3 1967


Uimhir 3 de 1967


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CÍOSANNA ÁIRITHE A MHÚCHADH TRÍNA CHUMASÚ DO LÉASAITHE AGUS DO THIONÓNTAÍ A DHLÍONN NA CÍOSANNA SIN A ÍOC I LEITH TALÚN AN FEO SIMPLÍ SA TALAMH A CHEANNACH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CÍOSANNA ÁIRITHE A CHIONROINNT, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TARSCAOILEADH AGUS MAOLÚ CÚNANT SRIANTACH ÁIRITHE I LÉASANNA, DO DHÉANAMH LEASÚ I SLITE EILE AR DHLÍ AN TIARNA TALÚN AGUS AN TIONÓNTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22 Feabhra, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leiriu.

1931, Uimh. 55 .

1958, Uimh. 2 .

1963, Uimh. 28 .

1963, Uimh. 28 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 ;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ;

tá le “léas foirgníochta” an bhrí a shanntar dó le halt 4 d'Acht 1958;

ciallaíonn “gnó” aon cheird, gairm nó gnó, cibé acu le haghaidh luaíochta nó luach saothair nó nach ea atáthar ag gabháil dó, agus

an tseirbhís phoiblí agus ciallaíonn “a úsáidtear chun críocha gnó” a úsáidtear go hiomlán nó go páirteach chun críocha gnó;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ní fholaíonn “feo simplí” an leas i dtalamh atá ag duine a theachtann talamh faoi dheontas feofheirme;

ciallaíonn “léasóir is neasa”, maidir le léasaí nó tionónta bliantúil, an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa sa talamh a theachtann an léasaí nó an tionónta, cibé acu é;

forléireofar “léasaí”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar fhocal a fholaíonn ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal an léasaí;

forléireofar “léasóir”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar fhocal a fholaíonn ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal an léasóra;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar dó leis an Acht, Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “léas dílseánaigh” an bhrí a shanntar dó le halt 7 d'Acht 1958;

ciallaíonn “uasléasóir”, maidir le léasaí nó tionónta bliantúil, aon duine ag a bhfuil teideal chun leasa sa talamh a theachtann an léasaí nó an tionónta níos uasta ná leas an duine óna dteachtann an léasaí nó an tionónta an talamh.

(2) Na tagairtí atá san Acht seo do chúnant, coinníoll nó comhaontú i léas folaíonn siad tagairtí d'fhorcoimeád nó do choinníoll nó d'aon fhoráil eile den sórt sin atá sa léas.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo don chláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil aon talamh a fhorléiriú, i gcás an talamh a bheith i limistéir bheirt chláraitheoir contae nó níos mó, mar thagairtí don chláraitheoir contae arb ina limistéar atá an chuid is mó den talamh.

(4) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Ceart ginearálta chun feo simplí a fháil.

1946, Uimh. 9 .

1860, c.4.

3. —(1) Aon duine ar duine é lena mbaineann an t-alt seo maidir le haon talamh, beidh, faoi réir forálacha an Achta seo, de cheart aige, mar cheart a ghabhann leis an leas atá aige láithreach sa talamh, an leas sin a mhéadú ina fheo simplí, agus an feo simplí sa talamh agus aon leasanna idirmheánacha sa talamh a fháil chuige sin trí cheannach.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, baineann an t-alt seo leis na daoine seo a leanas maidir le haon talamh:

(a) duine a theachtann an talamh faoi léas foirgníochta arna dheonú roimh thosach feidhme an Acht seo nó dá éis sin,

(b) duine a theachtann an talamh faoi léas dílseánaigh arna dheonú roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin,

(c) duine a theachtaigh an talamh—

(i) faoi léas foirgníochta atá éagtha, nó

(ii) faoi léas dílseánaigh atá éagtha agus atá i dteideal go ndeonófaí léas frithdhílse dó ar an talamh faoi Acht 1958, agus

(d) i gcás inar tionóntán an talamh, de réir brí Acht 1931—

(i) duine a áitíonn an talamh faoi léas ar feadh téarma nach giorra ná naoi mbliana is nócha agus nach n-éagfaidh laistigh de chúig bliana is fiche tar éis dáta seirbheála fógra faoi alt 4 den Acht seo ag an duine maidir leis an talamh agus a fhorcoimeádann cíos bliantúil (cibé acu a fuasclaíodh nó nár fuasclaíodh é aon tráth) ar lú a mhéid ná méid luacháil inrátaithe na talún ar dháta tosach feidhme an Achta seo,

agus

(ii) duine atá, nó a raibh a réamhtheachtaithe i dteideal, go leanúnach ag áitiú na talún mar thionóntaithe bliantúla, i gcaitheamh iomlán na tréimhse cúig bliana fichead díreach roimh dháta seirbheála fógra ag an duine faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an talamh, ar chíos bliantúil ar lú a mhéid, ar dháta an fógra réamhráite a sheirbheáil, ná méid luacháil inrátaithe na talún ar an dáta sin.

(3) Na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo do léas foirgníochta agus do léas dílseánaigh ní fholaíonn siad tagairtí—

(i) do léas ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó nó ar a n-áirítear foirgneamh atá roinnte i gcuid nach lú ná ceithre árasán leithleacha lánscartha, is léas ina bhfuil forálacha á chumasú méid an chíosa a fhorcoimeádtar leis an léas a athrú laistigh de shé bliana is fiche ó thosach feidhme an léasa (nach forálacha á chumasú an cíos sin a athrú uair amháin, agus gan sin ach uair amháin, agus laistigh de chúig bliana ón tosach feidhme sin nó ar aon fhoirgnimh a thógáil tar éis an tosach feidhme sin ar an talamh nó ar chúnant, coinínoll nó comhaontú sa léas a shárú),

(ii) léas a deonaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó, is léas ina bhfuil forálacha á cheangal ar an léasaí gnó a sheoladh ar an talamh agus de shrian leis, go hiomlán nó go páirteach, gur in earraí a tháirg nó a sholáthraigh an léasóir a dhéileálfar,

(iii) léas ar thalamh ina bhfuil cúnant, coinníoll nó comhaontú ón léasaí foirgneamh nó foirngimh nó forbairt a dhéanamh ar an talamh mura mbeidh agus an fad nach mbeidh an cúnant, an coinníoll nó an comhaontú comhlíonta go hiomlán,

(iv) léas a rinne Coimisinéirí Soilse na hÉireann, nó

(v) léas a rinne údarás cuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , mar léasóir, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo, maidir le haon talamh, le duine—

(a) a bhfuil dearbhaithe, de bhua fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1958, nach bhfuil sé i dteideal léasa fhrithdhílse ar an talamh faoin Acht sin ar éag do léas foirgníochta nó do léas dílseánaigh agus atá i seilbh na talún faoin léas foirgníochta nó faoin léas dílseánaigh nó de bhua fho-alt (2) den alt sin,

(b) a áitíonn an talamh sin mar léasaí faoi léas den chineál a shonraítear i mír (d) d'fho-alt den (2) alt seo nó mar thionónta bliantúil murab é an duine, le linn dó a bheith ag áitiú na talún, nó duine eile le linn dó a bheith ag áitiú na talún mar léasaí nó mar thionónta, a thóg na foirgnimh atá ar an talamh, ach toimhdeofar go dtí go suífear a mhalairt, gur mar sin a tógadh na foirgnimh.

