19 1969


Uimhir 19 de 1969


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1968, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1968, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1968, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1966, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1968. [25 Iúil, 1969]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1964, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 20 .

1966, Uimh. 24 .

1967, Uimh. 18 .

1968, Uimh. 31 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhlíomhaointis, 1933;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhilleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálach Ilghnéitheacha), 1967;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálach Ilghnéitheacha), 1968.

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) trí “dhá chéad fiche a haon punt” a chur in ionad “céad nócha is cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1964),

(b) trí “dhá chéad is ocht bpunt” a chur in ionad “céad ocht is dhá phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) sa fho-alt sin,

(c) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1968), agus

(d) trí “cúig scilling is caoga” a chur in ionad “daichead cúig scilling” i mír (a) den fho-alt a cuireadh leis an a sin le hAcht 1968.

AN TÁBLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

 s.

d.

 s.

d.

 s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

ina Neamhní

..

..

..

 75

0

 87

6

 100

0

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná

£26 5s. 0d.

..

..

..

 70

0

 82

6

 95

0

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná

£52 10s. 0d.

..

..

 65

0

 77

6

 90

0

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£65 10s. 0d.

..

..

 60

0

 72

6

 85

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£78 10s. 0d.

..

..

 55

0

 67

6

 80

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£104 15s. 0d.

..

..

 50

0

 62

6

 75

0

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann seacht scilling agus sé phingin i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£117 15s. 0d.

..

..

 45

0

 57

6

 70

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£130 15s. 0d.

..

..

 40

0

 52

6

 65

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£143 15s. 0d.

..

..

 35

0

 47

6

 60

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£156 15s. 0d.

..

..

 30

0

 42

6

 55

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£169 15s. 0d.

..

..

 25

0

 37

6

 50

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£182 15s. 0d.

..

..

 20

0

 32

6

 45

0

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£195 15s. 0d.

..

..

 15

0

 27

6

 40

0

níos mó ná £195 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£208 15s. 0d.

..

..

 10

0

 22

6

 35

0

níos mó ná £208 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£221 15s. 0d.

..

..

 5

0

 17

6

 30

0

 

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 , trí “dhá chéad fiche a haon punt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “céad nócha is cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1968).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Méadú ar rátaí cúnamh dífhostaíochta.

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1968) a ghabhann leis an Acht sin.

AN SCEIDEAL

RÁTAÍ CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí

..

61s.

6d.

55s.

6d.

Duine ag a bhfuil

cleithiúnaí aostaithe

..

117s.

6d.

109s.

6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach

130s.

0d.

122s.

0d.

amháin

..

Duine ag a bhfuil

142s.

6d.

134s.

6d.

cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh cleithiúnacha

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

nó níos mó

..

 

 

Duine ag a bhfuil leanbh chleithiúnach amháin

77s.

0d.

71s.

0d.

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúanacha

nó níos mó

..

89s.

6d.

83s.

6d.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 7s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 30ú lá d'Iúil, 1969.

Méadú ar rátaí áirithe sochar difhostaíochta.

4. —(1) Sa Tábla a ghabhann le halt 5 (2) d'Acht, 1967, déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad na rátaí atá leagtha amach sa Tábla sin (a cuireadh isteach le hAcht 1968).

AN TÁBLA

An Aicme Duine

Ráta Seachtainiúil

Méadú do chleithiúnach aosaithe (más iníoctha)

Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

64s.

 6d.

--

12s.

 6d.

7s.

 6d.

Aon duine eile

..

61s.

 6d.

56s.

 0d.

12s.

 6d.

7s.

 6d.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 31ú lá d'Iúil, 1969.

