8 1967


Uimhir 8 de 1967


AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT, A MHÉID A BHAINEANN LE hÉIRINN, DO CHOINBHINSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA ÁIRITHE MAIDIR LE CAIDREAMH, DÍOLÚINE AGUS PRIBHLÉIDÍ TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSALACHTA AGUS DO CHOINBHINSIÚIN AGUS DO CHOMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA ÁIRITHE MAIDIR LE DÍOLÚINE AGUS PRIBHLÉIDÍ EAGRAÍOCHT NA NÁISIÚN AONTAITHE, SAINGHNÍOMHAIREACHTAÍ NA NÁISIÚN AONTAITHE AGUS EAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA EILE, CHUN NA gCRÍOCHA SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN gCAIDREAMH, AN DÍOLÚINE AGUS NA PRIBHLÉIDÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15 Aibreán, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal

1. —Féadfar an tAcht um Sraidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967, a ghairm den Acht seo.

An tAire.

2. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

3. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II

Coinbhinsiúin Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus ar Chaidreamh Consalachta

Feidhm dlí a bheith ag Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta.

5. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Choinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta a rinneadh i Vín an 18ú lá d'Aibreán, 1961, mar atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé orduithe a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun an Coinbhinsiún dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur i bhfeidhm agus éifeacht a thabhairt dó nó d'aon cheann dá fhorálacha, agus féadfaidh sé aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Feidhm dlí a bheith ag Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Consalachta.

6. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Choinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Consalachta a rinneadh i Vín an 24ú lá d'Aibreán, 1963, mar atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé orduithe a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun an Coinbhinsiún dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur i bhfeidhm agus éifeacht a thabhairt dó nó d'aon cheann dá fhorálacha, agus féadfaidh sé aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

CUID III

Coinbhinsiún Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe

Mínithe (Cuid III).

7. —Sa Chuid Seo—

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe lenar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13ú lá d'Fheabhra, 1946, mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “an Eagraíocht” Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.

Cáil dhlíthiúil na Náisiún Aontaithe.

8. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an Eagraíocht.

Díolúintí ginearálta na hEagraíochta faoin gCoinbhinsiún.

9. —Beidh ag an Eagraíocht agus ag a maoin agus ag duine a bhfuil feidhm maidir leis ag an gCoinbhinsiún agus ag maoin duine den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an gCoinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta do bhreithiúna agus d'oifigigh áirithe de chuid na Cúirte.

10. —Beidh ag Breithiúna na Cúirte, ag Cláraitheoir na Cúirte agus ag duine a bheidh ag gníomhú mar Chláraitheoir den sórt sin, agus teachtfaidh, nuair a bheidh siad ag gabháil do ghnó na Cúirte agus le linn aon turais i ndáil le feidhmiú a bhfeidhmeanna, an dosháraitheacht, na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta céanna a thugtar do cheann misiúin thaidhleoireachta faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Beidh breithiúna na na Cúirte saor ó cháin ioncaim.

11. —Teachtfaidh breithiúna na Cuirte saoirseacht ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) i leith luach saothair a gheobhaidh siad mar bhreithiúna den sórt sin.

Díolúintí ginearálta d'aighní a láithreoidh os comhair na Cúirte.

12. —Na daoine, nach saoránaigh Éireannacha, a bheidh fruilithe ag láithriú os comhair na Cúirte mar ionadaithe do Rialtas nó mar aighní beidh acu agus teachtfaidh siad, nuair a bheidh siad fruilithe amhlaidh agus le linn aon turais i ndáil leis na hábhair lena mbeidh siad fruilithe amhlaidh, díolúintí agus pribhléidí ar comhréir leis na cinn a thugtar le hailt 11 go 13 d'Airteagal IV den Choinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta sa Chúirt d'fhinnéithe agus do dhaoine a bheidh ag comhlíonadh dualgais a shannfaidh an Chúirt dóibh.

13. —Na daoine a bheidh fruilithe ag láithriú mar fhinnéithe os comhair na Cúirte nó ag comhlíonadh dualgas a bheidh sannta dóibh ag an gCúirt agus na measúnoirí don Chúirt a bheidh fruilithe le gnó na Cúirte beidh acu agus teachtfaidh siad, le linn dóibh a bheith fruilithe amhlaidh agus le linn aon turais i ndáil leis na hábhair lena mbeidh siad fruilithe amhlaidh, na díolúintí agus na pribhléidí céanna a thugtar le hAlt 22 d'Airteagal VI den Choinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta d'oifigigh na Cúirte.

14. —Beidh ag oifigigh na Cúirte agus teachtfaidh siad, nuair a bheidh siad fruilithe le gnó na Cúirte agus le linn aon turais i ndáil leis an ngnó sin, cibé saoráidí agus díolúintí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách.

Díolúintí a bhaineann leis an gCúirt a tharscaoileadh.

15. —(1) Féadfaidh an Chúirt an dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo do bhreitheamh den Chúirt, do Chláraitheoir na Cúirte agus don duine atá ag gníomhú mar Chláraitheoir den sórt sin agus na díolúintí agus na pribhléidí a thugtar leis an Acht seo do dhuine atá fruilithe ag láithriú mar fhinné os comhair na Cúirte nó ag comhlíonadh dualgas atá sannta dó ag an gCúirt nó do mheasúnóir don Chúirt a tharscaoileadh.

(2) Na díolúintí agus na pribhléidí a thugtar leis an Acht seo do dhaoine atá fruilithe ag láithriú os comhair na Cúirte mar ionadaithe do rialtais nó mar aighní, féadfaidh an Rialtas darb ionadaithe os comhair na Cúirte na daoine sin iad a tharscaoileadh.

(3) Féadfaidh Cláraitheoir na Cúirte na saoráidí agus na díolúintí a thugtar leis an Acht seo d'oifigigh na Cúirte (seachas Cláraitheoir na Cúirte) a tharscaoileadh.

CUID IV

Coinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Sainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe

Mínithe (Cuid IV).

16. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Sainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe lenar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 21ú lá de Shamhain, 1947, agus na hAguisíní a ghabhann leis, mar atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus aon aguisín a ghabhann leis a bheidh sonraithe in ordú faoi alt 17 den Acht seo;

ciallaíonn “eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo”—

(a)   (i) An Eagraíocht Sláinte Domhanda;

(ii) An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;

(iii) An Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta;

(iv) Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe;

(v) Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe;

(vi) An Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(vii) An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;

(viii) An tAontas Poist Uilechoiteann;

(ix) An tAontas Teilechumarsáide Idirnáisiúnta;

(x) An Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda;

(xi) An Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach;

(xii) An Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;

(xiii) An Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta; agus

(b) eagraíocht atá ainmnithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 17 den Acht seo.

Eagraíochtaí a ainmniú mar eagraíochtaí lena mbaineann an Chuid seo.

17. —Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú eagraíocht idirnáisiúnta a ainmniú mar eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo má tá an eagraíocht i gcaidreamh le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe de réir Airteagail 57 agus 63 de Chairt Eagraíocht na Náisiún Aontaithe agus forálfaidh san ordú go mbeidh éifeacht maidir leis an eagraíocht ag an aguisín a ghabhann leis an gCoin bhinsiún agus a bhaineann leis an eagraíocht agus a shonrófar san ordú, agus, má bhíonn an eagraíocht tar éis an t-aguisín a cheadú faoi réir leasuithe, faoi réir na leasuithe sin.

Leasú ar aguisín a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

18. —(1) I gcás ina ndéanfar, maidir le haguisín atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a shonraítear in ordú faoi alt 17 den Acht seo, aguisín athbhreithnithe ina mbeidh leasuithe ar an aguisín céadluaite a tharchur chuig Ard-Rúnaí Eagraíocht na Náisiún Aontaithe de bhun Alt 38 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil go mbeidh éifeacht faoi réir na leasuithe réamhráite ag an aguisín céadluaite.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Cáil dhlíthiúil eagraíochta lena mbaineann an Chuid seo.

19. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo.

Díolúintí ginearálta eagraíochtaí lena mbaineann an Chuid seo faoin gCoinbhinsiúin.

20. —Beidh ag eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo agus ag a maoin agus ag duine a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis agus ag a mhaoin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an gCoinbhinsiún de réir Ailt 33, 36 agus 38 de.

CUID V

Comhaontú Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Chomhairle na hEorpa

Mínithe (Cuid V).

21. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú Ginearálta ar Pribhléidí agus ar Dhíolúintí Chomhairle na hEorpa a rinneadh i bPáras an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1949, mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh faoi Airteagal 19 den Choinbhinsiún;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a rinneadh sa Róimh an 4ú lá de Shamhain, 1950;

ciallaíonn “An Chúirt” an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh faoi Airteagal 19 den Choinbhinsiún;

ciallaíonn “an Chéad Phrótacal” an Chéad Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú agus a rinneadh i Strasbourg an 6ú lá de Shamhain, 1952, mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “breitheamh” duine atá tofa de bhun Airteagal 39 den Choinbhinsiún agus folaíonn sé breitheamh ad hoc atá ceaptha de bhun Airteagal 43 den Choinbhinsiún;

ciallaíonn “comhalta” duine a toghadh de bhun Airteagal 22 den Choinbhinsiún chun bheith ina chomhalta den Choimisiún;

ciallaíonn “an Dara Prótacal” an Dara Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú agus a rinneadh i bPáras an 15ú lá de Nollaig, 1956, mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Ceathrú Prótacal” an Ceathrú Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú agus a rinneadh i bPáras an 16ú lá de Nollaig, 1961, mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Cáil dhlíthiúil Chomhairle na hEorpa.

22. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag Comhairle na hEorpa.

Díolúintí ginearálta faoin gComhaontú maidir le Comhairle na hEorpa.

23. —Beidh ag Comhairle na hEorpa agus ag a maoin agus ag duine a bhfuil feidhm maidir leis ag an gComhaontú nó ag an gCéad Phrótacal agus beidh ag maoin duine den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an gComhaontú nó leis an gCéad Phrótacal, de réir mar a bheidh.

Díolúintí ginearálta comhaltaí an Choimisiúin.

24. —Beidh ag comhaltaí an Choimisiúin agus ag maoin an choimisiúin nó chomhalta, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an Dara Prótacal.

Díolúintí ginearálta breithiúna agus cláraitheoirí na Cúirte.

25. —Beidh ag breithiúna na Cúirte agus ag maoin na Cúirte nó bhreithimh, ag Cláraitheoir na Cúirte agus ag duine a bheidh ag gníomhú mar Chláraitheoir den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an gCeathrú Prótacal.

CUID VI

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

An Eagraíocht (Cuid VI).

26. —Sa Chuid seo ciallaíonn “An Eagraíocht” an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún a comhdhéanadh i bPáras an 14ú lá de Nollaig, 1960.

Cáil dhlíthiúil na hEagraíochta.

27. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an Eagraíocht.

Díolúintí ginearálta saineolaithe na hEagraíochta.

28. —Beidh ag saineolaithe (seachas oifigigh nó seirbhísigh na hEagraíochta) a bheidh ag comhlíonadh misiún don Eagraíocht, agus teachtfaidh siad, cibé pribhléidí, díolúintí agus saoráidí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách i gcaitheamh tréimhse a misiún, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil lena misiúin. Beidh acu agus teachtfaidh siad, go háirithe—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil agus ó urghabháil bagáiste;

(b) díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith gníomhartha a rinne siad i gcúrsa a misiún réamhráite a chomhlíonadh acu;

(c) dosháraitheacht i leith páipéar agus doiciméad.

Díolúintí ginearálta faoin gComhaontú maidir leis an Eagraíocht.

29. —Beidh ag an Eagraíocht agus ag a maoin agus ag duine is ionadaí do chomhalta den Eagraíocht nó is comhalta de thoscaireacht, nó a ghabhann le toscaireacht, chun príomh-orgain na hEagraíochta nó chun fo-orgain di nó is oifigeach don Eagraíocht agus ag aon duine, is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, agus ag maoin daoine den sórt sin, agus theachtfaidh, dósháraitheacht agus saoirseachtaí, díolúintí, saoráidí, pribhléidí agus cearta ar comhréir leo siúd dá bhforáiltear i gCodanna II, III, IV agus VI (de réir mar is iomchuí i ngach cás) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pribhléidi a tharscaoileadh.

30. —(1) Féadfaidh an Eagraíocht an dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo d'oifigeach don Eagraíocht nó do dhuine dá dtagraítear in alt 28 den Acht seo a tharscaoileadh.

(2) An dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo do dhuine is ionadaí do chomhalta den Eagraíocht nó is comhalta de thoscaireacht, nó a ghabhann le toscaireacht, chun príomh-orgain na hEagraíochta nó chun fo-orgain di nó ar aon duine is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, féadfaidh an comhalta réamhráite den Eagraíocht darb ionadaí an duine no Rialtas an duine, de réir mar a bheidh, iad a tharscaoileadh.

An Comhaontú Airgeadaíochta Eorpach.

31. —Beidh ag forálacha Codanna II agus III den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo feidhm maidir leis an gCoiste Eorpach a bunaíodh leis an gComhaontú Airgeadaíochta Eorpach a rinneadh i bPáras an 5ú lá de Lúnasa, 1955, agus maidir le sócmhainní an Chiste, lena n-áirítear ioncam, dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Chomhaontú sin.

CUID VII

Comhairlí Idirnáisiúnta

An Chomhairle (Cuid VII).

32. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle um Chomhar Custam a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún a rinneadh sa Bhruiséal an 15ú lá de Nollaig, 1950.

Cáil dhlíthiúil na Comhairle.

33. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle.

Díolúintí ginearálta faoin gComhaontú maidir leis an gComhairle.

34. —Beidh ag an gComhairle agus ag a maoin agus ag duine is ionadaí do chomhalta den Chomhairle nó oifigeach don Chomhairle agus ag aon duine, is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, agus ag maoin daoine den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta ar comhréir leo siúd dá bhforáiltear i gCodanna II, III, IV agus VI (dé réir mar is iomchuí i ngach cás) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Díolúintí ginearálta saineolaithe na Comhairle.

35. —Beidh ag saineolaithe (seachas oifigigh nó seirbhísigh na Comhairle) a bheidh ag comhlíonadh misiún don Chomhairle, agus teachtfaidh siad, cibé pribhléidí, díolúintí agus saoráidí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách i gcaitheamh tréimhse a misiún, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil lena misiúin. Beidh acu agus teachtfaidh siad, go háirithe—

(a) díolúine ó ghabháil agus ó choinneáil agus ó urghabháil bagáiste;

(b) díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith focail a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad i gcúrsa a misiún réamhráite a chomhlíonadh acu, agus laistigh de theorainneacha a n-údaráis;

(c) dosháraitheacht i leith páipéar agus doiciméad.

Pribhléidí a tharscaoileadh.

36. —(1) Féadfaidh an Chomhairle dosháraitheacht agus saoirseachtaí, díolúintí, pribhléidí agus cearta oifigigh don Chomhairle nó aon duine is céile oifigigh nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, nó duine dá dtagraítear in alt 35 den Acht seo a tharscaoileadh.

(2) Na díolúintí agus na pribhléidí atá ag duine is ionadaí do chomhalta den Chomhairle nó ag duine, is céile an ionadaí sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, féadfaidh Rialtas an chomhalta iad a tharscaoileadh.

Cáil dhlíthiúil na Comhairle Cruithneachta Idirnáisiúnta.

37. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle Cruithneachta Idirnáisiúnta a bunaíodh faoi Chomhaontú Cruithneachta Idirnáisiúnta 1949.

Cáil dhlíthiúil na Comhairle Siúcra Idirnáisiúnta.

38. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bunaíodh faoi Chomhaontú Siúcra Idirnáisiúnta 1953.

CUID VIII

Ginearálta

Eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo (Cuid VIII).

39. —Sa Chuid seo ciallaíonn “eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo” eagraíocht, comhphobal nó comhlacht idirnáisiúnta atá ainmnithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 40 den Acht seo.

Eagraíochtaí lena mbaineann an Chuid seo a ainmniú.

40. —(1) Féadfaidh an Rialtas le hordú eagraíocht, comhphobal nó comhlacht idirnáisiúnta ar comhalta de an Stát nó an Rialtas nó a mbeartaíonn an Stát nó an Rialtas a theacht chun bheith ina chomhalta de a ainmniú chun bheith ina heagraíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus féadfaidh, leis an ordú, foráil a dhéanamh, chun críocha alt 42 den Acht seo, maidir le dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i ndáil leis an eagraíocht.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Cáil dhlíthiúil eagraíochta lena mbaineann an Chuid seo.

41. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo.

Díolúintí ginearálta eagraíochta lena mbaineann an Chuid seo.

42. —Beidh ag eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo, ag a forais nó a horgain, ag a maoin agus ag duine is comhalta d'aon cheann dá forais nó dá horgain, is oifigeach don eagraíocht nó toscaire chun na heagraíochta nó is ionadaí do stát nó do rialtas is comhalta den eagraíocht nó a bheidh ag comhlíonadh dualgas a bheidh sannta dó ag an eagraíocht agus beidh ag aon duine, is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás san ordú faoi alt 40 den Acht seo i ndáil le leas na heagraíochta.

Forálacha le haghaidh díolúintí, etc., i ndáil le comhlachtaí breithiúnacha idirnáisiúnta.

43. —(1) Féadfaidh an Rialtas, maidir le comhlacht breithiúnach idirnáisiúnta nó comhlacht leathbhreithiúnach idirnáisiúnta a bunaíodh faoi chomhaontú ar páirtí ann an Stát nó an Rialtas nó a mbeartaíonn an Stát nó an Rialtas teacht chun a bheith ina pháirtí ann nó maidir le bord eadrána nó comhréitigh a bhunaigh eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann an Chuid seo nó a bunaíodh thar a cheann nó chun an chríocha, féadfaidh, le hordú, foráil a dhéanamh maidir le dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i ndáil le breithiúna agus cláraitheoirí an chomhlachta, daoine ar fruiliú mar aighní nó finnéithe os comhair an chomhlachta nó an bhoird nó ag comhlíonadh dualgais a bheidh sannta dóibh ag an gcomhlacht nó ag an mbord agus daoine is páirtithe in agra os comhair an chomhlachta nó an bhoird nó a mbeidh iarratas déanta acu chun an chomhlachta nó an bhoird i ndáil le hagra nó imeachtaí eile a thosú os comhair an chomhlachta nó an bhoird agus a gcomhairleoirí.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) Beidh ag duine, comhlacht nó bord dá dtagraitear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás san ordú iomchuí faoin alt seo.

Comhdhálacha idirnáisiúnta sa Stát.

44. —Féadfaidh an tAire, in ndáil le comhdháil—

(a) atá á seoladh nó a sheolfar sa Stát, agus

(b) a bhfuil nó a mbeidh ionadaithe don Rialtas nó don Stát agus do rialtas nó do rialtais eile nó do stát nó do stáit eile i láthair aici,

a chur faoi deara fógra i dtaobh na comhdhála a sheoladh agus i dtaobh dátaí an chéanna a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Díolúintí ginearálta daoine a bheidh i láthair ag comhdhálacha idirnáisiúnta sa Stát.

45. —Aon duine a bheidh i láthair thar ceann rialtais nó stáit ag comhdháil idirnáisiúnta sa Stát a mbeidh fógra foilsithe ina taobh de bhun alt 44 den Acht seo beidh aige agus teachtfaidh sé, le linn na comhdhála agus an lá díreach roimh an gcomhdháil agus an lá díreach i ndiaidh na comhdhála, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) ionann is dá mba chomhalta é de mhisiún taidhleoireachta faoin gcoinbhinsiúin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Cion.

46. —(1) Aon duine a bhacfaidh, a shrianfaidh nó a choiscfidh go toiliúil dosháraitheacht, saoirseacht, saoráid, díolúine, pribhléid nó ceart a thugtar leis an Acht seo a theachtadh nó a fheidhmiú beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó iad araon a chur air.

(2) Ní dhéanfar imeachtaí ionchúisimh i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh gan deimhniú ón Aire gurb é a thuairim gur fóirsteanach na himeachtaí a thionscnamh.

Fianaise.

47. —In imeachtaí in aon chúirt, aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala an Aire agus ag lua aon fhíorais is iomchuí chun a chinneadh an bhfuil comhlacht breithiúnach nó leathbhreithiúnach, bord eadrána nó comhréitigh, eagraíocht, comhphobal, comhlacht, misiún taidhleoireachta, post consalachta nó duine i dteideal dosháraitheacht nó saoirseacht, saoráid, díolúine, pribhléid nó ceart faoi fhoráil den Acht seo nó d'ordú arna dhéanamh faoin Acht seo beidh sé ina fhianaise prima facie ar an bhfíoras.

Forálacha d'áirithiú comharaíochta.

48. —D'ainneoin aon ní atá i gCuid 11 den Acht seo, féadfaidh an Rialtas, más oiriúnach leo—

(a) diúltú an dosháraitheacht, na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta dá bhforáiltear sa Chuid sin a thabhairt do chomhaltaí mhisiún taidhleoireachta nó phost consalachta aon stáit eile nó d'aon duine is céile comhalta den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnais air nó seirbhíseach príobháideach do chomhalta den sórt sin, nó

(b) teorainn a chur le méid nó oibriú na dosháraitheachta sin nó na saoirseachtaí, na saoráidí, na ndíolúintí, na bpribhléidí agus na gceart sin,

mura dtugann Rialtas an stáit sin an dosháraitheacht sin, nó na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí nó na cearta sin do chomhaltaí mhisiún taidhleoireachta de chuid an Stáit, do chomhaltaí post consalach de chuid an Stáit nó d'aon duine, is céile comhalta den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air nó seirbhíseach príobháideach do chomhalta den sórt sin.

Toiliú an Rialtais i gcásanna áirithe le saoránaigh Éireannacha a cheapadh chun eagraíochtaí idirnáisiúnta.

49. —Ní dhéanfar oifigigh d'eagraíocht, do chomhphobal nó do chomhlacht idirnáisiúnta dá dtagraítear san Acht seo nó d'eagraíocht lena mbaineann an Chuid seo a bheidh ag fónamh sa Stát ná daoine a bheidh ag comhlíonadh dualgas sa Stát a bheidh sannta dóibh ag aon eagraíocht, comhphobal nó comhlacht den sórt sin a cheapadh as daoine is saoránaigh Éireannacha ach amháin le toiliú an Rialtais, agus féadfar an toiliú a tharraingt siar aon tráth.

AN CHEAD SCEIDEAL

COINBHINSIUN VINE AR CHAIDREAMH TAIDHLEOIREACHTA

Tá na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo,

Ag meabhrú dóibh go bhfuil aitheantas tugtha anallód ag pobail na náisiún uile do stádas gníomhairí taidhleoireachta,

Ag cuimhneamh dóibh ar chríocha agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe maidir le comhionannas ceannasach Stát, ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothabháil agus ar chaidreamh cairdiúil a chur ar aghaidh idir náisiúin,

á chreidiúint dóibh go gcabhródh coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chaidreamh, pribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta le hidirghnóthaíocht chairdiúil a fhorbairt i measc náisiún, ar neamhspleidh leis an éagsúlacht idir a gcórais bhunreachtúla agus shóisialaigh,

á thuiscint dóibh nach é leas daoine aonair is críoch do phribhléidí agus díolúintí den sórt sin ach a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach feidhmeanna misiún taidhleoireachta mar ionadaithe Stát,

á dhearbhú dóibh gur cheart go leanfadh ceisteanna nach rialaítear go sainráite le forálacha an Choinbhinsiúin seo a bheith faoi bhrí rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnáich,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1.

Chun críche an Choinbhinsiúin seo, beidh na bríonna a shanntar dóibh anseo síos ag na habairtí seo a leanas:

(a) is é “ceann an mhisiúin” an duine ar a bhfuil sé curtha de dhualgas ag an Stát sallchuir gníomhú sa cháil sin;

(b) is iad “comhaltaí an mhisiúin” ceann an mhisiúin agus comhaltaí fhoireann an mhisiúin;

(c) is iad “comhaltaí fhoireann an mhisiúin” comhaltaí na foirne taidhleoireachta, na foirne riaracháin agus teicniúla agus fhoireann seirbhíse an mhisiúin;

(d) is iad “comhaltaí na foirne taidhleoireachta” na comhaltaí d'fhoireann an mhisiúin ag a bhfuil céim taidhleoireachta;

(e) is éard “gníomhaire taidhleoireachta” ceann an mhisiúin nó comhalta d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin;

(f) is iad “comhaltaí na foirne riaracháin agus teicniúla” na comhaltaí d'fhoireann an mhisiúin atá ar fostú i seirbhís riaracháin agus teicniúla an mhisiúin;

(g) is iad “comhaltaí na foirne seirbhíse” na comhaltaí d'fhoireann an mhisiúin atá i seirbhís tís an mhisiúin;

(h) is “seirbhíseach príobháideach” duine i seirbhís tís comhalta den mhisiún agus nach fostaí don Stát sallchuir;

(i) is é “áitreabh an mhisiúin” na foirgnimh, nó codanna d'fhoirgnimh agus an talamh a ghabhann leis an gcéanna, is cuma cé leis, a úsáidtear chun críocha an mhisiúin lena n-áirítear áit chónaithe cheann an mhisiúin.

Airteagal 2.

Is de chomhthoiliú a bhunaítear caidreamh taidhleoireachta agus buan-mhisiúin taidhleoireachta idir Stáit.

Airteagal 3.

1. Is iad, inter alia, feidhmeanna misiúin taidhleoireachta:

(a) ionadaíocht don Stát sallchuir a dhéanamh sa Stát glacaidh;

(b) leasanna an Stáit shallchuir agus a náisiúnach a chaomhnú sa Stát glacaidh laistigh de na teorainneacha a cheadaítear leis an dlí idirnáisiúnta;

(c) iomairliú le Rialtas an Stáit ghlacaidh;

(d) dálaí agus forbairtí sa Stáit glacaidh a fháil amach ar gach slí dhleathach, agus an céanna a thuairisciú do Rialtas an Stát shallchuir;

(e) caidreamh cairdiúil idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh a chur ar aghaidh, agus a gcaidreamh eacnamaíochta, cultúir agus eolaíochta a fhorbairt.

2. Ní fhorléireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní a choisceann ar mhisiún taidhleoireachta feidhmeanna consalachta a chomhlíonadh.

Airteagal 4.

1. Ní foláir don Stát sallchuir deimhin a dhéanamh de go bhfuil agrément an Stáit ghlacaidh tugtha le haghaidh an duine a bheartaíonn sé a chreidiúnú mar cheann an mhisiúin chun an Stáit sin.

2. Níl d'oibleagáid ar an Stát glacaidh cúiseanna a thabhairt don Stát sallchuir faoi dhiúltú do agrément.

Airteagal 5.

1. Féadfaidh an Stát sallchuir, tar éis fógra cuí a thabhairt do na Stáit ghlacaidh lena mbainfidh, ceann misiúin a chreidiúnú nó aon chomhalta den fhoireann taidhleoireachta a shannadh, de réir mar a bheidh, chun níos mó ná Stát amháin, mura ndéanfaidh aon cheann de na Stáit ghlacaidh agóid shainráite.

2. Má chreidiúnaíonn an Stát sallchuir ceann misiúin chun Stáit amháin eile nó níos mó féadfaidh sé misiún taidhleoireachta faoi cheannas chargé d'affaires ad interim a bhunú i ngach Stát acu nach ann atá a bhuan-suíochán ag an gceann misiúin.

