31 1968


Uimhir 31 de 1968


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1967, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1967, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1967, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1967.

[23 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1964, Uimh. 28 .

1966, Uimh. 24 .

1967, Uimh. 18 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 .

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) trí “céad nócha is cúig phunt” a chur in ionad “céad seasca is naoi bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1964),

(b) trí “céad ochtú is dhá phunt” a chur in ionad “céad caoga is sé phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) san fho-alt sin,

(c) trí “cúig scilling” a chur in ionad “seacht scilling agus sé phingin” san fho-alt sin, agus

(d) trí an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1967):

“AN TÁBLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

ina Neamhní

..

..

..

65

0

77

6

90

0

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, seacht scilling agus sé phingin i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná

£26 5s. 0d.

..

..

..

60

0

72

6

85

0

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná

£52 10s. 0d.

..

..

55

0

67

6

80

0

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£65 10s. 0d.

..

..

50

0

62

6

75

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£78 10s. 0d.

..

..

45

0

57

6

70

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£104 15s. 0d.

..

..

40

0

52

6

65

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£117 15s. 0d.

..

..

35

0

47

6

60

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£130 15s. 0d.

..

..

30

0

42

6

55

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£143 15s. 0d.

..

..

25

0

37

6

50

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£156 15s. 0d.

..

..

20

0

32

6

45

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£169 15s. 0d.

..

..

15

0

27

6

40

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£182 15s. 0d.

..

..

10

0

22

6

35

0

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£195 15s. 0d.

..

..

5

0

17

6

30

0

 

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924

(a) trí “céad nócha is cúig phunt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “céad seasca is naoi bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1967),

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad míreanna (ii) agus (iii) (a cuireadh isteach le hAcht 1964):

“(ii) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó ag an duine, an méid acmhainne iomchuí is mó ar a bhféadfar pinsean a íoc leis an duine sin faoi alt 77 (2) (b) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Lúnasa, 1968.

Méadú ar rátaí cúnamh dífhostaíochta.

3. —(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le hAcht 1967):

“AN SCEIDEAL

RÁTAÍ CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí

51s.

6d.

45s.

6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..

97s.

6d.

89s.

6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin

110s.

0d.

102s.

0d.

Duine ag a bhfuil

122s.

6d.

114s.

6d.

cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7/6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7/6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh chleithiúnach amháin

67s.

0d.

61s.

0d.

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..

79s.

6d.

73s.

6d.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7/6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7/6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 31ú lá d'Iúil, 1968.

Méadú ar rátaí áirithe sochar dífhostaíochta.

4. —(1) Sa Tábla a ghabhann le halt 5 (2) d'Acht 1967, déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad na rátaí atá leagtha amach ann.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1968.

AN TÁBLA

An Aicme Duine

Ráta Seachtainiúil

Méadú do chleithiúnach aosaithe (más iníoctha)

Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

54s.

6d.

--

12s.

6d.

7s.

6d.

Aon duine eile     ..

51s.

6d.

46s.

0d.

12s.

6d.

7s.

6d.

Méadú ar rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935—

1962, Uimh. 17 .

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962 ):

“(b) (i) i gcás gan acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta, ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí níos mó ná céad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá de bhreis ag an acmhainn bhliantúil sin ar chéad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag agus aon chodán de trí phunt déag a ghlacadh mar trí phunt déag chun na críche sin; ar choinníoll, má bhíonn an ráta arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an coinníoll seo, níos 1ú ná sé scilling sa tseachtain, nach mbeidh an pinsean iníoctha,”

agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B (a cuireadh isteach le hAcht 1967):

“TÁBLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

Ina Neamhní

..

..

63

6

76

0

88

6

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, seacht scilling agus sé phingin i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná

£26 5s. 0d.

..

..

58

6

71

0

83

6

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná

£52 10s. 0d.

..

..

53

6

66

0

78

6

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£65 10s. 0d.

..

..

48

6

61

0

73

6

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£78 10s. 0d.

..

..

43

6

56

0

68

6

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£104 15s. 0d.

..

..

38

6

51

0

63

6

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£117 15s. 0d.

..

..

33

6

46

0

58

6

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£130 15s. 0d.

..

..

28

6

41

0

53

6

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£143 15s. 0d.

..

..

23

6

36

0

48

6

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£156 15s. 0d.

..

..

18

6

31

0

43

6

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£169 15s. 0d.

..

..

