29 1966


Uimhir 29 de 1966.


AN tACHT LEITHREASA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1965, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE BANC TAISCE AN PHOIST AGUS LE BAINC THAISCE IONTAOBHAIS. [28 Nollaig, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste

£118,354 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1964-65.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim chéad agus ocht míle dhéag trí chéad caoga is ceithre phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £253,831,594, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad caoga is trí mhilliún, ocht gcéad tríocha is aon mhíle, cúig chéad nócha is ceithre phunt déantar iad a leithreasú chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seacht milliún déag, naoi gcéad agus deich míle ocht gcéad daichead is aon phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Banc Taisce an Phoist agus bainc thaisce iontaobhais—rátaí úis.

1948, Uimh. 12 .

1888, c. 15.

1946, Uimh. 15 .

1940, Uimh. 14 .

1959, Uimh. 18 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 (2) den Acht Airgeadais, 1948 , le héifeacht amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1967, agus uaidh sin amach, trí “a trí go leith faoin gcéad sa bhliain” a chur in ionad “a dó go leith faoin gcéad sa bhliain”.

(2) Aisghairtear leis seo na focail “and the interest payable to depositors by the trustees of any trustee savings banks shall not exceed the rate of two pounds ten shillings per centum per annum,” in alt 5 den National Debt (Supplemental) Act, 1888, agus na focail “D'ainneoin éinní in alt 5 den National Debt (Supplemental) Act, 1888,” in alt 29 (1) den Acht Airgeadais, 1946 , agus, maidir leis an tréimhse ón 21ú lá de Nollaig, 1966, go dtí an 31ú lá den mhí sin, beidh éifeacht ag an alt sin 29 (1) ach tagairt do ráta trí go leith faoin gcéad sa bhliain a chur in ionad na tagartha don ráta is iníoctha de thuras na huaire ar thaisce i mBanc Taisce an Phoist.

(3) Déantar leis seo alt 31 (3) (d) den Acht Airgeadais, 1940 , arna leasú le halt 78 den Acht Airgeadais, 1959 , a leasú trí “ceathair agus deichiú faoin gcéad sa bhliain” a chur in ionad “trí faoin gcéad sa bhliain”.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1966 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dtagraítear san Acht seo

Sceideal A

DEONTAIS

Deontais as an bPríomh-Chiste

...

...

...

...

...

£253,831,594

Sceideal B

DEONTAIS A LEITHREASÚ

Bliain

Suimeanna nach mó ná

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

£

£

1964-65 (Vótaí Barrachaís)

...

...

118,354

5,628

1965-66 (Forlíontach)

...

...

13,289,420

768,100

1966-67

...

...

...

...

240,423,820

17,137,113

An tiomlán

...£

253,831,594

17,910,841

Sceideal A

DEONTAIS AS AN bPRÍOMH-CHISTE

£

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965.

Faoin Acht seo     ...     ...     ...     ...     ...

118,354

Chun Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966.

Faoi Acht Uimh. 26 de 1965      ...     ...     ...

13,289,420

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967.

Faoi Acht Uimh. 26 de 1965      ...     ...     ...

240,423,820

An tIomlán     ...£

253,831,594

Sceideal B

DEONTAIS A LEITHREASÚ

Cuid I

BARRACHAIS DON BHLIAIN 1964-65

Suimeanna nach mó ná

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

£

£

Suím a deonaíodh chun slánaithe barrachais ar an deontas do Theaghlachas an Uachtaráin don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...

675

--

Suim a deonaíodh chun slánaithe barrachais ar an deontas do Thithe an Oireach-tais don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...     ...

56,864

--

Suim a deonaíodh chun slánaithe barrachais ar an deontas do Roinn an Taoisigh don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...     ...     ...

144

--

Suim a deonaíodh chun slánaithe barrachais ar an deontas d'Oifig an Aire Airgeadais don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...