3. Féadfaidh ceann misiúin nó aon chomhalta d'fhoireann taidhleoireachta an mhihiúin gníomhú mar ionadaí don Stát sallchuir chun aon eagraíochta idirnáisiúnta.

Airteagal 6.

Féadfaidh dhá Stát nó níos mó an duine céanna a chreidiúnú mar cheann misiúin chun Stáit eile, mura ndéanfaidh an Stát glacaidh agóid.

Airteagal 7.

Faoi réir forálacha Airteagail 5, 8, 9 agus 11, féadfaidh an Stát sallchuir comhaltaí fhoireann an mhisiúin a cheapadh go saorálach. I gcás attachés míleata, cabhlaigh nó aeir, féadfaidh an Stát glacaidh a iarraidh go ndéanfar a n-ainmneacha a chur faoina bhráid roimh ré, lena gceadú aige.

Airteagal 8.

1. Is ceart ó phrionsabal gur náisiúnaigh den stát sallchuir comhaltaí fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin.

2. Ní fhéadfar comhaltaí d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin a cheapadh as daoine is náisiúnaigh den Stát glacaidh, ach amháin le toiliú an Stáit sin, toiliú is féidir a tharraingt siar aon tráth.

3. Féadfaidh an Stát glacaidh an ceart céanna a fhorcoimeád maidir le náisiúnaigh tríú Stát nach náisiúnaigh den Stát sallchuir freisin.

Airteagal 9.

1. Féadfaidh an Stát glacaidh aon tráth, agus gan bheith air a chinneadh a mhíniú, fógra a thabhairt don Stát sallchuir gur persona non grata ceann an mhisiúin nó aon chomhalta áirithe d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin nó nach inghlactha aon chomhalta áirithe eile d'fhoireann an mhisiúin. In aon chás den sórt sin, déanfaidh an Stát sallchuir, mar is iomchuí, an duine lena mbainfidh a aisghairm nó a fheidhmeanna leis an misiún a fhoirceannadh. Féadfar a dhearbhú go bhfuil duine non grata nó nach inghlactha é roimh theacht dó i gcríoch an Stáit ghlacaidh.

2. Má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an Stát sallchuir laistigh de thréimhse réasúnach a oibleagáidí faoi mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Stát glacaidh diúltú aitheantas mar chomhalta den mhisiún a thabhairt don duine lena mhainfidh.

Airteagal 10.

1. Cuirfear an méid seo a leanas in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó do cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar:

(a) ceapadh comhaltaí den mhisiún, a dteacht agus a n-imeacht deiridh nó foirceannadh a bhfeidhmeanna leis an misiún;

(b) teacht agus imeacht deiridh duine de theaghlach comhalta den mhisiún agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil duine tagtha chun bheith ná scortha de bheith ina dhuine de theaghlach comhalta den mhisiún;

(c) teacht agus imeacht deiridh seirbhíseach príobháideach atá ar fostú ag daoine dá dtagraítear i bhfomhír (a) den mhír seo agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil siad ag fágáil fostaíocht na ndaoine sin;

(d) fruiliú agus urscaoileadh daoine a chónaíonn sa Stát glacaidh mar chomhaltaí den mhisiún nó seirbhísigh phríobháideacha atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí.

2. I gcás inar féidir é, tabharfar fógra roimh ré freisin i dtaobh teachta agus imeachta dheiridh.

Airteagal 11.

1. Mura mbeidh comhaontú sainráite ann i dtaobh méid an mhisiúin, féadfaidh an Stát glacaidh a cheangal go gcoimeádfar méid misiúin laistigh de theorainneacha a measfaidh sé gur teorainneacha réasúnacha gnácha iad, ag féachaint d'imthoscaí agus do dhálaí sa Stát glacaidh agus do riachtanais an mhisiúin áirithe.

2. Féadfaidh an Stát glacaidh, mar an gcéanna, laistigh de theorainneacha dá samhail agus ar fhoras neamhidirdhealaitheach, diúltú glacadh le hoifigigh d'earnáil áirithe.

Airteagal 12.

Ní dhéanfaidh an Stát sallchuir, gan toiliú sainráite a fháil roimh ré ón Stát glacaidh, oifigí a bheidh ina gcuid den mhisiún a bhunú i gceantair seachas na ceantair ina mbeidh an misiún féin bunaithe.

Airteagal 13.

1. Meastar ceann an mhisiúin do dhul i mbun a fheidhmeanna sa Stát glacaidh ar é do thíolacadh a chreidiúnas nó ar é do chur a theachta in iúl agus ar chóip dhílis dá chreidiúnais a bheith tíolactha d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh, nó do cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar de réir an ghnáis sa Stát glacaidh is gnás a chuirfear chun feidhme go comhionann.

2. Cinnfear ord tíolacadh creidiúnas nó cóipe dílse díobh de réir dáta agus tráth teachta cheann an mhisiúin.

Airteagal 14.

1. Tá cinn mhisiúin roinnte i dtrí aicme, is é sin:

(a) ambasadóirí agus nuintis atá creidiúnaithe chun Ceann Stát, agus cinn mhisiún eile ar comhchéim leo sin;

(b) toscairí, airí agus idirnuintis atá creidiúnaithe chun Ceann Stát;

(c) chargés d'affaires atá creidiúnaithe chun Airí Gnóthaí Coigríche.

2. Ach amháin a mhéid a bhaineann le tosaíocht agus nósmhaireacht, ní dhéanfar aon idirdhealú idir cinn mhisiún mar gheall ar a n-aicme.

Airteagal 15.

Comhaontóidh Stáit eatarthu ar an aicme dá sannfar cinn a misiún.

Airteagal 16.

1. Glacfaidh cinn mhisiún tosaíocht ina n-aicmí faoi seach in ord an dáta agus an trátha a chuaigh siad i mbun a bhfeidhmeanna de réir Airteagal 13.

2. Ní dhéanfaidh athruithe ar chreidiúnais cheann misiúin nach dtagann aon athrú aicme díobh difear dá thosaíocht.

3. Is Airteagal é seo gan dochar d'aon chleachtas lena bhfuil glactha ag an Stát glacaidh maidir le tosaíocht ionadaí an tSuí Naofa.

Airteagal 17.

Déanfaidh ceann an mhisiúin tosaíocht comhaltaí taidhleoireachta an mhisiúin a chur in iúl don Aireacht Gnóthaí Coigríche nó do cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar.

Airteagal 18.

An nós imeachta a leanfar i ngach Stát chun cinn mhisiún a ghlacadh is nós imeachta comhionann a bheidh ann maidir le gach aicme.

Airteagal 19.

1. Má bhíonn post cheann an mhisiúin folamh nó má bhíonn ceann an mhisiúin neamhábalta ar fheidhmeanna a chomhlíonadh, gníomhóidh chargé d'affaires ad interim go sealadach mar cheann an mhisiúin. Déanfaidh ceann an mhisiúin nó, má bhíonn sé neamhábalta ar é a dhéanamh, déanfaidh Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit shallchuir ainm an chargé d'affaires ad interim a chur in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó do cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar.

2. I gcásanna nach mbeidh aon chomhalta d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin i láthair sa Stát glacaidh, féadfaidh an Stát sallchuir comhalta den fhoireann riaracháin agus teicniúil a ainmniú, le toiliú an Stáit ghlacaidh, chun bheith i gcúram gnóthaí riaracháin reatha an mhisiúin.

Airteagal 20.

Beidh de cheart ag an misiún agus ag a cheann bratach agus feathal an Stáit shallchuir a úsáid ar áitreabh an mhisiúin, lena n-áirítear áit chónaithe cheann an mhisiúin, agus ar chóir iompair cheann an mhisiúin.

Airteagal 21.

1. Éascóidh an Stát glacaidh don Stát sallchuir áitreabh is gá le haghaidh a mhisiúin a fháil ina chríoch de réir dlíthe an Stáit ghlacaidh nó cabhróidh sé leis an Stát sallchuir chun cóiríocht a fháil i slí éigin eile.

2. Cabhróidh sé freisin, i gcás inar gá sin, le misiúin chun cóiríocht oiriúnach a fháil dá gcomhaltaí.

Airteagal 22.

1. Beidh áitreabh an mhisiúin dosháraithe. Ní rachaidh gníomhairí an Stáit ghlacaidh isteach ann ach amháin le toiliú cheann an mhisiúin.

2. Tá dualgas speisialta ar an Stát glacaidh gach beart iomchuí a dhéanamh chun áitreabh an mhisiúin a chaomhnú in aghaidh aon chur isteach nó damáiste agus chun aon chorraíl ar shíocháin an mhisiúin nó aon docharú dá dhignit a chose.

3. Beidh áitreabh an mhisiúin, troscán an áitribh sin agus aon mhaoin eile ann agus cóir iompair an mhisiúin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, astú nó forghníomhú.

Airteagal 23.

1. Beidh an Stát sallchuir agus ceann an mhisiúin saor ó gach uile dhíre agus cáin náisiúnta, réigiúnach nó bardasach i leith áitreabh an mhisiúin, cibé acu áitreabh ar úinéireacht é nó áitreabh ar léas, seachas iad siúd is íocaíocht as seirbhísí sonraithe a rinneadh.

2. Ní bheidh feidhm ag an tsaoirseacht ó chánachas dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le dírí agus cánacha den sórt sin is iníoctha faoi dhlí an Stáit ghlacaidh ag daoine a dhéanann conradh leis an Stát sallchuir nó le ceann an mhisiúin.

Airteagal 24.

Beidh cartlann agus doiciméid an mhisiúin dosháraithe aon tráth agus cibé áit ina mbeidh siad.

Airteagal 25.

Tabharfaidh an Stát glacaidh saoráidí iomlána chun feidhmeanna an mhisiúin a chomhlíonadh.

Airteagal 26.

Faoi réir a dhlíthe agus a rialachán i dtaobh ceantair a bhfuil dul isteach iontu toirmiscthe nó faoi rialacha mar gheall ar shlándáil náisiúnta áiritheoidh an Stát glacaidh saoirse gluaiseachta agus taistil ina chríoch do chomhaltaí uile an mhisiúin.

Airteagal 27.

1. Ceadóidh agus caomhnóidh an Stát glacaidh saoirse cumarsáide ar thaobh an mhisiúin chun gach críche oifigiúla. Ina chumarsáidí le Rialtas, agus misiúin agus consalachtaí eile cibé áit ina bhfuil siad, an Stáit shallchuir féadfaidh an misiún leas a bhaint as gach meán iomchuí, lena n-áirítear teachtairí turais taidhleoireachta agus teachtaireachtaí is gcód nó i rúnscríbhinn. Is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfaidh an misiún, agus ní dhéanfaidh gan toiliú an Stáit ghlacaidh, raidió-tharchuireadóir a chur isteach agus a úsáid.

2. Beidh comhfhreagras oifigiúil an mhisiúin dosháraithe. Ciallaíonn comhfhreagras oifigiúil an comhfhreagras uile a bhaineann leis an misiún agus lena fheidhmeanna.

3. Ní osclófar ná ní choinneofar an mála taidhleoireachta.

4. Na pacáistí a chomhdhéanfaidh an mála taidhleoireachta ní foláir dóibh marcanna infheicthe a bheith orthu lasmuigh ag cur a ngné in iúl agus ní fhéadfaidh a bheith iontu ach doiciméid taidhleoireachta nó earraí a bheidh beartaithe le haghaidh úsáide oifigiúla.

5. Beidh ag an teachtaire turais taidhleoireachta doiciméad oifigiúil a tugadh dó ag insint a stádais agus an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála taidhleoireachta, agus caomhnóidh an Stáit glacaidh é ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó. Teachtfaidh sé dosháraitheacht phearsanta agus ní dhlífidh sé aon ghabháil ná coinneáil a dhéanamh air.

6. Féadfaidh an Stát sallchuir nó an misiún teachtairí turais taidhleoireannta a ainmniú ad hoc. I gcásanna den sórt sin beidh feidhm freisin ag forálacha mhír 5 den Airteagal seo, ach amháin go scoirfidh na díolúintí a luaitear ansin d'fheidhm a bheith acu nuair a bheidh teachtaire turais den sórt sin tar éis an mála taidhleoireachta a bheidh faoina chúram a sheachadadh don choinsíní.

7. Féadfar mála taidhleoireachta a chur faoi chúram chaptaen aerárthaigh thráchtála a bheidh sceidealta tuirling i bport iontrála údaraithe. Tabharfar doiciméad oifigiúil dó ag insint an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála ach ní mheasfar gur teachtaire turais taidhleoireachta é. Féadfaidh an misiún duine dá chomhaltaí a chur chun seilbh a ghlacadh go díreach saorálach ar an mála taidhleoireachta ó chaptaen an aerárthaigh.

Airteagal 28.

Beidh na táillí agus na muirir a thoibheoidh an misiún i gcúrsa a dhualgas oifigiúil saor ó gach díre agus cáin.

Airteagal 29.

Beidh pearsa gníomhaire taidhleoireachta dosháraithe. Ní dhlífidh sé aon ghabháil ná coinneáil a dhéanamh air. Tabharfaidh an Stát glacaidh modh cuí dó agus déanfaidh gach beart cuí chun aon ionsaí ar a phearsa, ar a shaoirse nó ar a dhignit a chosc.

Airteagal 30.

1. Teachfaidh áit chónaithe phríobháideach gníomhaire taidhleoireacht an dosháraitheacht agus an chaomhaint chéanna a theachtann áitreabh an mhisiúin.

2. Teachfaidh a pháipéir, a chomhfhreagras agus, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3 d'Airteagal 31, a mhaoin dosháraitheacht mar an gcéanna.

Airteagal 31.

1. Teachfaidh gníomhaire taidhleoireachta díolúine ó dhlínse choiriúil an Stáit ghlacaidh. Teachtfaidh sé freisin díoluíne óna dhlínse shibhialta agus riaracháin, ach amháin i gcás:

(a) caingean réadach a bhaineann le maoin phríobháideach do-aistrithe i gcríoch an Stáit ghlacaidh, mura thar ceann an Stáit shallchuir chun críocha an mhisiúin a theachtann sé í;

(b) caingean a bhaineann le comharbas ina bhfuil lámh ag an ngníomhaire taidhleoireachta mar sheiceadóir, riarthóir, oighre nó leagáidí mar dhuine príobháideach agus ní thar ceann an Stáit shallchuir;

(c) caingean a bhaineann le haon ghníomhaíocht ghairmiúil nó thráchtála a fheidhmíonn an gníomhaire taidhleoireachta sa Stát glacaidh lasmuigh dá fheidhmeanna oifigiúla.

2. Níl d'oibleagáid ar ghníomhaire taidhleoireachta fianaise a thabhairt mar fhinné.

3. Ní fhéadfar aon bhearta forghníomhaíochta a dhéanamh maidir le gníomhaire taidhleoireachta ach amháin i gcásanna lena mbaineann fomhíreanna (a), (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo, agus ar choinníoll go bhféadfar na bearta lena mbainfidh a dhéanamh gan dosháraitheacht a phearsan nó a áite cónaithe a shárú.

4. Ní dhéanann díolúine gníomhaire thaidhleoireachta ó dhlínse an Stáit ghlacaidh é a dhíolmhú ó dhlínse an Stáit shallchuir.

Airteagal 32.

1. Féadfaidh an Stát sallchuir an díolúine ó dhlínse atá ag gníomhairí taidhleoireachta agus ag daoine a theachtann díolúine faoi Airteagal 37 a tharscaoileadh.

2. Ní foláir tarscaoileadh a bheith sainráite i gcónaí.

3. Má dhéanann gníomhaire taidhleoireachta nó duine a theachtann díolúine ó dhlínse faoi Airteagal 37 imeachtaí a thionscnamh dúnfaidh sin amach é ó dhíolúine a agairt ó dhlínse i leith aon fhrithéileamh a bhaineann go díreach leis an bpríomh-éileamh.

4. Ní ghlacfar go n-urchiallaíonn tarscaoileadh díolúine ó dhlínse i leith imeachtaí sibhialta nó imeachtaí riaracháin tarscaoileadh díolúine i leith an breithiúnas a fhorghníomhú agus is gá tarscaoileadh ar leithligh dó sin.

Airteagal 33.

1. Faoi réir forálacha mhír 3 den Airteagal seo, beidh gníomhaire taidhleoireachta, maidir le seirbhísí a dhéanfar don Stát sallchuir, saor ó fhorálacha slándála sóisialaí a bheidh i bhfeidhm sa Stát glacaidh.

2. An tsaoirseacht dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo beidh feidhm aici freisin maidir le seirbhísigh phríobháideacha atá ar fostú go heisiatach ag gníomhaire taidhleoireachta, ar choinníoll:

(a) nach náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó nach ann atá buanchónaí orthu; agus

(b) go bhfuil siad faoi réim na bhfóralacha slándála sóisialaí atá i bhfeidhm sa Stát sallchuir nó i dtríú Stát.

3. Aon ghníomhaire taidhleoireachta a bhfuil daoine ar fostú aige nach bhfuil feidhm maidir leo ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, comhallfaidh sé na hoibleagáidí a fhorchuireann forálacha slándála sóisialaí an Stáit ghlacaidh ar fhostóirí.

4. Ní dhéanfaidh an tsaoirseacht dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo rannpháirtíocht thoildheonach i gcóras slándála sóisialaí an Stáit ghlacaidh a dhúnadh amach ar choinníoll go gceadóidh an Stát sin an rannpháirtíocht sin.

5. Ní dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear do chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha i dtaobh slándála sóisialaí atá déanta cheana féin agus ní choiscfidh sé comhaontuithe den sórt sin a dhéanamh amach anseo.

Airteagal 34.

Beidh gníomhaire taidhleoireachta saor ó gach díre agus cáin, pearsanta nó réadach, náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, ach amháin:

(a) cánacha indíreacha de chineál is gnách a bheith ar áireamh praghas earraí nó seirbhísí;

(b) dírí agus cánacha ar mhaoin phríobháideach dhochorraithe i gcríoch an Stáit ghlacaidh, mura thar ceann an Stáit shallchuir chun críocha an mhisiúin a theachtann sé í;

(c) dleachtanna eastáit, comharbais nó oidhreachta a thoibhíonn an Stát glacaidh, faoi réir forálacha mhír 4 d'Airteagal 39;

(d) dírí agus cánacha ar ioncam príobháideach ar sa Stát glacaidh dá fhoinse agus cánacha caipitiúla ar infheistíochtaí a rinneadh i ngnólachtaí tráchtála sa Stát glacaidh;

(e) muirir arna dtoibhiú i leith seirbhísí sonracha a rinneadh;

(f) táillí cláraitheachta, cúirte nó taifeadtha, dírí morgáiste agus dleacht stampa, maidir le maoin dochorraithe, faoi réir forálacha Airteagal 23.

Airteagal 35.

Tabharfaidh an Stát glacaidh saoirseacht do ghníomhairí taidhleoireachta ó gach seirbhís phearsanta, ó gach seirbhís phoiblí de gach uile shórt, agus ó oibleagáidí míleata mar atá oibleagáidí a bhaineann le foréileamh, ranníocaí agus coinmheadh míleata.

Airteagal 36.

1. Tabharfaidh an Stát glacaidh, de réir cibé dlíthe agus rialacháin a chuirfidh sé i bhfeidhm, cead isteach agus saoirseacht ó gach dleacht custam, cáin, agus muirear gaolmhar, seachas muirir i leith stórála, iompair agus seirbhísí dá samhail, ar:

(a) earraí chun úsáide oifigiúla an mhisiúin;

(b) earraí chun úsáide pearsanta an ghníomhaire thaidhleoireachta nó daoine dá theaghlach is cuid dá líon tí, lena n-áirítear earraí a bheidh beartaithe dá bhunachas.

2. Beidh saoirseacht ó iniúchadh ag bagáiste pearsanta gníomhaire thaidhleoireachta, mura mbeidh cúiseanna tromaí ann chun a thoimhde go bhfuil earraí ann nach mbaineann na saoirseachtaí leo a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, nó earraí a bhfuil a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú toirmiscthe le dlí nó faoi rialú rialachán coraintín an Stáit ghlacaidh. Ní dhéanfar an t-iniúchadh sin ach amháin i láthair an ghníomhaire thaidhleoireachta nó a ionadaí údaraithe.

Airteagal 37.

1. Mura náisiúnaigh den Stát glacaidh iad, teachtfaidh na daoine de theaghlach gníomhaire thaidhleoireachta is cuid dá líon tí na pribhléidí agus na díolúintí a shonraítear in Airteagail 29 go 36.

2. Mura náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó murab ann atá buanchónaí orthu, teachtfaidh comhaltaí fhoireann riaracháin agus teicniúil an mhisiúin, mar aon le daoine is cuid dá líon tí faoi seach, na pribhléidí agus na díolúintí a shonraítear in Airteagail 29 go 35, ach amháin nach sroichfidh an díolúine ó dhlínse shibhialta agus riaracháin an Stáit ghlacaidh a shonraítear i mír 1 d'Airteagal 31 gníomhartha acu lasmuigh de chúrsa a ndualgas. Teachtfaidh siad, freisin, na pribhléidí a shonraítear in Airteagal 36, mír 1, maidir le hearraí a allmhairíodh an tráth a chuathas i mbun oifige ar dtús.

3. Teachtfaidh na comhaltaí d'fhoireann sheirbhíse an mhisiúin nach náisiúnaigh den Stát glacaidh nó nach ann atá buanchónaí orthu díolúine i leith gníomhartha acu i gcúrsa a ndualgas, saoirseacht ó dhírí agus cánacha ar a luach saothair de dhroim a bhfostaíochta agus an tsaoirseacht atá in Airteagal 33.

4. Mura náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó murab ann atá buanchónaí orthu, beidh seirbhísigh phríobháideacha comhaltaí an mhisiúin saor ó dhírí agus cánacha ar a luach saothair de dhroim a bhfostaíochta. Thairis sin, ní fhéadfaidh siad pribhléidí agus díolúintí a theachtadh ach amháin an méid a cheadóidh an Stát glacaidh. Ní foláir don Stát glacaidh, áfach, a dhlínse a fheidhmíú ar na daoine sin í slí nach gcuirfear isteach go míchuí ar chomhlíonadh feidhmeanna an mhisiúin.

Airteagal 38.

1. Ach amháin a mhéid a dheonóidh an Stát glacaidh pribhléidí agus díolúintí breise, ní theachtfaidh gníomhaire taidhleoireachta, is náisiúnach den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí air, ach díolúine ó dhlínse, agus dosháraitheacht, i leith gníomhartha oifigiúla aige i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

2. Na comhaltaí eile d'fhoireann an mhisiúin agus seirbhísigh phríobháideacha is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu ní theachtfaidh siad pribhléidí agus díolúintí ach amháin a mhéid a cheadóidh an Stát glacaidh. Ní foláir don Stát glacaidh, áfach, a dhlínse a fheidhmiú ar na daoine sin i slí nach gcuirfidh sé isteach go míchuí ar chomhlíonadh feidhmeanna an mhisiúin.

Airteagal 39.

1. Gach duine atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí teachtfaidh sé iad ón nóiméad a thiocfaidh sé isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh ag dul dó i mbun a phoist nó, más ina chríoch dó cheana féin, ón nóiméad a chuirfear a cheapachán in iúl don Aireacht Gnóthaí Coigríche nó do cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar.

2. Nuair a bheidh deireadh le feidhmeanna duine a theachtann pribhléidí agus díolúintí, scoirfidh na pribhléidí agus na díolúintí sin sa ghnáth-shlí an nóiméad a fhágfaidh sé an tír, nó ar éag do thréimhse réasúnach chun sin a dhéanamh, ach mairfidh siad go dtí an tráth sin, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm. Ach, maidir le gníomhartha a rinne an duine sin i bhfeidhmiú a fheidhmeanna dó mar chomhalta den mhisiún, leanfaidh díolúine de bheith ar marthain.

3. Má éagann comhalta den mhisiún, ansin na pribhléidí agus na díolúintí a mbeidh teideal ag na daoine dá theaghlach chucu teachtfaidh siad iad go ceann tréimhse réasúnaí chun an tír a fhágáil.

4. Má éagann comhalta den mhisiún nach náisiúnach den Stát glacaidh nó nach ann atá buanchónaí air nó duine dá theaghlach is cuid dá líon tí ceadóidh an Stát glacaidh maoin shochorraithe an éagaigh a thabhairt chun siúil, ach amháin aon mhaoin a fuarthas sa tír agus a raibh a honnmhairiú toirmiscthe an tráth a d'éag sé. Ní dhéanfar dleacht eastáit, dleacht comharbais ná dleacht oidhreachta a thoibhiú ar mhaoin shochorraithe arb é amháin ba chúis le hí a bheith sa Stát glacaidh an t-éagach a bheith ann mar chomhalta den mhisiún nó mar dhuine de theaghlach comhalta den mhisiún.

Airteagal 40.

1. Má théann gniomhaire taidhleoireachta trí chríoch tríú Stát, nó má bhíonn sé i gcríoch tríú Stát, a thug pas-víosa dó má ba ghá an víosa sin, ag dul i mbun a phoist nó ag filleadh ar a phost dó, nó ag filleadh ar a thír féin dó, tabharfaidh an tríú Stát dosháraitheacht dó mar aon le cibé díolúintí eile is gá chun a idirthuras nó a fhilleadh a áirithiú. Is amhlaidh sin a bheidh freisin i gcás aon daoine dá theaghlach a theachtann pribhléidí nó díolúintí agus a bheidh i gcuideachta an ghníomhaire thaidhleoireachta, nó a bheidh ag taisteal ar leithligh chuige nó ag filleadh ar a dtír féin.

2. In imthosca cosúil leo sin a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bhacfaidh tríú Stáit comhaltaí d'fhoireann riaracháin agus teicniúil nó seirbhíse misiúin, agus daoine dá dteaghlaigh, a bheidh ar idirthuras trína gcríocha.

3. Déanfaidh tríú Stáit an tsaoirse agus an chaomhaint chéanna a thugann an Stát glacaidh a thabhairt do chomhfhreagras oifigiúil agus do chumarsáidí oifigiúla eile a bheidh ar idirthuras, lena n-áirítear teachtaireachtaí i gcód nó i rúnscríbhinn. Tabharfaidh siad do theachtairí turais taidhleoireachta a mbeidh pas-víosa tugtha dóibh má ba ghá an víosa sin agus do mhálaí taidhleoireachta a bheidh ar idirthuras an dosháraitheacht agus an chaomhaint chéanna atá de cheangal ar an Stát glacaidh a thabhairt.

4. Na hoibleagáidí atá ar thríú Stáit faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo bainfidh siad freisin le daoine a luaitear faoi seach sna míreanna sin, agus le cumarsáidí oifigiúla agus málaí taidhleoireachta, ar force majeure is cúis le hiad a bheith i gcríoch an tríú Stát.

Airteagal 41.

1. Gan dochar dá bpribhléidí agus dá ndíolúintí, is é dualgas na ndaoine go léir a theachtann pribhléidí agus díolúintí den sórt sin dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh a urramú. Tá de dhualgas orthu freisin gan cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha an Stáit sin.

2. An gnó oifigiúil go léir leis an Stát glacaidh a bheidh curtha ar iontaobh an mhisiúin ag an Stát sallchuir déanfar é le hAireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó le cibé aireacht eile ar a gcomhaontófar.

3. Ní bheidh aon cheart ann áitreabh an mhisiúin a úsáid in aon slí ar neamhréir le feidhmeanna an mhisiúin mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún seo nó le rialacha eile sa dlí idirnáisiúnta ginearálta nó le haon chomhaontuithe speisialta a bheidh i bhfeidhm idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh.