(5) (a) Beidh ráiteas sa deimhniú a bheidh sínithe ag an gCoimisinéir Luachála nó thar a cheann ar shliocht as an Liosta Luachála a eisíodh de bhun alt 9 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, gurb í an luacháil a thaispeántar sa sliocht an luacháil inrátaithe ag a bhfuil feidhm ar dháta a shonraítear sa deimhniú ina fhianaise prima facie, chun críocha mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, ar an bhfíoras sin.

(b) Má bhíonn talamh atá arna fhorléasadh le léas nó atá ar teachtadh ar thionóntacht bhliantúil gan luacháil ar leithligh ar dháta áirithe, beidh cumhacht ag an gCoimisinéir Luachála chun críocha an fho-ailt seo luacháil nó luachálacha inrátaithe na maoineanna ar a raibh an talamh ar áireamh ar an dáta sin a chionroinnt agus táille a bhaint amach as an gcionroinnt. Cinnfear gach táille den sórt sin, tabharfar cuntas inti agus cuirfear i gcrích í díreach mar a dhéantar leis na táillí a bhaineann an Coimisinéir amach de bhun an ailt sin 9.

(6) I gcás—

(a) inar éag léas foirgníochta nó léas dílseánaigh laistigh de chúig bliana roimh thosach feidhme an Achta seo,

(b) an duine a theachtaigh an talamh lenar bhain an léas a bheith, ar an tosach feidhme sin, i seilbh na talún sin faoi thionóntacht bhliantúil atá ann de dhroim sin a bheith intuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe nó mar thionónta ar toil nó gan tionóntacht nua a fháil, agus

(c) nach bhfuil duine ar bith, díreach roimh an tosach feidhme sin, i dteideal go ndeonófaí léas frithdhílse dó faoi Acht 1958,

beidh, i gcaitheamh an dá mhí dhéag díreach tar éis an tosach feidhme sin, na cearta céanna ag an duine sin maidir le fáil an fheo shimplí sa talamh faoin Acht seo a bheadh aige dá mbeadh sé i dteideal go ndeonófaí léas frithdhílse ar an talamh dó faoi Acht 1958.

Fógra go bhfuiltear chun feo simplí a fháil.

4. —Déanfaidh duine a bheartaíonn an feo simplí i dtalamh a fháil de bhua an Achta seo fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach duine acu seo a leanas is féidir a fhionnadh agus a dhéanamh amach, is é sin le rá, an duine atá de thuras na huaire i dteideal an uasleasa is neasa sa talamh, gach duine (más ann) arb é, maidir leis an talamh, uasléasóir an duine é a bheartaíonn amhlaidh agus gach duine (más ann) is úinéir ar eire ar an talamh.

An nós imeachta maidir le feo simplí a fháil.

5. —(1) (a) Ní bheidh duine a theachtann talamh faoi léas foirgníochta i dteideal an feo simplí sa talamh go léir a fháil faoin Acht seo mura bhfaighidh sé toiliú leis an bhfáil ó gach duine (más ann) a theachtann an talamh nó aon chuid de faoi léas dílseánaigh.

(b) Ní bheidh duine a theachtann talamh faoi léas foirgníochta i dteideal an feo simplí i gcuid den talamh a fháil faoin Acht seo—

(i) mura bhfaighidh sé toiliú leis an bhfáil ó gach duine (más ann) a theachtann an chuid nó aon mhír di faoi léas dílseánaigh, agus

(ii) má eisiann sé, ón bhfógra nó ó na fógraí faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an gcuid, an chuid eile den talamh.

(2) (a) Ní bheidh duine a theachtann talamh faoi léas dílseánaigh i dteideal an feo simplí sa talamh go léir a fháil faoin Acht seo mura bhfaighidh sé toiliú leis an bhfáil ó gach duine (más ann) a theachtann an talamh nó aon chuid de faoi fholéas ar léas dílseánaigh é féin.

(b) Ní bheidh duine a theachtann talamh faoi léas dílseánaigh i dteideal an feo simplí i gcuid den talamh a fháil faoin Acht seo—

(i) mura bhfaighidh sé toiliú leis an bhfáil ó gach duine (más ann) a theachtann an chuid nó aon mhír di faoi fholéas ar léas dílseánaigh é féin, agus

(ii) mura n-eisiann sé, ón bhfógra faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an gcuid, an chuid eile den talamh.

(3) Aon duine atá i dteideal an feo simplí i dtalamh a theachtann sé faoi léas a fháil faoin Acht seo beidh teideal aige go ndéanfar an cíos is iníoctha aige i leith na talún agus aon talamh eile a theachtar faoin léas céanna a chionroinnt faoin Acht seo idir an talamh a bhfuil an feo simplí ann á fháil aige agus an talamh eile.

Feo simplí a thíolacadh.

6. —(1) I gcás ina ndéanfar, maidir le talamh a mbeartaíonn duine an feo simplí ann a fháil faoin Acht seo, fógra faoi alt 4 den Acht seo, a sheirbheáil, déanfaidh an duine a sheirbheálfaidh é agus an duine ar a seirbheálfar é, gan mhoill mhíréasúnach, gach ní is gá chun an feo simplí a thíolacadh, saor ó eirí agus ó aon leasanna idirmheánacha sa talamh, don duine a bheartóidh an feo simplí a fháil.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ní fholaíonn “eirí” morgáiste ná muirear ar leas an duine a bheartaíonn an feo simplí a fháil, agus, ar an bhfeo simplí i dtalamh a thíolacadh do dhuine atá ag fáil an fheo shimplí ann faoin Acht seo agus a raibh a leas roimhe sin faoi réir morgáiste nó muirir den sórt sin, measfar gur morgáiste nó muirear ar an bhfeo simplí sa talamh an morgáiste nó an muirear mura mbeidh sé múchta.

Fógra ag éileamh eolais.

