6 1967


Uimhir 6 de 1967


AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ ACHTACHÁN A BHAINEANN LE CÁIN IONCAIM AGUS LE FORCHÁIN, LENA nÁIRÍTEAR ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN FREISIN LE CÁIN BHRABÚS CORPARÁIDE. [8 Márta, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Léiriú agus Réamhráiteach

Caibidil I

Léiriú

Léiriú i gcoitinne.

1909, c. 49.

1946, Uimh. 24 .

1940, Uimh. 14 .

1937, Uimh. 38 .

1920, c. 18.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt nó mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ciste blianachta”, i gcás nach gcoinnítear ciste blianachta ar leithligh ó chiste árachais saoil chuideachta árachais, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionann agus dliteanas na cuideachta faoina conarthaí blianachta, mar a luaitear ina tuairisceáin thréimhsiúla faoin Assurance Companies Act, 1909;

ciallaíonn “ioncam inmheasúnaithe” i gcás aon ioncaim seachas ioncam tuillte méid an ioncaim sin arna mheas de réir forálacha an Achta seo;

ciallaíonn “cuideachta árachais” aon daoine nó comhlachtaí daoine lena mbaineann an Assurance Companies Act, 1909;

ciallaíonn “comhlacht daoine” aon chomhlacht polaiteach, corpraithe, nó coláisteach, agus aon chuideachta, bráithreachas, comhaltacht agus cumann daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe;

ciallaíonn “Cléireach do na Coimisinéirí Speisialta” an duine atá de thuras na huaire údaraithe ag na Coimisinéirí Speisialta gníomhú sa cháil sin;

ciallaíonn “Bailitheoir” an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 162;

ciallaíonn “tosach feidhme an Achta seo” an 6ú lá d'Aibreán, 1967: is é sin, an dáta a thiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm, faoi réim agus de réir alt 554;

tá le “ráta contae” an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht Rialtais áitiúil, 1946 ;

ciallaíonn “ciste árachais saoil coigríche” aon chiste is ionann agus méid dliteanais chomhlacht árachais i leith gnó árachais saoil le sealbhóirí polasaithe agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát agus a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta, nó ar dheonaigh an chuideachta a gconarthaí blianachta, i mbrainse nó gníomhaireacht nó trí bhrainse nó gníomhaireacht lasmuigh den Stát, agus, i gcás nach gcoinnítear ciste den sórt sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta, ciallaíonn sé an chuid sin den chiste árachais saoil is ionann agus dliteanas na cuideachta faoi na polasaithe agus na conarthaí blianachta sin; an dliteanas sin a mheas sa tslí chéanna ina ndéantar é a mheas chun críocha tuairisceán tréimhsiúil na cuideachta faoin Assurance Companies Act, 1909;

ciallaíonn “duine éagumasaithe” aon naíon nó duine mímheabhrach;

ciallaíonn “cigire” cigire cánach arna cheapadh faoi alt 161;

folaíonn “gnó árachais saoil” gnó deonaithe blianachtaí;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

(b) comhairle contae, nó

(c) comhairle ceantair uirbigh;

tá le “ráta bardasach” an bhrí a shanntar dó le halt 46;

tá le “Coimisinéirí na bhFiach Náisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ;

folaíonn “gairm” slí bheatha;

ciallaíonn “údarás rátúcháin”—

(a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

(b) comhairle contae, nó

(c) comhairle ceantair uirbigh;

folaíonn “gaol” duine ar bith a raibh a choinneáil ag an duine ag a bhfuil asbhaint á éileamh agus a bhí á chothabháil aige ar a chostas féin an fad a bhí an duine sin faoi bhun sé bliana déag d'aois;

tá le “achtacháin aisghairthe” an bhrí a shanntar dó le halt 554 (1);

tá le “ioncam inchánaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 137 (1);

ciallaíonn “an ráta caighdeánach cánach” an lánráta cánach ioncaim a mhuirearaítear in aghaidh na bliana;

tá le “reacht” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó forcháin;

tá le “ioncam inchánach” an bhrí a shanntar dó le halt 137 (1);

folaíonn “trádáil” gach trádáil, ceird, monarú, fiontar nó cúram de chineál trádála;

ciallaíonn “bliain mheasúnachta”, maidir le haon cháin, an bhliain a ndearnadh cáin den sórt sin a fhorchur ina haghaidh le haon Acht a fhorchuireann dleachtanna cánach ioncaim;

ciallaíonn “an bhliain 1967-68” an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1967, agus ciallaíonn aon abairt chomhréire ina bhfuil lua den tsamhail chéanna ar dhá bhliain an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain is túisce a luaitear den dá bhliain sin.

(2) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis, mura dtaispeántar gur tagairt d'achtachán éigin eile atá ar intinn.

(4) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeántar gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá ar intinn.

(5) Déanfar an méid den Acht seo a bhaineann le cáin bhrabús corparáide a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

Ioncam tuillte

[1918, a. 14 (3) (4); 1919, a. 22; 1920, a. 33; 1958, a. 40 (1) (4) (5); 1959, a. 53; 1961, a. 10 (4); 1964, a. 8 (4).]

1837, c. 2 (1 Vict.)

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2), san Acht seo ciallaíonn “ioncam tuillte”, maidir le haon phearsa aonair—

(a) aon ioncam a éiríonn maidir le luach saothair ar bith ó aon oifig nó fostaíocht shochair atá ag an bpearsa aonair, nó maidir le haon phinsean, aoisliúntas, nó liúntas eile, pá iarchurtha, nó cúiteamh i leith cailliúint oifige, a tugadh i leith seirbhísí a rinne an phearsa aonair nó fearchéile nó tuiste na pearsan aonair in aon oifig nó fostaíocht shochair nó a tugadh don phearsa aonair i leith na seirbhísí a rinne aon duine éagtha, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an phearsa aonair nó fearchéile nó tuiste na pearsan aonair tar éis ranníoc a dhéanamh i leith an phinsin, an aoisliúntais, nó an phá iarchurtha sin; agus

(b) aon ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le díolaiochtaí, nó is cuid de dhíolaíochtaí, aon oifige nó fostaíochta sochair atá ag an bpearsa aonair; agus

(c) aon ioncam a mhuirearaítear faoi Sceideal B nó Sceideal D, agus a fhaigheann an phearsa aonair go díreach as a thrádáil nó a ghairm a sheoladh nó a fheidhmiú, cibé acu mar phearsa aonair, nó, i gcás comhpháirtíochta, mar pháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht.

I gcásanna ina measfar gur brabúis leis an bhfearchéile brabúis banchéile, folaíonn aon tagairt san fho-alt seo don phearsa aonair an fearchéile nó an banchéile.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), san Acht seo, folaíonn “ioncam tuillte”, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite—

(a) ioncam ar bith a éiríonn i ndáil le pinsin Státliosta a deonaíodh faoin Civil List Act, 1837, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin;

(b) aon íocaíochtaí sochar a meastar, de bhua alt 224 (4), gur díolaíochtaí iad lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V;

(c) nuair a bheifear a bhreithniú an bhfuil aon fhaoiseamh le deonú do phearsa aonair faoi alt 134 nó faoi alt 138 (3) agus, má tá, cén faoiseamh é, aon ioncam ó chearta paitinne (mar mhínítear in alt 284) chun pearsa aonair i gcás inar deonaíodh an phaitinn i leith aireagán a cheap sé féin iarbhír, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile;

(d) i gcás pearsa eaglaise nó ministir d'aon aicme creidimh a ghlac an rogha maidir le luach bliantúil an tí a áitíonn sé dá bhforáiltear le halt 548, suim ar bith atá le háireamh mar ioncam tuillte dá chuid de bhua na rogha sin;

(e) blianacht ar bith is iníoctha le pearsa aonair de réir téarmaí chonradh blianachta nó scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil III de Chuid XII, a mhéid is iníoctha an bhlianacht sin de chomaoin ar aon mhéid a dtugtar faoiseamh ina leith faoi alt 236; agus

(f) íocaíocht ar bith is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E de bhua alt 114;

Ar choinníoll, má tharla i gcás ioncam ó aon chearta paitinne den sórt a luaitear i mír (c), gur le haon duine eile tráth ar bith aon chuid de na cearta atá i gceist nó d'aon chearta ar deonaíodh iad astu, nach measfar gur ioncam tuillte ach amháin an méid sin den ioncam sin nach inchurtha go hiomchuí i leith na gcearta ba leis an duine eile sin.

“Na hAchtanna Cánach Ioncaim”.

[1919, a. 28;

1924, a. 42 (2).]

3. —In achtachán ar bith a rithfear tar éis an Achta seo ciallóidh “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an tAcht seo agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim nó forcháin.

Caibidil II

Réamhráiteach

Muirear; Sceidil.

[1918, a. 1.]

4. —I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, an cháin de réir an ráta sin a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis, nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceideal atá sna hailt den Acht seo a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá—

Sceideal A—Alt 9;

Sceideal B—Alt 30;

Sceideal C—Alt 47;

Sceideal D—Alt 52; agus

Sceideal E—Alt 109,

agus is inchurtha chun feidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin de réir forálacha an Achta seo.

Measúnachtaí bliantúla.

[1918, a. 2;

1924, a. 43 (1).]

5. —Déanfar gach measúnacht agus muirear i leith cánach do bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán ina dhiaidh sin.

Codáin d'fhiche scilling.

[1918, a. 3.]

6. —Déanfar an chionúireacht chuí chánach a mhuirearú ar gach codán d'fhiche scilling ach ní mhuirearófar aon cháin d'ainmluach is lú ná pingin.

Feidhm maidir le cáin sa bhliain ina dhiaidh sin a bheith ag achtacháin a bheidh i bhfeidhm d'aon bhliain áirithe.

[1918, a. 210.]

7. —D'fhonn a áirithiú go gcruinneofar i dtráth cuí cáin a fhéadfar a fhorchur d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, beidh ag na forálacha sin go léir atá san Acht seo, nó in aon Acht eile a bhaineann le cáin, agus a bhí i bhfeidhm an lá roimhe sin, lán-fheidhm agus lán-éifeacht maidir leis an gcáin a fhéadfar a fhorchur amhlaidh, ionann agus dá mba go ndearnadh an cháin sin a fhorchur iarbhír le hAcht ón Oireachtas agus na forálacha sin a fheidhmiú ina leith leis an Acht.

Muirearú agus asbhaint cánach nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh roimh dháta an Achta bhliantúil a rith.

[1918, a. 211.]

8. —(1) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go ndearnadh aon íocaíochtaí leathbhliantúla nó ráithiúla ar chuntas aon úis, díbhinní nó brabús nó gnóchan bliantúil eile, roimh an dáta a ritheadh an tAcht ag forchur na cánach don bhliain sin, agus nach mbeifear tar éis cáin a mhuirearú ar an gcéanna nó a asbhaint as, nó nach mbeifear tar éis cáin a mhuirearú air nó a asbhaint as de réir an ráta a forchuireadh go críochnaitheach don bhliain sin, déanfar an méid nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh amhlaidh a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D i leith na n-íocaíochtaí sin, mar bhrabúis nó gnóchain nár muirearaíodh de bhua aon Sceidil eile, agus déanfaidh na gníomhairí ar cuireadh ar a n-iontaobh ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla eile a íoc liosta a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh ainmneacha agus seolta na ndaoine dar tugadh íocaíochtaí agus méid na n-íocaíochtaí sin, ar éileamh ó na Coimisinéirí chuige sin.

(2) Duine ar bith a mbeidh sé dlite de aon chíos, ús nó blianacht a íoc, nó aon íocaíocht bhliantúil eile a dhéanamh, beidh údarás aige aon asbhaint a dhéanamh ar chuntas cánach d'aon bhliain mheasúnachta nach mbeidh déanta aige roimh dháta an Achta a rith a fhorchuireann an cháin don bhliain sin, nó aon easnamh in aon asbhaint den sórt sin a rinneadh amhlaidh a shlánú an chéad uair eile a mbeidh an cíos, an t-ús nó an bhlianacht á íoc nó a bheidh an íocaíocht bhliantúil eile á déanamh tar éis dáta an Achta a rith a d'fhorchuir an cháin amhlaidh, i dteannta aon asbhaint eile a bheidh údaras aige de réir dlí a dhéanamh, agus beidh teideal aige freisin, mura mbeadh aon íocaíocht ann arís as a bhféadfar an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a ghnóthú a fhéadfaí a asbhaint ionann agus dá mba fhiach í a bhí dlite den duine ar ina choinne a fhéadfaí an asbhaint a dhéanamh i gcéaduair dá mbeadh an tAcht a d'fhorchuir an cháin don bhliain i bhfeidhm.

CUID II

Sceidil A agus B

Caibidil I

Sceideal A

Sceideal A.

[1918, Sc. A.]

[1929, a. 8 agus Sc. 1, Cuid I.]

9. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal A—

Sceideal A

1. Muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith na maoine sna tailte, sna tionóntáin agus sna hoidhreachtáin uile sa Stát, in aghaidh gach fiche scilling dá luach bliantúil.

2. Ní bhaineann mír 1 le tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a ndéantar, de bhua alt 53, an mhaoin iontu a mhuirearú faoi Sceideal D, Cás 1.

Luach Bliantúil a Mheas

Luach bliantúil do Sceideal A.

[1918, a. 187 (1); 1935, a. 3 (1) (6) (7) (8); 1944, a. 3 (1).]

10. —(1) Baineann an t-alt seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chuid seo, le luach bliantúil na maoine uile ar maidir léi a bheidh cáin faoi Sceideal A le muirearú.

(2) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is é luach bliantúil na maoine uile cúig cheathrú luacháil inrátaithe na maoine sin de thuras na huaire.

(3) Is é luach bliantúil tailte agus tithe feirme agus foirgneamh feirme a bheidh áitithe i dteannta tailte chun feirmeoireacht a dhéanamh ar na tailte sin a luacháil inrátaithe de thuras na huaire.

(4) Is é luach bliantúil na maoine uile atá i gContae-Bhuirg Phort Láirge luacháil inrátaithe na maoine de thuras na huaire.

(5) Má bhíonn ar áireamh sa luach bliantúil ar maidir leis a bheidh cáin le muirearú ar aon mhaoin de bhun fho-alt (2) (arna ríomh de réir an fho-ailt sin) codán de phunt nach cúig scilling nó iolrú ar chúig scilling féadfar—

(a) más mó é ná deich scilling, an codán sin de phunt a laghdú, chun an luach bliantúil sin a ríomh amhlaidh, go dtí an chéad iolrú eile is ísle ar chúig scilling, nó

(b) más mó é ná cúig scilling ach gur 1ú é ná deich scilling, an codán sin de phunt a laghdú, chun na críche a dúradh, go cúig scilling, nó

(c) más 1ú é ná cúig scilling, neamhshuim a dhéanamh den chodán sin de phunt chun na críche a dúradh.

(6) I gcás ina mbeidh, de bhua fho-alt (2), cáin muirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta ar mhaoin faoi threoir luach bliantúil arna ríomh de réir an fho-ailt sin, agus go laghdófar ina dhiaidh sin an luacháil ar an maoin a bhí i bhfeidhm sa bhliain mheasúnachta sin chun críocha an ráta chontae nó an ráta bhardasaigh agus go dtiocfaidh an laghdú i ngníomh chun críocha an ráta chontae nó an ráta bhardasaigh tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta sin, ansin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir faoiseamh i leith na cánach sin a bheidh muirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin a dheonú maidir le luach bliantúil arna ríomh de réir chúig cheathrú den luacháil sin arna laghdú amhlaidh, féadfaidh siad an faoiseamh sin a dheonú trí aisíoc nó ar shlí eile.

Áit chónaithe úinéir-áitithe phríobháideach.

[1954, a. 5.]

11. —(1) Má dhéanann pearsa aonair éileamh sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo agus go gcruthóidh sé gurb eisean úinéir aon mhaoine a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, feidhm ag alt 10 (2) maidir léi agus go bhfuil an mhaoin sin á háitiú aige go heisiatach mar áit chónaithe dó féin, ansin—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 10 (2) maidir leis an maoin,

(b) faoi réir forálacha na Coda seo, is é luach bliantúil na maoine faoi Sceideal A a luacháil inrátaithe de thuras na huaire, agus

(c) má muirearaíodh cáin i leith na maoine iomchuí ar shlí seachas de réir an ailt seo, aisíocfar aon cháin a ró-íocadh.

(2) Measfar maoin a bheith á háitiú go heisiatach mar áit chónaithe dó féin ag an bpearsa aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) más rud é gur chuige sin atá sí á háitiú aige go formhór agus nach bhfuil aon chuid di á háitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid di á háitiú chun críocha gairme.

Tithe nua-thógtha.

[1935, a. 2.]

12. —D'fhonn a dhéanamh amach i gcás teach nó foirgneamh a bheidh rátaithe den chéad uair, cad é an luach bliantúil ar faoina threoir a bheidh cáin inmhuirir, de bhun na Coda seo, faoi Sceideal A, measfar an luacháil ar faoina threoir a bheidh an teach nó an foirgneamh rátaithe amhlaidh a bheith i bhfeidhm don bhlian mheasúnachta ar lena linn a áiteofar an teach nó an foirgneamh den chéad uair, ach sin faoi réir aon fhaoiseamh is gá i leith na coda sin (más aon chuid é) den bhliain sin nach raibh an teach nó an foirgneamh áitithe.

Measúnacht faoi threoir cíosa bhliantúil.

[1918, a. 187 (4) (5) (6);

1935, a. 3 (5);

1944, a. 3 (1).]

13. —(1) I gcás achomhairc ag duine ar dóigh leis gurb éagóir air aon mheasúnacht faoi Sceideal A, má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta a éistfidh an t-achomharc, nó an Bhreithimh a athéisteoidh an t-achomharc, gur mó an luach bliantúil ar a bhfuil an mheasúnacht bunaithe ná an cíos bliantúil ar ar fiú an mhaoin ar ina leith a dhéantar an mheasúnacht a ligean ó bhliain go bliain, tabharfar faoiseamh tríd an measúnacht a laghdú agus an cháin a mhuirearú ar an méid ar a muirearófaí í dá nglacfaí leis an gcíos sin mar fhoras na measúnachta in ionad an luacha bhliantúil sin.

(2) Más mó an cíos bliantúil sin ar ar fiú an mhaoin a ligean ó bhliain go bliain ná an cíos iarbhír is iníoctha go bliantúil ag an tionónta nó ag an áititheoir, déanfar an tiarna talún nó an léasóir is neasa a mheasúnú agus a mhuirearú, faoi Sceideal A, ar mhéid an chíosa iarbhír amháin, agus déanfar an tionónta nó an t-áititheoir a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal A ar an difear.

(3) Más dóigh le cigire nó le cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin gur mó an luach bliantúil ar faoina threoir atá measúnacht chánach déanta ar aon mhaoin de bhun alt 10 (2) ná an cíos bliantúil ar ar fiú an mhaoin a ligean ó bhliain go bliain, féadfaidh sé, d'ainneoin nach ndearnadh aon achomharc in aghaidh na measúnachta agus d'ainneoin alt 416 (6), faoiseamh a dheonú aon tráth roimh dheireadh na bliana measúnachta tríd an measúnacht a laghdú agus an cháin a mhuirearú ar an méid ar a muirearófaí í, dar leis, dá mba gur measúnaíodh í faoi threoir an chíosa bhliantúil a dúradh in ionad í a mheasúnú faoi threoir an luacha bhliantúil sin, agus is measúnacht chríochnaitheach dhochloíte chun gach críche an mheasúnacht arna laghdú amhlaidh.

(4) Más rud é, maidir le duine a fhaigheann cíos i leith aon mhaoine atá díolmhaithe óna rátú faoin ráta chontae, nó nach bhfuil inmheasúnaithe faoin ráta bardasach ach amháin ar chionúireacht den luacháil inrátaithe, go bhfuil ráta inmhuirir ar an duine sin go feadh leath phuntáiste aon ráta chontae nó nach bhfuil sé inmheasúnaithe i leith an chíosa sin faoin ráta bardasach ach amháin ar chionúireacht den luacháil inrátaithe, déanfar an cháin faoi Sceideal A a mheasúnú agus a mhuirearú air ar lánmhéid an chíosa sin.

Daoine is Inmhuirir

Daoine is inmhuirir.

[1918, a. 187 (2);

1944, a. 3 (1);

1963, a. 24 (1).]

14. —Muirearófar cáin faoi Sceideal A ar thiarna talún nó ar léasóir is neasa na maoine, ach féadfar, más dóigh leis an gcigire gur gá nó gur cuí sin, í a mhuirearú ar an duine a bheidh rátaithe faoin ráta contae nó faoin ráta bardasach i leith na maoine.

Measúnachtaí ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B i gcásanna áirithe.

[1965, a. 3 (1) (2) (3) (6).]

15. —(1) Má bhíonn duine—

(a) i gcaitheamh aon choda de bhliain mheasúnachta, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine nó le daoine eile sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó

(b) i gcaitheamh iomlán aon bhliana measúnachta, i gcomhpháirt mar a dúradh,

i dteideal aon eastáit nó leasa i maoin a mbeadh sé inmheasúnaithe ar leithligh nó i dteannta an duine nó na ndaoine eile ina leith faoi Sceideal A nó Sceideal B, dá mbeadh seisean, nó eisean agus an duine nó na daoine eile, i dteideal an eastáit nó an leasa sin ar feadh na bliana go léir, measúnófar é ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B, cibé acu é, i leith a eastáit nó a leasa, nó i leith a choda den eastát nó den leas, sa mhaoin in aghaidh na coda den bhliain nó in aghaidh na bliana go léir ar an gcionúireacht iomchuí den luach bliantúil nó den luach inmheasúnaithe.

(2) Is iad na himthosca ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine ag a bhfuil teideal chun eastáit nó leasa i maoin i gcomhpháirt le duine nó daoine eile go bhfuil an t-eastát nó an leas sin aige mar chomhoidhrseach, mar nasc-thionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta ar thailte nó ar thionóntáin i gcomhpháirtíocht.

(3) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo a bheith faoi dhliteanas cuid a íoc d'íocaíocht bhliantúil atá forcoimeádta as an maoin iomchuí nó ina muirear uirthi déanfar, chun críocha alt 433, an chuid sin a áireamh mar ní is iníoctha mar fhorcoimeád as an eastát nó an leas, nó as an gcuid den eastát nó den leas, ar ina leith a mheasúnófar é faoin alt seo, nó mar mhuirear ar an gcéanna.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan ar thaobh an duine a bhfuil an íocaíocht á déanamh aige, cáin inasbhainte faoi alt 433.

Ionadaithe taidhleoireachta.

[1918, Sc. A, Uimh., VII, r. 10.]

16. —Aon cháin a bheidh le muirearú i leith aon tí nó tionóntáin a bheidh á áitiú ag ionadaí taidhleoireachta creidiúnaithe aon Stáit choigríche beidh a muirear agus a híoc ar an tiarna talún nó ar an duine ag a mbeidh an teideal is neasa chun cíosa an tí nó an tionóntáin.

Morgáistithe i seilbh.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 13.]

17. —Aon mhorgáistí a bheidh i seilbh na maoine morgáistithe beidh sé faoi dhliteanas i leith na hasbhainte céanna agus a bheadh aon tiarna talún, agus in aon socrú cuntas idir an morgáistí sin agus an morgáisteoir, déanfar an cháin is iníoctha ar ús a bheidh dlite i leith an mhorgáiste a lamháil mar airgead a fuarthas ar chuntas úis.

Ceart a bheith ag daoine a d'íoc cáin aisíoc a fháil i gcásanna áirithe.

[1918, Sc. A, Uimh. VIII, r.1, 2, 4-7, 11.]

1847, c. 32.

18. —(1) Tionónta-áititheoir aon mhaoine a íocann an cháin beidh sé, faoi réir alt 93 (2), i dteideal méid a asbhaint agus a choinneáil i leith an chíosa is iníoctha leis an tiarna talún de thuras na huaire (agus na suimeanna go léir a lamháiltear de bhua an Achta seo a asbhaint i dtosach) is ionann agus an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an cíos sin ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite in aghaidh gach fiche scilling den chéanna, agus déanfar an asbhaint sin as an gcéad íocaíocht a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chuntas cíosa, agus déanfaidh aon ghlacadóir thar ceann an Stáit nó aon duine eile a gheobhaidh an cíos an asbhaint a lamháil ar iarmhar an chíosa a fháil:

Ar choinníoll nach mbeidh tionónta ná áititheoir i dteideal aon suim a asbhaint as an gcíos is mó ná an méid cánach a bheidh muirearaithe i leith na maoine sin a dúradh, agus a d'íoc sé iarbhír.

(2) Beidh tionónta a íocfaidh an cháin saortha agus urscaoilte ón méid airgid is comhionann leis an asbhaint, ionann agus dá mba rud é gur íocadh an tsuim sin iarbhír mar chíos.

(3) I gcás ina mbeidh maoin ar bith faoi réir aon suim bhliantúil a íoc uirthi, cibé acu is iníoctha í go leath-bhliantúil nó de réir aon tréimhse is giorra nó is faide ná sin, beidh teideal, faoi réir alt 93 (2), ag tiarna talún nó ag úinéir a muirearaíodh i leith cánach faoin Sceideal seo nó a bhfuil cáin inbhainte de faoin bhfo-alt seo nó faoi fho-alt (1) ar an íocaíocht sin a dhéanamh, cibé méid den cháin sin a asbhaint agus a choinneáil is ionann agus an ráta nó na rátaí cánach ioncaim a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an íocaíocht sin ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite, in aghaidh gach fiche scilling den chéanna (agus an chionúireacht chuí d'aon suimeanna a lamháladh de bhua an Achta seo a asbhaint i dtosach), agus déanfaidh gach glacadóir thar ceann an Stáit, agus déanfaidh gach duine dá dtabharfar íocaíocht den sórt sin, ar iarmhar an chéanna a fháil, an asbhaint a lamháil, gan aon táille a bhaint amach as sin a dhéanmh:

Ar choinníoll nach mbeidh aon duine den sórt a dúradh ar tionónta nó áititheoir freisin é ar an maoin i dteideal aon mhéid a bhaint as aon chíos is mó ná an méid cánach a bheidh muirearaithe i leith aon mhaoine den sórt sin agus a d'íoc sé iarbhír.

San fho-alt seo ciallaíonn “suim bhliantúil” aon ús, blianacht, cíos, cíosmhuirear, cíos feofheirme nó íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta nó muirearaithe ar aon mhaoin.

(4) Beidh an tiarna talún nó an t-úinéir saortha agus urscaoilte ón méid airgid is comhionann leis na hasbhaintí ionann agus dá mba gur íocadh an tsuim sin iarbhír.

(5) Más rud é go mbeidh, faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847, nó faoi aon Achtanna ag leasú an Achta sin, airgead poiblí airleactha ar mhodh iasachta chun feabhsú tailte a chur ar aghaidh, agus a aisíoc áirithe trí chíosmhuirear ar na tailte a bheidh le híoc thar téarma blianta, trína ndéanfar an phríomhshuim a airleacadh a aisíoc faoi dheireadh le hús, féadfaidh an duine a bheidh ag íoc aon chíosmhuirir den sórt sin an oiread sin den cháin faoi Sceideal A a bheidh muirearaithe i leith na dtailte a asbhaint agus a choinneáil as agus is comhionann leis an gcáin ar an tríú cuid, ar a mhéid, den mhéid is iníoctha de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an íocaíocht ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite; agus déanfaidh bailitheoirí agus glacadóirí na gcíosmhuirear sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhar an chíosmhuirir sin a bheidh dlite an uair sin a fháil.

(6) Aon duine is tionónta-áititheoir aon mhaoine de thuras na huaire agus ar ceanglaíodh air, agus a rinne, aon suimeanna a íoc ina leith sin faoi Sceideal A ar chóir nó ar cóir, faoi fhorálacha an Achta seo, gur cóir iad a bheith íoctha nó a íoc ag tionónta nó áititheoir roimhe sin, féadfaidh sé an tsuim, nó aon chuid di, is cóir a bheith íoctha nó is cóir a íoc amhlaidh, a asbhaint agus a choinneáil as aon íocaíocht cíosa a dhéanfar ina dhiaidh sin lena thiarna talún.

(7) Amhail idir an t-úinéir agus morgáistí ar a chuid maoine nó aon duine ag a bhfuil muirear uirthi sin nó atá i dteideal aon bhunchíosa, cíosmhuirir, blianachta, nó suime bliantúla eile is iníoctha aisti, ní dhéanfaidh aon fhaoiseamh faoi alt 23 difear do cheart an úinéara faoin alt seo i leith cánach.

Áititheoir.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 2.]

19. —Gach duine ag a mbeidh úsáid aon mhaoine measfar gurb eisean áititheoir na maoine sin.

Asbhaintí agus Liúntais

Liúntas i gcás comhlachta eaglaisigh nó choláistigh.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 1 (c) agus 3.]

20. —(1) Tabharfar liúntas faoi Sceideal A i leith an mhéid a bheidh caite i gcaitheamh na bliana roimh an mbliain mheasúnachta ar dheisiúcháin a rinne aon chomhlacht eaglaiseach nó comhlacht coláisteach ar aon eaglais choláisteach nó séipéal coláisteach nó ar shaingeal eaglaise, nó ar aon choláiste nó halla in aon ollscoil sa Stát, nó a rinne aon duine a raibh de cheangal air an céanna a dheisiú.

(2) Féadfar na liúntais a dheonófar faoin alt seo a dheonú don chomhlacht nó don duine a thuairiscítear ansin in aon tsuim amháin, trína n-asbhaint ón measúnacht, más ann, ar an gcomhlacht nó ar an duine sin, nó trí aisíocaíocht.

Liúntas i leith rátaí siltin agus rátaí eile agus caiteachais ar mhuirbhallaí.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 1 (f), (g) agus 2.]

21. —(1) Tabharfar liúntas faoi Sceideal A—

(a) i leith an mhéid a bheidh muirearaithe ar mhaoin le ráta poiblí nó le measúnacht phoiblí i leith siltin, fálaithe, nó tógáil cladhfoirt;

(b) i leith an mhéid a bheidh caite ag tiarna talún nó ag úinéir tailte de réir mheán an bhliain is fiche roimhe sin, ag déanamh nó ag deisiú muirbhallaí nó cladhfoirt eile is gá le haghaidh na dtailte a bhuanchoimeád nó a chosaint i gcoinne cúngrach nó tuiliú na farraige nó aon abhann taoide, bíodh is nach ndearnadh na suimeanna a caitheadh a mhuirearú ar na tailte trí ráta poiblí nó trí mheasúnacht phoiblí.

(2) Deonófar na liúntais a dheonófar faoin alt seo (mura tionónta a dhéanann na híocaíochtaí lena mbaineann siad, nó aon chuid díobh) ón measúnacht ar an maoin lena mbaineann.

Nós imeachta agus teorainneacha ama le haghaidh éileamh faoi na forálacha sin roimhe seo.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 5 agus 6;

1925, a. 9 (3).]

22. —(1) An duine a bheidh i dteideal aon cheann de na liúntais sin roimhe seo nach ndearnadh ar mhodh asbhainte nó cealaithe ón measúnacht agus a fhéadfar a dhéanamh trí aisíoc, féadfaidh an duine sin an liúntas a éileamh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis bheith caite don bhliain mheasúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire.

(2) Ar chruthúnas a fháil dó go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal an liúntais, deimhneoidh an cigire sonraí agus méid an liúntais do na Coimisinéirí Speisialta, agus eiseoidh siad sin ordú aisíoca.

Liúntas deisiúchán.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 7;

1934, a. 2;

1959, a. 32 (1).]

23. —(1) I gcás ina mbeidh cáin muirearaithe ar luach bliantúil arna mheas ar shlí seachas i ndáil le brabúis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) i gcás measúnacht ar aon tailte nó ar aon teach feirme nó foirgnimh feirme atá áitithe i dteannta aon tailte le feirmeoireacht a dhéanamh ar na tailte sin, déanfar, chun críocha bailithe, méid na measúnachta a laghdú suim is ionann agus an t-ochtú cuid di; agus

(b) i gcás measúnachta ar aon áitribh is foirgnimh nó déanmhais tionscail de réir bhrí alt 255, déanfar, chun críocha bailithe, méid na measúnachta a laghdú—

(i) i gcás inarb é an t-úinéir an t-áititheoir nó gurb inmhuirir é mar thiarna talún, nó i gcás inar tionónta an t-áititheoir agus gur ghlac an tiarna talún air féin costas na ndeisiúchán a íoc, suim is ionann agus an tríú cuid den mhéid sin; agus

(ii) i gcás inar tionónta an t-áititheoir agus gur ghlac sé air féin costas na ndeisiúchán a íoc, cibé suim, nach mó ná an tríú cuid den mhéid sin, is gá chun é a laghdú le bheith cothrom leis an méid cíosa is iníoctha aige.

(2) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (a), go bhfuil méid na measúnachta níos mó ná an t-ochtú cuid nó, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (b) níos mó ná an tríú cuid faoi bhun an chíosa, tar éis aon eisíocaíocht a bhaint as an gcíos sin ba chóir de réir dlí a bhaint as agus an mheasúnacht á déanamh, ní dhéanfar na laghduithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Liúntas le haghaidh cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 8;

1918, a. 17;

1922, a. 25;

1934, a. 2;

1959, a. 32 (1).]

24. —(1) Má dhéanann úinéir aon mhaoine a laghdófar faoi alt 23 chun críocha bailithe an mheasúnacht uirthi a chruthú go ndeachaigh a chostas maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí, de réir meán na gcúig bliana roimhe sin, thar an ochtú cuid, i gcás lena mbaineann alt 23 (1) (a), de luach bliantúil na talún mar a glacadh leis faoi Sceideal A agus, i gcás lena mbaineann alt 23 (1) (b), thar an tríú cuid den luach sin, beidh teideal aige, i dteannta aon laghdú ar an measúnacht chun críocha an bhailithe, go n-aisíocfaí leis méid na cánach ar an mbreis ar éileamh a dhéanamh chuige sin:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon aisíoc cánach faoin bhfo-alt seo maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais nó bainistí, má rinneadh agus a mhéid a rinneadh an costas sin a lamháil ar shlí eile mar asbhaint agus ioncam á ríomh chun críche cánach ioncaim; agus

(b) nach mbeidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin bhfo-alt seo i leith aon ioncaim a mbeidh teideal aige an cháin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile nó é a asbhaint, a choimeád nó a íoc as aon íocaíocht a bheidh dlite de a dhéanamh le haon duine eile.

(2) Nuair a bheidh costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí aon talún nó tithe á chur i gcomparáid, chun críche an ailt seo, le luach bliantúil na talún nó na dtithe, déanfar costas iomlán na cothabhála, na ndeisiúchán, an árachais agus na bainistí ar aon talamh a bhainistítear mar eastát amháin, nó ar aon tithe ar aon talamh den sórt sin, a chur i gcomparáid le luach bliantúil iomlán na talún nó na dtithe, de réir mar a bheidh.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 maidir le héilimh ar aisíoc faoin alt seo:

Ar choinníoll, má dhéanann úinéir aon talún nó tí dearbhú i dtaobh an chostais a bhain dó maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí agus an dearbhú sin a sheachadadh do chigire, agus go mbeidh an cigire sásta i dtaobh an dearbhú a bheith ceart, go ndeimhneoidh an cigire méid an liúntais a mbeidh teideal chuige ag an úinéir faoin alt seo, agus ansin déanfar aisíoc de réir a dheimhnithe.

(4) Nuair a bheidh meán na gcúig bhliana chun críocha an ailt seo á ríomh, is í an bhliain lena nglacfar an bhliain dar críoch an 31ú lá de Mhárta, nó cibé dáta eile, ghlacfaidh úinéir na talún nó na dtithe le toiliú an chigire, agus measfar gurb iad na cúig bliana roimhe sin na blianta sin roimh thosach na bliana arb ina haghaidh atá an cháin muirearaithe ar ina leith a éilítear aisíoc.

(5) Chun críocha an ailt seo folóidh “cothabháil” athsholáthar tithe feirme, foirgneamh feirme, iostán, fál, agus oibreacha eile nuair is gá an t-athsholáthar chun an cíos láithreach a chothabháil.

Faoiseamh cothabhála do mhaointe beaga.

[1934, a. 2 (2); 1935, a. 3 (3).]

25. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haon teach nó foirgneamh nach mó ná sé phunt cúig scilling a luach bliantúil arna fhionnadh de réir alt 10—

(a) go bhfuil an teach nó an foirgneamh sin ligthe bona fide chun tionónta, agus

(b) gurb ar an tiarna talún nó ar an léasóir is neasa atá costas deisiúchán, cothabhála agus árachaithe an tí nó an fhoirgnimh, agus

(c) gur lú luach bliantúil an tí nó an fhoirgnimh sin arna fhionnadh amhlaidh ná an t-ioncam bliantúil a fhaigheann an tiarna talún nó an léasóir is neasa sin as an teach nó an foirgneamh sin, agus na blianta a thógáil le chéile, tar éis lamháil a dhéanamh i leith an méid a chosain na deisiúcháin, an chothabháil agus an t-árachas sin air,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh a dheonú, trí aisíoc nó eile, is cóir.

Caillteanas de dheasca tuile nó anfa.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 9.]

26. —(1) I gcás ina ndearnadh talamh a fhorléasadh ar cíos forcoimeádta, gan fíneáil nó suim eile a íoc nó conradh a dhéanamh ina leith in ionad cíosa fhorcoimeádta, agus go rabhthas caillteach leis na barraí a bhí ag fás, nó leis an stoc, ar na tailte, nó go raibh na tailte nó aon chuid díobh neamhinsaothraithe in imeacht aon bhliana mar gheall ar thuile nó anfa, féadfaidh an cigire, ar é d'fháil cruthú gur lamháil nó gur chomhaontaigh an t-úinéir, cealú a dhéanamh don tionónta, i gcomaoin aon chaillteanais den sórt sin, ar an gcíos go léir nó ar aon chuid den chíos a bhí forcoimeádta nó iníoctha d'aon bhliain den téarma, an chomhréir chéanna de chealú a dhéanamh sa mheasúnacht faoi Sceideal A don bhliain ar cealaíodh cíos ina haghaidh, agus an céanna a urscaoileadh ón gcomhréir chéanna cánach.

(2) I gcás aon chaillteanas den sórt sin tarlú ar thailte a bhí á n-áitiú ag an úinéir, féadfaidh an cigire, ar é d'fháil cruthú ar an gcaillteanas, cealú den sórt, agus urscaoileadh ó cháin den sórt, a dhéanamh faoi Sceideal A a dhéanfaí dá mbeadh an talamh forléasta chun tionónta agus go ndearna an t-úineír an cealú sin cíosa ar comhréir leis an gcaillteanas a mheasann an cigire a dhéanfaí nó ba chóir a dhéanamh i leith an chaillteanais sin.

Ollscoileanna, coláistí, ospidéil, scoileanna agus tithe almsa.

[1918, Sc. A. Uimh. VI, r. 1.]

27. —Tabharfar na liúntais bhreise seo a leanas faoi Sceideal A—

(a) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon choláiste nó halla in aon ollscoil sa Stát, i leith na bhfoirgneamh agus na n-oifigí poiblí a bhaineann leis an gcoláiste nó leis an halla, a mhéid nach bhfuil siad á n-áitiú ag aon duine ar leithligh de nó ag aon duine atá ag íoc cíosa ar an gcéanna:

(b) an méid a caitheadh ar fhoirgnimh phoiblí agus oifigí aon choláiste nó halla den sórt sin a dheisiú, agus ar na gairdíní, na cosáin agus na faichí críléise, a deisíodh agus a cothabháladh as cistí an choláiste nó an halla:

(c) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon ospidéal, scoil phoiblí, nó teach almsa i leith na bhfoirgneamh, na n-oifigí, agus na n-áitreabh poiblí a bhaineann leis an gcéanna, agus sa mhéid nach bhfuil sin á áitiú ag aon oifigeach ar leithligh nó ag máistir an chéanna a bhfuil £150 nó níos mó aige d'ioncam iomlán bliantúil, cibé foinse as a dtagann sé, arna mheas de réir an Achta seo, nó ag duine atá ag íoc cíosa ar an gcéanna:

(d) an méid a caitheadh ag deisiú aon ospidéil, scoile poiblí, nó tí almsa den sórt sin, agus na n-oifigí a bhaineann leis an gcéanna, agus na ngairdíní, na gcosán, agus na bhfaichí a úsáidtear le haghaidh cothaithe nó críléise na mbiatach, na scoláirí agus na n-almsach faoi seach, a dheisítear agus a chothabháiltear le cistí an ospidéil, na scoile poiblí nó an tí almsa:

(e) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon fhoirgneamh is maoin le haon fhoras litríochta nó eolaíochta, agus nach n-úsáidtear ach amháin chun críocha an fhorais sin, agus nach ndéantar nó nach n-éilítear aon íocaíocht ann ar aon teagasc a thugtar ann trí léachtaí nó eile, agus a mhéid nach bhfuil sé á áitiú ag oifigeach den fhoras ná ag aon duine a íocann cíos ar an gcéanna.

Liúntas do rátaí a íocann an tiarna talún.

[1918, a. 194: 1944, a. 3 (1).]

28. —Nuair a bheidh cáin is inmhuirir faoi Sceideal A ar an tiarna talún nó ar an léasóir is neasa á measúnú—

(a) mura lú an méid nó an luach bliantúil, ar a ndéanfar an mheasúnacht, ná an cíos bliantúil a fhorcoimeádtar nó is iníoctha leis i leith na maoine ar maidir léi a dhéanfar an mheasúnacht, tabharfar liúntas nó déanfar cealú i leith an mhéid den ráta contae nó na cionúireachta sin is inchurtha chun fóirithint ar na boicht den ráta bardasach a d'íoc sé i leith na maoine céanna an bhliain roimhe sin; agus

(b) más lú an méid nó an luach bliantúil ar a ndéanfar an mheasúnacht ná an cíos sin, tabharfar liúntas nó déanfar cealú ar aon-mhéid leis an mbreis a bheidh ar an gcíos sin ag méid an ráta chontae nó na cionúireachta is inchurtha chun fóirithint ar na boicht den ráta bardasach, i dteannta na suime ar a ndearnadh an mheasúnacht.

Aisíoc cánach i leith cíosa a cailleadh.

[1918, a. 204; 1925, a. 9 (4).]

29. —(1) Má bhíonn tiarna talún nó léasóir is neasa aon mhaoine a muirearaíodh i leith cánach faoi Sceideal A tar éis an cháin a íoc agus má chruthaíonn sé, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, go bhfuil an cíos, nó aon chuid de atá dlite dó nó iníoctha leis i leith na maoine sin, in aghaidh na tréimhse ar muirearaíodh an cháin sin ina leith, caillte go hiomlán agus go doghnóiteach—

(a) mar gheall ar fhéimheacht, dócmhainneacht, nó éalú an tionónta nó an áititheora ag arbh iníoctha an cíos sin; nó

(b) mar gheall ar an tionónta nó an t-áititheoir sin do shannadh nó d'aistriú a chuid earraí go calaoiseach, nó

(c) mar gheall ar an maoin a bheith fágtha ar diomailt gan áitiú,

beidh teideal aige go n-aisíocfar leis cibé cionúireacht den cháin sin a bheidh íoctha aige i leith an chíosa a cailleadh amhlaidh; agus eiseoidh na Coimisinéirí Speisialta ordú aisíoca, díreach mar a dhéanann siad i gcás aisíocaíochtaí eile.

(2) Déanfar aon éileamh den sórt sin ar aisíoc laistigh de bhliain tar éis bheith caite don bhliain mheasúnachta.

Caibidil II

Sceideal B

Sceideal B.

[1918, Sc. B, ceannteideal agus r.1; 1922 a. 23 (1).]

30. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal B:—

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú i leith áitiú na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán uile sa Stát is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal A, ach amháin—

(a) aon teach cónaithe, nó na hoifigí tís a bhaineann leis sin, mura bhfuil siad áitithe, de bhua an fhorléasta amháin chéanna, mar aon le feirm thailte, nó le feirm deachún, chun feirmeoireacht a dhéanamh ar an gcéanna; nó

(b) aon stóras nó foirgneamh eile atá á áitiú chun trádáil nó gairm a sheoladh.

2. Muirearófar cáin faoin Sceideal seo in aghaidh gach fiche scilling de luach inmheasúnaithe na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán lena mbaineann.

San Acht seo ciallaíonn “luach inmheasúnaithe” i ndáil le cáin faoin Sceideal seo méid is comhionann le luach bliantúil na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán, nó, in aon chás ina gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Speisilta i gcás aon duine atá ag áitiú aon tailte agus atá measúnaithe i leith cánach i ndáil leo, nach d'aon-toisc chun feirmeoireachta ná go formhór chun na gcríocha sin atá na tailte sin á n-áitiú ag an duine sin, agus nach ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, ar an ábhar a tharchur chuige ó na Coimisinéirí Ioncaim, gur míréasúnach na tailte a bheith á n-úsáid ag áititheoir na dtailte sin chun críche seachas feirmeoireacht, méid is comhionann leis an tríú cuid den luach bliantúil.

3. An cháin a mhuirearófar faoin Sceideal seo is cáin í i dteannta na cánach a mhuirearófar faoi Sceideal A.

Luach bliantúil do Sceideal B.

[1918, a. 187 (1) (4);

1923, a. 5 (1);

1925, a. 5.]

31. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is é luach bliantúil tailte chun críocha Sceidil B, luacháil inrátaithe na dtailte de thuras na huaire.

(2) Measfar gurb é an luach bliantúil a dúradh—

(a) an cíos breithiúnach arna shocrú faoi na Land Law (Ireland) Acts nó faoi aon cheann acu; nó

(b) an t-ús bliantúil nó an íocaíocht bhliantúil is íníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann in ionad cíosa faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi aon cheann acu; nó

(c) an bhlianacht cheannaigh is iníoctha faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi aon cheann acu,

in aon chás ina suífear gur lú ná an luacháil inrátaithe an cíos breithiúnach sin, an t-ús bliantúil nó an íocaíocht bhliantúil sin, nó an bhlianacht cheannaigh sin, cibé acu é.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 (1) maidir le measúnacht faoi Sceideal B mar a bhaineann sé le Sceideal A.

(4) San alt seo ciallaíonn “blianacht cheannaigh” an chéad bhlianacht nó an bhlianacht bhunaidh is iníoctha sula ndéanfar aon fhuascailt nó laghdú reachtúil.

Daoine is inmhuirir.

[1918, a. 187 (3); Sc. A, Uimh. VII, r. 2; Sc. B, r. 4.]

32. —(1) Muirearófar cáin faoi Sceideal B ar áititheoir na maoine.

(2) Gach duine ag a mbeidh úsáid aon mhaoine measfar gurb eisean áititheoir na maoine sin.

Measúnú ar bhrabúis áirithe ó stail a choinneáil.

[1939, a. 7.]

33. —I gcás duine is áititheoir ar thalamh agus atá measúnaithe faoi Sceideal B i leith áitiú na talún sin, a bheith freisin ina úinéir nó ina pháirt-úinéir ar stail a choinnítear de ghnáth ar an talamh sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur brabúis ó áitiú na talún sin brabúis an duine sin ó tháillí a fuair sé nó ab infhaighte aige i leith eachmaireacht ag an stail sin ar an talamh sin ar láracha le daoine eile.

Feirmeoireacht: muirearú faoi Sceideal D a ghlacadh de rogha.

[1918, Sc. B, r. 5.]

34. —(1) Duine ar bith nach bhfuil ag áitiú talún ach chun críocha feirmeoireachta amháin féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha é a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal D, agus de réir na bhforálacha is infheidhmithe ina leith sin, in ionad é a mheasúnú agus a mhuirearú faoin Sceideal seo.

(2) Déanfar an rogha sin ag duine ar bith a chur in iúl trí fhógra i scríbhinn arna sheachadadh go pearsanta nó arna chur tríd an bpost i litir chláraithe chun an chigire laistigh de dhá mhí tar éis tosach na bliana measúnachta; agus amhail ón tráth a gheobhaidh sé an fógra agus dá éis sin is faoi Sceideal D a bheidh an muirir air in aghaidh na bliana sin agus measfar chun gach críche gur brabúis nó gnóchain trádála is inmhuirir faoin Sceideal sin a bhrabús nó a ghnóchain ó áitíocht na dtailte.

Feirmeoireacht: brabúis is lú ná an luach inmheasúnaithe.

[1918, Sc. B, r. 6; 1925, a. 9 (4).]

35. —Má dhéanann duine nach bhfuil tailte á n-áitiú aige mar úinéir nó ar shlí eile ach amháin chun críocha feirmeoireachta a shuíomh, laistigh de thréimhse bliana tar éis deireadh aon bliana measúnachta, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur lú na brabúis nó na gnóchain ón áitiú sin i gcaitheamh na bliana sin ná luach inmheasúnaithe na dtailte faoin Sceideal seo, measfar gurbh é an t-ioncaim ón áitiú sin méid iarbhír na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus má íocadh iomlán na cánach, deimhneofar an méid a ró-íocadh agus aisíocfar é sa tslí chéanna ina n-aisíoctar cáin faoi alt 22 (2).

Talamh coille.

[1918, Sc. B, r. 7;

1922, a. 23 (2).]

36. —(1) Duine ar bith a áitíonn talamh coille agus a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go bhfuil an talamh coille sin á bhainistí aige ar fhoras tráchtála agus le brabúis a dhéanamh, féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha é a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach i ndáil leis an talamh coille sin faoi Sceideal D in ionad faoin Sceideal seo sa tslí chéanna le duine nach n-áitíonn tailte ach chun críocha feirmeoireachta amháin, agus beidh feidhm ag alt 34 dá réir sin.

(2) Bainfidh aon rogha den sórt sin leis an talamh coille go léir a bheidh á bhainistí amhlaidh ar an eastáit céanna:

Ar choinníoll go ndéanfar chun na críche sin talamh coille a áireamh mar thalamh coille ar eastát ar leithligh, má thugann an duine a bheidh ag áitiú na talún coille sin fógra do na Coimisnéirí Speisialta laistigh de dheich mbliana tar éis an ama a plandáladh nó a athphlandáladh iad.

(3) Beidh éifeacht ag an rogha ní amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta, ach freisin maidir le gach bliain mheasúnachta san am le teacht, an fad a bheidh an talamh coille á áitiú ag an duine a dhéanfaidh an rogha.

Measúnú brabús ó áitiú talún faoi Sceideal D i gcásanna áirithe eile.

[1936, a. 6.]

1963, Uimh. 33 .

37. —(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go mbeidh duine lena mbaineann an t-alt seo inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal B i ndáil le háitiú aon tailte chun críocha feirmeoireachta:

(a) déanfaidh an duine, nuair a cheanglófar sin air trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil air ag cigire ráiteas a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ina n-inseoidh sé na brabúis nó na gnóchain a mbeadh cáin inmhuirir air ina leith don bhliain mheasúnachta dá nglacadh sé rogha maidir leis na tailte faoi alt 34;

(b) má mhainníonn an duine an ráiteas a sheachadadh, nó mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta leis an ráiteas a sheachadfaidh an duine, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine á cheangal air aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(i) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) a bhainfidh le háitiú na dtailte a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra,

(ii) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh, agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbheartanna maidir le háitiú na dtailte, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

(c) féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil le hiniúchadh aige faoin mír sin roimhe seo nó sleachta a thógáil astu;

(d) má mhainníonn an duine aon ní a dhéanamh a cheanglófar air le fógra faoi mhír (b) a dhéanamh beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh sé tar éis rogha a ghlacadh go cuí faoi alt 34 maidir leis na tailte trí fhógra arna sheachadadh díreach tar éis tosach na bliana measúnachta;

(e) i gcás ina mbeidh an duine tar éis cóipeanna a sheachadadh de chuntais a bhainfidh le háitiú na dtailte agus gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanann na cuntais lua thar ceart ar na brabúis nó ar na gnóchain ón áitiú sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú dá réir sin;

(f) i gcás ina mbeidh deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin mír sin roimhe seo—

(i) beidh feidhm ag an Acht seo, faoi réir na chéad fhomhíre eile, amhail agus dá mbeadh an duine tar éis rogha a ghlacadh go cuí, faoi alt 34, i gcás na dtailte trí fhógra a seachadadh díreach tar éis tosach na bliana measúnachta,

(ii) féadfar achomharc a dhéanamh, laistigh de lá agus fiche tar éis a chur in iúl don duine gur tugadh an deimhniú, i gcoinne an deimhnithe chun na gCoimisinéirí Speisialta díreach mar a fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.

(2)   (a) Baineann an t-alt seo—

(i) le duine atá ag gabháil do thrádáil nó gairm sa bhliain mheasúnachta,

(ii) le duine is duine pósta sa bhliain mheasúnachta, agus a bhfuil a bhanchéile nó a fearchéile ag gabháil do thrádáil nó gairm an bhliain sin, nó

(iii) le duine is stiúrthóir sa bhliain mheasúnachta ar chuideachta atá ag gabháil do thrádáil an bhliain sin agus arb é an t-úinéir tairbhiúil é, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar aon mhodh eile, rialú a dhéanamh, ar níos mó ná 25 faoin gcéad de gnáth-scairchaipiteal na cuideachta,

faoi réir an choinníll nach mbeidh duine, arb é a bheadh ann ar leithligh ón gcoinníoll seo, de bhua fhomhír (ii), duine lena mbaineann an t-alt seo, ina dhuine den sórt sin i gcás nach mbeidh sé le meas, chun críocha cánach ioncaim, an banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile.

(b) Chun críocha fhomhír (iii) de mhír (a), i gcás gnáthscairchaipiteal atá ar úinéireacht nó faoi rialú mar a luaitear san fhomhír ag duine arb é atá ann banchéile, fearchéile nó naíon stiúrthóra, nó ag iontaobhaí iontaobhais chun sochair do dhuine nó do dhaoine arb eisean nó iadsan, nó ar a bhfuil, aon duine den sórt sin nó an stiúrthóir sin, measfar an gnáth-scairchaipiteal sin a bheith ar úinéireacht nó faoi rialú ag an stiúrthóir sin agus ní ag aon duine eile.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

folaíonn “stiúrthóir” duine a shealbhaíonn aon oifig nó fostaíocht faoi chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) de chuid cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocraithe nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

Faoiseamh faoi Sceideal B i gcás caillteanais de dheasca tuile nó anfa.

[1918, Sc. B, r. 3.]

38. —Beidh feidhm i gcás Sceideal B mar atá i gcás Sceideal A ag alt 26, a bhaineann le faoiseamh i gcás ciallteanas ó thuile nó anfa, agus i gcás talún a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur duine éagumasaithe a dhílseánach, nó go bhfuil sé faoi neamhchumas ar aon bhealach eile chun toiliú le cealú ar an gcíos, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta cealú agus urscaoileadh cánach faoi Sceideal B a lamháil ar chruthú a thabhairt dóibh ar an gcaillteanas i leith an chealaithe chíosa is dóigh leo ba cheart a bheith déanta.