Airteagal 42.

Ní bheidh gníomhaire taidhleoireachta ag gabháil sa Stát glacaidh d'aon ghníomhaíocht ghairme nó tráchtála le haghaidh sochair phearsanta.

Airteagal 43.

Bíonn deireadh le feidhm gníomhaire thaidhleoireachta, inter alia:

(a) ar an Stát sallchuir á chur in iúl don Stát glacaidh go bhfuil deireadh le feidhm an ghníomhaire thaidhleoireachta;

(b) ar an Stát glacaidh á chur in iúl don Stát sallchuir go ndiúltaíonn sé, de réir mhír (2) d'Airteagal 9, an gníomhaire taidhleoireachta a aithint mar chomhalta den mhisiún.

Airteagal 44.

Caithfidh an Stát glacaidh, fiú i gcás coinbhleacht faoi airm, saoráidí a thabhairt chun a chumasú do dhaoine a theachtann pribhléidí agus díolúintí, seachas náisiúnaigh den Stát glacaidh, agus daoine de theaghlaigh daoine den sórt sin, is cuma faoina náisiúntacht, fágáil a luaithe is féidir. Caithfidh sé, go háirithe, má bhionn gá leis, cóir iompair a bheidh ag teastáil dóibh féin agus dá maoin a chur ar fáil dóibh.

Airteagal 45.

Má bhristear caidreamh taidhleoireachta idir dhá Stát, nó má aisghairtear misiún go buan nó go sealadach:

(a) caithfidh an Stát glacaidh, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm, áitreabh an mhisiúin, mar aon lena mhaoin agus a chartlann, a urramú agus a chaomhnú;

(b) féadfaidh an Stát sallchuir áitreabh an mhisiúin, mar aon lena mhaoin agus a chartlann, a chur faoi chúram tríú Stát lena bhfuil glacadh ag an Stát glacaidh;

(c) féadfaidh an Stát sallchuir caomhaint a leasanna agus leasanna a náisiúnach a chur faoi chúram tríú Stát lena bhfuil glacadh ag an Stát glacaidh.

Airteagal 46.

Féadfaidh Stát sallchuir, le toiliú roimh ré Stáit ghlacaidh agus ar thríú Stát nach bhfuil ionadaí aige sa Stát glacaidh á iarraidh sin, caomhaint shealadach leasanna an tríú Stát agus a náisiúnach a ghabháil air féin.

Airteagal 47.

1. Ag cur forálacha an choinbhinsiúin seo chun feidhme dó, ní dhéanfaidh an Stát glacaidh idirdhealú amhail idir Stáit.

2. Ní mheasfar, áfach, idirdhealú a bheith á dhéanamh:

(a) i gcás ina gcuirfidh an Stát glacaidh aon cheann d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme go sriantach mar gheall ar an bhforáil sin a chur chun feidhme go sriantach maidir lena mhisiún sa Stát sallchuir;

(b) i gcás ina bhfearann Stáit, ó ghnás nó ó chomhaontú, cóir níos fabharaí le chéile ná a cheanglaíonn forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 48.

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag na Stáit uile is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na sainghníomhaireachtaí nó de na Páirtithe i Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus ag aon Stát eile a iarrfaidh Comhthionól na Náisiún Aontaithe teacht chun bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, mar a leanas: go dtí 31 Deireadh Fómhair 1961 ag Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Coigríche na hOstaire agus ina dhiaidh sin, go dtí 31 Márta 1962, i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac.

Airteagal 49.

Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 50.

Fanfaidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt le haghaidh aontachais aon Stát d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 48. Taiscfear na hionstraimí aontachais le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 51.

1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis dáta an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

2. Gach Stát a dhaingneoidh an Coinbhinsiún, nó a aontóidh leis, tar éis an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ina leith an tríochadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 52.

Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe in iúl do na Stáit d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 48:

(a) síniúcháin a cuirfear leis an gCoinbhinsiún seo agus ionstraimí daingniúcháin nó aontachais, a thaisceadh, de réir Airteagail 48, 49 agus 50;

(b) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, de réir Airteagal 51.

Airteagal 53.

Déanfar bunchóip an Choinbhinsiúin seo, agus an téacs Síneach, an téacs Béarla, an téacs Fraincise, an téacs Rúiseach agus an téacs Spáinneach de comhúdarásach, a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus cuirfidh seisean cóipeanna deimhnithe de go dtí na Stáit uile d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 48.

Dá FHIANú SIN tá na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus atá údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

ARNA DHéANAMH I VíN an t-ochtú lá déag seo d'Aibreán míle naoi gcéad seasca is a haon.

AN DARA SCEIDEAL

COINBHINSIUN VINE AR CHAIDREAMH CONSALACHTA

Tá na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo,

Ag meabhrú dóibh go bhfuil Caidreamh Consalachta bunaithe idir pobail anallód,

Ag cuimhneamh dóibh ar Chríocha agus Prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe maidir le Comhionannas Ceannasach Stát, ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnaisiúnta a chothabháil, agus ar chaidhreamh cairdiúil a chur ar aghaidh idir náisiúin,

á bhreithniú dóibh gur ghlac Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Idirghnóthaíocht agus Díolúintí Taidhleoireachta le Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta a osclaíodh lena shíniú 18 Aibreán, 1961,

á chreidiúint dóibh go gcabhródh coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chaidreamh, pribhléidí agus díolúintí consalachta freisin le Caidreamh Cairdiúil a fhorbairt i measc náisiún, ar neamhspleidh leis an éagsúlacht idir a gcórais bhunreachtúla agus shóisialaigh,

á thuiscint dóibh nach é leas daoine aonair is críoch do phribhléidí agus díolúintí den sórt sin ach a áirithiú go gcomhlíonfaidh poist chonsalachta feidhmeanna go héifeachtach thar ceann a Stát faoi seach,

á dhearbhú dóibh go leanfaidh ábhair nach rialaítear go sainráite le forálacha an Choinbhinsiúin seo faoi bhrí rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnáich,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1.

Mínithe.

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh na bríonna a shanntar dóibh anseo síos ag na habairtí seo a leanas:

(a) ciallaíonn “post consalachta” aon ard-chonsalacht, consalacht, leas-chonsalacht nó gníomhaireacht consalachta;

(b) ciallaíonn “ceantar consalachta” an limistéar atá sannta do phost consalachta chun feidhmeanna consalachta a fheidhmhiú;

(c) ciallaíonn “ceann poist chonsalachta” an duine ar a bhfuil sé curtha de dhualgas gníomhú sa cháil sin;

(d) ciallaíonn “oifigeach consalachta” aon duine, lena n-áirítear ceann poist chonsalachta, a bhfuil sé curtha ar a iontaobh sa cháil sin feidhmeanna consalachta a fheidhmiú;

(e) ciallaíonn “fostaí consalachta” aon duine atá ar fostú i seirbhís riaracháin nó teicniúla phoist chonsalachta;

(f) ciallaíonn “comhalta den fhoireann sheirbhíse” aon duine atá ar fostú i seirbhís tís phoist chonsalachta;

(g) ciallaíonn “comhaltaí an phoist chonsalachta” oifigigh chonsalachta, fostaithe consalachta, agus comhaltaí na foirne seirbhíse;

(h) ciallaíonn “comhaltaí na foirne consalachta” oifigigh chonsalachta, seachas ceann poist chonsalachta, fostaithe consalachta agus comhaltaí na foirne seirbhíse;

(i) ciallaíonn “comhalta den fhoireann phríobháideach” duine atá ar fostú go heisiatach i seirbhís phríobháideach comhalta den phost consalachta;

(j) ciallaíonn “áitreabh consalachta” na foirgnimh nó codanna d'fhoirgnimh agus an talamh a ghabhann leis an gcéanna, is cuma cé leis, a úsáidtear go heisiatach chun críocha an phoist chonsalachta;

(k) folaíonn “cartlann chonsalachta” páipéir, doiciméid, comhfhreagras, leabhair, scannáin, téipeanna agus cláir uile an phoist chonsalachta, mar aon leis na rúnscríbhinní agus na cóid, na treoirchártaí agus aon bhall troscáin atá ceaptha lena gcaomhnú nó lena slánchoimeád.

2. Tá dhá aicme oifigeach consalachta ann, is é sin, oifigigh chonsalachta ghairme agus oifigigh chonsalachta oinigh. Baineann forálacha Chaibidil II den Choinbhinsiún seo le poist chonsalachta a bhfuil oifigigh chonsalachta ghairme i gceannas orthu; rialaíonn forálacha Chaibidil III poist chonsalachta arb oifigigh chonsalachta oinigh atá i gceannas orthu.

3. Rialaíonn Airteagal 71 den Choinbhinsiún seo stádas áirithe comhaltaí post consalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu.

CAIBIDIL I. CAIDREAMH CONSALACHTA I gCOITINNE.

ROINN I. CAIDREAMH CONSALACHTA A BHUNU AGUS A SHEOLADH.

Airteagal 2.

Caidreamh consalachta a bhunú.

1. Is de chomhthoiliú a bhunaítear caidreamh consalachta idir Stáit.

2. An toiliú le caidreamh taidhleoireachta a bhunú idir Stáit toimhdíonn sé, mura ndeirtear a mhalairt, toiliú le caidreamh consalachta a bhunú.

3. Ní dhéanfaidh caidreamh taidhleoireachta a théarbhadh caidreamh consalachta a théarbhadh ipso facto.

Airteagal 3.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú.

Poist chonsalachta a fheidhmíonn feidhmeanna consalachta. Feidhmíonn misiúin thaidhleoireachta iad freisin de réir forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 4.

Post Consalachta a bhunú.

1. Is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfar, agus ní dhéanfar gan an toiliú sin, post consalachta a bhunú i gcríoch an Stáit sin.

2. Socróidh an Stát sallchuir, faoi réir chead an Stáit ghlacaidh, suíochán, aicmiú agus ceantar consalachta an phoist chonsalachta.

3. Aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar shuíochán, aicmiú nó ceantar consalachta an phoist chonsalachta is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfar iad agus ní dhéanfar iad gan an toiliú sin.

4. Ní mór freisin toiliú an Stáit ghlacaidh más mian le hardchonsalacht nó consalacht leas-chonsalacht nó gníomhaireacht chonsalachta a oscailt i limistéar seachas an limistéar ina bhfuil sé féin bunaithe.

5. Ní mór toiliú sainráite roimh ré a fháil ón Stát glacaidh chun oifig a bheidh ina cuid de phost consalachta atá ann cheana féin a oscailt in áit seachas ag suíochán an phoist sin.

Airteagal 5.

Feidhmeanna consalachta.

Is iad is feidhmeanna consalachta ann:

(a) leasanna náisiúnach an Stáit shallchuir agus a náisiúnach, idir phearsana aonair agus chomhlachta corpraithe a chaomhnú sa Stát glacaidh, laistigh de na teorainneacha a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta;

(b) forbairt caidreamh tráchtála, eacnamaíochta, cultúir agus eolaíochta idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh a chur ar aghaidh agus, freisin, caidreamh cairdiúil a chur ar aghaidh eatarthu de réir forálacha an Choinbhinsiúin seo;

(c) dálaí agus forbairtí i saol tráchtála, eacnamaíochta, cultúir agus eolaíochta an Stáit ghlacaidh a fháil amach ar gach slí dhleathach, agus an céanna a thuairisciú do Rialtas an Stáit shallchuir agus eolas a thabhairt do dhaoine leasmhara;

(d) pasanna agus doiciméid taistil a eisiúint chun náisiúnach den Stát sallchuir, agus víosaí nó doiciméid iomchuí a eisiúint chun daoine ar mian leo taisteal chun an Stáit shallchuir;

(e) cabhair agus cúnamh a thabhairt do náisiúnaigh, idir phearsana aonair agus chomhlachtaí corpraithe, den Stát sallchuir;

(f) gníomhú mar nótaire agus cláraitheoir sibhialta agus i gcáileanna den sórt céanna, agus feidhmeanna áirithe de ghné riaracháin a chomhlíonadh ar choinníoll nach bhfuil aon ní contrártha dó sin i ndlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh;

(g) cosaint a dhéanamh ar leasanna náisiúnach, idir phearsana aonair agus chomhlachtaí corpraithe, den Stát sallchuir i gcásanna comharbais mortis causa i gcríoch an Stáit ghlacaidh, de réir dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh;

(h) caomhnú a dhéanamh, laistigh de na teorainneacha a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, ar leasanna mionaoiseach agus daoine eile ar easpa inniúlachta iomláine is náisiúnaigh den Stát sallchuir, go háirithe i gcás inar gá caomhnóireacht nó iontaobhaíocht maidir le daoine den sórt sin;

(i) faoi réir na gcleachtas agus na nós imeachta sa Stát glacaidh, ionadaíocht a dhéanamh, nó dlús a chur le hionadaíocht iomchuí a dhéanamh, do náisiúnaigh den Stát sallchuir os comhair binsí agus údarás eile de chuid an Stáit ghlacaidh d'fhonn go ndéanfar, de réir dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, beartanna sealadacha chun ceartanna agus leasanna na náisiúnach sin a shlánchoimeád i gcásanna nach bhfuil náisiúnaigh den sórt sin, mar gheall ar bheith as láthair nó cúis éigin eile, ábalta, an tráth cuí dul i mbun a gcearta agus a leasanna a chosaint;

(j) tarchur doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach, nó forghníomhú litreacha rogáide nó coimisiún chun fianaise a ghlacadh do chúirteanna an Stáit shallchuir de réir comhaontuithe idirnáisiúnta a bheidh i bhfeidhm, nó mura mbeidh comhaontuithe den sórt sin ann, in aon slí eile ar comhréir le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh;

(k) feidhmiú cearta maoirseachta agus iniúchaidh dá bhforáiltear i ndlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir maidir le hárthaí ag a bhfuil náisiúntacht an Stáit shallchuir, agus maidir le haerárthaí atá cláraithe sa Stát sin, agus maidir lena bhfoirne;

(l) cúnamh a thabhairt d'árthaí agus d'aerárthaí a luaitear i bhfomhír (k) den Airteagal seo agus dá bhfoirne, ráitis a ghlacadh i dtaobh turas árthaigh, páipéir na loinge a scrúdú agus a stampáil agus, gan dochar do chumhachtaí údarás an Stáit ghlacaidh, fiosruithe a sheoladh i dtaobh aon teagmhais a tharla le linn an turais agus díospóidí d'aon sórt idir an máistir, na hoifigigh agus na mairnéalaigh a shocrú a mhéid a údaraítear sin le dlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir;

(m) aon fheidhmeanna eile a chomhlíonadh a chuirfidh an Stát sallchuir de chúram ar phost consalachta agus nach bhfuil toirmiscthe le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh nó nach gcuirfidh an Stát glacaidh ina gcoinne nó dá dtagraítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta atá i bhfeidhm idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh.

Airteagal 6.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú lasmuigh den cheantar consalachta.

Féadfaidh oifigeach consalachta, in imthosca áirithe, le toiliú an Stáit ghlacaidh, a fheidhmeanna a fheidhmiú lasmuigh dá cheantar consalachta.

Airteagal 7.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú i dtríú Stát.

Féadfaidh an Stát sallchuir, tar éis fógra a thabhairt do na Stáit lena mbaineann, a chur de chúram ar phost consalachta atá bunaithe i Stát áirithe feidhmeanna consalachta a fheidhmiú i Stát eile, mura ndéanfaidh ceann de na Stáit lena mbaineann agóid shainráite.

Airteagal 8.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú thar ceann tríú Stát.

Ar fhógra iomchuí a thabhairt don Stát glacaidh, féadfaidh post consalachta de chuid an Stáit shallchuir, mura gcuirfidh an Stát glacaidh ina choinne, feidhmeanna consalachta a fheidhmiú sa Stát glacaidh thar ceann tríú Stát.

Airteagal 9.

Aicmí cinn phoist chonsalachta.

1. Tá cinn phoist chonsalachta roinnte i gceithre aicme, is é sin:

(a) ard-chonsail;

(b) consail;

(c) leas-chonsail;

(d) gníomhairí consalachta.

2. Ní shrianann mír 1 den Airteagal seo ar aon slí ceart aon cheann de na Páirtithe Conarthacha oifigigh chonsalachta, seachas cinn phoist chonsalachta, a ainmniú.

Airteagal 10.

Cinn phoist chonsalachta a cheapadh agus a ligean chun feidhmithe.

1. Ceapann an Stát sallchuir cinn phoist chonsalachta agus ligeann an Stát glacaidh chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh iad.

2. Faoi réir forálacha an Choinbhinsiúin seo, déantar na foirmiúlachtaí chun ceann poist chonsalachta a cheapadh agus a ligean chun feidhmithe a chinneadh le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit shallchuir agus an Stáit ghlacaidh faoi seach.

Airteagal 11.

An coimisiún consalachta nó fógra ceapacháin.

1. Tabharfaidh an Stát sallchuir do cheann poist chonsalachta doiciméad, ar mhodh coimisiúin nó ionstraime dá shórt, a dhéanfar amach le haghaidh gach ceapacháin, a dheimhneoidh a cháil agus a inseoidh, de ghnáthriail, a ainm go hiomlán, a earnáil agus a aicme, an ceantar consalachta agus suíochán an phoist chonsalachta.

2. Déanfaidh an Stát sallchuir an coimisiún nó an ionstraim dá shórt a tharchur tríd an meán taidhleoireachta nó meán iomchuí eile go dtí Rialtas an Stáit arb ina chríoch a fheidhmeoidh ceann poist chonsalachta a fheidhmeanna.

3. Má aontaíonn an Stát glacaidh, féadfaidh an Stát sallchuir fógra ina mbeidh na sonraí a éilíonn mír 1 den Airteagal seo a chur chun an Stáit ghlacaidh in ionad coimisiúin nó ionstraime dá shórt.

Airteagal 12.

An Exequatur.

1. Ligtear ceann poist chonsalachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú trí údarás ón Stát glacaidh ar a dtugtar exequatur, cibé foirm ina mbíonn an t-údarás sin.

2. Aon Stát a dhiúltóidh exequatur a thabhairt ní bheidh d'oibleagáid air cúiseanna faoin diúltú sin a thabhairt don Stát sallchuir.

3. Faoi réir forálacha Airteagail 13 agus 15, ní rachaidh ceann poist chonsalachta i mbun a dhualgas go dtí go mbeidh exequatur faighte aige.

Airteagal 13.

Cinn phoist chonsalachta a ligean chun feidhmithe go sealadach.

Go dtí go seachadfar an exequatur, féadfar ceann poist chonsalachta a ligean, ar fhoras sealadach, chun a fheidhmeanna a fheidhmiú. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 14.

Fógra d'údaráis an cheantair chonsalachta.

A luaithe a ligfear ceann poist chonsalachta, go sealadach féin, chun a fheidhmeanna a fheidhmiú, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra láithreach d'údaráis inniúla an cheantair chonsalachta. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar na bearta is gá chun a chumasú do cheann poist chonsalachta dualgais a oifige a dhéanamh agus sochar forálacha ar Choinbhinsiúin seo a bheith aige.

Airteagal 15.

Feidhmeanna cheann poist chonsalachta a fheidhmiú go sealadach.

1. Má bhíonn ceann poist chonsalachta neamhábalta a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó má bhíonn post cheann poist chonsalachta folamh, féadfaidh ceann gníomhaitheach poist gníomhú go sealadach mar cheann an phoist chonsalachta.

2. Déanfaidh misiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir nó, mura bhfuil misiún den sórt sin ag an Stát sin sa Stát glacaidh, ceann an phoist chonsalachta, nó, má bhíonn sé neamhábalta é a dhéanamh, aon údarás inniúil de chuid an Stáit shallchuir, ainm iomlán an chinn ghníomhaithigh phoist a fhógairt d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin. Tabharfar, de ghnáthriail, an fógra sin roimh ré. Féadfaidh an Stát glacaidh a thoiliú a chur mar choinníoll le duine a ligean chun gníomhú mar cheann gníomhaitheach poist is duine nach gníomhaire taidhleoireachta ná oifigeach consalachta de chuid an Stáit shallchuir sa Stát glacaidh.

3. Tabharfaidh údaráis inniúla an Stáit ghlacaidh cúnamh agus caomhnú don cheann poist gníomhaitheach. An fad a bheidh sé i gcúram an phoist beidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir leis ar an bhforas céanna le ceann an phoist chonsalachta lena mbainfidh. Ní bheidh an Stát glacaidh, áfach, faoi oibleagáid aon saoráid, pribhléid ná díolúine a thabhairt do cheann cheann gníomhaitheach poist nach dteachtann ceann an phoist chonsalachta ach amháin faoi réir coinníollacha nach gcomhallann an ceann gníomhaitheach poist.

4. Nuair a dhéanfaidh an Stát sallchuir, sna himthosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, comhalta d'fhoireann taidhleoireachta de mhisiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir sa Stát glacaidh a ainmniú mar cheann gníomhaitheach poist, leanfaidh sé, mura gcuirfidh an Stát glacaidh ina choinne, de phribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta a theachtadh.

Airteagal 16.

Tosaíocht amhail idir cinn phoist chonsalachta.

1. Beidh tosaíocht i ngach aicme ag cinn phoist chonsalachta de réir dáta an exequatur a thabhairt.

2. Más rud é, áfach, go ligfear ceann poist chonsalachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go sealadach sula bhfaighidh sé an exequatur, cinnfear a thosaíocht de réir an dáta a ligeadh chun feidhmithe go sealadach é; leanfaidh don tosaíocht sin tar éis an exequatur a thabhairt.

3. Déanfar an t-ord tosaíochta amhail idir beirt nó níos mó is cinn phost consalachta a fuair an exequatur nó a ligeadh chun feidhmithe go sealadach an lá céanna a chinneadh de réir na ndátaí ar a ndearnadh a gcoimisiúin nó ionstraimí dá sórt nó na fógraí dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 11 a thíolacadh don Stát glacaidh.

4. Tiocfaidh cinn phost ghníomhaitheacha i ndiaidh na gceann post consalachta uile sa réim tosaíochta agus, amhail eatarthu féin, beidh tosaíocht acu de réir na ndátaí a chuadar i mbun a bhfeidhmeanna mar chinn phost ghníomhaitheacha mar bhí sna fógraí a tugadh faoi mhír 2 d'Airteagal 15.

5. Oifigigh chonsalachta oinigh is cinn phost consalachta tiocfaidh siad i ngach aicme i ndiaidh cinn phost consalachta ghairme sa réim tosaíochta san ord agus de réir na rialacha atá leagtha síos sna míreanna sin roimhe seo.

6. Beidh tosaíocht ag cinn phost consalachta ar oifigigh chonsalachta nach bhfuil an stádas sin acu.

Airteagal 17.

Gníomhartha taidhleoireachta ag oifigigh chonsalachta.

1. I Stát nach bhfuil misiún taidhleoireachta ann ag an Stát sallchuir agus gan ionadaíocht á dhéanamh dó ag misiún taidhleoireachta tríú Stát, féadfar, le toiliú an Stáit ghlacaidh, údarás a thabhairt d'oifigeach consalachta, gan difear a dhéanamh dá stádas consalachta, gníomhartha taidhleoireachta a dhéanamh. Ní thabharfaidh gníomhartha den sórt sin ag oifigeach consalachta aon cheart dó pribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta a éileamh.

2. Féadfaidh oifigeach consalachta, tar éis fógra a dhíreofar chun an Stáit ghlacaidh, gníomhú mar ionadaí an Stáit shallchuir chun aon eagraíochta idir-rialtasach. Nuair a bheidh sé ag gníomhú amhlaidh, beidh sé i dteideal aon phribhléidí agus díolúintí a theachtadh a thugtar d'ionadaí den sórt sin de réir an dlí idirnáisiúnta ghnáich nó de réir comhaontuithe idirnáisiúnta; ach, maidir le haon fheidhm chonsalachta a fheidhmiú aige, ní bheidh sé i dteideal aon díolúine níos mó ó dhlínse ná mar atá oifigeach consalachta i dteideal faoin gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 18.

An duine céanna a cheapadh ag dhá Stát nó níos mó mar oifigeach consalachta.

Féadfaidh dhá Stát nó níos mó, le toiliú an Stáit ghlacaidh, an duine céanna a cheapadh mar oifigeach consalachta sa Stát sin.

Airteagal 19.

Comhaltaí fhoireann chonsalachta a cheapadh.

1. Faoi réir forálacha Airteagail 20, 22 agus 23, féadfaidh an Stát sallchuir comhaltaí na foirne consalachta a cheapadh go saorálach.

2. Cuirfidh an Stát sallchuir ainm iomlán, earnáil agus aicme gach oifigigh chonsalachta, seachas ceann poist chonsalachta, in iúl don Stát glacaidh sách luath chun go bhfeidhmeoidh an Stát glacaidh, más mian leis, a chearta faoi mhír 3 d'Airteagal 23.

3. Féadfaidh an Stát sallchuir, má cheanglaíonn a dhlíthe agus a rialacháin é, a iarraidh ar an Stát glacaidh exequatur a thabhairt d'oifigeach consalachta seachas ceann poist chonsalachta.

4. Féadfaidh an Stát glacaidh, má cheanglaíonn a dhlíthe agus a rialacháin é, exequatur a thabhairt d'oifigeach consalachta seachas ceann poist chonsalachta.

Airteagal 20.

Méid na foirne consalachta.

Mura mbeidh comhaontú sainráite ann i dtaobh méid na foirne consalachta, féadfaidh an Stát glacaidh a cheangal go gcoimeádfar méid na foirne laistigh de na teorainneacha a measfaidh sé gur teorainneacha réasúnacha gnácha iad, ag féachaint d'imthosca agus do dhálaí sa cheantar consalachta agus do riachtanais an phoist chonsalachta áirithe.

Airteagal 21.

Tosaíocht idir oifigigh chonsalachta phoist chonsalachta.

Déanfaidh misiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir nó, mura bhfuil aon mhisiún den sórt ag an Stát sin sa Stát glacaidh, ceann an phoist chonsalachta, an t-ord tosaíochta amhail idir oifigigh chonsalachta phoist chonsalachta agus aon athrú ar an gcéanna a chur in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin.

Airteagal 22.

Náisiúntacht oifigeach consalachta.

1. Is ceart ó phrionsabal gur náisiúnaigh den Stát sallchuir oifigigh chonsalachta.

2. Ní fhéadfar oifigigh chonsalachta a cheapadh as daoine is náisiúnaigh den Stát glacaidh ach amháin le toiliú sainráite an Stáit sin, toiliú is féidir a tharraingt siar aon tráth.

3. Féadfaidh an Stát glacaidh an ceart céanna a fhorcoimeád maidir le náisiúnaigh tríú Stát nach náisiúnaigh den Stát sallchuir freisin.

Airteagal 23.

Daoine a dhearbhófar a bheith non grata.

1. Féadfaidh an Stát glacaidh aon tráth fógra a thabhairt don Stát sallchuir gur persona non grata oifigeach consalachta áirithe nó nach inghlactha aon chomhalta áirithe eile den fhoireann chonsalachta. Má bhíonn sin amhlaidh, déanfaidh an Stát sallchuir, de réir mar a bheidh, an duine lena mbainfidh a tharraingt siar nó a fheidhmeanna leis an bpost consalachta a fhoirceannadh.

2. Má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an Stát sallchuir laistigh de thréimhse réasúnach a oibleagáidí faoi mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Stát glacaidh, de réir mar a bheidh, an exequatur a tharraingt siar ón duine lena mbainfidh nó scor dá a mheas gur comhalta den fhoireann chonsalachta é.

