21 1969


Uimhir 21 de 1969


AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[29 Iúil, 1969]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim, agus forcháin don bhliain 1969-70.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968.

Díolúine do thuilleamh áirithe de chuid scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “saothar” saothar bunaidh cruthaíoch, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a scríobhadh, a cumadh nó a rinneadh é, de réir mar a bheidh, agus is d'aicme acu seo a leanas—

(a) leabhar nó scríbhneoireacht eile;

(b) dráma;

(c) cumadóireacht cheoil;

(d) péintéireacht nó pictiúr eile a samhail;

(e) dealbhóireacht.

(2) (a) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair—

(i) ar sa Stát a chónaíonn sé agus nach gcónaíonn in aon áit eile, agus

(ii)  (I) a gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise maidir leis an ábhar a chuirfidh an phearsa aonair faoina mbráid agus tar éis dul i gcomhairle (má théann), mar a mheasfaidh siad is gá, le cibé duine nó comhlacht daoine a mheasfaidh siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, go bhfuil aige scríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile saothar nó saothair dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó

(II) a bhfuil aigescríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile, saothar áirithe a gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis breithniú a dhéanamh ar an saothar agus ar aon fhianaise maidir leis an ábhar a chuirfidh an phearsa aonair faoina mbráid agus tar éis dul i gcomhairle (má théann), mar a mheasfaidh siad is gá, le cibé duine nó comhlacht daoine a mheasfaidh siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, gur saothar é a bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh faoin bhfo-alt seo maidir le pearsa aonair mura rud é—

(i) go n-éileoidh an phearsa aonair go cuí cinneadh ar na Coimisinéirí Ioncaim arb éileamh é, i gcás an cinneadh a iarraidh faoi mhír (a) (ii) (II), a dhéanfar taí éis an saothar a mbeifear á iarraidh ina leith a fhoilsiú, a tháirgeadh nó a dhíol, de réir mar a bheidh, agus

(ii) go ndéanfaidh an phearsa aonair de réir aon iarratais chuige faoi fho-alt (4).

(3) (a) Aon phearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo agus a dhéanfaidh éileamh go cuí chun na gCoimisinéirí Ioncaim chuige sin beidh sé, faoi réir mhír (b), i dteideal go ndéanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, dá chuid brabús nó gnóchan ón saothar nó ó na saothair a mbeidh cinneadh déanta ag na Coimisi néirí Ioncaim ina leith faoi chlásal I nó II d'fho-alt (2) (a) (ii), nó ó shaothar dá chuid d'aon-earnáil leis an saothar sin, a fhoilsiú, a tháirgeadh nó a dhíol, de réir mar a bheidh, agus a bheadh, ar leith ón alt seo, le háireamh in aon mheasúnacht a dhéanfaí air faoi Chás II de Sceideal D.

(b) An díolúine a údaraítear leis an alt seo ní bheidh feidhm aici maidir le haon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain mheasúnachta a dhéanfaidh an phearsa aonair éileamh faoi chlásal I nó II d'fho-alt (2) (a) (ii) a ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh ina leith den sórt dá dtagraítear sa chlásal sin I nó II, de réir mar a bheidh.

(c) Féadfar an faoiseamh a fhoráiltear leis an alt seo a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile.

(4) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair éileamh lena mbaineann fo-alt (2) (a) (ii) (I), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil air á iarraidh air cibé eolas, leabhair, doiciméid nó fianaise cile a mheasfaidh siad is gá chun cinneadh a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (2) (a) (ii) (I) a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra nó sna fógraí.

(b) I gcás na ndéanfaidh pearsa aonair éileamh lena mbaineann fo-alt 2 (a) (ii) (II)—

(i) i gcás leabhair nó scríbhneoireachta eile nó dráma nó cumadóireachta ceoil, tabharfaidh sé trí chóip do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrann siad sin, agus

(ii) i gcás péintéireachta nó pictiúr eile a samhail nó dealbhóireachta, tabharfaidh sé, nó socróidh sé go dtabharfar, má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim sin, cibé saoráidí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun cinneadh a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (2) (a) (ii) (II) (lena n-áirítear aon cheadanna nó toiliú is gá a fháil ón duine ar leis nó a bhfuil ina sheilbh aige an phéintéireacht, an pictiúr nó an dealbhóireacht).