13

6

26

0

38

6

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£182 15s. 0d.

..

..

8

6

21

0

33

6

 

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Lúnasa, 1968.

Méadú ar rátaí pinsean dílleachtaí (neamhranníocach).

1965, Uimh. 20 .

6. —(1) Déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur sa Tábla a ghabhann le halt 25 (a cuireadh isteach le halt 106 d'Acht 1952) d'Acht 1935 in ionad na rátaí (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 ), atá leagtha amach sa Tábla sin.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Lúnasa, 1968.

AN TÁBLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an dílleachta

Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

s. 

d.

gan bheith níos mó ná £6 12s. 6d.

..

..

..

..

27

6

níos mó ná £6 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £13 2s. 6d.

..

23

6

níos mó ná £13 2s. 6d. gan bheith níos mó ná £19 12s. 6d.

..

19

6

níos mó ná £19 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.

..

15

6

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £32 17s. 6d.

..

11

6

níos mó ná £32 17s. 6d. gan bheith níos mó ná £39 10s. 0d.

7

6

níos mó ná £39 10s. 0d.

..

..

..

..

..

..

Neamhní

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952—

(a) trí “ceithre scilling agus seacht bpingin” a chur in ionad “ceithre scilling agus pingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír (a),

agus

(b) trí “naoi scilling agus ceithre phingin” a chur in ionad “ocht scilling agus dhá phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír (b).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir 1969.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1952.

8. —Leasaítear leis seo alt 12 (1) d'Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (e):

“nó

(f) daoine ar fostú in ospidéil shaorálacha lena n-íoctar deontais as Ciste Iontaobhais na nOspidéal do shlánú easnamh ioncaim, nó

(g) daoine ar fostú ag eagrais shaorálacha a sholáthraíonn seirbhísí altrais áitiúla.”.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1952 (méadú ar shochar i leith cleithiúnaithe aosaithe).

1963, Uimh. 26 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1952 tríd an a bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ):

“(4) (a) Déanfar ráta seachtainiúil pinsean baintrí (ranníocach), i gcás baintreach a bhfuil aois inphinsin slán aici, agus pinsean seanaoise (ranníocach) a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaithi,

(ii) a bheidh banghaol forordaithe leis an tairbhí ina cónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a bheadh an tairbhí, mura mbeadh an banghaol forordaithe a bheith ina conaí léi, ina cónaí ina haonar nó le duine aosaithe eile (nó le daoine aosaithe eile) nach bhfuil (nó nach bhfuil gach duine acu) in ann an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus cónaí leis an teaghlach ar leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a fhágáil as an áireamh chun críche na fomhíre seo.

(b) Ní bheidh níos mó ná aon mhéadú amháin ar phinsean iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 77 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ) i leith aon bhanghaoil fhorordaithe.

(c) Ní bheidh méadú ar phinsean faoin bhfó-alt seo iníoctha i leith banghaoil fhorordaithe ach amháin i gcás—

(i) inar fhág sí fostaíocht inárachaithe chun cónaí leis an tairbhí le cúram agus aire lánaimsire a thabhairt, agus

(ii) go raibh 156 ranníoc fostaíochta ar a laghad íoctha aici i leith na fostaíochta sin ó thosach tréimhse na cúig bliana ranníoca iomlána deireannacha roimh an dáta a d'fhág sí an fhostaíocht sin.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Eanáir, 1969.

Leasú ar alt 77 d'Acht 1952 (rátaí méadaithe pinsean seanaoise áirithe).

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3)   (a) Méadófar ráta seachtainiúil an phinsin seanaoise daichead is cúig scilling in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an pinsinéir chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a bheidh banghaol forordaithe leis an bpinsinéir ina cónaí leis an bpinsinéir chun an cúram agus an aire sin a thabhairt don phinsinéir, agus

(iii) a bheadh an pinsinéir, mura mbeadh an banghaol forordaithe a bheith ina cónaí leis, ina chónaí ina aonair nó le duine aosaithe eile (nó le daoine aosaithe eile) nach bhfuil (nó nach bhfuil gach duine acu) in ann an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus conaí leis an teaghlach ar leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a fhágáil as an áireamh chun críche na fomhíre seo.

(b) Ní bheidh níos mó ná aon mhéadú amháin ar phinsean iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 26 (4) d'Acht 1952 (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ) i leith aon bhanghaoil fhorordaithe.