7. —(1) D'fhonn go n-uamfaidh na páirtithe riachtanacha go léir leis an bhfeo simplí i dtalamh a thíolacadh do dhuine atá i dteideal é a fháil faoin Acht seo, féadfaidh an duine—

(a) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar a léasóir is neasa maidir leis an talamh d'iarraidh eolais i dtaobh cineál agus ré a fhrithdhílse sa talamh agus i dtaobh aon eirí a bheith, agus i dtaobh cineál aon eirí atá, ar an talamh, agus i dtaobh ainm agus seoladh an duine atá de thuras na huaire i dteideal an chéad uasleasa eile sa talamh agus i dtaobh úinéir aon eire den sórt sin agus d'iarraidh aon eolais eile is gá le réasún chun na críche réamhráite, agus

(b) fógra den sórt céanna a sheirbheáil ar gach duine eile ag a bhfuil uasleas sa talamh.

(2) I gcás nach féidir duine ar a bhféadfar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le talamh a fhionnadh nó a dhéanamh amach, féadfar fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an duine a fhaigheann an cíos i leith na talún d'iarraidh ainm agus seoladh an duine lena n-íocann an duine ar a seirbheálfar an fógra an cíos agus d'iarraidh aon eolais eile is gá le réasún chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo déanfaidh sé, laistigh de mhí ó dháta na seirbheála sin, an oiread sin den eolas a iarrfaidh an fógra agus atá ina sheilbh nó ar fáil aige a thabhairt don duine a sheirbheálfaidh an fógra.

Forálacha maidir le páirtithe i dtíolacadh feo shimplí.

8. —(1) I gcás duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo feo simplí i dtalamh a thíolacadh nó uamadh le feo simplí i dtalamh a thíolacadh a bheith, mar gheall ar é a bheith i gcáil mhuiníneach nó eastát teoranta a bheith aige nó mar gheall ar chúnaint shriantacha sa léas faoina dteachtann sé, neamhábalta de réir dlí ar an bhfeo simplí a thíolacadh nó ar uamadh leis an bhfeo simplí a thíolacadh (de réir mar a bheidh), féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bfhuil an talamh, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, a chumhachtú don duine ar a mbeidh an ceanglas sin an feo simplí a thíolacadh nó uamadh leis an bhfeo simplí a thíolacadh (de réir mar a bheidh).

(2) Más naíon nó duine mímheabhrach duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo an feo simplí i dtalamh a thíolacadh nó uamadh lena thíolacadh nó mura féidir é a fhionnadh nó má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé an tíolacadh sin a fhorghníomhú, féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, oifigeach don Chúirt a cheapadh cun an tíolacadh sin a fhorghníomhú ar son agus in ainm an duine ar a mbeidh an ceanglas sin agus air sin beidh forghníomhú an tíolactha sin ag an oifigeach sin ar son agus in ainm an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine sin a d'fhorghníomhaigh é.

(3) Más rud é gur duine ainaithnid nó nach bhfuil faighte amach aon duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo an feo simplí i dtalamh a thíolacadh nó uamadh lena thíolacadh, féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh, ar iarratas ón duine a bheidh i dteideal faoin Acht seo an feo simplí a fháil, aon duine a fhaigheann an cíos i leith an leasa sa talamh de chuid an duine a bheidh i dteideal amhlaidh, nó cibé duine eile is oiriúnach leis an gcláraitheoir contae a cheapadh, an duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach a dúradh a ionadú sna himeachtaí go léir i ndáil leis an bhfeo simplí sa talamh a thíolacadh, agus féadfaidh sé, an tráth céanna nó ina dhiaidh sin, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an tíolacadh sin a fhorghníomhú ar son agus thar ceann an duine ar a mbeidh an ceanglas sin agus is duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach agus air sin beidh forghníomhú an tíolactha sin ag an oifigeach sin ar son agus thar ceann an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach a dúradh a d'fhorghníomhaigh é.

(4) I gcás ina ndéanfaidh cláraitheoir contae, faoi fho-alt (2) nó (3) don alt seo, duine a cheapadh chun tíolacadh feo shimplí i dtalamh a fhorghníomhú, nó uamadh lena thíolacadh a fhorghníomhú, ar son agus in ainm nó ar son agus thar ceann aon duine, féadfaidh an cláraitheoir contae a ordú an t-airgead ceannaigh is iníoctha leis an duine sin i gcomaoin a leas sa talamh a thíolacadh a íoc isteach sa Chúirt sula bhforghníomhófar an tíolacadh agus, ar an íoc sin a bheith déanta, beidh aon eastát, ceart nó leas sa talamh nó in aghaidh na talún de chuid an duine sin a bheidh ann tráth an t-íoc sin a dhéanamh arna aistriú chun an airgid agus astóidh sé de agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt, chun an t-airgead agus aon ús nó díbhinní air a chaitheamh agus a dháileadh, is dóigh léi is cuí.

(5) I gcás nach féidir duine a gceanglaítear fógra faoi alt 4 den Acht seo maidir le talamh a sheirbheáil air a fhionnadh nó a dhéanamh amach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo an feo simplí i dtalamh a thíolacadh nó uamadh lena thíolacadh an duine.

(6) Aon chumhacht a thugtar do chláraitheoir contae leis an alt seo nó le halt 14 don Acht seo ní fheidhmeofar í maidir le naoín nó duine mímheabhrach is coimircí cúirte ach amháin le cead na cúirte dár coimircí é, agus déanfar an chumhacht a thugtar don Chúirt le fo-alt (4) den alt seo a fheidhmiú, maidir le haon choimircí den sórt sin is coimircí den Ard-Chúirt, de réir ordachán na hArd-Chúirte.

Dliteanas i leith costas maidir le feo simplí a fháil.

9. —Aon duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) a bheartaíonn an feo simplí i dtalamh a fháil de bhua an Achta seo dlífidh sé go n-íocfaidh sé na costais agus na caiteachais réasúnacha a tabhaíodh iarbhír agus le riachtanas ag comhlíonadh forálacha an Achta seo ag duine ar ar seirbheáladh fógra faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an talamh ach, má sheirbheáiltear fógra faoi alt 10 den Acht seo maidir leis an talamh ar an duine, ní dhlífidh an t-iarratasóir aon chostais ná caiteachais den sórt sin a íoc a thabhóidh an duine tar éis an fógra deiridh sin a sheirbheáil.

Cumhacht chun scor d'fheo simplí a fháil.