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar phearsa aonair a dhéanfaidh éileamh faoi fho-alt (3) á cheangal air na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin uile a iarrfar agus a bheidh ina sheilbh nó ar a chumhacht a chur ar fáil laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid a bhainfidh le foilsiú, táirgeadh nó díol, de réir mar a bheidh, an tsaothair a mbeidh díolúine á éileamh i leith na mbrabús nó na ngnóchan uaidh.

(6) Chun teacht ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan a ndéanfar neamhshuim de faoin alt seo chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé leithroinnt is gá a dhéanamh ar fháltais agus caiteachais.

(7) D'ainneoin aon díolúine a fhoráiltear leis an alt seo, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is nár údaraíodh an díolúine.

Duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe.

1967, Uimh 6.

3. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar a ioncam iomlán agus a chruthú—

(a)  (i) go raibh sé, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, nó

(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean pósta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach i gcaitheamh na bliana measúnachta, agus

(b) go raibh duine ar fostú aige an bhliain mheasúnachta chun aire a thabhairt don duine (is é sin, an phearsa aonair nó a bhanchéile) a bhí faoi éagumas amhlaidh,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaithe a bheith á ríomh, i dteideal £100 a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Ní lamhálfar thar asbhaint amháin faoin alt seo d'aon éilitheoir in aghaidh aon bhliana áirithe.

(3) (a) Bainfidh forálacha ailt 146 agus 149 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le hasbhaint faoin alt seo mar a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh faoi ailt 134 go 145 den Acht sin.

(b) Beidh feidhm maidir le hasbhaint faoin alt seo ag forálacha Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht sin, agus iad modhnaithe mar is gá.

(4) I gcás ina lamhálfar asbhaint in aghaidh aon bhliana measúnachta do phearsa aonair faoin alt seo i leith duine fhostaithe, ní bheidh an phearsa aonair i dteideal asbhaint i leith an duine sin faoi alt 141 nó 142 den Acht Cánach Ioncaim. 1967.

(5) Leasaítear leis seo alt 153 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ”, a chur isteach i ndiaidh “1967”.

(6) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (c):

“(cc) a mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , sna comhréirí a iompraíonn siad costas fostaithe an duine arb ina leith a thabharfar an faoiseamh,”; agus

(b) trí “nó faoi alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1969” a chur isteach ag deireadh fho-alt (6).

(7) Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1967 ,” a chur isteach i ndiaidh “143”.

(8) Leasaítear leis seo alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “, 142 agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ” a chur in ionad “agus 142”; agus

(b) trí “agus trína ghlacadh go ndéanann aon mhéid a áireofar in asbhaint faoin mír sin (a) i leith faoisimh faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile a laghdú de réir mar is eisean nó ise a iompraíonn costas fostaithe an duine ar ina leith a thabharfar an faoiseamh” a chur isteach ag deireadh fho-alt (3) (b) (i).

Asbhaintí i leith innealra nó gléasra deachúlaithe.

1952, Uimh. 1 .

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an briathar “athchóiriú”, maidir le hinnealra nó gléasra, aon athchóiriú nó oiriúnú ar an innealra nó ar an ngléasra mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát;

ciallaíonn “innealra nó gléasra deachúlaithe” innealra nó gléasra—

(a) a soláthraíodh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, lena úsáid in aon limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha chun críocha trádála nó gairme agus a bhí, le linn é a sholáthar, gan úsáid a bheith déanta de agus gan bheith réchaite,

(b) is de chineál a soláthraíodh amhlaidh mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát, agus