Caibidil III

Ginearálta

Cóipeanna de rátaí a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

[1918, a. 191;

1944, a. 3 (1).]

39. —(1) D'fhonn cáin a mheasúnú is inmhuirir faoi Sceidil A agus B, déanfaidh rúnaí nó cléireach údaráis rátúcháin, nó duine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin, cóipeanna dílse den ráta contae deiridh nó den ráta bardasach deiridh a rinne an t-údarás dá limistéar rátúcháin nó d'aon chuid de a chur ar aghaidh chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag a gceannoifig i mBaile Átha Cliath ar iad á iarraidh sin.

(2) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haon duine den sórt sin na caiteachais a bhain le déanamh na gcóipeanna sin uile, nach mó ná ráta dhá scilling agus sé phingin ar gach céad rátúchán.

(3) Má fhaillíonn aon duine den sórt sin na cóipeanna sin a chur ar aghaidh, tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim á iarraidh air sin a dhéanamh, forghéillfidh sé suim £50 i leith gach faillí den sórt sin.

Luachálacha a thabhairt ar aird do chigire.

[1918, a. 192;

1944, a. 3 (1).

40. —(1) Déanfaidh gach duine, ar aon chigire, nó oifigeach eile a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta seo, á iarraidh sin, aon suirbhé nó luacháil a thabhairt ar aird dó ar dá réir a bheidh na rátaí d'aon limistéar rátúcháin nó cuid de limistéar rátúcháin measúnaithe nó gearrtha, nó aon ráta nó measúnacht déanta faoi aon Acht a bhaineann leis an ráta contae nó leis an ráta bardasach, a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh agus tabharfaidh sé cead don chigire nó don oifigeach eile an céanna a iniúchadh, agus cóipeanna de nó sleachta as a thógáil, gan íocaíocht.

(2) Duine ar bith den sórt sin a dhiúltóidh, ar iarratas den sórt sin chuige, aon suirbhé, luacháil, ráta nó measúnacht a thabhairt ar aird a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh, nó cead a thabhairt é a iniúchadh, nó cibé cóipeanna de nó sleachta as a thógáil a mheasfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile a bheith oiriúnach, forghéillfidh sé suim £50 in aghaidh gach diúltú den sórt sin.

Cumhacht na gCoimisinéirí Ioncaim chun athluacháil a ordú.

[1918, a. 193;

1944, a. 3 (1).

41. —(1) Más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim in aon chás nach bhfuil aon luacháil inrátaithe áirithe atá i bhfeidhm de thuras na huaire ceart (ag féachaint do na prionsabail ar dá réir ba chóir an luacháil a bheith déanta de réir dlí) maidir le hiomlán na maoine, nó le cuid den mhaoin, a háirítear ann, féadfaidh siad a ordú don Choimisinéir Luachála athluacháil ar an maoin a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh, chun críocha cánach, de réir na bprionsabal a bheidh forordaithe le dlí, agus déanfaidh an Coimisinéir Luachála, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, an athluacháil agus an mheasúnacht le gach luas dá chaothúla, agus síneoidh sé an athluacháil agus cuirfidh sé ar aghaidh í go dtí na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Déanfar an cháin is inmhuirir faoi Sceidil A agus B, tar éis aon athluacháil den sórt sin, a mheasúnú agus a mhuirearú dá réir sin.

(3) Aon duine a mheasúnófar de réir aon athluacháil den sórt sin féadfaidh sé, más éagóir leis í, achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta ar an bhforas go bhfuil an athluacháil mícheart agus féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta a éistfidh an t-achomharc, nó féadfaidh an Breitheamh a athéistfidh an t-achomharc, an athluacháil agus an mheasúnacht a athrú, agus cibé ordú ina thaobh sin a dhéanamh, is oiriúnach leo nó leis.

Maoin neamháitithe.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 4; Sc. B, r. 4.]

42. —Déanfar cáin faoi Sceidil A agus B a mhuirearú ar an uile mhaoin, cibé acu a bheidh sí áitithe tráth na measúnachta nó nach mbeidh, ach má bhíonn aon teach nó má thagann aon teach chun bheith neamháitithe ar feadh na bliana measúnachta nó coda di, ní thoibheofar an cháin air in aghaidh na tréimhse a bheidh sé neamháitithe amhlaidh, agus déanfaidh an cigire, ar chruthú a fháil i dtaobh na tréimhse a bhí an teach neamháitithe, an cháin in aghaidh na tréimhse sin a urscaoileadh ar achomharc.

Cosaint maidir le caingne eisiachtana.

[1918, a. 205.]

43. —Ní bhuafar ar chaingean eisiachtana i leith neamhíoc cíosa ar an bhforas nach bhfuil an duine a dhlíonn an cíos a íoc i dteideal asbhainte faoin Acht seo a laghdódh an méid a bheidh dlite de faoi bhun cíos bliana.

Faoiseamh do dhaoine a bacadh óna gcuid talún a úsáid.

[1927, a. 6.]

44. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh duine a bhí i dteideal úinéireachta agus áitiú aon talún a bhac in aon bhliain mheasúnachta mar gheall ar fhoghail, imeaglú, nó dáil chorraithe na comharsanachta ón talamh sin a úsáid agus a áitiú, beidh cumhacht acu a chur faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt is cóir agus is réasúnach sna himthosca sin i leith aon chánach is iníoctha i gcás na talún sin faoi Sceideal A nó Sceideal B in aghaidh na bliana measúnachta sin.

Faoiseamh do chomharchumainn feirmeoireachta agus d'iontaobhaithe feirmeoireachta.

[1927, a. 7.]

45. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon talamh ar úinéireacht agus á áitiú ag comharchumann a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1927, chun talamh a fháil le roinnt ar a chomhaltaí nó ag comhlacht iontaobhaithe a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1927, chun talamh a fháil le roinnt ar a gcuid cestuisqui-trustent agus más deimhin freisin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint d'ioncam inchánaithe na bpearsan aonair iomaí ag á bhfuil leas tairbhiúil sa talamh sin, go gcuirfeadh sé cruatan míchuí ar na pearsana aonair sin an cháin a measúnaíodh maidir leis an talamh sin faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B d'aon bhliain áirithe a chruinniú, beidh cumhacht ag an Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara go dtabharfar cibé faoiseamh is cóir agus is réasúnach i leith na cánach sin.

Míniú ar “an ráta bardasach”.

[1944, a. 3 (2); An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , a. 18 (6).]

1930, Uimh. 27 .

1934, Uimh. 35 .

1939, Uimh. 25 .

1941, Uimh. 5 .

1946, Uimh. 24 .

46. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an ráta bardasach” aon ráta arb é atá ann—

(a) an ráta is intobhaigh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath faoi alt 63 den Act Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, nó

(b) an ráta is intobhaigh ag Bardas Dhún Laoghaire faoi alt 63 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930 , a dúradh, nó

(c) an ráta is intobhaigh faoi alt 25 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 , nó

(d) an ráta is intobhaigh faoi alt 24 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 , nó

(e) an ráta is intobhaigh faoi alt 16 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , nó

(f) an ráta is intobhaigh faoi alt 18 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

CUID III

Sceideal C agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis sin

Sceideal C.

[1918, Sc. C. Gin. r. 1;

1938, a. 5 (2) (3) (4).]

47. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal C—

Sceideal C

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú i leith na mbrabús go léir ó dhíbhinní ioncaim phoiblí is iníoctha sa Stát in aon bhliain mheasúnachta.

2. I gcás ina bhfaighidh baincéir nó aon duine eile sa Stát íocaíocht ar aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche, trí chupóin a gheofar ó dhuine eile nó ar bhealach eile thar a cheann, muireorófar cáin faoin Sceideal seo i leith na ndíbhinní.

3. I gcás ina ndéanfaidh baincéir sa Stát cúpóin d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche a dhíol nó a réadú ar shlí eile agus na fáltais ón réadú sin a íoc le haon duine áirithe nó a thabhairt anonn chun cuntais an duine sin, muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith fáltas an réadaithe.

4. I gcás ina ndéanfaidh déileálaí cúpón sa Stát cúpóin a cheannach d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche ar shlí seachas ó bhaincéir nó ó dhéileálaí cúpón eile, muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith an phraghais a íocfar ar an gceannach.

5. Ní bheidh feidhm ag aon ní i mír 1 i gcás aon bhlianachtaí nach de chineál poiblí iad.

6. Muirearófar an cháin faoin Sceideal seo ar gach fiche scilling a mhuirearófar de mhéid bliantúil na mbrabús, na ndíbhinní, na bhfáltas réadaithe nó an phraghais a íocadh ar cheannach.

Muirearú agus íoc.

[1918, Sc. C, Gin. r. 1;

1938, a. 5 (2) (3) (4).]

48. —(1) Déanfaidh na coimisinéirí a ainmnítear chuige sin leis an Acht seo cáin faoi Sceideal C a mhuirearú, agus is iad a íocfaidh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal na mbrabús, na ndíbhinní, na bhfáltas réadaithe nó an phraghais a íocadh ar cheannach is ábhar don cháin—

(a) i gcás cánach arna muirearú faoi mhír 1 den Sceideal sin, na daoine agus na comhlachtaí daoine faoi seach ar cuireadh an t-íoc ar a n-iontaoibh;

(b) i gcás cánach arna muirearú faoi mhír 2, 3 nó 4 den Sceideal sin, an baincéir nó an duine eile nó an baincéir nó an déileálaí cúpón, de réir mar a bheidh.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha Sceideal 1 maidir le measúnú, muirearú agus íoc cánach faoi Sceideal C.

Stoic Stáit agus stoic taidhleoirí coigríche.

[1918, Sc. C, Gin. r. 2 (a) (b) (c).]

49. —(1) Ní bheidh aon cháin inmhuirir maidir le stoc, díbhinní nó ús a aistreofar chun cuntas i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm an Aire Airgeadais de bhun aon reachta, ach cuirfidh Banc na hÉireann cuntas ar mhéid iomlán an chéanna chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Ní hinmhuirir aon cháin maidir leis an stoc, na díbhinní nó an t-ús de chuid an Stáit is cuma cén t-ainm faoina mbeidh an céanna i leabhair Bhanc na hÉireann.

(3) Ní hinmhuirir aon cháin maidir le stoc, díbhinní nó ús de chuid ionadaí thaidhleoireachta chreidiúnaithe aon Stáit choigríche a chónaíonn sa Stát.

Ar choinníoll, má bhíonn an céanna in ainm iontaobhaí, go ndéanfaidh an t-iontaobhaí an mhaoin a bheidh ann ag aon ionadaí den sórt sin a chruthú do na Coimisinéirí Speisialta.

Urrúis críocha coigriche.

[1918, Sc. C, Gin. r. 2 (d);

1925, a. 12;

1965, a. 4 (6).]

50. —(1) Ní hinmhuirir aon cháin i leith na ndíbhinní ar urrúis de chuid aon chríche lasmuigh den Stát is iníoctha sa Stát, má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach sa Stát a chónaíonn an duine ar leis na hurrúis agus a bheidh i dteideal na ndíbhinní; ach ní thabharfar aon liúntas ná ní dhéanfar aon aisíoc i leith na cánach ar na díbhinní ar urrúis de chuid aon chríche den sórt sin is iníoctha sa Stát ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh urrúis de chuid aon chríche den sórt sin á dteachtadh faoi aon iontaobhas, agus gurb é an duine is tairbhí i seilbh faoin iontaobhas an t-aon tairbhí i seilbh atá ann agus go bhféadfaidh sé, tríd an t-iontaobhas a chúlghairm nó trí aon chumhachtaí faoin iontaobhas a fheidhmiú, a iarraidh ar na hiontaobhaithe tráth ar bith na hurrúis a aistriú chuige saor ar fad ó aon iontaobhas, go measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an duine é ar leis na hurrúis.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh faoin alt seo a thabhairt ar mhodh liúntais nó aisíocaíochta ar éileamh chuige sin a dhéanamh chucu.

(3) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar aon cheist maidir le cónaí a éireoidh faoin alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin gcinneadh dó, a iarraidh go ndéanfadh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (3), déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh mar a dhéanfaí le hachomharc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).

Mínithe.

[1918, Sc. C, Gin. r. 1; gníomhairí íoca, r. 9;

1938, a. 5.]

51. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “díbhinní”, ach amháin sa leagan “stoic, díbhinní nó ús”, aon ús, blianachtaí, díbhinní nó scaireanna blianachtaí;

folaíonn “ioncam poiblí”, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ioncam poiblí Rialtais ar bith agus ioncam aon údaráis nó fhorais phoiblí in aon tír lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “díbhinní ioncaim poiblí” díbhinní is iníoctha as aon ioncam poiblí;

ciallaíonn “díbhinní ioncaim poiblí choigríche” díbhinní is iníoctha in áit seachas sa Stát (cibé acu is iníoctha nó nach iníoctha iad sa Stát freisin) as aon ioncam poiblí seachas ioncam poiblí an Stáit;

folaíonn “baincéir” duine ag gníomhú mar bhaincéir;

folaíonn “cúpóin” agus “cúpóin d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche” barántais le haghaidh, nó billí malairte a airbheartaíonn a bheith tarraingthe nó déanta i leith íoca, aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche.

CUID IV

Sceideal D

Caibidil I

Muirear i leith Cánach agus Ginearálta

Sceideal D.

[1918, Sc. D, c. r. 1;

1923, a. 12 (4).

1935, a. 5 (1).]

52. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal D—

Sceideal D

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú—

(a) i leith na mbrabús nó na ngnóchan bliantúil a éireoidh nó a fhaibhreoidh—

(i) chun duine ar bith a chónaíonn sa Stát ó chineál ar bith maoine, cibé acu sa Stát di nó in áit eile: agus

(ii) chun duine ar bith a chónaíonn sa Stát ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht, cibé acu sa Stát nó in áit eile a bhítear ag gabháil di, agus

(iii) chun duine ar bith, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, cé nach sa Stát a chónaíonn sé, ó mhaoin ar bith sa Stát, nó aon trádáil, gairm nó fostaíocht a fheidhmítear sa Stát; agus

(iv) chun duine ar bith, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, cé nach sa Stát a chónaíonn sé, ó dhíol aon earraí, nó marsantais, a mhonaraigh nó a pháirt-mhonaraigh an duine sin sa Stát.

(b) i leith an úis airgid uile, blianachtaí agus brabúis nó gnóchain bhliantúla eile nach muirearaítear faoi Sceideal A, Sceideal B, Sceideal C nó Sceideal E, agus nach bhfuil díolmhaithe go speisialta ó cháin,

i ngach cás in aghaidh gach fiche scilling de mhéid bliantúil na mbrabús nó na ngnóchan:

Ar choinníoll nach mbeidh brabúis nó gnóchain a éireoidh nó a fhaibhreoidh chun duine ar bith ó oifig, fostaíocht nó pinsean inmhuirir i leith cánach faoin Sceideal seo, de bhua na míre seo, murab inmhuirir i leith cánach iad faoi Chás III den Sceideal seo.

2. Maidir le forálacha mhír 1, is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo a ordaíonn cáin a mhuirearú faoin Sceideal seo, agus muirearófar dá réir sin an cháin a ordaítear a mhuirearú amhlaidh.

Na Cásanna.

[1918, Sc. A, Uimh. III; Sc. D, r. mh. 2;

riail is infheidhmithe maidir le Cás I agus

Cás III, r. 1;

1922, a. 18 (1);

1924, a. 2;

1929, a. 2 (3) agus

8 agus 11;

1935, a. 4;

1954, a. 12 (3);

1955, a. 5 (3);

1957, a. 6 (3);

1962, a. 2 (2);

1964, a. 12 (4).]

53. —(1) Déanfar cáin faoi Sceideal D a mhuirearú faoi na Cásanna seo a leanas:

Cás I.—Cáin maidir leo seo a leanas—

(a) aon trádáil nach bhfuil in aon Sceideal eile;

(b) an mhaoin sna tailte, sna tionóntáin agus sna hoidhreachtáin seo a leanas—

(i) cairéil chloiche, shlinne, aolchloiche nó chailce, nó cairéil nó sloic ghainimhe, gairbhéil nó cré;

(ii) mianaigh ghuail, stáin, luaidhe, chopair, pirít, iarainn agus mianaigh eile;

(iii) oibreacha iarainn, oibreacha gáis, toibreacha salainn nó oibreacha salainn, mianaigh alúim nó oibreacha alúim, oibreacha uisce, srutháin uisce, canálacha, uiscebhealaigh intíre, duganna, caidhséir nó leibhéil, iascaigh, cearta margaí agus aontaí, dolaí, iarnróid agus bealaí eile, droichid, farantóireachtaí agus gnóthais eile den chineál céanna ag a mbíonn brabúis ó aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin;

Cás II.—Cáin maidir le haon ghairm nach bhfuil in aon Sceideal eile;

Cás III.—Cáin maidir leo seo a leanas—

(a) aon ús airgid, bliantúil nó eile, nó aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de is iníoctha an íocaíocht sin, mar mhuirear ar aon mhaoin de chuid an duine a íocann an céanna de bhua aon ghníomhais nó uachta nó eile, nó mar fhorcoimeád as, nó mar fhiach pearsanta nó mar oibleagáid phearsanta de bhua aon chonartha, nó cibé acu a ghlactar an céanna agus gur iníoctha é go leath-bhliantúil nó i gceann aon tréimhsí is giorra nó is faide ná sin;

(b) an uile lascaine;

(c) brabúis ar urrúis a thugann ús is iníoctha as an ioncam poiblí seachas iad sin a mhuirearaítear faoi Sceideal C;

(d) ús ar aon urrúis a eisíodh nó a meastar a eisíodh de réir bhrí alt 466, faoi údarás an Aire Airgeadais, i gcásanna ina n-íoctar an t-ús sin gan cáin a asbhaint;

(e) ioncam ó urrúis lasmuigh den Stát ach amháin cibé ioncam a mhuirearaítear faoi Sceideal C;

(f) ioncam ó shealúchais lasmuigh den Stát;

Cás IV.—Cáin i leith aon bhrabúis nó gnóchain bhliantúla nach dtagann faoi aon Chás acu sin roimhe seo, agus nach muirearaítear de bhua aon Sceideal eile;

agus is infheidhmithe maidir leis na Cásanna sin faoi seach faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.

(2) Na forálacha atá i bhfo-alt (1) is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo a ordaíonn cáin a mhuirearú faoi Chás amháin nó faoi Chás eile de na Cásanna sin, agus muirearófar dá réir sin an cháin a ordaítear a mhuirearú amhlaidh.

Garraíodóireacht mhargaidh.

[1958, a. 2.]

54. —(1) San alt seo ciallaíonn “talamh garraí mhargaidh” talamh sa Stát a áitítear mar gharraí altran nó mar gharraí chun an toradh a dhíol (seachas talamh a úsáidtear chun hopaí a fhás), agus forléireofar “garraíodóireacht mhargaidh” dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i Sceideal B, nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis, déileálfar le garraíodóireacht mhargaidh mar thrádáil chun críocha uile an Achta seo maidir leis an duine a sheolann é, agus—

(a) déanfar na brabúis nó na gnóchain as a mhuirearú faoi Chás I de Sceideal D, agus

(b) ní dhéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal B i leith áitiú talamh garraí mhargaidh,

ach i gcás talamh áirithe ar talamh garraí mhargaidh é ar feadh coda, agus amháin ar feadh coda, den bhliain mheasúnachta, muirearófar cáin faoi Sceideal B ar an talamh sin don bhliain sin ar an oiread de luach inmheasúnaithe na talún sin a bhfuil an chomhréir chéanna idir é agus an luach sin atá idir an chuid eile den bhliain sin agus bliain.

(3) I gcás inar talamh garraí mhargaidh cuid de mhaoin atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála—

(a) déanfar luach bliantúil na talún garraí mhargaidh, chun críocha alt 65, a ríomh trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt,

(b) déanfar an luach inmheasúnaithe chun críocha aon mheasúnachta faoi Sceideal B maidir leis an gcuid eile den mhaoin a ríomh trí chionroinnt a dhéanamh ar an méid arbh é luach inmheasúnaithe na maoine é, chun críocha Sceideal B, dá mba nárbh thalamh garraí mhargaidh aon chuid de, agus

(c) aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire é ar feadh a chumais de réir a eolais agus a bhreithiúnais.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fho-alt (3) a leasú, ar achomharc i gcoinne measúnachta ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht, ach, ar aon achomharc den sórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála, a thabharfaidh ceachtar páirtí san achomharc, agus a dheimhneoidh, maidir le maoin a bheidh luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, an méid den luacháil inrátaithe is inchurtha i leith aon choda áirithe den mhaoin, ina chruthú dochloíte maidir leis an méid is inchurtha amhlaidh.

Ús, etc., arna íoc gan cáin a asbhaint faoi Sceideal C.

[1923, a. 8;

1924, a. 9.]

55. —(1) I gcás ina mbeidh aon ús, díbhinní, blianachtaí, nó scaireanna blianachtaí lena mbaineann an t-alt seo nó i gcás ina mbeidh na brabúis a ghabhann le haon ús, díbhinní nó blianachtaí den sórt sin le muirearú faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal C ach nach mbeidh iarbhír measúnaithe i leith aon bhliana faoin Sceideal sin féadfar cáin ar an ús, ar na díbhinní, ar na scaireanna blianachtaí nó ar na brabúis sin a mhuirearú agus a mheasúnú ar an duine agus beidh siad iníoctha ag an duine a bheidh i dteideal an t-ús, na díbhinní, nó na híocaíochtaí bliantúla eile sin don bhliain sin a fháil faoin gCás iomchuí de Sceideal D.

(2) Baineann an t-alt seo leis an ús, na díbhinní, na blianachtaí agus na scaireanna blianachtaí uile is iníoctha as aon ioncam poiblí de chuid an Stáit nó as aon ioncam poiblí de chuid na Breataine Móire nó de chuid Tuairsceart Éireann nó de chuid na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Cáin ar choiréil, mianaigh agus gnólachtai eile.

[1918, Sc. A, Uimh. III;

1929, a. 8 agus Sc. I, Cuid I.]

56. —(1) Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil II maidir leis na gnólachtaí is inmhuirir, de bhua alt 53, faoi Chás 1 (b) de Sceideal D, faoi réir forálacha an ailt seo.

(2) Déanfar cáin faoi Chás 1 de Sceideal D a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine nó ar an gcomhlacht daoine a sheolann an gnólacht sin, nó ar na gníomhairí nó na hoifigigh eile ag a mbeidh stiúradh nó bainistí an ghnólachta nó a fhaigheann a bhrabúis.

(3)  (a) An ríomh i leith aon mhianaigh a bheidh á sheoladh ag comhlacht fiontaróirí déanfar é agus luafar é i dteannta a chéile in aon suim amháin ach féadfar aon fhiontaróir a mheasúnú agus a mhuirearú ar leithligh má dhéanann sé dearbhú ag dearbhú a chionúireachta nó a scaire sa ghnólacht chun na críche sin.

(b) Aon fhiontaróir a mheasúnófar agus a mhuirearófar ar leithligh amhlaidh féadfaidh sé fritháireamh in aghaidh a bhrabúis ó ghnólacht nó ó ghnólachtaí acu sin a dhéanamh ar mhéid an chaillteanais a bhain dó in aon ghnólacht eile den sórt a bheidh deimhnithe ag an gcigire.

(c) In aon chás den sórt sin ní dhéanfar ach measúnacht agus muirear amháin ar iarmhéid an tsochair agus an dochair, agus déanfar é sa cheantar measúnachta ina bhfuil an fiontaróir inmhuirir i leith na méide is mó.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint ná fritháireamh (seachas an asbhaint a dheonaítear le halt 67 (2)) nuair a bheidh na brabúis á meas ar chuntas, nó faoi threoir luach bliantúil aon tailte, tionóntán nó oidhreachtán a áitítear agus a úsáidtear i ndáil leis an ngnólacht agus nach bhfuil measúnaithe agus muirearaithe faoi Sceideal A de réir fho-alt (6).

(5) Forléireofar Cuid XXI agus beidh éifeacht aici ionann agus dá mb'inmhuirir faoi Sceideal A aon cháin ioncaim in inmhuirir faoi Sceideal D i leith aon cheann de na gnólachtaí lena mbaineann fo-alt (1).

(6) I gcás ar bith inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur gá nó gur cuí sin, féadfar an mhaoin in aon cheann de na gnólachtaí a shonraítear in alt 53 mar mhaoin is inmhuirir faoi Chás 1 (b) a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal A in ionad Sceideal D.

Ach amháin mar a dúradh, ní dhéanfar cáin faoi Sceideal A a mhuirearú i leith na maoine in aon ghnólacht den sórt sin.

Caibidil II

Cásanna I agus II

Méid an mhuirir.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 1 (1).]

57. —Muirearófar an cháin faoi Chásanna I agus II de Sceideal D gan aon asbhaint eile ach amháin mar a lamháiltear leis an Acht seo.

Foras measúnachta.

[1918, Sc. D, Cna.

I agus II, r. 1 (2);

1929, a. 9, 12;

1932, a. 5 (4);

1942, a. 5.]

58. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus ailt 59 agus 60, muirearófar cáin faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan na bliana roimh an bhliain mheasúnachta.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis trádáil nó gairm a bhunú agus a thosú sa bhliain mheasúnachta, déanfar ríomh na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirir faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta nó de réir an mheán-mhéid i cibé tréimhse, nach mó ná bliain, is gá sa chás agus a ordóidh an cigire.

(3) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan bliana amháin ó am an bhunaithe agus an tosaithe sin, ach beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófar é i leith cánach ioncaim ar mhéid brabús nó gnóchan na bliana measúnachta.

(4) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain díreach roimh an mbliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go laghdófar an mheasúnacht an méid (más ann) a bheidh ag comhshuim na measúnachtaí faoi seach don bhliain mheasúnachta agus don bhliain roimh an mbliain sin de bhreis ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan an dá bhliain sin.

(5) (a) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go mbuanscoirfear de thrádáil nó de ghairm ansin d'ainneoin aon ní san Acht seo—

(i) déanfar an duine a mbeidh cáin muirearaithe nó inmhuirir air ina leith sin a mhuirearú in aghaidh na bliana sin ar mhéid brabús nó gnóchan na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán na bliana sin agus dar críoch dáta an bhuanscortha, faoi réir aon asbhainte nó fritháirimh a mbeidh teideal aige chuige faoi alt 308 nó 309, agus, má muirearaíodh é ar shlí seachas de réir na míre seo, aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, nó féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh air, de réir mar is gá sa chás;

(ii) más mó brabúis nó gnóchain na bliana dar críoch an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a tharlóidh an buanscor ná an méid a muirearaíodh ar an duine sin in aghaidh na bliana sin roimhe sin, nó a mhuirearófaí air dá mba nár lamháladh aon asbhaint nó fritháireamh mar a dúradh, féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh air, ionas go muirearófar é in aghaidh na bliana roimhe sin ar mhéid brabús nó gnóchan na bliana sin dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, faoi réir aon asbhainte nó fritháirimh mar a dúradh a mbeidh teideal aige chuige.

(b) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoin bhfo-alt seo, mura mbeadh go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

(6) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (5) do bhuanscor trádála nó gairme a fhorléiriú mar thagairt do bhuanscor de dheasca an duine a bhí ag gabháil don trádáil nó don ghairm d'fháil bháis le linn dó bheith ag gabháil don chéanna agus freisin do bhuanscor le linn beo an duine sin, agus chun críocha fho-alt (5) measfar an bás sin a bheith ina chúis le buanscor agus measfar an buanscor sin do tharlú lá an bháis sin.

Athruithe dílseánachta.

[1918, Cna. I agus II, Sc. D, r. II;

1965, a. 55 (1).]

59. —(1) Má tharlaíonn tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, i gcás trádála nó gairme a bhí á seoladh díreach roimh an am sin ag pearsa aonair (dá ngairtear an réamhtheachtaí ina dhiaidh seo san fho-alt seo), go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh ag duine aonair eile nó ag comhpháirtíocht daoine (lena n-áirítear comhpháirtíocht inar comhpháirtí an réamhtheachtaí), déanfar an cháin is iníoctha ag an réamhtheachtaí in aghaidh na mblianta measúnachta uile a ríomh ionann agus dá mba rud é gur buanscoireadh an tráth sin den trádáil nó den ghairm.

(2) I gcás pearsa aonair (dá ngairtear an comharba ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a theacht, tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, i gcomharbas trádála nó gairme a bhí díreach roimh an am sin á seoladh ag pearsa aonair eile nó ag comhpháirtíocht daoine (lena n-áirítear comhpháirtíocht inar chomhpháirtí an comharba), déanfar an cháin is iníoctha ag an gcomharba in aghaidh na mblianta measúnachta uile a ríomh ionann agus dá mba rud é gur ag an am sin a bhunaigh sé nó a thosaigh sé an trádáil nó an ghairm.

(3) I gcás báis duine a thiocfadh, mura mbeadh gur éag sé, chun bheith, faoi fhoráil an ailt seo, inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

Tréimhse ríofa brabús.

[1929, a. 15.]

60. —(1) Más rud é, i gcás aon trádala nó gairme nó i gcás áitiú a aon talún a áitítear d'aon toisc nó go formhór chun críche feirmeoireachta nó i gcás áitiú aon talamh coille, gur ghnách cuntais a dhéanamh suas:—

(a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, agus gur chuntas in aghaidh tréimhse bhliana é sin, measfar gurbh iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin brabúis nó gnóchain na bliana roimh an mbliain mheasúnachta;

(b) mura ndearnadh aon chuntas in aghaidh tréimhse bliana suas go dtí dáta sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó má rinneadh níos mó ná aon chuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain sin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim cén tréimhse dhá mhí dhéag a measfar gurb í an bhliain í a mbeidh sé le háireamh gurb iad na brabúis nó na gnóchain ina haghaidh brabúis nó gnóchain na bliana roimh an mbliain mheasúnachta.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1) (b) agus gur dóigh leo gur chóir dá dhroim sin an cháin in aghaidh na bliana measúnachta deiridh roimhe sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ón mbunadh céanna a ríomh ar bhrabúis nó gnóchain thréimhse comhréire, féadfaidh siad orduithe sa chéill sin a thabhairt agus déanfar measúnacht nó measúnacht bhreise nó aisíocaíocht chánach dá réir sin.

(3) Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne aon mheasúnachta nó measúnachta breise nó i leith aon aisíocaíocht chánach faoi fho-alt (2), agus déanfar aon achomharc den sórt sin chun na gCoimisinéirí Speisialta agus breithneoidh siad sin na himthosca agus tabharfaidh siad cibé faoiseamh is dóigh leo a bheith cóir, más aon fhaoiseamh é, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh ina gcinneadh, mura gceanglóidh an duine a bheidh measúnaithe go n-athéisfí a achomharc faoi alt 429, nó mura gceanglaítear faoin Acht seo go ndéanfaí cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte.

(4) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoi fhorálacha an ailt seo, mura mbeadh go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

Riail Ghinearálta maidir le hasbhaintí.

[1918, Sc. D, Cásanna I agus II, r. 3;

1921, a. 31;

1922, a. 18 (1);

1929, a. 19, Sc. 3.]

61. —Faoi réir forálacha an Achta seo, nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a bheidh le muirearú á ríomh, ní dhéanfar aon suim a asbhaint i leith na nithe seo a leanas:—

(a) aon eisíocaíochtaí nó costas, nach airgead a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála nó na gairme;

(b) aon eisíocaíochtaí nó costas chothabhála de chuid na bpáirtithe nó a dteaghlach nó a mbunachas nó aon suimeanna a caitheadh chun aon críocha tís nó críocha príobháideacha eile ar leithligh ó chríocha na trádála nó na gairme sin;

(c) cíos nó luach bliantúil aon tí chónaithe nó oifigí tís nó aon choda den chéanna, ach amháin an chuid sin den chéanna a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme:

Ar choinníoll, i gcás aon chuid den sórt sin a bheith a húsáid amhlaidh, gur suim de mhéid a chinnfidh an cigire a asbhainfear amhlaidh agus mura dóigh leis an gcigire, ag féachaint do na himthosca uile, gur chóir suim éigin is mó ná sin a asbhaint, de mhéid nach mó ná dhá thrian den luach bhliantúil nó den chíos bliantúil a íoctar bona fide ar an teach cónaithe nó na hoifigí sin;

(d) aon suim a caitheadh ar dheisiú áitreabh nó a áitítear nó i leith soláthar, deisiúchán, nó athrú aon uirlisí, áiseanna, nó earraí a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme, seachas an tsuim a caitheadh iarbhír chun na gcríocha sin;

(e) aon chaillteanas nach mbaineann leis an trádáil nó an ghairm nó nach n-éiríonn aisti;

(f) aon chaipiteal a astarraingíodh as an trádáil nó as an ngairm sin, nó aon suim a úsáideadh nó a beartaíodh a úsáid sa trádáil nó sa ghairm sin;

(g) aon chaipiteal a úsáideadh ag feabhsú áitreabh a áitítear chun críocha na trádála nó na gairme;

(h) aon ús a bheadh déanta dá mba rud é gur cuireadh aon suimeanna den sórt a dúradh ag saothrú úis;

(i) aon fhiacha, ach amháin drochfhiacha ar cruthaíodh chun sástacht an chigire gur drochfhiacha iad agus fiacha amhrasacha a mhéid a mheastar faoi seach gur droch fhiacha iad sin. I gcás féimheacht nó dócmhainneacht féichiúnaí, measfar gurb é luach aon fhéich an méid a bhféadfaí bheith ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar aon fhiach den sórt sin;

(j) aon mheán-chaillteanas thar méid iarbhír an chaillteanais tar éis coigeartaithe;

(k) aon suim is inghnóthaithe faoi árachas nó faoi chonradh slánaíochta;

(l) aon ús bliantúil, nó aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha as na brabúis nó na gnóchain;

(m) aon ríchíos nó suim eile a íocadh i leith úsáid paitinne.

Stoc trádála a bhain le trádáil scortha.

[1918, Cna. I agus II, Sc. D, r. 19;

1942, a. 2;

1955, a. 55 (2).]

62. —(1) Nuair a bheidh brabúis nó gnóchain trádála a buanscoireadh á ríomh, déanfar aon stoc trádála a bhain leis an trádáil tráth a scortha a luacháil de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i gcás aon stoic thrádála den sórt sin—

(i) a dhíolfar le duine ag a bhfuil trádála á seoladh nó a bheartaíonn trádáil a sheoladh sa Stát, nó a aistreofar chun an duine sin ar chomaoin luachmhar, agus

(ii) a bhféadfaidh an duine sin an costas ina leith a bhain dó ar an díol nó ar an aistriú sin a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchain na trádála sin a bhí á seoladh aige nó a bheartaigh sé a sheoladh á ríomh chun críche ar bith den Acht seo,

measfar gurb é luach an stoic thrádála sin an praghas a íocadh air ar an díol sin nó luach na comaoine a tugadh ina leith ar an aistriú sin, cibé acu é;

(b) i gcás aon stoic thrádála eile den sórt sin, measfar gurb é a luach an méid a gheofaí air dá mba rud é gur díoladh é ar an margadh oscailte tráth an trádáil a scor.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “stoc trádála” maoin d'aon chineál, réadach nó pearsanta, agus is—

(a) maoin de shórt a dhíoltar i ngnáthchúrsa na trádála a n-úsáidtear an abairt maidir léi nó a dhíolfaí amhlaidh dá mbeadh sí aibí nó dá mbeadh a monarú, a hullmhú nó a déanamh críochnaithe, nó

(b) ábhair de chineál a úsáidtear i monarú, ullmhú, nó déanamh maoine de shórt a dhíoltar i ngnáthchúrsa na trádála sin,

déanfar tagairtí do scor de thrádáil a fhorléiriú mar thagairtí nach dtagraíonn d'aon chás nó nach bhfolaíonn aon chás ina raibh trádáil den sórt sin á seoladh ag pearsa aonair agus ar scoireadh di de dheasca a bháis (cibé acu a lean nó nár lean duine eile den trádáil sin tar éis a bháis) ach forléireofar iad mar thagairtí a thagraíonn do gach cás eile, agus a fholaíonn gach cás eile, inar scoireadh de thrádáil nó a n-áirítear, de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur scoireadh di chun críocha cánach a ríomh.

Asbhaintí maidir le bunú nó athrú scéimeanna aoisliúntais.

[1963, a. 7.]

63. —I gcás scéim aoisliúntais a bheith bunaithe i ndáil le trádáil nó gnóthas nó scéim aoisliúntais a bheith bunaithe amhlaidh a athrú agus go ndéanfaidh an duine a bheidh ag seoladh na trádála nó an ghnóthais íocaíocht i leith costas (ar a n-áirítear íocaíocht i leith táillí gairmiúla ach gan áireamh a dhéanamh ar íocaíocht ar mhodh ranníoca i leith costas soláthair na sochar is iníoctha faoin scéim) i ndáil leis an mbunú nó leis an athrú sin, ansin, más amhlaidh don scéim nó, de réir mar a bheidh, don scéim athraithe—

(a) go n-oibrítear í trí chiste a bheidh ceadaithe, go hiomlán nó go páirteach, ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha alt 222,

(b) go mbeidh sí ceadaithe, go hiomlán nó go páirteach, ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229,

(c) gur scéim eiscthe í de réir bhrí alt 228 (2),

ceadófar méid na híocaíochta a asbhaint agus ríomh á dhéanamh, chun críocha measúnachta cánach ioncaim, ar bhrabúis nó gnóchain na trádála nó an ghnóthais mar chostas a tabhaíodh le linn íocaíocht a dhéanamh:

Ar choinníoll, i gcás lena mbaineann mír (a) nó mír (b), nach mbeidh ach cuid den chiste nó den scéim iomchuí ceadaithe mar a luaitear ansin, nach mbainfidh an asbhaint ach amháin leis an oiread sin den íocaíocht agus is inchurtha i leith na coda sin.

Asbhaint i leith cáin bhrabús corparáide.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 4;

1920, a. 31;

1949, a. 2;

1961, a. 7;

1966, a. 5.]

64. —(1) I gcás ina mbeidh aon chuideachta tar éis cáin bhrabús corparáide a íoc in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó dáta dá éis, ansin, nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchan na cuideachta chun críocha cánach ioncaim lamhálfar an méid a bheidh íoctha amhlaidh a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar neamhshuim chun críocha an fho-ailt seo de cibé méid den cháin bhrabús corparáide a íocadh in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, is inchurtha i leith brabús a cionroinneadh faoi alt 21 (2) den Acht Airgeadais, 1966 , i leith na coda den tréimhse chuntasaíochta roimh an lá sin.

(2) I gcás ina mbeidh aon chuideachta tar éis aon mhéid a fháil d'aisíocaíocht a d'íoc sí roimhe sin ar mhodh cháin bhrabús corparáide, áireofar an méid a aisíocadh mar bhrabús in aghaidh na bliana a fuarthas an aisíocaíocht, ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i gcás inar lamháladh méid a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchain á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(3) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go dtiocfaidh na brabúis nó na gnóchain óna bhféadfar asbhaint a dhéanamh faoin alt seo faoi ríomh, ach mar gheall ar an am a fionnadh méid na cánach brabús corparáide nárbh fhéidir éifeacht a thabhairt don asbhaint nuair a bhí an cháin ioncaim á measúnú, déanfar an méid a laghdófaí an cháin sin dá dtabharfaí éifeacht don asbhaint a asbhaint as an méid is iníoctha i leith cáin bhrabús corparáide nó, mura mbeidh aon cháin bhrabús corparáide ann, aisíocfar leis an gcuideachta é.

Luach bliantúil maoine a eisiamh.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 5;

1922, a. 18 (1);

1929, a. 19;

1959, a. 32 (2).]

65. —(1) Déanfar cáin a ríomh d'eisiamh luach bliantúil maoine a áitítear chun críche na trádála nó na gairme agus a ndéantar measúnú agus muirearú ar leithligh uirthi faoi Sceideal A.

(2) I gcás inar lasmuigh den Stát atá aon tailte, tionóntáin, oidhreachtáin nó áitreabh eile de thuairisc ar bith a úsáidtear chun críche aon trádála nó gairme, ní dhéanfar aon asbhaint nó fritháireamh a lamháil ar shlí ar bith ar chuntas nó i leith luach bliantúil an áitribh sin nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan bliantúla a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh ón trádáil nó ón ngairm sin á meas.

(3) Más rud é, nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a d'éirigh nó a d'faibhrigh ó aon trádáil nó gairm agus is inmhuirir i leith cánach faoin Sceideal seo á meas, go n-asbhainfear aon suim ar chuntas luach bliantúil na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán a úsáidtear chun críche na trádála nó na gairme sin, ní bheidh an tsuim a asbhainfear amhlaidh níos mó ná méid na measúnachta ar na tailte, na tionóntáin agus na hoidhreachtáin chun críche cánach faoi Sceideal A arna laghdú chun críche cruinnithe.

(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás foirgnimh nó déanmhais thionscail de réir bhrí alt 255 nach foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264.

(b) Más rud é, i gcás áitreabh atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, gur foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264 cuid de agus nach ea cuid, tiocfar ar luach bliantúil gach coda trí luacháil inrátaithe an áitribh a chionroinnt, agus bainfidh alt 54 (3) (c) agus alt 54 (4) le haon chionroinnt den sórt sin mar a bhaineann siad le cionroinnt a cheanglaítear le halt 54 (3).

Cumhacht chun measúnachtaí Sceideal A a fhágáil ar lár i gcásanna áirithe.

[1964, a. 10.]

1964, Uimh. 15 .

66. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a ríomhfar cáin ioncaim don bhliain sin go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás arb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile a bheidh le glacadh, de bhua an Achta seo, mar bhrabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

tá le “gearr-léas” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil VI de Chuid IV;

ciallaíonn “trádáil” trádáil de réir bhrí Chás I de Sceideal D;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála.

(2) (a) Faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, baineann an t-alt seo le haon aonad luachála a bhfuil cáin inmheasúnaithe ar chuideachta ina leith faoi Sceideal A agus is aonad luachála nach dteipeann ar aon chuid de, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ceann nó an ceann eile de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, is é sin le rá:

(i) go bhfuil sé áitithe go huile ag an gcuideachta is inmheasúnaithe mar a dúradh chun críocha trádála,

(ii) go bhfuil sé, i dteannta nó d'éagmais áitribh eile faoi réir gearr-léas a dheonaigh cuideachta agus nach léas den chineál dá dtagraítear in alt 86.

(b) Ní bhaineann an t-alt seo le haonad luachála—

(i) a bhfuil a iomlán nó cuid de á áitiú chun críocha trádála arb é atá inti ar fad nó go páirteach oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XXV, nó

(ii) a bhfuil aon ús iníoctha ina leith faoi ghearr-léas ag an gcuideachta is inmheasúnaithe faoi Sceideal A ina leith.

(c) Chun críocha fhomhír (a) (ii) cinnfear ré léasa mar a chinnfí é chun críocha alt 81 (4).

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal A a dhéanamh d'aon bhliain mheasúnachta i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo; agus más rud é, i gcás aon bhliana measúnachta, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A, ní dhéanfar, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, luach bliantúil an aonaid luachála a chur i gcuntas chun aon críche den Acht seo maidir leis an gcuideachta is inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A.

(4) I gcás—

(a) an t-iomlán nó cuid d'aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) a bheith áitithe tráth ar bith i rith bliana measúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) chun críocha trádála a sheolann an chuideachta a bheidh i gceist, agus

(b) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain iomchuí i leith an aonaid,

bainfidh na forálacha seo a leanas le méid brabús agus gnóchan na trádála a ríomh chun críocha measúnachta don bhonn-tréimhse don bhliain iomchuí, ach ní bhainfidh le caillteanas a fulaingíodh i gcúrsaí trádála sa tréimhse sin a ríomh chun críocha faoisimh:

(i) ríomhfar ar dtús brabúis nó gnóchain na bonntréimhse ionann agus dá mbeifí tar éis measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid a dhéanamh do gach bliain mheasúnachta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhonn-tréimhse nach ndearnadh measúnacht den sórt sin di;

(ii) déanfar an méid a bheidh ríofa de réir mhír (i) den fho-alt seo a choigeartú ar dtús ionann agus dá mbeadh, i dteannta na bhfáltas trádála a cuireadh i gcuntas nuair a bhíothas á chinneadh, méid fáltas trádála faighte ag an gCuideachta sa bhonn-tréimhse ar cóimhéid leis an tsuim a shonraítear sa chéad mhír eile ina dhiaidh seo agus, chun críocha uile an Achta seo, measfar gurb é an méid a ríomhadh de réir na míre sin (i) arna choigeartú amhlaidh méid brabús nó gnóchan na bonn-tréimhse;

(iii) an tsuim dá dtagraítear i mír (ii) den fho-alt seo is suim í is comhionann le méid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh i leith an aonaid don bhliain iomchuí nó, i gcás ina mbeadh feidhm ag alt 23, is le glanmhéid, arna laghdú chun críocha bailiúcháin, na measúnachta a d'fhéadfaí a dhéanamh mar a dúradh, ar choinníoll go ndéanfar, i gcás gan iomlán an aonaid a bheith áitithe chun críocha na trádála ar feadh na bliana iomchuí, an tsuim atá luaite anseo roimhe seo a laghdú go cuí.

(5) (a) I gcás—

(i) ina mbeadh an mheasúnacht faoi Sceideal A d'aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) le laghdú, dá ndéanfaí í, chun críocha bailiúcháin, faoi alt 23,

(ii) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain sin i leith an aonaid,

(iii) tréimhse (dá ngairtear an tréimhse neamheasúnaithe anseo feasta san fho-alt seo) arb í an bhliain sin uile nó cuid di í a bheith laistigh de thréimhse (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta anseo feasta san fho-alt seo) a mbeidh cuntais na cuideachta a bheidh i gceist déanta amach ina haghaidh, agus

(iv) iomlán an aonaid nó cuid de a bheith áitithe tráth ar bith i rith na tréimhse neamheasúnaithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta,

ansin, nuair a bheidh méid caillteanais a fulaingíodh sa trádáil sa tréimhse chuntasaíochta á ríomh, lamhálfar cibé asbhaint, más aon asbhaint í, a údaraítear le mír (b).

(b)   (i) I gcás an tréimhse neamheasúnaithe do chomhthitim leis an mbliain iomchuí agus go raibh iomlán an aonaid áitithe ar feadh na tréimhse sin chun críocha na trádála, beidh an asbhaint faoi mhír (a) comhionann leis an méid, más aon mhéid é, a bheidh glanmhéid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh don bhliain iomchuí i leith an aonaid faoi bhun na suime a bheadh, dá ndéanfaí an mheasúnacht sin, le hasbhaint, faoi alt 65, i leith na tréimhse neamheasúnaithe ar scór luach bhliantúil an aonaid.

(ii) In aon chás eile, is é a bheidh san asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo an chomhréir den asbhaint ab inlamháilte faoi, dá mbeadh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo, is comhionann leis an gcomhréir a bheadh idir an tsuim a bheadh le hasbhaint, faoi alt 65, i gcúinsí an cháis, dá ndéanfaí measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid don bhliain iomchuí, in aghaidh na tréimhse neamheasúnaithe mar gheall ar luach bliantúil an aonaid agus an tsuim a bheadh le hasbhaint faoin alt sin dá mbeadh na cúinsí mar a dúradh san fhomhír sin (i).

(6) Má tharlaíonn, de dhroim oibriú na bhforálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh méid brabús nó gnóchan trádála arb inmhuirir cáin ar chuideachta ina leith faoi Chás I de Sceideal D níos mó in aon bhliain mheasúnachta ná bheadh mura mbeadh sin, ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin de na brabúis nó de na gnóchain arb inmhuirir an chuideachta ina leith amhlaidh nach dtéann thar an méid ar arbh inmhuirir í amhlaidh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo agus ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin den cháin is iníoctha ag an gcuideachta agus is inchurtha i leith na coda sin de na brabúis nó de na gnóchain nuair a bheifear ag cinneadh méid aon fhaoisimh a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta in aghaidh na bliana measúnachta faoi alt 220 nó faoi Chaibidil II, III nó IV de Chuid XXV.

(7) Más rud é, de réir an ailt seo, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A i leith aon aonaid luachála ní fhágfaidh sé sin nach n-áireofar mar bhuntáiste de chuid oifige nó fostaíochta suim a áireofaí amhlaidh, mura mbeadh sin, de réir Chaibidil III de Chuid IV.

(8) (a) Féadfaidh cuideachta, trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire laistigh den am a theorannaítear le mír (b), a roghnú nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi agus, i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis roghnú amhlaidh, ní bheidh aon aonad luachála a mbeidh an chuideachta inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A ina aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Seachadfar fógra faoi mhír (a)—

(i) i gcás cuideachta a bhí ann ar dháta thosach feidhme an Achta seo (seachas cuideachta a corpraíodh ar dháta níos mó ná sé mhí roimh an dáta tosach feidhme sin) laistigh de shé mhí ó dháta an chuideachta a chorprú,

(ii) i gcás cuideachta nach raibh ann ar dháta thosach feidhme an Achta seo, laistigh de shé mhí ó dháta an chuideachta a chorprú.

(c) Féadfaidh cuideachta tráth ar bith fógra a bheidh tugtha aici faoi mhír (a) nó faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1964 , a tharraingt siar agus air sin scoirfidh an fógra d'éifeacht a bheith aige amhail ó thosach na chéad bhliana measúnachta eile.

Liúntas i leith áitribh thionscail.

[1919, a. 18;

1959, a. 32 (4).]

67. —(1) San alt seo ciallaíonn “áitreabh” foirgneamh nó déanamh tionscail de réir bhrí alt 255 nach foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264.

(2) Nuair a bheifear ag meas méid na mbrabús nó na ngnóchan bliantúla a éireoidh nó a fhaibhreoidh ó aon trádála ar inmhuirir cáin ar a brabúis faoi Chás I de Sceideal D lamhálfar, d'ainneoin aon ní in alt 65, go n-asbhainfear, mar chaiteachais a tabhaíodh aon bhliain áirithe, i leith aon áitribh de chuid an duine ag a mbeidh an trádáil sin ar siúl agus a bheidh áitithe aige chun críocha na trádála sin, agus a bheidh lasmuigh den Stát, asbhaint ar cóimhéid leis an tríú cuid de luach bliantúil an áitribh sin.

(3) Nuair a bheidh meas á dhéanamh ar na brabúis in aghaidh aon bhliana áirithe i gcás aon cheann de na gnólachtaí a ndéantar, de bhua alt 53, iad a mhuirearú faoi Chás 1 (b) de Sceideal D, lamhálfar go n-asbhainfear, mar chostais a tabhaíodh aon bhliain áirithe, i leith aon áitribh leis an duine ag a raibh an gnólacht á sheoladh agus a bhí áitithe aige chun críocha an ghnólachta sin, asbhaint ar cóimhéid leis an tríú cuid de luach bliantúil an áitribh sin.

(4) Déanfar luach bliantúil chun críocha an ailt seo a mheas de réir na bprionsabal a rialaíonn meas an luacha bliantúil chun críocha Sceideal A.

Ráiteas ar bhrabúis.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 16, 17;

1963, Sc. 6, Cuid II.]

68. —(1) Gach ráiteas ar bhrabúis a bheidh le muirearú faoi Sceideal D a dhéanfaidh duine ar bith—

(i) ar a chuntas féin; nó

(ii) ar chuntas duine éigin eile a mbeidh sé inmhuirir ina leith, nó is inmhuirir ina ainm,

beidh ann gach bunadh ioncaim is inmhuirir amhlaidh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine ráiteas ar bhrabúis a sheachadadh mar a dúradh thar ceann duine éigin eile, nó thar ceann comhlacht daoine, seachadfar an ráiteas sa cheantar measúnachta ina mbeadh an duine a sheachadfaidh an ráiteas nó an chomhlacht daoine faoi seach inmheasúnaithe agus inmhuirir dá mba thar a cheann nó a gceann féin a ghníomhaigh sé.

Caibidil III

Trádála agus Gairmeacha a Sheoltar i gComhpháirtíocht

Forléiriú.

[1965, a. 49.]

69. —(1) Sa Chaibidil seo den Acht seo—

ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan de chuid an duine a dhéanfaidh í, aon cháin inbhainte faoi alt 433;

ciallaíonn “muirear cothromaíochta” muirear cothromaíochta faoi Chuid XVI;

ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua an Achta seo, gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin;

ciallaíonn “trádáil chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh le tabhairt nuair a bheidh brabúis nó gnóchain á ríomh, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII;

ciallaíonn “trádála chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht;

ciallaíonn “comhpháirtí tosaíochta” maidir le comhpháirtíocht an comhpháirtí a chónaíonn sa Stát agus—

(a) a chéadainmnítear sa chomhaontú comhpháirtíochta, nó

(b) mura bhfuil aon chomhaontú ann, a ainmnítear go haonrach nó le tosaíocht ar na comhpháirtithe eile i ngnáthainm an ghnólachta, nó

(c) arb é an comhpháirtí gníomhach tosaíochta é, mura comhpháirtí gníomhach an comhpháirtí a ainmnítear le tosaíocht,

agus déanfar, i gcás nach sa Stát a chónaíonn aon chomhpháirtí, aon tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaire, don bhainisteoir, nó don fhactóir de chuid an ghnólachta a chónaíonn sa Stát;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, maidir le trádáil chomhpháirtíochta, tréimhse chomhleanúnach ar tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, di go huile nó do chuid di—

(a) dar tosach tráth nach raibh an trádáil á seoladh díreach roimhe ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach raibh aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine a bhí díreach roimhe sin ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht, agus

(b) ag leanúint an fad (ach ní níos faide ná an fad) nach bhfuil tráth ann nach raibh an trádála á seoladh díreach ina dhiaidh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach bhfuil aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine atá díreach ina dhiaidh ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht,

faoi réir an choinníll go measfar, i gcás aon tréimhse den sórt sin a thosódh, ar leithligh ón gcoinníoll seo, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, “an tréimhse iomchuí” do thosú an tráth, nó an tráth deiridh de dhá thráth nó níos mó, a raibh, ar athrú a theacht sa chomhpháirtíocht daoine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin, na daoine a bhí ag gabháil di amhlaidh díreach i ndiaidh an trátha le háireamh, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, mar dhaoine a thionscain nó a thúsaigh an trádáil an tráth sin.

(2) Maidir le cás trádáil chomhpháirtíochta a bheith á seoladh ó am go ham i gcaitheamh tréimhse iomchuí ag dhá chomhpháirtíocht éagsúla daoine nó níos mó, déanfar aon tagairt sa Chuid seo don chomhpháirtíocht a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomhpháirtíocht daoine ag a raibh an trádáil á seoladh ó thosach na tréimhse iomchuí agus fórléireofar dá réir sin aon tagairt do chomhpháirtí.