3. Aon duine a cheapfar mar chomhalta de phost consalachta féadar a dhearbhú nach inghlactha é roimh theacht dó isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh nó, má bhíonn sé sa Stát glacaidh cheana féin, roimh dhul i mbun a dhualgas dó leis an bpost consalachta. In aon chás den sórt sin, tarraingeoidh an Stát sallchuir siar a cheapachán.

4. Sna cásanna a luaitear a míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, níl d'oibleagáid ar an Stát glacaidh cúiseanna faoina chinneadh a thabhairt don Stát sallchuir.

Airteagal 24.

Fógra don Stát glacaidh faoi cheapacháin, teacht agus imeacht.

1. Tabharfar fógra d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin faoin méid seo a leanas:

(a) ceapadh comhaltaí de phost consalachta, a dteacht tar éis a gceaptha chun an phoist chonsalachta, a n-imeacht deiridh nó foirceannadh a bhfeidhmeanna agus aon athruithe eile a dhéanann difear dá stádas agus a tharlóidh i gcúrsa a seirbhíse leis an bpost consalachta;

(b) teacht agus imeacht deiridh duine de theaghlach comhalta de phost consalachta is cuid dá líon tí agus, i gcás inar iomchuí, go bhfuil duine tar éis teacht chun bheith, nó tar éis scor de bheith, ina dhuine den sórt sin den teaghlach;

(c) teacht agus imeacht deiridh comhaltaí den fhoireann phríobháideach agus, mar is iomchuí, foirceannadh a seirbhíse mar chomhaltaí den sórt sin;

(d) fruiliú agus urscaoileadh daoine a chónaíonn an Stát mar chomhaltaí de phost consalachta nó mar chomhaltaí den fhoireann phríobháideach atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí.

2. I gcásanna inar féidir sin, tabharfar fógra roimh ré faoi theacht agus faoi imeacht deiridh.

ROINN II. DEIREADH LE FEIDHMEANNA CONSALACHTA.

Airteagal 25.

Feidhmeanna comhalta de phost consalachta a fhoirceannadh.

Beidh deireadh le feidhmeanna comhalta de phost consalachta inter alia:

(a) ar an Stát sallchuir á chur in iúl don Stát glacaidh go bhfuil deireadh lena fheidhmeanna;

(b) ar an exequatur a tharraingt siar;

(c) ar an Stát glacaidh á chur in iúl don Stát sallchuir go bhfuil scortha ag an Stát glacaidh dá a mheas gur comhalta den phost consalachta é.

Airteagal 26.

Imeacht as críoch an Stáit ghlacaidh.

Tabharfaidh an Stát glacaidh, fiú i gcás coinbhleacht faoi airm, do chomhalta poist chonsalachta agus do chomhaltaí na foirne príobháidí, seachas náisiúnaigh den Stát glacaidh, agus do dhaoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí is cuma faoi náisiúntacht, an t-am agus na saoráidí is gá chun a chur ar a gcumas ullmhú chun imeachta agus imeacht a luaithe is féidir tar éis feidhmeanna na gcomhaltaí a bheidh i gceist a fhoirceannadh. Cuirfidh sé, go háirithe, má bhíonn gá leis, cóir iompair ar fáil dóibh a bheidh ag teastáil uathu féin agus óna maoin seachas maoin a fuarthas sa Stát glacaidh agus a bhfuil a onnmhairiú toirmiscthe tráth na himeachta.

Airteagal 27.

Cosaint d'áitreabh agus do chartlann chonsalachta agus do leasanna an Stáit shallchuir in imthosca neamhghnácha.

Má théarbhtar caidreamh consalachta idir dhá Stát:

(a) déanfaidh an Stát glacaidh, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm, an t-áitreabh consalachta, mar aon le maoin an phoist chonsalachta agus cartlann na consalachta a urramú agus a chaomhnú;

(b) féadfaidh an Stát sallchuir áitreabh na consalachta mar aon leis an maoin a bheidh ann agus cairtlann na consalachta a chur faoi chúram tríú Stát is inghlactha ag an Stát glacaidh;

(c) féadfaidh an Stát sallchuir caomhnú a leasanna agus leasanna a náisiúnach a chur faoi chúram tríú Stát is inghlactha ag an Stát glacaidh.

2. I gcás ina ndúnfar go sealadach nó go buan post consalachta, beidh feidhm ag forálacha fhomhír (a) de mhír 1 den Airteagal seo. Ina theannta sin,

(a) má bhíonn post consalachta eile i gcríoch an Stáit ghlacaidh ag an Stát sallchuir cé nach mbeidh misiún taidhleoireachta á ionadú sa Stát glacaidh, féadfar coimeád áitribh an phoist chonsalachta a bheidh dúnta, mar aon leis an maoin a bheidh ann agus an chartlann chonsalachta, agus, le toiliú an Stáit ghlacaidh, feidhmiú feidhmeanna consalachta i gceantar an phoist chonsalachta a bheidh dúnta, a chur de chúram ar an bpost consalachta sin; nó

(b) mura mbeidh misiún taidhleoireachta nó post consalachta eile ag an Stát sallchuir sa Stát glacaidh, beidh feidhm ag forálacha fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL II. SAORAIDI, PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE POIST CHONSAL-ACHTA, LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA GHAIRME AGUS LE COMHALTAI EILE DE PHOST CONSALACHTA.

ROINN I. SAORAIDI, PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE POST CONSALACHTA.

Airteagal 28.

Saoráidí d'obair phoist chonsalachta.

Tabharfaidh an Stát glacaidh saoráidí iomlána chun feidhmeanna an phoist chonsalachta a chomhlíonadh.

Airteagal 29.

Bratach agus armas náisiúnta a úsáid.

1. Beidh de cheart ag an Stát sallchuir a bhratach agus a armas náisiúnta a úsáid sa Stát glacaidh de réir forálacha an Airteagal seo.

2. Féadfar bratach náisiúnta an Stáit shallchuir a chur ar foluain agus a armas a thaispeáint ar an bhfoirgneamh a áitíonn an post consalachta agus ag an doras isteach ann, ar áit chónaithe cheann an phoist chonsalachta agus ar a chóir iompair nuair a úsáidtear í ar ghnó oifigiúil.

3. Nuair a bheidh an ceart a thugtar leis an Airteagal seo á fheidhmiú, tabharfar aird ar dhlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh.

Airteagal 30.

Cóiríocht.

1. Éascóidh an Stát glacaidh don Stát sallchuir áitreabh is gá le haghaidh a phoist chonsalachta a fháil ina chríoch de réir dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh nó cabhróidh sé leis an Stát sallchuir chun cóiríocht a fháil i slí éigin eile.

2. Cabhróidh sé freisin, i gcás inar gá sin, leis an bpost consalachta chun cóiríocht oiriúnach a fháil dá chomhaltaí.

Airteagal 31.

Dosháraitheacht áitribh chonsalachta.

1. Beidh áitreabh consalachta dosháraithe a mhéid a fhoráiltear san airteagal seo.

2. Ní rachaidh údaráis an Stáit ghlacaidh isteach sa chuid sin d'áitreabh na consalachta a úsáidtear go heisiatach chun oibre an phoist chonsalachta ach amháin le toiliú ceann an phoist chonsalachta nó a ainmní nó le toiliú cheann mhisiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir. Féadfar, áfach, a thoimhdiú toiliú cheann an phoist chonsalachta a bheith tugtha i gcás dóiteáin nó tubaiste eile ar gá gníomh caomhainte sciobtha chuige.

3. Faoi réir forálacha mhír 2 den Airteagal seo, tá dualgas speisialta ar an Stát glacaidh gach beart iomchuí a dhéanamh chun áitreabh na consalachta a chaomhnú in aghaidh aon chur isteach nó damáiste agus chun aon chorraíl ar shíocháin an bpoist chonsalachta nó aon docharú dá dhignit a chosc.

4. Beidh áitreabh na consalachta, a throscán, maoin an phoist chonsalachta agus a chóir iompair díolmhaithe ó aon sórt foréileamh chun críocha cosanta náisiúnta nó fóntais phoiblí. Más gá díshealbhú chuige sin, déanfar gach beart is féidir chun go seachnófar comhlíonadh feidhmeanna an phoist chonsalachta a bhac, agus íocfar cúiteamh leordhóthanach, éifeachtúil go sciobtha leis an Stát sallchuir.

Airteagal 32.

Áitreabh consalachta a bheith saor ó chánachas.

1. Beidh áitreabh consalachta agus áit chónaithe cheann gairme poist chonsalachta arb é an Stát sallchuir nó aon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an Stáit shallchuir is úinéir air nó ar léasaí air é saor ó gach uile shórt díre agus cáin náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, seachas iad siúd is íocaíocht as seirbhísí sonraithe a rinneadh.

2. Ní bheidh feidhm ag an tsaoirseacht ó chánachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le dírí agus cánacha den sórt sin más iníoctha iad, faoi dhlí an Stáit ghlacaidh, ag an duine a rinne conradh leis an Stát sallchuir nó leis an duine a ghníomhaigh thar a cheann.

Airteagal 33.

Beidh an chartlann agus na doiciméid chonsalachta dosháraithe.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta dosháraithe gach tráth agus cibé áit ina mbeidh siad.

Airteagal 34.

Saoirse gluaiseachta.

Faoi réir a dhlíthe agus a rialachán i dtaobh ceantair a bhfuil dul isteach iontu toirmischthe nó faoi rialáil mar gheall ar shlándáil náisiúnta, áiritheoidh an Stát glacaidh saoirse gluaiseachta agus taistil ina chríoch do chomhaltaí uile an phoist chonsalachta.

Airteagal 35.

Saoirse Cumarsáide.

1. Ceadóidh agus caomhnóidh an Stát glacaidh saoirse cumarsáide ar thaobh an phoist chonsalachta chun gach críche oifigiúla. Ina chumarsáidí le Rialtas, le misiúin thaidhleoireachta agus le poist chonsalachta eile, cibé áit ina bhfuil siad, an Stát shallchuir, féadfaidh an post consalachta leas a bhaint as gach meán iomchuí, lena n-áirítear teachtairí turais taidhleoireachta nó consalachta, málaí taidhleoireachta nó consalachta agus teachtaireachtaí i gcód nó i rúnscríbhinn. Is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfaidh an post consalachta, agus ní dhéanfaidh gan toiliú an Stáit ghlacaidh, raidió-tharchuireadóir a chur isteach agus a úsáid.

2. Beidh comhfhreagras oifigiúil an phoist chonsalachta dosháraithe. Ciallaíonn comhfhreagras oifigiúil an comhfhreagras uile a bhaineann leis an bpost consalachta agus lena fheidhmeanna.

3. Ní osclófar ná ní choinneofar an mála consalachta. Dá ainneoin sin, má bhíonn cúis thromaí ag údaráis inniúla an Stát ghlacaidh chun a chreidiúint go bhfuil rud éigin sa mhála seachas comhfhreagras, doiciméid nó earraí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaidh ionadaí údaraithe don Stát sallchuir é a oscailt ina láthair. Má dhiúltaíonn údaráis an Stáit shallchuir don iarratas sin, cuirfear an mála ar ais go dtí an áit as a dtáinig sé.

4. Na pacáistí a chomhdhéanfaidh an mála consalachta beidh marcanna infheicthe orthu lasmuigh ag cur a ngné in iúl agus ní fhéadfaidh a bheith iontu ach comhfhreagras oifigiúil agus doiciméid oifigiúla nó earraí a bheidh beartaithe go heisiatach le haghaidh úsáide oifigiúla.

5. Beidh ag an teachtaire turais consalachta doiciméad oifigiúil a tugadh dó ag insint a stádais agus an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála consalachta. Ach amháin le toiliú an Stáit ghlacaidh, ní náisiúnach den Stát glacaidh a bheidh ann ná, mura náisiúnach den Stát sallchuir é, ní duine ar a bhfuil buanchónaí sa Stát glacaidh a bheidh ann. Caomhnóidh an Stát glacaidh é ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, teachtfaidh sé dosháraitheacht phearsanta agus ní dhílfidh sé aon ghabháil ná coinneáil a dhéanamh air.

6. Féadfaidh an Stát sallchuir a mhisiúin thaidhleoireachta agus a phoist chonsalachta teachtairí turais consalachta a ainmniú ad hoc. I gcásanna den sórt sin beidh feidhm freisin ag forálacha mhír 5 den Airteagal seo ach amháin go scoirfidh na díolúintí a luaitear ansin d'fheidhm a bheith acu nuair a bheidh teachtaire turais den sórt sin tar éis an mála consalachta a bheidh faoina chúram a sheachadadh don choinsíní.

7. Féadfar mála consalachta a chur faoi chúram chaptaen loinge nó aerárthaigh thráchtála a bheidh sceidealta tuirlingt i bport iontrála údaraithe. Tabharfar doiciméad oifigiúil dó ag insint an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála, ach ní mheasfar gur teachtaire turais consalachta é. Féadfaidh an post consalachta, trí chomhshocrú leis an húdaráis áitiúla iomchuí, duine dá chomhaltaí a chur chun seilbh a ghlacadh go díreach saorálach ar an mála ó chaptaen na loinge nó an aerárthaigh.

Airteagal 36.

Cumarsáid agus teagmháil le náisiúnaigh de chuid an Stáit shallchuir.

1. D'fhonn a urasú feidhmeanna consalachta a bhaineann le náisiúnaigh de chuid an Stát shallchuir a fheidhmiú:

(a) beidh saoirse ag oifigigh chonsalachta chun cumarsáid a dhéanamh le náisiúnaigh an Stáit shallchuir agus chun teacht a bheith acu orthu. Beidh an tsaoirse chéanna ag náisiúnaigh an Stát shallchuir maidir le cumarsáid a dhéanamh le hoifigigh chonsalachta an Stáit shallchuir agus teacht a bheith acu orthu;

(b) má iarrann sé é, cuirfidh údaráis inniúla an Stáit ghlacaidh in iúl, gan mhoill, do phost consalachta an Stáit shallchuir má bhíonn, ina cheantar consalachta, náisiúnach de chuid an Stáit sin gafa nó cimithe chun priosúin nó chun coimeáda ar feitheamh lena thriail nó á choinneáil in aon slí eile. Déanfaidh na húdaráis aon chumarsáid a bheidh arna díriú chun an phoist chonsalachta ag an duine a bheidh gafa, i bpriosún, á choimeád nó á choinneáil a chur ar aghaidh freisin gan mhoill. Déanfaidh na húdaráis sin a chearta faoin bhfomhír seo a chur in iúl gan mhoill don duine lena mbainfidh.

(c) beidh de cheart ag oifigigh chonsalachta cuairt a thabhairt ar náisiúnach den Stát sallchuir a bheidh i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil, comhrá agus comhfhreagras a dhéanamh leis agus socrú a dhéanamh le haghaidh ionadaiochta dlíthiúla dó. Beidh de cheart acu freisin cuairt a thabhairt ar aon náisiúnach de chuid an Stáit shallchuir a bheidh i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil ina gceantar de bhun breithiúnais. Dá ainneoin sin, staonfaidh oifigigh chonsalachta ó aon ghníomh a dhéanamh thar ceann náisiúnaigh atá i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil má chuireann sé go sainráite in aghaidh an ghnímh sin.

2. Feidhmeofar na cearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, faoi réir an choinníll, áfach, nach foláir do na dlíthe agus na rialacháin sin a chumasú lán-éifeacht a thabhairt do na críocha chun a bhfuil na cearta a thugtar leis an Airteagal seo beartaithe.

Airteagal 37.

Eolas i gcásanna báis, caomhnóireachta nó iontaobhais, raiceanna agus aerthionóiscí.

Má bhíonn an t-eolas iomchuí ag na húdaráis inniúla de chuid an Stáit ghlacaidh, beidh de dhualgas ar an húdaráis sin:

(a) i gcás bás náisiúnaigh de chuid an Stáit shallchuir, eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta ar ina cheantar a tharla an bás;

(b) eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta inniúil faoi aon chás inar dealraitheach gurbh é leas mionaoisigh, nó duine eile gan lán-inniúlacht, is náisiúnach den Stát sallchuir, caomhnóir nó iontaobhaí a cheapadh. Beidh tabhairt an eolais sin gan dochar, áfach, d'oibriú dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh i ndáil le ceapacháin den sórt sin;

(c) má raiceáiltear long de náisiúnacht an Stáit shallchuir nó má théann long den sórt sin ar thalamh i bhfarraige críche nó in uiscí inmheánacha an Stáit ghlacaidh, nó má tharlaíonn d'aerárthach atá cláraithe sa Stát sallchuir go mbainfidh tionóisc di ar chríoch an Stáit ghlacaidh, eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta is gaire do láthair an teagmhais.

Airteagal 38.

Cumarsáid le húdaráis an Stáit ghlacaidh.

Ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh, féadfaidh oifigigh chonsalachta aitheasc a dhéanamh chun:

(a) údaráis áitiúla inniúla a gceantair chonsalachta;

(b) údaráis larnacha inniúla an Stáit ghlacaidh má cheadaítear sin agus a mhéid a cheadaítear sin le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh nó leis na comhaontuithe idirnáisiúnta iomchuí.

Airteagal 39.

Táillí agus muirir chonsalachta.

1. Féadfaidh an post consalachta na táillí agus na muirir a fhoráiltear le dlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir i leith gníomhartha consalachta a thobhach i gcríoch an Stáit ghlacaidh.

2. Beidh na suimeanna a bhaileofar ar mhodh na dtáillí agus na muirear dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus na hadmhála ar thaillí agus muirir den sórt sin saor ó gach díre agus cáin sa Stát glacaidh.

ROINN II. SAORAIDI, PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA GHAIRME AGUS LE COMHALTAI EILE DE PHOST CONSALACHTA.

Airteagal 40.

Oifigigh chonsalachta a chaomhnú.

Tabharfaidh an Stát glacaidh urraim chuí d'oifigigh chonsalachta agus déanfaidh gach beart iomchuí chun aon ionsaí ar a bpearsa, ar a saoirse nó ar a ndignit a chosc.

Airteagal 41.

Dosháraitheacht phearsanta oifigeach consalachta.

1. Ní dhlífidh oifigigh chonsalachta go ndéanfar iad a ghabháil ná a choinneáil ar feitheamh le triail, ach amháin i gcás coire tromaí agus de bhun breithe ón údarás breithiúnach inniúil.

2. Ach amháin sa chás a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chimeofar oifigigh chonsalachta chun príosúin ná ní dhlífidh siad aon sórt sriantacht eile a chur ar a saoirse phearsanta, ach amháin i bhforghníomhú breithe breithiúnaí críochnaithí.

3. Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta, ní foláir dó láithriú os comhair na n-údarás inniúil. Dá ainneoin sin, seolfar na himeachtaí leis an urraim a dhlitear dó mar gheall ar a phost oifigiúil agus, ach amháin sa chás a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta. Nuair is gá, sna himthosca a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, oifigeach consalachta a choinneáil, tionscnófar gan ró-mhoill na himeachtaí ina choinne.

Airteagal 42.

Fógra faoi ghabháil, coinneáil nó ionchúiseamh.

Má ghabhtar nó má choinnítear, ar feitheamh lena thriail, comhalta den fhoireann chonsalachta, nó má thionscnaítear imeachtaí coiriúla ina choinne, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra láithreach do cheann an phoist chonsalachta. Más é ceann an phoist chonsalachta féin is ábhar d'aon bheart den sórt sin, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra don Stát sallchuir tríd an meán taidhleoireachta.

Airteagal 43.

Díolúine ó dhlínse.

1. Ní bheidh oifigigh chonsalachta ná fostaithe consalachta freagrach do dhlínse údarás breithiúnach nó údarás riaracháin an Stáit ghlacaidh i leith gníomhartha acu i bhfeidhmiú feidhmeanna consalachta.

2. Ní bheidh feidhm, áfach, ag forálacha mhír 1 den Airteagal seo i leith caingne sibhialta:

(a) de dhroim conradh a rinne oifigeach consalachta nó fostaí consalachta agus nár chonradh aige é a rinne sé go sainráite nó go hintuigthe mar ghníomhaire don Stát sallchuir; nó

(b) ag tríú páirtí mar gheall ar dhamáiste de dhroim tionóisc sa Stát glacaidh a rinne feithicil, árthach nó aerárthach.

Airteagal 44.

Dliteanas fianaise a thabhairt.

1. Féadfar glaoch ar chomhaltaí poist chonsalachta láithriú mar fhinnéithe i gcúrsa imeachtaí dlíthiúla nó imeachtaí riaracháin. Ach amháin sna cásanna a luaitear i mír 3 den Airteagal seo ní dhiúltóidh fostaí consalachta ná comhalta den fhoireann sheirbhíse fianaise a thabhairt. Má dhiúltaíonn oifigeach consalachta é sin a dhéanamh, ní fhéadfar aon éigeantas ná pionós a imirt air.

2. An t-údarás a iarrfaidh fianaise ó oifigeach consalachta seachnóidh sé cur isteach ar chomhlíonadh a fheidhmeanna. Féadfaidh an t-údarás sin, i gcás inar féidir é, an fhianaise sin a ghlacadh ina áit chónaithe nó sa phost consalachta nó glacadh le ráiteas i scríbhinn uaidh.

3. Níl oibleagáid ar bith ar chomhaltaí poist chonsalachta fianaise a thabhairt i dtaobh ábhar a bhaineann le feidhmiú a bhfeidhmeanna nó comhfhreagras oifigiúil agus doiciméid oifigiúla a bhaineann leis sin a thabhairt ar aird. Tá siad i dteideal freisin diúltú fianaise mar fhinnéithe saineolacha a thabhairt i dtaobh dlí an Stáit shallchuir.

Airteagal 45.

Pribhléidí agus díolúintí a tharscaoileadh.

1. Féadfaidh an Stát sallchuir aon cheann de na pribhléidí agus de na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagail 41, 43 agus 44 a tharscaoileadh maidir le comhalta den phost consalachta.

2. Is tarscaoileadh sainráite a bheidh sa tarscaoileadh i ngach cás, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3 den Airteagal seo, agus cuirfear in iúl i scríbhinn é don Stát glacaidh.

3. Má dhéanann oifigeach consalachta nó fostaí consalachta imeachtaí a thionscnamh in ábhar mar a dteachtfadh sé díolúine ó dhlínse faoi Airteagal 43 dúnfaidh sin amach é ó dhíolúine a agairt ó dhlínse i leith aon fhrithéileamh a bhaineann go díreach leis an bpríomh-éileamh.

4. Ní mheasfar go n-uirchiallaíonn tarscaoileadh ó dhlínse chun críocha imeachtaí sibhialta nó imeachtaí riaracháin tarscaoileadh díolúine ó na bearta forghníomhaithe de thoradh na breithe breithiúnaí; is gá tarscaoileadh ar leithligh maidir leis an bearta sin.

Airteagal 46.

Saoirseacht ó chlárú eachtrannach agus ó cheadanna cónaithe.

1. Beidh oifigigh chonsalachta agus fostaithe consalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí saor ó gach oibleagáid faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le clárú eachtrannach agus ceadanna cónaithe.

2. Ní bheidh feidhm, áfach, ag mír 1 den Airteagal seo maidir le haon fhostaí consalachta nach buan-fhostaí don Stát sallchuir nó a bhíonn ag gabháil d'aon slí bheatha shochrach phríobháideach sa Stát glacaidh ná le haon duine de theaghlach aon fhostaí den sórt sin.

Airteagal 47.

Saoirseacht ó cheadanna oibre.

1. Maidir le seirbhís a dhéanfar don Stát sallchuir beidh comhaltaí an phoist chonsalachta saor ó aon oibleagáidí maidir le ceadanna oibre a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh i ndáil le lucht oibre coigríche a fhostú.

2. Beidh comhaltaí fhoireann phríobháideach de chuid oifigeach consalachta agus de chuid fostaithe consalachta, mura mbíonn siad ag gabháil d'aon slí bheatha shochrach eile sa Stát glacaidh, saor ó na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 48.

Saoirseacht maidir le slándáil shóisialach.

1. Faoi réir forálacha mhír 3 den Airteagal seo, beidh comhaltaí an phoist chonsalachta, agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí, saor, maidir le seirbhísí a rinne siad don Stát sallchuir, ó fhorálacha slándála sóisialaí a bheidh i bhfeidhm sa Stát glacaidh.

2. An tsaoirseacht dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo beidh feidhm aici freisin maidir le comhaltaí den fhoireann phríobháideach atá ar fostú go heisiatach ag comhaltaí den phost consalachta, ar choinníoll:

(a) nach náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó nach ann atá buanchónaí orthu; agus

(b) go bhfuil siad faoi réim na bhforálacha slándála sóisialaí atá i bhfeidhm sa Stát sallchuir nó i dtríú Stát.

3. Aon chomhaltaí den phost consalachta a bhfuil daoine ar fostú acu nach bhfuil feidhm maidir leo ag an tsaoirseacht dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo comhallfaidh siad na hoibleagáidí a fhorchuireann forálacha slándála sóisialaí an Stáit ghlacaidh ar fhostóirí.

4. Ní dhéanfaidh an tsaoirseacht dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo rannpháirtíocht thoildheonach i gcóras slándála an sóisialaí an Stáit ghlacaidh a dhúnadh amach, ar choinníoll go gceadaíonn an Stáit sin an rannpháirtíocht sin.

Airteagal 49.

Saoirseacht ó chánachas.

1. Beidh oifigigh chonsalachta agus fostaithe consalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí saor ó gach díre agus cáin, pearsanta nó réadach, náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, ach amháin:

(a) cánacha indíreacha de chineál is gnách a bheith ar áireamh praghas earraí nó seirbhísí;

(b) dírí nó cánacha ar mhaoin phríobháideach dhochorraithe i gcríoch an Stáit ghlacaidh, faoi réir forálacha Airteagal 32;

(c) dleachtanna eastáit, comharbais nó oidhreachta a thoibhíonn an Stát glacaidh, faoi réir forálacha mhír (b) d'Airteagal 51;

(d) dírí agus cánacha ar ioncam príobháideach, lena n-áirítear gnóchan caipitiúil, ar sa Stát glacaidh dá fhoinse agus cánacha caipitiúla a bhaineann le hinfheistíochtaí a rinneadh i ngnólachtaí tráchtála nó airgeadais sa Stát glacaidh;

(e) muirir arna dtoibhiú i leith seirbhísí sonracha a rinneadh;

(f) táillí cláraitheachta, cúirte nó taifeadta, dírí morgáiste agus dleacht stampa, faoi réir forálacha Airteagal 32.

2. Beidh comhaltaí na foirne seirbhíse saor ó dhírí agus ó chánacha ar an bpá a fhaigheann siad as a seirbhísí.

3. Na comhaltaí den phost consalachta a bhfuil daoine ar fostú acu nach bhfuil a bpá nó a dtuarastail saor ó cháin ioncaim sa Stát glacaidh comhallfaidh siad na hoibleagáidí a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit sin ar fhostóirí maidir le toibhiú cánach ioncaim.

Airteagal 50.

Saoirseacht ó dhleachtanna custam agus iniúchadh.

1. Tabharfaidh an Stát glacaidh, de réir cibé dlíthe agus rialacháin a chuirfidh sé i bhfeidhm, cead isteach agus saoirseacht ó gach dleacht custam, cáin agus muirear gaolmhar, seachas muirir i leith stórála, iompair agus seirbhísí dá samhail, ar:

(a) earraí chun úsáide oifigiúla an phoist chonsalachta,

(b) earraí chun úsáide pearsanta oifigigh chonsalachta nó daoine dá theaghlach is cuid dá líon tí, lena n-áirítear earraí a bheidh beartaithe dá bhunachas. Ní mó a bheidh an méid earraí a bheidh beartaithe le tomhailt ná na cainníochtaí is gá chun a n-úsáidte go díreach ag na daoine lena mbainfidh.