(c) nár soláthraíodh amhlaidh lena úsáid ag monarú innealra nó gléasra;

tá an bhrí chéanna le “limistéar neamhfhorbartha” atá leis san Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás asbhaint a bheith le lamháil d'aon bhliain mheasúnachta faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra dheachúlaithe, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, an asbhaint a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an asbhaint le lamháil agus é ag déanamh a éilimh ar an asbhaint; agus, maidir le cás ina raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint arna lamháil faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra deachúlaithe arna ligean chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go dtiocfaidh nó go mb'fhéidir go dtiocfaidh an duine chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a chomhlíonadh; agus i gcás ina bhforálann an conradh amhlaidh, má scoireann an duine de bheith i dteideal (seachas ar é d'fháil bháis) sochair an chonradh a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó an gléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó an gléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an innealra nó an gléasra, agus, dá réir sin, déanfar cibé measúnachtaí breise agus coigeartuithe breise ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás ina ndéanfar an asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin maidir leis an innealra nó an gléasra in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta dá éis sin.

(5) Más rud é, i gcás duine a mbeidh gairm nó trádáil á seoladh aige, go dtabhóidh sé, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, caiteachas ag athchóiriú innealra nó gléasra a bheidh á úsáid chun críocha na trádála nó na gairme agus nach mbeidh á úsáid chun innealra nó gléasra a mhonarú, ní bheidh méid an chaiteachais sin (muran inlamháilte amhlaidh é ar shlí eile) inlamháilte mar asbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ioncaim ar bhrabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme, agus, i gcás ina lamhálfar amhlaidh é, ní mheasfar gur caiteachas caipitil é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Ioncam ciste árachais saoil choigríche.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás—

(a) aon urrúis a d'eisigh an tAire Airgeadais agus coinníoll sna téarmaí a shonraítear in alt 464 ag gabháil leo, nó

(b) aon stoic nó urrúis eile lena mbaineann alt 474 agus a eisíodh agus ceachtar den dá choinníoll nó an dá choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin ag gabháil leo,

a bheith de thuras na huaire ina gcuid d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, ní bheidh an t-ioncam ó aon stoic nó urrúis acu sin, má chuirtear é chun críocha an chiste sin nó má athinfheistítear é ionas gur cuid den chiste sin é inchánaithe.

(8) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndear nadh aon ioncam ó infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid chuideachta árachais a chur chun an Stáit agus a infheistiú, mar chuid d'infheistíochtaí an chiste sin, in aon stoic no urrúis a eisíodh mar a dúradh, ní bheidh cáin inmhuirir ar an ioncam sin agus déanfar, más gá sin, aon cháin a íocadh air a aisíoc leis an gcuideachta.”.

(2) I gcás ina seolann cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceannoifig aici gnó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus go bhfuil, faoi fhorálacha an dlí ansin ar comhréir le halt 237 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , díolúine ó cháin ioncaim inlamháilte i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus taiscí is inchurtha i leith gnó blianachtaí pinsin, beidh feidhm ag alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an ioncam ionann is nach mbeadh éifeacht ag míreanna 1 (1) agus 2 de Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Beidh éifeacht ag mír 1 (2) de Chuid III den Sceideal sin faoi réir fho-alt (2) den alt seo.

(4) Beidh feidhm ag alt 214 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh an tagairt ann d'ioncam tagairt d'ioncam ar tugadh faoiseamh ó cháin ina leith faoin alt seo.

(5) Leasaítear leis seo alt 237 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “fho-alt (3), (7) nó (8) d'alt 76” a chur in ionad “alt 76 (3)”.

Measúnachtaí a dhéanamh do bhlianta roimh 1963-64.

1929, Uimh. 32 .

1944, Uimh. 18 .

1963, Uimh. 23 .