(3) Beidh feidhm maidir le gairmeacha ag forálacha na Caibidle seo, le haon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm acu maidir le trádála.

Cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna.

[1965, a. 50.]

70. —(1) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfidh cigire, trí fhógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta, de cheangal air sin a dhéanamh, déanfaidh sé, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire ina dtuairisceoidh sé—

(a) bunaidh uile ioncaim na comhpháirtíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a thabharfar an fógra;

(b) an méid ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo;

(c) cibé sonraí breise chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta mar a cheanglóidh an fógra nó mar a iarrfaidh an fhoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur in aon tuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha an Achta seo ach amháin gur trí thagairt don bhliain roimhe sin a dhéanfar an ríomh i ngach cás:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar, i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 344, an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin;

(b) más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain roimhe sin nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh trí thagairt don tréimhse nó do na tréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh.

(3) Má sheachadann duine tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe d'aon chigire, measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh.

(4) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú a tabhaíodh faoi alt 500 nó 501 maidir le tuairisceán dá dtagraítear sna forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra a luafar don chosantóir lá a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas tuarisceán a luafar ón gcosantóir i rith tréimhse a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin.

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo agus ag airbheartú é a bheith sínithe ag cigire a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar é a bheith sínithe ag an gcigire sin go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(5) San alt seo ciallaíonn rud a bheith “forordaithe” é a bheith forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Measúnacht ar leithligh ar chomhpháirtithe.

[1965, a. 51.]

71. —(1) I gcás trádáil chomhpháirtíochta, beidh éifeacht faoi réir forálacha na Caibidle seo ag an Acht seo maidir le haon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht amhail is gurb amhlaidh a bhí in aon tréimhse iomchuí—

(a) gurbh ionann aon bhrabúis nó gnóchain a tháinig chuige ón trádáil agus aon chaillteanas a tharla dó inti agus brabúis nó gnóchain ó thrádáil nó a tharla i dtrádáil (dá ngairtear trádáil leithleach anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo) a bhí á seoladh aige féin go haonarach agus ba thrádáil—

(i) a tionscnaíodh ní a túsaíodh i dtosach na tréimhse iomchuí, nó más tráth éigin sa tréimhse iomchuí seachas ina tosach a thosaigh sé ar bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, an tráth a thosaigh sé amhlaidh, agus

(ii) nuair a scoirfidh sé de bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, i rith na tréimhse iomchuí nó i ndeireadh na tréimhse iomchuí, ar buanscoireadh di nuair a scoir sé amhlaidh, agus

(b) gur íoc sé an chuid a dhligh sé a íoc d'aon íocaíocht bhliantúil ón gcomhpháirtíocht,

(2)  (a) Chun críocha fho-alt (1), measfar gurb é méid na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig chun aon chomhpháirtí áirithe óna thrádáil leithleach, nó an méid caillteanais a tharla dó inti, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí an méid sin de mhéid iomlán brabús nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta nó, de réir mar a bheidh, de mhéid iomlán an chaillteanais a tharla i dtrádáil na comhpháirtíochta a thiocfadh mar a chion chuige ar chionroinnt a dhéanamh ar an gcéanna de réir téarmaí chomhaontú na comhpháirtíochta maidir le roinnt brabús agus caillteanas.

(b) I gcás inarb éard í an bhliain nó an tréimhse (dá ngairtear tréimhse an ríomha anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) dá mbeidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil leithleach chomhpháirtí nó an caillteanas a tharla inti le déanamh suas faoin bhfo-alt seo, bliain nó tréimhse nó cuid de bhliain nó tréimhse dá mbeidh cuntas ar thrádáil na compháirtíochta déanta suas, beidh feidhm ag ailt 60 agus 107 maidir leis an gcomhpháirtí ionann is dá mbeadh cuntas ar a thrádáil leithleach déanta suas don tréimhse ríomha.

(c) Más rud é, i gcás trádáil leithleach chomhpháirtí, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaíonn an bhonntréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar brabúis nó gnóchain na bonn-tréimhse sin a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm sa tréimhse sin nó i gcuid éigin di.

(3) Chun críocha fho-alt (2), déanfaidh an cigire, faoi réir alt 73, méid iomlán brabús nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta d'aon bhliain nó tréimhse, nó méid iomlán an chailteanais a tharla sa trádáil sin in aon bhliain nó tréimhse, a chinneadh agus déanfar aon chinneadh den sórt sin mar bheadh sé le déanamh—

(a) dá ndéanfaí an trádáil a thionscnamh nó a thúsú i dtosach na tréimhse iomchuí, agus

(b) i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin, agus

(c) dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir sa tréimhse iomchuí agus gurb é an duine sin a rinne nó gur leis a rinneadh gach rud a rinneadh, le linn í a bheith á seoladh, ag nó leis na daoine a sheol í iarbhír:

Ar choinníoll go measfar chun críocha an fho-ailt seo, i gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, an tréimhse iomchuí a thosú an tráth ar measadh chun críocha cánach ioncaim gurbh é an tráth é a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus in aon chás den sórt sin, go measfar gurbh éard aon bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine ón trádáil, nó in aon chaillteanas a tharla dó sa trádáil, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí a bhí sé ag gabháil don trádáil ar a chuntas féin, brabúis nó gnóchain a tháinig chuige ó thrádáil chomhpháirtíochta, nó de réir mar a bheidh, caillteanas a tharla dó i dtrádáil chomhpháirtoctha ina raibh teideal aige, i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist, chun méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig nó inar dhligh sé méid iomlán an chaillteanais a iompar.

(4) I gcás nach ndéanfaidh na scaireanna chun a bhfuil teideal ag na comhpháirtithe sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta dísciú ar bhrabúis na trádála a sheol an chomhpháirtíocht sa tréimhse sin, déanfar measúnacht faoi Chás IV de Sceideal D ar an gcomhpháirtí tosaíochta i leith na coda neamhdhíscithe de na brabúis agus beidh an comhpháirtí tosaíochta i dteideal, má bhíonn agus nuair a bheidh an t-iarmhéid sin le híoc le duine a bheidh ina theideal, aon mhéideanna cánach a measúnaíodh agus a d'íoc sé a bhaint as an iarmhéid sin agus beidh sé saortha agus urscaoilte ó aon mhéideanna den sórt sin.

(5) Ní thabharfaidh an t-alt seo go ndéanfaidh ioncam tuillte d'aon ioncam nach ioncam tuillte ar leithligh ón alt seo.

Liúntais chaipitúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta.

[1965, a. 52.]

1965, Uimh. 22 .

72. —(1) Beidh éifeacht, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le trádáil leithleach chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le liúntais chaipitiúla a thabhairt agus muirir chothromaíochta a dhéanamh le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála.

(2) I gcás ina mbeidh an duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire in aon chomhpháirtíocht tar éis éileamh a dhéanamh, mar a fhoráiltear le fo-alt (9), d'aon bhliain mheasúnachta, tabharfar d'aon chompháirtí sa chompháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí, liúntas caipitiúil i leith aon chaiteachais nó maoine ar cóiméid lena scair iomchuí d'aon liúntas caipitiúil don bhliain sin (gan aon mhéid a tugadh anall ó bhliain roimhe sin a áireamh) (dá ngairtear comhliúntas ina dhiaidh seo san alt seo) a d'fhéadfaí, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, a thabhairt ina leith le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis sin a mhuirearú trí chómheasúnacht ar na daoine a sheol an trádáil sa bhliain mheasúnachta ionann agus—

(a) dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir agus gurb iad a rinne nó gur leo a rinneadh gach rud a rinneadh ag a réamhtheachtaithe nó leo ag seoladh, nó i ndáil le seoladh, na trádála, agus

(b) gurb i dtosach na tréimhse iomchuí a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus, i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin.

(3) Muirearófar d'aon bhliain mheasúnachta ar aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí muirear cothromaíochta ar cóiméid lena scair iomchuí d'aon mhuirear cothromaíochta (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) a bheadh le déanamh don bhliain sin le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis sin a mhuirearú mar a shonraítear i bhfo-alt (2).

(4) Má ráiníonn i ndeireadh na tréimhse iomchuí go dtiocfaidh duine nó comhpháirtíocht daoine i gcomharbas trádála comhpháirtíochta agus go mbeidh aon mhaoin a bhí, díreach sula dtarlóidh an comharbas ann, á húsáid chun críocha thrádáil na comhpháirtíochta agus, díreach tar éis an comharbas a tharlú ann, a bheidh, gan í a dhíol, á húsáid chun críocha na trádála a bheidh á seoladh ag an gcomharba nó ag na comharbaí, beidh feidhm ag alt 300 (1) mar atá feidhm aige i gcás ina bhfuil sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha alt 59, go bhfuil an trádáil buanscortha.

(5) I gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí do thrádáil chomhpháirtíochta agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tosaíodh nó a túsaíodh an trádáil, measfar, chun críocha fho-alt (2) agus (3), an tréimhse iomchuí do thosú an tráth a measadh chun críocha cánach ioncaim a tosaíodh nó a túsaíodh an trádáil.

(6)  (a) Faoi réir alt 73, cinnfidh an cigire maidir le haon trádáil chomhpháirtíochta méid iomlán na gcomhliúntas uile d'aon bhliain mheasúnachta agus méid iomlán na gcómhuirear uile don bhliain sin.

(b) Má ráiníonn, tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a), gur feasach an cigire aon fhíorais nó teagmhais le gurb é a thuairim, ag féachaint chucu sin, go bhfuil an cinneadh mícheart, féadfaidh sé, ó am go ham agus a mhinicí is dóigh leis is gá, cinneadh athscrúdaithe a dhéanamh, agus glacfaidh aon chinneadh athscrúdaithe den sórt sin ionad aon chinneadh níos luaithe ná é, agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.

(7) (a) Faoi réir forálacha mhír (b), déanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, scaireanna iomchuí na gcomhpháirtithe de chomhliúntas, nó de chómhuirear a ríomh trína iomlán a chionroinnt ar na comhpháirtithe ar an bhforas céanna a bheadh a chóimhéid de bhrabúis a tháinig sa tréimhse thrádála ó thrádáil na comhpháirtíochta, agus a d'fhaibhrigh ó lá go lá thar an tréimhse sin, le cionroinnt de réir téarmaí na comhpháirtíochta dá mbeadh soláthar déanta cheana féin d'aon tuarastal, ús ar chaipiteal nó suim eile chun a raibh teideal ag aon chomhpháirtí ar neamhshuim le méid na mbrabús a d'éirigh ó thrádáil na comhpháirtíochta.

Sa mhír seo ciallaíonn “tréimhse thrádála”, i gcás an tréimhse iomchuí tosú nó críochnú i rith na bliana measúnachta dá ríomhfar an comhliúntas nó an cómhuirear, an chuid den bhliain mheasúnachta sin is cuid den tréimhse iomchuí nó, in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta sin.

(b) Má líomhnaíonn na comhpháirithe go léir (agus a ionadaithe dlíthiúla ag ionadú aon chomhpháirtí éagtha) d'aon bhliain mheasúnachta, trí fhógra scríofa faoina lámha a chuirfear chuig an gcigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, gur tarraingíodh cruatan ar dhuine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe mar gheall ar chionroinnt comhliúntais nó cómhuirir a rinneadh ar an bhforas atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar bheith deimhnitheach dóibh gur tarraingíodh cruatan, cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir trí chionroinnt nua a dhéanamh ar an gcomhliúntas nó ar an gcómhuirear, agus beidh éifeacht chun críocha uile an Achta seo ag aon chionroinnt nua den sórt sin ionann agus dá mba chionroinnt í faoi mhír (a) agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.

(8) Chun na measúnachtaí a dhéanamh ar na comhpháirtithe, measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe gur cómhliúntas don bhliain sin méid comhiomlán na liúntas caipitiúil go léir a tugadh anall agus beidh feidhm dá réir ag fo-alt (7).

San fho-alt seo ciallaíonn liúntas caipitiúil a tugadh anall—

(a) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana 1964-65 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh Cuid VIII den Acht Airgeadais, 1965 , a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta don bhliain 1965-66, agus

(b) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt do chomhpháirtí in aghaidh 1965-66 nó bliana measúnachta dá éis sin agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil leithleach an chomhpháirtí do bhliain mheasúnachta tar éis na bliana dar ríomhadh an liúntas caipitiúil.

(9) Maidir le trádáil chomhpháirtíochta—

(a) aon éileamh ar chomhliúntas d'aon bhliain mheasúnachta déanfaidh an comhpháirtí tosaíochta é ionann agus dá mba éileamh é ar liúntas caipitiúil a bhí le tabhairt dó agus cuirfear é sa tuairisceán a sheachadfaidh sé faoi alt 70 maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus

(b) aon éileamh ar chomhliúntas measfar gurb éileamh é ó gach comhpháirtí ar liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt dó agus is liúntas caipitiúil ar cóimhéid lena scair iomchuí den chomhliúntas sin.

Modhnú ar na forálacha maidir le hachomhairc.

[1965, a. 53.]

73. —(1) Féadfaidh an cigire fógra a thabhairt don chomhpháirtíocht lena mbaineann i dtaobh aon chinneadh aige faoi alt 71 (3) nó 72 (6) trí ráiteas scríofa á insint a sheachadadh don duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire sa chomhpháirtíocht agus na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach ioncaim beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le haon chinneadh agus aon fhógra i dtaobh cinnte ionann agus dá mba mheasúnacht den sórt sin agus fógra i dtaobh measúnachta den sórt sin iad faoi seach.

(2) Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach dochloíte nó, i gcás cinneadh faoi alt 72 (6) críochnaitheach dochloíte faoi réir mhír (b) den fho-alt sin, ní chuirfear a chirte faoi cheist le linn éisteacht nó athéisteacht a bheith á thabhairt d'achomharc ag aon chomhpháirtí i gcoinne measúnachta i leith brabúis nó gnóchain a thrádála leithlí nó i gcoinne cinneadh ag an gcigire ar éileamh faoi alt 307.

(3) Má ráiníonn ar aon achomharc den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) go mbeidh aon cheist ann i dtaobh cionroinnt a bheidh le déanamh faoi alt 71 (2) nó alt 72 (7) agus gur dealraitheach gur ceist ábhartha an cheist maidir leis an dliteanas i leith cánach ioncaim atá (do cibé bliain mheasúnachta é) ar bheirt daoine nó níos mó, tabharfar fógra do na daoine sin go léir faoi thráth agus ionad na héisteachta agus beidh teideal acu láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla scríofa a chur chucu.

Forálacha maidir le muirir faoi alt 288.

[1965, a. 54 (1) (2).]

74. —(1) I gcás ina mbeadh muirear faoi alt 288 (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) le gearradh d'aon bhliain mheasúnachta áirithe nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan thrádáil comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis nó na gnóchain sin a mhuirearú mar a shonraítear in alt 72 (2), gearrfar ar aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí muirear faoin alt sin 288 ar cóimhéid lena scair iomchuí den chómhuirear.

(2) Chun críocha fho-alt (1), ríomhfar scair iomchuí chomhpháirtí de chómhuirear mar atá a scair iomchuí de chómhuirear de réir bhrí alt 72 le ríomh de bhua fho-alt (7) den alt sin.

Caibidil IV

Cás III

Ioncam is inmhuirir faoi Chás III.

[1929, a. 10 (1) (2).]

75. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo, measfar, chun na gcríocha uile a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a fhionnadh, gurb ó bhunadh amháin d'ioncam nó do bhrabúis is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha alt 77 dá réir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an ioncam nó na brabúis seo a leanas, agus measfar an t-ioncam nó na brabúis sin a theacht ó bhunaidh ar leithligh, faoi seach, is é sin le rá—

(i) ioncam nó brabúis is inmhuirir faoi alt 215,

(ii) brabúis is inmhuirir faoi alt 78, agus

(iii) ioncam ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a gceanglaítear cáin orthu faoi fho-ailt (2) agus (3) d'alt 76 a ríomh faoi threoir mhéid an ioncaim a fuarthas sa Stát.

Urrúis agus sealúchais choigríche.

[1925, a. 12 (1) (2) (3) (a);

1929, a. 11, Sc. 1, Cuid II;

1934, a, 5;

1965, a. 4 (6), 9, Sc. 3, Cuid I.]

76. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 77, déanfar cáin is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncaim ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a ríomh ar an méid iomlán den chéanna a éireoidh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-ioncam faighte nó le fáil sa Stát, ach sin, i gcás ioncam nach sa Stát a fuarthas é—

(a) faoi réir na n-asbhaintí agus na liúntas céanna agus bheadh dá mba rud é gur mar sin a fuarthas é; agus

(b) faoi réir aon suim a asbhaint, i gcás nach féidir an asbhaint sin a dhéanamh faoi aon fhoráil eile agus nach bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil eile den Acht seo, ar suim í a íocadh i leith cánach ioncaim san áit ar éirigh an t-ioncam; agus

(c) faoi réir asbhaint mar gheall ar aon ús bliantúil nó aon bhlianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha as an ioncam le duine nach sa Stát a chónaíonn sé,

agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le ráitis a sheachadadh).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) maidir le haon duine a chruthóidh do na Coimisinéirí Ioncaim nach sa Stát atá sainchónaí air, nó gur saoránach Éireannach é agus nach sa Stát a bhíonn gnáthchónaí air, nó

(b) maidir le hioncam ó urrúis agus sealúchais den sórt a dúradh ar cuid iad d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid chomhlacht árachais.

(3) Sna cásanna a luaitear i bhfo-alt (2), déanfar an cháin, faoi réir forálacha alt 77, a ríomh ar mhéid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin airgid is iníoctha sa Stát, nó ó mhaoin a allmhairíodh nó ó airgead nó luach as maoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas i leith na seoltán airgid, na maoine, an airgid nó an luacha a tugadh isteach sa Stát sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta gan aon asbhaint ná cealú.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chúis cruatain é forálacha an ailt seo a fheidhmiú i gcás ioncaim ó fhostaíocht a feidhmíodh go hiomlán lasmuigh den Stát féadfaidh siad cibé faoiseamh a dheonú is dóigh leo is cóir.

(5) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar aon cheist maidir le sainchónaí nó gnáthchónaí a éireoidh faoi fho-alt (2) féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí ón dáta a thabharfar fógra ar an gcinneadh dó, iarratas a dhéanamh go n-éistfeadh agus go gcinnfeadh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh.

(6) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh sa tslí chéanna le hachomharc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, maille le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).

Bonn measúnachta.

[1918, Sc. D, C. III, r. 2;

1922, a. 17;

1929, a. 10 (3);

1929, Sc. I, Cuid II, r. (4);

1932, a. 5 (3).]

77. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar cáin faoi Chás III de Sceideal D a ríomh—

(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta ina n-éireoidh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain sin; agus

(b) maidir le blianta measúnachta ina dhiaidh sin, ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta;

Ar choinníoll—

(i) i gcás inar lá éigin seachas an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a d'éirigh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, go ndéanfar an ríomh ar bhrabúis nó ar ioncam na bliana measúnachta; agus

(ii) i gcás inarb ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta nó lá éigin seachas an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta a d'éirigh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, go mbeidh an duine a mhuirearófar i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófaí é ar mhéid na mbrabús nó an ioncaim don bhliain sin, agus má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha, go n-aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh.

(2) Faoi réir forálacha alt 76, íocfar cáin ar an méid iarbhír a ríomhadh mar a dúradh gan aon asbhaint.

(3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go scoirfidh duine ar bith a muirearaíodh nó is inmhuirir i leith ioncaim nó brabús faoi Chás III de Sceideal D, d'iomlán an bhunaidh aonair ioncaim nó brabús sin a shealbhú mar a luaitear in alt 75 (1) nó aon bhunadh acu sin a n-ordaítear an t-ioncam uaidh a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin, beidh feidhm sa chás sin ag alt 58 (5), faoi réir na modhnuithe is gá, ionann agus dá mba éard é scor den bhunadh nó de na bunaidh aonair sin a shealbhú scor de thrádáil.

(4) Na tagairtí atá i bhfo-alt (3) do dhuine do scor de bhunadh ioncaim nó brabús a shealbhú forléireofar iad mar thagairtí do scor de dheasca duine d'fháil bháis agus an bunadh ioncaim nó brabús á shealbhú aige agus freisin do scor le linn beo an duine sin, agus chun críocha fho-alt (3) measfar an bás sin a bheith ina chúis le scor, agus measfar an scor sin tarlú lá an bháis sin.

(5) I gcásanna ina mbeidh cáin ioncaim le ríomh faoi threoir an mhéid ioncaim a fuarthas sa Stát, beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) ionann agus dá mba éard a bhí i dtagairtí san fho-alt sin do cháin ioncaim a éiríonn nó a d'éirigh tagairtí d'ioncam a fhaightear nó a fuarthas amhlaidh.

Déileálaithe eallaigh agus bainne.

[1918, Sc. D, C. III, r. 4.]

78. —Má fhaigheann an cigire amach nach leor iad na tailte a muirearaíodh faoi Sceideal B ar an luach inmheasúnaithe agus atá áitithe ag déileálaí eallaigh nó ag déileálaí bainne nó ag díoltóir bainne, le haghaidh cothú an eallaigh a cuireadh ar na tailte, ionas nach bhfaightear aon mheas cóir ar na brabúis ón luach inmheasúnaithe, féadfaidh sé a iarraidh go seachadfaí ráiteas ar na brabúis agus féadfaidh sé cibé suim bhreise a mhuirearú ar na brabúis agus a dhéanfaidh suas, i dteannta an mhuirir faoi Sceideal B, an tsuim iomlán ba chóir a mhuirearú ar an déileálaí nó an díoltóir i leith an méid céanna brabús a muirearaíodh de réir alt 77.

Caibidil V

Cás IV—Ginearálta

Bonn measúnachta.

[1918, Sc. D, C. VI, r. 1-3;

1929, a. 9 (3).]

79. —(1) Déanfar cineál na mbrabús nó na ngnóchan, agus an bonn ar a ndearnadh a méid a ríomh, lena n-áirítear an meánmhéid a tógadh orthu, má tógadh, a insint don chigire.

(2) Déanfar an ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó na gnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta, nó déanfar é de réir mheánmhéid na tréimhse sin, nach faide ná bliain, de réir mar is gá sa chás agus mar a ordóidh an cigire.

(3) Gach ráiteas agus ríomh den sórt sin déanfar é a mhéid is fearr is eol don duine, agus mar a chreideann an duine a bheidh ag fáil nó i dteideal na mbrabús nó na ngnóchan.

Caibidil VI

Cánachas ar Chíosanna agus ar íocaíochtaí áirithe Eile

Léiriú.

[1963, Cuid IX, a. 83;

1965, a. 56.]

80. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “éasúint” aon cheart, pribhléid nó sochar in áitreabh nó air nó uaidh;

folaíonn “léas” comhaontú le haghaidh léasa agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí” agus “léasóir”, agus folaíonn “leasaí” agus “léasóir”, faoi seach, comharbaí i dteideal léasaí nó léasóra;

ciallaíonn “léas fada” léas arna dheonú ar feadh téarma is faide ná caoga bliain;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, cibé acu leis an léasóir is neasa nó le huasléasóir is iníoctha í;

folaíonn “cíos” aon ní i bhfoirm chíosa agus aon íocaíocht ón léasaí chun costais obair chothabhála nó deisiúcháin ar an áitreabh a íoc, nach obair a gceanglaítear leis an léas gurb é an léasaí a dhéanfaidh í;

ciallaíonn “gear-léas” léas arna dheonú ar feadh téarma nach faide ná caoga bhliain;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin arna luacháil faoi na hAchtanna Luachála mar aonad.

(2) Nuair a bheidh ré léasa á dhéanamh amach, chun críocha na mínithe ar “léas fada” agus “gearr-léas” atá i bhfo-alt (1) beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh ar théarmaí an léasa foráil le haghaidh a fhoirceannta trí fhógra ón léasóir nó ón léasaí, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta is luaithe a fhéadfaí é a fhoirceannadh trí fhógra;

(b) i gcás ina dtabharfaidh aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon chúinse eile gur neamhdhócha go leanfaidh an léas thar dáta roimh an lá a bheidh deireadh le téarma an léasa, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta sin.

(3) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do bhaint a bheith ag duine amháin le duine eile a fhorléiriú de réir alt 96 (3).

(4) Má tá eastát nó leas aon léasóra in aon áitreabh faoi mhorgáiste agus go bhfuil an morgáistí i seilbh nó go bhfuil na cíosanna agus na brabúis á nglacadh ag glacadóir a ceapadh ag an morgáistí nó ar iarratas uaidh, ansin, chun críocha na Caibidle seo, measfar an t-eastát nó an leas sin a bheith dílsithe don mhorgáistí, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do léasóir; ach ríomhfar méid an dliteanais i leith cánach a bheidh ar aon mhorgáistí den sórt sin ionann agus dá mbeadh an morgáistí i seilbh go fóill nó, de réir mar a bheidh, nár ceapadh aon ghlacadóir, agus gurb é méid dliteanais an mhorgáisteora a bhí á ríomh.

Cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna.

[1963, a. 84.]

81. —(1) A mhéid dá bhforáiltear leis an gCaibidil seo, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla de réir Sceidil D na brabúis nó na gnóchain ó aon chíos i leith aon áitribh faoi ghearr-léas agus beidh an léasóir inmhuirir ina leith faoi Chás IV den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 79 (2), déanfar cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan is inmhuirir de bhua an ailt seo a ríomh i ngach cás ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan na bliana measúnachta.

(3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, gheofar amach méid na mbrabús nó na ngnóchan a bheidh le muirearú faoin alt seo trí na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt díreach ina dhiaidh seo a bhaint as aon chíos a mbeidh an léasóir tar éis teacht chun teideal a bheith aige chuige sa bhliain mheasúnachta.

(4) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) an méid, más aon mhéid é, a mbeidh an léasóir faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc air, trí asbhaint nó eile, faoi Sceideal A don bhliain mheasúnachta i leith an áitribh;

(b) an bhreis, más aon bhreis é, a bheidh ag méid aon chíosa is iníoctha ag an léasóir i leith an áitribh, nó i leith coda de, faoi ghearr-léas ar an méid dá dtagraítear i mír (a) nó, de réir mar a bheidh, thar an gcuid den mhéid deiridh sin is inchurtha i leith na coda den áitreabh arb iníoctha an cíos ag an léasóir ina leith;

(c) aon suimeanna a íocfaidh an léasóir, de réir coinníollacha an léasa, i leith ráta chontae, ráta chathrach nó ráta eile, cibé acu air féin nó ar an léasaí a bheidh na suimeanna sin muirearaithe faoin dlí;

(d) costas an léasóra i leith aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí a bhfuil ceangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith;

(e) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a mhéid gurb é an léasóir a íocann an costas sin mar gheall ar oibleagáidí atá forchurtha ag an léas,

agus is é méid na hasbhainte a bheidh le déanamh faoi threoir gach ní de na nithe sin roimhe seo an méid a bheadh le déanamh agus brabúis nó gnóchain á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D ionann agus dá mbeadh sé achtaithe gur chóir fáil cíosa faoi ghearr-léas a mheas mar thrádáil atá á sheoladh i gcaitheamh ré an léasa ag an léasóir de thuras na huaire agus gur chóir a mheas go bhfuil an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas áitithe chun críocha na trádála sin.

Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur cuid de ré léasa tréimhse, díreach tar éis a fhoirceannta, nach raibh an léasóir díreach roimh an bhfoirceannadh, ag áitiú an áitribh nó aon choda de, ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má tharlaíonn ag deireadh na tréimhse sin go mbeidh an t-áitreabh tagtha chun bheith ina ábhar do ghearr-léas eile a dheonaigh sé.

(5) Má bhíonn léasóir i dteideal cíosa i leith áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh sin ina dhiaidh seo san fho-alt seo) faoi ghearrléas agus—

(a) nach bhfuil iomlán aonaid luachála nó iomlán dhá aonad luachála nó níos mó den sórt sin san áitreabh sin, nó

(b) gurb iníoctha cíos ag an léasóir faoi ghearr-léas i leith áitreabh a bhfuil ann iomlán an áitribh sin agus áitribh eile nó cuid den chéanna,

déanfaidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheaslaidh sé, aon chionroinnt iomchuí ar an luacháil inrátaithe nó ar an gcíos is iníoctha ag an léasóir agus méid aon asbhainte faoi mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (4) á chinneadh aige.

(6) Féadfar cionroinnt faoi fho-alt (5) a leasú ag na Coimisinéirí Speisialta, nó ag an mBreitheamh Cúirte Cuarda, ar achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cionroinnte sin a éisteacht nó a athéisteacht; ach ar aon achomharc den sórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála a fhorthairgfidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dheimhneoidh, maidir le háitreabh a bheidh luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe an áitribh is inchurtha i leith aon choda den áitreabh, ina dheimhniú críochnaitheach ar an méid is inchurtha amhlaidh.

Asbhaintí breise i gcásanna áirithe.

[1963, a. 85.]

1960, Uimh. 42 .

82. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “brabúis nó gnóchain eiscthe” brabúis nó gnóchain ón gcíos faoi ghearr-léas i leith áitribh arb éard é a iomlán nó arbh é a bhí ann, an 6ú lá d'Aibreán, 1963, aonad luachála a gcomhlíontar ina chás, don bhliain mheasúnachta na coinníollacha seo a leanas go léir, is é sin le rá:

(a) gurb áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) an t-áitreabh;

(b) nach bhforchuireann an léas aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil ná a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó na ndeisiúchán sin, agus

(c) nach mó ná £52 sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi alt 81 (4) (c) agus méid na mbrabús nó na ngnóchan á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás VI de Sceideal D an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh;

ciallaíonn “cíos brabúis”, maidir le haon áitreabh a bhfuil léasóir, i mbliain mheasúnachta, i dteideal cíosa ina leith faoi ghearr-léas, an méid (dá ngairtear an méid inmheasúnaithe ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) arbh inmhuirir, mura mbeadh forálacha na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, an léasóir ina thaobh don bhliain mheasúnachta faoi Chás VI de Sceideal D, i leith brabús nó gnóchan ón gcíos sin, móide aon asbhaint a lamháiltear faoi alt 81 (4) (a) agus an méid inmheasúnaithe á ríomh agus lúide an méid, más aon mhéid é, ar lú aon asbhaint a lamháiltear faoi alt 81 (4) (b) agus an méid inmheasúnaithe á ríomh ná an asbhaint ab inlamháilte amhlaidh dá mba rud é—

(i) nárbh inlamháilte aon asbhaint faoi alt 81 (4) (a), agus

(ii) guh bhain alt 81, (4) (b) agus alt 81 (5) le haon íocaíocht lena mbaineann alt 93 amhail mar a bhaineann siad le haon chíos is iníoctha faoi ghearrléas.

(2)   (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta) ina thaobh gurbh áitreabh rialaithe de réir bhrí an Achta Srianta Cíosa, 1960 , é sa bhliain mheasúnachta.

(b) I gcás duine a bheith inmhuirir maidir le haon bhliain mheasúnachta, faoi Chás VI de Sceideal D i leith brabús nó gnóchan ó aon chíos i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo faoi ghearr-léas, déanfar an méid a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh ina thaobh, ar leithligh ón bhfo-alt seo, a laghdú méid is comhionann le dhá chúigiú den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná £200 comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó na gnóchain, seachas brabúis nó gnóchain eiscthe, a tháinig chun aon duine a laghdú de bhua na míre seo.

(3) An tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b), do bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair.

San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4) ciallaíonn “banchéile” bean phósta a bhfuil sé le háireamh, faoi alt 196 (1), í a bheith ina cónaí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le “fearchéile”.

(4)   (a) Má thagann, in aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitribh lena mbaineann fo-alt (2) agus gur mó comhshuim (dá ngairtear an mhór-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b) (dá ngairtear an fhoráil theorainniúcháin ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú na forála teorainniúcháin, comhshuim (dá ngairtear an ghlan-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó na gnóchain sin a laghdú, ní rachaidh comhshuim na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an ghlan-chomhshuim an chomhréir chéanna a bheidh idir comhshuim na méideanna uile a bheadh na sochair nó na gnóchain a thiocfaidh chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh an fhoráil theorainniúcháin, agus an mhór-chomhshuim.

(b) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchain ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchain eiscthe.

Préimheanna, etc., a áireamh mar chíos.

[1963, a. 86;

1965, a. 57.]

83. —(1) I gcás ina gceanglaítear aon phréimh a íoc faoi léas nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, agus gur gearr-léas é, measfar chun críocha alt 81, teideal a bheith ag an léasóir, ar an léas a dheonú, chun suim a fháil ar mhodh cíosa (i dteannta aon chíosa iarbhír) ar cóimhéid le méid na préimhe, arna laghdú an caogadú cuid den mhéid sin in aghaidh gach tréimhse iomláine dhá mhí dhéag, seachas an chéad tréimhse, atá ar áireamh i dtéarma an léasa.

(2) Má dhéanann na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas aon áitribh oibleagáid a fhorchur ar an léasaí aon obair a dhéanamh ar an áitreabh, measfar chun críocha an ailt seo gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid leis an méid a bhí luach eastáit nó léasa an léasóra, díreach tar éis tosach feidhme an léasa, faoi bhun an méid arbh é a luach é an uair sin dá ndéanfaí an obair, ach ar shlí seachas ar chostas an léasaí, agus go mbeadh an cíos arna mhéadú dá réir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa mhéid go gceanglaíonn an oibleagáid obair a dhéanamh a mbeadh íocaíocht ina leith inbhainte as an gcíos faoi alt 81 (4) dá mba ar an léasóir agus nach ar an léasaí a bheadh d'oibleagáid an obair a dhéanamh.

(3) Má bhíonn suim iníoctha, faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, ag an léasaí in ionad an t-iomlán nó cuid den chíos in aghaidh aon tréimhse áirithe, nó mar chomaoin i leith an léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh ar cóimhéid le méid na suime sin a íoc leis an léasóir in dteannta aon phréimhe eile; ach—

(a) nuair a bheidh an cháin á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo i leith suime is iníoctha in ionad cíosa, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann seachas an tréimhse ar maidir léi is iníoctha an tsuim;

(b) d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo, measfar é a theacht chun bheith dlite ar theacht don tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha ag an léasaí.

(4) I gcás ina mbeidh suim iníoctha ag an léasaí, mar chomaoin i leith aon téarma de théarmaí léasa a athrú nó a tharscaoileadh, ar shlí seachas i modh cíosa, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid le méid na suime sin; ach le linn an cháin a bheith á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann roimh an am a ghlacfaidh an t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht nó a thiocfaidh tar éis an ama a scoirfidh an t-athrú nó an tarscaoileadh d'éifeacht a bheidh aige, agus d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a dhéanfar an conradh ag déanamh forála don athrú nó don tarscaoileadh.

(5) I gcás ina mbeidh íocaíocht mar a luaitear i bhfo-alt (1), (3) nó (4) dlite do dhuine seachas an léasóir, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1), (3) nó (4) maidir leis an íocaíocht sin, ach déanfar aon mhéid a bheadh le háireamh mar chíos dá mba don léasóir a bheadh an íocaíocht dlite a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine eile sin agus beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás ina mbaineann an méid le híocaíocht a thagann faoi réim fho-alt (4), é a áireamh amhlaidh mura do dhuine a bhfuil baint aige leis an léasóir a bheidh an íocaíocht dlite.

(6) (a) Más ina thráthchodanna is iníoctha méid préimhe a bhfuil duine inmhuirir i leith cánach faoina threoir de bhua an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, i gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, in ionad na bhforálacha roimhe seo den alt seo:

(i) chun críocha alt 81, déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha leis an léasóir de thuras na huaire a áireamh ionann agus dá mba chíos í is iníoctha faoin léas, agus

(ii) déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha le duine nach léasóir a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine sin agus beidh sí inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D.

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina ndéanfaidh an duine is inmhuirir de bhua an ailt seo trí fhógra i scríbhinn, a thabharfar do chigire roimh dheireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a thiocfaidh sé chun bheith i dteideal na chéad tráthchoda den phréimh, a roghnú go mbeidh feidhm aige agus i gcás ina dtabharfar fógra den sórt sin i dtaobh rogha déanfar gach measúnacht bhreise, gach athrú ar mheasúnachtaí agus gach aisíocaíocht cánach is gá.

(7) Chun críocha an ailt seo, glacfar go ndearnadh aon suim, seachas cíos, a íocadh ar léas a dheonú nó i ndáil le léas a dheonú a íoc ar mhodh préimhe ach amháin sa mhéid go gcruthófar gur tugadh leor-chomaoin eile i leith na híocaíochta.

(8) I gcás ina mbeidh ré léasa le déanamh amach chun críocha an ailt seo tar éis dáta ar tháinig deireadh leis an léas ar chúis ar bith, glacfar, d'ainneoin aon ní in alt 80 (2), gur mhair an ré ó thosach feidhme an léasa go dtí an dáta sin; agus i gcás ina mbeidh an ré sin le déanamh amach chun na gcríocha sin tráth a bheidh an léas ar marthain, cuirfear forálacha alt 80 (2) i bhfeidhm de réir na gcúinsí a bheidh ann an tráth sin.

Muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach.

[1965, a. 58.]

84. —(1) I gcás inarb amhlaidh do na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh gearr-léas go bhféadfadh an léasóir, ag féachaint do na luachanna a bhí á n-íoc an tráth a deonaíodh é, agus á ghlacadh in áirithe gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an mhargántaíocht le haghaidh an léasa, a cheangal suim bhreise (dá ngairtear an tsuim tharscaoilte ina dhiaidh seo san alt seo) a íoc i modh préimhe, nó préimhe breise, as ucht an léas a dheonú, ansin, ar aon sannadh a dhéanamh ar an léas ar chomaoin—

(a) i gcás nár sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an bpréimh, má b'ann, ar ar sannadh é, nó

(b) i gcás inar sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an gcomaoin ar ar sannadh go deiridh é,

déanfar méid na breise, a mhéid nach mó é ná an tsuim tharscaoilte lúide méid aon bhreise den sórt sin de bharr sannadh roimhe sin ar an léas, a áireamh, ar comhréir leis an méid a mbeadh an tsuim tharscaoilte le háireamh, faoi alt 83 (1), mar chíos dá mba phréimh faoi léas í, mar bhrabúis nó gnóchain de chuid an tsannóra ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D.

(2) Nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin faoin alt seo.

Muirear ar dhíol talún le ceart atíolacadh.

[1965, a. 58.]

85. —(1) I gcás ina bhforálann na téarmaí ar faoina réir a dhíolfar eastát nó leas i dtalamh go ndéanfar, nó go bhféadfar a cheangal go ndéanfar, é a atíolacadh ar dháta le teacht don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh an díoltóir inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar aon suim a bheidh de bhreis ag an bpraghas ar a ndíolfar an t-eastát nó an leas ar an bpraghas ar a mbeidh sé le hatíolacadh nó, más dáta dhá bhliain nó níos mó tar éis an díola an dáta is luaithe ar a mbeadh sé, de réir na dtéarmaí sin, le hatíolacadh, ar an mbreis sin lúide an caogadú cuid di in aghaidh gach bliana iomláine (seachas an chéad bhliain iomlán) sa tréimhse idir an díol agus an dáta sin.

(2) I gcás nach mbeidh dáta an atíolactha socraithe faoi théarmaí an díola, ansin—

(a) má athraíonn praghas an atíolactha de réir an dáta, measfar chun críocha an ailt seo gurb é an praghas an praghas is lú is féidir faoi théarmaí an díola;

(b) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh sé bliana tar éis an dáta a dhéanfar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon suim a bhí de bhreis ag cáin a measúnaíodh air de bhua an ailt seo ar an tsuim a mheasúnófaí amhlaidh dá n-áireofaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola.

(3) I gcás ina bhfuil foráil i dtéarmaí an díola chun léas a dheonú go díreach nó go neamhdhíreach as an eastát nó as an leas don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh feidhm ag an alt seo ionann agus dá mba éard é deonú an léasa atíolacadh ar an eastát nó ar an leas ar phraghas cóimhéid le suim méid na préimhe (más ann) i leith an léasa agus an luach is fiú, ar dháta an díola, an ceart chun atíolacadh ar an bhfrithdhílse a fháil díreach tar éis don léas tosú ag rith:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má dheonaítear an léas, agus go dtosóidh sé ag rith, laistigh de mhí tar éis an díola.

(4) Nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh, measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin de bhua an ailt seo, ach i gcás ina measfar, ar éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (2) (b), an méid ar arbh inmhuirir cáin de bhua an ailt seo a bheith laghdaithe, measfar baint a bheith ag bhfo-alt seo leis an méid arna laghdú, agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir), i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Ligin áirithe a eisiamh.

[1963. a. 87.]

86. —Ní bheidh éifeacht ag alt 81 ná ag alt 89 maidir le cás ina bhfuil an cíos a fhorcoimeádtar faoi léas (lena n-áirítear, más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin a deonaíodh an léas suim iomchuí i leith aon phréimhe is iníoctha faoin léas) neamhdhóthanach, agus bliain amháin a thógáil le bliain eile, chun íoc as costas an léasóra ag comhlíonadh a oibleagáidí faoin léas agus faoi chomhair aon chaiteachas dá chuid maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí an áitribh faoi réir an léasa a bheidh le n-íoc aige, agus chuige sin measfar an léasóir d'iompar go bliantúil caiteachas bainistí (i dteannta aon chaiteachais iarbhír) ar cóimhéid leis an méid a mbeidh sé dlite de cáin a íoc ina leith faoi Sceideal A i leith an áitribh.

Cánachas ar íocaíochtaí áirithe i leith éasúintí.

[1963, a. 88.]

87. —I gcás aon duine a bheith, in aon bhliain mheasúnachta, i dteideal aon íocaíochta, seachas íocaíocht lena mbaineann alt 93, maidir le haon éasúint i ndáil le haon áitreabh, nach áitreabh arb eisean aon-áititheoir a iomláin, chun críocha Sceideal A, i gcaitheamh na tréimhse a bhfuil an íocaíocht dlite ina leith, déileálfar chun críocha alt 81 leis an íocaíocht ionann agus dá mba chíos í ab iníoctha i leith áitribh faoi ghearr-léas, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin faoi réir na modhnuithe is gá.

Forálacha maidir le measúnacht.

[1963, a. 89.]

88. —(1) I gcás brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo teacht ó dhá bhunadh nó níos mó chun aon duine d'aon bhliain mheasúnachta, féadfar méideanna iomaí na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirir amhlaidh a mheasúnú in aon mheasúnacht amháin.

(2) I gcás measúnacht, i leith brabúis nó gnóchain is inmhuirir mar a dúradh d'aon bhliain mheasúnachta, a dhéanamh sa bhliain sin, cibé acu de bhun fho-alt (1) nó ar shlí eile—

(a) déanfar é ar an bhforas gur díreach mar a bhí i gcás na bliana measúnachta deiridh roimhe sin do na bunaidh uile brabús nó gnóchan agus do na fíorais uile is iomchuí maidir le ríomh brabús nó gnóchan, agus

(b) beidh cáin intobhaigh dá réir sin, ach déanfar aon choigeartuithe is gá tar éis deireadh na bliana, cibé acu ar mhodh measúnachta breise, aisíoc cánach nó eile é, chun a áirithiú go muirearófar cáin ar bhrabúis nó ar gnóchain na bliana measúnachta.

(3) Chun críocha fho-alt (2) (a), ní thabharfar aird ar aon mhéideanna nach gcuirfí i gcuntas, mura mbeadh alt 83, agus brabúis nó gnóchain á ríomh.

Faoiseamh i leith caillteanas.

[1963, a. 90.]

89. —Más rud é i gcás aon bhliana measúnachta gur mó comhshuim na n-asbhaintí a bheidh údaraithe, maidir le haon ghearr-léas, le halt 81 (4) ná méid an chíosa a dtiocfaidh an léasóir chun bheith ina theideal sa bhliain, measfar gurb é a bheidh sa bhreis caillteanas den sórt a luaitear in alt 310 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin.

Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas.

[1963, a. 91.]

90. —(1) Más rud é, ar éileamh ina leith sin, go gcruthóidh léasóir nach bhfuair sé an méid a bhí sé i dteideal a fháil maidir le gearr-léas agus—

(a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, go mbeidh an méid sin neamh-inghnóthaithe, nó

(b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é go réasúnach d'fhonn cruatan a sheachaint,

déileálfar chun críocha na Caibidle seo leis an léasóir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil agus déanfar a dhliteanas i leith cánach don bhliain mheasúnachta a tháinig sé chun bheith i dteideal an méid sin a fháil agus d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a choigeartú, trí aisíoc nó ar shlí eile, de réir mar is gá i gcúinsí an cháis; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an léasóra i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile.

(2) Is chun an chigire a dhéanfar, agus is é an cigire a chinnfidh, aon éileamh ar aisíocaíocht faoin alt seo; ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh de chuid an chigire ar aon éileamh den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a thabhairt dó i dtaobh an chinnte, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (2) ionann agus dá mba achomharc é i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir na modnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hathéisteacht achomhairc nó cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Asbhaint faoi threoir préimhe, etc., a íocadh i ríomh na mbrabús chun críocha Sceideal D, Cásanna I agus II.

[1963, a. 92;

1965, a. 59.]

91. —(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, méid (dá ngairtear an méid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) a bheith tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2), (3), (4), nó (5) d'alt 83 nó faoi alt 84 nó 85, nó

(b) go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh alt 83 (6) nó mura mbeadh alt 92 (2) nó mura mbeadh aon díolúine ó cháin,

agus an t-áitreabh a bheith áitithe go hiomlán nó go páirteach i gcaitheamh aon choda den tréimhse iomchuí ag an duine le teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa arb ina leith a tháinig an méid is inmhuirir chun críche trádála nó gairme bhí ar siúl aige, measfar, d'fhonn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a ríomh le haghaidh measúnachta faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D, an duine sin d'íoc cíosa i leith an áitribh in aghaidh aon choda den tréimhse iomchuí a bhí an t-áitreabh áitithe aige mar a dúradh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír) méid a bhfuil idir é agus an méid is inmhuirir an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán, agus measfar an cíos sin a bheith ag faibhriú ó lá go lá.

(2) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—

(a) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 83, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 84, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de réir an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 85, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(3) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáid a cheangail caiteachas a thabhú a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chuid XVI, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid an caiteachas sin a thabhú agus dá ríomhfaí dá réir sin an méid is inmhuirir.

(4) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 85 agus an t-atíolacadh nó an deonú a bheidh i gceist a dhéanamh ar praghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnacha iomchuí go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Asbhaintí faoi threoir préimheanna, etc., a íocadh agus brabúis á ríomh chun críocha na Caibidle seo.

[1963, a. 93;

1965, a. 60.]

92. —(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a luaitear in alt 91 (1) faoi threoir leasa sin d'íoc cíosa, a d'fhaibhrigh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den le teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa sin d'íoc cíosa, a d'fhaibhrigh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid a dúradh a bhfuil teideal aige maidir leis chun an léasa, an eastáit nó an leasa agus a bhfuil idir é go huile agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán.

(2) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a dúradh, agus faoi threoir léasa a deonaíodh as, nó diúscartha a rinneadh ar, an léas, an eastát nó an leas ar faoina threoir a tháinig nó a thiocfadh an méid sin (dá ngairtear an chéad mhéid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo) chun bheith inmhuirir, go mbeadh duine, ar leithligh ón bhfo-alt seo, inmhuirir faoi alt 83, 84 nó 85 i leith aon mhéid (dá ngairtear an méid inmhuirir is déanaí ina dhiaidh seo san alt seo), is é an méid ar a mbeidh sé inmhuirir amhlaidh, i gcás nach ndéanfar aon éileamh nó nach féidir éileamh a dhéanamh faoi alt 83 (6), an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid inmhuirir is déanaí ar an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir nó i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ar faoina threoir ab inmhuirir an duine mar a dúradh ach amháin le cuid den áitreabh sin, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid inmhuirir is déanaí ar an méid sin den chodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir is inchurtha, de chionroinnt chóir, i leith na coda sin den áitreabh.

(3) I gcás ina n-oibreoidh fo-alt (2) den alt seo chun an méid a laghdú a mbeadh, ar leithligh ón bhfo-alt sin, duine inmhuirir ina leith faoi threoir léasa nó diúscartha, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid inmhuirir is déanaí má bhíonn agus amháin má bhíonn breis ag an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir ar an méid inmhuirir is déanaí agus beidh feidhm aige ansin ionann is dá ndéanfaí an chéad mhéid is inmhuirir a laghdú i gcomhréir le méid na breise sin a gcomparáid leis an gcodán iomchuí sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ach amháin le cuid den áitreabh a luaitear i bhfo-alt (2), an fo-alt sin (1) agus an fo-alt seo a chur chun feidhme ar leithligh maidir leis an gcuid sin agus leis an gcuid eile den áitreabh ach sin ionann is dá gcuirfí in ionad tagartha don chéad mhéid is inmhuirir tagairt don mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.

(4) San alt seo ciallaíonn an “tréimhse iomchuí” maidir le haon mhéid—

(a) i gcás an méid a theacht faoi alt 83, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid a theacht faoi alt 84, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de ré an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid a theacht faoi alt 85, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socraithe, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) is é an codán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir an tsuim a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse iomchuí maidir leis an méid inmhuirir is déanaí agus fad na tréimhse iomchuí maidir leis an gcéad mhéid is inmhuirir.

(6) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 83 (2) de dhroim oibleagáid a cheangail caiteachas a thabhú a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid XVI, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid an caiteachas sin a thabhú agus dá ríomhfaí dá réir sin an chéad mhéid is inmhuirir.

(7) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 85 agus an t-atíolacadh nó an deonú a bheidh i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí maidir leis an méid sin a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Cánachas ar chíosanna faoi léasanna fada agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

[1963, a. 94.]

93. —(1) Baineann an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas:

(a) aon chíos is iníoctha maidir le haon áitreabh nach bhfuil an mhaoin ann measúnaithe ar leithligh agus muirearaithe faoi Sceideal A, nó i leith aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás (b) de Sceideal D de bhua alt 53,

(b) aon chíos is iníoctha maidir le haon áitreabh, seachas áitreabh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a dúradh, faoi léas fada, agus

(c) aon ús bliantúil, blianacht, cíosmhuirear nó cíos feofheirme nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as, nach cíos is iníoctha faoi léas nó maidir le háitreabh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a luaitear i mír (a) nó cíosmhuirear den sórt a luaitear in alt 18 (5),

is íocaíocht a tháinig nó a thiocfaidh chun bheith dlite an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin.

I mír (a) measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil i bhfoirm cíosa, cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 18 (1) ná ag alt 18 (3) maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV den Sceideal sin, agus

(b) faoi réir alt 104, déileálfar léi, chun críocha mhír (m) d'alt 61 agus ailt 433 agus 434, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne:

Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b); agus go measfar gurb é luach an tortha a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó an ioncaim ón gcéanna.

(4) Beidh éifeacht ag alt 8 (2) ionann agus dá bhfolódh “íocaíocht bhliantúil eile”, sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.

Tuairisceáin, etc.,

[1963, a. 95.]

94. —D'fhonn sonraí a fháil i dtaobh brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua na Caibidle seo, féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal—

(a) ar aon léasóir, nó athléasóir, áitribh cibé eolas a shonrófar san fhógra a thabhairt, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, i dtaobh forálacha an léasa agus na dtéarmaí ar faoina réir a deonaíodh an léas agus i dtaobh na n-íocaíochtaí a rinneadh leis, nó a rinne sé, maidir leis an áitreabh;

(b) ar aon léasaí, áititheoir nó athléasaí nó ath-áititheoir áitribh (lena n-áirítear aon duine ag a bhfuil nó ag a raibh úsáid an áitribh) cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh na dtéarmaí a bhaineann leis an léas, le háitiú nó le húsáid a áitribh, agus i gcás ina mbeidh aon cheann de na téarmaí sin bunaithe le haon ionstraim scríofa, an ionstraim a thabhairt ar aird don chigire lena hiniúchadh;

(c) ar aon léasaí nó athléasaí áitribh cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh aon chomaoin a tugadh i leith an léas a dheonú dó;

(d) ar aon duine a dhéanann mar ghníomhaire áitreabh a bhainistí nó cíos nó íocaíochtaí eile as áitreabh a ghlacadh cibé sonraí a thabhairt don chigire maidir le híocaíochtaí as an áitreabh a shonrófar san fhógra.

Srianadh ailt 24.

[1963, a. 96 (3).]

95. —Más rud é go bhféadfar asbhaint a dhéanamh, i leith aon bhliana measúnachta, faoi alt 81 (4) maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais nó bainistí aon áitribh, ní lamhálfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoi Sceideal A i leith an áitribh faoi alt 24.

Caibidil VII

Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt

Léiriú.

[1965, a. 41.]

96. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta;

ciallaíonn “forbairt”, maidir le haon talamh, aon fhoirgneamh ar an talamh a fhoirgniú, a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú nó aon oibríocht innealltóireachta nó oibríocht eile a dhéanamh i dtalamh, ar thalamh, thar talamh nó faoi thalamh lena oiriúnú le haghaidh úsáide is athrú ábhartha; agus forléireofar dá réir sin “forbairt” ar feadh a réime;

folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh;

ciallaíonn “margadh-luach”, maidir le haon mhaoin, an praghas a mbeadh súil réasúnach leis a rachadh an mhaoin sin dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte;

tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá leis in alt 62;

aon tagairt do leas i dtalamh a dhiúscairt folaíonn sí tagairt do leas a bhunú agus aon tagairt do leas a fháil i dtalamh folaíonn sí tagairt do leas a fháil a scoirfidh ar an bhfáil;

aon tagairt do phraghas nó do chomaoin maidir le leas i dtalamh a fháil nó a dhiúscairt déanfar, i gcás léas a dheonú, í a fhorléiriú mar thagairt don fhíneáil, don phréimh nó don tsuim dá samhail is iníoctha i leith deonú an léasa.

(2) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) aon tíolacadh nó aistriú, ar mhodh urrúis, ar aon leas in aon talamh nó deonú léasa, ar chíos arb é an t-aon chomaoin airgid amháin é, ní mheasfar go ngabhann leis leas sa talamh a fháil nó a dhiúscairt, agus

(b) aon rogha nó ceart eile chun aon leas in aon talamh a fháil nó a dhiúscairt measfar gur leas sa talamh é.

(3)   (a) Aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile déanfar, chun críche na Coda seo den Acht seo, í a chinneadh de réir na míreanna seo a leanas den fho-alt seo, agus aon fhoráil go bhfuil baint ag duine amháin le duine eile glacfar leis go gciallaíonn sí go bhfuil baint acu le chéile.