2. Teachtfaidh fostaithe consalachta na pribhléidí agus na saoirseachtaí a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le hearraí a allmhairíodh an tráth a chuathas i mbun oifige ar dtús.

3. Beidh saoirseacht ó iniúchadh ag bagáiste pearsanta a bheidh ag gabháil le hoifigigh chonsalachta agus le daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí. Ní fhéadfar é a iniúchadh ach amháin mura mbeidh cúis thromaí chun a chreidiúint go bhfuil earraí ann seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhír (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó earraí a bhfuil a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú toirmiscthe le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh nó faoi réir a dhlíthe agus a rialachán coraintín. Is i láthair an oifigigh chonsalachta nó duine dá theaghlach lena mbainfidh a dhéanfar an t-iniúchadh.

Airteagal 51.

Eastát comhalta den phost consalachta nó eastát duine dá líon tí.

Má éagann comhalta de phost consalachta nó duine dá theaghlach is cuid dá líon tí:

(a) ceadóidh an Stát glacaidh maoin shochorraithe an éagaigh a onnmhairiú, ach amháin aon mhaoin den sórt sin a fuarthas sa Stát glacaidh agus a raibh a honnmhairiú toirmiscthe an tráth a d'éag sé;

(b) ní dhéanfaidh an Stát glacaidh dleacht náisiúnta, dleacht réigiúnach ná dleacht bhardasach, dleacht comharbais ná dleacht oidhreachta, ná dleacht ar aistriú a thobhach ar mhaoin shochorraithe arbh é amháin ba chúis le hí a bheith sa Stát glacaidh an t-éagach a bheith ann mar chomhalta den phost consalachta nó mar dhuine de theaghlach comhalta den phost consalachta.

Airteagal 52.

Saoirseacht ó sheirbhísí agus ranníocaí pearsanta.

Saorfaidh an Stát glacaidh comhaltaí an phoist chonsalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí ó gach seirbhís phearsanta, ó gach seirbhís phoiblí de gach uile shórt, agus ó oibleagáidí míleata mar atá oibleagáidí a bhaineann le foréileamh, ranníocaí agus coinnmheadh míleata.

Airteagal 53.

Tús agus deireadh pribhléidí agus díolúintí consalachta.

1. Teachtfaidh gach comhalta den phost consalachta na pribhléidí agus na díolúintí a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo ón nóiméad a thiocfaidh sé isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh ag dul dó i mbun a phoist nó, má bhíonn sé ina chríoch sin cheana féin, ón nóiméad a rachaidh sé i mbun a dhualgas leis an bpost consalachta.

2. Na daoine de theaghlach comhalta den phost consalachta is cuid dá líon tí agus na daoine dá fhoireann phríobháideach gheobhaidh siad na pribhléidí agus na díolúintí a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo ón dáta óna dteachfaidh sé pribhléidí agus díolúintí de réir mhír 1 den Airteagal seo nó ón dáta a thiocfaidh siad isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh nó ón dáta ar a dtiocfaidh siad chun bheith ina nduine den teaghlach sin nó ina chomhalta den fhoireann phríobháideach sin, cibé dáta acu is déanaí.

3. Nuair a bheidh deireadh le feidhmeanna comhalta den phost consalachta, ansin, na pribhléidí agus na díolúintí a bheidh aige agus ag duine dá theaghlach is cuid dá líon tí nó ag comhalta dá fhoireann phríobháideach scoirfidh siad sa ghnáth-shlí an nóiméad a fhágfaidh an duine lena mbainfidh an Stát glacaidh nó ar éag do thréimhse réasúnach chun sin a dhéanamh, cibé acu is luaithe, ach mairfidh siad go dtí an tráth sin, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm. I gcás na ndaoine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh deireadh lena bpribhléidí agus lena ndíolúintí nuair a scoirfidh siad de bheith ar áireamh líon tí nó de bheith i seirbhís, comhalta den phost consalachta, ar choinníoll, áfach, má bheartaíonn na daoine sin an Stát glacaidh a fhágáil laistigh de thréimhse réasúnach ina dhiaidh sin, go mairfidh a bpribhléidí agus a ndíolúintí go dtí an tráth a fhágfaidh siad.

4. Ach, maidir le gníomhartha a rinne comhalta den phost consalachta nó fostaí consalachta i bhfeidhmiú a fheidhmeanna leanfaidh díolúine ó dhlínse ar marthain gan teorainn ama.

5. Má éagann comhalta den phost consalachta, leanfaidh na daoine dá theaghlach is cuid dá líon tí de na pribhléidí agus na díolúintí a tugadh dóibh a theachtadh go dtí go bhfágfaidh siad an Stát glacaidh nó go ceann tréimhse réasúnaí chun go bhféadfaidh siad sin a dhéanamh, cibé acu sin is luaithe.

Airteagal 54.

Oibleagáidí tríú Stáit.

1. Má théann oifigeach consalachta trí chríoch tríú Stát, nó má bhíonn sé i gcríoch tríú Stát, a thug pas-víosa dó má ba ghá víosa, ag dul i mbun a phoist dó nó ag filleadh ar an Stát sallchuir dó, tabharfaidh an tríú Stát na díolúintí dó dá bhforáiltear leis na hAirteagal eile den Choinbhinsiún seo is gá chun a idirthuras nó a fhilleadh a áirithiú. Is amhlaidh sin a bheidh freisin i gcás aon duine dá theaghlach is cuid dá líon tí a theachtann pribhléidí agus díolúintí den sórt sin agus a bheidh i gcuideachta an oifigigh chonsalachta nó a bheidh ag taisteal ar leithligh chuige nó ag filleadh ar an Stát sallchuir.

2. In imthosca cosúil leo sin a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bhacfaidh tríú Stáit comhaltaí eile den phost consalachta nó daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí a bheidh ar idirthuras trína gcríocha.

3. Déanfaidh tríú Stáit an tsaoirse agus an chaomhaint chéanna atá de cheangal ar an Stát glacaidh a thabhairt faoin gCoinbhinsiún seo a thabhairt do chomhfhreagras oifigiúil agus do chumarsáidí oifigiúla eile a bheidh ar bealach, lena n-áirítear teachtaireachtaí i gcód nó i rúnscríbhinn. Tabharfaidh siad do theachtairí turais consalachta a mbeidh víosa tugtha dóibh, má ba ghá víosa, agus do mhálaí consalachta a bheidh ar idirthuras, an dosháraitheacht agus an chaomhaint chéanna atá de cheangal ar an Stát glacaidh a thabhairt faoin gCoinbhinsiún seo.

4. Na hoibleagáidí atá ar thríú Stáit faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo beidh feidhm acu freisin maidir le daoine a luaitear faoi seach sna míreanna sin, agus maidir le cumarsáidí oifigiúla agus málaí consalachta ar force majeure is cúis le hiad a bheith i gcríoch an tríú Stát.

Airteagal 55.

Urraim do dhlíthe agus do rialacháin an Stáit ghlacaidh.

1. Gan dochar dá bpribhléidí agus dá ndíolúintí. is é dualgas na ndaoine go léir a theachtann pribhléidí agus díolúintí den sórt sin dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh a urramú. Tá de dhualgas orthu freisin gan cur isteach ar gnóthaí inmheánacha an Stáit sin.

2. Ní dhéanfar áitreabh na consalachta a úsáid in aon slí ar neamhréir le feidhmiú feidhmeanna consalachta.

3. Ní choiscfidh forálacha mhír 2 den Airteagal seo oifigí nó bunachais nó gníomhaireachtaí eile a bheith i gcuid den fhoirgneamh ina bhfuil áitreabh na consalachta, ar choinníoll gur áitreabh ar leithligh ón áitreabh a úsáideann an post consalachta atá sannta dóibh. Sa chás sin, ní mheasfar chun críocha an Choinbhinsiúin seo gur cuid d'áitreabh na consalachta na hoifigí sin.

Airteagal 56.

Arachas i gcoinne fiontar tríú páirtí.

Comhlíonfaidh comhaltaí an phoist chonsalachta aon cheanglas a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le hárachas i gcoinne fiontar tríú páirtí de dhroim aon fheithicil, árthach nó aerárthach a úsáid.

Airteagal 57.

Forálacha speisialta maidir le slí bheatha shochrach phríobháideach.

1. Ní bheidh aon ghníomhaíocht ghairme ná thráchtála ar siúl sa Stát glacaidh ag oifigigh chonsalachta ghairme le haghaidh sochair phearsanta.

2. Ní dhéanfar pribhléidí agus díolúintí a fhoráiltear sa Chaibidil seo a thabhairt:

(a) d'fhostaithe consalachta ghairme ná do chomhaltaí den fhoireann sheirbhíse a bhfuil aon slí bheatha shochrach phríobháideach ar siúl acu sa Stát glacaidh;

(b) do dhaoine de theaghlach duine dá dtagraítear i bhfomhír (a) den mhír seo ná do dhaoine dá fhoireann phríobháideach;

(c) do dhaoine de theaghlach comhalta de phost consalachta a bhfuil aon slí bheatha shochrach phríobháideach ar siúl acu féin sa Stát glacaidh.

CAIBIDIL III. CORAS A BHAINEANN LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA OINIGH AGUS LE POIST CHON-SALACHTA ARB OIFIGIGH DEN SORT SIN ATA I gCEANNAS ORTHU.

Airteagal 58.

Forálacha ginearálta a bhaineann le saoráidí, pribhléidí agus díolúintí.

1. Bainfidh Airteagail 28, 29, 30, 34, 35, 36, 37, 38 agus 39, mír 3 d'Airteagal 54 agus míreanna 2 agus 3 d'Airteagal 55 le poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas orthu. Ina theannta sin, beidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí post consalachta den sórt sin faoi rialú Airteagail 59, 60, 61 agus 62.

2. Bainfidh Airteagail 42 agus 43, mír 3 d'Airteagal 44, Airteagail 45 agus 53 agus mír 1 d'Airteagal 55 le hoifigigh chonsalachta oinigh. Ina theannta sin, beidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí oifigeach consalachta den sórt sin faoi rialú Airteagail 63, 64, 65, 66 agus 67.

3. Ní dhéanfar na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar leis an gCoinbhinsiún seo a thabhairt do dhaoine de theaghlach oifigigh chonsalachta oinigh nó fostaí chonsalachta atá ar fostú i bpost consalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air.

4. Ní cheadófar, gan toiliú an dá Stát ghlacaidh lena mbainfidh, málaí consalachta a mhalairtiú idir dhá phost chonsalachta arb oifigigh chonsalachta oinigh atá i gceannas orthu i Stáit éagsúla.

Airteagal 59.

Áitreabh consalachta a chaomhnú.

Déanfaidh an Stát glacaidh cibé bearta is gá chun áitreabh consalachta poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air a chaomhnú in aghaidh aon chur isteach nó damáiste agus chun aon chorraíl ar shíocháin an phoist chonsalachta nó aon docharú dá dhignit a chosc.

Airteagal 60.

Áitreabh consalachta a bheith saor ó chánachas.

1. Beidh áitreabh consalachta poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air agus arb é an Stát sallchuir is úinéir air nó ar léasaí air an Stát sallchuir saor ó gach uile shórt díre agus cáin, náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, seachas iad siúd is íocaíocht as seirbhísí sonracha a rinneadh.

2. Ní bheidh feidhm ag an tsaoirseacht ó chánachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le dírí agus cánacha den sórt sin más iníoctha iad, faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, ag an duine a rinne conradh leis an Stát sallchuir.

Airteagal 61.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta dosháraithe.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta phoist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air dosháraithe gach tráth agus cibé áit a mbeidh siad, ar choinníoll go gcoimeádtar ar leithligh ó pháipéir agus doiciméid eile iad agus, go háirithe, ó chomhfhreagras príobháideach an cheann poist chonsalachta agus ó chomhfhreagras príobháideach aon duine a bheidh ag obair leis, agus ó aon ábhair, leabhair nó doiciméid a bhaineann lena ngairm nó lena gceird.

Airteagal 62.

Saoirseacht ó dhleachtanna custam.

Tabharfaidh an Stát glacaidh, de réir cibé dlíthe agus rialacháin a chuirfidh sé i bhfeidhm, cead isteach agus saoirseacht ó gach dleacht custam, cáin, agus muirear gaolmhar seachas muirir i leith stórála, iompair agus seirbhísí dá samhail, maidir leis na hearraí seo a leanas ar choinníoll gur le haghaidh úsáide oifigiúla poist chonsalachta iad arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air: armais, bratacha, comharthachláir, séalaí agus stampaí, leabhair, ábhar clóite oifigiúil, troscán oifige agus earraí dá samhail a sholáthraigh an Stát sallchuir, nó a soláthraíodh ar thionscnamh an Stáit shallchuir, don phost consalachta.

Airteagal 63.

Imeachtaí coiriúla.

Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta oinigh, ní foláir dó láithriú os comhair na n-údarás inniúil. Dá ainneoin sin, seolfar na himeachtaí leis an urraim a dhlitear dó mar gheall ar a phost oifigiúil agus, ach amháin nuair a bheidh sé faoi ghabháil nó coinneáil, i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta. Nuair is gá oifigeach consalachta oinigh a choinneáil, tionscnófar gan ró-mhoill na himeachtaí ina choinne.

Airteagal 64.

Oifigigh chonsalachta oinigh a chaomhnú.

Tá de dhualgas ar an Stát glacaidh cibé caomhaint a thabhairt d'oifigeach consalachta oinigh is gá de dhroim a phoist oifigiúil.

Airteagal 65.

Saoirseacht ó chlárú mar eachtrannaigh agus ó cheadanna cónaithe.

Beidh oifigigh chonsalachta oinigh, seachas iad siúd a bhfuil gníomhaíocht ghairme nó thráchtála ar siúl acu sa Stát glacaidh le haghaidh brabaigh phearsanta, saor ó gach oibleagáid faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le clárú eachtrannach agus ceadanna cónaithe.

Airteagal 66.

Saoirseacht ó chánachas.

Beidh oifigeach consalachta oinigh saor ó gach díre agus cáin ar an luach saothair agus na sochair oifige a gheobhaidh sé ón Stát sallchuir i leith feidhmeanna consalachta a fheidhmiú.

Airteagal 67.

Saoirseacht ó sheirbhísí agus ranníocaí pearsanta.

Saorfaidh an Stát glacaidh oifigigh chonsalachta oinigh ó gach uile sheirbhís phearsanta agus ó gach uile sheirbhís phoiblí d'aon sórt agus ó oibleagáidí míleata, mar atá oibleagáidí a bhaineann le foréileamh, ranníocaí agus coinnmheadh míleata.

Airteagal 68.

Rogha ann oifigigh chonsalachta oinigh a cheapadh nó a ghlacadh.

Tá saoirse ag gach Stát a chinneadh an gceapfaidh sé nó a nglacfaidh sé oifigigh chonsalachta oinigh.

CAIBIDIL IV. FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 69.

Gníomhairí consalachta nach cinn phoist chonsalachta.

1. Tá saoirse ag gach Stát a chinneadh an mbunóidh sé nó an ligfidh sé isteach gníomhaireachtaí consalachta a sheolfaidh gníomhairí consalachta nach mbeidh ainmnithe ag an Sát sallchuir mar chinn phoist chonsalachta.

2. Cinnfear trí chomhaontú idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh na coinníollacha faoina bhféadfaidh na gníomhaireachtaí consalachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ag gabháil dá ngníomhaíochtaí agus na pribhléidí agus na díolúintí a fhéadfaidh na gníomhairí consalachta a bheidh i gceannas orthu a theachtadh.

Airteagal 70.

Misiúin thaidhleoireachta d'fheidhmiú feidhmeanna consalachta.

1. Baineann forálacha an Choinbinsiúin seo, a mhéid a cheadaíonn an comhthéacs, le feidhmiú feidhmeanna consalachta ag misiún taidhleoireachta.

2. Déanfar ainmneacha comhaltaí misiúin thaidhleoireachta a shannfar don rannóg chonsalachta nó a gcuirfear feidhmiú feidhmeanna consalachta an mhisiúin de chúram orthu ar shlí eile a chur in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin.

3. Ag feidhmiú feidhmeanna consalachta dó, féadhfaidh misiún taidhleoireachta aitheasc a dhéanamh:

(a) chun údaráis áitiúla an cheantair chonsalachta;

(b) chun údaráis lárnacha an Stáit ghlacaidh má cheadaítear sin le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh nó le comhaontuithe idirnáisiúnta iomchuí.

4. Leanfaidh pribhléidí agus díolúintí na gcomhaltaí de mhisiún taidhleoireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo de bheith faoi rialú na rialacha dlí idirnáisiúnta a bhaineann le caidreamh taidhleoireachta.

Airteagal 71.

Náisiúnaigh den Stát glacaidh agus daoine ar a bhfuil buanchónaí ann.

1. Ach amháin a mhéid a thabharfaidh an Stát glacaidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí breise, ní theachtfaidh oifigigh chonsalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu ach amháin díolúine ó dhlínse agus dosháraitheacht phearsanta i leith gníomhartha oifigiúla i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus an phribhléid a fhoráiltear i mír 3 d'Airteagal 44. A mhéid a bhaineann leis na hoifigigh chonsalachta sin, beidh an Stát glacaidh faoi cheangal ar an gcuma chéanna ag an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 42. Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta don sórt sin, déanfar, ach amháin nuair atá sé faoi ghabháil nó coinneáil, na himeachtaí a sheoladh i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta.

2. Na comhaltaí eile den phost consalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu agus daoine dá dteaghlaigh, mar aon le daoine de theaghlaigh oifigeach consalachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, teachtfaidh siad saoráidí, pribhléidí agus díolúintí a mhéid, agus a mhéid sin amháin, a thabharfaidh an Stát glacaidh dóibh iad. Na daoine sin de theaghlaigh comhaltaí den phost consalachta agus na comhaltaí sin den fhoireann phríobháideach ar náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó arb ann atá buanchónaí orthu teachtfaidh siad ar an gcuma chéanna saoráidí, pribhléidí agus díolúintí a mhéid, agus a mhéid sin amháin, a thabharfaidh an Stát glacaidh dóibh iad. Déanfaidh an Stát glacaidh, áfach, a dhlínse a fheidhmiú ar na daoine sin ar bhealach nach mbacfaidh sé go míchuí feidhmiú feidhmeanna poist chonsalachta.

Airteagal 72.

Neamhidirdhealú.

1. Ag cur forálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme dó, ní dhéanfaidh an Stát glacaidh idirdhealú amhail idir Stáit.

2. Ní mheasfar, áfach, idirdhealú a bheith á dhéanamh:

(a) i gcás ina gcuirfidh an Stát glacaidh aon cheann d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme go sriantach mar gheall ar an bhforáil sin a chur chun feidhme go sriantach maidir lena phostanna consalachta sa Stát sallchuir;

(b) i gcás ina bhfearann Stáit ó ghnás nó ó chomhaontú cóir níos fabharaí dá chéile ná a cheanglaíonn forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 73.

An bhaint atá ag an gCoinbhinsiún seo le comhaontuithe idirnáisiúnta eile.

1. Ní dhéanfaidh forálacha an Choinbhinsiúin seo difear do chomhaontuithe idirnáisiúnta eile atá i bhfeidhm amhail idir Stáit is páirtithe iontu.

2. Ní stopfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo Stáit ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh do dhaingniú nó d'fhorlíonadh nó do leathnú nó d'fhairsingiú forálacha an Choinbhinsiúin seo.

CAIBIDIL V. FORALACHA DEIRIDH.

Airteagal 74.

Síniú.

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag na Stáit uile is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na sainghníomhaireachtaí nó de na Páirtithe i Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus ag aon Stát eile a iarrfaidh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe teacht chun bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, mar a leanas: go dtí 31 Deireadh Fómhair, 1963 ag Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Coigríche Phoblacht na hOstaire agus ina dhiaidh sin, go dtí 31 Márta, 1964, i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac.

Airteagal 75.

Daingniú.

Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúchán le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 76.

Aontachas.

Fanfaidh an Coinbhinsiún ar oscailt le haghaidh aontachais aon Stáit d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74. Taiscfear na hionstraimí aontachais le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 77.

Teacht i bhfeidhm.

1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis dáta an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

2. Gach Stát a dhaingneoidh an Coinbhinsiún, nó a aontóidh leis, tar éis an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ina leith an tríochadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 78.

Fógraí ón Ard-Rúnaí.

Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe in iúl do na Stáit d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74:

(a) na sínithe leis an gCoinbhinsiún seo agus ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, de réir Airteagail 74, 75 agus 76;

(b) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, de réir Airteagal 77.

Airteagal 79.

Fíorthéacsanna.

Déanfar bunchóip an Choinbhinsiúin seo, agus an téacs Síneach, an téacs Béarla, an téacs Fraincise, an téacs Rúiseach agus an téacs Spáinneach de comhúdarásach, a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus cuirfidh seisean cóipeanna deimhnithe de go dtí na Stáit uile d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74.

Dá FHIANú SIN tá na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus atá údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

ARNA DHéANAMH I VíN an ceathrú lá fichead seo d'Aibreán míle naoi gcéad seasca a trí.

AN TRIU SCEIDEAL.

COINBHINSIUN AR PHRIBHLEIDI AGUS AR DHIOLUINTI NA NAISIUN AONTAITHE.

De bhrí go bhforálann Airteagal 104 de Chairt na Náisiún Aontaithe go dteachtfaidh an Eagraíocht i gcríoch gach ceann dá Chomhaltaí cibé cáil dhlíthiúil is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chríocha a chomhalladh, agus

De bhrí go bhforálann Airteagal 105 de Chairt na Náisiún Aontaithe go dteachtfaidh an Eagraíocht i gcríoch gach ceann dá chomhaltaí cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a chríocha a chomhalladh agus go dteachtfaidh ionadaithe Comhaltaí na Náisiún Aontaithe agus oifigigh na hEagraíochta, ar an gcuma chéanna, cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun na feidhmeanna i ndáil leis an Eagraíocht a fheidhmiú go saorálach,

Dá dhroim sin, trí Rún lenar glacadh an 13 Feabhra, 1946, cheadaigh an Comhthionól Ginearálta an Coinbhinsiún seo a leanas agus molann sé go dtabharfaidh gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe aontachas leis.

Airteagal I.

Pearsantacht Dlítheanach.

Alt 1 .—Beidh pearsantacht dlítheanach ag na Náisiúin Aontaithe. Beid cumas ann—

(a) conarthaí a dhéanamh;

(b) maoin dhochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt;

(c) imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Airteagal II.

Maoin, Cistí agus Sócmhainní.

Alt 2 .—Teachtfaidh na Náisiúin Aontaithe, a mhaoin agus a shócmhainní, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna, díolúine ó gach sórt próis dhlíthiúil ach amháin a mhéid a bheidh sé tar éis a dhíolúine a tharscaoileadh go sainráite in aon chás áirithe. Tuigtear, áfach, nach mbainfidh aon tarscaoileadh díolúine le haon bheart forghníomhaithe.

Alt 3 .—Beidh áitreabh na Náisiún Aontaithe dosháraithe. Beidh díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile cur isteach, trí ghníomh feidhmiúcháin, gníomh riaracháin, gníomh breithiúnach nó gníomh reachtach, ag maoin agus sócmhainní na Náisiún Aontaithe cibé áit ina mbeidh nó cibé ag a mbeidh an céanna.

Alt 4 .—Beidh cartlann na Náisiún Aontaithe, agus, i gcoitinne, na doiciméid go léir is leis féin nó a bheidh ina sheilbh aige dosháraithe, cibé áit ina mbeidh siad.

Alt 5 .—Gan bheith faoi shriantacht ag rialála airgeadais, rialacháin ná moratoria d'aon sórt—

(a) féadfaidh na Náisiúin Aontaithe cistí, ór nó airgeadra d'aon sórt a shealbhú agus cuntais a oibriú in aon airgeadra;

(b) beidh saoirse ag na Náisiúin Aontaithe a chuid cistí, óir nó airgeadra a aistriú ó thír go tír eile nó istigh in aon tír agus aon airgeadra a bheidh aige a chomhshó in aon airgeadra eile.

Alt 6 .—Ag feidhmiú a chearta faoi Alt 5 thuas dó, tabharfaidh na Náisiúin Aontaithe aird chuí ar aon uiríolla ó Rialtas aon Chomhalta a mhéid a meastar is féidir éifeacht a thabhairt do na huiríolla sin gan dochar do leasanna na Náisiún Aontaithe.

Alt 7 .—Beidh na Náisiúin Aontaithe, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile—

(a) saor ó gach cáin dhíreach; tuigtear, áfach, nach n-éileoidh na Náisiúin Aontaithe saoirseacht ó chánacha nach bhfuil iontu, go deimhin, ach muirir i leith seirbhísí fóntais phoiblí;

(b) saor ó dhleachtanna custam agus ó thoirmisc agus sriantachtaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí a allmhaireoidh nó a onnmhaireoidh na Náisiúin Aontaithe le haghaidh úsáide oifigiúla aige féin. Tuigtear, áfach, nach ndéanfar earraí a allmhaireofar faoin tsaoirseacht sin a dhíol sa tír ar allmhairíodh isteach inti iad ach amháin faoi choinníollacha ar a gcomhaontófar le Rialtas na tíre sin;

(c) saor ó dhleachtanna custam agus ó thoirmisc agus sriantachtaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena fhoilseacháin.

Alt 8 .—Cé nach n-éileoidh na Náisiúin Aontaithe, de ghnáth, saoirseacht ó dhleachtanna máil agus ó chánacha ar mhaoin shochorraithe nó dhochorraithe a dhíol is cuid den phraghas a bheidh le híoc, dá ainneoin sin, i gcás maoin thábhachtach a bheith á ceannach ag na Náisiúin Aontaithe le haghaidh úsáide oifigiúla agus dleachtanna agus cánacha den sórt sin a bheith muirearaithe nó inmhuirir ar an gcéanna, déanfaidh Comhaltaí, aon uair is féidir sin, comhshocraíochtaí riaracháin iomchuí chun méid na dleachta nó na cánach a loghadh nó a thabhairt ar ais.

Airteagal III.

Saoráidí maidir le Cumarsáidí.

Alt 9 .—Teachtfaidh na Náisiúin Aontaithe, i gcríoch gach Comhalta, cóir dá chumarsáidí oifigiúla nach lú fabhair ná an chóir a thugann Rialtas an Chomhalta sin d'aon Rialtas eile lena n-áirítear a mhisiún taidhleoireachta mar a bhaineann le tosaíochtaí, rátaí agus cánacha ar phoist, cáblaí, teileagraim, raidiógraim, teileafótanna, cumarsáidí teileafóin agus cumarsáidí eile; agus rátaí nuachtán ar eolas do na nuachtáin agus don raidió. Ní dhéanfar aon chinsireacht ar chomhfhreagras oifigiúil ná ar chumarsáidí oifigiúla eile na Náisiún Aontaithe.

Alt 10 .—Beidh de cheart ag na Náisiúin Aontaithe cóid a úsáid agus a chomhfhreagras a chur ar aghaidh agus a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí, agus beidh na díolúintí agus na pribhléidí céanna acu sin atá ag teachtairí turais taidhleoireachta agus ag málaí taidhleoireachta.