10. —I gcás ina seirbheálfaidh duine fógra faoi alt 4 den Acht seo maidir le talamh, féadfaidh an duine, aon tráth sula dtíolacfar an feo simplí sa talamh dó, scor den fheo simplí a fháil trí fhógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt sin 4 á rá go bhfuil sé ag aistarraingt an fhógra sin agus nach bhfuil sé chun an feo simplí sa talamh a fháil.

Ceart ginearálta chun cíos a chionroinnt.

11. —(1) Má bhíonn talamh atá forléasta le léas (is léas foirgníochta nó léas dílseánaigh) ar teachtadh ag níos mó ná duine amháin ar léasaí gach duine acu faoi léas foirgníochta nó léas dílseánaigh, féadfaidh sannaí ó aon léasaí den sórt sin ar chuid den talamh sin nó comharba i dteideal aon sannaí den sórt sin agus go mbeidh an cíos a bheidh ar forcoimeád leis an léas chéadluaite á íoc leis an léasóir ag an aon duine amháin de na daoine, beidh an duine sin i dteideal go gcionroinnfear an cíos idir an chuid den talamh a theachtann seisean agus an chuid den talamh a theachtann gach duine eile den sórt sin a dhlíonn cuid den chíos a íoc leis an duine atá i dteideal amhlaidh.

(2) I gcás ina ndéanfar cíos atá ar forcoimeád le léas a chionroinnt faoin Acht seo idir codanna éagsúla den talamh atá forléasta leis an léas—

(a) ní bheidh aon chuid den sórt sin faoi réir go n-íocfar leis an léasóir ina leith ach amháin an mhír den chíos a chionroinnfear ina leith agus ní bheidh sé faoi réir aon mhír den chíos a íoc ina leith le haon duine eile, agus

(b) ní bheidh aon chuid den sórt sin faoi réir aon ní ach amháin comhlíonadh agus urramú na gcúnant agus na gcoinníoll atá sa léas a mhéid is inchurtha chun feidhme iad maidir leis an gcuid sin, ionann is nach raibh ach amháin an chuid sin forléasta leis an léas faoi réir an chíosa chionroinnte agus faoi réir na gcúnant agus na gcoinníoll réamhráite a chomhlíonadh agus a urramú.

(3) I gcás ina ndéanfar cíos atá ar forcoimeád le léas a chionroinnt faoin Acht seo—

(a) ní dhéanfar fíneáil, ná íocaíocht ar mhodh fíneála, a mhuirearú ná ní bheidh sin iníoctha, le haghaidh ná i leith na cionroinnte,

(b) ní rachaidh iomlán na gcíosanna is iníoctha de thoradh cionroinnte thar méid an chíosa atá ar forcoimeád leis an léas mar aon leis an gcostas breise measta (más ann), is incurtha i leith na cionroinnte, a bhainfidh leis na cíosanna cionroinnte a bhailiú,

(c) déanfar an costas breise measta (más ann), is inchurtha i leith na cionroinnte, a bhainfidh leis na cíosanna cionroinnte a bhailiú a chinneadh tráth na cionroinnte agus cuirfear é sa chíos cionnroinnte is iníoctha ag an duine a sheirbheáil an fógra faoi alt 12 den Acht seo i dtaobh an léasa.

Fógra go bhfuiltear chun a iarraidh cíos a chionroinnt.

12. —Déanfaidh duine a bheartaíonn go ndéanfar cíos atá ar forcoiméad le léas a chionroinnt faoin Acht seo fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach duine acu seo a leanas is féidir a fhionnadh agus a dhéanamh amach, is é sin le rá, an duine lenarb iníoctha an cíos agus aon duine eile a theachtann aon chuid den talamh atá forléasta leis an léas mar léasaí faoi léas foirgniochta nó léas dílseánaigh, mar shannaí ó aon léasaí den sórt sin nó mar chomharba i dteideal aon sannaí den sórt sin.

Cíos a chionroinnt.

13. —I gcás ina ndéanfar, maidir le cíos a bheartaítear a chionroinnt faoin Acht seo, fógraí faoi alt 12 den Acht seo a sheirbheáil, déanfaidh an duine a sheirbheálfaidh iad agus na daoine ar a seirbheálfar iad, gan mhoill mhíreasúnach, gach ní is gá chun cionroinnt a dhéanamh ar an gcíos lena mbainfidh na fógraí.

Forálacha maidir le páirtithe i gcionroinnt cíosa.

14. —(1) I gcás duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo uamadh le cíos a chionroinnt a bheith, mar gheall ar é a bheith i gcáil mhuiníneach nó eastát teoranta a bheith aige nó mar gheall ar chúnaint shriantachta sa léas faoina dteachtann sé, neamhábalta de réir dlí ar uamadh leis an gcionroinnt, féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh arb ina leith is iníoctha an cíos, ar iarratas ó aon duine lena mbainfidh, a chumhachtú don duine ar a gceanglaítear amhlaidh uamadh leis an gcionroinnt.

(2) Más naíon nó duine mímheabhrach duine ar a gceanglaítear leis an Acht seo uamadh le cíos a chionroinnt nó mura féidir é a fhionnadh nó a dhéanamh amach nó má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé aon doiciméad iomchuí a fhorghníomhú, féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh arb iníoctha an cíos ina leith, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an doiciméad sin a fhorgníomhú ar son agus in ainm an duine ar a mbeidh an ceanglas sin agus air sin beidh forghníomhú an doiciméid sin ag an oifigeach sin ar son agus in ainm an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine sin a d'fhorghníomhaigh é.

(3) Más rud é gur duine ainaithnid nó nach bhfuil déanta amach duine a gceanglaítear leis an Acht seo uamadh le cíos a chionroinnt, féadfaidh an cláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh arb iníoctha an cíos ina leith, ar iarratas ón duine a bheidh ag iarraidh na cionroinnte, aon duine a fhaigheann an cíos i leith an leasa sa talamh de chuid an duine a dhéanfaidh an t-iarratas, nó cibé duine eile is oiriúnach leis an gcláraitheoir contae a cheapadh, an duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach a dúradh a ionadú sna himeachtaí go léir i ndáil leis an gcionroinnt, agus féadfaidh sé, an tráth céanna nó dá éis, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun aon doiciméad iomchuí a fhorghníomhú ar son agus thar ceann an duine ar a gceanglaítear amhlaidh agus is duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach, agus air sin beidh forghníomhú an doiciméid sin ag an oifigeach sin ar son agus thar ceann an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine ainaithnid nó nach mbeidh déanta amach a dúradh a d'fhorghníomhaigh é.