(b) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é an duine sin fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, nó más duine gaoil é, nó más fearchéile nó banchéile duine gaoil é, leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair.

(c) Tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair is socraitheoir maidir leis an socraíocht, agus le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin.

(d) Tá baint ag duine le haon duine lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht, agus le fearchéile nó le banchéile nó le duine gaoil aon phearsan aonair lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht.

(e) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(i) más ag an duine céanna atá rialú an dá chuideachta nó más ag duine amháin atá rialú cheann acu agus gurb ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile nó gurb aige féin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile; nó

(ii) más ag grúpa beirte nó níos mó daoine atá rialú gach cuideachta, agus gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá iontu trí dhuine i gceachtar grúpa a áireamh (i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine a bhfuil duine lena bhfuil baint aige curtha ina ionad.

(f) Tá baint ag cuideachta le duine eile, más ag an duine sin atá rialú uirthi nó más ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin, i dteannta a chéile, atá rialú uirthi.

(g) Aon bheirt daoine nó níos mó a bheidh ag gníomhú i dteannta a chéile chun rialú cuideachta a fháil nó a fheidhmiú áireofar iad maidir leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú ó aon duine áirithe acu chun rialú ar an gcuideachta a fháil nó a fheidhmiú.

(h) San fho-alt seo—

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach;

folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht agus aon aistriú ar airgead nó ar mhaoin eile nó ar aon cheart chun airgid nó chun maoine eile;

folaíonn “socraitheoir”, maidir le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht nó a ghabh inti, go díreach nó go neamhdhíreach, agus go sonrach (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhíniú seo) folaíonn sé aon duine a sholáthraigh airgead nó a ghabh air féin airgead a sholáthar, go díreach nó go

neamhdhíreach, chun críche na socraíochta, nó a rinne comhshocraíocht chomharaíochta le haon duine eile go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go ngabhfadh sé inti.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo d'ainneoin aon ní atá i Sceideal A nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis an Sceideal sin nó i gCaibidil VI de Chuid IV.

Muirear faoi Sceideal D a leathnú chun baint a bheith aige le brabúis áirithe ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún.

[1965, a. 42.]

97. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo faoina bhfuil cáin le muirearú faoi Sceideal D, déanfar, faoi réim agus de réir forálacha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, cáin faoin Sceideal sin a mhuirearú maidir leis na sochair nó na gnóchain uile a éireoidh nó a fhaibhreoidh ó aon ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht na habairte “déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún”, measfar gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a bheith á sheoladh i gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas in aon talamh—

(a) an leas sin, nó leas a dhíorthaíonn uaidh, a dhiúscairt, tar éis dó féin nó duine a bhfuil baint aige leis an talamh a fhorbairt nó a forbairt a áirithiú nó dul faoi aon oibleagáid chun an talamh a fhorbairt nó a forbairt a áirithiú,

(b) an leas sin, nó leas a dhíorthaíonn uaidh, a dhiúscairt agus go mbeidh an duine ar chuige a rinneadh an diúscairt nó duine a bhfuil baint aige leis an duine sin, tráth na diúscartha nó roimhe sin, tar éis conradh (seachas conradh a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Speisialta, sásta ina thaobh, nach raibh aon eolas ag an diúscróir i dtaobh é a bheith ann, agus nach raibh aon chúis aige lena cheapadh go raibh) a dhéanamh chun an talamh a fhorbairt, nó go mbeidh an diúscairt faoi réir aon choinníll maidir le forbairt na talún nó go ndéanfar é de bhun aon chomhshocraíochta i leith forbairt na talún,

(c) leas a dhíorthaíonn ón leas sin a dhiúscairt i gcúinsí go mbeadh, ar leithligh ón alt seo, an chomaoin i leith na diúscartha le cur i gcuntas mar fháltas trádála ó thrádáil a bhí á seoladh aige dá mba í an chomaoin í i leith diúscairt an leasa iomláin a fuair sé; nó

(d) aon cheart maidir le forbairt na talún a dheonú d'aon duine ar chomaoin luachmhar seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87.

Gach tagairt san fho-alt seo do leas in aon talamh a dhiúscairt nó d'forbairt aon talún folaíonn sí tagairt do leas in aon chuid den talamh sin a dhiúscairt nó d'aon chuid den talamh sin a fhorbairt.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine, tar éis dó leas in aon talamh a fháil, iomlán an leasa sin a dhiúscairt tar éis dó aon fhoirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú ar an talamh, measfar, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) (a), nach i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a seoladh a ghníomhaíochtaí maidir leis an talamh, i gcás—

(a) nach mbeadh sé le háireamh maidir leis an duine, dá ndéanfaí neamhshuim de na gníomhaíochtaí sin, gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh dháta na diúscartha sin, gnó ag déileáil i dtalamh ní ag forbairt talún, agus

(b) gurb amhlaidh—

(i) i gcás inar foirgníodh nó inar athfoirgníodh an foirgneamh, nár ghiorra ná sé bliana an tréimhse ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas agus gurbh é an duine aon-áititheoir an fhoirgnimh i gcaitheamh iomlán na tréimhse sin, nó

(ii) i gcás inar pearsa aonair an duine, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, go ndearnadh an foirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú chun a áitithe go heisiatach aige mar aon-teaghais nó mar phríomh-theaghais dó féin agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú, an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó

(iii) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, gur foirgníodh nó gur athfhoirgníodh an foirgneamh chun an áitithe go heisiatach ag an duine mar theach feirme nó foirgneamh feirme chun an talamh a oibriú mar fheirm agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó

(iv) i gcás inar athfhoirgníodh, inar méadaíodh nó inar athraíodh an foirgneamh, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná sé bliana roimh an tráth a críochnaíodh an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú nach raibh aon chuid den fhoirgneamh áitithe ar shlí seachas ag an duine nó duine de thuistí an duine nó ag duine clainne leis an duine,

agus, chun críocha mhír (b) (ii), measfar an foirgneamh a bheith áitithe go heisiatach ag pearsa aonair mar theaghais aige i gcás ina bhfuil sé áitithe go formhór aige féin, ag duine dá thuistí nó ag duine clainne leis mar theaghais agus nach bhfuil aon chuid de áitithe chun críocha trádála ach go bhfuil cuid de áitithe chun críocha gairme.

(4) (a) Measfar gur trádáil laistigh de Sceideal D, nó de réir mar bheidh gur cuid de thrádáil den sórt sin, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún agus déanfar cáin i leith na mbrabús nó na ngnóchan uaidh a mhuirearú dá réir sin faoi Chás I den Sceideal sin D i gcás ina mbeadh sé le meas, ar leithligh ón alt seo, gur trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin an gnó dá mba éard gach diúscairt ar leas i dtalamh a rinneadh i gcúrsa an ghnó diúscairt ar an leas iomlán sa talamh a fuair an duine a bhí ag seoladh an ghnó agus gur i gcúrsa an ghnó a fuair sé an leas sin agus, i gcás freisin, ar leithligh ón alt seo, inarb éard é an gnó trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin.

(b) In aon chás eile déanfar cáin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D.

Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás I de Sceideal D.

[1965, a. 43.]

98. —(1) I gcás inarb éard é, nó ina bhfuil sé le meas gurb éard é, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún trádáil laistigh de Sceideal D nó cuid de thrádáil den sórt sin beidh, maidir le ríomh brabús nó gnóchan an ghnó, éifeacht, faoi réir forálacha fho-alt (2), ag na rialacha agus na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I den Sceideal sin.

(2) (a) Aon chomaoin, seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83, i leith leas in aon talamh nó i gcuid d'aon talamh a dhiúscairt, áireofar í mar chomaoin i leith stoc trádála a dhiúscairt agus cuirfear i gcuntas í dá réir sin mar fháltas trádála.

(b) Aon leas (dá ngairtear an t-uasleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) in aon talamh a theachtann an trádálaí agus a ndearna stoc trádála de chuid na trádála de leanfaidh sé i gcónaí de beith ina stoc trádála den sórt sin agus measfar gurb é a luach aon tráth áirithe méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí é a fháil lúide méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí aon leas (dá ngairtear íosleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhunú a bhfuil an t-uasléas tagtha chun bheith faoina réir.

(c) Chun críocha mhír (b) measfar, faoi réir míreanna (e) agus (f), gurb é comhiomlán na méideanna seo a leanas an méid a chosain sé an t-uasleas a fháil, is é sin le rá:

(i) i gcás inar leas léasach an leas, méid aon fhíneála, préimhe nó suime eile dá shórt a d'íoc an trádálaí mar chomaoin i leith an léas a dheonú, nó, más trí shannadh a fuair sé an léas, an méid a d'íoc sé mar chomaoin i leith an tsannta;

(ii) i gcás inar leas léasach an leas, méid is comhionann leis an méid arbh é margadh-luach, tráth na fála, aon chíosa é a bhí forcoimeádta faoin léas;

(iii) i gcás nach leas léasach an leas, an méid a d'íoc an trádalaí i leith an leas a fháil mar aon le méid comhionann leis an méid arbh é, tráth na fála, margadh-luach aon chíosa fheofheirme, cíosmhuirir, blianachta, nó íocaíochta bliantúla eile é a bhí forcoimeádta nó muirearaithe ar an talamh;

(iv) an méid a d'íoc an trádálaí i modh caiteachais dlí agus caiteachais eile maidir leis an leas a fháil;

(v) i gcás ina bhfuil an trádálaí tar éis an talamh a fhorbairt, an méid caiteachais a thabhaigh sé leis an bhforbairt;

ach, i gcás ina bhfuil níos mó ná leas amháin sa talamh ag an trádálaí, ní chuirfear aon mhéid i gcuntas faoi fhomhír (v) ach amháin maidir leis an leas sin a bhfuil an leas eile nó na leasanna eile go léir faoina réir.

(d) Chun críocha mhír (b), measfar gurb é an costas a bhain don trádálaí ag bunú íosleasa—

(i) i gcás inar leas in iomlán na talún lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an bhreis atá ag an gcostas a bhain don trádálaí, arna ríomh de réir mhír (c), ag fáil an uasleasa ar mhargadh-luach aon leas atá coimeádta aige, nó

(ii) i gcás inar leas i gcuid den talamh lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an méid atá de bhreis ag an gcion sin den chostas a bhain leis an uasleas a fháil is inchurtha i leith na coda sin ar mhargadhluach aon leasa sa chuid sin atá coimeádta aige.

Chun críocha fhomhír (ii), tiocfar ar an gcion de chostas an uasleasa a fháil is inchurtha i leith coda den talamh lena mbaineann an leas sin trí gach ceann de na méideanna iomaí a meastar, faoi mhír (c), a chomhdhéanann costas an uasleasa sin a fháil a chionroinnt mar is cóir.

(e) I gcás inar ar shlí seachas ar chomaoin i modh airgid nó luach airgid a fuair an trádálaí an t-uasleas in aon talamh agus, go háirithe, i gcás inar faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht nó i modh bronntanais a fuair sé an leas measfar, chun críocha mhír (c), go bhfuair sé an leas ar chomaoin comhionann le margadh-luach an leasa an tráth a fuair sé é.

(f) Déanfar costas an uasleasa a fháil a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh an trádáil tosaithe tráth na fála nó nach raibh an leas leithreasaithe mar stoc trádala an uair sin; ach, i gcás inar faide ná cúig bliana an tréimhse idir tráth an leasa a fháil agus tráth an leithreasaithe, measfar, chun críocha na bhforálacha sin, gur cheannaigh an trádálaí an leas cúig bliana roimh tráth an leithreasaithe ar chomaoin comhionann lena mhargadhluach an tráth sin.

Chun críocha na míre seo, gan dochar do leithreasú ar leas i dtalamh mar stoc trádála tarlú ar shlí eile, beidh leithreasú den sórt sin ann ar aon ní acu seo a leanas tarlú—

(i) aon leas sa talamh, nó in aon chuid de, a dhiúscairt,

(ii) an trádálaí do chur in iúl go bhfuil sé ullamh ar aon leas sa talamh nó in aon chuid de a dhiúscairt,

(iii) tosú ar an talamh, nó ar aon chuid de, a fhorbairt, nó

(iv) an trádálaí nó duine a bhfuil baint aige leis do dhéanamh aon chomhshocraíochta chun forbairt a dhéanamh, nó chun a áirithiú go ndéanfar forbairt, ar an talamh nó ar aon chuid de.

(g) Beidh éifeacht ag alt 62 ionann is dá bhfágfaí ar lár an fhoráil atá i mír (2) de maidir le cás ina bhfuil deireadh tagtha mar gheall ar bhás pearsan aonair le trádáil a bhí á seoladh aige.

(h) Cuirfear i gcuntas mar fháltas trádála aon chomaoin (seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87) i leith an trádálaí do dheonú aon chirt maidir le forbairt aon talún.

(i) Maidir le haon talamh a bhfuil aon leas ann le háireamh mar stoc trádála—

(i) déanfar, ach amháin a mhéid a fhoráiltear leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, neamhshuim d'aon chíos is iníoctha nó is inghlactha, agus

(ii) déanfar neamhshuim mar an gcéanna d'fháltais agus d'eisíocaíochtaí eile de bharr, nó is inchurtha i leith, áitiú nó úsáid na talún ag an trádálaí (seachas úsáid chun críocha na trádála) nó ag aon duine eile.

Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás IV de Sceideal D.

[1965, a. 44.]

99. —I gcás gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún arb inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D cáin ar na brabúis nó ar na gnóchain uaidh, déanfar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh in aon bliain mheasúnachta d'aon leas i dtalamh a dhiúscairt a ríomh mar a bheadh, faoi alt 98, an céanna le ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D dá mba thrádáil an gnó:

Ar choinníoll i gcás—

(a) maidir leis na brabúis nó na gnóchain a bhfuil duine inchurtha, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, faoi cháin ina leith faoin gCás sin IV d'aon bhliain mheasúnachta inar brabúis nó gnóchain iad go hiomlán ó idirbheart amháin a bhain le leas i dtalamh an dhiúscairt, agus

(b) dá ndéanfaí neamhshuim den idirbheart sin, nach mbeadh sé le meas maidir leis an duine sin gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh an idirbheart, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún,

go ndéanfar neamhshuim den mhéid sin de na brabúis nó de na gnóchain sin nach mó ná £1,500.

Leasanna i dtalamh a aistriú idir daoine áirithe atá i gcomhlachas le chéile.

[1965, a. 45.]

100. —(1) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine aon leas i dtalamh a dhiúscairt agus—

(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comhlachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon;

(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is mó ná a mhargadhluach; agus

(c) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an diúscróir, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an aistrí,

measfar chun críocha cánach go bhfuair an t-aistrí an leas ar praghas ar cóimhéid lena mhargadh-luach an tráth a fuair sé é.

(2) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine leas i dtalamh a dhiúscairt agus—

(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comh lachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin orthu araon—

(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is lú ná a mhargadhluach, agus

(c) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an aistrí, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an diúscróir,

measfar chun críocha cánach go ndearna an diúscróir an leas a dhiúscairt ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a rinne an diúscróir é a dhiúscairt.

(3) San alt seo folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht.

Muirearófar cáin faoi Chás IV de Sceideal D maidir le scaireanna áirithe a dhíol.

[1965, a. 46.]

101. —(1) I gcás inarb éard iad gníomhaíochtaí nó cuid de ghníomhaíochtaí cuideachta foirgneamh a thógail nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis a chríochnaithe go ndíolfar scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta, agus ar leith ón alt seo nach fáltas de ghné ioncaim i lámha an díoltóra an chomaoin i leith an díola, measfar, má chomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2), gurb ioncam de chuid an díoltóra suas go dtí an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) an chomaoin, agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) go ndíolfar na scaireanna an 11ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin;

(b) go mbeidh (go díreach nó go neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhoirgneamh agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhoirgneamh eile (nach foirgneamh a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná foirgneamh nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) comhlíonta maidir leis) a thóg an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go dtógfaí é;

(c) ar fhógra chuige sin a bheith seirbheáilte uirthi ag an gcigire, nach mbeidh an chuideachta tar éis a shuíomh, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra nó laistigh de cibé am breise a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim, gur stoc trádála de chuid trádála atá á seoladh aici an leas sin agus go ndearna sí nó go ndéanfaidh sí é a dhiúscairt i ngnáthchúrsa na trádála sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) má dhéanann duine nó daoine na scaireanna sa chuideachta a dhíol le cuideachta eile agus go mbeidh na scaireanna i ngach cuideachta acu sin ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna, nó

(b) má dhíolann cuideachta amháin na scaireanna le cuideachta eile agus go mbeidh na scaireanna i ngach cuideachta acu ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna,

agus aird a thabhairt i ngach cás ar aon difear idir na scaireanna nó idir na cearta a ghabhann leo.

(4) I gcás ina dtarlóidh roimh an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) go mbeidh an cuideachta—

(a) tar éis a leas san fhoirgneamh, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó

(b) tar éis aon leas san fhoirgneamh a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díol nó tar éis an díola de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díola,

beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta is ionann agus an chomaoin i leith an leas a dhiúscairt.

(5) Is é méid a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (1) gurb ioncam de chuid an díoltóra é an chionúireacht iomchuí den mhéid (más ann) de bhrabúis nó de ghnóchain na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a bheadh ann dá mba stoc trádála le trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas dá dtagraítear i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) (nó gach leas den sórt sin i gcás níos mó ná leas amháin a bheith ann) agus dá ndíolfaí an leas nó na leasanna sin an tráth sin ar chomaoin comhionann leis an méid seo a leanas, is é sin le rá, méid na comaoine cuí i leith na scaireanna eisithe go léir sa chuideachta—

(a) lúide aon bhreis a bhí ag margadh-luach sócmhainní na cuideachta ar an leas nó na leasanna sin thar dhliteanais chomhiomlána na cuideachta tráth an díola, nó

(b) móide aon bhreis a bhí ag na dliteanais chomhiomlána sin ar an margadh-luach sin:

Ar choinníoll nach measfar, chun críocha an fho-ailt seo agus an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, margadh-luach cháilmheas ghnó na cuideachta a bheith níos mó ná trí oiread mheán-ioncam na cuideachta ar feadh bliana amháin (arna ríomh chun críocha cánach) do na trí bliana díreach roimh thráth na scaireanna a dhíol nó, más giorra ná sin de thréimhse an chuideachta ann, don tréimhse níos giorra sin.

(6) Chun críocha an ailt seo, is í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile i gcuideachta an chomaoin iarbhír i leith an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) móide (murarbh é díol na scaireanna eisithe go léir an díol sin) an chomhréir idir an méid iomlán scaireanna eisithe agus an méid scaireanna a díoladh:

Ar choinníoll go measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás nach den ghné chéanna scaireanna eisithe uile na cuideachta nó nach iad na cearta céanna a ghabhann leo go léir agus nár díoladh na scaireanna uile den díol sin, gurb í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta an tsuim ab ionann, an tráth a díoladh na scaireanna, agus margadh-luach an leasa nó na leasanna uile a luaitear i bhfo-alt (5) lúide nó, de réir mar a dhlíonn an cás, móide an bhreis a luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (5).

(7) Chun críocha fho-alt (5) is í an chomhréir iomchuí, maidir le haon díol scaireanna, an chomhréir idir an gcomaoin iarbhír i leith an díola sin agus an chomaoin iarbhír i leith na díola sin agus an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta, ar shlí, ámh, gurb í an chomhréir iomchuí, i gcás ina bhfuil éifeacht ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin roimhe seo, cibé comhréir is cóir ag féachaint do líon agus do ghné na scaireanna a díoladh agus do na cearta a ghabhann leo, i gcomparáid le líon agus gné na scaireanna eisithe uile sa chuideachta agus do na cearta nó na cearta éagsúla a ghabhann leo.

(8) Beidh aon cháin inghnóthaithe ón gcuideachta is inmhuirir ar an díoltóir de bhua na bhforálacha sin roimhe seo agus nach mbeidh íoctha aige, agus i gcás inar pearsa aonair an díoltóir measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb í an chuid is airde dá ioncam an méid a measfar (de bhua fho-alt (1)) gurb ioncam dá chuid é.

(9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1), gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe dá gcomhlíonfaí an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) (c), agus go mbeidh aon leas i bhfoirgneamh den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díola, ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhfoirgneamh a dhiúscairt i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún is leas a bhí ag an gcuideachta, an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar an gcéanna a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díola faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin.

(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis foirgneamh a fhoirgniú, nó tar éis tosú ar fhoirgneamh a fhoirgniú, ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (arna dhéanamh roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhoirgneamh.

(12) I gcás ina bhfoirceannfar cuideachta nach seolann trádáil ach arb iad a gníomhaíochtaí nó cuid dá gníomhaíochtaí foirgneamh a fhoirgniú nó a áirithiú go bhfoirgneofaí foirgneamh agus go dtarlóidh tosú an fhoirceannta tráth tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, má bhí (díreach nó neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta san fhoirgneamh díreach roimh an tráth sin, measfar, chun críocha cánach ioncaim, go bhfuair an chuideachta, díreach roimh an tráth sin, brabúis neamhchánaithe, is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D), ar cóimhéid leis an méid (más ann) brabús nó gnóchan de chuid na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a d'éireodh dá mba rud é, i gcás inarbh stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas, go ndearnadh, díreach roimh an tráth sin, an leas a dhiúscairt i gcúrsa na trádála ar chomaoin ar cóimhéid lena mhargadh-luach an tráth sin.

(13) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn foirgneamh neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhar leis an gcuideachta is gá chun an foirgneamh a thógáil, agus measfar go bhfolaíonn foirgneamh (críochnaithe nó neamhchríochnaithe) a láithreán.

(14) Chun críocha na ailt seo—

(a) forléireofar “scair” maidir le cuideachta nach bhfuil faoi theorainn scaireanna (cibé acu atá nó nach bhfuil scairchaipiteal aici) mar fhocal a fholaíonn tagairtí do leasanna an chomhalta sa chuideachta sa cháil sin is cuma cad é an sórt leas an leas sin, agus

(b) measfar gurb ionann agus scair a dhíol na cearta a ghabhann le scair nó is cuid de scair a dhíol, amhail agus dá mba scaireanna ar leithligh na cearta a folaíodh sa díol agus na cearta nár folaíodh.

(15) I gcás ina measfar de bhua an ailt seo gurb ioncam de chuid an díoltóra an chomaoin i leith scaireanna a dhíol agus go mbeidh aon urrúis de chuid na cuideachta seachas scaireanna sa chuideachta folaithe sa díol ar phraghas de bhreis ar dhliteanas na cuideachta i leith na n-urrús, áireofar chun críocha an ailt seo gur cuid den chomaoin i leith na scaireanna a dhíol an bhreis.

Feidhm alt 101 maidir le scaireanna i gcuideachtaí sealbhaíochta a dhíol.

[1965, a. 47.]

102. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—

(a) inarb é sórt cuideachta cuideachta (dá ngairtear an chéad chuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) go mbeadh feidhm ag alt 101 dá ndíolfaí scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeadh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta;

(b) inar le cuideachta eile (dá ngairtear an dara cuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa chuideachta sin (go díreach nó trí ainmní);

(c) ina ndíolfar aon tráth (dá ngairtear an tráth iomchuí ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa dara cuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcéad chuideachta; agus

(d) gur scaireanna den ghné chéanna agus a thugann na cearta céanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí,

measfar chun críocha alt 101 go ndearnadh an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta a dhíol an tráth iomchuí leis an duine a luaitear i mír (c) ag díoltóir na scaireanna a luaitear sa mhír sin ar chomaoin comhionann leis an méid a shonraítear i bhfo-alt (3).

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, is í an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta an uimhir a gheofar tríd an uimhir iomlán scaireanna sa chéad chuideachta ba de chuid (mar a dúradh), an tráth iomchuí, leis an dara cuideachta a iolrú ar an gcodán arb é a uimhreoir an uimhir scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i mír (c) den fho-alt sin agus arb é a ainmneoir an uimhir iomlán scaireanna eisithe sa dara cuideachta an tráth iomchuí.

(3) Is é an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) méid na comaoine i leith an díola a luaitear i bhfo-alt (1) (c)—

(a) lúide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sa luach a shonraítear san fho-alt ina dhiaidh seo thar dhliteanais chomhiomlána an dara cuideachta an tráth iomchuí a iolrú ar an gcodán a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo, nó

(b) móide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sna dliteanais sin thar an luach sin a iolrú ar an gcodán sin.

(4) Is é an luach dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo an luach arb é, an tráth iomchuí, margadh-luach sócmhainní uile an dara cuideachta é seachas na scaireanna sa chéad chuideachta dá cuid (mar a dúradh) an tráth sin.

(5) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), nach den ghné chéanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta, nó nach iad na cearta céanna a thugann siad go léir, an tráth iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfágfaí ar lár mír (1) (d) agus dá gcuirfí in ionad an chodáin a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé codán is codán cóir ag féachaint d'uimhir agus do ghné na scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c) agus na cearta a ghabh leo, i gcomparáid le huimhir agus gné na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí agus na cearta nó na cearta éagsúla a ghabh leo, agus aon tagairt don chodán chéadluaite a fhorléiriú dá réir sin.

(6) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1)—

(a) gur cuideachta den sórt a luaitear sa mhír sin (a) an dara cuideachta í féin, agus

(b) go bhfuil, nó go mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an dara cuideachta ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa dara cuideachta,

beidh feidhm ag forálacha alt 101 agus ag na forálacha roimhe seo den alt seo, go huile.

(7) Más rud é, in ionad scaireanna sa dara cuideachta a dhíol mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c), gurb iad na scaireanna a dhíolfar scaireanna i gcuideachta (dá ngairtear an chuideachta dheiridh ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ag a bhfuil, trí shraith cuideachtaí, leas neamhdhíreach i scaireanna na chéad chuideachta, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo, agus iad modhnaithe mar is gá, maidir le gach cuideachta (arb í an chéad chuideachta í nó an chuideachta dheiridh nó ceann den sraith cuideachtaí) ar a mbeidh, tráth an díola nó ar a mbeidh, de dhroim an díola, rialú ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa chuideachta.

Forálacha d'fhorlíonadh ar ailt 101 agus 102.

[1965, a. 48.]

103. —(1) I gcás ina ndéanfar bearta cónasctha scaireanna i gcuideachta a dhíol tráthanna éagsúla leis an duine céanna agus go bhfaighidh an duine sin, de dhroim aon cheann de na díola seachas an chéad díol, rialú ar an gcuideachta, ansin, chun críocha cheachtar den dá alt roimhe seo, measfar aon díol níos luaithe ná an díol ar dá dhroim a gheobhaidh sé rialú (nach díol a rinneadh roimh an 11ú lá de Bhealtaine, 1965) a bheith arna dhéanamh tráth an díola sin.

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo measfar bearta scaireanna a bheith cónasctha más bearta scaireanna iad faoi seach de chuid (go díreach nó trí ainmní) an duine chéanna nó beirt daoine nó níos mó a bhfuil baint ag duine acu leis an duine eile nó le gach duine de na daoine eile; agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gur de chuid duine scaireanna—

(a) más de chuid chuideachta iad atá faoina rialú, nó

(b) má tá siad ar teachtadh ag iontaohaithe de dhroim socraíochta (mar a mhínítear in alt 96 (3)) arb eisean an socraitheoir (mar a mhínítear amhlaidh) ina leith.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine rialú ar chuideachta aon tráth—

(a) aon díol ar scaireanna sa chuideachta, cibé acu díol leis an duine sin é nó le duine óna bhfaighidh sé na scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach, a rinneadh roimh an tráth sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun an rialú ar an gcuideachta a aistriú, nó

(b) aon díol ar scaireanna sa chuideachta arna dhéanamh le duine eile óna bhfuair an duine chéadluaite iad, go díreach nó go neamhdhíreach, is díol a rinneadh tar éis an trátha sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun na scaireanna a aistriú chun an duine chéadluaite,

measfar, chun críocha an dá alt roimhe seo, gur díol é a mbeidh rialú ar an gcuideachta dá dhroim ag an neas-cheannaitheoir.

(4) Chun críocha an ailt seo agus an dá alt roimhe seo measfar gur díol le duine díol le cuideachta faoin rialú, nó lena ainmní, agus measfar gur leas a bhunú i bhfabhar duine leas a bhunú i bhfabhar cuideachta faoina rialú nó i bhfabhar a ainmní.

(5) Chun na gcríocha réamhráite, i gcás beirt daoine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú ar chuideachta a fháil nó a fheidhmiú, measfar gur duine amháin iad maidir leis an gcuideachta sin.

(6) I gcás scaireanna a dhíol de bhun comhaontú roimh ré, measfar chun críocha an dá alt roimhe seo agus na bhforálacha roimhe seo den alt seo gurb é tráth an comhaontú a dhéanamh tráth an díola.

Caibidil VIII

Cíosanna áirithe a íoc gan Cáin a Asbhaint

Cíosanna áirithe a íoc gan cáin a asbhaint.

[1964, a. 11.]

104. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “léasóir” duine lenarb iníoctha cíos;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

ciallaíonn “cíos” aon íocaíocht de shórt dá luaitear in alt 93 (1) (b).

(2)   (a) Is dleathach don chigire comhshocraíocht a dhéanamh le léasóir trína ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirir ar aon chíos, nó ar gach cíos, is iníoctha leis an léasóir a mheasúnú agus a mhuirearú trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D in ionad í a asbhaint faoi alt 433 nó 434.

(b) Más rud é de bhun comhshocraíochta den sórt sin go mbeidh léasóir, i gcás aon bhliain mheasúnachta, inmhuirir trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D i leith dhá mhéid cíosa nó níos mó, féadfar na méideanna ar leithligh a mheasúnú san aon mheasúnacht amháin.

(c) Tiocfaidh aon chomhshocraíocht den sórt sin i ngníomh amhail ó thosach na bliana measúnachta.

(d) Féadfaidh ceachtar páirtí in aon chomhshocraíocht den sórt sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn don pháirtí eile gur mian leis an chomhshocraíocht a fhoirceannadh, agus, i ndeireadh míosa ó dháta an fhógra sin a thabhairt, foirceannfar an chomhshocraíocht.

(3) Maidir le comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo agus ó am go ham i gcaitheamh ré na comhshocraíochta sin, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé eolas a shonrófar san fhógra i dtaobh na gcíosanna is infhaighte aige a sheachadadh laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus, go háirithe agus gan dochar go ghinearáltacht a bhfuil roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar an léasóir ráiteas a sheachadadh ag insint ainmneacha agus seoltaí na ndaoine uile ag arb iníoctha cíosanna leis, méid bliantúil an chíosa is iníoctha ag gach duine acu sin agus suíomh an áitribh arb iníoctha an cíos sin ina leith.

(4) I gcás inar gá sin chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine ag arb iníoctha cíos—

(a) á chur in iúl dó go gcaithfear íocaíochtaí den chíos a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige leis an léasóir a bheidh i gceist ar dháta sonraithe nó dá éis (nach lú ná mí i ndiaidh dháta an fhógra) a íoc gan cáin a asbhaint;

(b) á chur in iúl go bhfuil an fógra a tugadh cheana faoi mhír (a) den fho-alt seo cealaithe agus gurb inasbhainte cáin as gach íocaíocht den chíos a íocfar tar éis dáta shonraithe (nach lú ná seacht lá i ndiaidh dháta an fhógra).

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le híocaíochtaí cíosa is iníoctha gan cáin a asbhaint de réir treoracha a thabharfar faoi fho-alt (4).

(a) beidh éifeacht ag alt 93 maidir leis na híocaíochtaí ionann agus dá scriosfaí fo-alt (3) (b) den alt sin;

(b) measfar chun críocha alt 81 (4) (b) gur faoi ghearr-léas is iníoctha na híocaíochtaí;

(c) i gcás ina ndéanfar na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta a íoc i leith áitribh a bheidh á áitiú chun críocha trádála nó gairme a sheolann an duine a íocann iad, lamhálfar don duine sin, trí aisíoc nó ar shlí eile, cibé faoiseamh, más aon fhaoiseamh é, is gá chun méid iomlán na cánach a bheidh air sa deireadh don bhliain a laghdú go dtí an méid a bheadh air dá mbeifí gan an fógra faoi fho-alt (4) (a) a thabhairt;

(d) déanfar an oiread de na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta, arb íocaíochtaí iad nach mbeidh le cur i gcuntas ar shlí eile le linn ríomh a dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar mhéid aon bhrabús nó gnóchan nó caillteanais de chuid an duine a íocfaidh iad, a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncam, an duine sin don bhliain mheasúnachta.

Caibidil IX

Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Sceideal D

Daoine is inmhuirir.

[1918, Sc. D, Ilgh. r. 1.]

105. —Beidh muirear agus íoc cánach faoi Sceideal D ar na daoine nó na comhlachtaí daoine a gheobhaidh an t-ioncam, nó a bheidh i dteideal an ioncaim a n-ordaítear faoin Acht seo cáin faoin Sceideal sin a mhuirearú ina leith.

Ús a bheith iníoctha as rátaí.

[1918, Sc. D, Ilgh. r. 6;

1947, a. 4.]

106. —I gcás ina mbeidh aon chreidiúnaí ar aon rátaí nó measúnachtaí nach inmhuirir mar bhrabúis i dteideal aon úis airgid, féadfar an cháin is iníoctha air sin a mhuirearú ar an oifigeach cuí ag a mbeidh bainistí na gcuntas, agus beidh seisean freagrach i ngach ní is gá chun go bhféadfar an cháin a mhuirearú go cuí agus ina híoc, ionann agus dá mba éard iad na rátaí nó na measúnachtaí brabúis is inmhuirir i leith cánach, agus beidh sé, sa tslí chéanna, slánaithe maidir le gach ní den sórt sin ionann agus dá mba inmhuirir na rátaí nó na measúnachtaí sin.

(2) I gcás—

(a) ina bhféadfar cáin d'aon bhliain mheasúnachta a mhuirearú mar a dúradh ar an oifigeach cuí ag á mbeidh bainistí cuntas comhlachta, agus

(b) ina mbeidh an comhlacht sin, an bhliain sin, ag áitiú aon mhaoine a mbeadh aon cháin ina leith faoi Sceideal A don bhliain sin le hiompar, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlacht sin mura mbeadh an fo-alt seo,

ansin, nuair a bheifear ag ríomh an mhéid a bhféadfar an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú ina leith amhlaidh don bhliain sin, asbhainfear suim is comhionann le cibé méid acu seo a leanas is lú—

(i) an méid a bhféadfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú amhlaidh ina leith,

(ii) an méid glan a mbeadh an cháin ina leith, dá dtagraítear i mír (b), le hiompar, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlacht sin mura mbeadh an fo-alt seo.

Brabúis a chionroinnt.

[1929, a. 16;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

107. —(1) Más rud é, i gcás aon bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D de bhun alt 78 nó is inmhuirir faoi Chás I, Cás II nó Cás IV de Sceideal D gur gá, d'fhonn teacht ar na brabúis nó ar na gnóchain nó ar na caillteanais in aon bhliain mheasúnachta nó tréimhse eile, na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais d'aon tréimhse a ndearnadh na cuntais suas ina haghaidh a roinnt agus a chionroinnt i leith tréimhsí sonraithe, nó aon bhrabúis nó gnóchain nó caillteanais den sórt sin nó aon chodanna cionroinnte díobh a chomhshuimiú beidh sé dleathach roinnt agus cionroinnt nó comhshuimiú den sórt sin a dhéanamh.

(2) Déanfar aon chionroinnt faoin alt seo i gcomhréir leis an méid míonna nó codán de mhíonna sna tréimhsí faoi seach.

Teorainniú asbhaintí i leith cánacha áirithe.

[1964, a. 4.]

1949, Uimh. 13 .

108. —Maidir le hioncam a ríomh chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta, déanfar aon ashbaint ab inlamháilte, mura mbeadh an t-alt seo, i leith na cánach dá ngairtear sa Ríocht Aontaithe cáin bhrabús a laghdú méid is comhionann le cibé méid den cháin sin is féidir, faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1949 , a lamháil mar chreidiúint i gcoinne cánach brabús corparáide.

CUID V

Sceideal E agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis

Caibidil I

Muirearú i leith Cánach, etc.

Sceideal E.

[1918, Sc. E, Ca. r.;

1922, a. 18 (1);

1932, a. 4 (2).]

109. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal E—

Sceideal E

1. Muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith gach oifige poiblí nó fostaíochta brabúis, agus i leith gach blianachta, pinsin, nó stipinn is iníoctha as ioncaim poiblí an Stáit, seachas blianachtaí a mhuirearófar faoi Sceideal C, in aghaidh gach fiche scilling de mhéid bliantúil an chéanna.

2. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú freisin i leith aon oifige, fostaíochta nó pinsin ab inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D, mura mbeadh an coinníoll a ghabhann le alt 52, na brabúis nó na gnóchain ón gcéanna.

3. Sa Sceideal seo folaíonn an focal “blianacht” agus an focal “pinsean”, faoi seach, blianacht a íoctar go saorálach nó ar féidir scor de agus pinsean a íoctar amhlaidh nó ar féidir scor de amhlaidh.

4. Na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo ag ordú cáin a mhuirearú faoin Sceideal seo, agus muirearófar dá réir sin cáin a ordaítear a mhuirearú amhlaidh.

5. Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 2 maidir leis an gcáin a bheidh le muirearú faoin Sceideal seo.

Na daoine is inmhuirir agus méid an mhuirir.

[1918, Sc. E, r. 1;

1922, a. 49 (4);

1929, a. 17 (1) (2);

1959 (Uimh. 2), a. 3, 5 (1).]

110. —(1) Déanfar cáin faoi Sceideal E a mhuirearú go blian túil ar gach duine a mbeidh aige, nó a mbeidh á feidhmiú aige, oifig nó fostaíocht bhrabúis a luaitear sa Sceideal sin, nó arb iníoctha leis aon bhlianacht, pinsean, nó stipinn, is inmhuirir faoin Sceideal sin, i leith na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircuisí nó na mbrabús uile de shórt ar bith uathu in aghaidh na bliana roimh an mbliain mheasúnachta agus a ríomh:—

(a) i gcás díolaíochtaí a ndéantar forálacha Chaibidil IV den Chuid seo a fheidhmiú ina leith le halt 125, ar mhéid na ndíolaíochtaí sin don bhliain mheasúnachta, agus ní ar shlí eile;

(b) i gcás aon oifige nó fostaíochta a sealbhaíodh nó a feidhmíodh, go hócáideach nó ó am go ham, sa Stát ag duine nach raibh ina chónaí ann go leanúnach, ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircuisí nó na mbrabús uile sin de shórt ar bith uathu don bhliain mheasúnachta;

(c) in aon chás eile, faoi réir forálacha alt 111, ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircuisí, nó na mbrabús sin uile don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta,

tar éis méid na ndleachtanna nó na suimeanna eile a ashbaint is iníoctha nó is inmhuirir ar an gcéanna de bhua aon reachta, i gcás ina ndearna an páirtí a bheidh le muirearú an céanna a íoc agus a iompar dáiríre bona fide.

(2) San alt seo ciallaíonn “díolaíochtaí” rud ar bith is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E.

Foras measúnachta.

[1929, a. 17 (5) (6) (7) (11);

1942, a. 6.]

111. —(1) I gcás cáin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal E maidir le haon oifig nó fostaíocht a shealbhaíonn aon duine, nó maidir le haon bhlianacht, pinsean nó stipinn a bhfuil duine ar bith ina theideal déanfar, san aicme cáis dá dtagraítear in alt 110 (1) (c) agus faoi réir a bhforáiltear ina dhiaidh seo, cáin a ríomh—

(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta inar chéad-shealbhaigh an duine an oifig nó an fhostaíocht nó inar chéadtháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin, nó na stipinne, ar mhéid a dhíolaíochtaí don bhliain sin;

(b) maidir le blianta measúnachta ina dhiaidh sin, ar mhéid iomlán na ndíolaíochtaí don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, ar choinníoll, más sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a chéad-shealbhaigh an duine an oifig nó an fhostaíocht nó a chéad-tháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin, nó na stipinne, go ndéanfar an ríomh ar mhéid na ndíolaíochtaí don bhliain mheasúnachta, agus ar choinníoll freisin, más sa bhliain roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta a chéadshealbhaigh an duine an oifig nó an fhostaíocht nó a chéad-tháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin nó na stipinne, go mbeidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófaí é ar mhéid na ndíolaíochtaí don bhliain mheasúnachta.

(2) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go scoirfidh duine de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta nó de bheith i dteideal blianachta, pinsin nó stipinne is inmhuirir faoi Sceideal E, muirearófar cáin don bhliain sin ar mhéid a dhíolaíochtaí don tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain sin agus dar críoch dáta an scoir agus, má muirearaíodh cáin ar shlí seachas de réir na forála seo aisíocfar aon cháin a ró-íocadh nó féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh, de réir mar is gá sa chás.

(3) I gcás duine d'fháil bháis a mbeadh cáin inmhuirir ina chás faoi fho-alt (2) in aghaidh aon bhliana áirithe, mura mbeadh é d'fháil bháis, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí agus is fiach é a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as.

(4) San alt seo ciallaíonn “díolaíochtaí” an tuarastal, na táillí, an pá, na peircuisí nó na brabúis nó na gnóchain uile de gach sórt ó oifig nó fostaíocht, nó méid aon bhlianachta, pinsin nó stipinne, cibé acu é.

Asbhaintí a dhéanamh.

[1929, a. 17 (3) (11).]

112. —(1) Aon asbhaint ó dhíolaíochtaí a lamhálfar faoin Acht seo chun críche measúnacht i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E a ríomh déanfar í faoi threoir na méide a íocadh nó a iompraíodh in aghaidh na bliana nó na coda den bhliain ar ar a díolaíochtaí a dhéanfar an ríomh.

(2) San alt seo tá le “díolaíochtaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 111.

Achomharci gcoinne méid asbhainte.

[1918, a. 148 (2);

1922, a. 19;

1965, a. 4 (3).]

113. —(1) Féadfaidh duine ar bith a mhuirearófar i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne méid na cánach a baineadh as a dhíolaíochtaí d'aon bhliain áirithe.

(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm dá réir sin le haon mhodhnuithe is gá ag forálacha an Achta seo a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte or phonc dlí.

Caibidil II

Íocaíochtaí ar Scor, etc.

Íocaíochtaí ar dhuine d'éirí, nó a dhíchur, as oifig nó fostaíocht.

[1964, a. 8.]

114. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, muirearófar cáin ioncaim faoi Sceideal E maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo arna déanamh le sealbhóir nó le hiarshealbhóir aon oifige nó fostaíochta, nó lena sheiceadóirí nó lena riarthóirí, cibé acu is é an duine ar faoi a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé an oifig nó an fhostaíocht, nó aon duine eile, a rinne an íocaíocht.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht (nach inmhuirir cáin ioncaim uirthi ar shlí eile) arna déanamh, cibé acu de bhun aon oibleagáide dlíthiúla é nó nach ea, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin nó de dheasca, nó ar shlí eile i ndáil le, foirceannadh shealbhú na hoifige nó na fostaíochta nó i gcomaoin nó de dheasca, nó ar shlí eile i ndáil le, aon athrú ar fheidhmeanna nó ar dhíolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta, lena n-áirítear aon íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla (is cuma cáin a bheith, nó gan a bheith, inmhuirir orthu) a dhéanfaí ar shlí eile mar a dúradh.

(3) Chun críocha na Caibidle seo, aon íocaíocht a rinneadh le céile duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig nó fostaíocht nó le haon ghaol nó cleithiúnaí leis nó a rinneadh thar ceann an duine sin nó ar a ordú, áireofar gur leis an duine sin a rinneadh í, agus aon chomaoin luachmhar seachas airgead áireofar gurb íocaíocht airgid í ar cóimhéid le luach na comaoine sin ar dháta a tugtha.

(4) Aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo áireofar í mar ioncam a fuarthas ar an dáta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an iomalartaithe;

(b) i gcás aon íocaíochta eile, dáta an fhoirceannta nó an athraithe ar ina leith a rinneadh an íocaíocht,

agus áireofar í mar dhíolaíochtaí oifige de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E.

(5) I gcás aon duine d'fháil bháis ab inmhuirir, mura mbeadh go bhfuair sé bás, i leith cánach maidir le haon íocaíocht den sórt sin, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as.

(6) Ní bhaineann an t-alt seo le haon íocaíocht a rinneadh roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1965, ná le haon íocaíocht, is cuma cá huair a rinneadh í—

(a) is íocaíocht a rinneadh de bhun oibleagáide faoina ndeachthas roimh an dáta sin; nó

(b) is íocaíocht a rinneadh i leith foirceannta nó athraithe a tharla roimh an dáta sin, nach íocaíocht a rinneadh mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile;

ach faoi réir na nithe a dúradh baineann an t-alt seo le híocaíochtaí arna ndéanamh roimh an Acht seo a rith nó ina dhiaidh sin.

(7) I gcás aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoin alt seo a dhéanamh le haoin duine in aon bhliain mheasúnachta, is é dualgas an duine a rinne í sonraí ina taobh a sheachadadh i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis deireadh na bliana sin.

Díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 114.

[1964, a. 9.]

115. —(1) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith na n-íocaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon íocaíocht a rinneadh i ndáil le seilbh oifige nó fostaíochta a foirceannadh mar gheall ar bhás an tsealbhóra, nó a rinneadh de bharr díobháil a bhain do shealbhóir oifige nó fostaíochta nó de bharr míchumas a bheith air;

(b) aon suim is inmhuirir i leith forchánach faoi alt 525;

(c) sochar a soláthraíodh de bhun aon scéime nó comhaontaithe den sórt dá dtagraítear in alt 227 i gcás inarb inmhuirir cáin ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i leith suimeanna a íocadh, nó a áiríodh mar shuimeanna a íocadh, chun an sochar a sholáthar;

(d) sochar a íocadh de bhun aon scéime nó ciste de shórt a thuairiscítear in alt 228 (1) (2).

(2) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche más rud é—

(a) i gcás íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige, gur fholaigh an tseirbhís choigríche iomlán na dtrí bliana díreach roimh an dáta iomchuí (nó an tréimhse iomlán seirbhíse, má ba ghiorra ná trí bliana í), nó

(b) i gcás aon íocaíochta eile, gur fholaigh an tseirbhís choigríche—

(i) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó

(ii) i gcás inar mhó ná deich mbliana an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó

(iii) i gcás inar mhó ná fiche bliain an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh.

(3) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíocht nach mó ná £3,000, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh cáin inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus go ndéanfar méid aon íocaíochta ar bith ar arb inmhuirir cáin a chinneadh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin £3,000 as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana níos déanaí, agus

(b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach.

(4) An duine ar arb inmhuirir cáin de bhua alt 114 i leith aon íocaíochta féadfaidh sé, roimh dheireadh sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a n-áireofar an íocaíocht mar ioncam lena linn, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire aon fhaoiseamh den sórt is infheidhmithe maidir leis an gcéanna faoi Sceideal 3 a éileamh; agus i gcás ina ndéanfar agus ina lamhálfar éileamh den sórt sin go cuí, déanfar gach aisíoc agus gach measúnacht chánach is gá chun éifeacht a thabhairt dó.

(5) Chun críocha an ailt seo agus Sceideal 3 áireofar oifigí agus fostaíochtaí a ndéantar ina leith íocaíochtaí lena mbaineann an fo-alt díreach roimhe seo a bheith i seilbh fostóirí comhpháirte, má tharlaíonn ar an dáta arb é an dáta iomchuí é maidir le haon cheann de na híocaíochtaí sin, do cheann de na fostóirí sin a bheith faoi rialú an fhostóra eile nó faoi rialú tríú duine a dhéanann rialú ar an bhfostóir nó atá faoina rialú ar an dáta sin nó aon dáta eile dá shórt.

(6) San alt seo ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis an gcéanna nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar trí na hairteagail chomhlachais nó aon doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go stiúrófar gnó an chomhlachta chorpraithe a chéadluaitear de réir thoil an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

(7) San alt seo tá leis “an dáta iomchuí”, “íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige”, agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo i Sceideal 3 agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine a rialaíonn fostóir nó a rialaítear ag fostóir tagairtí dá chomharbaí.

(8) Chun críocha aon fhorála den Acht seo á cheangal go n-áireofar ioncam d'aon sórt mar an chuid is airde d'ioncam duine, déanfar an t-ioncam sin a ríomh gan aird ar aon íocaíocht ar arb inmhuirir cáin de bhua alt 114.

Caibidil III

Liúntais Chostais agus Sochair in Earraí

Liúntais chostais etc.

[1958, a. 23.]

116. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, déanfar, chun críocha alt 110, aon suim a bheidh íoctha i leith caiteachais ag comhlacht corpraithe le haon duine dá stiúrthóirí nó le duine ar bith i bhfostaíocht an chomhlachta sin is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo a áireamh, mura mbeidh an tsuim sin inmhuirir i leith cánach ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó ar fostaí sin, mar pheircuis a ghabhann le hoifig nó le fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus mar chuid de dhíolaíochtaí an chéanna is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dá réir sin, ach ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo éileamh ar asbhaint a dhéanamh faoi Riail 3 de Sceideal 2 i leith aon airgid a caitheadh go hiomlán, go heisiatach agus le riachtanas ag comhlíonadh dualgas na hoifige nó na fostaíochta.

(2) An tagairt atá in bhfo-alt (1) d'aon suim a íocadh i leith caiteachas folaíonn sí tagairt d'aon suim a sholáthraigh comhlacht corpraithe do stiúrthóir nó d'fhostaí agus d'íoc sé amach.

Sochair in earraí.

[1958, a. 24.]

1958, Uimh. 25 .

117. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, i gcás—

(a) comhlacht corpraithe do thabhú costas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, nó aíochta, nó seirbhísí tís nó seirbhísí eile nó sochar nó saoráidí eile d'aon sórt d'aon duine dá stiúrthóirí nó d'aon duine i bhfostaíocht faoin gcomhlacht sin is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo, agus

(b) nach mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, an costas inmhuirir i leith cánach ioncaim mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí,

beidh éifeacht ag Riail 3 de Sceideal 2 agus ag ailt 110 agus 178 maidir leis an oiread den chostas nach mbeidh cúitithe leis an gcomhlacht corpraithe ag an stiúrthóir nó an fostaí amhail is dá mba é an stiúrthóir nó an fostaí a thabhaigh an costas agus go raibh méid an chostais sin aisíoctha leis ag an gcomhlacht corpraithe trí íocaíocht i leith costas, agus beidh cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) inmhuirir dá réir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon chóiríochta, soláthairtí nó seirbhísí do stiúrthóir nó d'fhostaí in aon áitreabh gnó de chuid an chomhlachta agus a soláthraíodh le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí féin agus a d'úsáid sé chun agus amháin chun dualgais a oifige nó a fhostaíochta a chomhlíonadh.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe d'fhostaí i gcuid d'aon áitreabh gnó leis an gcomhlacht sin ina bhfuil cóiríocht chónaithe más gá don fhostaí, de réir téarmaí a fhostaíochta, cónaí sa chóiríocht le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh i gceart agus

(a) go bhfuil an chóiríocht soláthraithe de réir gnáis a bhí coiteann i dtrádála den aicme iomchúí ó thús na ndeich mbliana dar críoch dáta an Achta Airgeadais, 1958 , a rith maidir le fostaithe den aicme iomchuí, nó

(b) gur gá, i dtrádála den aicme iomchuí, go gcónódh fostaithe den aicme iomchuí in áitreabh den aicme iomchuí,

ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fostaí a bheith ina stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe iomchuí nó ar aon chomhlacht corpraithe eile atá faoi rialú an chomhlachta chorpraithe sin nó a bhfuil an comhlacht corpraithe sin faoina rialú nó atá faoi rialú dhuine a bhfuil an comhlacht corpraithe sin faoina rialú freisin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, béilí in aon cheaintín ina soláthraítear béilí don fhoireann i gcoitinne.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shórt sin a thabharfar ar éag nó éirí-as dó a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí é féin nó dá chéile, dá chlann nó dá chleithiúnaithe.

(6) Aon tagairt san alt seo do chaiteachais a tabhaíodh i leith nó maidir le haon ní, folaíonn sí tagairt do chionúireacht iomchuí d'aon chostas a tabhaíodh go páirteach i leith nó maidir leis an ní sin.

Luacháil sochar in earraí.

[1958, a. 25.]

118. —(1) Aon chostas a thabhaigh comhlacht corpraithe ag fáil nó ag táirgeadh sócmhainne a fhanann mar mhaoin ag an gcomhlacht féin, fágfar as an áireamh é chun críocha alt 117.

(2) Más é cuma ina ndéantar aon soláthar den saghas a luaitear in alt 117 (1) an mhaoin in aon sócmhainn leis an gcomhlacht corpraithe a aistriú, agus gur tharla, ó fuair nó ó tháirg an comhlacht corpraithe an tsócmhainn, gur úsáideadh an tsócmhainn nó gur bhain díluachadh di, measfar gur thabhaigh an comhlacht corpraithe, agus an soláthar sin á dhéanamh aige, costas ar cóimhéid le luach na sócmhainne tráth an aistrithe.

(3)   (a) Má mheasúnaítear, nó más inmheasúnaithe, comhlacht corpraithe faoi Sceideal A maidir le haon áitreabh a mbeidh an comhlacht tar éis an t-áitreabh ar fad nó aon chuid de a sholáthar mar chóiríocht chónaithe nó mar chóiríocht eile d'aon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe agus nach n-íocann an comhlacht corpraithe aon chíos i leith an áitribh nó gur lú méid bliantúil an chíosa a íocann sé ná méid na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh, beidh éifeacht ag alt 117 ionann is dá n-íocadh an comhlacht corpraithe cíos bliantúil i leith an áitribh ar cóimhéid le méid na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “méid na measúnachta faoi Sceideal A” méid arbh é méid na measúnachta é faoi in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí dá mba rud é—

(i) gur fágadh ar lár as alt 10 (2) na focail “Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo” agus “cúig cheathrú”, agus

(ii) nár achtaíodh alt 10 (3) (4) (5) (6).

(4) I gcás sócmhainn ar leis an gcomhlacht corpraithe i gcónaí í a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun aon soláthar den saghas a luaitear in alt 117 (1) a dhéanamh, agus nach áitreabh an tsócmhainn, measfar, chun críocha an ailt sin, gur thabhaigh an comhlacht corpraithe costas bliantúil (i dteannta aon chostais eile a thabhaigh sé maidir leis an sócmhainn, nach costas lena mbaineann fo-alt (1) maidir leis ar cóimhéid le luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ach má bhíonn aon suim i leith cíosa nó fruilithe iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe i leith na sócmhainne—

(a) i gcás méid bliantúil an chíosa nó an fhruilithe a bheith ar cóimhéid le, nó níos mó ná, luach bhliantúil úsáide na sócmhainne, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo, agus

(b) i gcás inar lú méid bliantúil an chíosa nó an fhruilithe ná luach bliantúil úsáide na sócmhainne, fágfar an cíos nó an fruiliú as an áireamh chun críocha an ailt sin.