6. —(1) I gcás ina mbeidh, tar éis an tAcht seo a rith, measúnacht don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin le déanamh—

(a) faoi Sceideal A nó Sceideal B de réir alt 3 (1) den Acht Airgid, 1929 , nó

(b) faoi Sceideal D nó Sceideal E de réir alt 9 (1) den Acht Airgeadais, 1944 ;

féadfar aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanamh ionann is dá mbeadh ag aisghairm mhír (b) den alt sin 3 (1) agus an ailt sin 9 (1) le halt 104 (2) den Acht Airgeadais, 1963 , agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin an éifeacht maidir le measúnachtaí a dhéanamh don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin mar atá éifeacht aige maidir le measúnachtaí a dhéanamh don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

(2) I gcás ina mbeidh, tar éis an tAcht seo a rith, dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin ar dhuine faoi Sceideal A, B, D nó E, nó faoi aon dá Sceideal nó níos mó acu sin, beidh feidhm ag forálacha alt 183 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis na measúnachtaí sin mar atá feidhm acu maidir le measúnachtaí don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 .

1967, Uimh. 17 .

7. —Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1967

(a) trí “£500” a chur in ionad “£300” i mír (b) (i).

(b) trí “£500-£450” a chur in ionad “£300-£250” i mír (b) (ii), agus

(c) tríd an mír nua seo a leanas a chur leis—

“(c) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair a mbeidh éileamh déanta aige chuige sin agus a mbeidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe tugtha aige ar a ioncam a chruthú gur íoc sé sa bhliain mheasúnachta costais sláinte a tabhaíodh chun aireachas sláinte a sholáthar do dhaoine cáilithe agus is mó ná £100 sa chomhiomlán, ach aon chostais den sórt sin de bhreis ar £500 d'aon duine cáilithe áirithe a fhágáil as ríomh an chomhiomláin, beidh sé i dteideal, d'fhonn méid an ioncaim a muirearófar cáin iomcaim air ina leith a dhéanamh amach, go ndéanfar an méid a bheidh de bhreis ar £100 ag comhiomlán na gcostas sláinte sin arna ríomh amhlaidh a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe agus is asbhaint í sin in ionad agus ní asbhaint í i dteannta asbhainte faoi mhír (a).”.

Leasú ar alt 125 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 125 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur leis—

“nach díolaíochtaí fostaí ó aon oifig nó fosaíocht faoi Bhanc na hÉireann a thosóidh sé a shealbhú ar an dáta, nó tar éis an dáta, a aistreofar gnó Bhanc Náisiúnta na hÉireann Teoranta agus an Bhainc Ibeirnigh Theoranta chun Banc na hÉireann”.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£424” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “£394”, gach áit a bhfuil sé, “£249” a chur in ionad “£234” agus “£524” a chur in ionad “£494”; agus

(b) trí “£249” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “£234” sa dá áit a bhfuil sé agus “£274” a chur in ionad “£259”.

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1952, Uimh. 25 .

10. —Leasaítear leis seo alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann tráth ar bith in imeacht na bliana measúnachta aon leanbh leis—

(a) atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) más os cionn 16 bliana d'aois dó i dtosach na bliana sin—

(i) atá ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, nó

(ii) atá faoi bhuan-éagumas mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp chun é féin a chothabháil agus gur tháinig an buan-éagumas sin air sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh a tháinig an buan-éagumas sin air,

beidh, faoi réir forálacha an ailt seo, teideal aige i leith gach linbh den sórt sin chun na hasbhainte a shonraítear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo,

(1A) Is í an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir faoi go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £150, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £135:

Ar choinníoll go ndéanfar na hasbhaintí go léir, ach amháin ceann acu, a thabharfar faoi fho-ailt (1) agus (2) i leith leanaí a mbeadh an t-éilitheoir, nó a mbeadh sé, ar iarratas a dhéanamh go cuí, i dteideal liúntas leanaí dóibh in imeacht na bliana measúnachta a laghdú £10 an ceann don bhliain 1969-70 agus £15 an ceann d'aon bhliain ina dhiaidh sin,