(4) I gcás nach féidir maidir le duine ar a gceanglaítear fógra faoi alt 12 den Acht seo i ndáil le cíos a sheirbheáil é a fhionnadh nó a dhéanamh amach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur duine é ar a gceanglaítear leis an Acht seo uamadh leis an gcíos a chionroinnt.

Dliteanas i leith costas maidir le cíos a chionroinnt.

15. —Aon duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) a bheartaíonn go gcionroinnfear cíos faoin Acht seo dlífidh sé go n-íocfaidh sé na costais agus na caiteachais réasúnacha a tabhaíodh iarbhír agus le riachtanas ag comhlíonadh forálacha an Achta seo ag duine ar ar seirbheálash fógra faoi alt 12 den Acht seo maidir leis an gcíos, ach má sheirbheáiltear fógra faoi alt 16 den Acht seo maidir leis an gcíos ar an duine, ní bheidh an t-iarratasóir faoi dhliteanas maidir le haon chostais ná caiteachais den sórt sin a thabhóidh an duine tar éis an fógra deiridh sin a sheirbheáil.

Cumhacht chun scor de chíos a chionroinnt.

16. —I gcás ina seirbheálfaidh duine fógra faoi alt 12 den Acht seo maidir le cíos, féadfaidh an duine, aon tráth sula gcionroinnfear an cíos, scor den chionroinnt trí fhógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt sin 12 á rá go bhfuil sé ag aistarraingt an fhógra sin agus nach bhfuil sé ar intinn aige go gcionnroinnfí an cíos.

Ábhair áirithe a chinneadh trí eadráin.

1954, Uimh. 26 .

17. —(1) Má éiríonn aon díospóid, ceist nó deacracht maidir leis an bhfeo simplí nó le haon leas eile i dtalamh a fháil faoin Acht seo, maidir lena phraghas ceannaigh, maidir le cionroinnt an airgid cheannaigh sin is iníoctha i leith na fála sin nó cíosa faoi réim nó chun críocha an Achta seo, maidir le costais nó caiteachais a tabhaíodh faoin Acht seo, maidir le duine do chomhlíonadh forála atá san Acht seo nó maidir le haon ábhar eile a éireoidh faoin Acht seo (seachas ailt 25 go 30 den Acht seo), féadfaidh aon duine lena mbainfidh a iarraidh ar an gcláraitheoir contae don limistéar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iarratas an t-ábhar a chinneadh trína eadráin féin agus déanfaidh an cláraitheoir cibé dámhachtain a dhlífidh an ceartas.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo féadfaidh cláraitheoir contae, in eadráin faoin Acht seo, dámhachtain a dhéanamh maidir le talamh—

(a) ag cinneadh an duine (más ann) atá i dteideal an feo simplí ann a fháil faoin Acht seo,

(b) ag cinneadh an phraghais cheannaigh a íocfar i leith na fála,

(c) ag cinneadh an duine nó na ndaoine atá i dteideal an t-airgead ceannaigh i leith na fála a fháil agus an méid atá gach duine i dteideal a fháil,

(d) ag cinneadh an bhfuil duine i dteideal go gcionnroinnfí cíos faoi alt 5 nó 11 den Acht seo, agus

(e) ag cionroinnt (faoin alt sin 5 nó 11 nó eile chun críocha an Achta seo) aon chíosa is iníoctha i leith talún ar cuid de talamh a bhfuil an feo simplí ann á fháil faoin Acht seo.

(3) Beidh ag cláraitheoir contae, chun críche agus i leith eadrána faoin Acht seo, an chumhacht chéanna chun orduithe a dhéanamh maidir le—

(a) urrús i leith costas,

(b) follasú agus iniúchadh doiciméad agus agarcheisteanna,

(c) tabhairt fianaise trí mhionnscríbhinn,

(d) aon fhinné a scrúdú faoi mhionn,

atá ag an gCúirt chun críche agus i leith aon chaingne nó ábhair sa Chúirt sin.

(4) Aon uair is dóigh leis an gcláraitheoir contae d'aon chontae nach féidir leis déileáil go cuí le hábhar áirithe a bheidh le cinneadh trína eadráin faoin Acht seo mar gheall ar leas pearsanta a bheith aige ann nó an t-eolas pearsanta sin a bheith aige ar na fíorais nó ar na páirtithe a dhocharódh an t-ábhar a chinneadh aige, ainmneoidh sé an cláraitheoir contae do chontae tadhlach chun an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh agus, ar an ainmniú sin a bheith déanta, féadfar an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh dá réir sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag ailt 29, 35, 36, 37 agus 41 den Acht Eadrána, 1954 , maidir le headráin faoin Acht seo.

Forálacha maidir le praghas ceannaigh feo shimplí a chinneadh trí eadráin.

18. —(1) I gcás ina mbeidh praghas ceannaigh an fheo shimplí nó aon leasa eile i dtalamh a bheifear a fháil faoin Acht seo le cinneadh trí eadráin faoin Acht seo—

(a) is é an praghas ceannaigh, faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, an tsuim is dóigh leis an gcláraitheoir contae a bheidh ag seoladh na headrána a thabharfadh ceannaitheoir toilteanach agus a ghlacfadh díoltóir toilteanach ar an bhfeo simplí nó ar an leas eile agus aird a thabhairt ar an méid seo a leanas—

(i) an cíos is iníoctha i leith na talún ag an duine a bheidh ag fáil an fheo shimplí ann,

(ii) más ar léas atá éagtha a bhí an talamh ar teachtadh ag an duine a bheidh ag fáil an fheo shimplí ann nó más ar léas a éagfaidh laistigh de chúig bliana is fiche tar éis dáta seirbheála an fhógra faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an talamh a teachtann sé é, an cíos a fhorcoimeádfaí, i dtuairim an chláraitheora chontae, le léas frithdhílse ar an talamh a dheonófaí faoi Acht 1958 ar feadh tréimhse a thosódh ar éag don léas chéadluaite,

(iii) na torthaí reatha úis ar urrúis de chuid an Rialtais a eisíodh le suibscríobhadh sa Stát,

(iv) má úsáidtear an talamh chun críocha gnó nó más mó ná acra d'achar atá ann agus nach n-úsáidtear chun críocha gnó é, achar agus cineál na talún, a shuíomh agus a úsáid agus bailriocht aon fhoirgneamh nó déanmhas air,

(v) an praghas a íocadh ar an bhfeo simplí nó ar aon leas eile sa talamh ar dhíol a rinneadh an 22ú lá de Bhealtaine, 1964, nó dá éis sin,

(vi) aon mhorgáiste nó muirear eile ar an leas sa talamh de chuid aon duine óna bhfuil an talamh ar teachtadh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí,

