leis an gcúirt a bheith cóir agus cothrom a fhorchur, agus aird a bheith ar cheartanna, oibleagáidí agus dliteanais faoi seach na bpáirtithe faoin léas agus imthosca uile eile an cháis.

(3) San alt seo, folaíonn “léas” foléas agus aon tionóntacht nó aon chomhaontú le haghaidh léasa, foléasa, nó tionóntachta, agus déanfar “léasóir”, “léasaí”, agus “foléasaí” a fhorléiriú dá réir s in, agus freisin mar fhocail a fholaíonn duine a ghabhann teideal faoi léasóir, léasaí nó foléasaí.

Gniomh faoi alt 65, 66 nó 69 den Acht neamhdhocharach do leigheasanna eile.

74. —Ní dhéanfaidh gníomh faoi alt 65, 66 nó 69 den Acht dochar ná difear d'aon chumhachtaí eile (lena n-áirítear) cumhacht faoi Acht seo) de chuid an údaráis tithíochta ná d'aon leigheas atá ag tionónta i gcoinne tiarna talún, nó ag tiarna talún i gcoinne tionónta, faoin dlí coiteann nó eile.

CUID V

Talamh a Fháil, etc.

Mínithe chun críocha Chuid V den Tríú Sceideal.

1925, Uimh. 22 .

75. —Sa Chuid seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) forléireofar tagairtí d'Achtanna na gClásal Talún mar thagairtí do na hAchtanna sin (seachas an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919) arna leasú leis an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890 agus leis an Acht seo;

(b) ciallaíonn “an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 , leis an Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , agus leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

(c) ciallaíonn “Acht 1890” an Housing of the Working Classes Act, 1890;

(d) ciallaíonn “teach” foirgneamh—

(i) a úsáidtear go huile nó go príomha ar an dáta iomchuí chun daoine cónaí ann, nó

(ii) nach n-úsáidtear go huile ná go príomha ar an dáta iomchuí chun daoine cónaí ann ach, an uair dheiridh a úsáideadh go huile nó go príomha é, gur chun daoine cónaí ann a úsáideadh amhlaidh é,

agus folaíonn sé aon chlós, fothithe, nó comhghabhálais, gairdín nó talamh eile a ghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta;

(e) ciallaíonn “úinéir”, maidir le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí na talún a dhiúscairt cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse é agus folaíonn sé freisin duine ag a bhfuil teachtadh nó atá i dteideal cíosanna agus brabús na talún faoi léas nó comhaontú ar faide ná trí bliana an chuid atá gan chaitheamh dá théarma;

(f) ciallaíonn “dáta iomchuí”, maidir le teach, dáta an fógra maidir leis an ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh a bhaineann leis an teach a fhoilsiú de réir airteagal 4 den Tríú Sceideal sin.

An nós imeachta chun talamh a fháil go héigeantach.

76. —Aon údarás tithíochta a gheobhaidh talamh go héigeantach chun críocha an Achta seo féadfar a údarú dóibh sin a dhéanamh trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanfaidh an t-údarás agus a chuirfear faoi bhráid an Aire, agus a dhaingneoidh sé, de réir na bhforálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Talamh nach bhfuil ag teastáil láithreach a fháil go héigeantach.

77. —Féadfar a údarú d'údarás tithíochta talamh nach bhfuil ag teastáil láithreach chun críocha an Achta seo a fháil go héigeantach chun na gcríocha sin agus de réir alt 76 den Acht seo, ar choinníoll gur dóigh leis an Aire gur réasúnach a bheith ag súil go mbeidh an talamh ag teastáil san am le teacht ón údarás chun go mbainfidh siad amach aon cheann áirithe de na cuspóirí a gceanglaíonn fo-alt (3) d'alt 55 den Acht seo aird a bheith acu orthu agus clár foirgníochta á ullmhú acu.

Bailíocht orduithe ceannaigh éigeantaigh agus dáta a dteachta i ngníomh.

78. —(1) A luaithe is féidir tar éis don Aire ordú daingniúcháin a dhéanamh ag daingniú ordú ceannaigh éigeantaigh, cibé acu maidir le hiomlán na talún nó cuid den talamh lena mbainfidh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh, foilseoidh an t-údarás tithíochta i nuachtán a léitear ina limistéar feidhmiúcháin fógra san fhoirm fhorordaithe á rá go bhfuil an t-ordú ceannaigh éigeantaigh daingnithe maidir le hiomlán na talún nó le cuid de, de réir mar a bheidh, agus ag insint áite ina bhféadfar cóip den ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh agus den léarscáil dá dtagraítear ann a fheiceáil gach tráth réasúnach agus seirbheálfaidh siad fógra mar é ar gach duine ag a bhfuil leas sa talamh a mbeidh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh daingnithe maidir leis agus a láithrigh, tar éis dó fógra a thabhairt don Aire go raibh agóid aige i gcoinne an ordaithe cheannaigh éigeantaigh, ag an bhfiosrúchán áitiúil poiblí i dtaca lena agóid.

(2) Aon duine arb éagóir leis ordú ceannaigh éigeantaigh a bheidh an tAire tar éis a dhaingniú (cibé acu maidir le hiomlán na talún, nó le cuid den talamh, lena mbaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh) agus ar mian leis a bhailíocht a chur i gceist, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná trí sheachtain tar éis an fógra i dtaobh an ordaithe dhaingniúcháin a fhoilsiú, iarratas chuige sin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus i gcás ina ndéanfar aon iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an chúirt le hordú eatramhach oibriú an ordaithe cheannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh a fhionraí i gcoitinne, nó a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar na himeachtaí;

(b) más deimhin leis an gcúirt, tar éis an t-iarratas a éisteacht, nach bhfuil an t-ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh ar chumhachtaí an Achta seo nó go bhfuil leasanna an iarratasóra docharaithe go substainteach de bharr aon cheanglais den Acht seo a bheith gan chomhlíonadh, féadfaidh sí an t-ordú arna dhaingniú amhlaidh a neamhniú i gcoitinne nó a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra.

(3) Aon ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú le hordú daingniúcháin tiocfaidh sé—

(a) maidir le talamh lena mbaineann an t-ordú daingniúcháin—

(i) mura mbeidh iarratas a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo déanta nó má bhíonn an t-iarratas sin tarraingte siar—i ngníomh ar bheith caite don tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis an fógra a fhoilsiú a cheanglaíonn fo-alt (1) den alt seo, nó ar an iarratas a tharraingt siar, nó

(ii) má dhéantar iarratas den sórt sin agus nach dtarraingeofar siar é, agus go gcinnfidh an chúirt gan an t-ordú arna dhaingniú mar a dúradh a neamhniú, ná gan an t-ordú a neamhniú a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra—i ngníomh ar dháta an iarratais a chinneadh,

(b) má dhéantar iarratas a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus nach dtarraingeofar siar é, agus go gcinnfidh an chúirt an t-ordú a neamhniú a mhéid amháin a dhéanamh sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra—i ngníomh, ar dháta an iarratais a chinneadh, a mhéid a dhéanann sé difear d'aon mhaoin seachas maoin sin an iarratasóra.

(4) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, ní cheisteoidh duine ordú ceannaigh éigeantaigh trí thoirmeasc ná certiorari ná in aon imeachtaí dlíthiúla d'aon sórt.

(5) A luaithe is féidir é tar éis ordú ceannaigh éigeantaigh a theacht i ngníomh, seirbheálfaidh an t-údarás tithíochta cóip de ar gach duine ar ar sheirbheáil siad fógra go raibh siad chun an t-ordú a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú.

Fógra gnóthaíochta.

79. —(1) I gcás ina mbeidh ordú ceannaigh éigeantaigh a rinneadh agus a daingníodh faoin Acht seo tar éis teacht i ngníomh, agus go gcinnfidh an t-údarás tithíochta talamh lena mbaineann an t-ordú a fháil, seirbheálfaidh an t-údarás fógra (dá ngairtear fógra gnóthaíochta sa Chuid seo) ar gach duine is úinéir, léasaí nó áititheoir ar an talamh (seachas tionóntaí ar feadh míosa nó tréimhse is giorra ná mí) á rá go bhfuil siad toilteanach gnóthaíocht a dhéanamh chun na leasanna leithleacha sa talamh a cheannach agus á cheangal ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir den sórt sin go n-inseoidh sé laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná mí ó dháta an fógra gnóthaíochta a sheirbheáil) an leas go díreach a bhfuil cúiteamh á éileamh aige maidir leis agus sonraí an chúitimh a éilítear agus, má cheanglaíonn an t-údarás amhlaidh, go ndéanfaidh sé méideanna ar leith den chúiteamh a shonrú i cibé slí a shonrófar san fhógra gnóthaíochta agus go dtaispeánfaidh sé conas a ríomhtar gach méid acu sin.

(2) Measfar gur fógra gnóthaíochta chun críocha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fógra gnóthaíochta a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Cumhacht chun dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh agus é a úsáid.

80. —(1) I gcás ina n-údaróidh ordú ceannaigh éigeantaigh a rinneadh agus a daingníodh faoin Acht seo d'údarás tithíochta talamh a fháil go héigeantach chun críocha an Achta seo, féadfaidh an t-údarás aon tráth tar éis fógraí gnóthaíochta maidir leis an talamh a sheirbheáil, ar fhógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn a thabhairt do gach duine is úinéir, léasaí nó áititheoir ar an talamh, dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar an talamh nó ar cibé cuid de a shonrófar san fhógra, agus an céanna a úsáid, gan toiliú roimh ré ó aon úinéir, léasaí ná áititheoir den sórt sin nó gan comhlíonadh a dhéanamh ar na forálacha d'Achtanna na gClásal Talún a bhaineann le dul isteach ar thailte agus dlífidh an t-údarás an cúiteamh céanna a íoc ionann is dá mbeadh na forálacha sin d'Achtanna na gClásal Talún comhlíonta agus ús a íoc ar an gcúiteamh sin amhail ón dáta ar a rachfar isteach ar an gcéanna.

(2) I gcás—

(a) ina gcomhaontóidh údarás tithíochta talamh a cheannach agus gur críocha de chuid an Achta seo na críocha dá mbeidh an talamh á fháil, nó

(b) go mbeartóidh údarás tithíochta talamh a leithreasú chun aon chríche de chuid an Achta seo,

faoi réir leas an duine a bheidh i seilbh na talún sin, agus nach mó an leas sin ná leas tionónta ar feadh bliana nó ó bhliain go bliain, ansin, aon tráth tar éis an comhaontú a dhéanamh nó toiliú leis an leithreasú a bheith tugtha ag an Aire iomchuí de réir brí alt 85 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás, tar éis fógra lá is fiche i scríbhinn a thabhairt don duine a bheidh i seilbh amhlaidh agus gan toiliú roimh ré, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar an gcuid de a shonrófar san fhógra agus an céanna a úsáid ach faoi réir iad d'íoc an chúitimh chéanna, mar aon le hús ar an gcúiteamh sin, leis an duine a bheidh i seilbh amhlaidh amhail ón dáta a rachaidh siad isteach amhlaidh a d'íocfadh an t-údarás dá mbeadh siad údaraithe chun an talamh a fháil go héigeantach agus go raibh ceangal de bhun na húdaraíochta ar an duine imeacht as seilbh roimh dheireadh a théarma nó a leasa sa talamh, ach gan é a bheith riachtanach déanamh de réir na bhforálacha d'Achtanna na gClásal Talún a bhaineann le dul isteach ar thailte.

Ordú dílseacháin.

81. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar thalamh de réir na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 80 den Acht seo agus má tharlaíonn tar éis sé mhí a bheith caite ón dáta a rachaidh siad isteach amhlaidh—

(a) nach mbeidh na leasanna leithleacha sa talamh arna dtíolacadh don údarás ná arna n-aistriú chucu,

(b) gur dóigh leis an údarás go bhfuil sé dian-riachtanach, i ndáil leis na críocha dá bhfuil siad údaráithe an talamh a fháil go héigeantach, gur cheart fáil na talún a chríochnú, agus

(c) go mbeidh an t-údarás tar éis tairiscint chuí i scríbhinn a thabhairt do gach duine ag a mbeidh leas sa talamh agus a bheidh tar éis sonraí dóthanacha a thabhairt i dtaobh a leasa chun a chumasú don údarás tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin.

féadfaidh an t-údarás le hordú (dó ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo) an talamh a fháil.