(b) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (i), £150,

(c) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (ii) agus a gcothabhálann an t-éilitheoir é go hiomlán nó go páirteach ar a chostas féin, £150 mura lú ná £150 a chaith an t-éilitheoir an bhliain mheasúnacht ag cothabháil an linbh, agus, i gcás inar lú ná £150 an méid a chaith an t-éilitheoir le cothabháil an linbh amhlaidh, an méid sin:

Ar choinníoll—

(i) gur asbhaint in ionad, agus nach asbhaint i dteannta, aon asbhaint a mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh faoi alt 142 aon asbhaint faoi fho-alt (1) (b) (ii); agus

(ii) nach mbeidh an t-éilitheoir i dteideal níos mó ná asbhaint amháin faoi fho-alt (1) i leith an linbh chéanna.

(1B) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo—

folaíonn ‘leanbh’ leasleanbh agus leanbh neamhdhlisteanach ar phós a thuistí a chéile tar éis a bhreithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála faoin Acht Uchtála, 1952 , i bhfeidhm ina leith;

ciallaíonn ‘liúntas leanaí’ liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntas Leanaí), 1944 go 1966.”.

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£256” a chur in ionad “£200” sa dá áit a bhfuil sé agus trí “£196” a chur in ionad “£140”.

Leasú ar alt 157 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Cuirtear leis seo an mhír seo a leanas in ionad mhír (c) d'alt 157 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(c) an t-ús, na blianachtaí agus na díbhinní, agus na tuaras tail, agus na pinsin eile go léir is iníoctha ag an mBanc le daoine a thosóidh ar oifig nó fostaíocht a shealbhú faoin mBanc ar an dáta, nó tar éis an dáta, a aistreofar gnó Bhanc Náisiúnta na hÉireann Teoranta agus an Bhainc Ibeirnigh Theoranta chun an Bhainc; agus”.

Leasú ar alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha mhíreanna (c) agus (f) d'fho-alt (2), déanfar an sochar ó chomhiomlán na n-asbhaintí is inlamháilte fao fho-ailt (1) agus (2) d'alt 141 lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le halt 141 (1A) (a) a leithroinnt ionann is dá mbeadh gach asbhaint den sórt sin cóimhéid leis an gcomhiomlán sin arna roinnt ar an uimhir asbhaintí den sórt sin.”.

Leasú ar alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1969, Uimh. 11 .

14. —Leasaítear leis seo alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Ní thabharfar liúntas infheistíochta loingis faoi fho alt (1) i leith aon chaiteachas caipitiúil (cibé acu roimh dháta an Achta Airgeadais, 1969 , nó dá éis sin a tabhaíodh é) a chuirfear i gcuntas chun críocha aon deontais faoi chomhair an chaiteachais sin ón Aire Iompair agus Cumhachta faoin Acht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969 .

(b) I gcás ina mbeidh liúntas infheistíochta loingis tugtha faoi fho-alt (1) i leith caiteachas caipitiúil a chuirfear i gcuntas chun críocha deontas den sórt a luaitear i mír (a), tarraingeofar siar an liúntas infheistíochta loingis agus déanfar cibé measúnachtaí breise agus cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá de dhroim deontas infheistíochta loingis a tharraingt siar nó liúntas tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV a chur ina ionad.”.

Leasú ar alt 374 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Leasaítear leis seo alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990” a chur in ionad “go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ón 25ú lá de Shamhain, 1958”.

Leasú ar alt 402 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

16. —Leasaítear leis seo alt 402 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,—

(a) trí “chúig bliana déag” a chur in ionad, ach amháin maidir le halt 405 den Acht sin, “dheich mbliana” gach áit a bhfuil na focail dheiridh sin, agus

(b) trí “1990-91” a chur in ionad “1980-81” i mír (a) den choinníoll.

Leasú ar alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —Leasaítear leis seo alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(5) Chun críocha fhomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (3) (b), déanfar an faoiseamh ó fhorcháin de dhroim chomhiomlán na n-asbhaintí is inlamháilte faoi fho-alt (1) agus (2) d'alt 141 lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le fo-alt 141 (1A) (a) a roinnt ionann is dá mbeadh gach asbhaint acu sin cóimhéid leis an gcomhiomlán arna roinnt ar an uimhir asbhaintí den sórt sin.”.

