|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1969 | |
(An tiontú oifigiúil.) | ||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA, 1952 GO 1968, AGUS NA nACHTANNA UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 GO 1968. [29 Aibreán, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Méid deontas ón bhForas Tionscal. |
1. —(1) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail faoin Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ) ón bhForas Tionscal agus ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoi na hAchtanna um Limistéi Neamhfhorbartha, 1959 go 1968, agus faoi na hAchtanna un Dheontais Tionscail, 1959 go 1968, agus na n-íocaíochtaí ón bhFora Tionscal agus ón Aire sin ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire sin faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , thar chaoga milliún punt. |
[EN] | (2) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , agus faoi alt 3 den Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , thar chaoga milliún punt. | |
[EN] |
Aisghairm. |
2. —Aisghairtear leis seo alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966 , agus alt 1 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú) (Uimh. 2), 1968 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1969 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969, a ghairm de na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1968, agus den Acht seo (a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin) le chéile agus féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, a ghairm de na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1968, agus den Acht seo (a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin) le chéile. |