(2) Má thagann sé ar a n-eolas d'údarás tithíochta, sula ndéanfaidh siad ordú dílseacháin, go bhfuil an talamh atá siad chun a fháil leis an ordú faoi réir (go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir eile i leith dleachta eastáit nó dleachta comharbais is iníoctha leis an Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás in iúl láithreach do Choimisiún, Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil siad chun an t-ordú a dhéanamh.

(3) Nuair a dhéanfaidh údarás tithíochta ordú dílseacháin déanfaidh siad mar a leanas laistigh de sheacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh—

(a) foilseoidh siad i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin fógra á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún dá dtagraítear san ordú agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus

(b) déanfaidh siad fógra á rá go bhfuil ordú den sórt sin déanta agus ag insint éifeacht an ordaithe a sheirbhéail ar gach duine ar dealraitheach dóibh leas a bheith aige sa talamh lena mbaineann an t-ordú.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin agus teideal a fuarthas faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, a chlárú.

82. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin agus beidh ag gabháil leis an léarscáil den talamh lena mbainfish sé agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun an talamh a dhílsiú don údarás tithíochta i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta díl seacháin san Acht seo) nach luaithe ná lá is fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, i gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis talamh a fháil le hordú dílseacháin is talamh atá go haonarach, nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh siad faoi dhliteanas, amhail ón dáta ar a ndílseofar an talamh dóibh leis an ordú dílseacháin, go n-íocfaidh siad le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh ionann is dá ndéanfaidh úinéir na talún an talamh a aistriú chun an údaráis ar an dáta sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh údarás tithíochta ordú dílseacháin maidir le haon talamh, cuirfidh siad an t-ordú go dtí an t-údarás cláraitheachra agus air sin cuirfidh an t-údarás cláraitheachta faoi deara an t-údarás tithíochta a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

Slite, éasúintí, etc., a mhúchadh.

83. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le ceadú an Aire, aon cheart slí poiblí thar aon talamh a gheobhaidh siad chun críocha an Achta seo a mhúchadh le hordú ach foilseofar sa tslí fhorordaithe aon ordú a dhéanfaidh údarás faoin bhfo-alt seo, agus má dhéantar aon agóid ina choinne chun an Aire roimh dheireadh sé sheachtain ó dháta a fhoilsithe, ní cheadóidh an tAire an t-ordú go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an ábhair.

(2) Nuair a bheidh fáil aon talún ag údarás tithíochta chun críocha an Achta seo críochnaithe acu ar shlí seachas le hordú dílseacháin, ansin gach uile cheart slí príobháideach agus gach uile cheart chun píopaí, séaracha, draenanna, iarnsreanga nó cáblaí a leagan síos, a thógáil, a leanúint ar aghaidh nó a chothabháil ar an talamh sin, faoi nó thairis (mar aon leis an maoin sna píopaí, sna séaracha, sna draenanna, sna hiarnsreanga, nó sna cáblaí sin) agus na cearta nó na héasúintí eile go léir sa talamh sin nó a bhaineann leis dílseoidh siad, ach amháin a mhéid ar a gcomhaontófar thairis sin idir an t-údarás agus an duine a bheidh i dteideal an chirt a bheidh i gceist, don údarás gan aon tíolacadh ná aistriú, agus beidh aon duine dá mbainfidh caillteanas de dhroim aon cheart nó maoin den sórt sin a dhílsiú de bhua an fho-ailt seo i dteideal cúitimh ón údarás a chinnfear faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Cúiteamh i leith talamh a gheofar go héigeantach a mheasúnú.

84. —(1) I gcás ina bhfaighidh údarás tithíochta talamh go héigeantach chun críocha an Achta seo, is é an cúiteamh a bheidh iníoctha i leith na talún sin;

(a) i gcás talamh arb éard é teach a luaitear in airteagal 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo— luach na talún tráth an fógra gnóthaíochta iomchuí a sheirbheáil arna mheasúnú de réir Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) i gcás aon talún eile—luach na talún tráth an fógra gnóthaíochta iomchuí a sheirbheáil arna mheasúnú de réir Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo agus mhír (l) d'airteagal 2 den Tríú Sceideal, déanfar an cúiteamh is iníoctha i leith talún den sórt sin a mheasúnú de réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Talamh a leithreasú chun críocha an Achta seo.

85. —(1) I gcás—

(a) talamh a bheith dílsithe d'údarás tithíochta ar shlí seachas chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus

(b) gur deimhin leis an údarás gur cheart an talamh a chur ar fáil chun na gcríocha sin,

féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire iomchuí, an talamh a leithreasú chun na gcríocha sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn “an tAire iomchuí”—

(a) más d'Aire aonair seachas an tAire atá na feidhmeanna Aire a bhaineann leis an talamh atá 8 gceist dílsithe, an tAire sin,

(b) má tá na feidhmeanna sin dílsithe do bheirt Aire nó níos mó (nach duine acu an tAire), an tAire sin acu is mó a bhfuil gabháil aige leis an talamh sin,

(c) i ngach cás eile, an tAire.

(3) Má bhíonn, maidir le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, aon amhras ann i dtaobh cé acu de bheirt Aire nó níos mó is mó a bhfuil gabháil aige leis an ábhar, cinnfidh an tAire an t-amhras.

Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 .

86. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas ina ionad alt 10 d'Acht 1960—

“10. (1) I gcás—

(a) ina mbeidh údarás áitiúil chun aon talamh, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidmiúcháin dó, a fháil go héigeantach chun críocha ar féidir a n-údarú le dlí talamh a fháil go héigeantach chucu,

(b) gur críocha seachas críocha Acht na dTithe, 1966 , na críocha sin nó gur críocha iad nach críocha de chuid an Achta sin ach cuid acu, agus

(c) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an fháil a dhéanamh faoin Acht sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an fháil a dhéanamh amhlaidh.

(2) I gcás—

(a) inar dóigh le húdarás áitiúil go mbeadh aon talamh áirithe, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin dó, oiriúnach, dá bhfaighdís é, chun hallaí, foirgnimh agus oifigí a sholáthar don údarás áitiúil, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an fháil a dhéanamh faoi Acht na dTithe, 1966 ,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an fháil a dhéanamh amhlaidh.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfar a údarú dóibh an talamh a fháil go héigeantach trí ordú ceannaigh éigeantaigh mar a fhoráiltear chuige sin le halt 76 d'Acht na dTithe, 1966 , agus leis an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus chun críocha na míre seo déanfar aon tagairt d'údarás tithíochta san alt sin 76 nó sa Tríú Sceideal sin a fhorléiriú mar tahgairt d'údarás áitiúil,

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin in alt 76 d'Acht na dTithe, 1966 , agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairt don Aire iomchuí.

(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha ailt 78, 79, fho-alt (1) d'alt 80, ailt 81, 82 agus 84 d'Acht na dTithe, 1966 , agus an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin maidir le hordú a dhéanfar de bhua an ailt seo agus déanfar aon tagairt sna hailt sin agus san fho-alt sin agus sa Cheathrú Sceideal sin arna gcur chun feidhme amhlaidh maidir le húdarás tithíochta nó leis an Aire a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil nó don Aire iomchuí faoi seach.

(b) Déantar leis seo forálacha ailt 3, 4, 5 agus 49 d'Acht na dTithe, 1966 , a leathnú ionas go mbeidh éifeacht acu chun críocha an ailt seo agus déanfar aon tagairt sna hailt sin arna leathnú amhlaidh d'údarás tithíochta nó, ach amháin san alt sin 5, don Aire a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil nó don Aire iomchuí faoi seach.

(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) d'alt 83 d'Acht na dTithe, 1966 , maidir le talamh a gheofar trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.

(d) I gcás—

(i) ina ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus

(ii) go mbeidh ceart slí poiblí thar an talamh, nó thar aon chuid den talamh, lena mbainfidh an t-ordú,

féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin de a fháil, an ceart slí sin a mhúchadh.

(e) I gcás—

(i) ina n-údaróidh ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ceart slí poiblí a mhúchadh, agus

(ii) nach mbeadh, ar leithligh ón mír seo, d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh de bhun an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1966 ,

beidh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara an fiosrúchán a dhéanamh ach amháin nuair is cuí leis gan an t-ordú a dhaingniú.

(5) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta acu faoi fho-alt (1) den alt seo, talamh a fháil go héigeantach trí aon ordú amháin a dhéanfar de bhua an ailt seo, is cuma cad é an méid críocha chun a mbeidh an talamh ag teastáil.

(6) San alt seo, folaíonn ‘talamh’ aon leas nó ceart thar talamh arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás áitiúil a gheobhaidh an talamh.”

(2) Nuair a bheidh ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanfar de bhua an ailt sin 10 á fhorléiriú, déanfar an tagairt d'aon achtachán a bheidh curtha san ordú sin agus a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a fhorléiriú, de bhua fho-airteagal (5) d'airteagal 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mar thagairt d'údarás tithíochta a fhorléiriú mar thagairt d'údarás áitiúil.

Leasú ar alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898.

1898, c. 37.

87. —In alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, déanfar an tagairt, maidir le húdarás áitiúil, do thalamh nó d'aon éasúintí nó cearta thar talamh nó i dtalamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon leas nó ceart thar talamh arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás.

CUID VI

Talamh agus Teaghaisí a Dhiúscairt

Caibidil I

Talamh

Údarás tithíochta do dhiúscairt talún.

1946, Uimh. 24 .

88. —(1) Féadfar aon talamh a gheobhaidh údarás tithíochta chun críocha nó faoi réim an Achta seo nó a leithreasófar chun críocha an Achta seo a dhíol, a léasadh nó a mhalartú faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an t-údarás is gá ag féachaint do chríocha an Achta seo.

(2) (a) I gcás, maidir le haon talamh a gheobhaidh údarás tithíochta chun críocha nó faoi réim an Achta seo nó a leithreasóidh siad chun críocha an Achta seo, ina measfaidh an t-údarás nach dteastóidh úsáid na talún uathu le haghaidh aon fheidhm dá gcuid go ceann tréimhse áirithe, féadfaidh an t-údarás léas ar an talamh a dheonú ar feadh na tréimhse sin nó aon tréimhse is giorra ná sin agus beidh an léas sainráite mar léas arna dheonú chun críocha an fho-ailt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act, 1881, ag na hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, ná ag an Acht Srianta Cíosa, 1960 , maidir le léas a dheonófar mar a dúradh chun críocha an fho-ailt seo.

(3) Maidir le haon diúscairt talún faoin alt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad míreanna (b), (c) agus (d), d'fho-alt (1) den alt sin:

“  (b) ag cruinniú den údarás áitiúil a thionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá a cuireadh amach na fógraí sin, beartóidh an t-údarás le rún mar a leanas:

(i) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, nó

(ii) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, nó

(iii) nach ndéanfar an diúscairt,

(c) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, féadfar an diúscairt a dhéanamh de réir na dtéarmaí sin,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, féadfar an diúscairt sin a dhéanamh, le toiliú an Aire, de réir na dtéarmaí sin”,

(4) San alt seo, ní fholóidh “talamh” teaghais lena mbaineann alt 90 den Acht seo ná iostán de réir brí alt 93 den Acht seo ar féidir iarratas a dhéanamh ina leith faoi alt 16 d'Acht 1936.

Caibidil II

Teaghaisí Áirithe a Sholáthrófar faoin Acht seo.

Léiriú (Caibidil II de Chuid VI).

89. —Sa Chaibidil seo—

folaíonn “teaghais” aon chlós, fothithe nó comhghabhálais, gairdín nó talamh eile a ghabhann léi nó a theachtar de ghnáth ina teannta;

ciallaíonn “coinníoll speisialta” coinníoll á cheangal—

(a) go ndéanfar íocaíochtaí i leith an airgid cheannaigh go tráthúil ar na dátaí a bheidh siad dlite,

(b) go ndéanfaidh an ceannaitheoir nó comharba i dteideal an cheannaitheora nó duine de líon tí an cheanna itheora nó a chomharba i dteideal an teaghais a áitiú mar ghnáth-áit chónaithe mura gceadóidh an t-údarás tithíochta a mhalairt,

(c) nach ndéanfar, gan toiliú an údaráis tithíochta, an teaghais ná aon chuid di a mhorgáistiú, a mhuirearú ná a choimhthiú ar shlí seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí.