Méadú ar rátaí pinsean baintreach (neamhrannaíocach).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

“(b) (i) i gcás gan acmhainn bhliaintúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí níos mó ná céad nócha a cúig punt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá de bhreis ag an acmhainn bhliantúil sin ar dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag, agus aon chodán de thrí phunt déag a ghlacadh mar thrí phunt déag chun na críche sin; ar choinníoll má bhíonn an ráta arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an coinníoll seo, níos lú ná sé scilling sa tseachtain, nach mbeidh an pinsean iníoctha”,

agus

(b) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad Tábla B (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

TÁBLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe

(1)

(2)

(3)

(4)

 s.

d.

 s.

d.

 s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

Ina Neamhní

..

..

..

 73

6

 86

0

 98

6

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná

£26 5s. 0d.

..

..

..

 68

6

 81

0

 93

6

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná

£52 10s. 0d.

..

..

..

 63

6

 76

0

 88

6

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£65 10s. 0d.

..

..

..

 58

6

 71

0

 83

6

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£78 10s. 0d.

..

..

..

 53

6

 66

0

 78

6

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná

£104 15s. 0d.

..

..

 48

6

 61

0

 73

6

Móide, má bhíonn nios mó ná beirt leanbh cháilithe ann, seacht scilling agus sé phingin i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£117 15s. 0d.

..

..

 43

6

 56

0

 68

6

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£130 15s. 0d.

..

..

 38

6

 51

0

 63

6

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£143 15s. 0d.

..

..

 33

6

 46

0

 58

6

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£156 15s. 0d.

..

..

 28

6

 41

0

 53

6

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£169 15s. 0d.

..

..

 23

6

 36

0

 48

6

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£182 15s. 0d.

..

..

 18

6

 31

0

 43

6

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£195 15s. 0d.

..

..

 13

6

 26

0

 38

6

níos mó ná £195 15s. 0d. gan bheith níos mó ná

£208 15s. 0d.

..

..

 8

6

 21

0

 33

6

 

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Méadú ar rátaí pinsean dílleachtaí (neamhranníocach).

6. —(1) Déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur sa Tábla a ghabhann le halt 25 (a cuireadh isteach le halt 106 d'Acht 1952) d'Acht 1935 in ionad na rátaí (a cuireadh isteach le hAcht 1968) atá leagtha amach sa Tábla sin.

AN TÁBLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an dílleachta

Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

s.

d.

gan bheith níos mó ná £6 12s. 6d.

..

..

..

..

..

37

6

níos mó ná £6 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £13 2s. 6d.

..

33

6

níos mó ná £13 2s. 6d. gan bheith níos mó ná £19 12s. 6d.

..

29

6

níos mó ná £19 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.

..

25

6

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £32 17s. 6d.

..

21

6

níos mó ná £32 17s. 6d. gan bheith níos mó ná £39 10s. 0d.

..

17

6

níos mó ná £39 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £46 2s. 6d.

..

13

6

níos mó ná £46 2s. 6d. gan bheith níos mó ná £52 15s. 0d.

..

 9

6

níos mó ná £52 15s. 0d.

..

..

..

..

..

..

Neamhní

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Méadú ar rátaí liúntas leanaí.

1946, Uimh. 8 .

1963, Uimh. 26 .

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946, trí “tríocha scilling” a chur in ionad “cúig scilling déag agus sé phingin” agus “daichead scilling” a chur in ionad “sé scilling is fiche agus sé phingin” i mír (ii) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Liúntas leanaí a dheonú i leith triúr leanbh nó níos mó i gcás ilbhreithe.

8. —(1) Aon duine a gcinnfear é a bheith cáilithe chun liúntais leanaí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, íocfar leis, faoi réir forálacha na nAchtanna sin agus na rialachán faoi na hAchtanna sin, liúntais leanaí ar mhodh deontais i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó ar saolaíodh gach duine acu san ilbhreith chéanna agus céad punt méid an deontais sin más triúr an líon leanaí cáilithe a bheidh ann agus céad is caoga punt más mó ná triúr a líon.

(2) Tiocfaidh deontas faoin alt seo chun bheith iníoctha ar dháta breithe an linbh is déanaí a rugadh de leanaí cáilithe na hilbhreithe.