(c) Cinnfidh oifigeach breithiúnachta a cheap an tAire faoi alt 41 den Acht seo iarratas ar mhéadú ar phinsean faoin bhfo-alt seo.

(d) Ní bheidh méadú ar phinsean faoin bhfo-alt seo iníoctha i leith banghaoil fhordaithe ach amháin i gcás—

(i) inar fhág sí fostaíocht inárachaithe chun cónaí leis an bpinsinéir le cúram agus aire lánaimsire a thabhairt, agus

(ii) go raibh 156 ranníoc fostaíochta ar a laghad íoctha aici i leith na fostaíochta sin ó thosach tréimhse na cúig bliana ranníoca iomlána deireannacha roimh an dáta a d'fhág sí an fhostaíocht sin.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Eanáir, 1969.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1956, I.R. Uimh.236.

11. —(1) (a) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—

(i) “10s. 8d.” a chur in ionad “9s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) agus “9s. 7d.” a chur in ionad “7s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír 1 (a),

(ii) “10s. 8d.” a chur in ionad “9s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) agus “10s. 4d.” a chur in ionad “8s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967 i mír 1 (b),

(iii) “8s. 5d. a chur in ionad “6s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír 2 (a) agus i mír 2 (b),

(iv) “6s. 8d.” a chur i mír 2A (a cuireadh isteach le hAcht 1966) in ionad “5s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (a) agus “7s. 10d.” a chur in ionad “6s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (b),

(v) “5s. 10s.” a chur in ionad “4s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír 3 (a) agus “6s. 10d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír 3 (b),

(vi) “7s. 5d.” a chur i mír 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) in ionad “6s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (a) agus “8s. 7d.” a chur in ionad “7s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (b),

(vii) “2s. 3d.” a chur i mír 4 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) in ionad “2s. 0d.” a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (a) agus “2s. 4d.” a chur in ionad “2s. 1d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (b),

(viii) “2s. 3d.” a chur in ionad “2s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i mír 5 (b) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(ix) “8s. 11d.” a chur i mír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) in ionad “7s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (a) agus “10s. 4d.” a chur in ionad “8s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (b), agus

(x) “8s. 11d.” a chur i mír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) in ionad “7s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (a) agus “9s. 5d.” a chur in ionad “7s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1967) i bhfomhír (b).

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1956.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir, 1969.

Leasú ar an Triú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

12. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1967):

“CUID 1

Rátaí na Sochar Tréimsiúil agus Rátaí na Méaduithe Orthu.

An cineál sochair

Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

scilling

scilling

scilling

scilling

scilling

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó

leanaí cáilithe nó i leith fearchéile

...

65  

52½

15½

10½

--

(ii) aon bhean phósta eile

...

...

52½

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí

aosaithe

...

...

...

...

65  

52½

15½

10½

--

mura bhfuil teideal den sórt sin ag

an duine

...

...

...

...

52½

--

--

--

--

2. Liúntas Máithreachais

...

...

...

67½

--

--

--

--

3. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí

cáilithe

...

...

...

...

67½

--

15½

10½

45

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an

mbaintreach

...

...

...

...

65  

--

--

--

45

4. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)

...

42½

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach)

...

72½

60  

15½

10½

45

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus liúntas máithreachais, an 6ú lá d'Eanáir, 1969, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach), an 3ú lá d'Eanáir, 1969.

Liúntais agus pinsin áirithe faoi na hAchtanna Arm Phinsean, faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata nó faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin) a eisiamh ó ríomh acmhainne maidir le pinsin seanaoise, pinsin do bhaintreacha agus cúnamh dífhostaíochta.

1961, Uimh. 22 .

1960, Uimh. 28 .

13. —(1) D'ainneoin aon ní atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, eisiafar méid aon liúntais, liúntais speisialta, liúntas cleithiúnaí, pinsean míchumais nó pinsean créachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1968, nó aon phinsin faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1964, de bhun seirbhíse sa tréimhse dar tosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dár críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923, nó aon phinsin faoi na nAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1964, le linn acmhainn a bheith á ríomh faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1968, agus faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1968, agus le linn an tsuim £165 a luaitear i Riail 3 (1) (c) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 ) den Seachtú Sceideal sin a bheith á ríomh.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1933 trí “i gcás liúntais, liúntas cleithiúnaí, pinsean míchumais nó pinsean créachta, faoi na hAchtanna Arm-Phinsean sin, nach pinsean nó liúntas faoi na hAchtanna sin de bhun seirbhíse sa tréimhse dar tosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923” a chur isteach in alt 13 (1) (b) (ix) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha, 1960) i ndiaidh “£80 sa bhliain”.