Airteagal IV.

Ionadaithe Comhaltaí.

Alt 11 .—Teachtfaidh Ionadaithe Comhaltaí chun príomh-organ agus fo-organ na Náisiún Aontaithe agus chun comhdhálacha arna dtionól ag na Náisiúin Aontaithe, teachtfaidh siad, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturais go dtí áit an chruinnithe agus ón áit sin, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus, i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil mar ionadaithe, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(c) an ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i malaí séalaithe;

(d) saoirseacht ina leith féin agus i leith a gcéilí ó shriantachtaí inimirce, clárú eachtrannach nó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh;

(e) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(f) na díolúintí agus na saoráidí céanna maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar do thoscairí taidhleoireachta; agus freisin

(g) cibé pribhléidí, díolúintí agus saoráidí eile nach mbeidh ar neamhréir leis an méid sin roimhe seo agus a theachtann toscairí taidhleoireachta, ach amháin nach mbeidh aon cheart acu chun éileamh a dhéanamh ar shaoirseacht ó dhleachtanna custam ar earraí a allmhaireofar (seachas mar chuid dá mbagáiste pearsanta) nó ó dhleachtanna máil nó cánacha díolacháin.

Alt 12 .—Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, d'ionadaithe comhaltaí chun priomh-organ agus fo-organ na Náisiún Aontaithe agus chun comhdhálacha a thíonóil na Náisiúin Aontaithe, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha uile a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach ionadaithe Comhaltaí a thuilleadh na daoine iomchuí.

Alt 13 .—Má bhíonn titim aon chineál cánachais ag braith ar chónaí, ní mheasfar gur tréimhsí cónaithe tréimhsí a bheidh ionadaithe Comhaltaí chun príomh-organ agus fo-organ na Náisiún Aontaithe agus chun comhdhálacha a thionóil na Náisiúin Aontaithe i láthair i Stát chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Alt 14 .—Ní chun sochair phearsanta dóibh féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil leis na Náisiúin Aontaithe a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí d'ionadaithe Comhaltaí. Dá chionn sin, ní amháin go bhfuil de cheart ag Comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dá dtugtar an díolúine.

Alt 15 .—Níl forálacha Ailt 11, 12 agus 13 inchurtha chun feidhme amhail idir ionadaí agus údaráis an Stáit ar náisiúnach de é nó arb ionadaí nó arbh ionadaí dó é.

Alt 16 .—San Airteagal seo measfar go bhfolaíonn “ionadaithe” an uile thoscaire, leas-toscaire, comhairleoir, saineolaí teicniúil agus rúnaí toscaireachta.

Airteagal V.

Oifigigh.

Alt 17 .—Sonróidh an tArd-Rúnaí na hearnálacha oifigeach lena mbainfidh forálacha an Airteagail seo agus forálacha Airteagal VII. Cuirfidh sé na hearnálacha sin faoi bhráid an Chomhthionóil Ghinearálta. Ina dhiaidh sin, cuirfear na hearnálacha sin in iúl do Rialtais na gComhaltaí go léir. Déanfar ainmneacha na n-oifigeach a bheidh sna hearnálacha sin a chur in iúl ó am go ham do Rialtais na gComhaltaí.

Alt 18 .—Maidir le hoifigigh na Náisiún Aontaithe—

(a) beidh díolúine acu ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil;

(b) beidh saoirseacht acu ó chánachas ar na tuarastail agus an sochar oifige a íocfaidh na Náisiúin Aontaithe leo;

(c) beidh díolúine acu ó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta;

(d) beidh díolúine acu, agus ag a gcéilí agus ag gaolta atá i gcleithiúnas orthu, ó shriantachtaí inimirce agus ó chlárú eachtrannach;

(e) tabharfar na pribhléidí céanna dóibh i leith saoráidí iomlaoide a thugtar d'oifigigh chomhchéime is cuid de mhisiúin taidhleoireachta an Rialtais lena mbainfidh;

(f) tabharfar dóibh, agus dá gcéilí agus do ghaolta atá i gcleithiúnas orthu, na saoráidí athdhúichithe céanna le linn géarchéime idirnáisiúnta a thugtar do thoscairí taidhleoireachta;

(g) beidh de cheart acu a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht ag dul i mbun a bpoist i gcéadóir dóibh sa tír a bheidh i gceist.

Alt 19 .—I dteannta na ndíolúintí agus na bpribhléidí a shonraítear in Alt 18, tabharfar don Ard-Rúnaí agus do gach Ard-Rúnaí Cúnta, maidir leo féin, a gcéilí agus a gclann mhionaoiseach, na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta, de réir an dlí idirnáisiúnta.

Alt 20 .—Is chun leasa na Náisiún Aontaithe agus ní chun sochair phearsanta dóibh féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí d'oifigigh. Beidh de cheart ag an Ard-Rúnaí agus de dhualgas air díolúine aon oifigigh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a thuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na Náisiún Aontaithe. I gcás an Ard-Rúnaí, beidh de cheart ag an gComhairle Slándála díolúine a tharscaoileadh.

Alt 21 .—Comhoibreoidh na Náisiúin Aontaithe i gcónaí le húdaráis iomchuí na gComhaltaí chun cuí-riaradh an cheartais a urasú, chun a áirithiú go gcomhallfar rialacháin phóilíneachta, agus aon mhí-úsáid i ndáil leis na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí a luaitear san Airteagal seo a chosc ó tharlú.

Airteagal VI.

Saineolaithe ar Mhisiúin do na Náisiúin Aontaithe.

Alt 22 .—Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim Airteagal V) a bheidh ag déanamh misiún do na Náisiúin Aontaithe cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go saorálach i gcaitheamh tréimhse a misiún, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil lena misiúin. Tabharfar dóibh go háirithe—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus gníomhartha a rinne siad i gcúrsa a misiún a dhéanamh acu, díolúine sin ó phróis dhlíthiúil de gach sórt. Leanfar den díolúine sin ó phróis dhlíthiúil a thabhairt d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin do na Náisiúin Aontaithe;

(c) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(d) chun críocha a gcumarsáidí leis na Náisiúin Aontaithe, an ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe;

(e) na saoráidí céanna i leith sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(f) na díolúintí agus na saoráidí céanna i leith a mbagáiste phearsanta a thugtar do thoscairí taidhleoireachta.

Alt 23 .—Is chun leasa na Náisiún Aontaithe agus ní chun sochair phearsanta dóibh féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe. Beidh de cheart ag an Ard-Rúnaí agus de dhualgas air díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a thuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na Náisiún Aontaithe.

Airteagal VII.

Laissez-Passer na Náisiún Aontaithe.

Alt 24 .—Féadfaidh na Náisúin Aontaithe laissez-passer na Náisiún Aontaithe a eisiúint chun a oifigeach. Aithneoidh údaráis na gComhaltaí, agus glacfaidh siad leis na laissez-passer sin mar dhoiciméid taistil bhailí, agus forálacha Alt 25 a chur i gcuntas.

Alt 25 .—Déileálfar a scafánta is féidir le hiarratais ar víosaí (i gcás inar gá iad) ó shealbhóirí laissez-passer na Náisiún Aontaithe, nuair a bheidh deimhniú ag gabháil leo go bhfuil siad ag taisteal le gnó na Náisiún Aontaithe. Ina theannta sin deonófar saoráidí taistil scafánta do dhaoine den sórt sin.

Alt 26 .—Déanfar saoráidí cosúil leo sin a shonraítear in Alt 25 a thabhairt do shaineolaithe agus do dhaoine eile ag a mbeidh, cé nach sealbhóirí laissez-passer na Náisiún Aontaithe iad, deimhniú go bhfuil siad ag taisteal le gnó na Náisiún Aontaithe.

Alt 27 .—Déanfar na saoráidí céanna a thugtar do thoscairí taidhleoireachta a dheonú don Ard-Rúnaí, do na hArd-Rúnaithe Cúnta agus do na Stiúrthóirí a bheidh ag taisteal ar laissez-passer na Náisiún Aontaithe le gnó na Náisiún Aontaithe.

Alt 28 .—Féadfar forálacha an Airteagail seo a chur chun feidhme maidir le hoifigigh chomhréire do shainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe má fhoráiltear amhlaidh sna comhaontuithe um chaidhreamh arna ndéanamh faoi Airteagal 63 den Chairt.

Airteagal VIII.

Díospóidí a Shocrú

Alt 29 .—Cuirfidh na Náisiúin Aontaithe dlús le modhanna iomchuí chun socrú a dhéanamh—

(a) ar dhíospóidí de dhroim conarthaí nó díospóidí eile de ghné dlí phríobháidigh inar páirtí na Náisiúin Aontaithe;

(b) ar dhíospóidí lena bhfuil gabháil ag aon oifigeach de chuid na Náisiún Aontaithe a theachtann díolúine mar gheall ar a phost oifigiúil, murar tharscaoil an tArd-Rúnaí díolúine.

Alt 30 .—Déanfar na conspóidí go léir a éireoidh de dhroim an coinbhinsiún seo a léiriú nó a chur chun feidhme a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, mura gcomhaontóidh na páirtithe in aon chás modh socraithe eile a ghlacadh chucu. Má éiríonn conspóid idir na Náisiúin Aontaithe ar thaobh amháin agus Comhalta ar an taobh eile, iarrfar tuairim chomhairlitheach ar aon cheist dlí a bheidh ann de réir Airteagal 96 den Chairt agus Airteagal 65 de Reacht na Cúirte. Glacfaidh na páirtithe mar thuairim chríochnaitheach le tuairim na Cúirte.

An tAirteagal Deiridh.

Alt 31 .—Tá an coinbhinsiún seo á chur faoi bhráid gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe le haghaidh a aontachais.

Alt 32 .—Déanfar aontachas trí ionstraim a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le gach Comhalta ar dháta gach ionstraime aontachais a thaisceadh.

Alt 33 .—Déanfaidh an tArd-Rúnaí taisceadh gach aontachais a chur in iúl do Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe.

Alt 34 .—Tuigtear go mbeidh aon Chomhalta, nuair a thaiscfear ionstraim aontachais thar ceann an Chomhalta, i gcumas faoina dhlí féin éifeacht a thabhairt do théarmaí an choinbhinsiúin seo.

Alt 35 .—Leanfaidh an coinbhinsiún seo i bhfeidhm amhail idir na Náisiúin Aontaithe agus gach Comhalta ag a brfuil ionstraim aontachais taiscthe an fad a leanfaidh an Comhalta sin de bheith ina Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe, nó go dtí go mbeidh an Comhthionól Ginearálta tar éis coinbhinsiún athscrúdaithe a cheadú agus go mbeidh an Comhalta sin tagtha chun bheith ina pháirtí sa choinbhinsiún athscrúdaithe.

Alt 36 .—Féadfaidh an tArd-Rúnaí comhaontuithe forlíontacha a dhéanamh le haon Chomhalta nó Comhaltaí do choigeartú forálacha an choinbhinsiúin seo a mhéid a bhaineann leis an gComhalta nó leis na Comhaltaí sin. Beidh na comhaontuithe forlíontacha sin faoi réir ceadú an Chomhthionóil Ghinearálta i ngach cás.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

COINBHINSIUN AR PHRIBHLEIDI AGUS AR DHIOLUINTI SAINGHNIOMHAIREACHTAI NA NAISIUN AONTAITHE.

De bhrí gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 13 Feabhra 1946 le rún le hintinn na pribhléidí agus na díolúintí a theachtann na Náisiúin Aontaithe agus na sainghníomhaireachtaí iomaí a ionannú a mhéid is féidir é; agus

De bhrí go ndeachaigh na Náisiúin Aontaithe agus na sainghníomhaireachtaí i gcomhairle le chéile i dtaobh an rún réamhráite a chur i ngníomh;

Dá dhroim sin, trí rún 179 (II) lenar glacadh 21 Samhain, 1947, cheadaigh an Comhthionól Ginearálta an Coinbhinsiún seo a leanas, a chuirtear faoi bhráid na sainghníomhaireachtaí lena ghlacadh agus faoi bhráid gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe agus gach Stáit eile is comhalta de cheann amháin nó níos mó de na sainghníomhaireachtaí le haghaidh aontachais.

Airteagal I.

Mínithe agus réim.

Alt 1 .

Sa Choinbhinsiún seo:

(i) Is d'fhorálacha Airteagail II go IX a thagraíonn na focail “clásail chaighdeánacha”.

(ii) Ciallaíonn an focal “sainghníomhaireachtaí”:

(a) An Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta;

(b) Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe;

(c) Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe;

(d) An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;

(e) An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;

(f) An Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(g) An Eagraíocht Sláinte Domhanda;

(h) An tAontas Poist Uilechoiteann;

(i) An tAontas Teilechumarsáide Idirnáisiúnta; agus

(j) Aon ghníomhaireacht eile atá i gcaidreamh leis na Náisiúin Aontaithe de réir Airteagail 57 agus 63 den Chairt.

(iii) Ciallaíonn an focal “Coinbhinsiún”, maidir le haon sainghníomhaireacht áirithe, na clásail chaighdeánacha arna modhnú le téacs deiridh (nó athscrúdaithe) an aguisín a chuir an ghníomhaireacht sin isteach de réir ailt 36 agus 38.

(iv) Chun críocha airteagal III, folóidh na focail “maoin agus sócmhainní” freisin maoin agus cistí a riarann sainghníomhaireacht ar mhaithe lena feidhmeanna bunreachtúla a chur chun cinn.

(v) Chun críocha airteagail V agus VII, measfar go bhfolaíonn an abairt “ionadaithe comhaltaí” gach ionadaí, malairteach, comhairleoir, saineolaí teicniúil agus rúnaí toscaireachta.

(vi) In ailt 13, 14, 15 agus 25 ciallaíonn “cruinnithe arna dtionól ag sainghníomhaireacht” cruinnithe: (1) dá comhthionól agus dá comhlacht feidhmiúcháin (cibé ainm atá air), agus (2) d'aon choimisiún dá bhforáiltear ina bunreacht; (3) d'aon chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól aici; agus (4) d'aon choiste d'aon chomhlacht acu sin.

(vii) Ciallaíonn an téarma “ceann feidhmiúcháin” príomhoifigeach feidhmiúcháin na sainghníomhaireachta a bheidh i gceist, is cuma cé acu “Ard-Stúirthóir” nó ainm eile a thugtar air.

Alt 2 .

Gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo i leith aon sainghníomhaireacht a bhfuil an Coinbhinsiún seo tagtha chun bheith inchurtha chun feidhme ina leith de réir alt 37, tabharfaidh sé don ghníomhaireacht sin nó i ndáil léi na pribhléidí agus na díolúintí atá leagtha amach sna clásail chaighdeánacha ar na coinníollacha a shonraítear iontu, faoi réir aon mhodhnuithe ar na clásail sin a bheidh i bhforálacha an aguisín dheiridh (nó athscrúdaithe) a bhaineann leis an ngníomhaireacht sin agus a cuireadh isteach de réir alt 36 nó 38.

Airteagal II.

Pearsantacht dlítheanach.

Alt 3 .

Beidh pearsantacht dlítheanach ag na sainghníomhaireachtaí. Beidh cumas iontu (a) conarthaí a dhéanamh, (b) maoin dhochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt, (c) imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Airteagal III.

Maoin, cistí agus sócmhainní.

Alt 4 .

Teachtfaidh na sainghníomhaireachtaí, a maoin agus a sócmhainní, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna, díolúine ó gach sórt próis dhlíthiúil ach amháin a mhéid a bheidh siad tar éis a ndíolúine a tharscaoileadh go sainráite in aon chás áirithe. Tuigtear, áfach, nach mbainfidh aon tarscaoileadh díolúine le haon bheart forghníomhaithe.

Alt 5 .

Beidh áitribh na sainghníomhaireachtaí dosháraithe. Beidh díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile cur isteach, trí ghníomh feidhmiúcháin, gníomh riaracháin, gníomh breithiúnach nó gníomh reachtach, ag maoin agus sócmhainní na sainghníomhaireachtaí, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna.

Alt 6 .

Beidh cartlanna na sainghníomhaireachtaí, agus, i gcoitinne, na doiciméid go léir leo féin nó atá ar teachtadh acu, dosháraithe, cibé áit ina mbeidh siad.

Alt 7 .

Gan bheith faoi shrian ag rialála, rialacháin ná moratoria airgeadais d'aon sórt:

(a) féadfaidh na sainghníomhaireachtaí cistí, ór nó airgeadra d'aon sórt a shealbhú agus cuntais a oibriú in aon airgeadra;

(b) féadfaidh na sainghníomhaireachtaí a gcuid cistí, óir nó airgeadra a aistriú go saorálach ó thír go tír eile nó istigh in aon tír agus aon airgeadra a bheidh acu a comhshó go saorálach in airgeadais eile.

Alt 8 .

Ag feidhmiú a cearta faoi alt 7 thuas di, tabharfaidh gach sainghníomhaireacht aird chuí ar aon uiríolla ó Rialtas aon Stáit is páirtí sa Choinbhinsiún seo a mhéid a mheastar is féidir éifeacht do na huiríolla sin gan dochar do leasanna na gníomhaireachta.

Alt 9 .

Beidh na sainghníomhaireachtaí, a sócmhainní, a n-ioncam agus a maoin eile—

(a) sacr ó gach cáin dhíreach; tuigtear, áfach, nach n-éileoidh na sainghníomhaireachtaí saoirseacht ó chánacha nach bhfuil iontu, go deimhin, ach muirir i leith seirbhísí fóntais phoiblí;

(b) saor ó dhleachtanna custam agus ó thoirmisc agus sriantachtaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí a allmhaireoidh nó a onnmhaireoidh na sainghníomhaireachtaí le haghaidh úsáide oifigiúla acu; tuigtear, áfach, nach ndéanfar earra a allmhaireofar faoin tsaoirseacht sin a dhíol sa tír ar allmhairíodh isteach inti iad ach amháin faoi choinníollacha ar a gcomhaontófar le Rialtas na tíre sin;

(c) saor ó dhleachtanna agus ó thoirmisc agus sriantachtaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena bhfoilseacháin.

Alt 10 .

Cé nach n-éileoidh na sainghníomhaireachtaí, de ghnáth, saoirseacht ó dhleachtanna máil agus ó chánacha ar mhaoin shochorraithe nó dhochorraithe a dhíol is cuid den phraghas a bheidh le híoc, dá ainneoin sin, i gcás maoin tábhachtach a bheith á ceannach ag na sainghníomhaireachtaí le haghaidh úsáide oifigiúla agus dleachtanna agus cánacha den sórt sin a bheith muirearaithe nó inmhuirir ar an gcéanna, déanfaidh na Stáit is páirtithe sa Choinbhinsiún seo, aon uair is féidir sin, comhshocraíochtaí riaracháin iomchuí chun méid na dleachta nó na cánach a loghadh nó a thabhairt ar ais.

Airteagal IV.

Saoráidí maidir le cumarsáidí.

Alt 11 .

Teachtfaidh gach sainghníomhaireacht, i gcríoch gach Stáit is páirtí sa Choinbhinsiún seo i leith na gníomhaireachta sin, cóir dá cumarsaídí oifigiúla nach lú fabhair ná an chóir a thugann Rialtas an Stáit sin d'aon Rialtas eile, lena n-áirítear misiún taidhleoireachta an Rialtais dheiridh sin, mar a bhaineann le tosaíochtaí, rátaí agus cánacha ar phoist, cáblaí, teileagraim, raidiógraim, teileafótanna, cumarsáidí teileafóin agus cumarsaídí eile, agus rátaí nuachtán ar eolas do na nuachtáin agus don raidió.

Alt 12 .

Ní dhéanfar aon chinsireacht ar chomhfhreagras oifigiúil ná ar chumarsaídí oifigiúil eile na sainghníomhaireachtaí.

Beidh de cheart ag na sainghníomhaireachtaí cóid a úsáid agus comhfhreagras a chur ar aghaidh agus a fháil trí mheán teachtairí turais nó i málaí séalaithe, agus beidh na díolúintí agus na pribhléidí céanna acu sin atá ag teachtairí turais taidhleoireachta agus ag málaí taidhleoireachta.

Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann réamhchúram slándála iomchuí a ghlacadh a chinnfear trí chomhaontú idir Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo agus sainghníomhaireacht.

Airteagal V.

Ionadaithe Comhaltaí.

Alt 13 .

Teachtfaidh ionadaithe comhaltaí ag cruinnithe a thionóil sainghníomhaireacht na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturas dóibh go dtí áit a chruinnithe agus ón áit sin:

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus, i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil mar ionadaithe oifigiúla, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(c) an ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe;

(d) saoirseacht ina leith féin agus i leith a gcéilí ó shriantachtaí inimirce, clárú eachtrannach nó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh;

(e) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(f) na díolúintí agus na saoráidí céanna maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar do chomhaltaí comhchéime de mhisiúin thaidhleoireachta.

Alt 14 .

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, d'ionadaithe comhaltaí de na sainghníomhaireachtaí ag cruinnithe a thionóil siad, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Alt 15 .

Má bhíonn titim aon chineál cánachais ag braith ar chónaí, ní mheasfar gur tréimhsí cónaithe tréimhsí a bheidh ionadaithe comhaltaí de na sainghníomhaireachta ag cruinnithe a thionóil siad i láthair i Stát is comhalta chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Alt 16 .

Ní chun sochair phearsanta dóibh féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil leis na sainghníomhaireachtaí a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí d'ionadaithe comhaltaí. Dá chionn sin, ní amháin go bhfuil de cheart ag comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaithe a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dá dtugtar an díolúine.

Alt 17 .

Níl forálacha ailt 13, 14 agus 15 inchurtha chun feidhme maidir le húdaráis Stáit ar náisiúnach de nó arb ionadaí nó arbh ionadaí dó an duine.

Airteagal VI.

Oifigigh.

Alt 18 .

Sonróidh gach sainghníomhaireacht na hearnálacha oifigeach lena mbainfidh forálacha an airteagail seo agus forálacha airteagal VIII. Cuirfidh sí na hearnálacha sin in iúl do Rialtais na Stát uile is páirtithe sa Choinbhinsiún seo i leith na gníomhaireachta sin agus d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Déanfar ainmneacha na n-oifigeach a bheidh sna hearnálacha sin a chur in iúl ó am go ham do na Rialtais réamhráite.

Alt 19 .

Maidir le hoifigigh na sainghníomhaireachtaí—

(a) beidh díolúine acus ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus i leith na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil;

(b) teachtfaidh siad na saoirseachtaí céanna ó chánachas i leith tuarastal agus luach saothair a íocann na sainghníomh aireachtaí leo agus ar na coinníollacha céanna a theachtann na hoifigigh do na Náisiúin Aontaithe;

(c) beidh díolúine acu agus ag a gcéilí agus ag gaolta atá i gcleithiúnas orthu ó shriantachtaí inimirce agus ó chlárú eachtrannach;

(d) tabharfar na pribhléidí céanna dóibh i leith saoráidí iomlaoide a thugtar d'oifigigh chomhchéime de chuid misiún taidhleoireachta;

(e) tabharfar dóibh agus dá gcéilí agus do ghaolta atá i gcleithiúnas orthu na saoráidí athdhúichithe céanna le linn géarchéime idirnáisiúnta a thugtar d'oifigigh chomhchéime de chuid misiún taidhleoireachta;

(f) beidh de cheart acu a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht ag dul i mbun a bpoist i gcéadóir dóibh sa tír a bheidh i gceist.

Alt 20 .

Beidh oifigigh na sainghníomhaireachtaí saor ó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta, ar choinníoll nach mbainfidh an tsaoirseacht sin, maidir leis na Stáit ar náisiúnaigh díobh iad, ach le hoifigigh do na sainghníomhaireachtaí a mbeidh a n-ainmneacha curtha, de dhroim a ndualgas, ar liosta a thiomsaigh ceann feidhmiúcháin na sainghníomhaireachta agus a cheadaigh an Stát iomchuí.

Má ghlaoitear chun seirbhíse náisiúnta oifigigh eile de chuid sainghníomhaireachtaí, déanfaidh an Stát iomchuí, ar an tsainghníomhaireacht lena mbainfidh á iarraidh, glaoch chun seirbhíse ar na hoifigigh sin a chur siar go sealadach mar is gá ionas nach mbrisfear leanúntas oibre riachtanaí.

Alt 21 .

I dteannta na ndíolúintí agus na bpribhléidí a shonraítear in ailt 19 agus 20, déanfar, de réir an dlí idirnaisiúnta na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta a thabhairt, maidir leis féin, a chéile agus a chlann mhionaoiseach, do cheann feidhmiúcháin gach sainghníomhaireachta lena n-áirítear aon oifigeach a bheidh ag gníomhú thar a cheann le linn dó a bheith as láthair ó dhualgas.

Alt 22 .

Is chun leasa na sainghníomhaireachtaí amháin agus ní chun sochair phearsanta na n-oifigeach féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do na hoifigigh sin. Beidh de cheart ag gach sainghníomhaireacht agus de dhualgas uirthi díolúine aon oifigigh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na sainghníomhaireachta.

Alt 23 .

Comhoibreoidh gach sainghníomhaireacht i gcónaí le húdaráis iomchuí Stát is comhaltaí chun cuí-riaradh an cheartais a urasú, chun a áirithiú go gcomhallfar rialacháin phóilíneachta, agus aon mhí-úsáid i ndáil leis na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí a luaitear san airteagal seo a chosc ó tharlú.

Airteagal VII.

Pribhléid a mhí-úsáid.

Alt 24 .

Má mheasann aon Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo go ndearnadh pribhléid nó díolúine a thugtar leis an gCoinbhinsiún seo a mhí-úsáid, rachaidh an Stát sin agus an tsainghníomhaireacht lena mbainfidh i gcomhchomhairle le chéile chun a chinneadh ar tharla aon mhí-úsáid den sórt sin agus, má tharla, chun a fhéachaint lena áirithiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Mura sásóidh toradh na comhchomhairle sin an Stát agus an tsainghníomhaireacht lena mbainfidh, déanfar an cheist ar tharla mí-úsáid phribhléide nó díolúine a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta de réir alt 32. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta gur tharla an mhí-úsáid sin, beidh de cheart ag an Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo agus dá ndéanann an mhí-úsáid sin difear, tar éis fógra a thabhairt don tsainghníomhaireacht lena mbainfidh, sochair na pribhléide nó na díolúine a mí-úsáideadh amhlaidh a choimeád siar ón tsainghníomhaireacht sin.

Alt 25 .

1. Na hionadaithe comhaltaí a bheidh ag cruinnithe a thionóil sainghníomhaireachtaí ní cheanglóidh na húdaráis críche orthu, le linn dóibh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna agus ar a dturais dóibh go dtí áit an chruinnithe agus ón áit sin, ná ar oifigigh de réir bhrí alt 18, an tír ina mbeidh siad ag comhlíonadh a ndualgas a fhágáil mar gheall ar aon ghníomhaíochtaí acu ina gcáil oifigiúil. I gcás mí-úsáid pribhléidí cónaithe, áfach, ag aon duine den sórt sin i ngníomhaíochtaí sa tír lasmuigh dá fheidhmeanna oifigiúla, féadfaidh Rialtas na tíre sin a cheangal air fágáil ar choinníoll:

2.—(I) Ní cheanglófar ar ionadaithe comhaltaí, ná ar dhaoine atá i dteideal díolúine taidhleoireachta faoi alt 21, an tír a fhágáil ar shlí seachas de réir nós imeachta taidhleoireachta is inchurtha chun feidhme maidir le toscairí taidhleoireachta atá creidiúnaithe chun na tíre sin.