(3) Aon deontas a íocfar faoin alt seo íocfar é i dteannta aon liúntas leanaí is iníoctha ar mhodh liúntais mhíosúil faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, i leith na leanaí iomchuí.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (3) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Leathnú ar “leanbh cáilithe” (pinsin is inioctha i gcás baintreach agus dílleachtaí).

9. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an mír seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (a) den mhíniú ar “leanbh cáilithe”:

“(a) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois nó, má tá sé os cionn na haoise sin, atá faoi bhun bliain le fiche d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais,”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2B) (a cuireadh isteach le hAcht 1966) d'alt 77 d'Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh an fho-alt: “agus, maidir le héilitheoir nó pinsinéir is baintreach, measfar go bhfolaíonn sé leanbh os cionn sé bliana déag d'aois agus faoi bhun bliain is fiche d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus a mbeadh an t-éilitheoir nó an pinsinéar i dteideal ina leith mar a dúradh dá mbeadh sé faoi bhun sé bliana déag d'aois”.

(3) Nuair a bheifear ag cinneadh ráta sheachtainiúil pinsin baintrí (ranníocach) nó pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1968, le baintreach, agus nuair a bheifear a bhreithniú arb iníoctha liúntas dílleachta (ranníocach) faoi na hAchtanna sin, measfar duine os cionn sé bliana déag d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a bheidh sé faoi bhun bliain is fiche d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (3) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

10. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

CUID I

Rátaí na Sochar Tréimsiúil agus Rátaí na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

scilling

scilling

scilling

scilling

scilling

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí

cáilithe nó i leith fearchéile

...

75

62½

15½

10½

--

(ii) aon bhean phósta eile

...

...

62½

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí

aosaithe

...

...

...

...

75

62½

15½

10½

--

mura bhfuil teideal den sórt sin ag

an duine

...

...

...

...

62½

--

--

--

--

2. Liúntais Máithreachais

...

...

77½

--

--

--

--

3. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí

cáilithe

...

...

...

...

...

77½

--

15½

10½

55

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an

mbaintreach

...

...

...

...

75

--

--

--

55

4. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)

...

52½

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach)

...

82½

70

15½

10½

55

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífho taíochta agus liúntas máithreachais, an 5ú lá d'Eanái 1970, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach), an 2ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1956, I.R. Uimh. 236.

11. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—

(a) “12s. 6d.” a chur in ionad “10s. 8d” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) agus “11s. 5d.” a chur in ionad “9s. 7d .” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír 1 (a),

(b) “12s. 7d.” a chur in ionad “10s. 8d.” (a cuireadh isteach hAcht 1968) agus “12s. 3d.” a chur in ionad “10s. 4d .” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír 1 (b),

(c) “10s. 3d.” a chur in ionad “8s. 5d.” (a cuireadh isteach hAcht 1968) i bhfomhír (a), agus “10s. 4d.” a chur ionad “8s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) bhfomhír (b), i mír 2,

(d) “8s. 3d.” a chur in ionad “6s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (a) agus “9s. 5d.” a chur in ionad “7s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (b), i mír 2A (a cuireadh isteach le hAcht 1966),

(e) “7s. 4d.” a chur in ionad “5s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír 3 (a) agus “8s. 4d.” a chur in ionad “6s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír 3 (b)

(f) “9s. 0d.” a chur in ionad “7s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (a) agus “10s. 2d.” a chur in ionad “8s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) bhfomhír (b), i mír 3A (a cuireadh isteach le Acht 1960 ),

(g) “2s. 7d.” a chur in ionad “2s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (a) agus “2s. 8d.” a chur in ionad “2s. 4d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (b), i mír 4 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(h) “2s. 7d.” a chur in ionad “2s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír 5 (b) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(i) “10s. 9d.” a chur in ionad “8s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (a) agus “12s. 3d.” a chur in ionad “10s. 4d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (b), i mír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956), agus

(j) “10s. 9d.” a chur in ionad “8s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (a) agus “11s. 4d.” a chur in ionad “9s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i bhfomhír (b), i mír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956).