(vii) na costais agus na caiteachais is dóigh leis an gcláraitheoir contae a thabhóidh na daoine óna bhfuil an talamh ar teachtadh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí ag infheistiú an airgid cheannaigh is iníoctha i leith an feo simplí a fháil,

(viii) praghas reatha leas an léasóra nó an tiarna talún i dtalamh atá ar teachtadh faoi léasanna nó tionóntachtaí bliantúla cosúil leis an léas nó an an tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar a bhfuil an talamh ar teachtadh ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí, agus

(ix) cibé ábhair eile is dóigh leis an gcláraitheoir is iomchuí maidir leis an bpraghas ceannaigh a chinneadh,

agus

(b)   (i) mura n-úsáidtear an talamh chun críocha gnó,

(ii) má tá an talamh ar teachtadh ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí faoi thionóntacht bhliantúil nó faoi léas nach n-éagfadh laistigh de chúig bliana is fiche tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an talamh a sheirbheáil, agus

(iii) mura mó ná acra achar na talún,

ansin, faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní rachaidh an praghas ceannaigh thar an méid a bhéarfadh go bliantúil dá n-infheisteofaí é ar dháta na dámhachtana san urrús de chuid an Rialtais a eisíodh go deiridh roimh an dáta sin le suibscríobhadh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná cúig bliana déag tar éis dáta a eisiúna, an oiread úis san iomlán (agus lamháltas a bheith déanta le linn an úis a ríomh i leith aon bhrabús nó caillteanas a tharlóidh ann ar an urrús a fhuascailt) agus is comhionann le méid an chíosa is iníoctha faoin léas nó faoin tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar feadh na bliana díreach roimh dháta an fhógra faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an talamh a sheirbheáil, agus

(c) i gcás ina bhfuil costas a bhaineann le cíos as talamh, nó muirear ar thalamh, a bhfuil an feo simplí ann á fháil faoin Acht seo a mhúchadh socair le reacht, déanfar lamháltas i leith an chostais sin le linn praghas ceannaigh an fheo shimplí a chinneadh faoin Alt seo.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis praghas ceannaigh an fheo shimplí nó aon leasa eile i dtalamh a gheofar faoin Acht seo a chinneadh trí eadráin faoin Acht seo, ansin, má iarrann páirtí san eadráin é ar an gcláraitheoir contae a rinne an cinneadh—

(a) déarfaidh sé an raibh aird aige, le linn dó an cinneadh a dhéanamh, ar ábhar nó ábhair den sórt dá dtagraítear in alt 18 (1) (a) (ix) de Acht seo, agus

(b) má bhí, sonróidh sé an t-ábhar nó na hábhair,

Forálacha maidir le costais eadrána.

19. —(1) I gcás ina ndéanfar dámhachtain nó ordú in eadráin faoin Acht seo, ordóidh an cláraitheoir contae a sheolfaidh an eadráin cé leis a n-íocfar agus cé a íocfaidh agus conas a íocfar costais na headrána agus fómhasfaidh sé nó socróidh sé méid na gcostas a bheidh le híoc amhlaidh.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, i gcás inar dóigh le cláraitheoir contae maidir le páirtí an eadráin faoin Acht seo a sheol sé gur iompair sé é féin (trí ghníomh nó neamhghníomh) go neamhréasúnach nó, gan cúis réasúnach chuige—

(a) gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé foráil den Acht seo a chomhlíonadh nó gur mhoilligh sé í a chomhlíonadh, nó

(b) gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé comhaontú a dhéanamh, nó gur mhoilligh sé comhaontú a dhéanamh, maidir le feo simplí i dtalamh a fháil faoin Acht seo nó maidir le cíos a chionroinnt faoin Acht seo nó maidir le costais na fála nó na cionroinnte sin,

agus gurbh é an t-iompar, an diúltú, an mhainneachtain nó an mhoill sin faoi deara gur tabhaíodh iomlán nó cuid de chostas na headrána, féadfaidh an cláraitheoir contae a ordú, mar is dóigh leis a bheith réasúnach, go n-íocfaidh na páirtí réamhráite iomlán costas na headrána nó cibé cuid díobh a shonróidh an cláraitheoir contae.

(3) Ní ordóidh cláraitheoir contae táillí abhcóide a áiritheofar thar ceann páirtí in eadráin faoin Acht seo a bheith le híoc ag páirtí eile san eadráin mura raibh ceist dlí ag gabháil leis an eadráin ar cheist í, i dtuairim an chláraitheora chontae, de shórt a thug gur ghá abhcóide a áirithiú.

(4) Na tagairtí atá san alt seo do chostais eadrána is tagairtí iad do chostais pháirtí agus pháirtí.

Cúnamh ón gCoimisinéir Luachála maidir le headrána.

20. —(1) Féadfaidh cláraitheoir contae a bheidh ag seoladh eadrána faoin Acht seo, agus déanfaidh sé má iarrann aon pháirtí lena mbainfidh air é, a chur faoi deara iarratas a chur chuig an gCoimisinéir Luachála ag iarraidh luacháil, meastachán nó ráiteas maidir le haon ábhar áirithe is ábhar iomchuí maidir le cinneadh praghas ceannaigh an fheo shimplí i dtalamh a bheidh á fháil faoin Acht seo nó maidir le cíos a chionroinnt faoin Acht seo agus féadfaidh sé an eadráin a chur ar atráth chun na críche sin.

(2) Ar iarratas a fháil faoin alt seo, cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara an luacháil, an meastachán nó an ráiteas sin a bheidh luaite san iarratas a ullmhú agus a chur chuig an gcláraitheoir contae lena mbainfidh mar aon le ráiteas ag insint na táille, arna ríomh de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, is iníoctha as.

(3) Beidh aon pháirtí lena mbainfidh i dteideal go bhfaighidh sé ón gcláraitheoir contae lena mbainfidh cóip de luacháil, meastachán nó ráiteas a thug an Coimisinéir Luachála dó de bhun an ailt seo, faoi réir é d'íoc as de réir an ráta a bheidh de thuras na huaire inéilithe de réir dlí as cóipeanna de dhoiciméid a fhaightear ó Oifig Cúirte Cuarda.