Cumhacht údaráis tithíochta chun teaghaisí áirithe a sholáthrófar faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh.

90. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, aon teaghais lena mbaineann an t-alt seo a dhíol nó a léasadh, i gcás an teaghais a bheith á háitiú ag tionónta, leis an tionónta nó chuig an tionónta, nó i gcás nach mar sin atá an teaghais á háitiú, le haon duine eile nó chuig aon duine eile.

(2) Baineann an t-alt seo le teaghais arna soláthar faoin Acht seo ag údarás tithíochta agus arb iad is úinéir uirthi seachas iostán de réir brí alt 93 den Acht seo ar féidir iarratas a dhéanamh ina leith faoi alt 16 d'Acht 1936.

(3) Déanfar díol nó léasadh faoin alt seo trí ordú (dá ngairtear ordú aistriúcháin san alt seo) a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ordú aistriúcháin agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun go ndílseoidh sé, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú, an leas a bheidh sonraithe ann, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear coinníollacha speisialta, a bheidh sonraithe ann.

(5) Nuair a dhéanfar díol faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, a chomhaontú go n-íocfar iomlán an airgid cheannaigh nó cuid de ina thráthchodanna nó go ndéanfar íoc coda de a urrú trí mhorgáiste nó muirear ar an teaghais nó i cibé slí eile is leor leo.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le teaghais lena mbaineann coinníoll speisialta a thuairiscítear i mír (c) d'alt 89 den Acht seo—

(a) féadfaidh an t-údarás tithíochta, sula dtabharfaidh siad toiliú leis an teaghais nó cuid di a dhíol nó a léasadh, a cheangal go n-íocfar suim leo a cheadóidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo;

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, gan dochar d'aon chumhacht eile chuige sin, diúltadh toiliú den sórt sin a thabhairt más dóigh leo—

(i) nach duine i gcall tithíochta an ceannaitheoir nó an léasaí beartaithe,

(ii) go bhfágfadh an díol nó an léasadh beartaithe, dá gcríochnófaí é, an díoltóir nó an léasóir nó a chleithiúnaithe gan tithíocht dóthanach;

(c) aon mhorgáistiú, muirearú nó coimhthiú a thriailfear nó a airbheartófar a dhéanamh contrártha don choinníoll beidh sé ar neamhní i gcoinne gach uile dhuine; ar choinníoll, áfach, in aon chás ina dtabharfar toiliú an údaráis tithíochta tar éis an morgáistiú, an muirearú nó an coimhthiú a bheith triailte nó airbheartaithe, go n-oibreoidh an toiliú sin, má ordaíonn an t-údarás amhlaidh, chun bailíocht, le héifeacht iar-ré, a thabhairt don mhorgáistiú, don mhuirearú nó don chomhthiú triailte nó airbheartaithe sin.

(7) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , maidir le haon teaghais a dhíol nó a léasadh faoin alt seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad míreanna (b), (c), agus (d) d'fho-alt (1) den alt sin:

“  (b) ag cruinniú den údarás áitiúil a thionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá a cuireadh amach na fógraí sin, beartóidh an t-údarás le rún mar a leanas;

(i) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, nó

(ii) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, nó

(iii) nach ndéanfar an diúscairt,

(c) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, féadfar an diúscairt a dhéanamh de réir na dtéarmaí sin,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, féadfar an diúscairt sin a dhéanamh, le toiliú an Aire, de réir na dtéarmaí sin,”.

Íocaíochtaí i leith airgead ceannaigh a ghnóthú.

91. —I gcás—

(a) ina mbeidh feidhm maidir le teaghais ag coinníoll speisialta a thuairiscítear i mír (a) d'alt 89 den Acht seo, agus

(b) go mbeidh aon íocaíocht i leith an airgid cheannaigh gan déanamh ar an dáta ar a gceanglaítear faoin gcoinníoll í a dhéanamh,

féadfaidh an t-údarás tithíochta an íocaíocht a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Úinéireacht teaghaisí a dhíolfar nó a léasfar faoi alt 90 den Acht a chlárú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

92. —(1) I gcás ina ndéanfar teaghais a dhíol nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo agus nach éigeantach de bhua aon fhorála d'Acht 1891 nó de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh úinéireacht na teaghaise a bheith arna chlárú ar dháta an díola nó an léasa, beidh clárú úinéireacht na teaghaise éigeantach ar an dáta sin agus dá éis agus measfar gur talamh cláraithe de réir brí Acht 1891 an teaghais.

(2) Aon uair a dhéanfaidh údarás tithíochta teaghais a dhíol nó a léasadh faoin alt sin 90, iarrfaidh an t-údarás láithreach ar an údarás cláraitheachta go ndéanfar úinéireacht na teaghaise a chlarú faoi Acht 1891.

(3) Beidh éifeacht ag forálacha Chuid IV d'Acht 1891 maidir le haon teaghais a cheannófar faoin gCaibidil seo ionann is dá mba thalamh ruílse cláraithe lena mbaineann an Chuid sin IV an teaghais.

Caibidil III

Iostáin Áirithe a Cheannach faoi Acht 1936.

Léiriú (Caibidil III de Chuid VI) agus cosaint.

1950, Uimh. 25 .

1937, Uimh. 42 .

93.—(1) Sa Chaibidil seo—

(a) ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (a aisghairtear leis an Acht seo);

(b) tá le “bliantacht” (ach amháin in alt 101) an bhrí chéanna atá leis in Acht 1956 agus folaíonn sé cuid de bhlianacht den sórt sin;

(c) ciallaíonn “iostán” a soláthraíodh faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1833 go 1962, agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sé an plásán (más ann) a soláthraíodh leis an iostán sin;

(d) tá le “scéim cheannaigh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha Acht 1936;

(e) ciallaíonn “duine cáilithe” duine cáilithe chun críocha alt 16 d'Acht 1936.

(2) D'ainneoin alt 26 d'Acht na dTithe na dTithe (Leasú), 1958, a aisghairm leis an Acht seo, leanfaidh Acht 1936 mar aon le halt 1 de Chuid III d'Acht na dTithe agus na Scáibhaithe, 1937, i bhfeidhm go dtí go ndéanfar iad a aisghairm nó a fhoirceannadh.

Iostáin áirithe a cheannach faoi Acht 1936.

94. —(1) I gcás inar sholáthraigh údarás tithíochta iostán roimh an lú lá d'Eanáir, 1966, agus nach bhfuil ceanglas fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1936 (a aisghairtear leis an Acht seo) comhlíonta ag an údarás maidir leis an iostán, déanfaidh an t-údarás, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme an ailt seo, scéim cheannaigh maidir leis an iostán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Acht 1936 maidir le haon scéim cheannaigh a ullmhófar agus a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo ionann is dá mba faoin Acht sin a ullmhaíodh agus a cuireadh faoi bhráid an Aire an scéim.

Srian le hiarratais faoi alt 16 d'Acht 1936.

95. —(1) Beidh éifeacht ag alt 16 d'Acht 1936 faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) i gcás scéim cheannaigh maidir le hiostán a bheith i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus gan aon iarratas maidir leis an iostán a bheith curtha go dtí an t-údarás tithíochta faoin alt sin 16, féadfar iarratas a chur ar aghaidh faoin alt sin má dhéantar, agus ar an gcuntar amháin go ndéanfar, é a chur ar aghaidh amhlaidh tráth nach déanaí na ocht mí dhéag tar éis tosach feidhme an ailt seo;

(b) i gcás ina dtiocfaidh scéim cheannaigh maidir le hiostán i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, féadfar iarratas a chur go dtí an t-údarás tithíochta má dhéantar, agus ar an gcuntar amháin go ndéanfar, é a chur ar aghaidh amhlaidh tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag tar éis tosach feidhme an ailt seo nó sé mhí tar éis an lae a thiocfaidh scéim cheannaigh i bhfeidhm, cibé acu is déanaí.

(2) Cuirfidh údarás tithíochta in iúl do gach tionónta iostáin ina limistéar feidhmiúcháin faoin iarratas a fhéadfaidh duine cáilithe a chur go dtí an t-údarás agus an tréimhse a gcaithfear an t-iarratas a chur isteach lena linn agus cuirfear sin in iúl do gach tionónta den sórt sin a luaithe is féidir,

(a) má bhíonn an scéim cheannaigh iomchuí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo—tar éis tosach feidhme an ailt seo, nó

(b) más ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a thiocfaidh an scéim cheannaigh iomchuí i bhfeidhm —tar éis an lae a thiocfaidh an scéim cheannaigh i bhfeidhm.

Iostáin i limistéir uirbeacha.

96. —(1) I gcás iostán a bhféadfar iarratas a chur isteach ina leith faoi alt 16 d'Acht 1936 a theacht isteach i limistéar uirbeach tráth nach faide ná ocht mí dhéag roimh thosach, nó tar éis tosach, feidhme alt 94 den Acht seo, ansin, an t-údarás tithíochta ar féidir an t-iarratas a chur chucu amhlaidh ní dhéanfaidh siad, laistigh den tréimhse ar féidir an t-iarratas a chur isteach amhlaidh lena linn, an t-iostán a aistriú chun an údarás tithíochta don limistéar uirbeach.

(2) Ní cúis difir ar bith do cheart duine chun iarratas a chur ar aghaidh faoi alt 16 d'Acht 1936 an t-iostán a bheith aon tráth sa limistéar uirbeach.

(3) I gcás iostán a ceannaíodh faoi Acht 1936 a theacht isteach i limistéar uirbeach roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, leanfaidh forálacha uile Acht 1936 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an iostán agus na feidhmeanna maidir leis an iostán a d'fhéadfaí a chomhlíonadh roimhe sin ag an údarás a rinne an t-ordú dílseacháin iomchuí faoi alt 17 d'Acht 1936 comhlíonfar feasta iad ag an údarás tithíochta don limistéar uirbeach agus, más roimh thosach feidhme an ailt seo a tháinig an t-iostán isteach sa limistéar uirbeach, measfar gur lean na forálacha sin d'fheidhm a bheith acu amhlaidh agus measfar na feidhmeanna sin a bheith inchomhlíonta amhlaidh amhail ar an agus ón dáta ar ar tháinig an t-iostán isteach sa limistéar uirbeach.

(4) San alt seo, ciallaíonn “limistéar uirbeach” contae-bhuirg nó buirg eile nó ceantar uirbeach.

Cumhacht chun a dhearbhú gur daoine cáilithe daoine áirithe.

97. —I gcás iostán a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ligthe ag údarás tithíochta faoi alt 24 d'Acht 1950, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur duine cáilithe an duine chun a raibh an t-iostán ligthe amhlaidh, agus air sin tiocfaidh an duine sin chun bheith ina dhuine cáilithe;

(b) is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.

Féadfar iostán nó plásán a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú.

98. —(1) D'ainneoin ailt 17 agus 31 d'Acht 1936, agus faoi réir forálacha an ailt seo, aon iostán, plásán nó cuid de phlásán a theachtar i dteannta aon iostáin, féadfar, agus measfar gurbh fhéidir ariamh, i gcaitheamh na tréimhse íoca i leith an iostáin, é a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú ar dhóigh seachas trí réadtiomnú nó trí oibriú dlí, le toiliú an údaráis tithíochta iomchuí.

(2) Gan dochar d'aon chumhacht eile chuige sin, féadfaidh údarás tithíochta a dtoiliú le coimhthiú iostáin a choimeád siar más dóigh leo—

(a) gur duine nach bhfuil i gcall tithíochta an duine a bhfuiltear chun an t-iostán a choimhthiú chuige, nó

(b) go dtiocfadh nó gur dóigh go dtiocfadh den choimhthiú, dá ndéanfaí é, gur dhuine gan tithíocht dóthanach nó oiriúnach an duine atá chun an coimhthiú a dhéanamh nó aon duine dá chleithiúnaithe.