(2) San fho-alt sin roimhe seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1956.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952 trí—

(a) “cúig scilling agus trí phingin” a chur in ionad “ceithre scilling agus seacht bpingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír (a) agus

(b) “deich scilling agus deich bpingin” a chur in ionad “naoi scilling agus ceithre phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i mír (b),

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

1966, Uimh. 16 .

13. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 :

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “seacht scilling is ochtó agus sé phingin” in ionad “seachtó a seacht scilling agus sé phingin”,

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “céad agus cúig scilling is fiche” in ionad “céad agus cúig scilling déag”,

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “ceithre chéad agus fiche punt” in ionad “trí chéad agus ochtó punt”,

(d) i dTáBLA I a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “125s. 0d.” ionad “115s. 0d.”, “112s. 6d.” in ionad 103s. 6d.” “100s. 0d.” in ionad “92s. 0d.”, “87s. 6d.” in ionad “80s. 6d.”, “75s. 0d.” in ionad “69s. 0d.”, “62s. 6d.” in ionad “57s. 6d.”, “50s. 0d.” in ionad “46s. 0d.”, “37s. 6d.” in ionad “34s. 6d.”, agus “25s. 0d.” in ionad “23s. 0d.”,

(e) i dTáBLA II a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “87s. 6d.” in ionad “77s. 6d.”, “78s. 9d.” in ionad “69s. 9d.” “70s. 0d.” in ionad “62s. 0d.”, “61s. 3d.” in ionad “54s. 3d.”, “52s. 6d.” in ionad “46s. 6d.”, “43s. 9d.” in ionad “38s. 9d.”, “35s. 0d.” in ionad “31s. 0d.” “26s. 3d.” in ionad “23s. 3d.” agus “17s. 6d.” in ionad “15s. 6d.”,

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “25s. 0d.” in ionad “23s. 0d.” agus “17s. 6d.” in ionad “15s. 6d.”,

(g) in alt 10 (1) cuirfear “dhá scilling is seasca agus sé phingin” in ionad “caoga is dhá scilling is sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1968),

(h) in alt 12 (1) (a) cuirfear “dhá scilling is seasca agus sé phingin” in ionad “caoga is dhá scilling agus sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1968),

(i) in alt 12 (1) (b) cuirfear “cúig scilling is seachtó” in ionad “seasca is cúig scilling” (a cuireadh isteach le hAcht 1968),

(j) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “seacht scilling is ochtó agus sé phingin” in ionad “seachtó a seacht scilling agus sé phingin”,

(k) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “céad fiche is cúig scilling” in ionad “céad agus cúig scilling déag”,

(l) in alt 17 (2) cuirfear “céad fiche is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling”,

(m) in alt 18 (2) cuirfear “céad is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling”,

(n) in alt 18 (3) cuirfear “dhá chéad seachtó is cúig phunt” in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt”,

(o) in alt 20 (2) cuirfear “ceithre scilling is tríocha” in ionad “ceithre scilling agus fiche”,

(p) in alt 20 (3) (a) cuirfear “céad is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling” agus “ceithre scilling is tríocha” in ionad “ceithre scilling is fiche”,

(q) in alt 20 (3) (b) cuirfear “céad is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling”,

(r) in alt 20 (3) (c) cuirfear “ceithre scilling is tríocha” in ionad “ceithre scilling agus fiche” agus “céad is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling” roimh “a bheith iníoctha” agus freisin roimh “in aon chás eile”,

(s) in alt 20 (4) cuirfear “céad is cúig scilling” in ionad “nócha agus cúig scilling” gach áit a bhfuil na focail sin agus “ceithre scilling is tríocha” in ionad “ceithre scilling agus fiche” gach áit a bhfuil na focail sin,

(t) in alt 21 (2) cuirfear “seacht scilling is caoga agus sé phingin” in ionad “seacht scilling agus daichead is sé phingin”,

(u) in alt 25 (3) (a) cuirfear “seacht scilling déag agus sé phingin” in ionad “cúig scilling déag agus sé phingin”,

(v) in alt 25 (3) (b) cuirfear “cúig scilling is fiche” in ionad “trí scilling agus fiche”,

(w) in alt 36 (2) (b) cuirfear “2s. 2d.” in ionad “2s. 1d.” agus “1s. 7d.” in ionad “1s. 6d.”,

(x) in alt 36 (3) cuirfear “2s. 2d.” in ionad “2s. 1d.” agus “1s. 7d.” in ionad “1s. 6d.”.