(3) D'ainneoin aon ní in Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1968, féadfaidh oifigeach breithiúnachta a cheap an tAire Leasa Shóisialaigh faoi alt 41 d'Acht 1952 ráta pinsin seanaoise is iníoctha de bhua aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo le duine a bhfuil pinsean den sórt sin á fháil cheana féin aige ar dháta an Achta seo a rith a athbhreithniú agus a chinneadh.

Rátaí seachtainiúla méadaithe nua faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

1966, Uimh. 16 .

14. —(1) Déantar leis seo an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , a leasú trí—

(a) “caoga is dhá scilling agus sé phingin” a chur in ionad “daichead scilling” in altanna 10 (1) agus 12 (1) (a),

(b) “cúig scilling déag agus sé phingin” a chur in ionad “trí scilling déag” agus “deich scilling agus sé phingin” a chur in ionad “ocht scilling” in altanna 11 (1) agus 19, agus

(c) “seasca is cúig scilling” a chur in ionad “caoga a dó scilling agus sé phingin” in alt 12 (1) (b),

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a leasaíonn sé alt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i ngníomh an 3ú lá d'Eanáir, 1969, agus a mhéid a leasaíonn sé altanna 10, 11, agus 12 den Acht sin, tiocfaidh sé i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir, 1969.

Srian le halt 13 d'Acht 1966 agus le rialacháin áirithe faoi alt 32 d'Acht 1952.

15. —(1) Ní oibreoidh alt 13 d'Acht 1966 i gcaitheamh na tréimhse iomchuí chun ceadú do dhuine pinsean seanaoise (neamhranníocach) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó in aghaidh aon choda den tréimhse sin ar an aon-chúis toisc, de bhua an mhéadaithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 2 den Acht seo, go mbeadh ráta an phinsin sin ab iníoctha leis an duine sin níos mó ná ráta an phinsin seanaoise (ranníocach) nó ráta an phinsin baintrí (ranníocach) chun a bhfuil teideal ag an duine sin nó níos mó ná ráta an mhéadaithe ar phinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha i leith an duine sin.

(2) Ní oibreoidh na rialacháin a rinneadh faoi alt 32 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1966) agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ní oibreoidh siad i gcaitheamh na tréimhse iomchuí chun a cheadú do bhaintreach pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó in aghaidh aon choda den tréimhse sin ar an aon-chúis toisc, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 5 den Acht seo, go mbeadh ráta an phinsin sin ab iníoctha léi níos mó ná ráta an phinsin baintrí (ranníocach) ab iníoctha léi.

(3) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 2ú lá de Lúnasa, 1968, agus dar críoch an 2ú lá d'Eanáir, 1969.

Forálacha maidir le ranníocaí faoin Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

1967, Uimh. 21 .

16. —(1) Maidir le ranníocaí iomarcaíochta fostóra (de réir bhrí alt 27 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ) agus le ranníocaí iomarcaíochta fostaí (de réir bhrí an ailt sin 27) is iníoctha in aghaidh aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Eanáir, 1969, nó aon lá dá éis, measfar gur ranníocaí fostaíochta iad.

(2) Déantar leis seo na rátaí ranníoca fostaíochta a shonraítear i míreanna, 1, 2, 2A agus 3A den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, i gcás ranníoc is iníoctha ag ranníocóir fostaithe, a mhéadú méid an ráta sheachtainiúil iomchuí a shonraítear in alt 28 (2) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 (nó an ráta sin arna athrú faoi alt 28 (3) den Acht sin), agus, i gcás ranníoc is iníoctha ag fostóir ranníocóra fhostaithe, a mhéadú méid an ráta sheachtainiúil iomchuí a shonraítear in alt 28 (1) den Acht sin (nó an ráta sin arna athrú amhlaidh).

(3) Déanfar na suimeanna a íocfar isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh de bhua na méaduithe ar rátaí ranníocaí fostaíochta faoi fho-alt (2) den alt seo a íoc amach as an gCiste sin isteach i gcuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

(4) San alt seo tá le “ranníoc fostaíochta” agus “ranníocóir fostaithe” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le haltanna 5 agus 4 (1) d'Acht 1952.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

17. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1967, a fhorléiriú ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1968, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1968, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1967, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1968, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1967, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1968, a ghairm díobh le chéile.