(4) An táille is iníoctha faoin alt seo as luacháil, meastachán nó ráiteas a chuirfidh an Coimisinéir Luachála chuig cláraitheoir contae de bhun an ailt seo iompróidh agus íocfaidh an páirtí nó na páirtithe sin í leis an gcláraitheoir contae agus sin sa chomhréir a ordóidh sé agus íocfaidh an cláraitheoir contae isteach sa Státchiste í, nó cuirfidh sé chun tairbhe don Státchiste í, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) I gcás ina gcuirfear iarratas faoin alt seo maidir le talamh chuig an gCoimisinéir Luachála ar iarratas ó pháirtí, tabharfaidh an cláraitheoir contae lena mbainfidh agus é ag cinneadh praghas ceannaigh an fheo shimplí i dtalamh nó ag cionroinnt cíosa is iníoctha i leith talún, de réir mar a bheidh, aird ar an luacháil, an meastachán nó an ráiteas a thug an Coimisinéir sin.

Cláir de dhámhachtana eadrána.

21. —(1) Coiméadfaidh cláraitheoir contae—

(a) clár san fhoirm fhorordaithe de na dámhachtana go léir a bheidh sé tar éis a dhéanamh in eadrána faoin Acht seo maidir le praghas an fheo shimplí i dtalamh a bheidh á fháil faoin Acht seo, agus

(b) clár san fhoirm fhorordaithe de na dámhachtana eile go léir a bheidh sé tar éis a dhéanamh in eadrána faoin Acht seo.

(2) Cuirfear cláir a bheidh á gcoimeád faoin alt seo ar fáil don phobal agus cuirfear cóipeanna de thaifid sna cláir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal agus féadfaidh an tAire na háiteanna agus na tráthanna a gcuirfear na cláir ar fáil amhlaidh a fhorordú agus freisin, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na táillí a éileofar i leith an iniúchta agus na gcóipeanna sin.

(3) Beidh cóip de thaifead i gclár a bheidh á choimeád faoin alt seo ag cláraitheoir contae a airbheartóidh a bheidh sínithe ag an gcláraitheoir contae, beidh sí, gan crúthanas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh a shínigh an chóip nó gurbh é an cláraitheoir contae é, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na hábhair a bheidh ráite sa taifead.

Cumhachtaí na Cúirte maidir le headrána.

22. —(1) Beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte i gcoinne dámhachtain, ordú nó cinneadh eile a dhéanfaidh cláraitheoir contae in eadráin faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chúirt, sula dtabharfaidh sí a breith, aon ábhar achomhairc chuici faoin alt seo a tharchur lena athbhreithniú chuig an gcláraitheoir contae a sheol an eadráin a bheidh i gceist nó an t-ábhar a tharchur lena athéisteacht chuig cláraitheoir contae eile.

(3) Aon dámhachtain nó ordú a dhéanfaidh cláraitheoir contae in eadráin faoin Acht seo féadfar, le cead na Cúirte, é a chur i bhfeidhm mar bhreithiúnas nó ordú den éifeacht chéanna agus, i gcás ina dtabharfar cead amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh i dtéarmaí na dámhachtana.

Fógraí a sheirbheáil.

23. —(1) Féadfar fógra faoin Acht seo a sheirbheáil tríd an bpost agus, más mar sin a sheirbheálfar é, is leis an bpost cláraithe a sheirbheálfar é.

(2) Má sheirbheáiltear fógra faoin Acht seo thar ceann duine, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an duine féin a sheirbheáil an fógra.

Forálacha maidir le morgáistí.

24. —(1) Chun críocha alt 3 nó 11 den Acht seo nó alt 11 nó 12 d'Acht 1958 a chur chun feidhme maidir le duine i ndáil le talamh, ní thabharfar aird ar mhorgáiste a bheidh ar leas an duine sin sa talamh.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh léasaí, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, tar éis morgáiste a fhorghníomhú tríd an talamh, nó cuid den talamh, atá ar áireamh ina léas a fhofhorleásadh agus frithdhílse ainmniúil ann a choimeád, agus

(b) go mbeifear, roimh an tosach feidhme sin nó dá éis, tar éis an talamh atá ar áireamh san fhofhorléas a dhíol chun an morgáiste a chur i bhfeidhm,

measfar, chun críocha an Achta seo go bhfuair an ceannaitheoir leas an léasaí sa talamh forléasta ar feadh iomlán téarma neamhéagtha an léasa, lena n-áiritear tréimhse na frithdhílse ainmniúla.

Leasú ar ailt 11 agus 12 d'Acht 1958.

25. —(1) Leasaítear leis seo ailt 11 agus 12 d'Acht 1958 trí “trí mhí” a chur in ionad “cúig bliana déag” i bhfo-alt (2) de gach alt.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cás a ndearnadh fógra bailí faoi fho-alt (1) den alt sin 11 nó den alt sin 12, cibé acu é, a sheirbheáil roimh thosach feidhme an Achta seo.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1958.

26. —(1) Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1958 trí “an t-ochtú” a chur in ionad “an séú” i bhfo-alt (4).

(2) Féadfaidh an tAire le hordú ó am go ham an fo-alt sin (4) a leasú trí chodán eile a chur in ionad an chodáin a bheidh ann de thuras na huaire.

(3) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm mura gceadófar é le rún ó gach Teach den Oireachtas ach, ar é a cheadú amhlaidh, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach.

Leasú ar alt 57 d'Acht 1931.

27. —Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht 1931 trí “maran gá, de dhruim an atharuithe, aon atharú do dhéanamh ar dhéanmhas an tionóntacháin,” a scriosadh as mír (b) d'fho-alt (2) agus “mura gá, de dhroim an athraithe, aon fhoirgneamh nó déanmhas a thógáil, a sholáthar nó a athfhoirgniú (nach feabhsú de réir brí an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ” a chur isteach.

Leasú ar alt 58 d'Acht 1931.

1958, Uimh. 2 .

28. —Leasaítear leis seo alt 58 d'Acht 1931 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Gach léas (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a rinneadh é) ar thionóntán ina bhfuil cúnant, coinníoll nó comhaontú á thoirmeasc, go sainráite nó de bhua fho-alt (1) den alt seo, aon fheabhsú a dhéanamh air gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, an coinníoll nó an comhaontú sin, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt, faoi réir an choinníll nach mbeidh aon fhíneáil ná suim airgid ar mhodh fíneála (seachas suim réasúnach i leith caiteachais dlí nó caiteachais eile a thabhaigh sé i ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú sin) ná aon mhéadú cíosa iníochta i leith an cheadúnais nó an toilithe sin.

(4) San alt seo tá le ‘feabhsú’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958.”

Cúnaint shriantacha áirithe a mhaolú.

1963, Uimh. 28 .

1946, Uimh. 9 .

