4 1968


Uimhir 4 de 1968


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932 . [13 Márta, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1932, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 .

Ní gá rún ó Thithe an Oireachtais maidir le scéimeanna pinsin áirithe.

2. —D'ainneoin alt 2, 4 nó 5 den Phríomh-Acht, i gcás—

(a) ina mbaineann scéim pinsin le ceann amháin nó níos mó de na sochair lena mbaineann an tAcht seo agus gur do mhéadú nó méaduithe ar cheann amháin nó níos mó de na sochair sin a dhéanann sí socrú agus gurb é an socrú sin amháin a dhéanann sí, agus

(b) gur ó mhéaduithe ar dhíolaíochtaí comhaltaí na bhFórsaí agus uathu sin amháin don mhéadú (nó do na méaduithe) sin nó gur cuid an méadú nó na méaduithe sin de mhéadú ginearálta ar phinsin is iníoctha i leith seirbhíse poiblí,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) ní thabharfaidh an scéim pinsin sin gur gá rún ó cheachtar Teach den Oireachtas chun go dtiocfadh sí i bhfeidhm ach tiocfaidh sí i bhfeidhm mar a fhoráiltear leis an scéim sin;

(ii) má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim pinsin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúithi.

Feidhm an Achta seo.

3. —Baineann an tAcht seo leis na sochair seo a leanas faoin bPríomh-Acht—

(a) pá scoir, pinsin agus aiscí le haghaidh nó i leith oifigeach de na Fórsaí,

(b) pinsin agus aiscí d'oifigigh neamhchoimisiúnta agus d'fhir de na Fórsaí,

(c) pinsin agus aiscí do chomhalta de Sheirbhís Altranais an Airm,

(d) pinsin agus aiscí do chomhaltaí den tSeirbhís Séiplíneachta.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1968, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1968, a ghairm de na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1957, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.