(5) Aon tagairt atá san alt seo do chomhlacht corpraithe is inmheasúnaithe faoi Sceideal A i leith aon áitribh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do chomhlacht corpraithe ab inmheasúnaithe amhlaidh dá mbeadh na cúinsí a bhí ann ar feadh aon choda den bhliain ann i gcaitheamh na bliana uile.

An bhrí atá le “stiúrthóir”, “fostaíocht” agus “fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo”.

[1958, a. 26.]

119. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe, arna mhíniú de réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, gníomhú de réir orduithe nó treoracha uaidh, ach ní mheasfar, de réir bhrí an fho-ailt seo, duine a bheith ina dhuine ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe gníomhú de réir orduithe nó treoracha uaidh de dhroim amháin go ngníomhaíonn na stiúrthóirí sin de réir a chomhairle i gcáil ghairmiúil dó.

(2) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “fostaíocht” fostaíocht ar de chinéal í go mbeadh aon díolaíochtaí uaithi le measúnú faoi Sceideal E, agus folaíonn tagairtí do dhaoine ar fostú ag comhlacht corpraithe nó is fostaithe do chomhlacht corpraithe aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir ar an gcomhlacht sin.

(3) Faoi réir forálacha fho-alt (4) agus an fho-ailt seo, na fostaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil is fostaíochtaí iad ar £1,500 nó níos mó na díolaíochtaí uathu, arna meas don bhliain mheasúnachta iomchuí de réir forálacha an Achta seo agus ar an bhforas gur fostaíochtaí iad lena mbaineann an Chaibidil seo, agus gan aon asbhaint a dhéanamh faoi Riail 3 de Sceideal 2 maidir le hairgead a caitheadh ag comhlíonadh dualgas an chéanna:

Ar choinníoll—

(a) i gcás duine a bheith fostaithe i dhá fhostaíocht nó níos mó faoin gcomhlacht corpraithe amháin, agus gur £1,500 nó níos mó iomlán díolaíochtaí na bhfostaíochtaí sin, in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí arna meas mar a dúradh, déileálfar leis na fostaíochtaí sin uile mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, agus

(b) i gcás duine a bheith ina stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe déileálfar leis na fostaíochtaí uile ina bhfuil sé ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe mar fhostaíochtai lena mbaineann an Chaibidil seo.

(4) Maidir le stiúrthóirí uile agus fostaithe uile chomhlachta chorpraithe atá faoi rialú ag comhlacht corpraithe eile déileálfar leo chun críocha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (ach ní chun aon chríche eile) ionann is dá mba stiúrthóirí ar an gcomhlacht corpraithe eile sin iad, nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá mba fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe eile sin an fhostaíocht.

Eolas breise i dtuairisceáin faoi alt 178.

[1958, a. 27. (2) (3) (4).]

120. —(1) Má dhéanann comhlacht corpraithe, chun críocha tuairisceáin faoi alt 178, cionroinnt ar chostais a tabhaíodh go páirteach i leith nó maidir le ní áirithe agus go páirteach i leith nó maidir le nithe eile—

(a) beidh sa tuairisceán ráiteas gur de thoradh na cionroinnte sin an tsuim atá sa tuairisceán,

(b) déanfaidh an comhlacht corpraithe, má cheanglaítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus sonraí iomlána ann i dtaobh an mhéid a cionroinneadh, an tslí ina ndearnadh agus na forais ar a ndearnadh an chionroinnt, agus

(c) má bhíonn an cigire míshásta le haon chionroinnt chostas den sórt sin, féadfaidh sé, chun críocha measúnachta, na costais a chionroinnt, ach féadfaidh an comhlacht corpraithe, ar fhógra a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a fháil i dtaobh aon chionroinnte den tsórt sin a rinne an cigire, achomharc i gcoinne na cionroinnte sin a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann is dá mba achomharc é chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le achomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

(3) Na forálacha den Acht seo a bhaineann le tuairisceáin faoi alt 178 beidh feidhm acu maidir le haon tuairsceán a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (1).

Feidhm na Caibidle seo.

[1958, a. 28.]

121. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon chomhlacht corpraithe mura mbíonn trádáil ar siúl aige nó muran infheistíochtaí nó maoin eile a shealbhú iomlán nó formhór a fheidhmeanna.

Léiriú.

[1958, a. 29.]

122. —(1) Sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, folaíonn “áitreabh gnó”, maidir le comhlacht corpraithe, gach áitreabh ar áitiú ag an gcomhlacht sin chun críocha aon trádála a sheolann sé:

Ar choinníoll nach bhfolaíonn “áitreabh gnó”, ach amháin i gcás inar tagairt shainráite d'áitreabh ina bhfuil cóiríocht chónaithe an tagairt, an méid d'aon áitreabh mar a dúradh a úsáidtear mar chóiríocht chónaithe d'aon duine de stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó d'aon duine i bhfostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe in aon fhostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo.

(2) Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo d'aon ní a soláthraíodh do stiúrthóir nó d'fhostaí déanfar, mura tagairt shainráite í do rud éigin a soláthraíodh don stiúrthóir nó don fhostaí féin, í a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a soláthraíodh do chéile, do theaghlach, do sheirbhísigh, do chleithiúnaithe nó d'aíonna an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus forléireofar dá réir sin an tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) do chóiríocht chónaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe;

ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite.

Comhlachtaí neamhchorpraithe comhpháirtíochtaí, agus pearsana aonair.

[1958, a. 30.]

123. —(1) Bainfidh na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo le cumainn neamhchorpraithe agus comhlachtaí eile mar bhaineann siad le comhlachtaí corpraithe, agus, maidir leis na forálacha sin roimhe seo, beidh feidhm freisin ag an míniú ar “rialú”, modhnaithe mar is gá, atá in alt 122 (3) den Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir le haon chomhpháirtíocht a sheolann aon trádáil nó gairm mar bheadh feidhm acu maidir le comhlacht corpraithe a bheadh ag seoladh trádála, dá bhfágtaí ar lár an méid sin díobh a bhaineann le stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó le daoine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe, ach—

(a) ciallaíonn “rialú”, maidir le comhpháirtíocht, an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó chun níos mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta, agus

(b) i gcás ina ndéanann comhpháirtíocht den sórt a dúradh rialú ar chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chaibidil seo (agus forléireofar “rialú” chun na críche sin de réir an mhínithe atá air in alt 122 (3))—

(i) is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo aon fhostaíocht ina bhfuil aon stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin fostaithe faoin gcomhpháirtíocht, agus

(ii) gach fostaíocht ina bhfuil duine fostaithe faoin gcomhpháirtíocht agus faoin gcomhlacht corpraithe (is fostaíocht faoin gcomhpháirtíocht nó faoin gcomhlacht corpraithe) déileálfar léi, maidir lena chinneadh cé acu is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo nó nach ea an fhostaíocht sin, ionann is dá mba fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe í.

(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) maidir le pearsana aonair mar atá feidhm acu maidir le comhpáirtíochtaí, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar rud a cheanglaíonn go ndéileálfar in aon chúinsí le pearsa aonair ionann is dá mbeadh sé faoi rialú duine eile.

Caibidil IV

Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí áirithe

Léiriú.

[1959 (Uimh. 2), 3.]

124. —Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus folaíonn tagairtí do dhíolaíochtaí a íoc tagairtí d'íocaíochtaí ar cuntas díolaíochtaí;

ciallaíonn “fostaí” aon duine a fhaigheann díolaíochtaí;

ciallaíonn “fostóir” aon duine a íocann díolaíochtaí;

ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí ó Aibreán go Márta (agus an dá mhí sin a áireamh) in aon bhliain mheasúnachta;

ciallaíonn “cárta asbhainte cánach” cárta ashbainte cánach san fhoirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé doiciméad eile ar comhréir le cárta asbhainte cánach a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim in aon chás áirithe.

Feidhm.

[1959 (Uimh. 2), a. 4.]

1918, c. 40.

125. —Baineann an Chaibidil seo le gach saghas díolaíochtaí ach amháin díolaíochtaí—

(a) is díolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht d'aon aicme ar de chineál í gur tharla, maidir leis an mbliain 1958-59, go raibh cáin ar dhíolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht den aicme sin inasbhainte, nó gur measadh cáin den sórt sin a bheith inasbhainte, as na díolaíochtaí faoi aon Riail, seachas Riail 7, de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E den Income Tax Act, 1918.

(b) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fhostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht agus nach inoibrithe, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do chúinsí na hoifige nó na fostaíochta, cáin a bhaint astu faoi threoir forálacha na Caibidle seo, nó

(c) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fostaíocht de chuid duine i gcúrsa trádála nó gairme agus atá curtha, nó le cur, i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme sin a bheith á ríomh gnóchain na trádála nó na gairme sin a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

Modh bailithe Cánach

[1959 (Uimh. 2), a. 5 (2).]

126. —Nuair a dhéanfar aon íoc ar scór aon díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, déanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-íoc cáin ioncaim a asbhaint nó a aisíoc faoi réir na Caibidle seo agus faoi réim agus de réir na rialachán faoin gcéanna d'ainneoin—

(a) nach mbeidh an cháin forchurtha in aghaidh na bliana nó nach mbeidh aon mheasúnacht déanta i leith na ndíolaíochtaí nuair a dhéanfar an t-íoc, nó

(b) gurb éard iad na díolaíochtaí, go hiomlán nó go páirteach, díolaíochtaí in aghaidh bliana measúnachta éigin seachas an bhliain mheasúnachta a dhéanfar an t-íoc.

Rialacháin.

[1959 (Uimh. 2), a. 6.]

127. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin i dtaobh cáin ioncaim i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo nó i dtaobh cánach in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin a bheidh gan íoc a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin—

(a) chun a cheangal ar aon fhostóir a dhéanfaidh aon íoc ar scór díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo cáin, arna ríomh faoi threoir an ráta cánach ioncaim in aghaidh na bliana agus aon liúntas, asbhaintí agus faoiseamh is iomchuí i gcás an fhostaí mar léireoidh na sonraí a bheidh ar an gcárta asbhainte cánach a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith an fhostaí, a asbhaint nó a aisíoc nuair a dhéanfaidh sé an t-íoc, agus chun daoine ar a mbeidh de cheangal aon asbhaint nó aisíoc den sórt sin a dhéanamh a chur faoi fhreagracht, i gcás asbhainte (cibé acu a bheidh sin déanta nó nach mbeidh), cuntas a thabhairt i méid na cánach do na Coimisinéirí Ioncaim agus faoi dhliteanas an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus i gcás aisíoca, teideal a thabhairt dóibh, má bhítear tar éis é a dhéanamh, go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a íoc leo nó creidmheas a thabhairt dóibh ann;

(b) go dtabharfar ar aird do dhaoine, agus go n-iniúchfaidh daoine, a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim pá-leatháin agus doiciméid agus taifid eile chun a dheimhniú dóibh féin go bhfuil cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo asbhainte nó aisíoctha nó á hasbhaint nó á haisíoc go cuí agus go bhfuil cuntas tugtha nó á thabhairt inti go cuí;

(c) chun cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus nár asbhaineadh nó nár gnóthaíodh ar shlí eile i rith na bliana a bhailiú agus a ghnóthú, cibé acu trí asbhaint ó dhíolaíochtaí a íocfar in aon bhliain ina dhiaidh sin nó ar shlí eile;

(d) i dtaobh achomharc maidir le hábhair a éireoidh faoi na rialacháin agus nárbh ábhar achomhairc ar shlí eile;

(e) chun cáin de réir an ráta chaighdeánaigh a asbhaint sna cásanna nó sna haicmí cásanna sin dá bhforálfar leis na rialacháin;

(f) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann na Chaibidil seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar sna rialacháin gur fostóir den sórt sin é;

(g) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) clár dá fhostaithe a choimeád agus a chothabháil i cibé slí a shonrófar sna rialacháin, agus, ar na Coimisinéirí Ioncaim dá cheangal sin air trí fhógra, an clár a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra;

(h) chun daoine nach fostóirí a áireamh mar fhostóirí i cibé cásanna nó aicmí de chásanna dá bhforálfar leis na rialacháin.

(2) Beidh éifeacht ag rialacháin faoin alt seo d'ainneoin aon ní san Acht seo, ach ní dhéanfaidh siad difear d'aon cheart achomhairc a bheadh ag duine ar leith ó na rialacháin.

(3) (a) Ullmhófar cártaí asbhainte cánach chun a áirithiú, an oiread agus is inoibrithe sin—

(i) go ndéanfar an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana measúnachta i leith aon díolaíochtaí a asbhaint as na díolaíochtaí a íocfar i rith na bliana sin, agus

(ii) gur cáin í an cháin is inasbhainte nó is inaisíoctha nuair a dhéanfar aon íoc ar scór díolaíochtaí go mbeidh an chomhréir chéanna idir an cháin ghlan iomlán a bheifear tar éis a asbhaint ó thús na bliana measúnachta agus an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana sin agus a bheidh idir an chuid sin den bhliain dar críoch dáta an íoca agus an bhliain iomlán.

(b) I mír (a)—

forléireofar aon tagairt don cháin iomlán in iníoctha in aghaidh bliana mar thagairt don cháin iomlán (gan forcháin a áireamh) a mheasfar a bheith iníoctha in aghaidh na bliana i leith na ndíolaíochtaí, faoi réir ashbainte sealadaí i leith liúntas agus faoiseamh agus freisin, más gá, faoi réir suim a chur leis an méid measta sin (lena n-áirítear nialas) i leith méideanna a bheidh gan íoc ar chuntas cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin agus asbhaint a dhéanamh as i leith suimeanna a ró-íocadh ar cuntas aon chánach ioncaim den sórt sin;

déanfar an tagairt don cháin ghlan iomlán a asbhainfear a fhorléiriú mar thagairt don cháin iomlán a asbhainfear i rith na bliana de bhua rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, lúide aon cháin a aisíocfar de bhua aon rialachán den sórt sin.

(c) Nuair a bheidh aon mheastachán á dhéanamh de bhun mír (b) féadfar a ghlacadh, maidir le haon íoc ar scór díolaíochtaí, go bhfuil an chomhréir chéanna idir na díolaíochtaí a íocadh sa chuid den bhliain mheasúnachta dar críoch an dáta a dhéanfar an t-íoc agus na díolaíochtaí in aghaidh na bliana sin go léir atá idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile den alt seo, féadfar, nuair a dhéanfar méid i leith liúntas, asbhaintí agus faoiseamh a lua ar chárta asbhainte cánach, an méid a mhéadú go dtí méid oiriúnach is mó ná sin agus é a lua dá réir sin, agus, maidir leis an méid cánach nach n-asbhainfear an bhliain mheasúnachta de thoradh an lua sin, déanfar, i mbliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, an coigeartú is iomchuí chun é a ghnóthú.

(5)   (a) Is iad na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna (f) agus (g) d'fho alt (1) díolaíochtaí de réir ráta is ionann agus £6 sa tseachtain, nó, i gcás fostaí a bhfuil fostaíocht eile aige, £1 sa tseachtain.

(b) I gcás fostaithe a íoctar in aghaidh na míosa nó in aghaidh tréimhsí is faide ná mí, déileálfar leis na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo do ráta £6 sa tseachtain agus do ráta £1 sa tseachtain mar thagairtí do ráta £26 sa mhí agus do ráta £4 10s. sa mhí faoi seach.

(6) Nuair a bheidh asbhaint le déanamh aon bhliain mheasúnachta as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo ar scór cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1960-61, ní dhéanfaidh an fostóir, an bhliain chéadluaite sin, aon aisíoc cánach ioncaim de bhun rialachán faoin alt seo.

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanamh Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Pionóis.

[1959 (Uimh. 2), a. 7.]

128. —(1) Má fhágann aon duine gan chomhlíonadh aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach, nó aon phá-leatháin nó taifid nó doiciméid eile a thabhairt ar aird, dlífear pionós £20 a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(2) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí dlí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(3) I gcás—

(a) ina bhfágfaidh aon duine gan chomhlíonadh aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach,

(b) ina gceanglaíonn an fhoráil comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

(c) go leanfaidh an duine sin ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó gan an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin a chur isteach,

measfar, chun críocha fho-alt (1), gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach amháin an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.

(4) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a shonrófar i rith tréimhse a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár chuir an cosantóir an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin isteach i rith na tréimhse sin,

(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur cuireadh tuairisceán nó doiciméad eile a luafar chun an chosantóra lá a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an tuairisceán nó an doiciméad eile sin sa ghnáth-chúrsa,

(c) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear dó i mír (a) nó mír (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

Us.

[1959 (Uimh. 2), a. 8.]

129. —I gcás nach ndéanfar aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoin gCaibidil seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim a íoc amhlaidh, íocfaidh an fostóir ús simplí ar an méid leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ríomhfar an t-ús sin ó dheireadh na tréimhse a shonrófar sna rialacháin chun an méid a íoc agus de réir aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí a bheidh an méid gan íoc.

Íoc trí stampaí.

[1959 (Uimh. 2), a. 9.]

1891, c. 38.

1908, c. 48.

130. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh á chumasú d'fhostóir a mbeidh de cheangal air cáin a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo an cháin is inasbhainte a íoc, faoi réir údarás a bheith aige de thuras na huaire ó na Coimisinéirí Ioncaim sin a dhéanamh, trí stampaí a ghreamóidh an fostóir a dhéanfaidh an asbhaint de stampaleabhair a sholáthróidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) I gcás ina dtabharfar údarás mar a dúradh chun íoc a dhéanamh trí stampaí, ní bheidh de cheangal ar an bhfostóir cáin a aisíoc a asbhaineadh roimhe sin as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus a tuilleadh i bhfostaíocht faoi féin nó i bhfostaíocht roimhe sin.

(3) Na tagairtí atá in alt 127 do chártaí asbhainte cánach glacfar leo, maidir le cásanna ina n-údaraítear mar a dúradh stampaleabhair a úsáid, mar thagairtí do na leabhair sin.

(4) In aon chás ina dtarlóidh, maidir le stampa-leabhar a gceanglaítear le rialacháin faoin alt seo é a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim i rith tréimhse áirithe, nach gcuirfear chucu amhlaidh é, nó, má chuirtear, nach mbeidh dóthain stampaí air, déanfar an cháin nó an iarmhéid cánach (de réir mar a bheidh) arb é modh a híoctha stampaí a ghreamú den leabhar a áireamh, chun críocha alt 129 agus 131 mar cháin a bhfuil an fostóir faoi dhliteanas ina leith faoi threoir na míosa nó na míonna cánach ioncaim iomchuí, agus ús faoin alt sin 129 a ríomh amhail ó dheireadh na tréimhse sin.

(5) Beidh feidhm ag forálacha (lena n-áirítear pian-fhorálacha) an Stamp Duties Management Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, maidir le stampaí dá dtagraítear san alt seo.

(6) Ach amháin maidir leis na hábhair áirithe dá ndéanfaidh siad foráil, ní dhéanfaidh rialacháin faoin alt seo difear d'oibriú aon rialachán faoi alt 127.

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gnóthú.

[1959 (Uimh. 2), a. 11.]

131. —(1) (a) Na forálacha d'aon achtachán a bhaineann le cáin ioncaim a muirearaíodh faoi Sceideal E a ghnóthú beidh feidhm acu maidir le gnóthú aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoi gCuid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim amhail is dá mbeadh an méid sin arna mhuirearú ar an bhfostóir faoi Sceideal E.

(b) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), tugann an fo-alt seo feidhm d'fhorálacha ailt 480, 485, 486, 488 agus 491.

(c) Beidh feidhm ag forálacha, mar a thugtar feidhm dóibh leis an bhfo-alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar le rialacháin faoi alt 127.

(2) Féadfar imeachtaí a bhunú chun an méid iomlán a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar a dúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim áirithe gan na méideanna a dhlífidh sé a íoc a shonrú trí gach fostaí a lua agus gan na fostaithe lena mbainfidh a shonrú, agus chun críocha na n-imeachtaí is aon chás caingin aonair amháin nó aon ábhar gearáin amháin an méid iomlán sin; ach ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo imeachtaí faoi leith a bhunú chun gach méid de na méideanna faoi seach a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar a dúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim agus a fhostaithe faoi seach.

(3) In imeachtaí a bhunófar de bhua an ailt seo chun aon mhéid cánach a ghnóthú—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil méid sonraithe cánach dlite ón gcosantóir agus iníoctha aige ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar an méid sin a bheith dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

(b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Aon tagairt atá san alt seo do mhéid cánach folaíonn sí tagairt d'ús is iníoctha sa chás a bheidh i gceist faoi alt 129.

Tosaíocht i gcás féimheachta.

[1959 (Uimh. 2), a. 12 (1) (4).]

Léigh freisin

1963, Uimh. 33 , a. 285 (2) (a) (iii).

1889, c. 60.

132. —(1) Aireofar ar na fiacha a mbeidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, tosaíocht íoca acu ar na fiacha eile go léir agus maoin féimhigh, féichiúnaí chomhshocraíochta, nó dhuine d'éag agus é dócmhainneach á ndáileadh, an méid a bheidh gan íoc de dhliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta a rinneadh ordú breithnithe an fhéimhigh, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an fhéichiúnaigh, nó, de réir mar a bheidh, a d'éag an duine agus é dócmhainneach.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “dliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí dhéag” na suimeanna uile a dhligh fostóir faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoin gCaibidil seo a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Chaibidil seo agus a d'íoc sé i rith na tréimhse dhá mhí dhéag a luaitear san alt seo arna laghdú d'aon mhéideanna a dhligh sé faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoin gCaibidil seo a aisíoc i rith na tréimhse céanna, agus faoi réir an t-ús is iníoctha faoi alt 129 a chur leo.

Forálacha forlíontacha.

[1959 (Uimh. 2), a. 13 (1) (3).]

133. —(1) Ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal E in aghaidh aon bhliana measúnachta a dhéanamh maidir le díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil ach amháin i gcás—

(a) ina n-éileoidh an duine is inmheasúnaithe, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de chúig bliana ó dheireadh na bliana measúnachta, go ndéanfar measúnacht,

(b) nach ionann méid na ndíolaíochtaí a íocadh an bhliain mheasúnachta agus méid na ndíolaíochtaí a mbeidh sé le meas gurb iad na díolaíochtaí iad in aghaidh na bliana sin, nó

(c) a mbeidh cúis ann lena cheapadh go mbeadh na díolaíochtaí, dá ndéanfaí iad a mheasúnú, le cur i gcuntas agus ríomh á dhéanamh chun críocha forchánach ar ioncam iomlán dhuine a dhlífidh forcháin a íoc nó a dhlífeadh forcháin a íoc dá ndéanfaí measúnacht i leith na ndíolaíochtaí.

(2) I gcás ina n-íocfaidh fostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim aon mhéid cánach a d'asbhain sé as díolaíochtaí de bhun na Caibidle seo agus aon rialachán faoin gCaibidil sin, beidh sé saortha, urscaoilte ón tsuim is ionann agus an íocaíocht amhail is dá mbeadh sé tar éis an tsuim sin a íoc iarbhír leis an bhfostaí.

CUID VI

Idirdhealú agus Céimniú Cánach Trí Fhaoisimh

Faoiseamh ioncaim thuillte.

[1920, a. 16;

1959 (Uimh. 2), a. 16 (1);

1961, a. 3.]

134. —Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, déanfar, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críocha cánach ioncaim, asbhaint a lamháil dó ó mhéid a ioncaim thuillte arna mheas de réir an Achta seo de mhéid is comhionann leis an gceathrú cuid den ioncam sin, ach nach mó, i gcás aon phearsan aonair, ná suim £500.

Liúntais ó ioncaim neamhthuillte i gcás daoine atá cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn.

[1964, a. 2.]

135. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán agus a cruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, a bhanchéile a chónaíonn leis, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críche cánach ioncaim, suim ar cóimhéid leis an gceathrú cuid dá ioncam neamhthuillte a bhaint as an ioncam sin:

Ar choinníoll—

(a) I gcás ina mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chun asbhainte is mó ná £350 faoi alt 134—

(i) i gcás inar £500 an asbhaint sin, ní dhéanfar aon asbhaint faoin alt seo, agus

(ii) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná an méid a bheidh an asbhaint faoi alt 134 faoi bhun £500, agus

(b) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná £150.

(2) Chun críche fho-alt (1) measfar gurb é méid ioncaim neamhthuillte aon phearsan aonair méid a ioncaim iomláin lúide méid a ioncaim thuillte.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí a dhéanfar faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “ioncam tuillte” agus “ioncam iomlán” faoi seach ioncam tuillte arna mheas de réir forálacha an Achta seo agus ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas amhlaidh.

Faoiseamh d'ioncaim bheaga.

[1964, a. 3.]

136. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo;

ciallaíonn “ioncam iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, a ioncam iomlán lúide aon chuid de a thagann chuige de bhun nó de dheasca diúscairt de réir bhrí alt 442 agus a measfaí, de bhua Chaibidil I de Chuid XXVIII dá bhfágfaí fomhíreanna (iii) agus (iv) d'alt 439 (1) ar lár, gur cuid é d'ioncam an duine a rinne an diúscairt.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh sin a éileamh sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh nach mó a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ná £450 lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a mheasúnú chun críocha cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam iomchuí a bhaint as an ioncam sin.

(3) Faoi réir an mhéid a dúradh, beidh ag pearsa aonair nach mbeidh i dteideal asbhainte faoi fho-alt (2) teideal go ndéanfar méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomlán a laghdú, i gcás inar gá sin, ionas nach mbeidh sé níos mó ná suim is comhionann le méid comhiomlán an dá shuim seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha dá mba £450, agus nár mhó ná £450 a ioncam iomlán, agus leath an mhéid ar mó a ioncam iomlán ná £450.

(4) Chun críocha fho-alt (3), déanfar an cháin ab iníoctha dá mba £450, ach nár mhó ná £450, ioncam iomlán na pearsan aonair, a ríomh—

(a) i gcás nach lú ná £450 ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gurbh ioncam iomchuí ar fad an t-ioncam £450, agus

(b) i gcás inar lú ná £450 ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gur fholaigh an £450 an t-ioncam iomchuí ar fad.

(5) Ní bheidh teideal ag pearsa aonair chun aon asbhainte nó faoisimh faoin alt seo má bhíonn teideal aige chun asbhainte faoi alt 135 agus aon asbhaint nó faoiseamh faoin alt seo is asbhaint nó faoiseamh é in ionad, agus ní asbhaint nó faoiseamh é i dteannta, na hasbhainte faoi alt 134.

(6) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí nó faoiseamh faoin alt seo.

An asbhaint a lamhálfar nuair a bheidh ioncam inchánaithe á chinneadh.

[1920, a. 17;

1959 (Uimh. 2), a. 17 (3) (4).]

137. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim (dá ngairtear “an t-ioncam inchánaithe” san Acht seo) a chinneadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú air ina leith, cibé asbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 chun críche éileamh i leith aon asbhaintí den sórt a dúradh.

Faoiseamh pearsanta.

[1920, a. 18;

1959 (Uimh. 2), a. 15.]

138. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go raibh a bhanchéile ina cónaí leis i gcaitheamh na bliana measúnachta, nó go raibh a bhanchéile á cothabháil go hiomlán aige i gcaitheamh na bliana measúnachta, agus nach bhfuil sé i dteideal, agus méid a ioncaim á ríomh aige don bhliain sin chun críocha an Achta seo, aon laghdú a dhéanamh i leith na suimeanna a íocadh i leith a bhanchéile a chothabháil, beidh sé i dteideal asbhaint £394, agus in aon chás eile asbhaint £234.

(2) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag an éilitheoir chun asbhaint £234 faoi fho-alt (1), ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnachta, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhaint £259 in ionad an asbhaint £234 sin.

(3) Má tá ar ioncam iomlán an éilitheora aon ioncam tuillte de chuid a bhanchéile déanfar an asbhaint a bheidh le lamháil faoin alt seo a mhéadú méid is comhionann le trí cheathrú de mhéid an ioncaim thuillte sin ach nach mó in aon chás ná £45.

Duine a ghlacfaidh cúram leanaí bhaintreach fir, baintrí nó fhir phósta a chónaíonn ar leithligh óna bhanchéile.

[1920, a. 19;

1949, a. 4;

1961, a. 4.]

139. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é agus duine is bean ghaoil dó féin nó dá bhanchéile éagtha a bheith ina cónaí leis an bhliain mheasúnachta d'fhonn cúram agus aire aon linbh dá chuid a ghlacadh, nó má chruthaíonn sé nach bhfuil aon bhean ghaoil leis féin ná lena bhanchéile éagtha aige atá ábalta nó toilteanach an cúram sin a ghlacadh agus bean éigin eile a bheith fostaithe aige lena aghaidh sin, beidh sé i dteideal, faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, asbhaint £100 i leith na mná gaoil nó na mná eile sin:

Ar choinníoll—

(a) nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo mura gcruthóidh an t-éilitheoir nach bhfuil aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte i leith na mná gaoil faoi fhorálacha na Coda seo nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal amhlaidh, go mbeidh an phearsa aonair eile tar éis scaradh lena éileamh air; agus

(b) nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo más éard í an bhean ghaoil bean phósta a chónaíonn lena fearchéile, agus gur éiligh an fearchéile agus gur lamháladh dó an asbhaint níos airde faoi alt 138 (1).

(2) San alt seo ciallaíonn “leanbh” leanbh a lamháltar asbhaint ina leith faoin gCuid seo.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás éilitheora is baintreach amhail mar atá feidhm aige i gcás éilitheora is baintreach fir ach tagairt dá fearchéile éagtha a chur in ionad tagairt dá bhanchéile éagtha.

(4) Beidh feidhm freisin ag an alt seo i gcás éilitheora is fear pósta, agus nach gcónaíonn a bhanchéile leis agus nach bhfuil i dteideal na hasbhainte níos airde faoi alt 138 (1) mar atá feidhm aige i gcás éilitheora is baintreach fir, ach amháin go gcuirfear tagairt dá bhanchéile in ionad tagartha dá bhanchéile éagtha.

Gaol a ghlacfaidh cúram dearthár nó deirféar duine neamhphósta.

[1920, a. 20;

1949, a. 5.]

140. —Má chruthaíonn an t-éilitheoir—

(a) nach bhfuil sé pósta agus go bhfuil a mháthair, is baintreach nó duine a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile, nó bean ghaoil éigin eile, ina cónaí leis d'fhonn cúram agus aire aon dearthár nó deirféar dá chuid a ghlacadh is leanbh a lamháiltear asbhaint ina leith faoin gCuid seo, agus go bhfuil sé ag cothabháil na máthar nó an ghaoil eile ar a chostas féin; agus

(b) nach bhfuil seisean ná aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte i leith an duine chéanna faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo, nó má tá aon phearsa aonair eile i dteideal aon asbhainte den sórt sin, gur scar an phearsa aonair eile lena éileamh chuige,

beidh sé i dteideal asbhainte £100.

Leanaí.

[1920, a. 21;

1940, a. 6;

1949, a. 6;

1956, a. 5;

1959, a. 4;

1960, a. 2 (1);

1963, a. 11;

1966, a. 2.]

1952, Uimh. 25 .

141. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann tráth ar bith i gcaitheamh na bliana measúnachta aon leanbh leis atá faoi bhun sé bliana déag d'aois nó, má bhíonn sé os cionn sé bliana déag d'aois i dtosach na bliana sin, atá ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, ansin, faoi fhorálacha an ailt seo, beidh sé i dteideal asbhaint i leith gach linbh den sórt sin agus i gcás linbh a chruthóidh an t-éilitheoir a bheith os cionn aois a aon bhliain déag i dtosach na bliana measúnachta, £150 a bheidh san asbhaint sin agus, in aon chás eile, £120 a bheidh ann.

Folaíonn an abairt “leanbh” san fhoráil seo leas-leanbh agus leanbh neamhdhlisteanach ar phós a thuistí a chéile tar éis a shaolaithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála i bhfeidhm ina leith faoin Acht Uchtála, 1952 .

(2) Má chruthaíonn an t-éilitheoir aon leanbh a bheith á choinneáil agus á chothabháil aige an bhliain mheasúnachta ar a chostas féin ar leanbh é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó, má bhíonn sé os cionn sé bliana déag i dtosach na bliana sin, atá ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh, agus nach bhfuil teideal aigesean ná ag aon phearsa aonair eile chun asbhainte i leith an linbh chéanna faoi na forálacha roimhe seo den alt seo nó faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo, nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte den sórt sin, go bhfuil an phearsa aonair eile sin tar éis scaradh lena éileamh chuige sin, beidh sé i dteideal na hasbhainte céanna i leith an linbh agus dá mba leanbh leis féin an leanbh.

(3) Na tagairtí atá i bhfo-ailt (1) agus (2) do leanbh a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire i bhforas oideachais folóidh siad tagairtí do leanbh a bheidh faoi thraenáil ag duine ar bith (dá ngairtear an fostóir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) le haghaidh aon trádála nó gairme in imthosca de shórt gur gá don leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an traenáil go ceann tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

Chun críche éilimh maidir le leanbh a bheidh faoi thraenáil féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí a thabhairt maidir le traenáil an linbh i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo maidir le haon leanbh a mbeidh teideal aige dá cheart féin chun ioncaim is mó ná £80 sa bhliain, ach amháin go ndéanfar, más lú méid an bhreis ná an asbhaint ab inlamháilte ar leithligh ón bhfo-alt seo, asbhaint a lamháil a bheidh laghdaithe an méid sin.

Ar choinníoll nach ndéanfar, agus ioncam an linbh á ríomh chun críocha na forála roimhe seo, aon ioncam a chur san áireamh a mbeadh an leanbh ina theideal mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta, nó dearlaice oideachais eile den samhail sin.

(5) Má éiríonn aon cheist maidir le aon duine a bheith i dteideal liúntais faoin alt seo maidir le leanbh os cionn sé bliana déag d'aois i leith a bheith ina leanbh a bhfuil an teagasc lánaimsire sin á fháil aige mar a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(6) Más rud é, i leith aon bhliain mheasúnachta, go mbeadh teideal faoin alt seo, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ag dhá phearsa aonair nó níos mó, chun faoisimh i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní lamhálfar ach aon asbhaint amháin faoin alt seo i leith an linbh sin;

(b) i gcás gan an leanbh sin a bheith á chothabháil ach ag aon tuiste amháin, is ag an tuiste sin amháin a bheidh sé de theideal an asbhaint sin a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag an dá thuiste i dteannta a chéile, beidh gach tuiste acu i dteideal cibé cuid den asbhaint sin a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith seisean nó sise ag cothabháil an linbh sin;

(d) nuair a bheifear á fháil amach chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag tuiste agus, má tá, cá mhéid atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith cothabháil an linbh sin aon íocaíocht a rinne an tuiste sin faoi chomhair nó i leith cothabháil an linbh sin is íocaíocht a bheidh an tuiste sin i dteideal a asbhaint agus a ioncam nó a hioncam iomlán á ríomh chun críocha an Achta seo.

Gaolta cleithiúnacha.

[1920, a. 22;

1944, a. 5;

1956, a. 6

1963, a. 12.]

142. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £180 sa bhliain a hioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £60 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh, agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheora a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £180 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £120 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann agus dá mba rud é, in ionad asbhaint £60 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise.

(2) I gcás duine ar bith den sórt a dúradh a bheith á chothabháil ag beirt daoine nó níos mó i gcomhar, déanfar an asbhaint a bheidh le déanamh faoin alt seo a chionroinnt eatarthu de réir méid nó luach a ranníocaí faoi seach a leith cothabháil an duine sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héilitheoir is bean mar atá feidhm aige maidir le héilitheoir is fear ach tagairt do bhanchéile a chur in ionad tagartha d'fhearchéile.

Préimheanna ar árachais iar-1916 agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

[1918, a. 32 (1), (3), (8);

1920, a. 26;

1953, a. 2;

1959 (Uimh. 2), a. 17;

1961, a. 9.]

143. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 152, aon éilitheoir—

(a) a d'íoc aon phréimh den sórt a shonraítear i bhfo-alt (2); nó

(b) atá faoi aon reacht nó faoi théarmaí nó coinníollacha a fhostaíochta faoi dhliteanas aon suim a íoc nó aon suim a asbhaint as a thuarastal nó as a stipinn d'fhonn blianacht iarchurtha a áirithiú dá bhaintreach nó soláthar a dhéanamh dá leanaí tar éis a bháis,

beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim a chinneadh ar a mbeidh sé le muirearú i leith cánach (gan forcháin a áireamh), an asbhaint a shonraítear i bhfo-alt (3) a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Is iad na préimheanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) aon phréimheanna a d'íoc an t-éilitheoir ar pholasaí árachais nó ar chonradh i leith blianachta iarchurtha más rud é—

(a) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh tar éis an 22ú lá de Mheitheamh, 1916—

(i) le haon chuideachta árachais a bunaíodh go dlíthiúil sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile a mbeadh feidhm maidir léi, mura mbeadh gur aisghaireadh iad, ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo, nó a sheolann gnó go dleathach sa Stát; nó

(ii) le cara-chumann cláraithe; nó

(iii) i gcás blianachta iarchurtha, le Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta; agus

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a bhanchéile atá an t-árachas, nó, cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach; agus

(c) gurb eisean a rinne an t-árachas nó an conradh.

(3) Is é a bheidh san asbhaint a bheidh le baint as ioncam inmheasúnaithe an éilitheora—

(a) más tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953, a rinneadh an t-árachas nó an conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus sin le haon chuideachta árachais nó carachumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát agus á bhainistí agus á rialú ann, méid is comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé;

(b) in aon chás eile, méid is comhionann le leath na préimhe a d'íoc sé nó, cibé acu é, leath na suime a d'íoc sé nó a asbhaineadh as a thuarastal nó a stipinn.

(4) I gcás—

(a) préimh a bheith íoctha maidir le hárachas, nó maidir le conradh i leith blianachta iarchurtha, a rinneadh le cuideachta árachais, agus

(b) go bhféadfaí asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi fho-alt (1) mura mbeadh nach cuideachta den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (a) (i) an chuideachta,

ní thabharfar aird ar an bhfíoras sin, agus féadfar asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi fho-alt (1) dá réir sin, más rud é—

(i) gur sa Stát atá cónaí ar an éilitheoir ach go raibh cónaí air roimhe sin lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana,

(ii) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh sula raibh deireadh leis an tréimhse chónaithe leanúnach lasmuigh den Stát, agus

(iii) nach bhfuil aon ioncam ag teacht as aon urrús nó sealúchas in aon áit atá lasmuigh den Stát nó, i gcás ina bhfuil ioncam ag teacht mar sin, go bhfuil feidhm ag alt 76 (1) maidir le cáin i leith an ioncaim sin a ríomh.

(5) Ní dhéanfar, maidir le hárachais nó conarthaí i leith blianachtaí iarchurtha—

(a) asbhaint a thabhairt ach amháin i leith préimheanna nó íocaíochtaí eile is iníoctha ar pholasaithe chun suim chaipitiúil a áirithiú ar bhás, cibé acu i dteannta nó d'éagmais aon sochair eile; nó

(b) asbhaint a thabhairt i leith préimheanna nó íocaíochtaí is iníoctha i gcaitheamh tréimhse an iarchurtha i leith polasaí árachais iarchurtha:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo difear do phréimheanna ná d'íocaíochtaí is iníoctha—

(i) ar pholasaithe nó ar chonarthaí a rinneadh i ndáil le haon scéim aoisliúntais nó scéim pinsin bona fide le haghaidh sochair fostaithe aon fhostóra nó daoine atá ag gabháil d'aon trádáil, gairm nó gnó áirithe nó le haghaidh sochair banchéile nó baintrí aon fhostaí nó duine den sórt sin nó a leanaí nó a chleithiúnaithe eile; nó

(ii) ar aon pholasaí a thóg múinteoir i meánscoil amach le linn a bheith ag feitheamh le scéim aoisliúntais nó pinsin a bhunú do na múinteoirí sin.

(6) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam féin ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, déanfar an asbhaint chéanna agus dhéanfaí dá mba é a bhí sa phréimh, préimh a d'íoc a fearchéile ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a shaol féin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt seo.

(7) Déanfar tagairtí san Acht seo d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil a fhorléirú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'asbhaintí faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo.

Díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach.

[1954, a. 3.]

144. —(1) (a) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh chuige sin agus tuairisceán a thabhairt san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt nach mó ná £240 a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim.

(b) Aon phearsa aonair ag a mbeidh, mura mbeadh a ioncam iomlán a bheith níos mó ná £240, teideal chun díolúine mar a fhoráiltear i mír (a) beidh teideal aige chun an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin, dá mba rud é go rachadh an méid sin, mura mbeadh forálacha na míre seo, thar suim ar cóimhéid le trí chúigiú an mhéid atá a ioncam iomlán os cionn £240 a laghdú anuas go dtí an suim sin.

(2) Beidh feidhm, maidir le díolúintí ó cháin nó le laghduithe ar cháin faoin alt seo, le haon mhodhnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18.

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forálacha an Achta seo.

Árachas in aghaidh costas tinnis.

[1955, a. 4.]

145. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “árachóir údaraithe” aon duine a bhfuil gnó árachais den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ar siúl aige go dleathach sa Stát;

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forálacha an Achta seo.

(2) Má dhéanann pearsa aonair éileamh chuige sin sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo agus go dtabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar ioncam iomlán na pearsan agus go gcruthóidh go ndearna an phearsa, nó, más fear pósta an phearsa, go ndearna a bhanchéile, sa bhliain roimhe an mbliain mheasúnachta, íocaíocht le hárachóir údaraithe faoi chonradh árachais a fhorálann go sonrach, cibé acu i dteannta sochar eile é nó nach ea, go gcúiteofar nó go nglanfar, go hiomlán nó go páirteach, dearbhchostais liachta, mháinliachta nó altranais (lena n-áirítear costas cothabhála in ospidéal, teach altranais nó sanatorium) de dheasca tinneas nó tionóisc a bhaint don phearsa nó do chéile na pearsan nó do leanaí nó cleithiúnaithe eile leis an bpearsa nó le céile na pearsan, ansin—

(a) mura n-árachaíonn an íocaíocht aon tsochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, déanfar méid iomlán na híocaíochta a bhaint as aon ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim, de chuid na pearsan, más é an phearsa a rinne an íocaíocht, nó de chuid bhanchéile na pearsan más ise a rinne an íocaíocht in aghaidh na bliana measúnachta, agus

(b) má árachaíonn an íocaíocht sochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, tabharfar a shamhail d'fhaoiseamh in aghaidh an mhéid den íocaíocht is inchurtha i leith an aisíoca nó an íoca sin,

agus, más gá, glanfar nó aisíocfar cáin dá réir sin agus déanfar ioncam iomlán na pearsan in aghaidh na bliana measúnachta a ríomh dá réir sin chun críocha uile an Achta seo.

(3) Nuair a dhéanfar amach de réir fho-alt (2) suim a bheidh le baint as ioncam duine den lánúin, nó le fritháireamh ina choinne, ansin—

(a) mura mbeidh aon ioncam ann de chuid an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnachta ar féidir faoiseamh faoin bhfo-alt sin a thabhairt ina leith, féadfar an faoiseamh a thabhairt i leith ioncaim de chuid an duine eile den lanúin in aghaidh na bliana sin, agus

(b) má bhíonn an tsuim a dhéanfar amach mar a dúradh níos mó ná ioncam an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnachta, féadfar an bhreis a bhaint as aon ioncam de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin nó í a fhritháireamh ina choinne.

(4) Má thugtar faoiseamh faoin alt seo ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile den Acht seo i leith na híocaíochta nó na coda d'íocaíocht (cibé acu é).

(5) Beidh feidhm maidir le faoiseamh faoin alt seo, le haon mhodnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18.

Forálacha ginearálta maidir le liúntais, asbhaintí agus faoisimh.

[1918, a. 17;

1920, a. 32.]

146. —Ní bheidh éilitheoir i dteideal liúntais ná asbhainte ná faoisimh faoi ailt 135 go 145 maidir le haon ioncam a mbeidh teideal aige an cháin air a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, ná i dteideal asbhaint, coinneáil, ná sásamh a dhéanamh as aon íocaíocht a bheidh sé faoi dhliteanas déanamh le haon duine eile.

Foras measúnachta ioncaim faoi Sceideal A.

[1918, a. 19;

1920, a. 32;

1929, a. 19.]

147. —Chun críche aon éilimh ar liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145 measfar, faoi réir aon liúntais, laghdaithe, nó faoisimh arna dheonú faoin Acht seo, gurb é an t-ioncam ó úinéireacht tailte, tionóntán nó oidhreachtán is inmheasúnaithe faoi Sceideal A, a luach bliantúil arna mheas de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal A agus measfar, faoi réir aon liúntais, laghdaithe nó faoisimh arna dheonú faoin Acht seo, gurb é an t-ioncam ó áitiú tailte, tionóntán agus oidhreachtán is inmheasúnaithe faoi Sceideal B a luach inmheasúnaithe arna mheas de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal B, agus i gcás inarb é an t-éilitheoir an t-úinéir agus an t-áititheoir freisin ar na tailte, na tionontáin agus na hoidhreachtáin sin is déanaí a luaitear, measfar gurb é an t-ioncam ó na tailte, na tionóntáin nó na hoidhreachtáin sin méid an luacha bhliantúil faoi Sceideal A i dteannta méid an luacha inmheasúnaithe faoi Sceideal B.

Comhpháirtithe, tionóntaí i gcomhpháirt: éilimh ar leithligh.

[1918, a. 20;

1920, a. 32;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

148. —Na daoine seo a leanas a bhfuil leasanna i gcómhpháirt acu, is é sin le rá—

(a) comhoidhirsigh, nasc-thionóntaí, nó tionóntaí i gcoiteannas ar bhrabúis aon ghnó; agus

(b) nasc-thionóntaí, nó tionóntaí talún nó tionóntán i gcomhpháirtíocht agus iad i gcomháitíocht iarbhír an chéanna i gcomhpháirtíocht, a bhfuil teideal acu chun na mbrabús uathu sin i scaireanna,

féadfaidh siad aon liúntas nó asbhaint a éileamh faoi alt 134 go 145 de réir a scaireanna agus a leasanna faoi seach, agus féadfar déileáil le haon éilimh den sórt sin sa slí chéanna agus dhéanfaí i gcás leasanna ar leithligh:

Ar choinníoll nach ndéanfar brabúis ó áitiú tailte a mhuirearú ar leithligh má bhíonn na tailte ligthe nó foligthe gan an léasóir do scaradh lena seilbh nó mura ag an léasaí i seilbh agus ag áitiú na dtailte go heisiatach.

An modh ar a dtabharfar liúntas.

[1918, a 16;

1920, a 32.]

149. —Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, déanfar aon liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145 a thabhairt tríd an measúnacht a ghlanadh nó a laghdú, nó tríd an mbreis a íocadh a aisíoc, nó ar gach modh nó aon mhodh acu sin, de réir mar is gá sa chás.

Ioncam iomlán i gcás ina laghdaítear an mheasúnacht.

[1918, a. 23;

1920, a. 32.]

150. —I gcás inar deonaíodh faoiseamh in aghaidh aon bhliana measúnachta faoi aon fhorálacha den Acht seo a fhorálann le haghaidh laghdú measúnachta ar aon bhunadh ioncaim i gcásanna ina mbeidh brabúis na bliana measúnachta gearr, measfar gurb é méid na measúnachta arna laghdú an t-ioncam ón mbunadh sin agus an t-ioncam iomlán ó gach bunadh á chinneadh don bhliain sin chun críche aon éilimh ar liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145.

Faoiseamh i leith préimheanna ar árachas roimh 1916.

[1918, a. 32 (1) (8) (9);

1920, a. 26;

1952, a. 4 (3).]

151. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 152, beidh aon éilitheoir a d'íoc aon phréimh den sórt a shonraítear i bhfo-alt (2) i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha aige a laghdú suim is ionann agus an cháin de réir an ráta iomchuí ar mhéid na préimhe a d'íoc sé.

(2) Is iad na préimheanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) aon phréimheanna a d'íoc éilitheoir ar pholasaí árachais nó ar chonradh i leith blianachta iarchurtha más rud é—

(a) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh an 22ú lá de Mheatheamh, 1916 nó roimhe,—

(i) le haon chuideachta árachais a bunaíodh go dlíthiúil sa Stát, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile a mbeadh feidhm maidir léi, mura mbeadh gur aisghaireadh iad, ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo, nó a sheolann gnó go dleathach sa Stát; nó

(ii) le cara-chumann cláraithe; nó

(iii) i gcás blianachta iarchurtha, le Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta; agus

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a bhanchéile atá an t-árachas, nó cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach, agus

(c) gurb eisean a rinne an t-árachas nó an conradh.

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “an ráta iomchuí”—

(a) i gcás nach mó ná £1,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo, cibé acu den dá ráta seo a leanas is lú:

(i) leath an ráta chaighdeánaigh cánach,

(ii) an ráta a gheofar tríd an gcáin is iníoctha ag an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a roinnt, roimh aon fhaoiseamh faoin alt seo nó aon fhaoiseamh i leith cánachais dúbailte faoi aon chomhaontú idir an Rialtas agus Rialtas aon stáit eile a asbhaint, ach tar éis laghdaithe i leith aon chánach a bheidh sé i dteideal muirearú i gcoinne aon duine eile, ar mhéid a ioncaim inchánaithe, agus chun na críche sin measfar an t-ioncam sin a bheith laghdaithe méid aon ioncaim a mbeidh sé i dteideal cáin ioncaim a a mhuirearú air mar a dúradh;

(b) i gcas inar mó ná £1,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas mar a dúradh ach nach mó é ná £2,000, trí cheathrú an ráta chaighdeánaigh cánach;

(c) i gcás inar mó ná £2,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas mar a dúradh, an ráta caighdeánach cánach.

(4) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile nó i leith conartha le haghaidh aon bhlianacht iarchurtha ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile tabharfar an liúntas céanna cánach ionann is dá mba phréimh í a d'íoc a fearchéile i leith árachais ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianacht iarchurtha ar a shaol féin agus beidh feidhm ag an alt seo dá réir sin.

(5) Más mó an cháin is iníoctha sa deireadh ag aon éilitheoir tar éis an liúntas faoin alt seo a asbhaint ná an méid cánach ab iníoctha dá mba mhó ná £1,000 nó £2,000 ioncam iomlán an duine sin, cibé acu é, méadófar an liúntas faoin alt seo suim is ionann agus an méid is mó cáin de réir an cheathrú cuid den ráta caighdeánach ar mhéid na bpréimheanna ar ina leith thabharfar an liúntas ná méid na cánach de réir an ráta chaighdeánaigh ar an méid is lú an t-ioncam iomlán ná £1,000 nó £2,000, cibé acu é.

Faoiseamh árachais saoil—forálacha ginearálta.

[1918, a. 32 (2) (3) (5) (6);

1920, a. 26, 32;

1956, a. 2;

1958, a. 38 (3).

1963, Sc. 6, Cuid III.]

152. —(1) Ní rachaidh comhshuim na bpréimheanna nó na suimeanna eile a dtabharfar faoiseamh ina leith do dhuine ar bith faoi ailt 143 agus 151 thar an séú cuid d'ioncam iomlán an duine ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

(2) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 i leith aon phréimhe nó íocaíochta eile is iníoctha ar pholasaí chun suim chaipitiúil a áirithiú ar bhás (cibé acu i dteannta aon tsochair eile nó nach ea) i leith an mhéid sin den phréimh nó den íocaíocht eile de bhreis ar sheacht faoin gcéad den tsuim chaipitiúil iarbhír a árachaíodh, nó, i gcás ina mbaineann téarmaí speisialta leis an árachas ar shaol an duine árachaithe, den tsuim chaipitiúil fhorordaithe, agus, nuair a bheidh aon suim chaipitiúil den sórt sin, nó an tsuim chaipitiúil fhorordaithe, á ríomh, ní chuirfear sa chuntas aon suim is iníoctha ar aon teagmhas eile tarlú, nó ar luach aon phréimheanna a comhaontaíodh a chur ar ais, nó ar aon sochar ar mhodh bónais nó eile a bheidh nó a fhéadfadh a bheith le fáil roimh bhás nó dá éis, ag an duine ag a mbeidh an phréimh á íoc, nó ag aon duine eile, agus nach í an tsuim í a árachaíodh go hiarbhír nó an tsuim chaipitiúil fhorordaithe.

San fho-alt seo—

ciallaíonn “téarmaí speisialta” maidir le hárachas téarmaí nach bhfuil, mar gheall ar imthosca speisialta a bhaineann le sláinte an duine árachaithe, chomh fabharach maidir le méideanna na bpréimheanna is iníoctha ná maidir leis an tsuim chaipitiúil is iníoctha ar bhás, leo sin a bheadh le fáil, mura mbeadh sin, ón árachóir céanna.

ciallaíonn “an tsuim chaipitiúil fhorordaithe” maidir le hárachas (dá ngairtear an t-árachas sin sa mhíniú seo), lena mbaineann téarmaí speisialta, ar shaol duine árachaithe, an tsuim chaipitiúil ab iníoctha ag an árachóir ar bhás an duine sin de bhua árachais nár bhain téarmaí speisialta leis agus ab ionann i ngach slí leis an árachas sin ach amháin maidir leis an tsuim chaipitiúil ab iníoctha ar bhás.

(3) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 maidir leis an mbreis ar £100 a bheidh ag comhshuim na bpréimheanna agus na n-íocaíochtaí uile is iníoctha chun aon sochair a áirithiú seachas iad sin a luaitear i bhfo-alt (2).

(4)   (a) Ní chuirfear préimheanna árachais chogaidh sa chuntas nuair a bheidh teorainneacha an séú cuid d'ioncam iomlán ó gach bunadh, nó an seacht faoin gcéad, nó an £100 a luaitear san alt seo á ríomh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “préimheanna árachais chogaidh” aon phréimh bhreise nó suim eile a íocadh d'fhonn polasaí árachais saoil láithreach a shíneadh go dtí fiontair ó chogadh nó ó sheirbhís chogaidh ar an gcoigrích, agus aon chuid d'aon phréimh nó suim eile a íocadh i leith polasaí árachais saoil a chumhdaíonn na fiontair sin, nó ceachtar acu, is dóigh leis na Coimisinéirí a ndéanfar an t-éileamh ar fhaoiseamh chucu a bheith inchurtha i leith na bhfiontar sin, nó ceachtar acu.

(5) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith íocaíochta más rud é—

(a) gur inlamháilte asbhaint faoi alt 222, nó

(b) gur inlamháilte asbhaint faoi alt 233 (1)

in aghaidh na bliana sin i leith na híocaíochta sin nó i leith íocaíochta dá samhail a rinneadh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta.