29. —(1) Má bheartaíonn duine a theachtann talamh faoi léas (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a deonaíodh é) is léas foirgníochta nó léas dílseánaigh aon ní a dhéanamh maidir le talamh—

(a) is forbairt agus a bhfuil cead tugtha ina leith faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ,

(b) is forbairt eiscthe chun críocha an Achta sin, nó

(c) a gceanglaíonn alt 84 den Acht sin dul i gcomhairle maidir leis agus a bhfuil sin déanta a mhéid a cheanglaíonn an t-alt sin,

agus dá ndéanfaí é, ar shárú é, ar leith ón alt seo, ar aon chúnant, coinníoll nó comhaontú sa léas á thoirmeasc úsáid na talún a athrú nó feabhsú (de réir brí Acht 1958) a dhéanamh air, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an gcúnant, an coinníoll nó an comhaontú a mhéid a thoirmeascann sé an t-athrú sin nó feabhsú den sórt sin a dhéanamh, maidir leis an ní sin.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cúnant, coinníoll nó comhaontú—

(a) lena mbaineann alt 31 den Acht seo, nó

(b) atá i léas a rinne údarás cuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , mar léasóir, roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin.

(c) a bhfuil d'éifeacht aige toirmeasc a chur le haon fhoirgneamh nó déanmhas a thógáil, a sholáthar nó a athfhoirgniú (nach feabhsú de réir brí Acht 1958), sa mhéid go bhfuil an éifeacht sin ag an gcúnant, ag an gcoinníoll nó ag an gcomhaontú, nó

(d) á thoirmeasc aon athrú a dhéanamh ar úsáid na talún atá forléasta leis an léas a d'fhorchuirfeadh dliteanas nó dliteanas méadaithe ar an léasóir rátaí a íoc, sa mhéid go dtoirmeascann an cúnant, an coinníoll nó an comhaontú an t-athrú sin.

Athrú ar chúnaint áirithe gur le hárachóir áirithe a dhéanfaí árachú.

1936, Uimh. 45 .

30. —I gcás ina bhfuil léasaí faoi léas foirgníochta nó léas dílseánaigh faoi cheangal, de bhua cúnant, coinníoll nó comhaontú (más i léas nó i gcomhaontú foghabhálach nó comhthaobhach nach morgáiste dó), conradh árachais maidir le foirgneamh nó foirgnimh ar an talamh atá forléasta leis an léas a dhéanamh le hárachóir sonraithe nó le hárachóir arna roghnú nó arna cheadú ag an léasóir faoin léas nó le duine eile nó trí ghníomhaire sonraithe nó trí ghníomhaire arna roghnú nó arna cheadú ag an léasóir sin nó ag duine eile, forléireofar an cúnant, an coinníoll nó an comhaontú agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba chúnant, coinníoll nó comhaontú é á cheangal ar an léasaí an conradh árachais sin a dhéanamh, díreach nó trí aon ghníomhaire, de réir mar a bheidh, le haon árachóir is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas árachais a eisíodh faoin Acht Arachais, 1936 .

Cúnaint áirithe a dhéanann difear d'fheo simplí a gheofar faoin Acht seo do leanúint i bhfeidhm.

31. —I gcás ina bhfaighfear faoin Acht seo an feo simplí i dtalamh atá forléasta le léas ina bhfuil cúnant, coinníoll nó comhaontú a chosnaíonn nó a mhéadaíonn taitneamhachtaí aon talún atá á áitiú ag úinéir leas an léasóra sa léas nó a bhaineann le comhlíonadh dualgais a fhorchuireann reacht ar an úinéir sin nó le ceart slí thar an talamh atá forléasta leis an léas nó ceart siltin nó ceart eile is gá chun forbairt talún, seachas an talamh atá forléasta leis an léas, a áirithiú nó chun cabhrú leis an bhforbairt sin, leanfaidh an cúnant, an coinníoll nó an comhaontú de lán-fheidhm agus de lán-éifeacht a bheith aige d'ainneoiu aon ní atá san Acht seo agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm, i gcás cúnant, coinníoll nó comhaontú nach bhfuil feidhm aige maidir le ceart slí, ceart siltin nó ceart eile mar a dúradh, ag an úinéir sin nó ag a ionadaithe pearsanta nó ag a chomharbaí i dteideal ionann is nár tharla an fáil agus, i gcás cúnant, coinníoll nó comhaontú nach bhfuil feidhm den sórt sin aige, beidh sé inchurtha i bhfeidhm ag aon duine arb éagóir air a shárú.

Costais léasanna.

32. —(1) D'ainneoin aon riail dlí, ní bheidh páirtí i léas faoi aon oibleagáid na costais aturnae maidir leis an léas a bheidh ar aon pháirtí eile sa léas a íoc agus an méid sin d'aon chonradh a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo a fhorálann go mbeidh na costais aturnae maidir leis an léas a bheidh ar aon pháirtí sa léas le híoc ag aon pháirtí eile sa léas sin beidh sé ar neamhní.

(2) San alt seo folaíonn “léas” comhaontú le haghaidh léasa nó le haghaidh tionóntachta ach ní fholaíonn sé morgáiste trí fhofhorléas.

Conarthaí áirithe a bheith ar neamhní.

33. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an méid sin d'aon chonradh a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo a fhorálann nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil áirithe den Acht seo maidir le duine nó go mbeidh feidhm aon fhorála den sórt sin arna hathrú, arna modhnú ná arna srianadh in aon slí maidir leis an duine sin beidh sé ar neamhní.

(2) Ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar dhuine, i ndáil leis an bhfeo simplí nó leas eile i dtalamh a fháil faoin Acht seo, nó cíos a chionroinnt faoin Acht seo, teideal chun an fheo shimplí nó chun aon leasa eile sa talamh is giorra ná an teideal atá an ceannaitheoir i dteideal, d'éagmais conradh speisialta, a thabhairt nó a ghlacadh.

Rialacháin.

34. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ábhar dá dtagraitear san Acht seo mar ábhar forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

1860, c. 154.

1881, c. 41.

35. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 10 agus 18 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, agus na focail “To a covenant or condition against the assigning, underletting, parting with the possession, or disposing of the land leased; or” atá in alt 14 (6) (i) den Conveyancing Act, 1881.

(2) I gcás ina ndearnadh, roimh thosach feidhme an Achta seo, sárú ar chomhaontú ar shárú ar an alt sin 10 nó 18 é mura mbeadh an t-alt seo agus nár cuireadh ceart athiontrála nó forghéilleadh mar gheall ar an sárú i bhfeidhm agus nach ndearnadh imeachtaí chun an ceart sin a chur i bhfeidhm a thionscnamh roimh thosach feidhme an Actha seo, measfar maidir leis an sárú, gur tháinig an t-alt seo i ngníomh díreach roimh an sárú.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

36. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1967, a ghairm díobh le chéile.