CUID II

Forálacha a Leanann as, nó a Ghabhann le, Measúnachtaí faoi Sceidil A agus B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a Dhíbhe

Brabúis ó áitiú tailte áirithe.

1967, Uimh. 6 .

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “feirmeoireacht” feirmeoireacht talún feirmeoireachta, is é sin, talamh sa Stát atá áitithe go híomlán nó go formhór chun críocha feoirmeoireachta, a mbeadh na brabúis nó na gnóchain óna áitiú inmhuirir faoi Sceideal B a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura mbeadh an Sceideal sin á aisghairm leis an Acht seo;

ciallaíonn “áitiú”, maidir le talamh, úsáid na talún sin a shealbhú;

ciallaíonn “talamh coille” talamh coille sa Stát.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le halt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní dhéanfar na brabúis nó na gnóchain—

(a) ó fheirmeoireacht, nó

(b) chun úinéir staile ó tháillí de bharr láracha a staileáil ag an stail nó chun páirt-úinéir staile ó tháillí staileála ag an stail nó ó chearta staileála ag an stail a dhíol, nó

(c) ó áitiú talún coille a bhainistítear ar fhoras tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh,

a chur i gcuntas chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Déileálaithe eallaigh agus bainne.

19. —(1) San alt seo tá le “talamh feirme” agus “áitiú” an bhri chéanna atá leo in alt 18.

(2) Measfar gurb ionann agus trádáil a bheith á seoladh talamh feirme a bheith á áitiú ag déileálaí eallaigh nó ag déileálaí bainne nó ag díoltóir bainne i gcás nach bhfuil sáith cothabhála sa talamh don eallach a thugtar isteach ar an talamh agus muirearófar na brabúis nó na gnóchain uaidh faoi Chás 1 de Sceideal D.

Dibhinní a íoctar as brabúis dhíolmhaithe.

20. —(1) San alt seo ciallaíonn “brabúis dhíolmhaithe” aon bhrabúis nó gnóchain nach bhfuil, de bhua alt 18, inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D.

(2) I gcás cuid de dhíbhinn a íoc as brabúis dhíolmhaithe agus cuid eile di a íoc as brabúis eile, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis dhíolmhaithe agus as brabúis eile an díbhinn.

(3) Ní dhéanfar an méid sin d'aon díbhinn a íocadh as brabúis dhíolmhaithe a áireamh mar ioncam ná brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 458 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le gach barántas, seic nó ordú arna tharraingt nó arna dhéanamh ag cuideachta (de réir brí an ailt sin) chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis dhíolmhaithe ionann is dá mbeadh ceangal ann for dtaispeánfadh an ráiteas sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thaispeáint, (de réir mar a dhlífidh an cás)—

(a) gur íoc díbhinne as brabúis dhíolmhaithe iomlán na suime dá bhfuil an barántas, an tseic nó an t-ordú tarraingthe nó déanta, nó

(b) gur íoc as brabúis dhíolmhaithe cuid den tsuim sin agus gur íoc as brabúis eile cuid (a luafar a mhéid comhlán sula ndéanfar aon asbhaint i leith cánach ioncaim) den tsuim sin.

Leasú ar Sceideal 6 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

21. —Leasaítear leis seo mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó áitiú talún” a chur isteach i ndiaidh “nó cíosanna” i bhfomhír (2);

(b) tríd an gcoinníoll a ghabhann le fomhír (2) a scriosadh; agus

(c) trí fhomhír (3) a scriosadh.

Cánachas ar chíosanna agus ar fháltais eile.

22. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“81.—(1) Gan dochar d'aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, i gcás aon bhrabúis nó gnóchain—

(a) ó aon chíos i leith aon áitribh, agus

(b) ó aon fháltais i leith aon éasúna,

measfar, faoi réir agus de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, gurb éard iad, chun críocha uile na nAchtanna sin, brabúis nó gnóchain bhliantúla laistigh de Sceideal D agus beidh an duine a bheidh i dteideal na mbrabús nó na ngnóchan sin (dá ngairtear an duine inmhuirir anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo) inmhuirir ina leith faoi Chás V (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 1969) den Sceideal sin:

Ar choinníoll nach bhfolaíonn na cíosanna nó na fáltais sin aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 93.

(2) Measfar, chun gach críche a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a dhéanamh amach, gurb as an aon-bhunadh amháin do bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha fho-alt (3).

(3) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, ríomhfar cáin faoi Chás V de Sceideal D—

(i) maidir leis an mbliain mheasúnachta a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh den bhliain sin, agus

(ii) maidir le blianta measúnachta ina dhiadh sin, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh de bhliain roimh an mbliain mheasúnachta:

Ar choinníoll—

(I) i gcás inar lá éigin sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán, a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, gur ar bhrabúis nó gnóchain na bliana measúnachta a dhéanfar an ríomh;

(II) i gcás inarb é an 6ú lá d'Aibreán an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó inar lá éigin an bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, go mbeidh an duine inmhuirir i dtei deal, ar éileamh a dhéanamh aon tráth laistigh den dá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófar é ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin, agus, má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha, go n-aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh; agus

(III) i gcás ina mbeifear, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar a muirearófar, sa deireadh, cáin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, tar éis aon chuid de phréimh nó suim eile is inmhuirir de bhua alt 83 agus nach ndearnadh aon rogha, nó nach bhféadfaí aon rogha a dhéanamh, faoi fho-alt (6) den alt sin ina leith a chur i gcuntas, go ndéanfar neamhshuim den mhéid a bheidh curtha i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ar a muirearófar cáin d'aon bhliain ina dhiaidh sin.

(b) Má scoireann an duine inmhuirir aon bhliain mheasúnachta de bheith i seilbh iomláin an aon-bhunaidh brabús nó ghnóchan sin a luaitear i bhfo-alt (2), beidh feidhm, faoi réir na modhnuithe riachtanacha, ag alt 58 (5) in aon chás den sórt sin ionann is dá mba scor de thrádáil scor de bheith i seilbh an aon-bhunaidh sin.

(c) Déanfar an tagairt i mír (b) do dhuine scor de bheith i seilbh iomláin aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan a fhorléiriú mar thagairt do scor a tharla mar gheall ar an duine d'fháil bháis agus é i seilbh an aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan sin agus freisin do scor a tharla le beo an duine sin agus chun críocha mhír (b) measfar an bás sin a bheith ina chúis le scor agus measfar an scor sin tarlú lá an bháis sin.

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, déanfar méid na mbrabús nó na ngnóchan in aon bhliain áirithe a ríomh, chun críocha Chás V de Sceideal D, mar a leanas:

(a) measfar gurb é méid aon chíosa méid iomlán an chíosa sin sular baineadh aon suim as i leith cánach ioncaim;

(b) faoi réir alt 82, is é méid na mbrabús nó na ngnóchan aon bhliain comhiomlán na mbarrachas arna ríomh de réir mhír (c), lúide comhiomlán na n-easnamh arna ríomh de réir mhír (c);

(c) déanfar méid an bharrachais nó an easnaimh i leith gach cíosa nó i leith na bhfáltas iomlán ó éasúintí a ríomh trí na hasbhaintí a údaraítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo a bhaint as an gcíos nó as na fáltais iomlán ó éasúintí, de réir mar a bheidh a dtiocfaidh an duine inmhuirir chun bheith ina theideal nó ina dteideal aon bhliain.