(6) Má rinneadh aon duine a bhí i dteideal faoisimh faoi alt 151 a mhuirearú i leith cánach faoi aon Sceideal agus gur íoc sé an cháin sin, nó gur íoc sé cáin nó gur muirearaíodh cáin air trí asbhaint nó eile, ansin, ar éileamh a dhéanamh chun na gCoimi sinéirí Speisialta, agus ar an admháil ar a íocaíocht, agus cruthú chun a sástacht ar na fíorais, a thabhairt ar aird dóibh, beidh sé i dteideal go ndéanfar an cháin bhreise a d'íoc sé nó a muirearaíodh air mar a dúradh a aisíoc leis.

Neamhchónaitheoirí.

[1935, a. 8;

1964, a. 2 (3) 3 (7).]

1935, Uimh. 14 .

1920, c. 18.

153. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo, beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas i gcás pearsan aonair nach gcónaíonn sa Stát—

(a) ní beidh sé i dteideal aon liúntais i leith ioncaim thuillte faoi alt 134;

(b) ní bheidh sé i dteideal aon asbhaint ó ioncam neamhthuillte faoi alt 135;

(c) ní bheidh sé i dteideal aon asbhaint ná faoisimh faoi alt 136;

(d) ní bheidh sé i dteideal aon cheann de na hasbhaintí ó ioncam inmheasúnaithe dá bhforáiltear le hailt 138 go 143;

(e) ní bheidh sé i dteideal aon fhaoisimh faoi alt 151.

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur saoránach d'Éirinn é, nó

(b) go gcónaíonn sé lasmuigh den Stát ar son nó de bharr a shláinte nó sláinte duine dá theaghlach a chónaíonn leis nó mar gheall ar easláine nó galar éigin coirp a bheith air féin nó ar aon duine den sórt sin dá theaghlach, agus go raibh cónaí air sa Stát sular chónaigh sé amhlaidh lasmuigh den Stát, nó

(c) gur saoránach, géilliúnach, nó náisiúnach é de thír a bhfuil a cuid saoránach, géilliúnach nó náisiúnach díolmhaithe de thuras na huaire le hOrdú faoi alt 10 d'Acht na nEachtrannach, 1935 , ó aon fhoráil nó forálacha den Acht sin nó d'ordú eachtrannach faoi, nó

(d) gur duine é lenar bhain ceann de na míreanna (a) go (e) den choinníoll a ghabhann le halt 24 den Finance Act, 1920, maidir leis an mbliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1935, nó le haon bhliain mheasúnachta roimhe sin,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an bpearsa aonair sin, ach i gcás na pearsan aonair sin ní thabharfar aon liúntas, asbhaint, ná sochar eile den sórt a luaitear san fho-alt sin i slí go laghdódh sé méid na cánach ioncaim is iníoctha aige faoin méid a bhfuil idir é agus an méid cánach ab iníoctha aige dá mba inmhuirir an cháin ar a ioncam iomlán ó gach bunadh (lena n-áirítear ioncam nach bhfuil faoi réir cháin ioncaim Éireannach) an chomhréir chéanna atá idir an chuid dá ioncam nach bhfuil faoi réir cháin ioncaim Éireannach agus a ioncam iomlán ó gach bunadh.

(3) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina aghaidh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

Faoiseamh i leith ioncam a charnaigh faoi iontaobhais.

[1918, a. 25;

1925, a. 9 (1).]

154. —Más rud é de bhun forálacha aon uachta nó socraíochta go mbeidh ioncam ar bith ó aon chiste tar éis carnadh chun sochair do dhuine ar bith ar an teagmhas go slánóidh sé aois shonraithe éigin nó ag bpósfaidh sé agus, in aon bhliain mheasúnachta, nach mbeidh i méid comhshuimithe an ioncaim sin agus an ioncaim ó aon chiste eile faoi réir iontaobhas dá samhail i leith carnadh agus ioncaim iomláin an duine sin ó gach bunadh (dá ngairtear “an t-ioncam bliantúil comhshuimithe” anseo ina dhiaidh seo) ach amháin an méid a thabharfadh do phearsa aonair teideal chun díolúine iomlán ó cháin nó faoiseamh ó cháin a fháil, ansin, ar éileamh chuige sin a dhéanamh laistigh de shé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta inar tharla an teagmhas, beidh teideal ag an duine sin, ar an éileamh a chruthú sa tslí a fhorordaítear le Sceideal 4 agus mír IX de Sceideal 18, go n-aisíocfar leis ar chuntas na cánach a íocadh i leith an ioncaim i gcaitheamh na tréimhse carnaithe suim is comhionann leis an méid chomhshuimithe faoisimh a mbeadh teideal aige chuige dá mba ionann a ioncam iomlán ó gach bunadh in aghaidh gach bliana de na blianta ar leithligh sa tréimhse sin agus an t-ioncam bliantúil comhshuimithe don bhliain sin; ach nuair a bheidh an tsuim sin á ríomh déanfar asbhaint maidir le haon faoiseamh a bheidh faighte cheana féin.

CUID VII

Riarachán

Na Coimisinéirí Ioncaim.

[1918, a. 57;

1934, a. 35 (2).]

155. —(1) Beidh gach dleacht cánach ioncaim faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach uile bheart a mheasfar is gá nó is foirsteanach chun an cháin a chruinniú, a bhailiú, a ghlacadh agus chun cuntas a thabhairt ina leith sa tslí a údaraítear dóibh chomh hiomlán dóthanach agus a údaraítear dóibh a dhéanamh maidir le haon dleachtanna eile faoina gcúram agus a mbainistí, agus, mura n-ordóidh an tAire Airgeadais a mhalairt, ceapfaidh siad cibé oifigigh agus daoine eile chun aon dleachtanna cánach ioncaim a bhailiú, a ghlacadh agus a bhainistí agus chun cuntas a thabhairt ina leith nach gceanglaítear gur údarás éigin eile a cheapfadh iad.

(3) Leanfaidh gach ceapachán den sórt sin i bhfeidhm, d'ainneoin aon Choimisinéir Ioncaim d'fháil bháis nó do scor de bheith i seilbh oifige, agus beidh cumhacht ag na sealbhóirí dualgais a n-oifigí faoi seach a fheidhmiú agus le linn an fheidhmithe sin na dlíthe agus na rialacháin go léir maidir leis an gcáin a chur i ngníomh i ngach cuid den Stát.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí aon oifigeach nó duine den sórt sin a fhionraí, a ísliú, a urscaoileadh nó a chur ina phost arís, de réir mar is dóigh leo a bheidh cúis leis.

(5) Aon bheart nó rud is gá nó is cead do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh leis an reacht seo nó le haon reacht eile maidir leis an gcáin féadfaidh aon Choimisinéirí Ioncaim áirithe é a dhéanamh.

Na Coimisinéirí Speisialta.

[1918, a. 67, 230 (2).]

156. —(1) Beidh na Coimisinéirí Ioncaim, i dteannta cibé daoine eile a cheapfaidh an tAire Airgeadais le barántas ó am go ham, ina gcoimisinéirí chun críocha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim (dá ngairtear “Coimisinéirí Speisialta” san Acht seo) agus, de bhua a n-oifige agus a gceaptha, faoi seach, agus gan aon cháiliú eile, beidh údarás acu chun cibé cumhachtaí a fhorghníomhú agus cibé dualgais a chomhlíonadh, a shanntar dóibh leis an Acht seo.

(2) Lamhálfar do na Coimisinéirí Ioncaim cibé suimeanna a ordóidh a tAire Airgeadais maidir le tuarastail agus costais theagmhasacha.

(3) Cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go ndéanfar cuntas ar an uile cheapadh mar Choimisinéirí Speisialta agus ar a dtuarastail a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh d'fhiche lá óna gceapadh nó, i gcás Tí nach mbeidh ina shuí an tráth sin, laistigh d'fhiche lá tar éis an chéad shuí eile den Teach sin.

(4) Aon rud a cheanglaítear faoin Acht seo a dhéanamh ag na Coimisinéirí Speisialta nó ag aon choimisinéirí eile féadfaidh aon bheirt choimisinéirí nó níos mó é a dhéanamh, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach leis an Acht seo.

Gobharnóir agus stiúrthóirí Bhanc na hÉireann.

[1918, a. 68.]

157. —D'fhonn cáin ioncaim a mheasúnú agus a mhuirearú sna cásanna a luaitear san alt seo, beidh Gobharnóir agus stiúrthóirí Bhanc na hÉireann ina gcoimisinéirí, agus beidh na cumhachtaí go léir acu is gá chuige sin, agus déanfaidh siad measúnachtaí faoi réim agus faoi réir forálacha agus rialacha an Achta seo, is é sin le rá, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) ús, blianachtaí, díbhinní agus scaireanna blianachtaí, agus brabúis a ghabhann leis an gcéanna, is iníoctha leis an mBanc as ioncam poiblí an Stáit;

(b) ús, blianachtaí, díbhinní, agus scaireanna blianachtaí, a cuireadh ar iontaoibh an bhainc le híoc;

(c) an t-ús, na blianachtaí, agus na díbhinní uile eile agus na tuarastail agus na pinsin is iníoctha ag an mBanc; agus

(d) na bhabúis eile go léir ar arb inmhuirir cáin ioncaim a éireoidh laistigh d'aon oifig nó roinn faoi bhainistí nó rialú an Bhainc.

Oifigí poiblí a mheasúnú.

[1923, a. 11.]

158. —Má chinneann an tAire Airgeadais nach foirsteanach, mar gheall ar imthosca speisialta a bheith in aon oifig phoiblí áirithe, gurb é an cigire nó an t-oifigeach eile a ceapadh sa cháil sin a dhéanfadh cumhachtaí agus dualgais measúnachta agus muirearaithe canách ioncaim in ndáil leis an oifig sin nó aon cheann nó níos mó de na cumhachtaí agus de na dualgais sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh i ndáil leis an oifig sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé oifigigh nó daoine a cheapadh a cheadóidh an tAire Airgeadais chun na cumhachtaí agus na dualgais sin a fheidhmiú i ndáil leis an oifig sin.

Dearbhú a bheidh le déanamh ag na Coimisinéirí.

[1918, a. 72.]

159. —A luaithe is féidir tar éis a gceaptha, tiocfaidh na Coimisinéirí faoi seach chun an tAcht seo a chur i ngníomh i ndáil le hoifigí agus fostaíochtaí sochair agus pinsin agus stipinní i gceann a chéile agus déanfaidh siad agus síneoidh siad an dearbhú atá i gCuid II de Sceideal 17, agus féadfaidh siad faoi seach cléireach agus measúnóirí a thoghadh, agus mura féidir an cháin a asbhaint i roinn oifige na gcoimisinéirí nó san oifig a ngníomhaíonn siad thar a ceann, féadfaidh siad, as na hoifigigh ina gcuid ranna féin faoi seach, measúnóirí agus bailitheoirí ar leithligh a cheapadh do gach roinn acu sin.

Coimisinéirí a bheith dícháilithe i gcásanna leasa phearsanta.

[1918, a. 74.]

160. —(1) Gach coimisinéir a ghníomhóidh ag cur an Achta seo i ngníomh beidh sé inmhuirir i leith canách ar nós aon duine eile, ach ní ghlacfaidh sé aon pháirt sna himeachtaí, agus ní bheidh sé i láthair, nuair a bheidh aon mheasúnacht, ráiteas nó sceideal faoi bhreithniú, nó nuair a bheidh aon aighneas nó achomharc á chinneadh, maidir le haon chás a mbeidh leas aige ann, ina cheart féin nó i gceart aon duine eile mar ghníomhaire dó, ach amháin le linn éisteacht achomhairc chun é a chur faoi scrúdú ó bhéal ag na coimisinéirí, agus tarraingeoidh sé siar fad a bheidh an t-aighneas nó an t-achomharc á bhreithniú agus á chinneadh.

(2) Aon choimisinéir a ghlacfaidh páirt ar bith i gcinneadh aon aighnis nó achomhairc den sórt sin, in aon chás den sórt sin, nó nach dtarraingeoidh siar, féadfar pionós £50 a chur air.

Cigirí cánach.

[1918, a. 75, 226;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

161. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais cigirí cánach a cheapadh, agus déanfaidh gach uile chigire den sórt sin agus gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh orduithe, treoracha agus ordacháin na gComisinéirí Ioncaim a urramú agus a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé tuarastail agus liúntais a shocrú mar luach saothair do chigirí, agus do gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh agus is cuí leis an Aire Airgeadais, and féadfaidh sé cibé muirir agus costais theagmhasacha maidir leis sin, agus a mheasfaidh an tAire Airgeadais a bheith réasúnach, a íoc.

(3) Cigire ar bith—

(a) a dhéanfaidh, go feasach nó go toiliúil, as fabhar, duine ar bith a íosmhuirearú nó a fhágáil gan muirearú; nó

(b) a bheidh ciontach in aon chleachtais chalaoiseacha, éillitheacha nó neamhdhleathacha ag feidhmiú a oifige,

féadfar, i leith aon chiona den sórt sin, pionós £100 a chur air, agus ar a chiontú urscaoilfear as a oifig é.

An tArd-Bhailitheoir.

[1963, a. 23.]

162. —(1) Beidh Ard-Bhailitheoir ann a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim óna n-oifigigh agus beidh sé i seilbh oifige mar Ard-Bhailitheoir an fad is toil agus is áil leo.

(2) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin a mhuirearófar ó am go ham i ngach uile mheasúnacht i leith cánach ioncaim agus forchánach a mbeifear tar éis a shonraí a chur ar aghaidh chuige faoi alt 187.

(3)   (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim daoine a ainmniú chun na cumhachtaí atá in ailt 480 agus 481, a fheidhmiú thar ceann an Ard-Bhailitheora agus ar ordú uaidh.

(b) I dteannta iad a bheith infheidhmithe ag an Ard-Bhailitheoir, beidh na cumhachtaí sin infheidhmithe freisin thar a cheann agus ar ordú uaidh ag daoine a ainmneofar faoin bhfo-alt seo.

(c) Ní ainmneofar duine faoin bhfo-alt seo muran oifigeach nó fostaí é leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Má bhíonn agus an fad a bheidh oifig an Ard-Bhailitheora folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan a bheith ábalta mar gheall ar bhreoiteacht, asláithreacht nó cúis éigin eile a dhualgais a chomhlíonadh, gníomhóidh duine mar Ard-Bhailitheoir a bheidh ainmnithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim óna n-oifigigh, agus déanfar aon tagairt san Acht seo nó in aon Acht eile don Ard-Bhailitheoir a fhorléiriú mar ní a fholaíonn, más iomchuí, tagairt do dhuine a bheidh ainmnithe faoin bhfo-alt seo.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainmniúcháin faoin alt seo a chúlghairm.

Dearbhú ar dhul i seilbh oifige.

[1918, a. 89.]

163. —(1) Gach duine a cheapfar chun aon oifige díobh sin a ainmnítear i gCuid I de Sceideal 17, déanfaidh sé agus síneoidh sé an dearbhú atá ansin maidir lena oifig, sula dtosóidh sé ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta seo a mhéid a bhaineann sé leis an gcáin faoi Sceideal D.

(2) Féadfar an dearbhú a dhéanamh os comhair aon Choimisinéara Speisialta.

(3) Aon duine a ghníomhóidh i bhfeidhmiú a oifige maidir leis an gcáin faoi Sceideal D (ar shlí seachas i ndáil le haon dearbhú den sórt sin a rinneadh os a chomhair) sula mbeidh an dearbhú forordaithe déanta aige forghéillfidh sé suim £100.

Daoine a chur faoi mhionn.

[1918, a. 206, 230 (3).]

164. —(1) Féadfaidh Feidhmeannach Síochána duine a chur faoi mhionn a bheidh le glacadh os comhair coimisinéara ag aon oifigeach nó duine in aon ábhar a bhainfidh leis an Acht seo a chur i ngníomh.

(2) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta duine a chur faoi mhionn a bheidh le tabhairt os comhair na gCoimisinéirí Speisialta faoin Acht seo ag aon oifigeach nó duine in aon ábhar a bhaineann leis an Acht seo a chur i ngníomh.

Foirmeacha.

[1918, a. 215 (2);

1963, Sc. 6, Cuid V.]

165. —Gach measúnacht, dúblach, muirear, banna, barántas, fógra measúnachta nó éilimh, nó doiciméad eile is gá a úsáid agus cáin á measúnú, á muirearú, á bailiú agus á tobhach, beidh sé de réir na bhfoirmeacha a bheidh forordaithe ó am go ham chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus beidh doiciméad san fhoirm fhorordaithe a sholáthróidh nó a cheadóidh siad bailí agus éifeachtach.

Cumhachtaí, etc., a fheidhmiú faoin Acht seo.

[1918, a. 230 (1);

0.II (Oir). 1923, mír 8.]

166. —(1) Beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim an dlínse, na cumhachtaí agus na dualgais uile maidir le cáin faoin Acht seo a bhí acu roimh dháta an Achta seo a rith.

(2) Rud ar bith is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh faoin Acht seo féadfar é a chur in iúl faoi láimh Rúnaí na Roinne Airgeadais nó faoi láimh Leas-Rúnaí nó rúnaí cúnta de chuid na Roinne sin.

CUID VIII

Tuairisceán agus Measúnú, Foráil in Aghaidh nó Measúnachta Dúbailte, agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad

Caibidil I

Tuairisceáin agus Measúnú

Fógra ginearálta á cheangal liostaí agus ráitis a sheachadadh.

[1928, a. 9;

1929, a. 19, Sc. 3.]

167. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara, gach bliain mheasúnachta, go dtabharfar fógra ginearálta, á cheangal ar gach duine a gceanglaítear air leis an Acht seo aon liosta, dearbhú nó ráiteas a sheachadadh an liosta, an dearbhú nó an ráiteas sin a dhéanamh amach agus a sheachadadh do na cigirí nó do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de cibé tréimhse a theorainneofar leis an bhfógra sin, nach giorra ná lá agus fiche ó dháta an fógra sin a thabhairt.

(2) Tabharfar an fógra ginearálta sin gach bliain trína chur faoi deara é a chur isteach uair amháin sin Iris Oifigiúil agus uair amháin ar a laghad i ngach ceann de dhá pháipéar laethúla a fhoilsítear sa Stát agus measfar gur leor-chomhlíonadh ar fho-alt (1) agus gur seirbheáil mhaith ar an bhfógra ginearálta sin ar gach duine lena mbaineann an cur isteach sin.

Fógra sonrach do dhaoine is inmhuirir.

[1918, a. 99.]

168. —(1) Tabharfaidh na cigirí, laistigh den am a ordaítear le proiceacht ó na Coimisinéirí Speisialta, fógra sonrach do gach duine is inmhuirir, laistigh de na teorainneacha ina ngníomhaíonn siad, á cheangal air go ndéanfaidh sé, laistigh de cibé tréimhse a theorainneofar leis an ordú, gach uile liosta, dearbhú agus ráiteas a ullmhú agus a sheachadadh do na cigirí a cheanglaítear leis an Acht seo a sheachadadh.

(2) Féadfar fógra sonrach a thabhairt go pearsanta, nó trí fhógra a fhágáil ag teach cónaithe, áit chónaithe nó áit ghnó an duine is inmhuirir, nó ag an áitreabh a bheadh le muirearú leis an measúnacht.

Tuairisceáin ó dhaoine is inmhuirir.

[1918, a. 100;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

169. —(1) Gach duine is inmhuirir faoin Acht seo déanfaidh sé, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le haon fhógra ginearálta nó sonrach a thabharfar de bhun an Achta seo, ráiteas i scríbhinn mar a cheanglaítear leis an Acht seo agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, ina mbeidh—

(a) luach bliantúil na dtailte agus na dtionóntán uile a áitíonn sé;

(b) méid na mbrabús nó na ngnóchan a thagann chuige, ó gach uile bhunadh ar leithligh is inmhuirir de réir na sceideal faoi seach, arna meas i leith na tréimhse agus de réir forálacha an Achta seo.

(2) Cuirfear i dteannta an ráitis sin dearbhú ina ndéarfar go bhfuil na luachanna nó na méideanna sin arna meas i leith na mbunadh ioncaim uile a luaitear san Acht seo, agus ina dtabharfar tuairisc ar an gcéanna, tar éis na suimeanna sin amháin a asbhaint a lamháiltear a asbhaint.

(3) Déanfar gach uile ráiteas den sórt sin gan aon ús airgid nó íocaíocht bhliantúil eile ó mhaoin aon duine eile a bheidh muirearaithe ina leith a chur san áireamh.

(4) Gach uile dhuine ar a ndearna cigire fógra sonrach a sheirbheáil á cheangal air ráiteas a sheachadadh ar aon bhrabúis, gnóchain, nó ioncam arb inmhuirir é ina leith faoi Sceideal D nó Sceideal E, seachadfaidh sé ráiteas san fhoirm a cheanglaítear leis an bhfógra, cibé acu is inmhuirir amhlaidh é nó nach ea:

Ar choinníoll nach mó ná £5 in aghaidh aon chiona áirithe an pionós a ghearrfar ar aon duine a dtionscnófar imeachtaí ina choinne mar gheall ar gan déanamh de réir na forála seo agus a chruthóidh nárbh inmhuirir i leith cánach é.

Daoine a bheidh ag gníomhú do dhaoine éagumasacha agus do neamhchónaitheoirí.

[1918, a. 101.]

170. —(1) Gach duine a bheidh ag gníomhú i gcáil ar bith thar ceann aon duine éagumasaithe nó duine nach gcónaíonn sa Stát ar duine é nach féidir, mar gheall ar an éagumas sin nó an neamhchónaí sin sa Stát, é a mhuirearú go pearsanta faoin Acht seo, déanfaidh sé aon uair a cheanglófar air déanamh amhlaidh le haon fhógra ginearálta nó sonrach, agus sa tréimhse chéanna agus in aon cheantar ina bhféadfaidh sé a bheith inmhuirir ar a chuntas féin, ráiteas a sheachadadh den sórt a thuairiscítear in alt 169 ar na brabúis nó na gnóchain arb ina leith a bheidh an cháin le muirearú air ar chuntas an duine eile sin, mar aon leis an dearbhú forordaithe.

(2) I gcás ina ndlífear beirt daoine nó níos mó den sórt sin a mhuirearú i leith an duine chéanna—

(a) ní bheidh de cheangal ann ach ráiteas amháin a sheachadadh agus féadfaidh siad é sin a dhéanamh i gcompháirt, nó féadfaidh aon duine áirithe nó níos mó acu é sin a dhéanamh; agus

(b) féadfaidh aon daoine den sórt sin fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire do gach ceantar ina n-iarrfar orthu ráiteas a thabhairt ag insint an cheantair nó na gceantar inarb inmhuirir iad faoi seach ina gcuntas féin, agus ag insint an cheantair acu sin ar mian leo gurb ann a mhuirearófaí iad thar ceann an duine a ngníomhaíonn siad thar a cheann, agus má dhlitear aon duine áirithe acu a mhuirearú ar a chuntas féin sa cheantar sin, muirearófar iad sa cheantar sin dá réir sin trí aon mheasúnacht amháin.

Fógra do dhaoine ag teacht isteach i gceantar.

[1918, a. 102;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

171. —(1) Má thagann duine ar bith isteach i gceantar nár muirearaíodh ann é i leith cánach, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt dó á ordú go seachadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an fógra a thabhairt—

(a) dearbhú i scríbhinn a bheidh sínithe aige agus a shonróidh an ceantar inar measúnaíodh é; nó

(b) nó mura ndéanfaidh sé é sin, ráiteas ionas go bhféadfar é a mheasúnú agus a mhuirearú sa cheantar a mbeidh sé tar éis teacht isteach ann.

(2) Má tharla in aon chás nach ndearnadh duine atá, nó a chónaíonn, in aon cheantar áirithe a mheasúnú sa cheantar sin, féadfaidh an cigire é a mheasúnú, ionann agus dá mba ann a bhí cónaí air tráth foilsithe na bhfógraí ginearálta a ordaítear leis an Acht seo, mura gcruthóidh sé chun sástacht an chigire gur measúnaíodh é go cuí i gceantar éigin eile.

Cumhacht á cheangal go dtabharfar tuairisceán ar ioncam.

[1961, a. 13;

1963, Sc. 6, Cda. II, III.]

172. —(1) Déanfaidh gach pearsa aonair, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta ag cigire, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra, ina luafar—

(a) bunaidh uile a chuid ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar ina leith a tugadh an fógra;

(b) méid an ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2);

(c) cibé sonraí eile chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta a cheanglóidh an fógra nó a luafar san fhoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar méid an ioncaim ó aon bhunadh a bheidh le háireamh i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha an Achta seo ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 344, go ndéanfar an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin;

(b) i gcás na mbeidh sé le meas faoi alt 60 gurb iad brabúis nó gnóchain bliana dar críoch dáta sa bhliain roimhe sin, brabúis nó gnóchain na bliana roimhe sin, g ndéanfar an ríomh faoi threoir na bliana sin dar críoch dáta sa bhliain roimhe sin.

(3) Féadfaidh cigire staonadh ó fhógra áirithe de bhun ordú faoi alt 168 a thabhairt in aon chás ina ndearna sé nó ina mbeartaíonn sé fógra a thabhairt faoin alt seo.

(4) Má dhéanann duine ar bith tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe a sheachadadh d'aon chigire, measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh.

(5) In imeachtaí le pionos a ghnóthú a tabhaíodh faoi alt 500 nó 501 in ndáil le tuairisceán dá dtagraítear sna forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú gur scrúdaigh sé a chuid taifead iomchuí agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra sonraithe don chosantóir lá sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú gur scrúdaigh sé a chuid taifead iomchuí agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas, le linn tréimhse sonraithe, tuairisceán sonraithe ón gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an tuairisceán sin a sheachadadh,

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear i mír (a) nó (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag cigire a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas and measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh an cigire sin é.

(6) San alt seo ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag na Coimisinéirí Ioncaim agus nuair a bheidh foirmeacha á bhforordú acu chun críocha an ailt seo, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar a inmhianaithe é a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-iarrfar ar aon phearsa aonair thar thuairisceán amháin sa bhliain a thabhairt ar bhunaidh a ioncaim agus ar na méideanna a fhaightear ón gcéanna.

Cumhacht chun eolas a fháil maidir le táillí coimisiúin, etc.

[1960, a. 9.]

173. —(1) Gach duine a sheolann trádáil déanfaidh sé agus tabharfaidh sé don chigire, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa cibé coda den trádáil nó den ghnó a shonrófar san fhógra, i leith seir bhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(b) arbh íocaíochtaí iad i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, nó aon chuid den trádáil nó den ghnó, a bhunú, a fháil, a fhorbairt nó a dhiúscairt, ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(c) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(2) Gach comhlacht daoine a sheolann aon ghníomhaíocht nach trádáil nó gnó, déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé do chigire, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh, agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa an ghníomhaíocht, nó cibé cuid den ghníomhaíocht a shonrófar san fhógra, a sheoladh, i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an ngníomhaíocht ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú ag an gcomhlacht daoine sin, nó

(b) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(3) Aon tuairisceán a éileofar faoi fho-alt (1) nó (2), más comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht eile, is é an duine a dhéanfaidh agus a thabharfaidh é an duine is rúnaí, nó a chomhlíonann dualgais rúnaí, don chomhlacht, agus leagfar amach an fógra dá réir sin.

(4) Beidh i dtuairisceán faoi na forálacha roimhe seo den alt seo ainm an duine lena ndearnadh gach íocaíocht, méid na híocaíochta agus cibé sonraí eile (lena n-áirítear sonraí maidir leis na seirbhísí nó na cearta ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, an tréimhse ar tugadh aon seirbhísí ar a feadh agus aon ghnó-ainm agus aon ghnósheoladh nó seoladh baile leis an duine lena ndearnadh an íocaíocht) a shonrófar san fhógra.

(5) Ní éileofar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den alt seo na nithe seo a leanas a chur i dtuairisceán—

(a) sonraí aon íocaíochta as arb inbhainte cáin ioncaim, nó

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh le haon duine amháin áirithe i gcás nach mó ná £15 iomlán ná n-íocaíochtaí leis an duine sin a bheadh thairis sin le cur sa tuairisceán, nó

(c) sonraí aon íocaíochta a rinneadh bliain mheasúnachta dar chríoch tráth níos mó ná trí bliana roimh thráth an fhógra a sheirbheáil air á éileamh air an tuairisceán a dhéanamh.

(6) Aon duine ar a n-éileofar in aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo tuairisceán fíor cruinn a thabhairt agus a mhainneoidh é a thabhairt laistigh den tréimhse a theorainneofar san fhógra dlífear pionós £20 a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(7) Na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéanfaí i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(8) I gcás—

(a) ina bhfágfaidh aon duine gan chomhlíonadh aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo á éileamh air aon tuairisceán a thabhairt,

(b) go n-éileoidh an fógra comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, gan an tuairisceán a thabhairt,

measfar, chun críocha fho-alt (6), gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.

(9) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, i rith tréimhse a shonrófar, tuairisceán a shonrófar ón gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin agus féadfar aon deimhniú den sórt sin a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(10) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí i leith seirbhísí tagairtí d'íocaíochtaí ar mhodh coimisiúin d'aon sórt agus tagairtí d'íocaíochtaí i leith costais a tabhaíodh i ndáil le seirbhísí a thabhairt, agus

(b) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí a dhéanamh tagairtí d'aon chomaoin luachmhar a thabhairt,

agus déanfar an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (4) méid íocaíochta a lua a fhorléiriú, maidir le haon chomaoin a thabharfar ar shlí seachas in airgead, mar cheanglas sonraí a thabhairt i dtaobh na comaoine.

Cumhacht á cheangal cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird.

[1963, a. 16.]

174. —(1) I gcás ina gceanglófar go cuí ar dhuine ráiteas a thabhairt ar na sochair nó na brabúis a tháinig chuige ó aon trádáil nó gairm agus go mainneoidh sé an ráiteas a thabhairt, nó i gcás nach mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta leis an ráiteas a thabharfaidh aon duine den sórt sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal air ní ar bith de na nithe seo a leanas a dhéanamh is é sin le rá—

(a) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) maidir leis an trádáil nó leis an ngairm a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra;

(b) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbhearteanna na trádála nó na gairme, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil le hiniúchadh aige faoin alt seo nó sleachta a thógáil astu.

Cumhacht chun eolas a fháil i dtaobh ús a íocfar nó a chreidiúnófar gan cáin a asbhaint.

[1963, a. 17;

1965, a. 11.]

1861, c. 14.

175. —(1) Gach duine a sheolann trádáil nó gnó agus a fhaigheann nó a choimeádann airgead i ngnáthchúrsa na n-oibríochtaí a bhaineann leis, i gcúinsí de shórt go dtagann ús chun bheith iníoctha air a íoctar nó a chreidiúnaítear gan cáin ioncaim a asbhaint, agus, go háirithe, gach duine a sheolann trádáil nó gnó baincéireachta déanfaidh sé, má cheanglaítear sin air, trí fhógra ó chigire, tuairisceán a dhéanamh agus a sheachadadh don chigire sin, laistigh den am a shonrófar san fhógra, ar an ús go léir d'íoc nó a chreidiúnaigh sé mar a dúradh, i gcaitheamh bliana a shonrófar san fhógra, i gcúrsa a thrádála nó a ghnó nó i gcúrsa cibé cuid dá thrádáil nó dá ghnó a shonrófar amhlaidh, ag tabhairt ainmneacha agus seolta na ndaoine lenar íocadh nó dar creidiúnaíodh an t-ús agus ag insint méid an úis i ngach cás:

Ar choinníoll—

(a) nach gá aon ús a íocadh le duine ar bith nó a creidiúnaíodh dó a chur in aon tuairisceán den sórt sin mura mó ná £50 iomlán an úis a íocadh leis an duine sin nó a creidiúnaíodh dó agus a bheadh le cur sa tuairisceán mura mbeadh sin; agus

(b) nach bliain a chríochnaigh níos mó ná trí bliana roimh dháta an fógra a sheirbheáil an bhliain a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht an oiread sin d'fho-alt (1) agus a chumasaíonn fógraí éagsúla a sheirbheáil faoi maidir le codanna éagsúla de thrádáil nó de ghnó, féadfar fógraí ar leithligh a sheirbheáil faoin bhfo-alt sin maidir leis na hidirbheartanna a rinneadh in aon bhrainse nó brainsí faoi seach a shonrófar sna fógraí, agus má sheirbheáiltear aon fhógra ar leithligh den sórt sin ar an mbainisteoir nó ar an duine eile a bheidh i bhfeighil an bhrainse nó na mbrainsí a bheidh i gceist measfar é a bheith seirbheáilte go cuí ar an duine a sheolann an trádáil nó an gnó; agus i gcás ina ndéanfar fógra ar leithligh den sórt sin a sheirbheáil amhlaidh maidir leis na hidirbheartanna a rinneadh in aon bhrainse nó brainsí, ní mheasfar aon fhógra a sheirbheálfar ina dhiaidh sin faoin bhfo-alt sin (1) ar an duine a sheolann an trádáil nó an gnó do bhaint le haon idirbheart lena mbainfidh an fógra ar leithligh sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, modhnaithe in aon slí is gá, maidir le Banc Taisce an Phoist ionann is dá mba thrádáil nó gnó é a sheolann an tAire Poist agus Telegrafa.

Beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo d'ainneoin aon ní atá in alt 4 den Post Office Savings Bank Act, 1861, ach beidh feidhm agus éifeacht iomlán ag an alt sin ach amháin sa mhéid a dúradh.

(4) Bainfidh na forálacha roimhe seo den alt seo le hús a íocadh nó a creidiúnaíodh tráth ar bith tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus ní bhainfidh sé ach le hairgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát, agus, i gcás duine ar bith a ndearnadh aon ús a íoc leis nó a chreidiúnú dó maidir le haon airgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús—

(a) á dhearbhú nach raibh an duine a bhí i dteideal tairbhiúil an úis sin tráth a íoctha nó a chreidiúnaithe ina ghnáthchónaí sa Stát an tráth sin, agus

(b) á iarraidh nach n-áireofar an t-ús in aon tuairisceán faoin alt seo,

ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.

Daoine a bheidh ag fáil ioncaim daoine eile do sheachadadh liostaí.

[1918, a. 103 (1) (2);

1958, a. 66;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

176. —(1) Gach duine a bheidh, i cibé cáil é, ag fáil aon airgid nó luacha, nó aon bhrabús nó gnóchan ó aon cheann de na bunaidh dá luaitear san Acht seo, de chuid aon duine eile is inmhuirir ina leith, nó ab inmhuirir amhlaidh dá mbeadh cónaí sa Stát air agus dá mba nár dhuine éagumasaithe é, déanfaidh sé, cibé uair a iarrfar sin air le haon fhógra ginearálta nó sonrach, liosta san fhoirm fhorordaithe, agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh, laistigh den tréimhse a luaitear san fhógra sin, ina mbeidh—

(a) ráiteas ar an airgead, an luach, na brabúis nó na gnóchain sin go léir;

(b) ainm agus seoladh gach duine ar leis an céanna;

(c) dearbhú á insint ar duine lán-aoise, nó bean phósta nó duine a chónaíonn sa Stát nó duine éagumasaithe gach duine den sórt sin nó nach ea.

(2) Má bhíonn aon duine a thuairiscítear thuas ag gníomhú i gcomhpháirt le haon duine eile, déanfaidh sé, sa tslí chéanna, liosta a sheachadadh d'ainmneacha agus de sheolta na ndaoine uile a bhí i gcomhpháirt leis tráth an liosta a luaitear i bhfo-alt (1) a sheachadadh.

Liostaí lóisthirí agus cónaitheach.

[1918, a. 104.]

177. —Déanfaidh gach duine, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra ginearálta nó sonrach faoin Acht seo, liosta, i scríbhinn, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, ina mbeidh a mhéid is fearr is eol dó—

(a) ainm gach lóistéara nó cónaithigh a chónaíonn ina theach cónaithe; agus

(b) ainm agus gnáth-áit chónaithe aon lóistéara nó cónaithigh den sórt sin a bhfuil aon ghnáth-áit chónaithe aige in aon áit eile ina bhféadfar é a mheasúnú agus a dteastaíonn uaidh go measúnófaí é ag an ngnáth-áit chónaithe sin.

Liostaí fostaithe.

[1918, a. 105;

1920, a. 32;

1958, a. 6, 27 (1);

1963, Sc. 6, Cuid III.]

178. —(1) Déanfaidh gach fostóir, nuair a iarrfar air sin a dhéanamh le fógra ó chigire, déanfaidh sé tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ina mbeidh—

(a) ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine go léir atá ar fostú aige; agus

(b) na híocaíochtaí a rinneadh leis na daoine sin i leith na fostaíochta sin, ach amháin daoine nach bhfuil ar fostú in aon fhostaíocht eile agus nach mó ná £150 a luach saothair san fhostaíocht don bhliain:

Ar choinníoll nach ndlífear aon phionós a chur ar fhostóir mar gheall ar ainm nó áit chónaithe aon duine atá ar fostú aige agus nach bhfuil ar fostú in aon fhostaíocht eile a fhágáil ar lár as aon tuairisceán den sórt sin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an duine sin i dteideal díolúine iomláine ó cháin.

(2)   (a) San alt seo, measfar go bhfolaíonn na tagairtí d'íocaíochtaí le daoine i leith a bhfostaíochta agus do luach saothair daoine ina bhfostaíocht tagairtí—

(i) d'aon íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith costas,

(ii) d'aon íocaíochtaí thar ceann daoine fostaithe agus nach mbeidh aisíoctha, agus

(iii) d'aon íocaíochtaí leis na fostaithe i dtrádáil nó gnó i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, cibé acu i gcúrsa a bhfostaíochta nó nach ea a rinneadh na seirbhísí.

(b) Folaíonn an tagairt i mír (a) (i) d'íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith caiteachas tagairt do shuimeanna a soláthraíodh do dhuine fostaithe agus a d'íoc sé amach.

(3) I gcás inar comhlacht daoine an fostóir, measfar gurb é rúnaí an chomhlachta, nó an t-oifigeach eile (cibé ainm a thugtar air) a bheidh ag déanamh dualgas rúnaí, an fostóir chun críocha an ailt seo, agus measfar gur duine ar fostú aon stiúrthóir, de réir bhrí alt 119, ar chomhlacht corpraithe (lena n-áirítear cuideachta), nó aon duine a bheidh ag gabháil do bhainistí an chomhlachta chorpraithe sin.

(4) I gcás inar comhlacht corpraithe (lena n-áirítear cuideachta) fostóir, dlífear pionós a chur ar an gcomhlacht corpraithe sin má mhainníonn sé tuairisceán a sheachadadh de bhun an ailt seo, agus dlífear freisin pionós a chur ar an rúnaí nó ar an oifigeach eile a mbeidh dualgais rúnaí an chomhlachta chorpraithe á ndéanamh aige.

Fógra a sheirbheáil ar chónaitheoirí nua i gceantar.

[1918, a. 109.]

179. —Féadfaidh an cigire a chur faoi deara tráth ar bith fógra a sheachadadh d'aon duine, nó a sheirbheáil ar aon duine, a thiocfaidh chun cónaithe in aon cheantar tar éis dul in éag do na fógraí ginearálta a fhorordaítear leis an Acht seo.

Measúnachtaí a dhéanamh faoi Sceidil A agus B.

[1929, a. 3;

1963, Sc. 6, Cuid II.]

180. —(1) Is iad na cigirí, nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, a dhéanfaidh na measúnachtaí faoi Sceidil A agus B.

(2) Nuair a bheidh measúnachtaí faoi Sceidil A agus B déanta cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara fógra ina thaobh sin agus faoin am a bheith lamháilte le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt i cibé slí is foirsteanach leo.

(3) Féadfar fógra ar bith den sórt sin a thabhairt—

(a) trí fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus i dhá pháipéar laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, á rá go bhfuil na measúnachtaí taiscthe leis na cigirí do na ceantair faoi seach lena n-iniúchadh ag an duine measúnaithe, agus á insint cad é an tréimhse a lamháiltear le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt i gcoinne na measúnachtaí sin, nó

(b) trína chur faoi deara fógra a sheachadadh do gach duine measúnaithe faoi mhéid a mheasúnachta agus faoin am a lamháiltear le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt.

Measúnachtaí a dhéanamh faoi Sceidil D agus E.

[1929, a. 4;

1959 (Uimh. 2), a. 13 (4);

1963, Sc. 6, Cuid II.]

181. —(1) Maidir le measúnachtaí faoi Sceidil D agus E, ach amháin—

(a) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag na Coimisinéirí Speisialta a dhéanamh faoi Chuid XXXI, agus

(b) measúnachtaí lena mbaineann alt 157, agus

(c) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag oifigigh nó ag daoine arna gceapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi alt 158,

is iad a dhéanfaidh iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Comisinéirí Ioncaim chuige sin.

(2) Tabharfaidh an cigire fógra cuí do gach duine a mheasúnófar, faoi gach measúnacht a rinne sé, agus ar a mhéid, agus ar an am a lamháiltear chun fógra achomhairc a dhéanamh in aghaidh an chéanna.

Liúntais agus faoisimh a dheonú.

[1935, a. 9;

1965, Sc. 6, Cuid IV.]

182. —(1) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, féadfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a údaraítear leis an Acht seo a dheonú, tráth ar bith, maidir le haon mheasúnacht i leith cánach is inmhuirir in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe.

(2) Aon uair a dheonóidh cigire nó oifigeach eile den sórt sin aon liúntas, asbhaint, nó faoiseamh amhlaidh maidir le measúnacht, measfar an mheasúnacht sin a bheith leasaithe dá réir sin.

Comhshuímiú measúnachtaí.

[1963, a. 21;

1964, a. 2 (3), 3 (7), Sc. 5, Cuid I.]

183. —(1) I gcás ina mbeidh dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh ar dhuine faoi Sceideal A, B, D nó E, nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin,—

(a) féadfar an cháin sna measúnachtaí a lua in aon suim amháin,

(b) maidir le Sceideal A nó B i gcas ina mbeidh dhá thionóntán nó oidhreachtán inrátaithe nó níos mó ann, féadfar measúnacht amháin a dhéanamh ar iomlán na luachanna bliantúla nó na luachanna inmheasúnaithe,

agus féadfar an fógra measúnachta a bheith dá réir sin, ach tabharfaidh an cigire, má iarrtar sin air, sonraí na luachanna bliantúla nó na luachanna inmheasúnaithe a bheidh ar áireamh in aon mheasúnacht amháin a rinneadh de bhun mhír (b).

(2) Ionas gur bailí d'fhógra achomhairc, i gcás a mbeidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1), ní foláir gach measúnacht a bhfuiltear ag achomharc ina coinne a lua ann.

(3) An fad a bheifear ag feitheamh le cinneadh achomhairc i gcoinne measúnacht amháin nó níos mó díobh sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) beidh méid cánach arb é a bheidh ann cuid den aon suim amháin dá dtagraítear san fho-alt sin iníoctha ar an dáta nó na dátaí cuí agus is é a bheidh ann an méid a bheidh fágtha nuair a bheidh na faoisimh phearsanta iomchuí bainte as na measúnachtaí nach mbeidh faoi achomharc nó lamháilte ón gcáin a mhuirearófar sna measúnachtaí sin (de réir mar is cuí).

(4) An cháin a luafar in aon suim amháin faoi fho-alt (1) nó an méid is iníoctha faoi fho-alt (3) measfar, chun críocha alt 550, 551 agus 552, gur cáin í arna muirearú trí mheasúnacht i leith cánach ioncaim.

(5) Más rud é gur gá, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, a chinneadh cé mhéid den cháin a muirearaíodh is inchurtha i leith aon cheann áirithe de dhá mheasúnacht nó níos mó dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) beidh deimhniú ó chigire ag insint na slí inar dáileadh na hasbhaintí, na liúntais nó na faoisimh agus ag insint na méideanna cánach ar leithligh, más ann, agus na dtráthchodanna díobh is inchurtha i leith aon mheasúnacht nó measúnachtaí nó i leith gach measúnachta ar leithligh ina fhianaise leordhóthanach ar an muirearú i leith cánach i ngach ceann agus le gach ceann ar leithligh de na measúnachtaí sin,

(b) i gcás measúnacht lena mbaineann an deimhniú sin a dhéanamh faoi fho-alt 1 (b), féadfaidh an cigire a dheimhniú freisin cén chuid den mhéid cánach muirearaíodh sa mheasúnacht sin agus leis an measúnacht sin is inchurtha i leith aon cheann de na luachanna bliantúla nó de na luachanna inmheasúnaithe, agus chun críocha an Achta seo, measfar gur cáin arna muirearú i measúnacht agus le measúnacht an chuid sin.

(6) D'ainneoin measúnacht amháin a dhéanamh de bhun fho-alt (1) (b), leanfaidh na forálacha den Acht seo, seachas an t-alt seo, a bhaineann le measúnachtaí faoi Sceideal A nó B (de réir mar a bheidh) d'fheidhm a bheith acu amhail agus dá ndéanfaí na tionóntáin nó na hoidreachtáin inrátaithe a mheasúnú ar leithligh.

(7) San alt seo tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí a cheaptar dó le halt 193 (6).

Measúnacht d'uireasa tuairisceáin.

[1918, a 112, 121.]

184. —(1) Mura bhfaighidh an cigire ráiteas ó dhuine a ndlitear cáin a mhuirearú air, déanfaidh sé, go feadh iomlán a eolais agus a bhreithiúnais, measúnacht ar an duine sin arb é méid a bheidh inti an méid ar dá réir ba chóir é a mhuirearú faoi Sceidil A, B agus E.

(2) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine ráiteas a sheachadadh maidir le haon cháin faoi Sceideal D, nó

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas a seachadadh, nó go bhfuair sé aon eolas maidir lena neamhdhóthanacht,

déanfaidh an cigire measúnacht ar an duine lena mbaineann i cibé suim a mheasfaidh sé, go feadh iomlán a bhreithiúnais, ba chóir a mhuirearú ar an duine sin.

Feidhmeanna measúnóirí.

[1918, a 117.]

185. —(1)   (a) Aon duine a cheapfar faoi alt 159 ina mheasúnóir agus aon duine (dá ngairtear measúnóir san alt seo) a cheapfar faoi alt 158 tabharfaidh aon oifigeach sa roinn nó san oifig iomchuí nó tabharfaidh aon ghníomhaire ag arb iníoctha an céanna, tuairisceáin fhíora in aisce, ar iad a iarraidh, ar aon tuarastail, táillí, pá, peircuisí, brabúis, pinsin, nó stipinní is iníoctha faoi Sceideal E.

(b) Beidh teacht ag gach measúnóir den sórt sin ar gach doiciméad ina roinn nó ina oifig a bhaineann le haon íocaíochtaí den sórt sin.

(c) Féadfaidh gach measúnóir den sórt sin, mura mbeidh sé sásta leis an gcuntas sin mar a dúradh, nó in aon chás inar gá sin, cuntas a iarraidh, ó aon duine a bheidh le muirearú, ar aon tuarastal, taillí, pá, peircuisí, brabúis, pinsin, nó stipinn sa tréimhse den sórt céanna a theorainnítear le haghaidh ráitis ar bhrabúis nó ar ghnóchain faoin Acht seo a sheachadadh, agus faoi réir sin phionóis chéanna a fhoráiltear i gcás mainneachtain a dhéanamh na ráitis sin a sheachadadh.

(2) Measúnóidh na measúnóirí na daoine a bheidh i seilbh oifigí, nó a bheidh i dteideal pinsean nó stipinní, de réir mhéid bliantúil an chéanna ó na doiciméid, na cuntais agus na páipéir ina gcuid ranna faoi seach.

(3) Beidh i ngach measúnacht—

(a) díolaíochtaí bliantúla, iomlána, córa gach oifige agus fostaíochta sochair, agus méid iomlán bliantúil gach pinsin nó stipinne;

(b) ainmneacha na ndaoine a bheidh ina dteideal sin; agus

(c) an cháin is iníoctha i ngach cás.

(4) Aon mheasúnóir nach ndéanfaidh de réir forálacha an ailt seo dlífear pionós a chur air nach mó ná £100 agus nach lú ná £20.

Measúnachtaí breise.

[1918, a. 125;

1925, a. 8(1);

1936, a. 3(1);

1963, a, 18(2)]

186. —(1) Má fhaigheann an cigire amach—

(a) go ndearnadh aon mhaoin nó brabúis ab inmhuirir i leith cánach a fhágáil ar lár as na céad-mheasúnachtaí, nó

(b) nach ndearna duine inmhuirir aon ráiteas a sheachadadh, nó nach ndearna sé ráiteas iomlán, cuí a sheachadadh, nó nár measúnaíodh é i leith cánach, nó nach ndearnadh leor-mhuirearú air sna céad-mheasúnachtaí, nó

(c) gur lamháladh do dhuine inmhuirir, nó go bhfuair sé, ó na céad-mheasúnachtaí agus iontu, aon liúntas, asbhaint, nó faoiseamh nach n-údaraítear leis an Acht seo,

ansin, i gcás inarb inmhuirir an cháin faoi Sceideal A, B, D nó E, déanfaidh an cigire céad-mhéasúnacht bhreise:

Ar choinníoll go mbeidh aon chéad-mheasúnacht bhreise den sórt sin faoi réir achomhairc agus imeachtaí eile amhail mar atá i gcás céad-mheasúnachta.

(2) Faoi réir alt 211, féadfar measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise a leasú nó a dhéanamh tráth ar bith.

(3) Aon mheasúnachtaí nach ndéanfar an tráth a dhéanfar na céad-mheasúnachtaí cuirfear iad, a luaithe a dhéanfar iad, i dteannta na gcéad-mheasúnachtaí, agus i dteannta na ndúbláidí faoi seach a bhaineann leo sin, trí fhoirmeacha measúnachta agus dúbláid ar leith.

Sonraí suimeanna a bheidh le bailiú.

[1963, a. 22;

1964, a. 6(1)(3).]

1934, Uimh. 31 .

187. —(1) Tar éis measúnachtaí i leith cánach ioncaim agus forchánach a bheith déanta, cuirfidh na cigirí sonraí ar na suimeanna a bheidh le bailiú ar aghaidh go dtí an Bailitheoir lena mbailiú, agus forléireofar tagairtí san Acht seo do dhúbláidí de mheasúnachtaí a sheachadfar do bhailitheoirí mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shonraí a chuirfear ar aghaidh amhlaidh.

(2) A luaithe is féidir tar éis cheapachán bailitheora a ceapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 , a fhoirceannadh, cuirfidh an cigire ar aghaidh chun an Bhailitheora lena mbailiú sonraí ar na suimeanna uile cánach ioncaim nó na n-iarmhéideanna uile díobh a ndúbláidí a seachadadh don bhailitheoir sin agus a bhí gan íoc ar an gceapachán sin a fhoirceannadh, agus déanfar tagairtí san Acht seo do dhúbláidí de mheasúnachtaí a seachadadh do bhailitheoirí a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shonraí a cuireadh ar aghaidh amhlaidh.

(3) I gcás an Bailitheoir a ceapadh go cuí chun aon cháin ioncaim a bhailiú i gcomharbas ar Bhailitheoir eile do bhunú imeachtaí nó do leanúint d'imeachtaí, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, faoi alt 486 chun an cháin nó aon iarmhéid di a ghnóthú, ansin, chun críocha na n-imeachtaí, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach é an Bailitheoir eile a thuilleadh an Bailitheoir a ceapadh chun an cháin a bhailiú.

Measúnachtaí agus doiciméid eile a chailleadh nó a dhíthiú.

[1920, a. 61.]

188. —(1) I gcás aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim d'aon bhliain áirithe, nó aon dúbláid mheasúnachta i leith cánach ioncaim d'aon bhliain áirithe nó aon tuairisceán nó doiciméad eile maidir le cáin ioncaim, a chailleadh, nó a aghlot nó a dhamáistiú ionas nach inléite í nó go bhfuil sí gan mhaith ar aon slí eile, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán contrártha dó sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, na cigirí, an Bailitheoir agus oifigigh eile faoi seach ag a mbeidh cumhachtaí maidir le cáin ioncaim, gach uile bheart agus ní a dhéanamh ab fhéidir dóibh a dhéanamh, agus beidh gach uile bheart agus ní a dhéanfar faoi réim nó de bhun an ailt seo chomh bailí éifeachtúil chun gach críche agus a bheadh dá mba rud é nach ndearnadh an mheasúnacht nó an dúbláid mheasúnachta, nó nach ndearnadh nó nár tugadh, nó nár ceanglaíodh go ndéanfaí nó go dtabharfaí, an tuairisceán nó an doiciméad eile:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith a muirearaíodh i leith cánach ioncaim de dhroim nó de bhua aon bhirt nó ní a rinneadh faoi réim nó de bhun an ailt seo, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon cháin ioncaim íoctha aige cheana féin in aghaidh na bliana céanna i leith an ábhair agus ar an gcuntas ar muirearaíodh é amhlaidh ina leith agus ina aghaidh, go dtabharfar faoiseamh go feadh an mhéid a glanadh dliteanas an duine sin leis na híocaíochtaí a rinneadh amhlaidh ar mhodh lascaine ón muirear nó ar mhodh aisíoca, de réir mar is gá sa chás.

(2) San alt seo folaíonn “cáin ioncaim” “forcháin”.

Foirmeacha reachtúla a leasú.

[1929, a.7.]

189. —Is dleathach do na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham cibé leasuithe a dhéanamh ar na foirmeacha dearbhaithe, ar na liostaí agus ar na ráitis atá i Sceidil 17 agus 18 is dóigh leo is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

Caibidil II

Foráil in Aghaidh Measúnachta Dúbailte agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad

Measúnacht dúbailte.

[1918, a.151.]

190. —(1) Duine ar bith a measúnaíodh i leith cánach, ar a chuntas féin, nó thar ceann duine eile, agus a ndéanfar mar gheall ar aon earráid nó dearmad é a mheasúnú arís in aghaidh na bliana céanna ar an gcúis chéanna agus ar an gcuntas céanna, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar na Coimisinéirí Speisialta, agus ar chruthú chun a sástacht ar an measúnacht dúbailte a fháil do na Coimisinéirí Speisialta, cuirfidh siad faoi deara an mheasúnacht sin, nó cibé cuid de is ionann agus measúnacht dúbailte, a chur ar neamhní.

(2) Más léir chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh duine a mheasúnú níos mó ná uair amháin ar an gcúis chéanna agus in aghaidh na bliana céanna, ordóidh siad iomlán aon mheasúnachta, nó cibé cuid di ar léir gur ró-mhuirear é, a chur ar neamhní, agus air sin beidh an céanna ar neamhní dá réir sin.

(3) Má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon mheasúnacht dúbailte den sórt a dúradh, agus go ndearnadh íocaíocht ar an dá mheasúnacht, ordóidh siad méid na ró-íocaíochta a aisíoc leis an iarratasóir.