(3) I gcás ina mbeifear chun iostán atá faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí a dhíol nó a aistriú, féadfaidh an t-údarás tithíochta, sula dtoileoidh siad leis an díol nó leis an aistriú, a cheangal go bhfuasclófar an bhlianacht faoi alt 99 den Acht seo.

(4) I gcás ina ndéanfar plásán nó cuid de phlásán a theachtar i dteannta iostáin atá faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú ar dhóigh seachas trí réadtiomnú nó trí oibriú dlí, tar éis tosach feidhme an ailt seo, cionroinnfidh an t-údarás tithíochta an bhlianacht mar is iomchuí leo, agus i gcás díola nó aistrithe ceanglóidh an t-údarás go bhfuasclófar faoi alt 99 den Acht seo an chuid den bhlianacht a chionroinnfidh siad i leith an phlásáin nó na coda de phlásán.

(5) Sula dtoileoidh údarás tithíochta le coimhthiú nó foroinnt aon iostáin atá faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí (seachas coimhthiú nó foroinnt de chineál a shonróidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo), ceanglóidh siad go n-íocfar suim leo a cheadóidh an tAire chun na gcríocha sin.

(6) Má thriaileann nó má airbheartaíonn duine ar bith, gan toiliú údaráis tithíochta, muirearú, morgáistiú, foroinnt nó coimhthiú, a gceanglaíonn an t-alt seo nó ordú dílseacháin a rinneadh faoi alt 17 d'Acht 1936 toiliú údaráis tithíochta chuige, a dhéanamh maidir le haon iostán nó plásán nó cuid de phlásán a theachtar i dteannta iostáin, beidh an muirearú, an morgáistiú, an fhoroinnt nó an coimhthiú triailte nó airbheartaithe sin ar neamhní i gcoinne gach uile dhuine; ar choinníoll, áfach, in aon chás ina dtabharfar toiliú an údaráis tar éis an muirearú, an morgáistiú, an fhoroinnt nó an coimhthiú a bheith triailte nó airbheartaithe, go n-oibreoidh an toiliú sin, má ordaíonn an t-údarás amhlaidh, chun bailíocht, le héifeacht iar-ré, a thabhairt don mhuirearú, don mhorgáistiú, don fhoroinnt nó don choimhthiú triailte nó airbheartaithe sin.

Blianachtaí a fhuascailt.

99. —Aon bhlianacht a bheidh gan íoc aon tráth, féadfaidh an duine a dhlífidh an bhlianacht a íoc í a fhuascailt, más oiriúnach sin leis an údarás tithíochta atá i dteideal an bhlianacht a fháil, trí cibé suim a cheadóidh an tAire a íoc leis an údarás agus an t-áitreabh a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, faoi réir na blianachta nó na coda agus faoi mhuirear í a íoc beidh sé, ar an údarás d'fháil na suime a cheadófar amhlaidh, saortha agus urscaoilte ó íoc na blianachta.

Acht 1936 do scor, go hiomlán nó ar shlí eile, d'fheidhm a bheith aige in imthosca áirithe.

100. —(1) I gcás—

(a) ina gcoimhtheofar, nó ina bhfaighidh an t-údarás tithíochta, iostán, plásán nó cuid de phlásán a theachtar i dteannta iostáin atá faoi réir blianactha agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí agus gur dlíodh, roimh an bhfáil, blianacht a íoc leis an údarás tithíochta, nó

(b) ina bhfuasclófar blianacht faoi alt 99 den Acht seo,

ansin na forálacha uile d'Acht 1936, lena n-áirítear na coinníollacha reachtúla a leanfadh, mura mbeadh an fo-alt seo, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an iostán, leis an bplásán nó leis an gcuid de phlásán i gcaitheamh na tréimhse íoca, scoirfidh siad d'éifeacht a bheith acu i gcás an t-iostán, an plásán nó an chuid de phlásán a fháil amhlaidh nó an bhlianacht maidir leis an iostán, an plásán nó an chuid de phlásán a fhuascailt go hiomlán, nó in aon chás eile, scoirfidh siad d'éifeacht a bheith acu amhlaidh a mhéid a chinnfidh an t-údarás tithíochta le hordú.

(2) San alt seo, tá an bhrí chéanna le “coinníollacha reachtúla” atá leis, agus tá le an bhrí chéanna le “tréimhse íoca” atá le “tréimhse íocaíochta”, in alt 17 d'Acht 1936.

Forálacha maidir le méid bliantachtaí.

101. —(1) D'ainneoin aon ní in Acht 1936 nó i scéim cheannaigh, beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (2) den alt seo.

(2) I gcás cíos iostáin a athscrúdú roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, ar shlí seachas mar gheall ar aon athrú ar mhéid an ráta bhardasaigh nó an ráta chontae, nó ar shlí seachas mar gheall ar fhorálacha scéime ag déanamh forála i leith cíosanna grádaithe nó cíosanna difreálacha, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) is é méid na blianachta infhoirceannta a bheidh le híoc maidir leis an iostán mar chomaoin i leith é a cheannach an méid (dá ngairtear an méid athscrúdaithe san alt seo) a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus an méid bliantúil is iníoctha i leith an chíosa sin, arna athscrúdú amhlaidh, agus a bheidh idir méid na blianachta infhoirceannta a shonrófar sa scéim cheannaigh iomchuí agus an méid ab iníoctha sa bhliain maidir leis gcíos sin nuair a tháinig an scéim cheannaigh i bhfeidhm, agus

(b) measfar chun críocha Acht 1936 méid na blianachta infhoirceannta a shonrófar sa scéim cheannaigh iomchuí a bheith comhionann leis an méid athscrúdaithe.

Leasú ar fhorálacha áirithe d'Acht 1936 agus bailíocht a thabhairt d'orduithe áirithe faoin Acht sin.

1949, Uimh. 25 .

102. —(1) Leasófar Acht 1936 mar a leanas:

(a) leasaítear leis seo mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 17 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomír (vi):

“(via) go n-áiteofar, faoi réir forálacha fhomhír (iii) den mhír seo, an t-iostán mar ghnáth-áit chónaithe ag duine is duine a luaitear i bhfomhír (ii) den mhír seo,”;

(b) in alt 24—

(i) déantar leis seo “nó go mbeidh an t-iostán i rith na tréimhse sin ar feadh tréimhse leanúnaí níos faide ná ocht mí dhéag gan bheith áitithe mar ghnáth-áit chónaithe ag duine a luaitear i bhfomhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (2) d'alt 17 den Acht seo” a chur isteach roimh “féadfaidh” i bhfo-alt (1);

(ii) déantar leis seo “más ar aon fhorais eile a bhunófar é” a chur in ionad “másé foras ar a mbunófar é gur fágadh aon choinníoll reachtúil eile gan cólíonadh” i bhfomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2);

(iii) déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) D'ainneoin fo-alt (2) den alt seo, ar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a éisteacht féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas—

(a) más deimhin leis gur tugadh go cuí an fógra a cheanglaíonn an t-alt seo a thabhairt agus go bhfuil coinníoll reachtúil a luaitear san fhógra gan chomhlíonadh, nó

(b) más deimhin leis iostán a bheith ar feadh tréimhse leanúnaí níos faide na ocht mí dhéag i rith na tréimhse íoca i leith an iostáin, gan bheith áitithe mar ghnátháit chónaithe ag duine a luaitear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 17 den Acht seo agus ar an iarratasóir do thabhairt gealltanais go n-íocfaidh sé méid a cheadóidh an tAire leis an duine dá raibh an t-iostán dílsithe ar dháta an iarratais is méid nach lú ná an méid iomlán airgid a bheadh faighte ag an iarratasóir faoi chomhair na comaoine i leith an t-iostán lena mbaineann an t-iarratas a cheannach,

an barántas a eisiúint.”;

(iv) i bhfo-alt (4) déantar leis seo “ailt 86 agus 87” a chur in ionad “ailt 86” agus “faoi réir an mhodhnaithe go bhféadfar, i gcás nach féidir, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ainm úinéir iostáin a fháil amach tar éis fiosrú réasúnach, toghairm faoin alt sin 86 a dhíriú go dtí ‘an t-úinéir’ gan é a ainmniú” a chur isteach i ndiaidh “alt seo”.

(v) déantar leis seo “agus air sin measfar chun gach críche gur teaghais a soláthraíodh faoi Acht na dTithe, 1966 , an t-iostán” a chur isteach i ndiaidh “i mbith-dhílse” i mír (b) d'fho-alt (5);

(vi) déantar leis seo an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Ar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith á éisteacht, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an t-iostán, ar feadh tréimhse leanúnaí ab fhaide ná ocht mí dhéag i rith na tréimhse íoca i leith an iostáin, gan bheith áitithe mar ghnáth-áit chónaithe ag duine a luaitear san fhomhír sin (ii).”

(c) in alt 27, déantar leis seo—

(i) “, d'ainneoin an bhlianacht i leith an iostáin a bheith fuascailte nó go bhfuil scortha aici ar shlí eile de bheith iníoctha,” a chur isteach i ndiaidh “féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann”, agus “(dá ngairtear an gabháltas comhdhlúite san alt seo)” a chur isteach i ndiaidh “amháin”, i bhfo-alt (1);

(ii) an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, oibreoidh ordú comhdhlúthacháin a dhéanamh chun go n-aistreofar chun an ghabháltais chomhdhlúite iomchuí gach eastát, leas, ceart, ualach, muirear (lena n-áirítear blianacht is iníoctha faoin Acht seo, blianacht cheannaigh is iníoctha faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó blianacht mhíntírithe de réir brí an Achta um Míntíriú Talún, 1949 ), dliteanas nó cothromas a bhí ina mhuirear ar an iostán nó ar an ngabháltas lena mbainfidh an dearbhú a bheidh san ordú nó ag gabháil leis an gcéanna nó a rinne difear thairis sin don chéanna, díreach roimh dháta an chomhdhlúthacháin, agus aon mhuirear den sórt sin a aistreofar amhlaidh measfar é a bheith ariamh ina mhuirear ar an ngabháltas comhdhlúite agus leanfaidh méid an mhuirir de bheith inghnóthaithe sa tslí ina bhfeadfaí agus leis an tosaíocht lena bhféadfaí é a ghnóthú sula ndearnadh an t-ordú.”;

(iii) an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Déanfaidh an t-údarás cláraitheachta faoi Acht 1891, ar iarratas ó Chomisiún Talún na hÉireann, úinéireacht an ghabháltais chomhdhlúite a chlárú agus déanfaidh sé cibé athruithe is dóigh leis is gá sa chlár iomchuí”.

(d) leasaítear leis seo mír (d) d'alt 29 trí “trína dhíriú go dtí ‘an t-úinéir’ gan é a ainmniú agus é a sheachadadh” a chur in ionad “tré na sheachadadh”.

(2) D'ainneoin fo-alt (2) d'alt 17 d'Acht 1936, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt sin a deir go ndílsíonn sé iostán do dhuine i bhfeo simplí lá nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1964, measfar nár mhainnigh sé ariamh an t-iostán a dhílsiú ar an aon chuntar amháin gurb é an lá dílseacháin a deirtear san ordú lá seachas an chéad lá gála díreach i ndiaidh dáta an ordaithe.

(3) An chumacht atá ag an Aire faoi alt 20 d'Acht 1936 measfar go bhfolaíonn sí agus gur fholaigh sí ariamh cumhacht chun léarscáil dá dtagraítear in ordú a thuairiscítear san alt sin a leasú.

(4) Measfar gur tháinig mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo i ngníomh an 29ú lá de Mheitheamh, 1936, agus gach ordú faoi alt 17 d'Acht 1936 agus a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo measfar go raibh sé sainráite agus gur oibrigh sé agus measfar gur oibrigh sé ariamh chun na forálacha in aon leasú a dhéantar leis an mír sin (a) a chur chun feidhme.

Leasú ar alt 46 den Acht Talmhan, 1923 .

1923, Uimh. 42 .

1965, Uimh. 24 .

103. —Forléireofar alt 46 den Acht Talmhan, 1923 , ionann is dá bhfolódh na tagairtí don ghabháltas bunaidh tagairtí d'iostán a bhfuil blianacht lán-íoctha ina leith, nó fuascailte faoi alt 3 d'Acht na Sclábhaithe, 1965 , nó faoi alt 99 den Acht seo.