43,521

1,825

Suim a deonaíodh chun slánaithe barrachais ar an deontas i leith Rátaí ar Mhaoin Rialtais don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...

15,709

3,729

Suim a deonaiodh chun slánaithe barrachais ar an deontas don Dánlann Náisiúnta don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1965     ...     ...

1,441

74

£

118,354

5,628

Cuid I

Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1966.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

6

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta     ...     ...

82,000

--

16

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlímhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla     ...     ...     ...     ...     ...

39,200

1,000

17

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...     ...

10

--

28

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...

95,000

--

29

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ...     ...     ...     ...

1,430,000

--

30

Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí     ...     ...

340,000

--

31

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...

260,000

--

38

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

10

--

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...     ...     ...

2,045,000

525,600

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

1,797,000

25,000

43

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ...

1,609,300

114,500

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

6,900

--

47

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh,le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas     ...     ...     ...

3,835,000

102,000

48

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

900,000

--

51

Le haghaidh Luach Saothair Státseirbhíseach     ...     ...     ...     ...     ...

850,000

--

£

13,289,420

768,100

Cuid III

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...

£

£

16,400

--

2

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...

539,000

--

3

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh     ...     ...     ...

48,600

--

4

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ...     ...

391,950

1,500

5

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ...

60,900

14,500

6

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ...     ...

797,780

7,160

7

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ...     ...     ...

4,085,000

140,000

8

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil     ...     ...     ...     ...

8,234,000

1,058,117

9

Le haghaidh Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála (lena n-áirítear Fóirithint ar Ghátar)     ...     ...     ...

515,000

42,000

10

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...

43,000

1,550

11

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ...

47,000

56,000

12

Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon     ...

40,000

--

13

Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla, arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc.     ...     ...     ...

1,980,000

205,000

14

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ...

8,000

--

15

Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta     ...     ...

13,520,000

--

16

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlímhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla     ...     ...     ...     ...     ...

283,000

8,000

17

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...     ...

183,470

--

18

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol     ...     ...     ...

760,000

217,000

19

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe     ...

290,250

38,000

20

Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha     ...     ...     ...

769,000

114,000

21

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair áirithe; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach     ...     ...     ...     ...

266,010

525

22

Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla     ...     ...

10,030,000

390,240

23

Le haghaidh Costais Phríosún, Foras Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair     ...     ...

418,450

38,310

24

Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ...     ...

583,000

40,450

25

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas     ...     ...     ...     ...

257,930

--

26

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ...     ...     ...     ...

12,830

43

27

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghnéitheacha lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe

8,581,450

224,000

28

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...

1,274,220

12,300

29

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ...     ...     ...

18,854,600

130,220

30

Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe. Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí     ...     ...

6,654,100

56,530

31

Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...

3,523,960

55,000

32

Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála     ...

262,500

3,500

33

Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ...     ...     ...     ...     ...

3,182,800

--

34

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...

26,070

270

35

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ...     ...     ...

3,155,000

226,000

36

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a Fháil     ...     ...     ...     ...     ...

3,397,000

762,500

37

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

1,004,000

6,050

38

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...     ...

35,309,000

1,023,162

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair     ...

793,400

28,600

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

8,966,700

129,500

41

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

7,631,000

1,657,635

42

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ...     ...     ...

19,606,000

8,220,000

43

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ...

10,802,000

283,829

44

Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi Reachtanna Éagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Éagsúla i ndáil leo sin, agus le haghaidh Liúntais Leanaí Eisreachtúla áirithe     ...     ...

2,576,000

2,547

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

777,650

8,125

46

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna     ...     ...     ...     ...     ...

204,300

50

47

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas     ...     ...     ...

42,203,000

1,909,000

48

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais ilghnéitheacha agus Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

17,337,000

22,400

49

Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar     ...     ...     ...     ...     ...

82,900

3,500

50

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Saothair     ...     ...

38,600

--

£

240,423,820

17,137,113

Iomlán Sceideal B     ...£

253,831,594

17,910,841