(2) Chun críocha ailt 19 agus 21 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , measfar duine ar sa Stát atá gnáthchónaí air, nach bhfuil faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ach atá faoi bhun bliain is fiche d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais a bheith ar áireamh na ndaoine a fholaíonn an míniú ar “leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo” atá in alt 1 (1) den Acht sin.

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh

(i) a mhéid a bhaineann sé le míreanna (l) go (t) an 2ú lá d'Eanáir, 1970, agus

(ii) a mhéid a bhaineann sé leis na míreanna eile an 5ú lá d'Eanáir, 1970.

(b) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1969.

Srian le halt 13 d'Acht 1966 agus le rialacháin áirithe faoi alt 32 d'Acht 1952.

14. —(1) Ní oibreoidh alt 13 d'Acht 1966 i gcaitheamh na tréimhse iomchuí chun a cheadú do dhuine pinsean seanaoise (neamhrannaíocadh) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó in aghaidh aon choda den tréimhse sin ar an aon-chúis toisc, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 2 den Acht seo, go mbeadh ráta an phinsin sin ab iníoctha leis an duine sin níos mó ná ráta an phinsin seanaoise (ranníocach) nó ráta an phinsin baintrí (ranníocach) chun a bhfuil teideal ag an duine sin nó níos mó ná ráta an mhéaduithe ar phinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha i leith an duine sin.

(2) Ní oibreoidh na rialacháin a rinneadh faoi alt 32 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1966) agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ní oibreoidh siad i gcaitheamh na tréimhse iomchuí chun a cheadú do bhaintreach pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó in aghaidh aon choda den tréimhse sin ar an aon-chúis toisc, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 5 den Acht seo, go mbeadh ráta an phinsin sin ab iníoctha léi níos mó ná ráta an phinsin baintrí (ranníocach) ab iníoctha léi.

(3) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 2ú lá de Lúnasa, 1969, agus dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1952 (méadú ar shochar i leith cleithiúnaithe aosaithe).

15. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht 1968) d'alt 26 d'Acht 1952 trí mhír (c) a scriosadh agus tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii) de mhír (a):

“(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar alt 77 d'Acht 1952 (rátai méadaithe pinsean seanaoise airithe).

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt a cuireadh leis le hAcht 1968:

“(5) (a) Méadófar ráta seachtainiúil an phinsin seanaoise cúig scilling is caoga in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an pinsinéir chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a bheidh banghaol forordaithe leis an bpinsinéir ina cónaí leis an bpinsinéir chun an cúram agus an aire sin a thabhairt don phinsinéir, agus

(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(b) Ní bheidh níos mó ná aon mhéadú amháin ar phinsean iníoctha faoin bhfo-alt seo ná faoi fho alt (4) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ) d'alt 26 den Acht seo i leith aon bhanghaoil fhorordaithe.

(c) Breithneoidh oifigeach breithiúnachta a cheap an tAire faoi alt 41 den Acht seo iarratas ar mhéadú ar phinsean faoin bhfo-alt seo.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1970.

Leasú ar alt 8 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 .

1960, Uimh. 28 .

17. —An teorainn puint sa tseachtáin atá i mír (a) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1965) d'alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 , scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici.

Gearrthideal, forléiriú agus comhlua.

18. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1968, a fhorléiriú ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1969, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1968, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1969, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1968, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1969, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1969, a ghairm díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1968, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1969, a ghairm díobh le chéile.