Leasú ar ailt 6 agus 7 den Acht Talún, 1946 .

1946, Uimh. 12 .

104. —Forléireofar ailt 6 agus 7 den Acht Talún, 1946 , ionann is dá bhfolódh na tagairtí sa dá alt sin don ghabháltas bunaidh tagairtí d'iostán.

Cosaint.

1942, Uimh. 15 .

105. —Ní fhorléireofar aon ní sa Chaibidil seo mar ní a chumasaíonn d'údarás tithíochta scéim cheannaigh a dhéanamh maidir le haon iostán acu seo a leanas:

(a) iostán a ndéanfaidh an tAire ranníoc speisialta de réir brí alt 44 den Acht seo a thabhairt ina leith don údarás;

(b) iostán a bhfuil dhá thionóntán leithleacha nó níos mó ann;

(c) iostán ar thalamh stáit (seachas talamh stáit a mbeidh an t-údarás, laistigh de shé mhí ó dháta tosach feidhme an ailt seo, tar éis teacht chun bheith ina n-úinéir i bhfeo simplí air);

(d) iostán a leithreasaíodh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Leasú), 1942 (a aisghairtear leis an Acht seo);

(e) iostán a mbeadh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 34 d'Acht 1948 maidir leis mura mbeadh alt 6 den Acht seo;

(f) iostán a soláthraíodh faoi alt 24 d'Acht 1950 seachas iostán a bhfuil dearbhú déanta maidir leis faoi fho-alt (3) den alt sin 24 nó faoi alt 97 den Acht seo.

Caibidil IV

Ilghnéitheach

Dualgas ar údarás tithíochta deisriocht déanmhais a chur ar iostáin agus ar theaghaisí áirithe.

106. —(1) Aon uair a bheartóidh údarás tithíochta ordú dílseacháin a dhéanamh faoi alt 17 d'Acht 1936 nó teaghais a dhíol nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo le tionónta an chéanna agus nach mbeidh an t-iostán nó an teaghais i ndeisriocht déanmhais, déanfaidh an t-údarás, sula ndéanfaidh siad an t-ordú nó an díol nó sula ndeonóidh siad an léas, cibé oibreacha is gá chun an teaghais a chur i ndeisriocht déanmhais.

(2) Aon amhras, díospóid nó ceist a bheidh ann i dtaobh iostán nó teaghais a bheith nó gan bheith i ndeisriocht déanmhais nó i dtaobh na n-oibreacha is gá chun an t-áitreabh a chur i ndeisriocht déanmhais nó i dtaobh a gceanglaíonn nó nach gceanglaíonn an t-alt seo oibreacha a dhéanamh ag údarás tithíochta, cinnfidh an tAire é.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis oibreacha a dhéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) air sin, de réir mar a bheidh, déanfar ordú dílseacháin maidir leis an iostán nó forghníomhófar an ionstraim trína ndéanfar an teaghais a léasadh nó a dhíol,

(b) féadfaidh ceannaitheoir nó léasaí an iostáin nó na teaghaise, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta ar a gcuirfear in iúl dó an t-ordú dílseacháin sin a bheith déanta, nó an díol a bheith déanta nó an léas a bheith deonaithe, aon amhras, díospóid nó ceist maidir leis na hoibreacha a fhaisnéis don Aire ar mian leis go gcinnfeadh an tAire é de bhun fho-alt (2) den alt seo, agus táille a mbeidh cibé méid ann a fhorordófar chun críocha an ailt seo a chur leis an bhfaisnéis, agus

(c) má chinneann an tAire, ar an bhfaisnéis agus an táille réamhráite a fháil, gur gá tuilleadh oibreacha a shonrófar a dhéanamh, déanfar na hoibreacha a shonrófar agus ní mheasfar go gcoisceann an t-ordú dílseacháin nó an díol sin a bheith déanta nó an léas a bheith deonaithe nó téarmaí an léasa nó na hionstraime faoina mbeidh an díol déanta nó an léas deonaithe na hoibreacha a dhéanamh.

Seilbh a aisghabháil, in imthosca áirithe, ar thithe agus teaghaisí a dhíol nó a léasaigh údarás tithíochta.

107. —(1) Má tharlaíonn i rith na tréimhse íoca—

(a) nach bhféadfar úinéir tí a díoladh nó a léasadh faoi alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, a fháil nó a dhéanamh amach,

(b) go mbeidh coinníoll speisialta ag a mbeidh feidhm maidir le teaghais gan chomhlíonadh, nó

(c) nach bhféadfar úinéir teaghaise a díoladh nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo a fháil nó a dhéanamh amach,

féadfaidh an t-údarás tithíochta (gan dochar d'aon mhodh eile chun seilbh a aisghabháil), faoi réir forálacha an ailt seo, iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach nó an teaghais á iarraidh go n-eiseofar barántas faoin alt seo.

(2) Sula ndéanfaidh údarás tithíochta iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le neamhchomhlíonadh coinníll speisialta ag a bhfuil feidhm maidir le teaghais, tabharfaidh siad fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn d'úinéir na teaghaise go bhfuil siad chun an t-iarratas a dhéanamh agus luafaidh gach fógra den sórt sin na forais ar a mbunófar an t-iarratas.

(3) Nuair a éistfear iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a mbeidh neamhchomhlíonadh coinníll speisialta a luaitear i mír (b) d'alt 89 den Acht seo mar fhoras leis toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an coinníoll gan chomhlíonadh.

(4) Nuair a éistfear iarratas a dhéanfar go cuí faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas—

(a) más deimhin leis gur tugadh go cuí an fógra a cheanglaíonn an t-alt seo a thabhairt agus go bhfuil coinníoll speisialta a luaitear san fhógra gan chomhlíonadh, nó

(b) más deimhin leis nach féidir úinéir an tí nó na teaghaise a fháil nó a dhéanamh amach tar éis fiosrú réasúnach agus ar an údarás do thabhairt gealltanais de réir fho-alt (7) den alt seo,

an barántas a eisiúint.

(5) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87 agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo faoi réir an mhodhnaithe go bhféadfar i gcás nach féidir, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ainm úinéir tí nó teaghaise a dhéanamh amach tar éis fiosrú réasúnach, toghairm faoin alt sin 86 a dhíriú go dtí “an t-úinéir” gan é a ainmniú, agus beidh éifeacht barántais faoin alt sin 86 ag an mbarántas nuair a eiseofar amhlaidh é.

(6) Aon uair a eiseofar barántas faoin alt seo agus a aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach nó ar theaghais de bhua an bharántais, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) dílseoidh eastát, ceart, leas agus teideal uile de chuid an duine chun ar léasadh nó lenar díoladh an teach nó an teaghais, nó de chuid aon duine a éilíonn tríd nó faoi, don údarás gan tíolacadh ná aistriú agus air sin meas far chun gach críche gur teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo an teach nó an teaghais;

(b) na téarmaí nó na coinníollacha go léir, lena n-áirítear aon choinníoll speisialta, a cuireadh chun feidhme maidir leis an teaghais de bhua na Coda seo scoirfidh sé nó siad d'fheidhm a bheith aige nó acu maidir leis an teaghais.

(7) I gcás nach féidir an t-úinéir a fháil nó a dhéanamh amach, feádfaidh an t-údarás tithíochta le linn iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith á éisteacht, gealltanas i scríbhinn a thabhairt don chúirt maidir leis an teach nó an teaghais iomchuí go n-íocfaidh siad, de réir ordú ón gcúirt faoi fho-alt (8) den alt seo, an méid iomchuí nó cuid de mar aon le hús de réir an ráta a shonrófar sa ghealltanas, is é sin, an ráta a bhféadfadh an t-údarás airgead a fháil ar iasacht dá réir as ciste na n-iasachtaí áitiúla ar dháta an ghealltanais, agus a ríomhfar, maidir leis an tréimhse dar tosach dáta an ghealltanais agus dar críoch dáta an treoraithe ón gcúirt faoin bhfo-alt sin (8) nó dhá bhliain déag tar éis an dáta sin, cibé acu is luaithe.

(8) Aon duine a bheadh, mura mbeadh forálacha fho-alt (6) den alt seo, i dteideal chun an t-iomlán nó cuid den eastát, den cheart, den leas agus den teideal i dteach nó i dteaghais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a mbeidh gealltanas tugtha ina leith faoi fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach nó an teaghais ag iarraidh ordú faoin bhfo-alt seo agus ar an iarratas a éisteacht féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis go mbeadh an t-iarratasóir, mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin (6), i dteideal mar a dúradh, a ordú go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta a thug gealltanas faoin bhfo-alt sin (7) an méid iomchuí agus an t-ús, nó cibé cion de is dóigh leis is iomchuí in imthosca áirithe an cháis, a íoc leis an iarratasóir.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “an méid iomchuí” luach comhshuim aon airgid a íocadh le húdarás tithíochta i leith an t-údarás do dhíol nó do léasadh tí nó teaghaise a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bhfuil t-iarratas á dhéanamh maidir leis nó léi faoi fho-alt (8) den alt seo;

ciallaíonn “iostán” iostán de réir brí alt 93 den Acht seo;

ciallaíonn “tréimhse íoca” an tréimhse chun airgead ceannaigh nó airgead eile nó cíos i leith an tí nó na teaghaise iomchuí a íoc; ciallaíonn “coinníoll speisialta” coinníoll speisialta de réir brí alt 89 den Acht seo.

Airgead caipitil.

108. —Déanfar airgead ó thalamh a dhiúscairt faoin gCuid seo den Acht seo a úsáid chun críche a cheadóidh an tAire mar chríoch chun ar féidir airgead caipitil a úsáid go cuí.

CUID VII

Feidhmiú agus Neamhfheidhmiú Feidhmeanna faoin Acht seo.

Údarás tithíochta d'fheidhmiú feidhmeanna faoin Acht seo lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin.

109. —(1) Feadfaidh údarás tithíochta aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta chun feidhm a chomhlíonadh i limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta eile, féadfaidh an t-údarás a bheidh chun an fheidhm a chomhlíonadh agus an t-údarás eile comhaontú a dhéanamh agus a chur i grích maidir leis an bhfeidhm, agus i gcás ina ndéanfar comhaontú faoin alt seo féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú é a fhoirceannadh aon tráth má chomhaontaíonn siad chuige sin.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.

Coistí.

110. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo—

(a) coiste a bhunú ar a mbeidh cibé méid dá gcomhaltaí is oiriúnach leo chun críocha a bhaineann le comhlíonadh aon chuid dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo,

(b) comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le húdarás tithíochta eile chun coiste (dá ngairtear comhchoiste san alt seo) a bhunú de réir fho-alt (2) den alt seo, ar a mbeidh cibé méid daoine is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, chun críocha a bhaineann leis na feidhmeanna faoin Acht seo is feidhmeanna de chuid an dá pháirtí sa chomhaontú.

(2) Beidh gach comhchoiste comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí d'údarás is páirtí sa chomhaontú iomchuí faoi fho-alt (1) den alt seo nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí d'údarás den sórt sin agus de dhaoine nach comhaltaí d'údarás den sórt sin, ar choinníoll, má bhíonn an comhchoiste comhdhéanta de dhaoine is comhaltaí d'údarás den sórt sin agus de dhaoine nach comhaltaí d'údarás den sórt sin, nach rachaidh líon na gcomhaltaí den chomhchoiste nach comhaltaí d'údarás den sórt sin thar trian méid iomlán comhaltaí an chomhchoiste.

(3) Féadfaidh na páirtithe i gcomhaontú faoi fho-alt (1) den alt seo forálacha a bhainfidh le roinnt costas comhlíonadh na bhfeidhmeanna faoin Acht seo lena mbainfidh an comhaontú a chur sa chomhaontú agus aon fhorálacha den sórt sin a chur i gcrích.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis aon chomhaontú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú sin é a fhoirceannadh aon tráth má chomhaontaíonn siad chuige sin.

Mainneachtain ag údarás tithíochta maidir le comhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo.

111. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil mainnithe ag údarás tithíochta aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, nó go bhfuil mainnithe acu aon fheidhm den sórt sin a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh sé le hordú a cheangal ar an údarás an fheidhm a chomhlíonadh, agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an modh ar a ndéanfar agus an tréimhse nó na tréimhsí ina ndéanfar an fheidhm sin a chomhlíonadh nó an modh sin agus fós an tréimhse nó na tréimhsí sin a shonrú san ordú, agus má mhainníonn an t-údarás ceanglas den sórt sin de chuid an ordaithe a chomhlíonadh nó má mhainníonn siad ceanglas a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh an tAire, le hordú eile, an méid sin d'fheidhmeanna sin an údaráis is gá chun an mhainneachtain a leigheas a ghabháil chuige féin agus a chomhlíonadh.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire gurbh áisiúla go ndéanfaí aon fheidhm faoin Acht seo a fhéadfaidh sé a chomhlíonadh de bhua ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, go ginearálta nó i gcás áirithe, ag údarás tithíochta nó ag duine, féadfaidh sé—

(a) a cheangal ar an údarás an fheidhm a chomhlíonadh,

(b) comhaontú a dhéanamh leis an duine chun an duine do chomhlíonadh na feidhme thar ceann an Aire,

agus air sin tiocfaidh an fheidhm chun bheith inchomhlíonta ag an údarás nó ag an duine, mar is iomchuí, ionann is dá mba é an t-údarás nó an duine, de réir mar a bheidh, an t-údarás tithíochta a ndearnadh an t-ordú i leith a bhfeidhme faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhaoin, fiach nó dliteanas a fuarthas nó a tabhaíodh le linn feidhm de chuid údarás tithíochta a mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo déanta i leith aon fheidhme dá gcuid faoin Acht seo a bheith á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann a dhílsiú dóibh agus a aistriú chucu, agus dílseoidh agus astóidh an mhaoin, an fiach nó an dliteanas dá réir sin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn do dhuine talamh a fháil ar shlí seachas trí chomhaontú.

CUID VIII

Ilghnéitheach

Cabhair theicniúil a sholáthar.

112. —Féadfaidh údarás tithíochta cabhair theicniúil a sholáthar do dhaoine a cheannóidh nó a sholáthróidh ar shlí eile láithreáin nó a athfhoirgneoidh, a mhéadóidh, a fheabhsóidh, a cheannóidh nó a sholáthróidh ar shlí eile teaghaisí.

Cumhacht chun duaiseanna nó spreagluaíochtaí a sholáthar i leith tithe, etc., a chothabháil.

113. —D'fhonn spreagadh le tithe, gairdíní, spásanna oscailte nó taitneamhachtaí a chothabháil i gceart, féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, cibé duaiseanna i gcomórtais nó cibé spreagluaíochtaí eile a sholáthar a chinnfidh an t-údarás chun na tithe, na gairdíní, na spásanna oscailte, nó taitneamhachtaí ina limistéar feidhmiúcháin nó i gcuid áirithe dá limistéar feidhmiúcháin a chothabháil.

Coinníollacha a bheidh le comhlíonadh nuair a ligfear teach le haghaidh cónaithe.

114. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo aon chonradh a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo i leith teach a ligfear chun cónaithe ar chíos nach mó ná céad agus tríocha punt sa bhliain beidh sé, d'ainneoin aon choinníoll dá mhalairt, intuigthe coinníoll a bheith ann go bhfuil an teach i dtosach na tionóntachta agus fós gealltanas go gcoimeádfaidh an tiarna talún an teach, le linn na tionóntachta, réasúnta oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann ach ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do dhliteanas tionónta nó áititheora aon tí den sórt sin i leith gnímh thoiliúil nó mainneachtana toiliúla ag an tionónta nó ag an áititheoir sin dá dtiocfaidh don teach a bheith ar chaoi seachas réasúnta oiriúnach chun daoine cónaí ann.

(2) Ní bheidh an coinníoll agus an gealltanas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo intuighthe in aon chás—

(a) ina ligfear teach ar feadh téarma is giorra ná trí bliana ar na téarmaí go gcuirfidh an léasaí é i riocht go mbeidh sé réasúnta oiriúnach chun cónaithe, agus

(b) nach mbeidh an comhaontú tionóntachta infhoirceannta de rogha an tiarna talún nó an tionónta roimh dheireadh trí bliana.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, méid an chíosa a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.

(4) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(5) San alt seo, ciallaíonn “tiarna talún” duine a ligfidh aon teach chun cónaithe chun tionónta faoi chonradh lena mbaineann an t-alt seo, agus folaíonn sé a chomharba i dteideal.

Toirmeasc ar dhaoine leasmhara vótáil mar chomhaltaí d'údarás tithíochta nó de choistí áirithe.

115. —(1) Ní vótálfaidh duine mar chomhalta d'údarás tithíochta nó d'aon choiste a luaitear in alt 110 den Acht seo ar aon rún ná ceist a mholfar nó a éireoidh de bhun an Achta seo má bhaineann sí le haon teach nó talamh eile a bhfuil leas tairbhiúil aige ann agus má tharlaíonn, le linn na vótála ar aon rún nó ceist den sórt sin, gur feasach don duine a thaifeadfaidh an vótáil go bhfuil leas tairbhiúil ag comhalta den údarás nó den choiste in aon teach nó talamh lena mbainfidb an rún nó an cheist, ní thabharfar aird ar vóta an chomhalta sin ar an rún nó ar an gceist le linn cinneadh an údaráis nó an choiste ar an rún nó ar an gceist a bheith á shocrú.

(2) Aon duine a mbeidh teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo ligthe chuige de thuras na huaire ag údarás tithíochta, measfar, chun críocha an ailt seo, leas tairbhiúil a bheith aige freisin in aon teaghais eile a soláthraíodh amhlaidh agus ar údarás is úinéir uirthi.

(3) Aon duine a vótálfaidh contrártha don alt seo—

(a) más comhalta d'údarás tithíochta nó comhalta de choiste a luaitear in alt 110 den Acht seo an duine—scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás nó den choiste, mar is iomchuí, agus

(b) más comhalta d'údarás tithíochta agus de choiste den sórt sin an duine—scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás agus den choiste,

agus, i gceachtar cás, beidh sé dícháilithe chun bheith intofa nó inroghnaithe chun bheith ina chomhalta den údarás i gcaitheamh na tréimhse arbh í, mura mbeadh deireadh a chur lena chomhaltas faoin alt seo, iarmhar a théarma í.

(4) Aon duine a vótálfaidh contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(5) Má vótálann aon duine contrártha don alt seo nó má ghníomhaíonn sé mar chomhalta d'údarás tithíochta nó coiste le linn dó a bheith dícháilithe faoin alt seo chun bheith ina chomhalta ní chuirfidh tabhairt an vóta aige nó gníomhú amhlaidh dó, de réir mar a bheidh an cás, ó bhailíocht aon rún ná imeacht de chuid an údaráis nó an choiste.

Ionchúisimh agus cionta.

116. —(1) Maidir le cion faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta arb ina limistéar feidhmiúcháin a dhéanfar an cion ionchúiseamh a dhéanamh ina leith agus má bhaineann an cion le feidhm a bheidh á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann faoi alt 111 den Acht seo, nó ag údarás tithíochta lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin, féadfar ionchúiseamh i leith an chiona a dhéanamh:

(a) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann—ag an Aire,

(b) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag údarás tithíochta—ag an údarás sin, nó

(c) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag duine—ag an an duine sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith faillí ar thaobh aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin, measfar go ndearna an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin freisin agus fós aon duine eile agus é ag airbheartú a bheith ag gníomhú sa cháil sin an cion sin agus measfar eisean agus fós an comhlacht corpraithe a bheith ciontach sa chion.

Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh.

117. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, faoi réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh duine údaraithe dul isteach ar thalamh de réir an fho-ailt sin (1)—

(a) chun suirbhéireacht nó luacháil a dhéanamh, i gcás aon tí, foirgnimh nó talún eile a mbeidh an t-údarás tithíochta a cheap an duine údaraithe údaraithe a fháil chun críocha an Achta seo,

(b) chun suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh i gcás inar dóigh leis an údarás tithíochta a cheap an duine údaraithe gur gá suirbhéireacht nó scrúdú chun a chinneadh ar cheart aon fheidhm áirithe faoin Acht seo a chomhlíonadh maidir le haon teach, foirgneamh nó talamh eile.

(3) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin is gá le réasún chun na críche chun a rachfar isteach air.

(4) Sula rachaidh duine údaraithe isteach faoin alt seo ar aon talamh, gheobhaidh an t-údarás tithíochta toiliú an áititheora i gcás talún áitithe nó an úinéara i gcás talún neamháitithe nó déanfaidh siad fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn go bhfuiltear chun dul isteach a thabhairt don úinéir nó don áititheoir de réir mar a bheidh.

(5) Aon duine a mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt seo go bhfuiltear chun dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a bheith tugtha, iarratas a dheánamh, ar fhógra a thabhairt don údarás sin, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh ag iarraidh ordú do thoirmeasc dul isteach ar an talamh, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a rachaidh isteach.

(6) I gcás ina dtoirmeascfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach a bheartófar a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh déanfaidh gach duine a rachaidh isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh.

(7) Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe a chosc agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air; agus más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion eile agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion.

(8) San alt seo, ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag an údarás tithíochta chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo.

Teaghaisí áirithe a measfar gur faoin Acht seo a sholáthraíodh iad.

118. —(1) Teaghaisí ar údarás tithíochta is úinéir orthu—

(a) agus, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar measadh, de bhua alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , iad a bheith arna soláthar faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958,

(b) agus, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar measadh, de bhua alt 20 den Acht sin, iad a bheith arna soláthar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, nó

(c) a úsáideann an t-údarás chun críocha an Achta seo agus, ar leithligh ón alt seo, ar theaghaisí iad nach iad an t-údarás a sholáthraigh iad faoin Acht seo,

measfar gur teaghaisí arna soláthar faoin Acht seo iad.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nó teaghais arna soláthar faoin Acht seo, a dheimhniú, de réir mar is iomchuí, gur teaghais arna soláthar amhlaidh nó teaghais a meastar í a bheith arna soláthar amhlaidh an teaghais, agus in aon imeachtaí beidh deimhniú ó údarás faoin bhfo-alt seo ina fhianaise prima facie ar lánas an deimhnithe sin agus ní gá aon síniú ar an deimhniú a chruthú.

Teaghaisí beaga.

119. —D'ainneoin alt 6 den Acht seo, i gcás úinéireacht tí a fháil trí airleacan faoi na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil agus gan an t-airleacan mar aon le hús a bheith láníoctha leis an údarás tithíochta sular aisghaireadh na hAchtanna sin, ansin—

(a) na forálacha de na hAchtanna sin a raibh, de dhroim an t-airleacan a thabhairt, éifeacht acu in aon chás áirithe díreach roimh an aisghairm sin leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu maidir leis an gcás,

(b) na forálacha de na hAchtanna sin maidir le hairgead caipitil a chur chun feidhme agus le coimeád cuntas ar leithligh leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm,

go dtí go mbeidh an t-airleacan mar aon le hús aisíoctha go hiomlán nó go mbeidh an t-údarás, de bhua an ailt seo, tar éis seilbh a ghabháil ar an teach nó tar éis a ordú an teach a dhíol agus é a dhíol agus go mbeidh aon cheanglas atá sna forálacha sin maidir le suim a íoc leis an dílseánach nó le diúscairt an tsochair gan chomhlíonadh.

Leasú ar an Housing of the Working Classes Act, 1890.

120. —San Housing of the Working Classes Act, 1890, déanfar aon tagairt d'údarás áitiúil a fhorléiriú mar thagairt d'údarás áitiúil de réir brí an Achta seo.

Cosaint.

1906, c. 37.

1950, I.R. Uimh. 47.

1931, Uimh. 50 .

1932, Uimh. 19 .

1937, Uimh. 38 .