Earráid nó dearmad.

[1924, a.8;

1929, a.17(9);

1963, a.13;

1965, a.4(6).]

191 —(1) Má dhéanann duine ar bith a d'íoc cáin a muirearaíodh faoi mheasúnacht i leith cánach ioncaim a rinneadh d'aon bhliain áirithe faoi Sceideal D nó Sceideal E a líomhnú gur mheasúnacht iomarcach í mar gheall ar earráid nó dearmad éigin sa tuairisceán nó sa ráiteas a thug sé chun críocha na measúnachta, féadfaidh sé, tráth ar bith nach déanaí ná sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta ina ndearnadh an mheasúnacht, iarratas i scríbhinn a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag iarraidh faoisimh.

(2) Ar aon iarratas den sórt sin a fháil déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fiafraí i dtaobh an scéil agus, faoi réir forálacha an ailt seo, tabharfaidh siad ar mhodh aisíoca cibé faoiseamh (lena n-áirítear aon fhaoiseamh iarmartach ó fhorcháin), a mheasfaidh siad a bheith réasúnach agus cóir, maidir leis an earráid nó an dearmad:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le hearráid nó dearmad i leith an fhorais ar ar chóir dliteanas an iarratasóra a ríomh i gcás ina ndearnadh an tuairisceán nó an ráiteas iarbhír ar an bhforas nó de réir an chleachtais a bhí ann go ginearálta tráth an tuairisceáin nó an ráitis a thabhairt.

(3) Nuair a bheidh aon iarratas faoin alt seo á chinneadh acu tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aird ar imthosca uile an cháis, agus, go háirithe, breithneoidh siad an mbeadh sé de thoradh ar dheonú faoisimh nach mbeadh cáin ioncaim nó forcháin inmhuirir ar aon chuid de bhrabúis nó d'ioncam an iarratasóra, agus chun na críche sin féadfaidh na Coimisinéirí dliteanas an iarratasóra agus measúnachtaí a rinneadh air i leith blianta eile a chur san áireamh.

(4) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar iarratas uaidh faoin alt seo féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí sin laistigh de lá agus fiche tar éis dóibh a gcinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta air sin an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh de réir na bprionsabal a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim a leanúint le linn na hiarratais faoin alt seo a bheith á gcinneadh acu, agus faoina réir sin, mar a bhíonn le déanamh acu i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E, cibé acu é, agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí):

Ar choinníoll nach mbeidh teideal ag an achomharcóir ná ag na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go ndéanfaí cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar shlí seachas ar phonc dlí a éireoidh maidir le ríomh brabús nó ioncaim.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo, i ndáil le measúnacht do bhliain is luaithe ná an bliain 1960-61, má rinneadh é roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1963, ach “trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta dá ndearnadh an mheasúnacht” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta ina ndearnadh an mheasúnacht”.

CUID IX

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta, Neamhchónaitheoirí, Cónaitheoirí Sealadacha, Comhlachtaí Daoine, Daoine éagumasaithe, etc.

Caibidil I

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta

Riail ghinearálta maidir le cáin ar fhearchéilí agus ar bhanchéilí.

[1958, a.8;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

192. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, i gcás ioncaim mná ar arb inmhuirir cáin, áireofar, chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin), gurb ioncam de chuid a fearchéile agus nach ioncam dá cuidse é, sa mhéid gurb ioncam é in aghaidh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta ar bean phósta ise ar a feadh agus í ina cónaí lena fearchéile, ach ní dhéanfaidh forálacha an fho-ailt seo difear maidir lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar aon ioncam dá cuidse in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus, má tá, cad é an méid a mheasfar a bheith san ioncam sin chun críocha cánach.

(2) Aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncaim, a measfar, faoi fho-alt (1), gur ioncam fearchéile mná é, déanfar, in ionad é a mheasúnú uirthise nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, é a mheasúnú airsean, nó, sna cásanna iomchuí, ar a iontaobhaí, a chaomhnóir, nó a chúramaí, nó ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí.

(3) Na tagairtí san alt seo d'ioncam mná folaíonn siad tagairtí d'aon suim a bheadh le háireamh, ar leithligh ón alt seo, nuair a bheadh a hioncam iomlán á ríomh, agus tá éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le haon suim den tsórt sin d'ainneoin go gceanglaíonn achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt go sainráiteach, achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofar an tsuim sin mar ioncam le haon duine eile ach í féin.

Faoisimh phearsanta ar rogha a fheidhmiú go ndéanfar measúnachtaí ar eithligh.

[1958, a.9;

1959 (Uimh. 2), a.17(5);

1963, Sc. 6 Cuid III;

1964, a. 2,3;

Sc. 5, Cuid I.]

193. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le faoisimh phearsanta, i gcás ina mbeidh, de bhua iarratais faoi alt 197, cáin ioncaim d'aon bhliain áirithe le measúnú agus le muirearú ar ioncaim fhearchéile agus bhanchéile ionann is dá mbeidís gan bheith pósta.

(2) Is ionann iomlán an fhaoisimh ó cháin a thabharfar don fhearchéile agus don bhanchéile trí fhaoisimh phearsanta agus an faoiseamh a gheofaí mura mbeadh éifeacht ag an iarratas maidir leis an mbliain agus, faoi réir fho-alt (3), féadfar an sochar a thiocfaidh de na faoisimh phearsanta a thabhairt tríd an méid cánach a bheidh le híoc a laghdú, nó trí aon bhreis cánach a bheidh íoctha a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear iad ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó chun an fhearchéile nó an bhanchéile faoi ailt 143, 151 agus 152 de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh,

(b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 134, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam tuillte faoi seach,

(c) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith gaoil chleithiúnaigh faoi alt 142 nó ó fhaoiseamh i leith linbh faoi alt 141 (2), chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an gaol nó an leanbh,

(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 135, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam neamhthuillte faoi seach de réir bhrí alt 135,

(e) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 136, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomchuí faoi seach de réir bhrí alt 136, agus

(f) maidir leis an iarmhéid, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam inmheasúnaithe faoi seach.

(3) I gcás inar mó an méid faoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (2) ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam a bhanchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú, agus, i gcás an méid faoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin bhfo-alt sin a bheith níos mó ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar a hioncam in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú.

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceáin ar ioncaim iomlána an fhearchéile agus an bhanchéile a thabhairt chun críocha an ailt seo, ach, mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta le haon tuairisceán den sórt sin, féadfaidh siad tuairisceán a fháil ón mbanchéile nó ón bhfearchéile, de réir mar a bheidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go ndéanfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.

(6) San alt seo, ciallaíonn “faoisimh phearsanta” aon fhaoiseamh faoi alt 134, 135, 136, 138, 139, 140, 141, 142, 143, 144, 151 nó 152.

Cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measunaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile.

[1958, a.10;

1962, a.14(8);

1963, Sc. 6, Cuid II.]

194. —(1) I gcás—

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim nó forchánach (dá ngairtear an mheasúnacht bhunaidh ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

(b) gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá mbeadh iarratas ag iarraidh measúnachta ar leith faoi alt 197 nó 198 i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna sin, nó i leith coda de, le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile í sa bhliain mheasúnachta sin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir nó a cúramaí, nó a seiceadóirí nó a riarthóirí, agus

(c) go raibh iomlán na méide, nó cuid den méid, ab iníoctha faoin measúnacht bhunaidh gan íoc agus ocht lá fichead caite ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt di nó, más marbh di, dá seiceadóirí nó dá riarthóirí nó, más rud é go bhféadfaí measúnacht den tsórt dá dtagraítear i mír (b) a dhéanamh, sa chúinse dá dtagraítear ansin, ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, nó a cúramaí, di féin nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, nó dá cúramaí—

(i) ina mbeidh sonraí na measúnachta bunaidh agus an mhéid a bheidh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, agus

(ii) ina mbeidh, ar feadh a mbreithiúnais, sonraí na measúnachta a bheadh le déanamh mar a dúradh roimhe seo,

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc ab iníoctha faoin measúnacht is déanaí a luaitear dá mbeadh an céanna de réir na sonraí sin, nó an méid a bheidh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, cibé acu is lú.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir nó dá cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is é an toradh céanna a bheidh ann de bharr—

(a) a fhorchur de dhliteanas an cháin a íoc, agus an cháin a ghnóthú, i dteannta nó d'éagmais úis,

(b) tosaíocht don cháin i gcás féimheachta nó eastát dhuine éagtha a riaradh,

(c) achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta, athéisteacht na n-achomharc sin agus cásanna a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(d) titim dheiridh an dliteanais fhorchurtha,

a thiocfadh de mheasúnacht den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) a dhéanamh uirthi féin nó ar a hiontaobhaí a caomhnóir, nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar a bheidh, is é sin, measúnacht—

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a cheanglóidh an fógra a íoc,

(iii) a bhí le déanamh agus a rinneadh ag an údarás a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

(iv) a rinne an t-údarás sin ar feadh a bhreithiúnais nó a mbreithiúnais,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá, beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d).

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh cáin suas go dtí an méid a cheanglóidh an fógra a íoc, de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh, agus, i gcás ina raibh ús faoi alt 550 ag gabháil leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht bhunaidh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt sin maidir léi, is gá chun a áirithiú gurb é an méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más ann, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin an méid iomlán a bheadh ann dá mba nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe.

(4) I gcás ina ndéanfar an méid is iníoctha faoi fhógra a thabharfar faoi fho-alt (1) a laghdú de thoradh achomhairc, nó de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

(a) más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint don toradh sin, go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cuirfidh siad faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile is dóigh leo is cóir; ach

(b) faoi réir aon fhaoiseamh a thabharfar amhlaidh, tiocfaidh suim is comhionann leis an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra chun bheith inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

(5) Beidh na cumhachtaí céanna ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an gcigire nó ag an oifigeach cuí eile chun eolas a fháil d'fhonn fógra a thabhairt, agus thairis sin i ndáil le fógra, faoi fho-alt (1) a bheadh acu d'fhonn measúnacht a dhéanamh, agus thairis sin i ndáil le measúnacht, den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) dá mbeadh na coinníollacha is gá chun measúnacht den sórt sin a dhéanamh comhlíonta.

Ceart ag an bhfearchéile chun dliteanas maidir le cáin ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh.

[1958, a.11.]

195. —(1) I gcás ina n-éagfaidh bean a bhí, tráth ar bith sular éag sí, ina bean phósta agus í ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh sé sin, nó, más marbh dó, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta probháid nó litreacha riaracháin a dheonú i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, dáta ar bith is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire á dhearbhú go séanann sé nó siad, a mhéid a cheadaítear leis an alt seo, freagarthacht sa cháin ioncaim nó sa bhforcháin a bheidh gan íoc maidir lena hioncam uile d'aon bhliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, is bliain mheasúnachta, nó cuid de bhliain mheasúnachta, a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, agus arbh eisean a fearchéile ar a feadh agus ise ina cónaí leis.

(2) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun an ailt seo don chigire mura luaitear ann ainmneacha agus seolta seiceadóirí nó riarthóirí na mná.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoin alt seo a thabhairt do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire—

(a) beidh de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ar na Coimisinéirí Speisialta cibé cumhachtaí is cead dóibh a fheidhmiú ansin nó ina dhiaidh sin a fheidhmiú faoi alt 194 maidir le haon mheasúnacht a dhéanfar, ar an dáta nó roimh an dáta a chríochnófar tabhairt an fhógra sin, is measúnacht maidir le haon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

(b) na measúnachtaí (más ann) a fhéadfar a dhéanamh tar éis an dáta sin, maidir le cáin ioncaim nó forcháin, is iad, ar gach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus an cháin is iníoctha, na measúnachtaí iad a bheadh le déanamh dá mba rud é—

(i) go mbeadh iarratas ar mheasúnacht ar leith faoi alt 197 nó faoi alt 198, cibé acu é, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta iomchuí, agus

(ii) gur dá réir sin a rinneadh na measúnachtaí uile a rinneadh roimhe sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an cigire”, maidir le fógra, aon chigire a measfadh an duine, ó réasún, a bheadh ag tabhairt an fhógra gur dócha dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

(5) Féadfar aon fhógra faoin alt seo a sheirbheáil tríd an bpost.

Bean phósta a chónaíonn lena fearchéile.

[1958, a.12.]

196. —(1) Chun críocha cánach ioncaim, measfar go gcónaíonn bean phósta lena fearchéile mura rud é—

(a) go bhfuil siad idirscartha faoi ordú cúirte dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha, nó

(b) go bhfuil siad, iarbhír, idirscartha i gcúinsí de shaghas a d'fhágfadh gur dócha gur idirscaradh buan é.

(2) I gcás ina gcónaíonn bean phósta lena fearchéile agus—

(a) duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, ina chónaí sa Stát bliain mheasúnachta, nó

(b) an bheirt acu a bheith ina gcónaí sa Stát bliain mheasúnachta, ach duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, as láthair ón Stát ar feadh na bliana sin,

beidh an toradh céanna air sin chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh ann dá mbeidís, iarbhír, idirscartha ar feadh na bliana measúnachta sin i gcúinsí de shaghas a d'fhágfadh gur dócha gur idirscaradh buan é.

(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2) agus gur mó glanmhéid comhiomlán na cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheidh le híoc ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile in aghaidh na bliana ná mar a bheadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt (trí na measúnachtaí sin ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile a laghdú nó an cháin sin a d'íoc an fearchéile nó an banchéile (trí asbhaint nó eile) a aisíoc mar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim) a laghdóidh an glanmhéid comhiomlán sin de mhéid na breise.

Measúnachtaí ar leithligh i leith cánach ioncaim.

1918, r.gin 17;

1919, a.26;

1963, Sc.6, Cuid III.]

197. —(1) Má dhéanann fearchéile nó banchéile, laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil aon bliain mheasúnachta, iarratas chuige sin i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, déanfar cáin ioncaim don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann agus dá mba rud é nach rabhadar pósta, agus beidh feidhm, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo, ag forálacha uile an Achta seo maidir le measúnú, muirearú agus gnóthú cánach ionann agus dá mba nach rabhadar pósta.

(2) I gcás daoine a phósfaidh i rith bliana measúnachta, féadfar iarratas chun críocha an ailt seo a dhéanamh maidir leis an mbliain sin tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.

Measúnachtaí ar leithligh i leith forchánach.

[1918, a.8;

1919, a.26;

1928, a.3;

1963, Sc. 6, Cda. II, III.]

198. —(1) Má dhéanann fearchéile nó banchéile, laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain mheasúnachta, iarratas chuige sin i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) déanfar forcháin don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú, agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann agus dá mba nach rabhadar pósta, agus beidh feidhm ag forálacha uile an Achta seo maidir le measúnú, muirearú agus gnóthú forchánach, ionann agus dá mba nach rabhadar pósta; agus

(b) áireofar mar aon ní amháin ioncam an fhearchéile agus an bhanchéile agus an t-ioncam iomlán á ríomh chun críche forchánach, agus déanfar méid na forchánach is iníoctha i leith an ioncaim iomláin a roinnt idir an fearchéile agus an bancháile i gcomhréir lena n-ioncaim faoi seach, agus ní bheidh an méid iomlán is iníoctha níos lú ná mar bheadh dá mba nach ndearnadh iarratas faoin alt seo.

(2) Féadfar iarratas chun críocha an ailt seo, i gcás daoine a phósfaidh i rith bliana measúnachta, a dhéanamh maidir leis an mbliain sin tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.

Caibidil II

Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha

Daoine a chónaíonn go sealadach lasmuigh den Stát.

[1918, r.gin 3;

1925, a.7;

1935, a.5(2).]

199. —Déanfar gach duine ar sa Stát a bhí gnáthchónaí air a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach, d'ainneoin é a bheith imithe as an Stát tráth an mheasúnaithe nó an mhuirearaithe más é cúis amháin ar imigh sé as an Stát amhlaidh é dul a chónaí go hócáideach lasmuigh den Stát, agus muirearófar é mar dhuine a chónaíonn go hiarbhír sa Stát ar mhéid iomlán a bhrabús nó a ghnóchan, cibé acu ó mhaoin sa Stát nó in áit éigin eile iad, nó ó aon liúntas, blianacht nó stipinn (ach amháin mar a eisctear anseo), nó ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht sa Stát nó in aon áit eile.

Neamhchónaitheoirí: measúnacht.

[1918, r.gin 5;

1935, a.5(3);

1965, a.49(1), 55(3).]

200. —Beidh duine nach gcónaíonn sa Stát, cibé acu saoránach d'Éirinn é nó nach ea, inmheasúnaithe agus inmhuirir in ainm aon iontaobhaí, caomhnóra, nó cúramaí de chuid an duine sin, nó aon fhactóra, ghníomhaire, ghlacadóra, bhrainse, nó bhainisteora, cibé acu atá nó nach bhfuil fáil na mbrabús nó na ngnóchan ag an bhfactóir, ag an ngníomhaire, ag an nglacadóir, ag an mbrainse nó ag an mbainisteoir sin, sa tslí chéanna agus go feadh an méid chéanna ina ndéanfaí an duine neamhchónaitheach sin a mheasúnú agus a mhuirearú dá mba sa Stát a chónaigh sé agus go raibh sé ag fáil na mbrabús nó na ngnóchan sin iarbhír:

Ar choinníoll, i gcás comhpháirtíochta, go measfar gurb é an comhpháirtí tosaíochta (mar a mhínítear in alt 69), nó, mura bhfuil aon chompháirtí tosaíochta ann, go measfar gurb é an factóir, an gníomhaire, an glacadóir, an brainse, nó an bainisteoir, is gníomhaire do chomhpháirtí neamhchónaitheach.

Neamhchónaitheoirí: brabúis ó ghníomhaireachtaí, etc.

[1918, r.gin. 6.]

201. —Beidh duine neamhchónaitheach inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith aon bhrabúis nó gnóchain a éireoidh, go díreach nó go hindíreach, trí nó ó aon fhactóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht, agus beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir amhlaidh in ainm an fhactóra, an ghníomhaire, an ghlacadóra, an bhrainse, nó an bhainisteora.

Neamhchónaitheoirí: rialú ar chónaitheoirí.

[1918, r.gin. 7;

1923, a.12(7).]

202. —I gcás duine neamhchónaitheach, nach saoránach d'Éirinn nó gnólacht nó cuideachta Éireannach, nó brainse de, a bheith ag seoladh gnó le duine cónaitheach, agus go bhfeictear don chigire, mar gheall ar an dlúthbhaint idir an duine cónaitheach agus an duine neamhchónaitheach, agus mar gheall ar an rialú substaintiúil a fheidhmíonn an duine neamhchónaitheach ar an duine cónaitheach, go bhféadfaí an cúrsa gnó idir na daoine sin a shocrú ar shlí, agus go bhfuil socraithe ar shlí, nach dtugann an gnó a dhéanann an duine cónaitheach de bhun a bhaint leis an duine neamhchónaitheach aon bhrabúis don duine cónaitheach nó go dtugann sé brabúis dó is lú ná na gnáth-bhrabúis a bhféadfaí súil a bheith leo ón ngnó sin, beidh an duine neamhchónaitheach inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach in ainm an duine chónaithigh ionann agus dá mba ghníomhaire don duine neamhchónaitheach an duine cónaitheach.

Neamhchónaitheoirí: muirear ar chéatadán den láimhdeachas.

[1918, r.gin. 8, 9.]

203. —(1) I gcás inar dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, nach féidir fíor-mhéid brabús nó gnóchan duine neamhchónaithigh is inmhuirir i leith cánach in ainm duine chónaithigh a chinneadh go héasca in aon chás áirithe, féadfaidh an duine neamhchónaitheach, más cuí sin leis an gcigire nó leis na Coimisinéirí, a mheasúnú agus a mhuirearú ar chéatadán de láimhdeachas an ghnó a rinne an duine neamhchónaitheach tríd nó leis an duine cónaitheach arb ina ainm is inmhuirir é mar a dúradh, agus sa chás sin beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le seachadadh ráiteas ag daoine a ghníomhaíonn thar ceann daoine eile ionas go gceanglóidh siad go dtabharfaidh an duine cónaitheach tuairisceán ar an ngnó a rinne an duine neamhchónaitheach amhlaidh tríd nó leis an duine cónaitheach, sa tslí chéanna ina mbeidh ráitis ar bhrabúis nó ar ghnóchain a bheidh le muirearú amhlaidh le seachadadh ag daoine a bheidh ag gníomhú do dhaoine éagumasaithe nó daoine neamhchónaitheacha.

(2) Is é a chinnfidh méid an chéatadáin faoi fho-alt (1) i ngach cás, ag féachaint do chineál an ghnó, an cigire a dhéanfaidh an measúnú ar an bhforas céatadáin, faoi réir achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) Más cúis mhíshásaimh ag an duine cónaitheach nó ag duine neamhchónaitheach an céatadán a chinnfear sa chéad ásc nó a chinnfidh na Coimisinéirí Speisialta ar achomharc féadfaidh sé, laistigh de cheithre mhí ón gcinneadh sin, a cheangal ar an gcigire nó ar na Coimisinéirí Speisialta, cibé acu é, ceist an chéatadáin a chur faoi bhráid réiteora nó bhord réiteoirí a cheapfaidh an tAire Airgeadais chuige sin, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh an réiteora nó an bhoird.

Neamhchónaitheoirí: brabús ceannaíochta.

[1918, r.gin. 12.]

204. —Má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir ar dhuine neamhchónaitheach in ainm aon bhrainse, bainisteora, gníomhaire, factóra nó glacadóra i leith aon bhrabús nó gnóchan ó dhíol earraí nó táirgí a mhonaraigh nó a tháirg an duine neamhchónaitheach lasmuigh den Stát, féadfaidh an duine arb ina ainm is inmhuirir an duine neamhchónaitheach amhlaidh, más cuí leis, a iarraidh ar an gcigire nó, i gcás achomhairc, ar na Coimisinéirí Speisialta, a chur faoi deara an mheasúnacht i leith cánach ioncaim maidir leis na brabúis nó na gnóchain sin a dhéanamh nó a leasú ar fhoras na mbrabús a mbeadh súil réasúnach leis a thuillfeadh ceannaí nó, i gcás na hearraí a mhíondíol ag an monaróir nó an táirgeoir nó thar a cheann a thuillfeadh miondíoltóir na n-earraí a díoladh, a bhí é féin tar éis a gceannach díreach ón monaróir nó ón táirgeoir, agus, ar chruthú a thabhairt chun sástacht an chigire nó na gCoimisinéirí Speisialta, cibé acu é, i dtaobh méid na mbrabús ar an bhforas a dúradh, déanfar nó leasófar an mheasúnacht dá réir sin.

Neamhchónaitheoirí: srianta ar inmhuirireacht.

[1918, r.gin.10,11.]

205. —(1) Ní thabharfaidh aon ní sa Chaibidil seo go mbeadh duine neamhchónaitheach inmhuirir in ainm bróicéara nó gníomhaire coimisiúin ghinearálta, nó in ainm gníomhaire nach duine údaraithe a sheolann gnáth-ghníomhaireacht an duine neamhchónaithigh nó duine is inmhuirir ionann agus dá mba ghníomh-aire é de bhun forálacha na Caibidle seo, i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó dhíolacháin nó ó idirbheartanna a rinneadh trí bhróicéir nó gníomhaire den sórt sin.

(2) I gcás duine neamhchónaitheach a bheith ag déanamh díolachán nó ag seoladh idirbheartanna le daoine neamhchónaitheacha eile in imthosca a thabharfadh go mba inmhuirir é de bhun forálacha na Caibidle seo in ainm duine chónaithigh ní thabharfaidh sé sin ann féin gurb inmhuirir an duine sin i leith na mbrabús ó na díolacháin nó na hidirbheartanna sin.

Cónaitheoirí sealadacha.

[1918, Sc. D, r.Ilg. 2.]

206. —Ní mhuirearófar duine i leith cánach faoi Sceideal D mar dhuine a chónaíonn sa Stát, maidir le brabúis nó gnóchain a fuarthas i leith sealbhaíochtaí nó urrús lasmuigh den Stát, agus nach bhfuil sa Stát ach amháin le haghaidh críche sealadaí éigin, gan aon dóigh ná intinn a áit chónaithe a dhéanamh ann, agus nach raibh cónaí air iarbhír sa Stát uair amháin nó uaireanta ar leithligh ar feadh tréimhse ab ionann san iomlán agus sé mhí in aon bhliain mheasúnachta áirithe, ach má bhíonn cónaí ar aon duine den sórt sin sa Stát ar feadh na tréimhse a dúradh beidh sé inmhuirir amhlaidh don bhliain sin.

Caibidil III

Forálacha Speisialta maidir le Comhlachtaí Daoine, Daoine Éagumasaithe, Iontaobhaithe agus Gníomhairí, Ionadaithe Pearsanta agus Glacadóirí

Comhlachtaí daoine.

[1918, a.106, r.gin 1.]

207. —(1) Beidh gach comhlacht daoine inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna ina bhfuil duine ar bith inmhuirir faoi fhorálacha an Achta seo.

(2) Beidh an cisteoir nó an t-oifigeach eile a ghníomhaíonn sa cháil sin, nó an t-iniúchóir nó an glacadóir de thuras na huaire d'aon chomhlacht daoine is inmhuirir leith cánach, freagrach i ndéanamh na mbeartanna sin uile is gá a dhéanamh faoin Acht seo, chun an comhlacht sin a mheasúnú agus an cháin a íoc, agus chun na hoifigigh agus na daoine i bhfostaíocht an chomhlachta sin a mheasúnú:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta, gurb é an duine a bheidh freagrach amhlaidh rúnaí na cuideachta nó an t-oifigeach eile (cibé ainm a thugtar air) a mbeidh dualgais rúnaí á gcomhlíonadh aige.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den sórt sin ó am go ham an oiread a choinneáil den airgead a thiocfaidh faoina láimh thar ceann an chomhlachta agus is leor chun an cháin a mhuirearófar ar an gcomhlacht a íoc agus slánófar é in aghaidh na n-íocaíochtaí sin go léir a dhéanfar de bhun an Achta seo.

Iontaobhaithe, caoimhnóirí agus cúramaithe.

[1918, r.gin. 4.]

208. —Beidh iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí aon duine éagumasaithe ag a mbeidh stiúradh, rialú nó bainistí maoine nó gnólachta aon duine den sórt sin, cibé acu ar sa Stát nó nach ann a chónaíonn an duine sin, beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna a ndéanfaí agus an méid céanna a dhéanfaí measúnú agus muirearú ar an duine sin dá mba nár dhuine éagumasaithe é.

Dliteanas iontaobhaithe, etc.,

[1918, r.gin.13,14.]

209. —(1) Beidh an duine is inmhuirir i leith duine éagumasaithe, nó a bhfuil duine neamhchónaitheach inmhuirir ina ainm, freagrach i ngach ní is gá a dhéanamh faoin Acht seo chun cáin a mheasúnú agus a íoc.

(2) Duine ar bith a muirearaíodh faoin Acht seo i leith aon duine éagumasaithe nó neamhchónaithigh féadfaidh sé ó am go ham an oiread a choinneáil den airgead a thiocfaidh faoina láimh thar ceann aon duine den sórt sin agus is leor chun an cháin a muirearaíodh a íoc agus slánófar é in aghaidh na n-íocaíochtaí sin go léir a dhéanfar de bhun an Achta seo.

Dliteanas tuistí, caomhnóirí agus ionadaithe pearsanta.

[1918, a.161;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

210. —(1) Más naíon an duine is inmhuirir i leith cánach, nó má fhaigheann sé bás—

(a) beidh tuiste nó caomhnóir an naín faoi dhliteanas i leith na cánach mura mbeidh an cháin íoctha ag an naíon; agus

(b) beidh seiceadóir nó riarthóir an duine éagtha faoi dhliteanas i leith na cánach a bheidh muirearaithe ar an duine éagtha sin,

agus má fhaillítear nó má dhiúltaítear íoc, féadfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh aon duine den sórt sin a bheidh faoi dhliteanas mar a dúradh mar a dhéanfaí i gcás aon mhainnitheora eile.

(2) Aon tuiste nó caomhnóir a dhéanfaidh íocaíocht den sórt sin lamhálfar dó na suimeanna go léir a bheidh íoctha amhlaidh aige ina chuntais, agus féadfaidh seiceadóir nó riarthóir gach uile íocaíocht den sórt sin a asbhaint as sócmhainní agus éifeachtaí an duine éagtha.

(3) I gcás úinéir aon mhaoine a bhí á háitiú aige an tráth a rinneadh measúnacht d'aon bhliain áirithe faoi Sceideal A d'fháil bháis agus an cháin gan íoc, beidh sé de dhliteanas ar na hoidhrí, ar na seiceadóirí, ar na riarthóirí, nó ar na sannaithe nó ar na daoine eile a thiocfaidh chun bheith i dteideal cíosanna agus brabús na maoine sin ar é d'fháil bháis, na riaráistí uile cánach a íoc a bheidh dlite tráth an bháis, nó, mura mbeidh aon riaráistí dlite, an cháin is iníoctha in aghaidh na tréimhse suas go tráth an bháis a íoc, gan aon mheasúnacht nua.

Ionadaithe pearsanta a mheasúnú.

[1918, R.gin. 18;

1932, a.5;

1936, a.3;

1963, a.18, Sc. 6, Cuid III.]

211. —(1) Má éagann duine, féadfar measúnacht nó céadmheasúnacht bhreise (cibé acu é) a dhéanamh don bhliain mheasúnachta a éagfaidh an duine sin nó d'aon bhliain roimhe sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chun an duine sin roimh a bhás, agus beidh méid na cánach ar na brabúis nó ar na gnóchain sin ina fhiach a bheidh dlite ó agus iníoctha as eastát an duine sin agus beidh seiceadóir nó riarthóir an duine sin inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith na cánach sin.

(2) Ní dhéanfar aon mheasúnacht faoin alt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inarb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus ní dhéanfar aon mheasúnacht den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir an choinníll, má thaisceann an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis an bliana measúnachta a d'éag an duine éagtha, go bhféadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh tráth ar bith roimh dheireadh dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

(3) Déanfaidh seiceadóir nó riarthóir aon duine éagtha den sórt sin, nuair a iarrfar air le fógra sonrach déanamh amhlaidh, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a sheachadadh don chigire a bheidh sínithe ag an seiceadóir nó an riarthóir sin agus ina mbeidh sonraí, go feadh iomlán a bhreithiúnais agus a thuairime, ar na brabúis nó na gnóchain a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chun an duine éagtha sin roimh a bhás agus ar inmheasúnaithe an seiceadóir nó an riarthóir sin ina leith faoin alt seo, agus beidh feidhm maidir le ráitis a bheidh le seachadadh faoin alt seo ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le ráitis a bheidh le seachadadh ag duine ar bith, le haon mhodhnuithe is gá.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon ní san alt seo maidir le ráitis a bheidh le seachadadh nó le measúnachtaí a bheidh le déanamh i leith trádála nó gairme a sheolann beirt daoine nó níos mó i gcomhar.

Glacadóirí a cheapfaidh an chúirt.

[1918. r.gin. 15.]

212. —(1) Aon ghlacadóir a cheapfaidh aon chúirt sa Stát ag a mbeidh stiúradh agus rialú aon mhaoine a bhfuil cáin muirearuithe ina leith de réir forálacha an Achta seo beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna agus i leith an mhéid chéanna a mheasúnófaí nó a mhuirearófaí dá mbeadh an mhaoin gan bheith faoi stiúradh agus rialú na cúirte.

(2) Beidh gach glacadóir den sórt sin freagrach i ndéanamh na n-ábhar agus na nithe go léir is gá a dhéanamh faoin Acht seo chun cáin a mheasúnú agus a íoc.

Cosaint d'iontaobhaithe, do ghíomhairí agus do ghlacadóirí.

[1918, a. 103(3).]

213. —(1) Aon iontaobhaí a d'údaraigh glacadh brabús ó mhaoin iontaobhais ag an duine a bhí ina theideal sin nó ag gníomhaire an duine sin, ní bheidh sé—

(a) má fuair an duine nó an gníomhaire sin iarbhír na brabúis faoin údarás sin, agus

(b) má thug an t-iontaobhaí liosta, mar a cheanglaítear le halt 176, ina raibh ainm, seoladh agus brabúis an duine sin,

faoi cheangal aon ghníomh eile a dhéanamh le haghaidh measúnú an duine sin, mura n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise an iontaobhaí de bhun an Achta seo.

(2) Aon ghníomhaire nó glacadóir do dhuine a chonaíonn sa Stát, seachas duine éagumasaithe, ní bheidh sé má thugann sé liosta, mar a cheanglaítear le halt 176, ina mbeidh ainm, seoladh agus brabúis an duine sin, faoi cheangal aon ghníomh eile a dhéanamh le haghaidh measúnú an duine sin, mura n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise an ghníomhaire nó an ghlacadóra de bhun an Achta seo.

CUID X

Forálacha Speisialta maidir le Cuideachtaí árachais agus Gnóthaí Infheistíochta

Faoiseamh i leith costas bainistí.

[1918, a.33.]

214. —(1) Má dhéanann cuideachta árachais a sheolann gnó árachais saoil nó má dhéanann aon chuideachta arb é a gnó go formhór infheistíochtaí a dhéanamh agus gur uathu sin a éiríonn príomh-chuid a hioncam, nó má dhéanann aon bhanc taisce nó aon bhanc eile le haghaidh taisce, a éileamh agus a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go ndearnadh, in aghaidh aon bhliain mheasúnachta, í a mhuirearú i leith cánach trí asbhaint nó ar shlí eile, agus nach ndearnadh í a mhuirearú i leith a brabús de réir na bhforálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, beidh teideal ag an gcuideachta nó ag an mbanc go n-aisíocfar léi nó leis an oiread den cháin a d'íoc sí nó sé agus is comhionann le méid na cánach ar aon suimeanna a íocadh amach mar chostais bainistí (lena n-áirítear coimisiúin) don bhliain sin:

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo ionas gur lú an cháin a bheidh íoctha ag an gcuideachta nó ag an mbanc ná an cháin a bheadh íoctha dá muirearófaí na brabúis de réir na bhforálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D; agus

(b) go ndéanfar méid aon fhíneálacha, táillí, nó brabús ó fhrithdhílse i gcás cuideachta árachais, agus, i gcás aon chuideachta eile nó aon bhainc den sórt sin, méid aon ioncaim nó brabús ó bhunaidh nach muirearaítear i leith cánach, a asbhaint as an méid a áireofar mar chostais bainistí don bhliain; agus

(c) nuair a bheidh brabúis ó fhrithdhílse á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta na brabúis sin a fhritháireamh i gcoinne aon chaillteanais ó fhrithdhílsí d'aon bhliain roimhe sin a raibh aon achtachán ag deonú an fhaoisimh sin i ngníomh ar a feadh.

(2) Tabharfar fógra i scríbhinn don chigire ar aon éileamh chun na gCoimisinéirí Speisialta faoin alt seo, mar aon le sonraí air, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh sa bliana measúnachta a ndearnadh an t-éileamh ina leith, agus i gcás ina ndéanann an cigire agóid i gcoinne an éilimh sin éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an céanna mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta faoi Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(3) Ní bheidh cuideachta ná banc i dteideal aon fhaoisimh faoin alt seo maidir le haon chostais a bhféadfar faoiseamh a éileamh nó a lamháil ina leith faoi alt 23 nó 24.

(4) I gcás ina muirearófar cuideachta árachais, nach sa Stát atá a ceann-oifig, faoi Chás III de Sceideal D, ar chionúireacht den ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil, nó ar fhoras a chuirfear ina ionad sin, déanfar an faoiseamh i leith costas bainistí a ríomh faoi threoir a chothrom de chionúireacht dá costais iomlán bainistí don bhliain, arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

(5) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin de bhun forálacha an Achta seo tugtha maidir le hioncam ó infheistíochtaí chiste árachais saoil chuideachta árachais, déanfar laghdú comhréire san fhaoiseamh a dheonófar faoin alt seo maidir le costais bhainistí.

Cuideachtaí árachais choigríche: ioncam infheistíochta.

[1918, Sc. D, C III, r.3.]

215. —(1) I gcás ina bhfuil gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát á sheoladh ag cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceann-oifig, measfar, a mhéid a fhoráiltear san alt seo, gur brabúis a áirítear i Sceideal D aon ioncam de chuid na cuideachta ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (gan an ciste blianachtaí, más ann, a áireamh), cibé áit ina bhfuarthas é, agus muirearófar an t-ioncam sin faoi Chás III den Sceideal sin.

(2) Ní mhuirearófar ach amháin an chuid sin den ioncam ó infheistíochtaí an chiste árachais saoil don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a bhfuil idir í agus an t-ioncam iomlán ó na hinfheistíochtaí sin an chomhréir chéanna atá idir méid na bpréimheanna a fuarthas an bhliain sin ó shealbhóirí polasaithe a chónaíonn sa Stát agus ó shealbhóirí polasaithe a chónaíonn lasmuigh den Stát agus a ndearnadh a dtograí chun na cuideachta ag nó trí a hoifig nó a gníomhaireacht sa Stát agus méid iomlán na bpréimheanna a fuair an chuideachta:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta árachais ag a bhfuil a ceannoifig i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile agus a mbeadh feidhm ina cás ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo mura mbeadh iad a bheith aisghairthe, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le rialachán, foras éigin a leagan síos seachas an forais atá forordaithe anseo d'fhonn a chinneadh cad é an chuid den ioncam ó infheistiochtaí a bheidh le muirearú amhlaidh mar ioncam ó ghnó a bhí á sheoladh sa Stát.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis méid is ionann agus an muirear faoin alt seo nó is mó ná é a mhuirearú cheana féin ar chuideachta i leith cánach, trí asbhaint nó eile, i leith a gnó árachais saoil, ní ghearrfar tuilleadh muirir faoin alt seo, agus i gcás ina mbeifear tar éis cuideachta a mhuirearú cheana féin, ach gur lú méid an mhuirir, laghdófar an muirear go comhréireach.

Cuideachtaí a sheolann gnó árachais saoil.

[1918, Sc. D,

Csa. I agus II, r. 15;

1963, a.3(b).]

216. —(1) Má sheolann cuideachta árachais gnó árachais saoil i ndáil le gnó árachais d'aon aicme eile, déanfar, chun críocha an Achta seo, gnó árachais saoil na cuideachta a áireamh mar ghnó ar leithligh ó aon aicme eile gnó a sheolann an chuideachta.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh ar bhain caillteanas do chuideachta árachais i leith a gnó árachais saoil chun an caillteanas sin a fhritháireamh i gcoinne brabús aon ghnó eile a bhí á sheoladh ag an gcuideachta, nó chun aisíoc cánach a fháil faoi alt 307, áireofar aon ioncam de chuid na cuideachta ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil mar chuid de bhrabúis na cuideachta a fuarthas sa ghnó sin.

Dliteanas cuideachtaí árachais.

[1947, a.3.]

217. —(1) I gcás ina ndéanfar brabúis chuideachta árachais i leith a gnó árachais saoil a ríomh, chun críocha an Achta seo, de réir na rialacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, ansin, faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) eisiafar ón ríomh an chuid de na brabúis sin is le sealbhóirí polasaithe nó le blianachtóirí nó a dáileadh chucu nó a caitheadh thar a gceann;

(b) eisiafar freisin ón ríomh an chuid de na brabúis sin a bheidh ar forcoimeád do shealbhóirí polasaithe nó do bhlianachtóirí, ach má tharlaíonn, i gcás aon bhrabús a eisiafar amhlaidh mar bhrabúis a bheidh ar forcoimeád amhlaidh, go scoirfidh siad aon tráth de bheith ar forcoimeád amhlaidh agus nach ndáileofar iad do shealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí nó nach gcaithfear thar a gceann sin iad, ansin, déileálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta don bhliain inar scoireadar de bheith ar forcoimeád amhlaidh.

(2) I gcás gnó árachais saoil gnách agus gnó árachais saoil tionsclach a bheith á seoladh ag cuideachta árachais, ansin, faoi réir fho-alt (3), déileálfar, chun críocha an Achta seo, le gnó gach aicme acu sin amhail is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 214 maidir le gach aicme ghnó ar leithligh den sórt sin.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) le cuideachta árachais i leith aon bhliana measúnachta mura roghnóidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin go mbainfidh an dá fho-alt sin (1) agus (2) leis an gcuideachta sin i leith na bliana sin.

CUID XI

Cumainn Thionscail agus Choigilitis

Léiriú,

[1963, a. 67.]

218. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas, seachas liúntas a bheidh le tabhairt agus brabúis nó gnóchain á ríomh, faoi alt 214, Cuid XIV, XV, XVI nó XVII;

ciallaíonn “ús iasachta”, maidir le cumann, aon ús is iníoctha ag an gcumann maidir le haon mhorgáiste, iasacht, stoc iasachta, nó taisce;

ciallaíonn “scair-ús”, maidir le cumann, aon ús, díbhinn, bónas, nó suim eile is iníoctha le scairshealbhóir de chuid an chumainn faoi threoir méid a shealbháin i scair-chaipiteal an chomhlachta;

ciallaíonn “cumann” cumann arna chlárú faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936;

folaíonn tagairtí do scair-ús nó ús iasachta a íoc tagairtí do chreidiúnú úis den sórt sin.

Suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.,

[1963, a.68.]

1918, c. 40.

1959, Uimh. 18 .

219. —(1) Dearbhaítear leis seo go mbeidh, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain cumainn á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D nó d'alt 78, suimeanna ar bith le hasbhaint mar chostais, ar suimeanna iad—

(a) arb éard iad lascaine, aisíoc, díbhinn nó bónas a dheonaigh an cumann do chomhaltaí dá chuid nó do dhaoine eile i leith méideanna a íocadh nó is iníoctha acu nó leo i dtaobh a n-idirbheartanna leis an gcumann arb idirbheartanna iad a chuirfear i gcuntas sa ríomh sin, agus

(b) a ríomhfar faoi threoir na méideanna sin nó ollmhéid na n-idirbheartanna sin agus ní faoi réir méid aon scaire nó leasa i gcaipiteal an chumainn.

(2) Aon chumann arb é formhór a ghnó infheistíochtaí a dhéanamh, agus ar uaidh sin a thagann príomh-chuid a ioncaim, beidh sé i dteideal faoisimh faoi alt 214 sa tslí chéanna agus an oiread céanna agus dá mba ghnó cuideachta gnó an chumainn.

(3) I gcás aon bhrabúis nó gnóchain le cumann nach mbeadh inmhuirir i leith cánach mura mbeadh alt 39 (4) den Income Tax Act, 1918, a aisghairm a bheith inmhuirir amhlaidh de bhua na haisghairme sin agus gur gá ríomh brabús nó gnóchan a dhéanamh faoi threoir aon bhliana nó tréimhse seachas an bhliain mheasúnachta, déanfar an ríomh don bhliain nó don tréimhse sin de réir forálacha na Coda seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm an bhliain nó an tréimhse sin nó cuid éigin den bhliain nó den tréimhse sin.

(4)   (a) Más rud é go raibh, don bhliain 1962-63, cumann i dteideal díolúine ó cháin i leith brabús trádála a bhí á seoladh aige—

(i) ní thabharfar anonn ón mbliain 1962-63 aon liúntas caipitiúil i leith aon mhaoine a úsáideadh le haghaidh na trádála, agus

(ii) ní thabharfar anonn faoi alt 309, aon chaillteanas, nó cuid de chaillteanas, a tharla roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1963.

(b) I gcás ina bhféadfaí liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith caiteachais chaipitiúil ar dhéanamh foirgnimh nó déanmhais a thabhairt do chumann nó a ghearradh ar chumann, in aghaidh na bliana 1962-63 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , mura mbeadh an cúinse go raibh an cumann díolmhaithe ó cháin faoi Sceideal D, déanfar aon liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheidh le tabhairt nó le gearradh i leith an chaiteachais faoi Chuid XVI d'aon bhliain mheasúnachta a ríomh ionann is dá mbeifí tar éis gach liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta agus muirear cothromaíochta a fhéadfaí a thabhairt nó a ghearradh a thabhairt nó a ghearradh mar a dúradh:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní sa mhír seo difear d'fhorálacha alt 265 (5).

(c) I gcás ina bhféadfaí liúntas bliantúil i leith caiteachais chaipitiúil ag ceannach ceart paitinne a thabhairt do chumann nó i leith cumainn, in aghaidh na bliana 1962-63 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , mura mbeadh an cúinse go raibh an cumann díolmhaithe ó cháin faoi Sceideal D, ansin i gcás an méid den chaiteachas a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith (de réir bhrí alt 286), déanfar, maidir le haon liúntas cothromaíocht nó muirear cothromaíochta faoi Chuid XVI a bheidh le tabhairt don chumann nó le gearradh ar an gcumann i leith an chaiteachais in aghaidh aon bhliana measúnachta, é a ríomh ionann agus dá mbeifí tar éis gach liúntas bliantúil a thabhairt a fhéadfaí a thabhairt mar a adúradh.

Brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbheartanna áirithe a fhágáil as áireamh.

[1963, a.70.]

220. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cumann talmhaíochta” cumann—

(a) a bhfuil an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta ina leith:

(i) nach lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine iad comhaltaí uile nó tromlach comhaltaí an chumainn a bhíonn ag gabháil go formhór do thalmhaíocht agus a fhaigheann an chuid is mó dá n-ioncam ó thalmhaíocht, nó

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (a);

ciallaíonn “cumann iascaigh” cumann—

(a) a bhfuil an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta ina leith:

(i) nach lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine iad comhaltaí uile nó tromlach comhaltaí an chumainn a bhíonn ag gabháil go formhór d'iascaireacht agus a fhaigheann an chuid is mó dá n-ioncam ó iascaireacht, nó

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (b);

ciallaíonn “idirbhearta díolmhaithe”—

(a) maidir le cumann talmhaíochta, idirbhearta d'aon aicme de na haicmí idirbheart seo a leanas:

(i) bainne, uachtar, im, cáis, uibheacha, eallach, feoil nó earraí sonraithe a dhíol ar mór-reic,

(ii) síolta, leasacháin nó earraí eile, ar earraí sonraithe iad a bhaineann nó a ghabhann le táirgeadh talmhaíochta, a dhíol ar mionreic,

(iii) ceantáil beodhíle, inseamnú saorga ainmhithe nó soláthar seirbhísí sonraithe, agus

(b) maidir le cumann iascaigh, idirbhearta d'aon aicme de na haicmí idirbheart seo a leanas:

(i) iasc úr nó iasc próisithe a dhíol ar mór-reic,

(ii) ceantáil nó iompar éisc,

(iii) díol earraí a úsáidtear chun iasc a ghabháil nó díol earraí sonraithe;

ciallaíonn “díol ar mór-reic” earraí d'aon aicme a dhíol le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála a sheolann sé.

(2)   (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Talmhaíochta, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go n-áireofaí é, chun críocha an ailt seo, mar chumann talmhaíochta d'ainneoin—

(i) gur lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn, nó

(ii) nach daoine den sórt a thuairiscítear i mír (a) (ii) den mhíniú ar “cumann talmhaíochta” atá i bhfo-alt (1) tromlach comhaltaí an chumainn.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go n-áireofaí é, chun críocha an ailt seo, mar chumann iascaigh d'ainneoin—

(i) gur lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn, nó

(ii) nach daoine den sórt a thuairiscítear i mír (a) (ii) den mhíniú ar “cumann iascaigh” atá i bhfo-alt (1) tromlach comhaltaí an chumainn.

(c) Sa mhíniú ar “idirbheartanna díolmhaithe” atá i bhfo-alt (1) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i ndeimhniú a thug an tAire Airgeadais ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

(d) Maidir le deimhniú faoi mhír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo:

(i) beidh éifeacht aige amhail ó cibé dáta, roimh nó tar éis an dáta ar a dtabharfar é, a bheidh luaite ann,

(ii) foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt, agus

(iii) féadfaidh an tAire Airgeadais é a chúlghairm tráth ar bith.

(e) I gcás deimhniú a chúlghairm faoi mhír (d), foilseofar fógra i dtaobh na cúlghairme a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil.

(3) Más rud é, i gcás trádáil a bhí á seoladh ag cumann, go raibh idirbhearta díolmhaithe ar na hidirbhearta a rinneadh aon bhliain nó tréimhse a mbeidh cuntais an chumainn déanta suas ina haghaidh, is bliain nó tréimhse ar chumann talmhaíochta nó cumann iascaigh an cumann ar a feadh, fágfar, chun críocha uile an Achta seo, gan áireamh an oiread de bhrabúis nó de ghnóchain nó de chaillteanas (de réir mar a bheidh) na bliana nó na tréimhse sin (arna ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D) agus is inchurtha i leith na n-idirbheart díolmhaithe.

(4) Maidir le haon trádáil, áireofar gurb é an méid de na brabúis de na gnóchain nó den chaillteanas is inchurtha i leith idirbheart díolmhaithe aon bhliana nó tréimhse an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan nó, de réir mar a bheidh, méid iomlán an chaillteanais, in aghaidh na bliana nó na tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir comhshuim na méideanna ab infhaighte ag an gcumann, de bhua na n-idirbheart sin, ó dhíol earraí nó ó sholáthar seirbhísí agus comhshuim na méideanna uile ab infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbheart sa bhliain nó sa tréimhse ó dhíol earraí nó ó sholáthar seirbhísí.

(5) I gcás ina mbeidh aon liúntais chaipitiúla nó aon mhuirir chothromaíochta faoi Chuid XVI le tabhairt nó le déanamh in aghaidh aon bhliana measúnachta agus cáin ioncaim á muirearú ar bhrabúis nó ar ghnóchain thrádála a bhí á seoladh ag cumann agus go bhfágfar faoin alt seo gan áireamh cionúireacht de bhrabúis nó de ghnóchain nó, de réir mar a bheidh, de chaillteanas na bonntréimhse, laghdófar go comhréireach méid na liúntas nó méid na muirear a thabharfaí nó a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo.

San fho-alt seo—

(a) ní fholaíonn an tagairt do liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt in aghaidh aon bhliana measúnachta tagairt do mhéid ar bith a tugadh anall ó aon bhliain roimhe sin,

(b) ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua an Achta seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin.

(6) Chun críocha uile Chaibidil IV de Chuid XXV, fágfar gan áireamh na méideanna uile is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó earraí a dhíol, ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbheart díolmhaithe, agus má tharlaíonn, i gcás ina dtabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim don chumann faoin gCaibidil sin, go mbeidh aon scair-ús iníoctha le hasbhaint chánach, ní bheidh feidhm ag alt 410 (2).

(7) I gcás ina n-éileoidh cumann faoiseamh ó cháin ioncaim de bhua an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcumann na leabhair, na taifid agus na doiciméid ina mbeidh eolas ar a idirbhearta trádála i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach eile a ainmneoidh siad, agus mura ndéanfaidh an cumann de réir an fhógra sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo.

Us a íoc gan cáin a asbhaint.

[1963, a.71.]

221. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon scair-ús nó ús iasachta a íocfaidh cumann íocfar é gan cáin a asbhaint agus muirearófar é faoi Sceideal D, Cás III:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon scair-ús nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá gnáthchónaí air.

(2)   (a) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 220, go n-éileoidh cumann go n-aisíocfar cáin faoi alt 496, i leith ús a d'íoc sé aon bhliain mheasúnachta, déanfar an méid is inaisíoctha a chinneadh ar an bhforas nach as brabúis nó gnóchain a muirearaíodh i leith cánach a íocadh an oiread sin den ús a bhí de bhreis aige ar an gcionúireacht iomchuí de.

(b) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh cumann, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, aon scair-ús nó ús iasachta, as a mbeidh cáin inbhainte, a íoc nó go ndéanfaidh sé aon íocaíocht bhliantúil eile, measfar nach as brabúis nó gnóchain a muirearaíodh a íocadh an oiread sin de chomhshuim mórmhéideanna na n-íocaíochtaí uile den sórt sin a bhí de bhreis acu ar chionúireacht iomchuí an chéanna agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 434.

Sa mhír seo ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as ar inbhainte cáin faoi alt 433 ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabúis nó gnóchain de chuid an duine a dhéanfaidh í.

(c) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cumann tar éis scair-ús nó ús iasachta (seachas ús iasachta a mbeidh éileamh déanta ina leith mar a luaitear i mír (a)) gan cáin a asbhaint de réir fho-alt (1), féadfaidh sé a éileamh, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, go ndéanfar an chionúireacht iomchuí den mhéid iomlán a íocadh amhlaidh, nó, in aon chás eile, an méid iomlán a íocadh amhlaidh, a bhaint as a ioncam iomlán don bhliain sin agus, i gcás ina ndéanfar éileamh den sórt sin, tabharfar aon fhaoiseamh iomchuí ó cháin trí aisíoc nó ar shlí eile.

Beidh feidhm ag alt 307 (5) (6), maidir le héileamh faoin mír seo mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le héileamh faoi alt 307, ach amháin nach gá foirm fhorordaithe a úsáid.

(d) Má tharlaíonn, maidir le haon bhliain mheasúnachta, gur mó méid an scair-úis agus an úis iasachta a bheidh le baint as ioncam iomlán cumainn faoin mír díreach roimhe seo ná méid an ioncaim iomláin sin, beidh éifeacht ag alt 316 ionann agus dá ndéanfaí an cumann a mheasúnú i leith cánach faoi alt 434 maidir le híoc na breise agus go raibh cáin íoctha aige faoin measúnacht sin ar mhéid na híocaíochta sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “an chionúireacht iomchuí” d'aon mhéid úis nó íocaíochta bliantúla a d'íoc cumann bliain mheasúnachta an chuid den mhéid sin a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir ioncam iomlán an chumainn don bhliain sin agus an méid ab ionann, mura mbeadh alt 220, agus méid ioncaim iomláin an chumainn don bhliain sin.

(f) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gurb é ioncam iomlán cumainn a ioncam iomlán ó gach bunadh chun críocha cánach ioncaim arna ríomh sa tslí ina ríomhfaí é dá mba phearsa aonair an cumann ach gan aird a thabhairt ar aon ús ná íocaíocht bhliantúil den sórt a luaitear i mír (a), (b) nó (c).

(g) Aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ús iasachta nó d'ús eile ní fholaíonn sí tagairt d'ús is inlamháilte mar asbhaint agus ríomh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála a bhí á seoladh ag an gcumann sin.

(h) An lú lá de Bhealtaine nó roimhe sin gach bliain, seachadfaidh gach cumann don chigire tuairisceán, i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ina dtaispeánfar—

(i) ainm agus áit chónaithe gach duine a ndearna an cumann cúig phunt nó níos mó a íoc leis mar scairús nó ús iasachta an bhliain mheasúnachta is déanaí a chríochnaigh roimh an 1ú lá sin de Bhealtaine, agus

(ii) an méid scair-úis nó úis iasachta den sórt sin a íocadh an bhliain sin le gach duine ar leith acu sin,

agus mura dtabharfar go cuí tuairisceán den sórt sin maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe, ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi mhír (c) i leith aon íocaíochtaí scair-úis nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus, mura slánófar é ar aon slí eile, féadfar méid aon asbhainte i leith aon íocaíochtaí den sórt sin ar tugadh faoiseamh faoina dtreoir faoin mír sin (c) a mheasúnú faoi Chás IV de Sceideal D agus a ghnóthú ón gcumann dá réir sin.