(II) I gcás oifigeach nach inchurtha chun feidhme alt 21 maidir leis, ní dhéanfar aon ordú chun an tír a fhágáil a eisiúint seachas le ceadú Aire Coigríche na tíre a bheidh i gceist, agus ní thabharfar an ceadú sin ach amháin tar éis dul i gcomhairle le ceann feidhmiúcháin na sainghníomhaireachta iomchuí; agus má bhunaítear imeachtaí ionnarbaidh i gcoinne oifigigh, beidh de cheart ag ceann feidhmiúcháin na sainghníomhaireachta láithriú sna himeachtaí sin thar ceann an duine a dtionscnófar ina choinne iad.

Airteagal VIII.

Laissez-passer.

Alt 26 .

Beidh teideal ag na sainghníomhaireachtaí laissez-passer na Náisiún Aontaithe a úsáid de réir comhshocraíochtaí riaracháin a dhéanfar idir Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus údaráis inniúla na sainghníomhaireachtaí, is gníomhnaireachtaí ar féidir cumhachtaí speisialta chun laissez-passer a eisiúint a tharmligean chucu. Déanfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe gach comhshocraíocht riaracháin a dhéanfar amhlaidh a chur i iúl do gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo.

Alt 27 .

Aithneoidh Stáit is páirtithe sa Choinbhinsiún seo agus glacfaidh siad le laissez-passer a eiseofar chun oifigigh na sainghníomhaireachtaí mar dhoiciméid taistil bhailí.

Alt 28 .

Déileálfar a scafánta is féidir le hiarratais ar víosaí, i gcás inar gá iad, ó oifigigh shainghníomhaireachtaí ag a bhfuil laissez-passer na Náisiún Aontaithe, nuair a bheidh deimhniú ag gabháil leo go bhfuil siad ag taisteal le gnó sainghníomhaireachta. Ina theannta sin, deonófar saoráidí chun taistil scafánta do dhaoine den sórt sin.

Alt 29 .

Déanfar saoráidí cosúil leo sin a shonraítear in alt 28 a thabhairt do shaineolaithe agus do dhaoine eile ag a mbeidh, cé nach sealbhóirí laissez-passer na Náisiún Aontaithe iad, deimhniú go bhfuil siad ag taisteal le gnó sainghníomhaireachta.

Alt 30 .

Déanfar na saoráidí céanna le haghaidh taistil a thugtar d'oifigigh chomhchéime i misiúin thaidhleoireachta a thabhairt do chinn feidhmiúcháin, do chinn feidhmiúcháin chúnta, do chinn ranna agus d'oifigigh eile nach ísle céim ná ceann roinne de chuid na sainghníomhaireachtaí, a bheidh ag taisteal ar laissez-passer na Náisiún Aontaithe le gnó na sainghníomhaireachtaí.

Airteagal IX.

Díospóidí a shocrú.

Alt 31 .

Cuirfidh gach sainghníomhaireacht dlús le modhanna iomchuí chun socrú a dhéanamh:

(a) ar dhíospóidí de dhroim conarthaí nó díospóidí de ghné phríobháideach inar páirtí an tsainghníomhaireacht;

(b) ar dhíospóidí lena bhfuil gabháil ag aon oifigeach do shainghníomhaireacht a theachtann díolúine mar gheall ar a phost oifigiúil, mura tarscaoileadh díolúine de réir forálacha alt 22.

Alt 32 .

Déanfar na conspóidí go léir de dhroim an Coinbhinsiún seo a léiriú nó a chur chun feidhme a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta mura gcomhaontóidh na páirtithe in aon chás áirithe modh socraithe eile a ghlacadh chucu. Má éiríonn conspóid idir ceann de na sainghníomhaireachtaí ar thaobh amháin agus comhalta ar an taobh eile, iarrfar tuairim chomhairlitheach ar aon cheist dlí a bheidh an de réir Airteagal 96 den Chairt agus Airteagal 65 de Reacht na Cúirte agus de réir forálacha iomchuí na gcomhaontuithe a rinneadh idir na Náisiúin Aontaithe agus an tsainghníomhaireacht lena mbainfidh. Glacfaidh na páirtithe mar thuairim chríochnaitheach le tuairim na Cúirte.

Airteagal X.

Aguisíní agus a gcur chun feidhme maidir le sainghníomhaireachtaí aonair.

Alt 33 .

Nuair a bheidh siad á gcur chun feidhme maidir le gach sainghníomhaireacht, oibreoidh na clásail chaighdeánacha faoi réir aon mhodhnuithe a bheidh leagtha amach sa téacs deiridh (nó athscrúdaithe) den aguisín a bhaineann leis an tsainghníomhaireacht sin, mar a fhoráiltear in ailt 36 agus 38.

Alt 34 .

Ní fóláir forálacha an Choinbhinsiúin maidir le haon sainghníomhaireacht a léiriú ag féachaint do na feidhmeanna atá curtha de chúram ar an ngníomhaireacht sin lena hionstraim bhunreachtúil.

Alt 35 .

Moltar dréacht-aguisíní I go IX do na sainghníomhaireachtaí a ainmnítear iontu. I gcás sainghníomhaireacht nach n-ainmnítear in alt 1, tarchuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go dtí an ghníomhaireacht dréacht-aguisín a bheidh molta ag an gComhairle Eacnamaíochta agus Sóisialach.

Alt 36 .

Is é téacs deiridh gach aguisín an ceann sin a cheadóidh an tsainghníomhaireacht a bheidh i gceist de réir a nós imeachta bunreachtúil. Déanfaidh an tsainghníomhaireacht a bheidh i gceist cóip den aguisín arna cheadú ag gach sainghníomhaireacht a tharchur go dtí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus air sin glacfaidh sé ionad an dréachta dá dtagraítear in alt 35.

Alt 37 .

Tagann an Coinbhinsiún seo chun bheith inchurtha chun feidhme maidir le gach sainghníomhaireacht nuair a bheidh sí tar éis téacs deiridh an aguisín iomchuí a tharchur chun Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus tar éis a chur in iúl dó go nglacann sí leis na clásail chaighdeánacha, arna modhnú leis an aguisín seo, agus go ngeallann sí éifeacht a thabhairt d'ailt 8, 18, 22, 23, 24, 31, 32, 42 agus 45 (faoi réir aon mhodhnú ar alt 32 a gheofar a bheith riachtanach chun téacs deiridh an aguisín a chomhréiriú le hionstraim bhunreachtúil na gníomhaireachta) agus d'aon fhorálacha den aguisín a chuireann oibleagáidí ar an ngníomhaireacht. Déanfaidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe de na haguisíní go léir a tharchuirfear chuige faoin alt seo agus d'aguisíní athscrúdaithe a tharchuirfear faoi alt 38 a thabhairt do Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe agus do Stáit eile is comhaltaí de na sainghníomhaireachtaí.

Alt 38 .

Má cheadaíonn aon sainghníomhaireacht, tar éis aguisín deiridh a tharchur faoi alt 36, aon leasuithe air de réir a nós imeachta bunreachtúil, tarchuirfidh sí aguisín athscrúdaithe chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Alt 39 .

Ní theorainneoidh ná ní dhocharóidh forálacha an Choinbhinsiúin seo are aon slí na pribhléidí agus na díolúintí atá tugtha, nó a thabharfar dá éis seo, ag aon Stát d'aon sainghníomhaireacht mar gheall ar a ceann-cheathrú nó a hoifigí réigiúin a bheith i gcríoch an Stáit sin. Ní mheasfar go gcoisceann an Coinbhinsiún seo comhaontuithe forlíontacha a dhéanamh idir aon Stát is páirtí ann agus aon sainghníomhaireacht do choigeartú forálacha an Choinbhinsiúin seo nó do leathnú nó do laghdú na bpribhléidí agus na ndíolúintí a dheonaítear leis.

Alt 40 .

Tuigtear go mbeidh na clásail chaighdeánacha, arna modhnú le dréacht deiridh aguisín a chuirfidh sainghníomhaireacht chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe faoi alt 36 (nó aon aguisín athscrúdaithe a chuirfear faoi alt 38) comhréireach le forálacha na hionstraime bunreachtúla de chuid na sainghníomhaireachta iomchuí a bheidh i bhfeidhm an tráth sin, agus, más gá aon leasú ar an ionstraim sin chun an ionstraim bhunreachtúil a dhéanamh comhréireach amhlaidh, go mbeidh an leasú sin curtha i bhfeidhm de réir nós imeachta bunreachtúil na gníomhaireachta sin sula dtarchuirfear an t-aguisín deiridh (nó athscrúdaithe).

Ní oibreoidh an Coinbhinsiún féin chun aisghairm ná laghdú a dhéanamh ar aon fhorálacha d'ionstraim bhunreachtúil aon sainghníomhaireachta ná ar aon chearta ná oibleagáidí a bheidh, tharis sin, ag an ngníomhaireacht, nó a gheobhaidh nó a ghlacfaidh sí chuici thairis sin.

Airteagal XI.

Forálacha deiridh.

Alt 41 .

Tabharfaidh Comhalta de na Náisiúin Aontaithe agus (faoi réir alt 42) aon Stát is comhalta de shainghníomhaireacht shonraithe aontachas leis an gCoinbhinsiún seo trí ionstraim aontachais a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe a thiocfaidh in éifeacht ar an dáta a taiscfear í.

Alt 42 .

Déanfaidh gach sainghníomhaireacht lena mbainfidh téacs an Choinbhinsiúin seo mar aon leis na haguisíní iomchuí a chur in iúl don chuid sin dá comhaltaí nach Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus tabharfaidh cuireadh dóibh aontachas a thabhairt leis an gcéanna maidir leis an ngníomhaireacht sin trí ionstraim aontachais ag aontú leis an gCoinbhinsiún a thaisceadh ina leith le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe nó le ceann feidhmiúcháin na sainghníomhaireachta.

Alt 43 .

Cuirfidh gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo in iúl ina ionstraim aontachais an tsainghníomhaireacht nó na sainghníomhaireachtaí a ngeallann sé forálacha an Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm ina leith. Féadfaidh gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo, trí fhógra scríofa dá éis sin chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a gheallúint forálacha an Choinbhinsiúin seo a chur chun feidhme maidir le sainghníomhaireacht bhreise amháin nó níos mó. Tiocfaidh an fógra sin in éifeacht ar an dáta a gheobhaidh an tArd-Rúnaí é.

Alt 44 .

Tiocfaidh an Choinbhinsiún seo i bhfeidhm do gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo i leith sainghníomhaireachta nuair a thiocfaidh sé chun bheith infheidhmithe maidir leis an ngníomhaireacht sin de réir alt 37 agus go mbeidh an Stát is páirtí tar éis a gheallúint forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme maidir leis an ngníomhaireacht sin de réir alt 43.

Alt 45 .

Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe in iúl do Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe agus freisin do chomhaltaí uile na sainghníomhaireachtaí agus do chinn feidhmiúcháin na sainghníomhaireachtaí i dtaobh gach ionstraim aontachais a thaisceadh a fuarthas faoi alt 41 agus i dtaobh fógraí a fuarthas dá éis sin faoi alt 43. Cuirfidh ceann feidhmiúcháin sainghníomhaireachta in iúl d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus do chomhaltaí na gníomhaireachta iomchuí i dtaobh aon ionstraim aontachais a thaisceadh a taisceadh leis faoi alt 42.

Alt 46 .

Tuigtear, nuair a dhéanfar ionstraim aontachais nó fógra dá éis sin a thaisceadh thar ceann aon Stáit, go mbeidh an Stát sin i gcumas faoina dhlí féin éifeacht a thabhairt do théarmaí an Choinbhinsiúin seo, arna mhodhnú le téacsanna deiridh aon aguisíní a bhainfidh leis na gníomhaireachtaí a thagann faoi réim aontachais nó fógraí den sórt sin.

Alt 47 .

1. Faoi réir forálacha mhír 2 agus mhír 3 den alt seo, geallann gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme i leith gach sainghníomhaireacht a thagann faoi réim a aontachais nó fógra dá éis sin uaidh go dtí go mbeidh coinbhinsiún nó aguisín athscrúdaithe tagtha chun bheith inchurtha chun feidhme maidir leis an ngníomhaireacht sin agus go mbeidh an Stát sin tar éis glacadh leis an gcoinbhinsiún nó leis an aguisín athscrúdaithe. I gcás aguisín athscrúdaithe, glacfaidh Stát leis trí fhógra a dhíreofar chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a thiocfaidh in éifeacht ar an dáta a gheobhaidh an tArd-Rúnaí é.

2. Féadfaidh gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo, áfách, nach comhalta, nó atá scortha de bheith ina chomhalta, de shainghníomhaireacht, fógra scríofa a dhíriú chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe nó chuig ceann feidhmiúcháin na gníomhaireachta lena mbainfidh á rá go mbeartaíonn sé sochair an Choinbhinsiúin seo a choimeád siar ón ngníomhaireacht sin amhail ó dháta sonraithe nach mbeidh níos luaithe ná trí mhí ó dháta an fógra a fháil.

3. Féadfaidh gach Stát is páirtí sa Choinbhinsiún seo sochar an Choinbhinsiúin seo a choimeád siar ó aon sainghníomhaireacht a scoirfidh de bheith i gcaidreamh leis na Náisiúin Aontaithe.

4. Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe in iúl do na Stáit is comhaltaí atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo i dtaobh aon fhógra a tharchuirfear chuige faoi fhorálacha an ailt seo.

Alt 48 .

Ar thrian de na Stáit is páirtithe sa Choinbhinsiún seo á iarraidh, tionólfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe comhdháil d'fhonn é a athscrúdú.

Alt 49 .

Tarchuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe cóip den Choinbhinsiún seo go dtí gach sainghníomhaireacht agus go dtí Rialtas gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe.

AGUISIN I.

An Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta.

Ina bhfeidhm maidir leis an Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta oibreoidh na clásail chaighdeánacha faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Roichfidh Airteagal V (seachas mír (c) d'alt 13) agus alt 25, míreanna 1 agus 2 (1), d'Airteagal VII go dtí comhaltaí fostóirí agus comhaltaí oibrithe agus leas-chomhaltaí Chomhlacht Rialaithe na hOifige Oibreachais Idirnáisiúnta agus a n-ionadaigh; ach amháin gurb é an Comhlacht Rialaithe a dhéanfaidh díolúine duine den sórt sin is comhalta a tharscaoileadh faoi alt 16.

2. Tabharfar freisin na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Alt 21 de na clásail chaighdeánacha d'aon Leas-Ard-Stiúrthóir agus d'aon Ard-Stiúrthóir Cúnta de chuid na hOifige Oibreachais Idirnáisiúnta.

3. (i) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na heagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaitear ar thurais i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(a) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, díolúine ó phróis dlíthiúl de gach sórt, agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuilleadh ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(c) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(d) dosháraitheacht dá bpáipéir agus dá ndoiciméid a bhaineann leis an obair lena bhfuil siad fruilithe don Eagraíocht.

(ii) I ndáil le (d) de 3 (i) thuas, beidh an prionsabal atá san abairt deiridh d'alt 12 de na clásail chaighdeánacha inchurtha chun feidhme.

(iii) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na nEagraíochtaí.

AGUISIN II.

Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.

Ina bhfeidhm maidir le hEagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear “An Eagraíocht” anseo feasta) oibreoidh na clásail chaighdeánacha faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Roichfidh Airteagal V agus alt 25, míreanna 1 agus 2 (I), d'Airteagal VII go dtí Cathaoirleach na hEagraíochta agus go dtí Ionadaithe Comhaltaí Comhlacha, ach amháin gurb í Comhairle na hEagraíochta a dhéanfaidh aon tarscaoileadh ar dhíolúine an Chathaoirligh faoi Alt 16.

2. (i) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim Airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na hEagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thuras i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(a) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt, agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuilleadh ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(c) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra agus iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(d) dosháraitheacht dá bpáipéir agus dá ndoiciméid a bhaineann leis an obair lena bhfuil siad fruilithe don Eagraíocht agus, chun críche a gcumarsáidí leis an Eagraíocht, an ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe.

(ii) I ndáil le (d) de 2 (i) thuas, beidh an prionsabal atá san abairt deiridh d'Alt 12 de na clásail chaighdeánacha inchurtha chun feidhme.

(iii) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaithe a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasa na hEagraíochta.

3. Tabharfar na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in alt 21 de na clásail chaighdéanacha do Leas-Ard-Stiúrthóir agus d'Ard-Stiúrthóirí Cúnta na hEagraíochta.

AGUISIN III.

An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Oibreoidh na clásail chaighdeánacha maidir leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (dá ngairtear “an Eagraíocht” anseo feasta) faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Tabharfar freisin na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in alt 21 de na clásail chaighdeánacha d'Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta.

2. (i) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na hEagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(a) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuilleadh ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(c) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(d) dosháraitheacht dá bpáipéir agus dá ndoiciméid a bhaineann leis an obair lena bhfuil siad fruilithe don Eagraíocht.

(ii) I ndáil le (d) de 2 (i) thuas, beidh an prionsabal atá san abairt deiridh d'alt 12 de na clásail chaighdeánacha inchurtha chun feidhme.

(iii) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasa na hEagraíochta.

AGUISIN IV.

Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe.

Oibreoidh na clásail chaighdeánacha maidir le hEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear “an Eagraíocht” anseo feasta) faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Roichfidh Airteagal V agus alt 25, míreanna 1 agus 2 (1), d'airteagal VII go dtí Uachtarán na Comhdhála agus go dtí Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin na hEagraíochta, a n-ionadaigh agus a gcomhairleoirí ach amháin gurb é an Bord Feidhmiúcháin a dhéanfaidh aon tarscaoileadh ar dhíolúine aon duine den sórt sin de Bhord Feidhmiúcháin faoi alt 16.

2. Teachtfaidh Leas-Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta, a chéile agus a chlann mhionaoiseach, freisin, na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta de réir an dlí idirnáisiúnta, a áirithíonn airteagal VI, alt 21, den choinbhinsiún do cheann feidhmiúcháin gach sainghníomhaireachta.

3. (i) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na hEagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(a) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt, agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuilleadh ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(c) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh Rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha.

(ii) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasa na hEagraíochta.

AGUISIN V.

An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Ina fheidhm maidir leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta dá ngairtear “an Ciste” anseo feasta), oibreoidh an coinbhinsiún (lena n-áirítear an t-aguisín seo) faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Ní bhainfidh alt 32 de na clásail chaighdeánacha ach amháin le conspóidí a éireoidh de dhroim léiriú nó feidhmiú pribhléidí agus díolúintí a dhíorthaíonn an Ciste go haonaránach ón gcoinbhinsiún seo agus nach bhfuil ar áireamh orthu iad sin is féidir leis a éileamh faoina Airteagail Chomhaontaithe nó ar shlí eile.

2. Ní dhéanann forálacha an choinbhinsiúin (lena n-áirítear an t-aguisín seo) modhnú ná leasú ná a cheangal go ndéanfar modhnú nó leasú ar Airteagail Chomhaontaithe an Chiste ná lagú ná teorainniú ar aon cheann de na cearta, na díolúintí, na pribhléidí nó na saoirseachtaí a thugtar don Chiste nó d'aon cheann dá chomhaltaí, dá Rialtóirí, dá Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, dá mhalairtigh, dá oifigigh nó dá fhostaithe le hAirteagail Chomhaontaithe an Chiste, nó le haon reacht, dlí nó rialachán de chuid aon chomhalta den Chiste nó de chun aon fhoroinne polaitiúla d'aon chomhalta den sórt sin, nó ar shlí eile.

AGUISIN VI.

An Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Ina fheidhm maidir leis an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha (dá ngairtear “an Banc” anseo feasta), oibreoidh an Coinbhinsiún (lena n-áirítear an t-aguisín seo) faoi réir na bhfo-álacha seo a leanas:

1. Cuirfear an méid seo a leanas in ional alt 4:

“Ní fhéadfar caingne a thionscnamh i gcoinne an Bhainc ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha chomhalta den Bhanc ina bhfuil oifig ag an mBanc, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aige chun seirbheáil nó fógra próise a ghlacadh nó ina bhfuil urrúis eisithe nó ráthaithe aige. Ní dhéanfaidh comhaltaí ná daoine a bheidh ag gníomhú do chomhaltaí nó a dhíorthaíonn éilithe ó chomhaltaí aon chaingne a thionscnamh, áfach. Beidh maoin agus sócmhainní an Bhainc, cibé áit ina mbeidh siad agus cibé ag a mbeidh siad, díolmhaithe ó gach sórt urghabháil, astú nó forghníomhú sula dtabharfar breithiúnas deiridh i gcoinne an Bhaine.”

2. Ní bhainfidh alt 32 de na clásail chaighdeánacha ach amháin le conspóidí a éireoidh de dhroim léiriú nó feidhmiú pribhléidí agus díolúintí a dhíorthaíonn an Banc go haonaránach ón gcoinbhinsiún seo agus nach bhfuil ar áireamh orthu iad sin is féidir leis a éileamh faoina Airteagail Chomhaontaithe nó ar shlí eile.

3. Ní dhéanann forálacha an choinbhinsiúin (lena n-áirítear an t-aguisín seo) modhnú ná leasú, ná a cheangal go ndéanfar modhnú nó leasú ar Airteagail Chomhaontaithe an Bhainc ná lagú ná teorainniú ar aon cheann de na cearta, na díolúintí, na pribhléidí nó na saoirseachtaí a thugtar don Bhanc nó d'aon cheann dá chomhaltaí, dá Rialtóirí, dá Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, dá mhalairtigh, dá oifigigh nó dá fhostaithe le hAirteagail Chomhaontaithe an Bhainc nó le haon reacht, dlí nó rialachán de chuid aon chomhalta den Bhanc nó de chuid aon fhoroinne polaitiúla d'aon chomhalta den sórt sin, nó ar shlí eile.

AGUISIN VII.

An Eagraíocht Sláinte Domhanda.

Ina bhfeidhm maidir leis an Eagraíocht Sláinte Domhanda (dá ngairtear “an Eagraíocht” anseo feasta) oibreoidh na clásail chaighdeánacha faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

1. Roichfidh Airteagal V agus Alt 25, míreanna 1 agus 2 (1), d'Airteagal VII go dtí daoine atá ainmnithe chun fónamh ar Bhord Feidhmiúcháin na hEagraíochta, a malairtigh agus a gcomhairleoirí, ach amháin gurb é an Bord a dhéanfaidh aon tarscaoileadh ar dhíolúine aon daoine den sórt sin faoi Alt 16.

2. (i) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim Airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na hEagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(a) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(b) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuillead ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(c) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(d) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(e) chun críche a gcumarsáidí leis an Eagraíocht, an ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe.

(ii) Déanfar na pribhléidí agus na díolúintí atá leagtha amach i míreanna (b) agus (e) thuas a thabhairt do daoine a bheidh ag feidhmiú ar Phainéil Chomhairleacha Shaineolaithe de chuid na hEagraíochta i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna sa cháil sin.

(iii) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na hEagraíochta.

3. Roichfidh Airteagal V agus Alt 25, míreanna 1 agus 2 (1), d'Airteagal VII go dtí ionadaithe Comhaltaí Comhlacha a bheidh páirteach in obair na hEagraíochta de réir Airteagail 8 agus 47 den Bhunreacht.

4. Déanfar na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Alt 21 de na clásail chaighdeánacha a thabhairt freisin d'aon Leas-Ard-Stiúrthóir, 9rd-Stiúrthóir Cúnta agus Stiúrthóir Réigiúin de chuid na hEagraíochta.

AGUISIN VIII.

An tAontas Poist Uilechoiteann.

Beidh feidhm ag na clásail chaighdeánacha gan mhodhnú.

AGUISIN IX.

An tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta.

Beidh feidhm ag na clásail chaighdeánacha gan mhodhnú ach amháin nach n-éileoidh an tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta teachtadh córach pribhléidí dó féin maidir leis na “Saoráidí maidir le cumarsáidí” a fhoráiltear in Airteagal IV, Alt 11.

AGUISIN X.

Thagair Aguisín X don Eagraíocht Teifeach Idirnáisiúnta a díscaoileadh le Rún Uimh. 108 a rith a hArd-Chomhairle an 15 Feabhra, 1952.

AGUISIN XI.

An Eagraíocht Metéareolaíochta Dhomhanda.

Beidh feidhm ag na clásail chaighdeánacha gan mhodhnú.

AGUISIN XII.

An Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach.

1. Déanfar na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal VI, Alt 21 de na clásail chaighdeánacha a thabhairt d'Ard-Rúnaí na hEagraíochta agus do Rúnaí an Choiste Muir-Shábháilteachta, ar choinníoll nach gceanglóidh forálacha na míre seo ar an gComhalta ar ina chríoch atá a Ceanncheathrú ag an Eagraíocht Airteagal VI, Alt 21 de na clásail chaighdeánacha a chur chun feidhme maidir le haon duine ar náisiúnach dá chuid é.

2. (a) Tabharfar do shaineolaithe (seachas oifigigh a thagann faoi réim Airteagal VI) a bheidh ag fónamh ar choistí de chuid, nó a bheidh ag déanamh misiún le haghaidh, na hEagraíochta na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas a mhéid is gá sin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil le fónamh ar choistí nó ar mhisiúin den sórt sin:

(i) díolúine ó ghabháil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil;

(ii) i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla dóibh, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt, agus an díolúine sin do leanúint ann d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag fónamh a thuilleadh ar choistí de chuid, nó ar fostú a thuilleadh ar mhisiúin le haghaidh, na hEagraíochta;

(iii) na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide agus maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar d'oifigigh rialtas coigríche ar mhisiúin oifigiúla shealadacha;

(iv) dosháraitheacht do na páipéir agus do na doiciméid go léir a bhaineann leis an obair lena bhfuil siad fruilithe don Eagraíocht;

(v) an ceart chun cóid a úsáid agus doiciméid agus comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí cáipéisí séalaithe le haghaidh a gcumarsáidí leis an Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach.

I ndáil le hAlt 2 (a) (iv) agus (v) thuas beidh an prionsabal atá san abairt deiridh d'Alt 12 de na clásail chaighdeánacha inchurtha chun feidhme.

(b) Is ar mhaithe leis an Eagraíocht agus ní chun sochair phearsanta na saineolaithe féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí do shaineolaithe na hEagraíochta. Beidh de cheart ag an Eagraíocht agus de dhualgas uirthi díolúine aon saineolaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na hEagraíochta.

AGUISIN XIII.

An Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta.

Ina fheidhm maidir leis an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta (dá ngairtear “an Chorparáid” anseo feasta) oibreoidh an Coinbhinsiún (lena n-áirítear an t-aguisín seo) faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Alt 4:

“Ní fhéadfar caingne a thionscnamh i gcoinne na Corparáide ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha chomhalta ina bhfuil oifig ag an gCorparáid, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aici chun seirbheáil nó fógra próise a ghlacadh nó ina bhfuil urrúis eisithe nó ráthaithe aici. Ní dhéanfaidh comhaltaí ná daoine a bheidh ag gníomhú do chomhaltaí nó a dhíorthaíonn éilithe ó chomhaltaí aon chaingne a thionscnamh, áfach. Beidh maoin agus sócmhainní na Corparáide, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna, díolmhaithe ó gach sórt urghabháil, astú nó forghníomhú sula dtabharfar breithiúnas deiridh i gcoinne na Corparáide.”

2. Bainfidh mír (b) d'alt 7 de na clásail chaighdeánacha leis an gCorparáid faoi réir Airteagal III, Alt 5 d'Airteagail Chomhaontaithe na Corparáide.