121. —(1) D'ainneoin alt 6 den Acht seo, i gcás ordú muirir nó ordú eile, rialachán, iasacht, airleacan (seachas airleacan a luaitear in alt 119 den Acht seo), ligean nó éileamh a bheith arna dhéanamh, nó muirear a bheith arna bhunú, nó coinníoll a bheith arna fhorchur (lena n-áirítear coinníoll arna fhorchur le reacht nó faoi reacht seachas na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil), nó léas, gealltanas, fógra nó deimhniú a bheith arna thabhairt nó ní a bheith arna dhéanamh nó arna thabhairt faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, ansin an t-ábhar nó an ní sin a luaitear anseo roimhe seo, má bhíonn sé i bhfeidhm, inaisghafa nó inchurtha i bhfeidhm díreach roimh an aisghairm sin,—

(a) beidh, a mhéid ab fhéidir é a dhéanamh, a bhunú, a fhorchur nó a thabhairt faoin Acht seo, éifeacht aige ionann agus dá mbeadh sé, agus measfar é a bheith, arna dhéanamh, arna bhunú, arna fhorchur nó arna thagairt faoin bhforáil chomhréire den Acht seo, agus

(b) leanfaidh sé, a mhéid nárbh fhéidir é a dhéanamh, a bhunú, a fhorchur nó a thabhairt amhlaidh, de bheith i bhfeidhm, inaisghafa nó inchurtha i bhfeidhm, agus féadfar na himeachtaí céanna a thionscnamh ina leith agus tarlóidh na hiarmaírtí céanna ab fhéidir a thionscnamh nó a tharlódh dá mba nár achtaíodh an tAcht seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo:

(a) i gcás údarás tithíochta a bheith, roimh Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962 (seachas Acht na Sclábhaithe, 1936 ) a aisghairm leis an Acht seo, tar éis talamh a fháil chun críocha na nAchtanna sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i) leanfaidh forálacha alt 22 den Labourers (Ireland) Act, 1906, d'éifeacht a bheith acu maidir le clárú úinéireacht na talún nó aon chuardach a rinneadh nó deimhniú talún a eisíodh chun an údaráis i leith na talún,

(ii) leanfaidh forálacha alt 23 den Acht sin d'éifeacht a bheith acu maidir le haon chomhaontú, gníomhas, admháil nó ionstraim eile trína bhfuil an talamh dílsithe don údarás agus arna eisiúint faoi na hAchtanna sin;

(b) i gcás údarás tithíochta a bheith, roimh thosach feidhme an ailt sin 6, tar éis talamh a fháil faoi Chuid II d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , leanfaidh forálacha fho-alt (1) d'alt 18 den Acht sin d'fheidhm a bheith acu maidir le haon cheart slí poiblí thar an talamh;

(c) i gcás inar theach arna leithreasú faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Leasú), 1942 , an teach díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 6, leanfaidh forálacha an ailt sin 3 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an teach;

(d) leanfaidh forálacha alt 32 d'Acht 1952 agus an leasú a dhéantar le halt 19 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , d'éifeacht a bheith acu.

(3) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo—

(a) leanfaidh forálacha Chuid II de Rialacháin na dTithe (Bainistí agus Ligean), 1950, d'fheidhm a bheidh acu maidir le ligean teaghaise lenar bhain na rialacháin díreach roimh thosach feidhme alt 6 den Acht seo ionann is nár achtaíodh an tAcht seo seachas alt 60,

(b) i gcás ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh roimh thosach feidhme an ailt sin 6—

(i) ag údarás tithíochta faoi alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , nó faoi alt 20 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, nó

(ii) ag údarás áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1960,

ansin na forálacha d'aon achtachán, a raibh feidhm acu, díreach roimh an tosach feidhme sin, maidir leis an ordú, nó leis an teach, leis an bhfoirgneamh nó leis an talamh lena mbaineann an t-ordú, nó maidir le haon cheart, teideal, leas nó éasúint sa teach sin, san fhoirgneamh sin nó sa talamh eile sin nó thairis, leanfaidh siad den fheidhm sin a bheith acu.

(4) Aon fháil, díol nó léasadh talún a rinne údarás tithíochta roimh an 22ú lá d'Iúil, 1952, agus a bheadh bailí dá mba de bhua alt 8 nó 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, arna leasú le halt 31 d'Acht 1952, a rinneadh é, leanfar i gcónaí dá mheas é a bheith arna dhéanamh go bailí faoi na hAchtanna um Thithe don Lucht Oibre agus measfar feasta é a bheith arna dhéanamh go bailí faoin Acht seo.

(5) San Acht seo, déanfar “faoin Acht seo”, nuair a úsáidtear é maidir le haon talamh, cóiríocht tithíochta nó maoin eile nó maidir le haon ábhar nó ní eile, agus aon abairt eile ag tuairisciú aon ábhair nó ní faoi threoir an Achta seo nó aon fhorála atá san Acht seo, a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar ní a fholaíonn tagairt d'aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo nó don fhoráil chomhréire d'aon Acht a aisghairtear amhlaidh.

(6) Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar dhoiciméad a thagraíonn do na forálacha comhréire den Acht seo.

(7) Ní ghlacfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar ná difear d'fheidhm ghinearálta alt 20 den Acht Léiriúcháin, 1937 .

AN CHEAD SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 6.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

41 & 42 Vict., c. 52.

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Ailt 82 go 86 agus ailt 100 agus 101.

44 & 45 Vict., c. 38.

Public Works Loans Act, 1881.

Alt 11.

46 & 47 Vict., c. 60.

Labourers (Ireland) Act, 1883.

An tAcht iomlán.

48 & 49 Vict., c. 77.

Labourers (Ireland) Act, 1885.

An tAcht iomlán.

49 & 50 Vict., c. 59.

Labourers (Ireland) Act, 1886.

An tAcht iomlán.

53 & 54 Vict., c. 16.

Working Classes Dwellings Act, 1890.

An tAcht iomlán.

53 & 54 Vict., c. 70.

Housing of the Working Classes Act, 1890.

An tAcht iomlán ach amháin alt 1 agus an Dara Sceideal.

54 & 55 Vict., c. 48.

Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

Alt 38.

54 & 55 Vict., c. 71.

Labourers (Ireland) Act, 1891.

An tAcht iomlán.

55 Vict., c. 7.

Labourers (Ireland) Act, 1892.

An tAcht iomlán.

56 & 57 Vict., c. 33.

Housing of the Working Classes Act, 1893.

An tAcht iomlán.

59 & 60 Vict., c. 11.

Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1896.

An tAcht iomlán.

59 & 60 Vict., c. 53.

Labourers (Ireland) Act, 1896.

An tAcht iomlán.

62 & 63 Vict., c. 44.

Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

An tAcht iomlán.

3 Edw. 7, c. 37.

Irish Land Act, 1903.

Cuid IV agus fo-alt (4) d'alt 100.

6 Edw. 7, c. 37.

Labourers (Ireland) Act, 1906.

An tAcht iomlán.

8 Edw. 7, c. 58.

Local Registraion of Title (Ireland) Amendment Act, 1908.

An tAcht iomlán.

8 Edw. 7, c. 61.

Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.

An tAcht iomlán.

9 Edw. 7, c. 42.

Irish Land Act, 1909.

Ailt 10 agus 11.

1 & 2 Geo. 5, c. 19.

Labourers (Ireland) Act, 1911.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5, c. 32.

Labourers (Ireland) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5, c. 52.

Housing (No. 2) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5, c. 71.

Housing (No. 2) (Amendment) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

6 & 7 Geo. 5, c. 12.

Local Government (Emergency Provisions) Act, 1916.

Fo-alt (4) d'alt 13.

8 & 9 Geo. 5, c. 20.

Labourers (Ireland) Act, 1918.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. 5, c. 45.

Housing (Ireland) Act, 1919.

An tAcht iomlán ach amháin ailt 31, 35, 36 agus an Tríú Sceideal.

9 & 10 Geo. 5, c. 55.

Labourers (Ireland) Act, 1919.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. 5, c. 99.

Housing (Additional Powers) Act, 1919.

An tAcht iomlán.

10 & 11 Geo. 5, c. 61.

Public Works Loans Act, 1920.

Ailt 2 agus 5.

11 & 12 Geo. 5, c. 19.

Housing Act, 1921.

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1924 .

Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 54 de 1924 .

Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Leasú), 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1925 .

Acht na dTithe, 1925.

An tAcht iomlán.

Uimh. 31 de 1928 .

Acht na dTithe, 1928 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1929 .

Acht na dTithe, 1929.

An tAcht iomlán.

Uimh. 22 de 1930 .

Acht na dTithe, 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 50 de 1931 .

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 19 de 1932 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 30 de 1934 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1934.

An tAcht iomlán.

Uimh. 13 de 1936 .

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1936 .

Acht na Sclábhaithe, 1936 .

Ailt 4, 8, 9, 10, 12 agus 18; mír (e) d'fho-alt (5) d'alt 24; i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 27 na focail: “(dá ngairmtear an gabháltas códhluite sa bhfo-alt so)”; mír (c) den fho-alt sin; fomhír (iii) de mhír (d) den fho-alt sin.

 

Uimh. 42 de 1937 .

Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

Cuid 11 agus an Sceideal.

Uimh. 3 de 1939 .

Acht na dTithe (Leasú), 1939 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1940 .

Acht na dTithe (Leasú), 1940 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1940 .

An tAcht um Bainistí Chontae, 1940 .

Mír 11 den Dara Sceideal.

Uimh. 18 de 1941 .

Acht na dTithe (Leasú), 1941 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1942 .

Acht na dTithe (Leasú), 1942 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1944 .

Acht na dTithe (Leasú), 1944 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1946 .

Acht na dTithe (Leasú), 1946 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1948 .

Acht na dTithe (Leasú), 1948 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1949 .

Acht na dTithe (Leasú), 1949 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1950 .

Acht na dTithe (Leasú), 1950 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1952 .

Acht na dTithe (Leasú), 1952 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1954 .

Acht na dTithe (Leasú), 1954 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 31 de 1956 .

Acht na dTithe (Leasú), 1956 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1957 .

An tAcht um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 27 de 1958 .

Acht na dTithe (Leasú), 1958 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 13 de 1960 .

Acht na dTithe (Leasú), 1960 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 27 de 1962 .

Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1965 .

Acht na Sclábhaithe, 1965 .

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL

Ábhair nach mór d'Údarás Tithíochta Aird a bheith acu Orthu agus Iad ag Breithniú an bhFuil Teach Neamh-Oiriúnach chun Daoine Cónaí Ann

Alt 66.

1. Cobhsaíocht;

2. Friotaíocht in aghaidh tóiteáin;

3. Sábháilteacht staighrí agus comhphasáistí lena n-áirítear bail na pábhála in aon chlós nó spás oscailte a chomhghabhann leis an teach;

4. Friotaíocht in aghaidh taisligh;

5. Friotaíocht in aghaidh traiseoladh teasa;

6. Friotaíocht in aghaidh traiseoladh fuaime;

7. Friotaíocht in aghaidh foircthe;

8. Soláthar uisce, córacha sláintíochta agus siltean;

9. Aerspás agus aerú;

10. Soilsiú, nádúrtha agus saorga;

11. Saoráidí chun bia a ullmhú, a stóráil agus a chócaireacht;

12. A mhéid nach gcomhlíonann an teach aon chaighdeán nó ceanglas (seachas caighdeán nó ceanglas a bhaineann le haon ábhar a luaitear anseo roimhe seo) atá i bhfodhlíthe foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó i rialacháin foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forálacha is Inchurtha chun Feidhme maidir le hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh

Alt 76.

1. Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú ceannaigh éigeantaigh agus tuairisceoidh sé, faoi threoir léarscála, an talamh lena mbaineann sé agus beidh ann, faoi réir na modhnuithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo agus aon oiriúnuithe is gá—

1845, c. 18.

(a) Achtanna na gClásal Talún (gan ailt céad fiche a seacht go céad tríocha a dó den Lands Clause Consolidation Act, 1845, ná airteagal 20 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890 a áireamh;

(b) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation), Act. 1919.