CUID XII

Forálacha Speisialta maidir le Pinsin, Scéimeanna Pinsin, Blianachtaí Scoir agus Blianachtaí Saoil Ceannaithe

Caibidil I

Aoisliúntas

Cistí aoisliúntais a dhíolmhú

[1921, a.32;

1940, a.7;

1958, a.38;

1959 (Uimh. 2), a. 13(2).]

222. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus aon rialachán faoi, lamhálfar díolmhadh ó cháin ioncaim i leith ioncam ó infheistíochtaí nó taiscí ciste aoisliúntais, agus, faoi réir a ndúradh roimhe seo, lamhálfar, nuair a bheidh sochair nó brabúis chun críche measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D nó faoi Sceideal E á ríomh, aon suim a d'íoc fostóir nó duine fostaithe ar mhodh ranníoca i leith ciste aoisliúntais a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa bhliain a íocadh an tsuim:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas faoin bhforáil roimhe seo maidir le haon ranníoc ag duine fostaithe nach gnáth-ranníoc bliantúil agus, i gcás nach gnáth-ranníoc bliantúil ranníoc ó fhostóir, déanfar, chun críche na forála roimhe seo, í a áireamh, mar a ordóidh na Coimisinéirí, mar chostas a tabhaíodh sa bhliain a íocadh an tsuim nó mar chostas a bheidh le roinnt thar cibé tréimhse blianta is cuí leis na Coimisinéirí.

(2) Déanfar, má ordaíonn na Coimisinéirí amhlaidh, cáin ioncaim is inmhuirir i leith blianachta a íocadh as ciste aoisliúntais le duine a chónaíonn sa Stát, a mheasúnú agus a mhuirearú ar an mblianachtóir faoi Sceideal E in ionad í a asbhaint agus a chur i gcuntas faoi alt 434 agus ríomhfar cáin ar mhéid iomlán na blianachta a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.

(3) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ciste aoisliúntais”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciste a cheadaigh na Coimisinéirí chun na gcríocha sin, agus, faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiadh seo, ní cheadóidh na Coimisinéirí aon chiste mura gcruthófar chun a sástacht—

(a) gur ciste bona fide an ciste a bunaíodh faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe i ndáil le trádáil nó gnóthas éigin a bhí á sheoladh sa Stát ag duine a raibh cónaí air ann;

(b) gurb é is aon-chuspóir don chiste blianachtaí a sholáthar do na daoine seo a leanas go léir nó d'aon duine áirithe díobh sna teagmhais a shonraítear faoi seach, is é sin le rá, do dhaoine ar fostú sa trádáil nó sa ghnóthas, ar scor dóibh nó ag aois shonraithe, nó ar theacht dóibh chun bheith éagumasaithe ag aois éigin níos óige, nó do bhaintreachta, do leanaí nó do chleithiúnaithe daoine atá nó a bhí fostaithe amhlaidh ar bhás na ndaoine sin;

(c) gur ranníocóir leis an gciste an fostóir sa trádáil nó sa ghnóthas;

(d) go dtugann an fostóir agus na daoine atá fostaithe sa trádáil nó sa ghnóthas aitheantas don chiste:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo, agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is oiriúnach leo a chur ag gabháil leis an gceadú, ciste, nó aon chuid áirithe de chiste, a cheadú mar chiste aoisliúntais chun críocha an ailt seo—

(i) d'ainneoin go ndéanann rialacha an chiste foráil le haghaidh ranníocaí a íocadh leis an gciste a chur ar ais i dteagmhais áirithe; nó

(ii) más é príomh-chuspóir an chiste blianachtaí mar a dúradh a sholáthar, d'ainneoin nach é an soláthar sin is aon-chuspóir dó; nó

(iii) d'ainneoin nach bhfuil an trádáil nó an gnóthas ar ina leith a bunaíodh an ciste ach á sheoladh go páirteach sa Stát agus sin ag duine nach gcónaíonn ann.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun an t-alt seo a chur in éifeacht agus, go sonrach, gan dochar do ghinearáltacht na forála roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) foráil a dhéanamh le cáin a mhuirearú agus a chur i gcuntas i leith ranníocai (lena n-áirítear ús) a aisíocadh le ranníocóir le ciste aoisliúntais agus ar chnapshuimeanna iad a íocadh mar iomalairt nó mar mhalairt ar bhlianachtaí is iníoctha as ciste aoisliúntais ionann agus dá mba é a bhí in aon suimeanna a aisíocadh nó a íocadh amhlaidh ioncam a bhain leis an mbliain a aisíocadh nó a íocadh iad;

(b) a cheangal ar na hiontaobhaithe nó ar na daoine eile ag a bhfuil bainistí chiste aoisliúntais, nó ar fhostóir a ndéanann a chuid fostaithe ranníoc le ciste iontaobhais, cibé eolas agus sonraí a sheachadadh do na Coimisinéirí a iarrfaidh na Coimisinéirí le réasún chun críocha an ailt seo;

(c) an tslí a fhorordú ina mbeidh éilimh ar fhaoiseamh faoin alt seo le déanamh agus le ceadú, agus ina mbeidh iarratais le déanamh chun ciste aoisliúntais a cheadú;

(d) foráil a dhéanamh le haghaidh ceadú a tharraingt siar i gcás ciste a scoirfidh de cheanglais an ailt seo a shásamh;

(e) foráil a dhéanamh lena chinneadh cad iad na ranníocaí le ciste aoisliúntais a bheidh le háireamh mar ghnáthranníocaí bliantúla chun críocha an ailt seo.

(5) San alt seo ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim.

Ranníocaí faoi chomhair costas sochar aoisliúntais.

[1922, a.31.]

223. —(1) Más rud é, de bhun aon reachta poiblí, gurb iníoctha aoisliúntais nó aiscí le pearsana aonair a shealbhaigh oifig nó fostaíocht ar scor dóibh, nó lena n-ionadaithe pearsanta dlíthiúla ar éag dóibh, agus go gceanglaítear ar na pearsana aonair sin le haon reacht den sórt sin ranníocaí a thabhairt faoi chomhair costas na liúntas agus na n-aiscí a sholáthar, féadfar na suimeanna a ranníocfaidh aon phearsa den sórt sin in aghaidh aon bhliana áirithe a asbhaint as an méid dá chuid díolaíochtaí a bheidh le measúnú i leith cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin:

Ar choinníoll, i gcás aon suimeanna den sórt sin a bheith le haisíoc le haon phearsa faoi údarás aon reachta den sórt sin, go ndéanfaidh an duine a aisíocfaidh nó trína n-aisíocfar na suimeanna méid a asbhaint as na suimeanna sin is comhionann le méid iomlán na cánach ioncaim a bheadh íoctha i leith na suimeanna sin dá mba rud é nár lamháladh mar asbhaintí iad faoi údarás an ailt seo, agus má aisíoctar na suimeanna sin maille le haon ús orthu, go ndéanfaidh sé freisin suim a asbhaint as an gcéanna is comhionann le méid iomlán na cánach ioncaim a bheidh íoctha i leith an úis sin dá mba rud é gur íocadh é iarbhír leis an bpearsa aonair sna blianta ar leithligh ar íocadh é ina leith, agus beidh feidhm ag forálacha alt 434 (2) (3) (4) (5) maidir leis na méideanna a asbhainfear amhlaidh a chur i gcuntas agus a ghnóthú.

(2) Duine ar bith ag a bhfuil coinneáil na leabhar ina bhfuil na measúnachtaí i leith cánach ioncaim ar aon phearsa aonair do na blianta ar leithligh a bhfuil suimeanna inaisíoctha leis ina leith mar a dúradh déanfaidh sé, d'ainneoin aon ní in aon dearbhú a rinne an duine sin de bhun alt 163, ar iarratas ón duine ag a bhfuil nó trína bhfuil na suimeanna inaisíoctha, cibé sonraí a thabhairt don duine sin is gá chun go bhféadfaidh sé an méid iomchuí cánach ioncaim a ríomh a bheidh le asbhaint agus le híoc aige mar a dúradh.

Ranníocaí agus sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh:

[1961, a.10.]

224. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, agus aon achtachán ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.

(2) Is iad na sochair lena mbaineann an t-alt seo pinsean baintrí (rannaíocach), liúntas dílleachta (ranníocach) agus pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha faoi na hAchtanna.

(3) Maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine faoi na hAchtanna mar ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach déanfar an méid sin de a bheidh íoctha aige i leith sochar lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, an duine sin don bhliain mheasúnachta a íocadh an ranníoc, agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin, agus déanfar ioncam iomlán an duine sin don bhliain mheasúnachta sin a ríomh dá réir sin chun críocha uile an Achta seo, agus ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile den Acht seo maidir le haon ranníoc ar féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an méid a bheidh le hasbhaint nó le fritháireamh a áireamh mar mhéid a laghdaíonn ioncam tuillte go príomha;

(b) i gcás breis a bheith ag an méid iomlán a bheidh le hasbhaint as ioncam, nó le fritháireamh in aghaidh ioncaim, duine phósta a gcónaíonn a bhanchéile leis nó a chónaíonn lena fearchéile ar ioncam iomlán an duine sin, go measfar gurb é atá sa bhreis méid a fhéadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, a asbhaint as ioncam, nó a fritháireamh in aghaidh ioncaim, bhanchéile nó fhearchéile an duine sin;

(c) maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine ar tharla dó dul faoi árachas chun críche pinsin seanaoise (ranníocach) tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú, nach ndéanfar aon asbhaint ná fritháireamh a lamháil i leith na coda de a íocadh i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(4) Measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Cuid IV de Chuid V, íocaíochtaí sochar lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Aon duine a mbeidh, de bhua aon fhoráil atá sna hAchtanna, asbhaint bainte as a luach saothair i leith aon ranníoca measfar, chun críocha an ailt seo (ach ní chun aon chríche eile) ranníoc is comhionann le méid na hasbhainte a bheith íoctha aige.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb í cuid d'aon ranníoc a íocadh i leith aon sochair nó i leith na sochar uile lena mbaineann an t-alt seo an chuid sin de a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

Dliteanas pinsean, etc., áirithe i leith cánach.

[1932. a.4(1).]

225. —I gcás duine a bheith tar éis scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta agus go bhfuil an duine faoina raibh sé i seilbh na hoifige sin nó ag a raibh sé fostaithe amhlaidh, nó go bhfuil oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí, nó comharbaí an duine sin, ag íoc pinsin, blianachta, nó íocaíochta bliantúla eile leis féin nó lena bhaintreach nó lena leanbh nó le héinne dá ghaolta nó dá chleithiúnaithe, ansin d'ainneoin go bhfuil an pinsean, an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile sin á íoc go saorálach nó go bhféadfaí scor dá íoc measfar gur ioncam é chun críche measúnachta cánach ioncaim agus déanfar é a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E de réir mar is gá sa chás.

Caibidil II

Sochair Scoir agus Sochair Eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe

Léiriú.

[1958, Cuid V, a.31.]

226. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith atá le bheith nó a bhí ina stiúrthóir;

ciallaíonn “luach saothair deiridh”, maidir le stiúrthóir nó fostaí ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir, agus folaíonn sé duine atá le bheith nó a bhí ina fhostaí;

ciallaíonn “luach saothair deiridh”, maidir le stiúrthóir nó fostaí comhlachta chorpraithe, meán-mhéid bliantúil a luach saothair ón gcomhlacht corpraithe ar feadh na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís leis an gcomhlacht corpraithe, agus glacfar gurb é méid luach saothair dhuine in aghaidh aon bhliana áirithe an méid de a mbeadh sé inmheasúnaithe ina leith faoi fhorálacha an Achta seo, dá gceanglódh na forálacha sin gur ar bhrabúis nó gnóchain na bliana sin agus nach ar bhrabúis nó gnóchain aon bhliana nó tréimhse eile a bhunófaí an mheasúnacht arna laghdú d'aon asbhaint (seachas asbhaint faoi alt 222 nó faoi alt 233) ab inlamháilte le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh faoin Acht seo, agus d'aon asbhaintí ab inlamháilte i leith caithimh agus cuimilte aon inneallra nó gléasra: Ar choinníoll nach bhfolóidh luach saothair, gcás stiúrthóra chuideachta, aon táille stiúrthóra nó luach saothair dá shamhail a fuair sé ina cháil mar stiúrthóir den sórt sin;

ciallaíonn “stiúrthóir páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, stiúrthóir nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “fostaí páirt-aimsire” maidir le comhlacht corpraithe, fostaí nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “stiúrthóir dílseánach” stiúrthóir cuideachta arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scairchaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “fostaí dílseánach”, maidir le cuideachta, fostaí arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scairchaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “sochar scoir nó sochar eile” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó sochar eile dá shamhail a bheidh le tabhairt ar scor nó in oirichill scoir, nó, i ndáil le seirbhís san am a caitheadh, tar éis scoir, nó ar bhás nó i ndáil le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir, nó bheidh le tabhairt ar aon athrú nó in oirichill aon athrú nó i ndáil le haon athrú a theacht ar sheirbhís an duine iomchuí, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce, ná sochar eile dá shamhail sin a bheidh le tabhairt de dhroim amháin bás nó éagumas duine ó thionóisc a tharlóidh de dhroim nó i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta agus ní de dhroim aon chúise eile;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar fhostaí don comhlacht corpraithe iomchuí nó mar stiúrthóir ar an gcomhlacht sin agus forléireofar “scor” dá réir sin;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais reachtúil” scéim atá curtha ar bun le haon achtachán a bhaineann le haoisliúntas nó faoi.

(2) Chun críocha na mínithe atá i bhfo-alt (1) ar “stiúrthóir dílseánach” agus “fostaí dílseánach”—

(a) gnáth-scairchaipiteal atá ar úinéireacht nó faoi rialú mar a deirtear sna mínithe ag duine arb é céile stiúrthóra nó fostaí é nó ar naíon le stiúrthóir nó fostaí é nó is iontaobhaí ar iontaobhas chun sochair duine nó daoine arb eisean, nó ar a bhfuil, aon duine den sórt sin nó an stiúrthóir nó an fostaí sin, measfar gurb é an stiúrthóir nó an fostaí sin agus nach aon duine eile an duine a bhfuil sé ar úinéireacht aige nó faoina rialú, agus

(b) ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” an caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) na cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocair nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta chánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

(3) I gcás athrú a bheith déanta ar scéim shochar scoir tráth ar bith i ndiaidh an 23ú lá d'Aibreán, 1958, measfar, chun críocha na Caibidle seo, gur scéim nua an scéim a tháinig i ngníomh dáta an athraithe, ach ní bhainfidh an fo-alt seo le hathrú a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Aon tagairt sa Chaibidil seo do shochair scoir nó do shochair eile a sholáthar do dhuine folaíonn sí tagairt do shochair is iníoctha le céile, leanaí, cleithiúnaithe nó ionadaithe pearsanta dlíthiúla an duine sin a sholáthar.

(5) Aon tagairt sa Chaibidil seo do shochair scoir nó do shochair eile nó do phinsean nó do bhlianacht a sholáthar ag comhlacht corpraithe folaíonn sí tagairt don soláthar sin a dhéanamh trí chonradh le tríú duine.

(6) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí neamhchorpraithe nó le comhlachtaí eile mar atá feidhm aici maidir le comhlachtaí corpraithe, ach measfar nach bhfolaíonn an tagairt san fho-alt seo do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó do chomhlachtaí eile tagairt do phearsana aonair i gcomhpháirtíocht.

Muirearú i leith cánach i leith soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do stiúrthóirí agus d'fhostaithe comhlachtaí corpraithe.

[1958, a. 32.]

227. —(1) Faoi réir alt 228, má tharlaíonn, de bhun scéime chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóirí nó fostaithe comhlachta chorpraithe (dá ngairtear scéim sochar scoir sa Chaibidil seo), go n-íocfaidh an comhlacht corpraithe in aon bhliain mheasúnachta áirithe suim chun aon sochair den sórt sin a sholáthar d'aon stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht, ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teagmhas)—

(a) maidir leis an tsuim a bheifear tar éis a íoc, mura mbeidh sí inmhuirir i leith cánach ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí sin don bhliain mheasúnachta sin an tsuim sin agus go bhfuil sí inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D; agus

(b) más íocaíocht faoi aon árachas nó conradh den sórt a luaitear in alt 143 nó 151, an íocaíocht, tabharfar faoiseamh, muran inlamháilte ar shlí eile é, don stiúrthóir nó don fhostaí faoi alt 143 nó 151, cibé acu é, i leith na híocaíochta agus tabharfar an oiread faoisimh, más aon fhaoiseamh é, agus ab inlamháilte dó dá mb'eisean a rinne an íocaíocht agus gur leis a rinneadh an t-árachas nó an conradh faoina ndearnadh an íocaíocht.

(2) Faoi réir alt 228, i gcás—

(a) comhaontú a bheith i bhfeidhm idir comhlacht corpraithe agus stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht sin chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile dó san am le teacht faoi scéim sochar scoir, nó duine a bheith ag fónamh mar stiúrthóir nó fostaí ag comhlacht corpraithe a bhfuil scéim sochar scoir ann maidir leis, a bhaineann le daoine den aicme ar di é agus faoina soláthrófar aon sochair den sórt sin dó,

(b) nach ndéanann an comhlacht corpraithe, nó nach ndéanann sé go hiomlán, soláthar na sochar a urrú trí shuimeanna den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a íoc, agus

(c) nach imthosca ina bhfaibhreoidh na sochair imthosca a fhágfaidh cáin ioncaim a bheith inmheasúnaithe ar na sochair mar dhíolaíochtaí óna oifig mar stiúrthóir nó óna fhostaíocht,

ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochair ar aon teaghmhas áirithe), gach bliain mheasúnachta a bheidh an comhaontú i bhfeidhm nó a bheidh an stiúrthóir nó an fostaí ag fónamh mar a dúradh anuas go dtí an bhliain mheasúnachta, agus an bhliain mheasúnachta sin freisin, a fhaibhreoidh na sochair nó scoirfidh aon seans de bheith ann go bhfaibhreoidh siad, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí don bhliain sin, agus is ioncam arb inmheasúnaithe cáin ioncaim ina leith faoi Chás IV de Sceideal D, suim cóimhéid leis an tsuim bhliantúil a bheadh ar an gcomhlacht corpraithe a íoc an bhliain sin faoi chonradh le tríú duine ag urrú soláthar na sochar sin ag an tríú duine sin nó, cibé acu é, an oiread de na sochair sin nach mbeidh urraithe cheana trí íoc na suimeanna sin a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) I gcás ina n-íocfaidh an comhlacht corpraithe aon suim a luaitear i bhfo-alt (1) maidir le stiúrthóirí nó fostaithe iomaí, déanfar, chun críocha an fho-ailt sin, an tsuim a íocfar amhlaidh a chionroinnt eatarthu faoi threoir na suimeanna faoi leith a chaithfí a íoc chun a urrú go ndéanfaí na sochair ar leith a sholáthar dóibh faoi seach, agus, chun na críche sin, measfar an chuid den tsuim a chionroinnfear ar gach duine faoi leith díobh a bheith íoctha ar leithligh maidir leis an duine áirithe sin díobh.

Díolúintí ó mhuirear cánach faoi alt 227.

[1958, a. 33.]

228. —(1) Beidh na híocaíochtaí seo a leanas díolmhaithe ó oibriú:

(a) íocaíochtaí le ciste aoisliúntais a bheidh ceadaithe (go hiomlán nó go páirteach) ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha alt 222;

(b) íocaíochtaí ar mhodh préimhe de bhun scéime sochar scoir, a bhfuil na sochair fúithi urraithe trí phréimheanna is iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe, le ranníocaí nó gan ranníocaí ó na stiúrthóirí nó na fostaithe lena mbaineann, faoi chonarthaí árachas saoil nó dearlaice nó blianachtaí saoil, agus is scéim a bhí i ngníomh roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1958,

faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm ag mír (b) maidir le híocaíocht i leith stiúrthóra nó fostaí a ligeadh nó a ligfear chun bheith ina chomhalta den scéim tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1959, ná maidir le duine arb éard é, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta—

(i) stiúrthóir dílseánach,

(ii) stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) fostaí dílseánach, nó

(iv) fostaí páirt-aimsire.

(2)   (a) Ní bheidh feidhm ag alt 227 (1) ná ag alt 227 (2) ar shlí go mbeidh aon tsuim le háireamh mar ioncam mar a luaitear ansin i gcás inarb éard í an scéim sochar scoir a bheidh i gceist—

(i) scéim aoisliúntais reachtúil,

(ii) scéim eiscthe, nó

(iii) scéim a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn “scéim eiscthe” scéim sochar scoir a bhaineann le daoine nach stiúrthóir dílseánach, stiúrthóir páirt-aimsire, fostaí dílseánach ná fostaí páirt-aimsire aon duine díobh agus nach cead, de réir a téarmaí, luach comhiomlán na sochar uile is féidir a sholáthar d'aon duine a bheith níos mó ná £3,000 (i gcás ina bhfuil níos mó ná scéim sochar scoir amháin ann de thuras na huaire maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhaineann le daoine den aicme chéanna, measfar gur scéim amháin chun críocha an mhínithe seo na scéimeanna sin go léir i dteannta a chéile).

(3) I gcás—

(a) ina mbeifear, maidir le soláthar faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do stiúrthóir nó fostaí, tar éis a mheas gur ioncam dá chuid de bhua alt 227 (1) nó 227 (2) suim (dá ngairtear an tsuim mhuirearaithe san fho-alt seo),

(b) go gcruthóidh an stiúrthóir nó an fostaí dá éis sin do na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, nach ndearnadh aon íocaíocht i leith, ná in ionad, na sochar agus gur tharla teaghmas éigin a thugann nach ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin, agus

(c) go n-iarrfaidh an stiúrthóir nó an fostaí faoiseamh faoin bhfo-alt seo laistigh de thrí bliana ón am a tharla an teagmhas sin,

tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh i leith cánach ar an tsuim mhuirearaithe trí aisíoc nó ar shlí eile mar is iomchuí; agus má shásaíonn an stiúrthóir nó an fostaí na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc na Coimisinéirí Speisialta, mar a dúradh maidir le cuid áirithe éigin de na sochair is lú ná a n-iomlán, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncaim cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir, réasúnach.

(4) I gcás ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas, de bhua fo-alt (1) nó fo-alt (2) d'alt 227, gur ioncam le fostaí in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe aon suim áirithe, ach, maidir leis an mbliain sin, nach bhfuil, faoi fhorálacha an Achta seo, cáin ioncaim inmheasúnaithe ar an bhfostaí i leith díolaíochtaí a fhostaíochta nó gur ar fhoras an mhéid a fuair sé sa Stát is inmheasúnaithe amhlaidh í, ní bheidh d'fheidhm ag an bhfo-alt sin go mbeidh sé le meas gur ioncam dá chuid in aghaidh na bliana sin an tsuim sin.

Scéimeanna sochar scoir a cheadú.

[1958, a. 34.]

229. —(1) Faoi réir alt 230, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim sochar scoir chun críocha na Caibidle seo má chruthaítear dóibh go gcomhlíonann an scéim na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) go bhfuil an scéim bunaithe in ndáil le trádáil nó gnóthas a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát ag comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát chun críocha cánach ioncaim;

(b) nach féidir le sochair na scéime faibhriú ach—

(i) do stiúrthóirí nó d'fhostaithe an chomhlachta chorpraithe ar scor dóibh, ar aois shonraithe (nach mó ná seachtó bliain) a shlánú dóibh, nó ar theacht faoi éagumas buan níos óige ná sin dóibh, nó

(ii) do bhaintreacha, do chlann nó do chleithiúnaithe eile nó d'ionadaithe pearsanta dlíthiúla daoine atá nó a bhí ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe don chomhlacht corpraithe, ar éag do na daoine sin;

(c) go bhfuil ceart sonraithe chun sochar sonraithe faoin scéim ag gach duine lena mbaineann an scéim agus gur cuireadh téarmaí na scéime in iúl dó;

(d) gur mar a chéile, maidir leis na daoine uile lena mbaineann an scéim, an saghas sochar a thugtar faoin scéim;

(e) gurb é an comhlacht corpraithe a íocann trian ar a laghad den chostas a bhaineann le soláthar na sochar is iníoctha faoin scéim le gach duine, nó maidir le gach duine, lena mbaineann an scéim;

(f) nach cead aon suim a d'íoc an comhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim a chur chun aon chríche eile ná a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe;

(g) i gcás aon stiúrthóir nó fostaí do dhéanamh ranníoca i leith costas soláthair na sochar faoin scéim, nach cead aon suim a ranníoc aon duine amhlaidh a chur chun aon chríche eile seachas soláthar na sochar sin ná a aisíoc leis;

(h)      (i) nach cead luach comhiomlán na sochar uile a d'fhéadfadh faibhriú chun aon duine ar scor dó a bheith níos mó ná suim is comhionann, ar dháta an scoir sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid leis an seascadú cuid dá luach saothair deiridh arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse, nó ná suim is comhionann, ar an dáta sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid le dhá dtrian a luach saothair deiridh cibé acu sin is lú, agus

(ii) nach mó luach na sochar, más ann, a thugtar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ná ceathrú cuid an luacha chomhiomláin sin;

(i) nach bhféadfaidh luach comhiomlán na sochar uile (dá ngairtear sochair báis san fhomhír seo), a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, a bheith níos mó ná luach na sochar d'fhéadfaí, de réir an choinníll at i mír (h) (i) a sholáthar dó ar scor dó ar an aois shonraithe a shlánú, dá leanadh sé de bheith ag fónamh nó go slánódh sé an aois sin de réir ráta bhliantúil luach saothair comhionann lena luach saothair deiridh, agus nach bhféadfaidh luach na sochar báis uile sin a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe a bheith níos mó ná cibé suim acu seo a leanas is mó:

(i) £1,000,

(ii) méid is comhionann le luach saothair deiridh an duine,

(iii) suim is comhionann leis an tríochadú cuid de luach saothair deiridh an duine arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse nó faoi dhaichead a cúig, cibé acu is lú,

(iv) méid is comhionann le comhiomlán na suimeanna a ranníoc an duine faoin scéim, mar aon le hús réasúnach ar na suimeanna sin;

(j)      (i) nach bhféadfaidh comhiomlán na sochar uile a fhéadfaidh faibhriú, ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó, a bheith níos mó ná suim is comhionann le luach comhiomlán na sochar ar tháinig an duine sin ina dteideal ar scor dó arna laghdú de shuim iomlán na n-íocaíochtaí uile a rinneadh nó a bhí dlite suas go dtí dáta báis an duine sin i leith na sochar sin, nó

(ii) gurb é an t-aon-sochar a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó pinsean neamhiomalartaithe dá bhaintreach nó do chleithiúnaí eile agus arb é méid é méid nach mó ná leath an phinsin nó na blianachta a raibh an duine sin ina theideal tráth a bháis;

(k) nach insannaithe go hiomlán ná go páirteach na pinsin ná na blianachtaí a sholáthraítear faoin scéim;

(l) go bhfuil foráil sa scéim á áirithiú nach ngéillfear, go hiomlán ná go páirteach, aon chearta chun aon tsochair a soláthraíodh nó a sholáthrófar faoin scéim (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú an tsochair ar theagmhas); agus

(m) nach bhféadfar seirbhís ar bith ag duine in aon fheidhmeannas an fad is—

(i) stiúrthóir dílseánach,

(ii) stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) fostaí dílseánach, nó

(iv) fostaí páirt-aimsire, é a chur san áireamh chun aon cheann de chríocha na scéime.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, ag féachaint do chúinsí an cháis áirithe, agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, scéim sochar scoir chun críocha na Caibidle seo a cheadú d'ainneoin feidhm a bheith ag mír nó míreanna acu seo a leanas:

(a) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (a) a bheith gan chomhlíonadh,

(b) cé gurb é príomh-chuspóir na scéime soláthar sochar nach bhféadfaidh faibhriú ach sna cúinsí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), nach é an soláthar sin aon-chuspóir na scéime,

(c) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (f) a bheith gan chomhlíonadh toisc, más mó na suimeanna a bheidh íoctha ag an gcomhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim i leith aon duine nó daoine ná an méid is gá chun sochair a sholáthar de réir na scéime don duine nó do na daoine sin, go bhféadfar suim i leith na breise a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe,

(d) go bhfuil an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (g) gan chomhlíonadh toisc go bhféadfar suimeanna a ranníoc stiúrthóir nó fostaí a aisíoc leis (mar aon le hús réasúnach air nó dá éagmais sin) ar dheireadh a bheith lena sheirbhís i gcúinsí de shaghas nach dtiocfaidh sé i dteideal pinsin is iníoctha láithreach nó ar dháta éigin le teacht,

(e) i gcúinsí faoi leith féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfaidh faibhriú, ar stiúrthóir nó fostaí do scor, dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (h) (i) nó féadfaidh luach na sochar sin a thabharfar ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomlartaithe dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (h) (ii),

(f) féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (i),

(g) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (m) a bheith gan chomhlíonadh maidir le stiúrthóir páirt-aimsire nó fostaí páirt-aimsire,

ar choinníoll go gcomhlíonann an scéim ar shlite eile na coinníollacha atá i bhfo-alt (1) agus go bhfuil na híocaíochtaí go léir faoin scéim le daoine lena mbaineann an scéim iníoctha ag duine nó trí dhuine a chónaíonn, chun críocha cánach ioncaim, sa Stát.

(3) Nuair a bheidh a gceadú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim i leith scéime, féadfaidh siad tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn chun an chomhlachta chorpraithe lena mbainfidh, a gceadú a aistarraingt ar cibé forais agus amhail ó cibé dáta (ar a n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar san fhógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin bhfo-alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach ag féachaint d'alt 227 de dhroim na haistarraingte sin.

Scéimeanna comhshuimithe agus eadarscartha.

[1958, a. 35.]

230. —(1) Déanfar na tagairtí atá sa Chaibidil seo do scéim sochar scoir a fhorléiriú de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí do scéim den sórt sin a fhorléiriú, maidir le gníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do daoine de dhá aicme nó níos mó, mar thagairtí don méid sin den chéanna a bhaineann le daoine d'aicme amháin, agus, dá réir sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, dhá scéim sochar scoir nó níos mó a bhaineann faoi seach leis na haicmí éagsúla a bheith comhdhéanta i ngníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanann soláthar den sórt sin;

(b) folaíonn tagairtí do scéim den sórt sin tagairtí do ghníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe, nó do chomhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóir nó fostaí, nó stiúrthóirí nó fostaithe, comhlachta chorpraithe (nó, i gcás lena mbaineann mír (a), don méid sin den chéanna a bhaineann le duine nó daoine d'aon aicme áirithe), d'ainneoin nach mbaineann sé nó siad ach le líon beag stiúrthóirí nó fostaithe, nó le stiúrthóir nó fostaí amháin.

(2) Chun a chinneadh, i gcás scéime sochar scoir a chuirfear faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim lena ceadú, cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a shonraítear in alt 229 (1) comhlíonta, breithneofar an scéim i dteannta aon scéime nó scéimeanna eile a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhainfidh le daoine den aicme lena mbainfidh an scéim a bheidh i gceist agus má bhíonn na coinníollacha sin comhlíonta i gcás na scéimeanna uile agus iad a ghlacadh le chéile, measfar go bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta i gcás gach scéime díobh, agus, mura mbeidh, measfar nach bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta i gcás aon scéime díobh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo—

(a) cuid de scéim sochar scoir a cheadú, nó

(b) scéim den sórt sin a cheadú, d'ainneoin é a bheith, ag féachaint do scéim eile dá sórt a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, le meas, de bhua fo-alt (2), nach gcomhlíonann an scéim a bheidh i gceist na coinníollacha réamhráite,

agus measfar go bhfolaíonn tagairtí sa Chaibidil seo do scéim sochar scoir a ceadaíodh faoi alt 229 tagairtí do chuid de scéim a ceadaíodh faoin bhfo-alt seo.

Measfar gurb ioncam suimeanna áirithe.

[1958, a. 36.]

231. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le halt 229 (2) i gcás lena mbaineann alt 229 (2) (e).

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochar scoir a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí ar scor dó, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoi na scéimeanna sochar scoir uile lena mbainfidh an t-alt seo ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (h) (ii), measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoirfidh sé an bhreis sin (dá ngairtear an bhreis ina dhiaidh seo san alt seo) agus gurb inmheasúnaithe í i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí, ar na fíorais iomchuí a bheith cruthaithe do na Coimisinéirí Ioncaim, go ndéanfar iomlán na cánach ioncaim agus na forchánach is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta a laghdú go dtí iomlán an dá shuim seo a leanas:

(i) an méid cánach ioncaim agus forchánach ab iníoctha aige dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) cáin ioncaim agus forcháin ar mhéid na breise de réir rátaí a dhéanfar amach faoi seach ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (3).

(3) Ríomhfar:

(a) na méideanna cánach ioncaim agus forchánach faoi seach ab iníoctha ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí don bhliain mheasúnachta a scoir sé mura mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin don bhliain sin aon luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht óna mbeidh sé tar éis scor, ach go raibh ar áireamh ann íocaíocht bliana iomláine den bhlianacht nó den phinsean neamhiomalartaithe a soláthraíodh dó, má soláthraíodh, ar scor dó, agus

(b) na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach, de bhreis ar na suimeanna a ríomhfar de réir mhír (a) ab iníoctha aige dá mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta, i dteannta an ioncaim a shonraítear sa mhír sin, íocaíocht bhliana iomláine de phinsean ar feadh a shaoil (dá ngairtear an measphinsean ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ar chomhionann leis an mbreis a luach ar dháta a scoir,

agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha mhír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a ríomh ansin trí na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir mhír (b), a roinnt ar mhéid an mheas-phinsin.

(4)   (a) Bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise amhail is dá mba éard í an íocaíocht sin íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(b) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do dhliteanas an stiúrthóra nó an fhostaí iomchuí a bheith inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim de bhua an ailt seo faoi Chás IV de Sceideal D, ná don méid a bhféadfar cáin a mheasúnú amhlaidh air ina leith, ach, chun críocha bailiúcháin, tabharfar creidiúint dó sa mhéid a asbhainfear agus a dtabharfar cuntas ina leith faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar scor do stiúrthóir nó d'fhostaí nó i ndáil le scor stiúrthóra nó fostaí, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Baint alt 434 le híocaíochtaí áirithe.

[1958, a. 37.]

232. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim trí na cumhachtaí a thugtar dóibh le halt 229 (2) a fheidhmiú, i gcás lena mbaineann alt 229 (2) (f).

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochar scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú alt 227, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (i), bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise sin amhail is dá mba éard í an íocaíocht íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(3) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo go ndéileálfar, chun aon cheann de chríocha an Achta seo, le haon bhreis den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) mar ioncam le hionadaí pearsanta dlíthiúil an stiúrthóra nó an fhostaí éagtha nó le haon duine eile.

(4) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar ar, nó i ndáil le, stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Ranníocaí a lamháil mar asbhaintí, etc.

[1958, a. 38.]

233. —(1) I gcás ina ndéanfaidh stiúrthóir nó fostaí ranníoc, faoi théarmaí scéime sochar scoir a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229, i leith costas soláthair shochar na scéime, déanfar aon suim a ranníocfaidh an stiúrthóir nó an fostaí sin amhlaidh, a lamháil, chun críocha measúnachta faoi Sceideal E, mar asbhaint as an luach saothair óna oifig nó óna fhostaíocht agus déanfar an asbhaint sin de réir alt 112, ach

(a) déanfar méid (dá ngairtear an méid sin ina dhiaidh seo sa mhír seo), is inlamháilte ar shlí eile faoin bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, is é sin, méid aon asbhainte nó asbhaintí, a laghdú (ar a n-áirítear a laghdú go nialas), más gá sin, ionas nach mó iomlán an mhéid sin agus na hasbhainte, más aon asbhaint é, is inlamháilte don bhliain mheasúnachta chéanna faoi alt 222 (1), i leith ranníoc a rinneadh le ciste aoisliúntais a bhaineann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna ná 15 faoin gcéad den luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht iomchuí don bhliain, nó don chuid de bhliain, ar ina leith a rinneadh na ranníocaí iomchuí, agus

(b) ní inlamháilte aon asbhaint i leith ranníoc a aisíocfar roimh dheireadh na bliana measúnachta a dhéanfar é.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníocaí a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fho-alt (1) a aisíoc leis i rith a shaoil—

(a) beidh feidhm ag alt 434 maidir le méid na ranníoc a aisíocfar ionann agus dá mba íoc é ar ús a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an t-aisíoc cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin,

(b) chun críocha cánach ioncaim (gan forcháin a áireamh) ní dhéanfar méid na ranníoc a aisíocfar a áireamh mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, ach ar é do dhéanamh éilimh air, beidh teideal aige go n-aisíocfar leis an oiread sin den cháin a asbhaineadh faoi mhír (a) is breis ar shuim ar cóimhéid le cáin ar mhéid na ranníoc a aisíocadh, gan aon ranníocaí ná codanna de ranníocaí a áireamh nárbh inlamháilte mar asbhaintí faoi fho-alt (1), de réir ráta a dhéanfar amach trí iomlán na suimeanna breise cánach ioncaim ab iníoctha aige in aghaidh na sé bliana measúnachta roimh an mbliain a aisíocadh na ranníocaí mura lamhálfaí aon asbhaint faoin bhfo-alt sin (1) faoi threoir na ranníoc sin a íoc, ar iomlán na n-asbhaintí a lamháladh iarbhír amhlaidh in aghaidh na mblianta sin, agus

(c) chun críocha forchánach, déanfar na ranníocaí a bheidh aisíoctha a áireamh, sa mhéid gur lamháladh mar asbhaintí iad faoi fho-alt (1), mar ioncam sna blianta leithleacha measúnachta ar lamháladh dóibh amhlaidh iad agus féadfar aon mheasúnachtaí eile is gá i leith forchánach a dhéanamh dá réir sin.

Sonraí scéimeanna sochar scoir a se achadadh, etc.

[1958, a. 39; 1963, Sc. 6, Cuid III.]

234. —(1) Beidh de dhualgas ar chomhlacht corpraithe—

(a) sonraí a thabhairt don chigire, laistigh den trí mhí dar tosach an dáta a thiocfaidh an scéim i bhfeidhm, i dtaobh aon scéime sochar scoir a thiocfaidh ann an 6ú lá d'Eanáir, 1967, nó dá éis sin, seachas scéim a oibrítear trí chiste a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 222, nó faoi scéim aoisliúntais reachtúil, agus

(b) nuair a cheanglófar air é trí fhógra ón gcigire sin a dhéanamh, cibé sonraí breise a thabhairt, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, a iarrfaidh an cigire le réasún i dtaobh aon scéime sochar scoir a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe nó leis na daoine lena mbaineann sí.

(2) I gcás ina mbeidh scéim sochar scoir ceadaithe de thuras na huaire chun críocha na Caibidle seo, beidh sé de dhualgas ar an duine ag a mbeidh bainistí na scéime, nuair a cheanglófar air é trí fhógra ón gcigire sin a dhéanamh, cibé sonraí maidir le hoibriú na scéime a iarrfaidh an cigire le réasún, a thabhairt laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, lena n-áirítear (go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo)—

(a) sonraí íocaíochtaí a rinneadh chun sochair a sholáthar faoin scéim,

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh i leith nó ar cuntas sochar faoin scéim agus sonraí daoine lena ndearnadh na híocaíochtaí, agus

(c) sonraí ranníocaí a aisíocadh faoin scéim agus sonraí aon úis a íocadh ar na ranníocaí sin.

(3) I gcás ina mbainfidh comhlacht corpraithe as na sochair a íocfaidh sé le haon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe, nó ina n-íocfaidh sé thar ceann an duine sin, aon ranníocaí de chuid an stiúrthóra nó an fhostaí sin faoi scéim sochar scoir cheadaithe, cuirfear sonraí na hasbhainte nó na híocaíochta sa tuairisceán iomchuí pá agus tuarastal a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 178.

Caibidil III

Blianachtaí Scoir

Blianachtaí scoir (faoiseamh i leith préimheanna).

[1958, a. 40; 1959, a. 68 (1) (i).]

1867, c. 144.

235. —(1) Má tharlaíonn—

(a) go mbeidh (nó go mbeadh mura mbeadh neamhdhóthanacht bhrabús nó ghnóchan) cáin inmhuirir ar phearsa aonair i leith tuillimh iomchuí ó aon trádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a bhí á seoladh aige nó ina sheilbh, agus

(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomhshochar a urraítear leis blianacht saoil don phearsa aonair ina sheanaois (dá ngairtear préimh cháilitheach ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo),

féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 236.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh mura dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, is é sin, go ndearna an pearsa aonair é le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é—

(a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin, i rith saoil na pearsan aonair aon suim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa,

(b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair le tosú sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú,

(c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon suimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan aonair agus aon suimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa aonair nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis,

(d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan aonair, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa aonair, nó

(e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra,

agus nach bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú. d'ainneoin go ndéanann foráil a bheith sa chonradh i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan aonair, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan;

(b) go n-íocfar leis an bpearsa aonair blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon tslí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige;

(c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige);

(d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionnrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile;

(e) i gcás blianacht atá le leanúint i bhfeidhm ar feadh téarma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaithe pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach, nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastáit.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena bhfuil an conradh déanta, coinníoll—

(a) gur faoi dhlíthe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim,

(b) gur bunaíodh an scéim ar mhaithe le pearsana aonair a bhíonn ag gabháil do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais foshochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus

(c) go bhfuil an scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsan aonair iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsan aonair, den sórt sin atá sa Stát,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena bhfuil an conradh déanta; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche a dúradh faoi scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na daoine ag a mbeidh nó lena mbeidh préimheanna iníoctha faoi aon chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo nó do na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag á mbeidh bainistí aon scéime a bheidh ceadaithe amhlaidh, an ceadú sin a aistarraingt ar cibé forais agus ó cibé dáta (lena n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar san fhógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach chun aon fhaoiseamh a aistarraingt a tugadh faoin gCaibidil seo de dhroim an cheadaithe.

(6) Chun críocha na Caibidle seo, ní áireofar tuilleamh iomchuí mná pósta mar thuilleamh iomchuí de chuid a fearchéile d'ainneoin go n-áireofar gur ioncam dá chuid a hioncam is inmhuirir i leith cánach.

(7) Faoi réir fho-alt (6) agus chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, aon ioncam dá chuid is inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist, agus is—

(a) ioncam de bharr luach saothair ó oifig nó fostaíocht bhrabúis atá aige agus nach oifig nó fostaíocht inphinsin, nó

(b) ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le díolaíochtaí nó is cuid de dhíolaíochtaí, aon oifige nó fostaíochta brabúis den sórt sin atá aige, nó

(c) ioncam is inmhuirir faoi Sceideal B nó Sceideal D agus a fhaigheann sé díreach óna thrádáil, a ghairm a dhéanamh nó a chleachtadh ina aonar nó, i gcás comhpháirtíochta, mar chomhpháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht sin, nó

(d) ioncam a áirítear mar ioncam tuillte de bhua alt 2 (2) (c),

ach ní fholaíonn sé aon luach saothair ó chuideachta infheistíochta—

(i) ar stiúrthóir dílseánach, mar mhínítear sin in alt 226, uirthi é, nó

(ii) ar fostaí dílseánach, mar mhínítear sin san alt sin, di é.

San fho-alt seo, ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta ar ioncam ó infheistíochtaí formhór a hioncaim, agus ciallaíonn “ioncam ó infheistíochtaí” ioncam nárbh ioncam tuillte dá mba phearsa aonair an chuideachta.

(8) Chun críocha na Caibidle seo, is oifig nó fostaíocht inphinsin oifig nó fostaíocht más rud é, agus amháin más rud é, gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce an tseirbhís inti (nach scéim a bhfuil de theorainn leis na sochair a sholáthraítear fúithi i leith na seirbhíse sin gur cnapshuim is iníoctha ar an tseirbhís a fhoirceannadh trí bhás a fháil sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú ná sin, nó trí mhíchumas sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú lá ná sin); ach tá feidhm le tagairtí d'oifig nó d'fhostaíocht inphinsin cibé acu a chomhlíontar go hiomlán nó go páirteach sa Stát na dualgais nó cibé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar an sealbhóir ina leith.

Chun críocha an mhínithe seo, ní mheasfar gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce seirbhís in oifig nó i bhfostaíocht de bhrí amháin go bhféadfadh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta a bheith (cé nach bhfuil sé) páirteach sa scéim trí rogha atá aige de bhua na seirbhíse sin a fheidhmiú nó a fhágáil gan fheidhmiú.

(9) I bhfo-alt (8) den alt seo agus i Sceideal 5 ciallaíonn “scéim aoisliúntais faoi choimirce” scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le seirbhís in oifigí nó fostaíochtaí áirithe agus arb é a cuspóir nó ceann dá cuspóirí soláthar a dhéanamh i leith daoine atá ag fónamh ann in oirichill scoir, nó páirt-scoir, san am le teacht, in oirichill foirceannadh seirbhíse san am le teacht mar gheall ar bhás nó míchumas, nó in oirichill rudaí dá samhail sin, agus is scéim nó comhshocraíocht faoina ndéantar nó faoina ndearnadh aon chuid de chostas an tsoláthair a dhéanfar amhlaidh a íoc ag duine nó daoine seachas na daoine sin de dhroim a seirbhíse (cibé acu gurb é costas nó cuid de chostas na sochar a sholáthar é nó costas préimheanna nó suimeanna eile a íoc chun na sochair sin a sholáthar, nó chun an scéim nó an chomhshocraíocht a riaradh nó a bhunú); ach, chun na críche seo, measfar íoc aon íocaíochta, a rinneadh nó a comhaontaíodh a dhéanamh i leith seirbhíse duine, a bheith ar an duine sin de dhroim a sheirbhíse, má áirítear faoin Acht seo an íocaíocht sin nó an comhaontú chun í a dhéanamh mar mhéadú ar a ioncam nó dá mbeadh sí le háireamh amhlaidh dá mbeadh cáin inmhuirir air faoi Sceideal E i leith a dhíolaíochtaí ón tseirbhís sin.

(10) Ní mheasfar go mbaineann aon ní in ailt 4 agus 6 den Policies of Assurance Act, 1867, le haon chonradh a cheadófar faoin alt seo.

An saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid.

[1958, a. 41;

1959, a. 68 (1) (ii); 1965, Sc. 3,

Cuid I.]

236. —(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach a bheidh íoctha ag pearsa aonair, déanfar méid na préimhse sin a asbhaint as a thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, don bhliain mheasúnachta a íocadh an phréimh:

Ar choinníoll nach mbeidh an tsuim a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó é) níos mó ná suim £500 nó níos mó ná an deichiú cuid dá ghlantuilleamh iomchuí don bhliain sin, agus i gcás an coinníoll atá in alt 235 (1) (a) a bheith comhlíonta maidir le cuid, agus amháin maidir le cuid, den bhliain sin, ansin cuirfear in ionad na suime sin £500 an tsuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim cúig chéad punt a bheidh idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán (ach sin ar shlí go mbeidh éifeacht ag an gcoinníoll seo faoi réir forálacha Sceideal 5 i gcás pearsana aonair in oifig nó fostaíocht inphinsin, agus pearsana aonair a rugadh sa bhliain 1917 nó roimhe).

(2) Más rud é go ndéanfaí faoin alt seo, aon bhliain mheasúnachta, laghdú, nó laghdú níos mó, ar thuilleamh pearsan mura mbeadh neamhdhóthanacht ghlantuillimh iomchuí, déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí, mura mbeadh an neamhdhóthaineacht sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain díreach ina dhiaidh sin agus a áireamh, chun críocha faoisimh faoin alt seo, mar mhéid préimhe cáilithí a bheifear tar éis a íoc an bhliain sin ina dhiaidh sin, agus mar sin de blianta ina dhiaidh sin arís (más gá).

(3) Chun críocha faoisimh faoin alt seo, is é tuilleamh iomchuí pearsan aonair an tuilleamh sula ndéanfar aon asbhaint as a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó i leith aon liúntais faoi alt 241, 244 (3) nó 245, nó faoi Chaibidil III de Chuid XIV, nó faoi Chuid XV nó XVI agus forléireofar sa tslí chéanna tagairtí d'ioncam sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo (seachas tagairtí d'ioncam iomlán).

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “glantuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, méid a thuillimh iomchuí don bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist, lúide méid aon asbhaintí a bheidh le déanamh as an tuilleamh iomchuí le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a ioncam iomlán don bhliain sin—

(a) is asbhaintí i leith íocaíochtaí a rinne sé, nó

(b) is asbhaintí i leith caillteanas nó i leith liúntas den sórt a luaitear i bhfo-alt (3), is caillteanais nó liúntais de dhroim gníomhaíochtaí, a n-áireofaí na brabúis nó na gnóchain uathu nuair a bheifí ag ríomh tuillimh iomchuí na pearsan aonair nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair don bhliain 1958-59, nó do bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

(5) Más rud é, aon bhliain mheasúnachta a éileoidh pearsa aonair, agus a lamhálfar dó, faoiseamh faoin alt seo, go mbeidh, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ioncam iomlán na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan, asbhaint de shaghas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b) le déanamh i leith aon chaillteanais nó liúntais de chuid na pearsan, agus go mbeidh an asbhaint nó cuid di le déanamh amhlaidh as ioncam seachas tuilleamh iomchuí, áireofar méid na hasbhainte as an ioncam eile sin mar laghdú ar ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin (agus a bhainfear, a oiread is féidir é, as cuid na bliana díreach ina dhiaidh sin, cibé acu a éileoidh nó nach n-éileoidh sé faoiseamh nó a bheidh nó nach mbeidh sé i dteideal faoiseamh a éileamh faoin alt seo in aghaidh na bliana sin, agus, sa mhéid nach féidir é a asbhaint amhlaidh, ansin ó chuid na bliana ina dhiaidh sin, agus mar sin de).

(6) I gcás inar tuilleamh iomchuí cuid agus gur ioncam eile cuid eile d'ioncam pearsan aonair d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ansin, déanfar, a mhéid is féidir é, aon asbhaintí a bheidh le déanamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a ioncam iomlán, agus ar féidir a áireamh gur asbhaineadh iad go léir nó cuid díobh as tuilleamh iomchuí nó as ioncam eile, a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar asbhaintí as an tuilleamh iomchuí sin sa mhéid gur asbhaintí iad i leith aon chaillteanais den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b), agus, thairis sin, mar asbhaintí as an ioncam eile sin.

(7) Beidh glantuilleamh iomchuí pearsan aonair d'aon bhliain mheasúnachta áirithe le ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt in aghaidh na bliana sin faoin alt seo don phearsa aonair nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair.

(8) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh faoiseamh le tabhairt in aghaidh na bliana sin), agus go ndéanfar ina dhiaidh sin aon mheasúnacht eile, athrú ar mheasúnacht, nó coigeartú eile ar dhliteanas an éilitheora i leith cánach, déanfar, freisin, cibé coigeartuithe (más aon choigeartuithe iad) a leanfaidh sin ar an bhfaoiseamh a lamhálfar nó a thabharfar faoin alt seo in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(9) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith aon íocaíochta, ní thabharfar faoiseamh ina leith faoi aon fhoráil eile den Acht seo in aghaidh na bliana measúnachta céanna ná bliana measúnachta ina dhiaidh sin ná (i gcás íocaíochta faoi chonradh blianachta) i leith aon phréimhe nó comaoine eile i leith blianachta faoin gconradh céanna; agus ní mheasfar go bhfolaíonn tagairtí san Acht seo d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil faoiseamh faoin alt seo.

(10) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

Cánachas ar chuideachtaí árachais a dhéanann gnó blianachtaí.

[1958, a. 42.]

237. —(1) I gcás ina seolann cuideachta árachais gnó blianachtaí pinsin—

(a) lamhálfar díolúine ó cháin ioncam i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus taiscí d'oiread sin de chiste blianachtaí na cuideachta agus is inchurtha i leith an ghnó sin, agus

(b) ní bheidh an chuideachta i dteideal a áireamh gurb as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach aon chuid is inchurtha amhlaidh i leith an ghnó sin de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta.

(2) Ach amháin i gcás cuideachta árachais a muirearaíodh i leith cánach de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás 1 de Sceideal D i leith brabús a gnó árachais saoil nó (i gcás ina mbeidh rogha déanta ag an gcuideachta faoi alt 217 (3)) i leith brabús a gnáth-ghnó árachais saoil, déileálfar le brabúis cuideachta árachais ó ghnó blianachtaí pinsean, nó ó ghnó blianachtaí ginearálta, mar bhrabúis nó gnóchain bhliantúla laistigh de Sceideal D, agus beidh an céanna inmhuirir faoi Chás IV den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

(a) déileálfar ar leithligh leis an ngnó de gach aicme den sórt sin, agus

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, ríomhfar na brabúis ón gcéanna de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás 1 de Sceideal D (agus gan aird ar fhorálacha alt 79 (2) maidir leis an tréimhse a ghlacfar le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar bhrabúis chun críocha Chás IV de Sceideal D):

Ar choinníoll, nuair a bheidh aon ríomh den sórt sin á dhéanamh—

(i) go mbeidh feidhm ag forálacha alt 217 (1), arna modhnú mar is gá, agus, go háirithe, gach tagairt do shealbhóirí polasaithe iontu a fhágáil ar lár,

(ii) nach lamhálfar asbhaint ar bith i leith aon chostais is costas bainistí dá dtagraítear in alt 214, agus

(iii) go bhfritháireofar i gcoinne na mbrabús aon chaillteanas, a ríomhfar ar an bhforas céanna ar ar ríomhadh na brabúis, a tabhaíodh i ngnó blianachtaí den aicme chéanna aon bhliain roimhe sin nár bhliain roimh an mbliain 1958-59; ach ní dhéanfar aon chaillteanas den sórt sin a chur i gcuntas thar uair amháin chun críocha na míre seo.

(3) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin faoi alt 76 (3) tugtha i leith ioncaim ó infheistíochtaí chiste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig, déanfar laghdú comhréire ar aon suim arb inmhuirir cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) díreach mar dhéanfar laghdú comhréire faoi alt 214 (5) ar an bhfaoiseamh a dheonófar don chuideachta i leith costas bainistí.

(4) I gcás cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceann-oifig a bheith ag seoladh gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát, a