3. Féadfaidh an Chorparáid, dá rogha féin, aon cheann de na pribhléidí agus de na díolúintí a thugtar le hAirteagal VI dá hAirteagail Chomhaontaithe a tharscaoileadh a mhéid agus ar cibé coinníollacha a chinnfidh sí.

4. Ní bhainfidh alt 32 de na clásail chaighdeánacha ach amháin le conspóidí a éireoidh de dhroim léiriú nó feidhmiú pribhléidí agus díolúintí a dhíorthaíonn an Chorparáid ón gCoinbhinsiún seo agus nach bhfuil ar áireamh orthu iad sin is féidir léi a éileamh faoina hAirteagail Chomhaontaithe nó ar shlí eile.

5. Ní dhéanann forálacha an Choinbhinsiúin seo (lena n-áirítear an t-aguisín seo) modhnú ná leasú, ná a cheangal go ndéanfar modhnú nó leasú, ar Airteagail Chomhaontaithe na Corparáide ná lagú ná teorainniú ar aon cheann de na cearta, na díolúintí, na pribhléidí nó na saoirseachtaí a thugtar don chorparáid nó d'aon cheann dá comhaltaí, dá Rialtóirí, dá Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, dá Malairtigh, dá hoifigigh agus dá fostaithe le hAirteagal Chomhaontaithe na Corparáide nó le haon reacht, dlí nó rialachán de chuid aon chomhalta den Chorparáid nó de chuid aon fhoroinne polaitiúla d'aon chomhalta den sórt sin, ná ar shlí eile.

AGUISIN XIV.

An Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta.

Ina fheidhm maidir leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (dá ngairtear “an Comhlachas” anseo feasta) oibreoidh an Coinbhinsiún, lena n-áirtear an t-aguisín seo, faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

1. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad alt 4:

“Ní fhéadar caingne a thionscnamh i gcoinne an Chomhlachais ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha chomhalta ina bhfuil oifig ag an gComhlachas, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aige chun seirbheáil nó fógra próise a ghlacadh nó ina bhfuil urrúis eisithe nó ráthaithe aige. Ní dhéanfaidh comhaltaí na daoine a bheidh ag gníomhú do chomhaltaí nó a dhíorthaíonn éilithe ó chomhaltaí aon chaingne a thionscnamh, áfach. Beidh maoin agus sócmhainní an Chomhlachais, cibé áit ina mbeidh siad agus cibé ag a mbeidh siad, díolmhaithe ó gach sórt urghabháil, astú nó forghníomhú sula dtabharfar breithiúnas deiridh i gcoinne an Chomhlachais.”

2. Ní bhainfidh alt 32 de na clásail chaighdeánacha ach amháin le conspóidí a éireoidh de dhroim léiriú agus feidhmiú pribhléidí agus díolúintí a dhíorthaíonn an Comhlachas ón gCoinbhinsiún seo agus nach bhfuil ar áireamh orthu iad sin is féidir leis a éileamh faoina Airteagail Chomhaontaithe nó ar shlí eile.

3. Ní dhéanann forálacha an Choinbhinsiúin (lena n-áirítear an t-aguisín seo) modhnú ná leasú, ná a cheangal go ndéanfar modhnú nó leasú, ar Airteagail Chomhaontaithe an Chomhlachais ná lagú ná teorainniú ar aon cheann de na cearta, na díolúintí, na pribhléidí nó na saoirseachtaí a thugtar don Chomhlachas nó d'aon cheann dá chomhaltaí, dá rialtóirí, dá stiúrthóirí feidhmiúcháin, dá mhalairtigh, dá oifigigh nó dá fhostaithe le hAirteagail Chomhaontaithe an Chomhlachais nó le haon reacht, dlí nó rialachán de chuid aon chomhalta den Chomhlachas nó de chuid aon fhoroinne polaitiúla d'aon chomhalta den sórt sin, nó ar shlí eile.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Comhaontú Ginearálta i dTaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa.

Tá Rialtais Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Phoblacht na Fraince, Ríocht na Gréige, Phoblacht na hÉireann, Phoblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Ríocht na hIoruaidhe, Ríocht na Sualainne, Phoblacht na Tuirce agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;

De bhrí go dteachtfaidh Comhairle na hEorpa, ionadaithe Comhaltaí agus an Rúnaíocht, faoi fhorálacha Airteagal 40, mír (a), den Reacht, i gcríocha a Comhaltaí cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a ndualgais a dhéanamh;

De bhrí go bhfuil Comhaltaí na Comhairle tar éis a gheallúint faoi fhorálacha mhír (b) den Airteagal thuasluaite comhaontú a dhéanamh chun forálacha na míre sin a chomhalladh;

De bhrí go bhfuil an Coiste Airí, de bhun na míre thuasluaite sin (b), tar éis a mholadh do Rialtais is Comhaltaí glacadh leis na forálacha seo a leanas;

Tar éis comhaontú mar a leanas:

CUID I.

Pearsantacht—Inniúlacht.

Airteagal 1.

Beidh pearsantacht dlítheanach ag Comhairle na hEorpa. Beidh sí inniúil ar chonarthaí a dhéanamh, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Gníomhóidh an tArd-Rúnaí thar ceann Chomhairle na hEorpa sna hábhair sin.

Airteagal 2.

Comhoibreoidh an tArd-Rúnaí i gcónaí le húdaráis inniúla na gComhaltaí chun cuí-riaradh an cheartais a urasú, chun a áirithiú go gcomhallfar rialacháin phóilíneachta agus aon mhí-úsáid i ndáil leis na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí atá ar áireamh sa Chomhaontú seo a chosc ó tharlú.

CUID II.

Maoin, Cistí agus Sócmhainní.

Airteagal 3.

Teachtfaidh an Chomhairle, a maoin agus a sócmhainní, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna, díolúine ó gach próis dhlíthiúil ach amháin a mhéid a bheidh an Chomhairle Airí, in aon chás áirithe, tar éis a údarú go sainráite an díolúine sin a tharscaoileadh. Tuigtear, áfach, nach mbainfidh aon tarscaoileadh díolúine le haon bheart forghníomhaithe ná coinneáil maoine.

Airteagal 4.

Beidh foirgnimh agus áitribh na Comhairle dosháraithe. Beidh díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile cur isteach, trí ghníomh feidhmiúcháin, gníomh riaracháin, gníomh breithiúnach nó gníomh reachtach, ag maoin agus sócmhainní na Comhairle cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna.

Airteagal 5.

Beidh cartlann na Comhairle, agus, i gcoitinne, na doiciméid go léir léi féin nó atá ar teachtadh aici, dosháraithe cibé áit na mbeidh siad.

Airteagal 6.

Gan bheith faoi sriantacht ag rialála airgeadais, rialacháin ná moratoria airgeadais d'aon sórt—

(a) féadfaidh an Chomhairle airgeadra d'aon sórt a shealbhú agus cuntais a oibriú in aon airgeadais;

(b) féadfaidh an Chomhairle a cistí a aistriú go saorálach ó thír go tír eile nó istigh in aon tír agus aon airgeadra a bheidh aici a chomhshó go saorálach in airgeadra eile;

(c) ag feidhmiú a cearta faoi fhomhíreanna (a) agus (b) thuas di, tabharfaidh Comhairle na hEorpa aird chuí ar aon uiríolla ó Rialtas Comhalta agus géillfidh sí do na huiríolla sin a mhéid a mheasfaidh sí is féidir sin gan dochar do leasa na Comhairle.

Airteagal 7.

Beidh an Chomhairle, a sócmhainní, a hioncam agus a maoin eile:

(a) saor ó gach cáin dhíreach; ní éileoidh an Chomhairle, áfach, saoirseacht ó rátaí, cánacha ná dírí nach bhfuil iontu ach muirir i leith seirbhísí fóntais phoiblí;

(b) saor ó gach dleacht custam agus ó gach toirmeasc agus sriantacht ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí a theastóidh ón gComhairle le haghaidh úsáide oifigiúla aici; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar faoi shaoir seacht den sórt sin a dhíol sa tír ar allmhairíodh isteach inti iad ach amháin faoi choinníollacha a cheadóidh Rialtas na tíre sin;

(c) saor ó gach dleacht custam agus ó gach toirmeasc agus sriantacht ar allmhairí agus onnmhairtí maidir lena foilseacháin.

CUID III.

Cumarsáidí.

Airteagal 8.

Teachtfaidh an Coiste Airí agus an tArd-Rúnaí i gcríoch gach Comhalta, dá gcumarsáidí oifigiúla, cóir nach lú fabhair ná an chóir a thugann an Comhalta do mhisiúin taidhleoireachta aon Rialtais eile.

Ní dhéanfar aon chinsireacht ar chomhfhreagras oifigiúil ná ar chumarsáidí oifigiúla an Choiste Airí agus na Rúnaíochta.

CUID IV.

Ionadaithe Comhaltaí chun an Choiste Airí.

Airteagal 9.

Na hionadáithe ag an gCoiste Airí teachtfaidh siad, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturas dóibh go dtí áit an chruinnithe agus ón áit sin, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:

(a) Díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na gníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt.

(b) Dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad.

(c) An ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe.

(d) Saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí ó shriantachtaí inimirce nó clárú eachtrannach sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

(e) Na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide a thugtar d'ionadaithe comhchéime de mhisiúin thaidhleoireachta.

(f) Na díolúintí agus na saoráidí céanna maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar do chomhaltaí comhchéime de mhisiúin thaidhleoireachta.

Airteagal 10.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, do na hionadaithe ag an gCoiste Airí, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine sin lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 11.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil leis an gCoiste Airí a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí do na híonadaithe Comhaltaí. Dá chionn sin, ní hé amháin go bhfuil de cheart ag Comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dá dtugtar an díolúine.

Airteagal 12.

(a) Níl forálacha Airteagail 9, 10 agus 11 inchurtha chun feidhme maidir le húdaráis Stáit ar náisiúnach de an duine nó arb ionadaí nó arbh ionadaí dó an duine.

(b) In Airteagail 9, 10, 11 agus 12 (a) thuas, measfar go bhfolaíonn an abairt “ionadaithe” ionadaithe, ionadaithe malairteacha, comhairleoirí, saineolaithe teicniúla agus rúnaithe uile toscaireachtaí.

CUID V.

Ionadaithe chun an Chomhthionóil Chomhairligh.

Airteagal 13.

Ní chuirfear aon sriantacht riaracháin ná aon sriantacht eile ar shaorghluaiseacht go dtí áit, agus ó áit, chruinnithe Ionadaithe chun an Chomhthionóil Chomhairligh agus a n-ionadach.

Tabharfar d'ionadaithe agus dá n-ionadaigh, maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag a Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Comhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar dhualgas oifigiúil sealadach.

Airteagal 14.

Beidh ionadaithe chun an Chomthionóil Chomhairligh agus a n-ionadaigh díolmhaithe ón uile cheistiú oifigiúil agus ó ghabháil agus an uile imeacht dlíthiúil i leith focail a dúirt siad nó vótaí a chaith siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 15.

Le linn seisiúin an Chomhthionóil Chomhairligh, teachtfaidh na hIonadaithe chun an Chomhthionóil agus a n-ionadaigh, cibé acu Teachtaí Parlaiminte iad nó nach ea:

(a) ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar sna tíortha sin do Theachtaí Parlaiminte;

(b) i gcríoch gach Stáit eile is Comhalta, díolúine ó ghabháil agus ionchúiseamh.

Tá feidhm ag an díolúine sin freisin le linn dóibh a bheith ag taisteal go dtí áit chruinnithe an Chomhthionóil Chomhairligh agus ón áit sin. Níl feidhm aici, áfach, nuair a fhaightear Ionadaithe agus a n-ionadaigh ag déanamh ciona, ag féachaint le cion, nó díreach tar éis cion, a dhéanamh, ná i gcásanna ina bhfuil an díolúine tarscaoilte ag an gComhthionól.

CUID VI.

Oifigigh na Comhairle.

Airteagal 16.

I dteannta na ndíolúintí agus na bpribhléidí a shonraítear in Airteagal 18 thíos, tabharfar don Ard-Rúnaí agus don Leas-Ard-Rúnaí, ina leith féin, a gcéilí agus a gclainne mionaoisí, na pribhléidí agus na díolúintí, na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta de réir an Dlí Idirnáisiúnta.

Airteagal 17.

Sonróidh an tArd-Rúnaí na hearnálacha oifigeach lena mbainfidh forálacha Airteagal 18 thíos. Cuirfidh sé in iúl iad do Rialtais na gComhaltaí go léir. Cuirfear ainmneacha na n-oifigeach a bheidh ar áireamh sna hearnálacha sin in iúl ó am go ham do na Rialtais thuasluaite.

Airteagal 18.

Maidir le hoifigigh Chomhairle na hEorpa:

(a) beidh díolúine acu ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil agus laistigh de theorainn a n-údaráis;

(b) beidh saoirseacht acu ó chánachas ar na tuarastail agus an sochar oifige a íocfaidh Comhairle na hEorpa leo;

(c) beidh díolúine acu, agus ag a gcéilí agus ag gaolta atá i gcleithiúnas orthu, ó shriantachtaí inimirce agus ó chlárú eachtrannach;

(d) tabharfar na pribhléidí céanna dóibh i leith saoráidí iomlaoide a thugtar d'oifigigh chomhchéime is cuid de mhisiún taidhleoireachta an Rialtais lena mbainfidh;

(e) tabharfar dóibh, agus dá gcéilí agus do ghaolta atá i gcleithiúnas orthu, na saoráidí athdhúichithe céanna le linn géarchéine idirnáisiúnta a thugtar do thoscairí taidhleoireachta;

(f) beidh de cheart acu a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht ag dul i mbun a bpoist i gcéadóir dóibh sa tír a bheidh i gceist, agus an céanna a athonnmhairiú saor ó dhleacht go dtí tír a sainchónaithe.

Airteagal 19.

Is chun leasa Chomhairle na hEorpa agus ní chun sochair phearsanta dóibh féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí d'oifigigh. Beidh de cheart ag an Ard-Rúnaí agus de dhualgas air díolúine aon oifigigh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a thuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna Chomhairle na hEorpa. I gcás an Ard-Rúnaí agus an Leas-Ard-Rúnaí, beidh de cheart ag an gCoiste Airí díolúine a tharscaoileadh.

CUID VII.

Comhaontuithe Forlíontacha.

Airteagal 20.

Féadfaidh an Chomhairle comhaontuithe forlíontacha a dhéanamh le haon Chomhalta nó Comhaltaí do mhodnú forálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta seo, a mhéid a bhaineann leis an gComhalta sin nó na Comhaltaí sin.

CUID VIII.

Díospóidí.

Airteagal 21.

Cuirfear aon díospóid idir an Chomhairle agus daoine príobháideacha i dtaobh soláthairtí a thabharfar, seirbhísí a dhéanfar nó maoin shocorraithe a cheannófar thar ceann na Comhairle chun eadrána, mar a fhorálfar in ordú riaracháin a eiseoidh an tArd-Rúnaí le ceadú an Choiste Airí.

CUID IX.

Forálacha Deiridh.

Airteagal 22.

Daingneofar an Comhaontú seo. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin leis an Ard-Rúnaí. Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a luaithe a bheidh a n-ionstraimí daingniúcháin taiscthe ag seacht sínitheoir.

Dá ainneoin sin, go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm de réir forálacha na míre sin roimhe seo, comhaontaíonn na sínitheoirá, d'fhonn nach mbainfidh aon mhoill le hoibriú éifeachtach na Comhairle, é a chur chun feidhme go sealadach ó dháta a shínithe, a mhéid is féidir sin a dhéanamh faoina gcórais bhunreachtúla faoi seach.

Dá fhianú sin tá na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe anseo thíos agus atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú Ginearálta seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 2ú lá seo de Mheán Fómhair, 1949, i bhFraincis agus i mBéarla, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i gCartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach sínitheoir.

AN CHEAD PHROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA I dTAOBH PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Na Rialtais is sínitheoirí leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bPáras an 2 Meán Fómhair, 1949 (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta),

Agus é de mhian acu forálacha an Chomhaontaithe seo a leathnú,

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

Féadfaidh aon Chomhalta de Chomhairle na hEorpa, faoi láthair nó san am le teacht, nach sínitheoir leis an gComhaontú aontú leis an gComhaontú agus leis an bPrótocal seo trína ionstraim aontachais ina leith araon a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa agus cuirfidh seisean sin in iúl do Chomhaltaí na Comhairle.

Airteagal 2.

(a) Bainfidh forálacha Chuid IV den Chomhaontú le hionadaithe a bheidh i láthair ag cruinnithe de na hIonadóirí Airí.

(b) Bainfidh forálacha Chuid IV den Chomhaontú le hionadaithe seachas ionadaithe chun an Chomthionóil Chomhairligh a bheidh i láthair ag cruinnithe a thionóil Comhairle na hEorpa agus a bheidh ar siúl nuair nach mbeidh an Coiste Airí ná na hIonadóirí Airí ina suí ach amháin nach mbeidh ionadaithe a bheidh i láthair ag cruinnithe den sórt sin saor ó ghabháil agus ionchúiseamh nuair a gheofar iad ag déanamh ciona nó ag féachaint le cion, nó díreach tar éis cion, a dhéanamh.

Airteagal 3.

Bainfidh forálacha Airteagal 15 den Chomhaontú le hionadaithe chun an Chomhthionóil, agus lena n-ionadaigh, aon tráth nuair a bheidh siad i láthair ag cruinnithe, nó ag taisteal go dtí cruinnithe nó ó chruinnithe, de Choistí agus Fochoistí den Chomhthionól Ginearálta, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an Comhthionól féin ina shuí an tráth sin.

Airteagal 4.

Le linn a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturais go dtí áit na gcruinnithe agus uaidh, teachtfaidh buanionadaithe Comhaltaí Chomhairle na hEorpa na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnáth le toscairí taidhleoireachta comhchéime a theachtadh.

Airteagal 5.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine lena mbaineann ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil le Comhairle na hEorpa a thugtar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'ionadaithe Comhaltaí. Dá chionn sin, ní hé amháin go bhfuil de cheart ag Comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dar tugadh an díolúine.

Airteagal 6.

Níl forálacha Airteagal 4 inchurtha chun feidhme maidir le húdaráis an Stáit dar náisiúnach an duine nó an Chomhalta darb ionadaí nó darbh ionadaí é.

Airteagal 7.

(a) Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí go léir a shínigh an Comhaontú. Daingneofar an Prótocal an tráth céanna, nó tar éis an trátha, a dhaingneofar an Comhaontú. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

(b) Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm an lá nuair a bheidh sé daingnithe ag na sínitheoirí uile a mbeidh an Comhaontú sínithe acu ar an dáta sin, ar choinníoll nach lú ná seacht sínitheoir a mbeidh an Comhaontú agus an Prótocal sínithe acu.

(c) Maidir le haon sínitheoir a dhaingneoidh iardain, tiocfaidh an Prótocal i bhfeidhm ar an dáta a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin.

(d) I gcás Comhaltaí a bhfuil aontaithe acu leis an gComhaontú agus leis an bPrótocal de réir téarmaí Airteagal 1 tiocfaidh an Comhaontú agus an Prótocal i bhfeidhm:

(i) ar an dáta a shonraítear i mír (b) thuas i gcásanna ina mbeidh an ionstraim aontachais taiscthe roimh an dáta sin; nó

(ii) ar dháta na hionstraime aontachais a thaisceadh i gcás an ionstraim sin a thaisceadh ar dháta i ndiaidh an dáta a shonraítear i mír (b) thuas.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus údarás cuí acu chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i Strasbourg an 6ú lá de Shamhain, 1952, i mBéarla agus i bhFrancis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach sínitheoir agus Rialtas aontachais.

AN DARA PROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA AR PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Na Rialtais is sínitheoirí leis seo, Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa,

á bhreithniú dóibh go bhfuil, faoi Airteagal 59 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain, 1950, comhaltaí Choimisiúin na hEorpa ar Chearta an Duine (dá ngairtear “an Coimisiún” anseo feasta), le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Reacht Chomhairle na hEorpa agus sna Comhaontuithe a rinneadh faoi;

á bhreithniú dóibh gur gá na pribhléidí agus na díolúintí sin a shonrú agus a mhíniú i bPrótocal a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bParás an 2 Meán Fómhair, 1949.

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

Teachtfaidh comhaltaí an Choimisiúin, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturas dóibh go dtí áit a gcruinnithe agus ón áit sin, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus, i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(c) saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí ó shriantachtaí inimirce nó clárú eachtrannach sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 2.

1. Ní chuirfear aon sriantachtaí riaracháin ná sriantachtaí eile ar shaorghluaiseacht comhaltaí an Choimisiúin go dtí áit chruinnithe an Choimisiúin agus ón áit sin.

2. Tabharfar do chomhaltaí an Choimisiúin, maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag a Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Chomhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar dhualgas oifigiúil sealadach.

Airteagal 3.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, do chomhaltaí an Choimisiúin, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 4.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna acu a thugtar pribhléidí agus díolúintí do chomhaltaí an Choimisiúin. Is é an Coimisiún amháin atá inniúil ar dhíolúine a chomhaltaí a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aige ach tá de dhualgas air díolúine comhalta dá chuid a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Choimisiúin go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dar tugadh an díolúine.

Airteagal 5.

Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa a thiocfaidh chun bheith ina bPáirtithe de:

(a) trína shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó

(b) trína shíniú le forcoimeádas maidir le daingniú agus daingniú dá éis sin.

Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 6.

1. Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm a luaithe a bheidh trí Chomhalta de Chomhairle na hEorpa tar éis é a shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó tar éis é a dhaingniú, de réir Airteagal 5.

2. Maidir le haon Chomhalta a shíneoidh é dá éis sin, gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó a dhaingneoidh é, tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe nó an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 7.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa in iúl do Chomhaltaí na Comhairle an dáta ar a dtiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm agus tabharfaidh sé ainmneacha aon Chomhaltaí a shínigh é gan forcoimeádas maidir le daingniú nó a dhaingnigh é.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 15ú lá seo de Nollaig, 1956, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach Rialtas is sínitheoir.

AN CEATHRU PROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA AR PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Tá na Rialtais is sínitheoirí leis seo, agus is Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa,

á bhreithniú dóibh go bhfuil, faoi théarmaí Airteagal 59 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain, 1950 (dá ngairtear “an Coinbhinsiún” anseo feasta), comhaltaí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (dá ngairtear “an Chúirt” anseo feasta) i dteideal, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, na bpribhléidí agus na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Reacht Chomhairle na hEorpa agus sna Comhaontuithe a rinneadh faoi;

á bhreithniú dóibh gur gá na pribhléidí agus na díolúintí sin a shonrú agus a mhíniú i bPrótocal a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bPáras an 2 Meán Fómhair, 1949;

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1.

Chun críocha an Phrótocail seo, ciallaíonn an téarma “breithiúna” breithiúna arna dtoghadh de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún agus fós aon bhreitheamh ad hoc arna cheapadh ag Stát lena mbaineann is páirtí, de bhun Airteagal 43 den Choinbhinsiún.

Airteagal 2.

Teachtfaidh na breithiúna, le linn dóobh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna agus le linn turais a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí maidir le haon sriantachtaí ar shaoirse a ngluaiseachta ar an tír ina gcónaíonn siad a fhágáil agus ar a bhfilleadh ar an tír sin, agus ar a dteacht isteach sa tír, agus ar a n-imeacht as an tír, ina bhfeidhmíonn siad a bhfeidhmeanna; agus ó chlárú eachtrannach sa tír ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag taisteal i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 3.

I gcúrsa turais ar a rachaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, tabharfar do na breithiúna maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag an Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha Rialtais agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Chomhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar do chinn mhisiún taidhleoireachta.

Airteagal 4.

1. Beidh doiciméid agus páipéir na Cúirte na mbreithiúna agus na Clárlainne, a mhéid a bhainfidh siad le gnó na Cúirte, dosháraithe.

2. Ní bheidh cead comhfhreagras oifigiúil agus cumarsáidí oifigiúla eile na Cúirte, a comhaltaí agus na Clárlainne a stopadh ná a chinnsiriú.

Airteagal 5.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse chainte agus neamhspleáchas iomlán do na breithiúna ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 6.

Ní chun sochair phearsanta na mbreithiúna féin ach chun feidhmiú saorálach a bhfeidhmeanna a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí dóibh. Is í an Chúirt féin amháin, ina suí i seisiún iomlánach di, a bheidh inniúil ar dhíolúine bhreithiúna a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aici ach tá de dhualgas uirthi díolúine breithimh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch chun a bhfuil an díolúine tugtha.

Airteagal 7.

1. Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 5 den Phrótocal seo le Cláraitheoir na Cúirte agus leis an Leas-Chláraitheoir nuair a bheidh sé ag gníomhú mar Chláraitheoir, gan dochar d'aon phribhléidí agus díolúintí a bheidh siad i dteideal faoi Airteagal 18 den Chomhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa.

2. Bainfidh forálacha Airteagal 18 den Chomhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa le Leas-Chláraitheoir na Cúirte i leith a sheirbhíse mar Leas-Chláraitheoir nuair nach mbeidh sé ag gníomhú mar Chláraitheoir.

3. Ní chun sochair phearsanta an Chláraitheora ná an Leas-Chláraitheora ach chun comhlíonadh a ndualgas a urasú a thugtar dóibh na pribhléidí agus na díolúintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Is í an Chúirt féin amháin, ina suí i seisiún iomlánach di, a bheidh inniúil ar dhíolúine a Cláraitheora agus a Leas-Chláraitheora a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aici ach tá de dhualgas uirthi an díolúine sin a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch chun a bhfuil an díolúine tugtha.

Airteagal 8.

1. Féadfaidh aon Stát, an tráth a shíneoidh sé gan forcoimeádas maidir le daingniú, a dhaingneoidh sé nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú, trí fhógra a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, go roichfidh an Prótocal seo chun gach ceann nó aon cheann de na críocha a bhfuil sé freagrach ina chaidreamh idirnáisiúnta agus ina bhfuil, de réir Airteagal 63 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, feidhm ag an gCoinbhinsiún sin.

2. Roichfidh an Prótocal seo chun na críche nó na críocha a ainmneofar san fhógra amhail ón tríochadú lá tar éis d'Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa an fógra a fháil.

Airteagal 9.

Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa a thiocfaidh chun bheith ina bpáirtithe de:

(a) trína shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó

(b) trína shíniú le forcoimeádas maidir le daingniú agus daingniú dá éis sin.

Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 10.

1. Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm a luaithe a bheidh trí Chomhalta de Chomhairle na hEorpa tar éis é a shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó tar éis é a dhaingniú, de réir Airteagal 9.

2. Maidir le haon Chomhalta a shíneoidh é dá éis sin, gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó a dhaingneoidh é, tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe nó an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 11.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa in iúl do Chomhaltaí na Comhairle:

(a) ainmneacha sínitheoirí agus i dtaobh aon ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh;

(b) an dáta ar a dtiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 16ú lá seo de Nollaig, 1961, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach Rialtas is sínitheoir.

AN SEU SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Fo-alt (3) d'alt 49 agus ailt 341 agus 342.

Uimh. 18 de 1957

An tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 .

Míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (8) d'alt 3.

Uimh. 22 de 1958 .

An tAcht um an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, 1958 .

Fo-alt (7) d'alt 3.

Uimh. 35 de 1960

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

Fo-alt (8) d'alt 3.