2. Is iad seo a leanas na modhnuithe ar faoina réir a chuirfear Achtanna na gClásal Talún agus an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, in ordú ceannaigh éigeantaigh:

(a) i gcás nach mó ná cúig chéad punt an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh is iníoctha le duine a éilíonn aon leas i dtalamh, agus go dtabharfaidh an t-éilitheoir fianaise prima facie gur duine é ag a bhfuil cumhacht díol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi Achtanna na gClásal Talún agus go ndeimhneoidh sé don údarás tithíoctha go raibh sé féin, nó a neas-réamhtheachtaí i dteideal, go pearsanta, nó trí ghníomhaire, ag fáil cíosanna nó brabús na talún, nó á áitiú iarbhír, ar feadh sé bliana ar a laghad díreach roimhe sin, féadfaidh an t-údarás déileáil leis an éilitheoir mar úinéir iomlán an leasa arb ina leith a éilíonn sé, agus féadfar an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íoc leis;

(b) i gcás leas in aon talamh, ar iníoctha suim nach mó ná cúig céad punt airgid cheannaigh nó cúitimh ina leith, a bheith faoi réir aon mhorgáiste nó muirir, féadfar méid an airgid cheannaigh nó an chúitimh a íoc leis an duine atá i dteideal an mhorgáiste nó an mhuirir, nó má bhíonn níos mó ná morgáiste nó muirear amháin den sórt sin ann, ansin leis an duine atá i dteideal an mhorgáiste nó an mhuirir is túisce i dtosaíocht, agus déanfar an méid a íocfar amhlaidh a ghlacadh de laghdú ar an bpríomhshuim a bheidh dlite de thuras na huaire i leith an mhorgáiste nó an mhuirir, d'ainneoin aon treoir, coinnioll, nó cúnant dá mhalairt in aon ionstraim;

(c) i gcás údarás tithíochta a bheith, de bhun mhír (a) nó (b) den airteagal seo, tar éis cúig chéad punt ar a mhéid airgid cheannaigh nó cúitimh a íoc le duine ar bith, tabharfaidh an duine admháil san fhoirm fhorordaithe don údarás i leith an airgid cheannaigh nó an chúitimh agus, ach amháin i gcás talamh lena mbaineann ordú dílseacháin, beidh an admháil, i gcás í a thabhairt ag duine ar féidir déileáil leis mar úinéir iomlán nó ag duine atá i dteideal morgáiste nó muirir ar leas aon duine den sórt sin, éifeachtúil chun feo simplí na talún arb ina leith a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a dhílsiú go hiomlán don údarás, saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach sórt (seachas ceart slí poiblí);

(d) déanfar meabhrán ar an méid a íocadh faoi mhír (b) den airteagal seo a fhormhuiniú, i gcás inar féidir sin, ar ionstraim bhunaithe an mhorgáiste nó an mhuirir, agus síneoidh an duine é a gheobhaidh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh, agus tabharfaidh an t-údarás tithíochta cóip den mheabhrán do gach duine ar dóigh leis an údarás teideal a bheith aige chun aon leasa sa talamh atá faoi réir an mhorgáiste nó an mhuirir;

(e) déanfaidh an t-údarás tithíochta cóip den admháil a luaitear i mír (c) den airteagal seo, ar aon duine atá i dteideal aon eastáit nó leasa sa talamh arb ina leith a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh á iarraidh, a thabhairt don duine sin;

(f) aon duine a éilíonn go bhfuil teideal aige chun aon airgid cheannaigh nó cúitimh a íocadh le duine eile faoin airteagal seo, féadfaidh sé, laistigh de shé bliana tar éis an íocaíocht a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus ar an éisteacht féadfaidh an chúirt, más cuí léi, an t-iarratas a dhíbhe nó foraithne a dhéanamh i gcoinne an údaráis tithíochta i leith na suime a chinnfidh an chúirt a bheith dlite i leith an éilithe agus is fiach a bheidh dlite don údarás den duine lenar íoc siad an t-airgead an tsuim dá ndéanfar aon fhoraithne den sórt sin;

(g) más rud é—

(i) gur dealraitheach don údarás tithíochta nach bhfuil an duine atá ag déanamh aon éilithe ar airgead ceannaigh nó ar chúiteamh i leith talún, nó ar aon eastát nó leas i dtalamh, i dteideal iomlán na talún, an eastáit nó an leasa, nó

(ii) nach bhfuil an teideal chun na talún, an eastáit, nó an leasa suite chun sástacht an údaráis tithíochta,

agus nach mó ná dhá chéad déag punt an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh, féadfaidh an t-údarás é a íoc isteach sa Chúirt Chuarda agus air sin beidh an dlínse go léir ag an gcúirt ina leith is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi Achtanna na gClásal Talún agus air sin beidh na cearta agus na cumhachtaí comhchosúla go léir ag an údarás i leith na talún, an eastáit nó an leasa a bheadh acu dá mba isteach san Ard-Chúirt a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh;

(h) beidh éifeacht ag alt 72 den na Lands Clauses Consolidation Act, 1845, ionann is dá gcuirfí “five hundred pounds” in ionad “twenty pounds”;

(i) d'ainneoin Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfar de “two” a chur in ionad “three” in airteagal 6 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890;

(j) beidh éifeacht ag airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890, arna leasú le halt 31 d'Acht 1948 (a aisghairtear leis an Acht seo) ionann is dá gcuirfí “at which, on the date of such entry the local authority could borrow from the local loans fund” in ionad “of three pounds per centum per annum”;

(k) measúnófar an cúiteamh de réir na bhforálacha sin den Acht seo a bhaineann le measúnú cúitimh i leith talamh a fhaightear go héigeantach agus is infheidhmithe maidir leis an gcás áirithe;

(l) ní chuirfidh eadránaí i gcuntas—

(i) aon leas i dtalamh a bhunófar tar éis an dáta a fhoilseofar, de réir airteagal 4 den Sceideal seo, fógra go ndearnadh an t-ordú, ná

(ii) aon fhoirgneamh a thógfar nó aon fheabhsú nó athrú a dhéanfar tar éis an dáta sin más dóigh leis an eadránaí nach raibh gá réasúnach leis an bhfoirgneamh a thógáil nó an feabhsú nó an t-athrú a dhéanamh agus gur d'fhonn cúiteamh nó cúiteamh breise a fháil a cuireadh sin i gcrích.

3. Má bhaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh le talamh ar a bhfuil teach agus gurb é tuairim an údaráis tithíochta faoin teach go bhfuil sé neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir ar chostas réasúnach é a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann, tuairisceofar an teach ar an modh forordaithe san ordú.

4. Sula gcuirfidh an t-údarás tithíochta an t-ordú ceannaigh éigeantaigh faoi bhráid an Aire—

(a) foilseoidh siad, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin, fógra san fhoirm fhorordaithe, á rá go ndearnadh ordú den sórt sin agus ag insint áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den léarscáil dá dtagraítear san ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach; agus

(b) seirbheálfaidh siad ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir (ach amháin tionóntaí ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí) aon talún lena mbaineann an t-ordú fógra san fhoirm fhorordaithe ag insint éifeacht an ordaithe agus go bhfuiltear ar tí é a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú agus ag sonrú an trátha ar lena linn a fhéadfar agus an mhodha ar a bhféadfar agóidí a dhéanamh ina choinne.

5. (1) I gcás ina mbeifear tar éis ordú ceannaigh éigeantaigh a chur faoi bhráid an Aire, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas den airteagal seo—

(a) an t-ordú a neamhniú le hordú neamhniúcháin, nó

(b) an t-ordú a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú, le hordú daingniúcháin,

maidir le hiomlán nó cuid den talamh lena mbaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh agus má dhéanann an tAire ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin maidir le cuid den talamh sin, féadfaidh an tAire ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin nó ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin breise, de réir mar a bheidh, a dhéanamh maidir le haon chuid den talamh sin nach mbaineann ordú neamhniúcháin a rinneadh roimhe sin ná ordú daingniúcháin a rinneadh roimhe sin leis.

(2) Ní dhaingneoidh an tAire ordú ceannaigh éigeantaigh a mhéid a bhaineann sé le haon talamh a mbeidh agóid déanta go cuí ina leith ag aon duine de na daoine a mbeidh ceangal ann fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a sheirbheáil orthu, go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí i dtaobh na hagóide sin a dhéanamh agus go dtí go mbreithneoidh sé an agóid sin agus an tuarsacáil ón duine a rinne an fiosrúchán, mura rud é—

(a) go dtarraingeofar siar an agóid sin, nó

(b) gur deimhin leis an Aire go mbaineann an agóid sin, go heisiatach, le hábhair a bhféadfaidh an t-eadránaí a bhféadfadh gurb é a mheasúnódh an cúiteamh déileáil leo.

(3) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire—

(a) ní údaróidh sé don údarás tithíochta aon talamh a fháil go héigeantach nach n-údaródh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh iomchuí dóibh a fháil amhlaidh dá ndaingneofaí é gan mhodhnú;

(b) ní údaróidh sé don údarás tithíochta aon teach a fháil mar theach atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir a dhéanamh, ar chostas réasúnach, oiriúnach chun daoine cónaí ann, mura mbeidh an tuairisc sin air san ordú bunaidh.

(4) Más é tuairim an Aire maidir le teach a dtuairiscítear in ordú ceannaigh éigeantaigh gur teach é atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir é a dhéanamh oiriúnach ar chostas réasúnach nár cheart é a tbuairisciú amhlaidh, neamhneoidh sé an t-ordú a mhéid a bhaineann sé leis an teach murarb é a thuairim go bhféadfaidh an t-údarás tithíochta é a fháil go cuí, agus sa chás sin modhnóidh sé an t-ordú i gcaoi is go n-údaróidh sé don údarás an teach a fháil agus cúiteamh arna mheasúnú de réir Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íoc ina leith.

(5) Le linn aon achtachán a bheidh curtha isteach in ordú ceannaigh éigeantaigh a bheith á fhorléiriú—

(a) déanfar aon tagairt don Acht speisialta a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo mar aon leis an ordú;

(b) déanfar aon tagairt don údarás daingniúcháin a fhorléiriú mar thagairt don Aire;

(c) déanfar aon tagairt d'údarás áitiúil nó do thionscantóirí an ghnóthais a fhorléiriú mar thagairt d'údarás tithíochta;

(d) déanfar aon tagairt do Chuid I nó do Chuid II d'Acht 1890 a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo;

(e) déanfar aon tagairt do thalamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon leas nó ceart thar talamh a fuarthas nó atá ar teachtadh ón údarás a rinne an t-ordú ceannaigh éigeantaigh.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Rialacha is Inchurtha Chun Feidhme Maidir le Measúnú Cúitimh

Alt 84.

CUID I

Talamh is Teach Atá Neamhoiriúnach chun Daoine Cónaí ann agus nach Féidir ar Chostas Réasúnach é a Dhéanamh Oiriúnach chun Daoine Cónaí ann

Measúnóidh an t-eadránaí an cúiteamh a bheidh le híoc i leith na talún, lena n-áirítear na foirgnimh air, gurb é luach na talún é mar láithreán atá glan gan foirgnimh agus ar fáil chun forbartha de réir cheanglais na bhfodhlíthe foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó na rialachán foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , lúide cibé suim a gcinnfidh an t-eadránaí gurb í costas na talún a ghlanadh agus a chothromú í.

CUID II

Talamh eile

1. Más deimhin leis an eadránaí maidir le haon áitreabh gur mhó luach an chíosa uaidh mar gheall ar é a úsáid chun críocha mídhleathacha, nó é a bheith chomh plódaithe sin gur chontúirt nó cúis díobhála é do shláinte na ndaoine ann, déanfar an cúiteamh, a mhéid a bhunófar ar chíos é, a bhunú ar an gcíos ab fhéidir a fháil dá mba chun críocha dleathacha a bhí an t-áitreabh áitithe agus sin ag an uimhir daoine a raibh an t-áitreabh, i gcúinsí uile an cháis, oiriúnach mar chóiríocht dóibh gan plódú den sórt sin.

2. Más deimhin leis an eadránaí aon áitreabh a bheith lochtach ó thaobh sláintíochta, nó nach bhfuil sé i ndeisriocht réasúnta maith, is é an cúiteamh luach measta an áitribh dá gcuirfí é i ndeis sláintíochta nó i ndeisriocht réasúnta maith, lúide an costas a mheasfar a tharraingeodh sé an t-áitreabh a chur i ndeis sláintíochta nó i ndeisriocht den sórt sin.

3. Féadfaidh an t-údarás tithíochta fianaise a thabhairt ar aird i dtaobh na n-ábhar réamhráite, d'ainneoin gan aon ní a bheith déanta acu d'fhonn go leigheasfaí na lochtanna agus na máchail a nochtann an fhianaise.