(5) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ábhair nó gach ábhair acu seo a leanas:

(a) méid aon chíosa is iníoctha ag an duine inmhuirir i leith an áitribh nó i leith coda de;

(b) aon suimeanna a iompraíonn an duine inmhuirir—

(i) i gcás cíos faoi léas de réir téarmaí an léasa, agus

(ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard iad, costas de chuid idirbhirt nó idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais,

i leith ráta contae, ráta bhardasaigh nó ráta eile, cibé acu air féin nó ar dhuine éigin eile is inmhuirir na suimeanna sin de réir dlí;

(c) costas an duine inmhuirir de bharr aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí—

(i) i gcás cíos faoi léas, atá de cheangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith, agus

(ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas an cíos nó na fáltais nach costas de ghné chaipitiúil;

(d) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a iompraíonn an duine inmhuirir agus a bhaineann le, agus arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais, nach costas de ghné chaipitiúil;

(e) ús ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a cuireadh ag ceannach, ag feabhsú nó ag deisiú an áitribh.

(6) (a) Is é méid na n-asbhaintí a údaraítear le fo-alt (5) an méid a bheadh le hasbhaint le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D dá measfaí gurb ionann cíos a fháil agus trádáil a bheith á seoladh—

(i) i gcás cíos faoi léas, le linn ré an léasa, agus

(ii) i gcás cíos nach cíos faoi léas, in imeacht na tréimhse a raibh an duine inmhuirir i dteideal an chíosa ar a feadh,

ag an duine inmhuirir agus go measfaí an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas nó lena mbaineann an léas a bheith áitithe chun críche na trádála sin;

(b) chun críche an fho-ailt seo measfar go bhfolaíonn ré léasa tréimhse díreach tar éis a fhoirceannta nach raibh an léasóir ag áitiú an áitribh ná aon choda de díreach roimh an bhfoirceannadh ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má bhíonn an t-áitreabh tagtha i ndeireadh na tréimhse sin chun bheith faoi bhrí léasa eile a dheonaigh sé.

(7) (a) I gcás teideal a bheith ag an duine inmhuirir maidir le haon áitreabh (dá ngairtear an t-áitreabh sin anseo feasta san fho-alt seo) chun cíosa nó fáltas ó aon éasúint agus suim a n-údaraítear le fo-alt (5) asbhaint a dhéanamh faoina treoir a bheith iníoctha aige i leith áitribh arb éard é an t-iomlán nó cuid den áitreabh sin agus áitreabh eile, déanfaidh an cigire, ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, aon chionroinnt iomchuí ar an tsuim sin agus é ag cinneadh méid aon asbhainte faoin bhfo-alt sin.

(b) I gcás an duine inmhuirir do choimeád seilbhe ar chuid d'aon áitreabh agus go ndéanann daoine a áitíonn faoi seach codanna eile den áitreabh úsáid i gcoitinne den chuid sin, beidh feidhm ag forálacha mhír (a) ionann is dá mba i leith na gcodanna eile sin a rinneadh íocaíocht a rinneadh i leith na coda a úsáidtear i gcoitinne.

(8) Ní asbhainfear aon suim ná cuid de shuim faoi fho-alt (5) má lamháladh cheana féin ar aon slí eile í mar asbhaint le linn ioncam aon duine a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(9) D'ainneoin aon ní in alt 190, ní thabharfar faoiseamh faoin alt sin ar an aon-chúis go ndearnadh cíos a tháinig chun bheith dlite an 5ú lá d'Aibreán, 1969, ná roimhe sin agus ar baineadh cáin ioncaim as le linn é a íoc a chur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar arb inmhuirir cáin faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70.

(10) Má dhéanann aon duine a measúnaíodh agus a muirearaíodh i leith cánach don bhliain 1969-70 i leith brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a chruthú gur mhó de chuid ba mhó ná 20 faoin gcéad méid na measúnachta i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ná méid iarbhír na mbrabús nó na ngnóchan sin a tháinig chuige an bhliain sin beidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1970, nó roimhe sin, go ndéanfar an mheasúnacht don bhliain 1969-70 a laghdú go dtí méid brabús nó gnóchan iarbhír na bliana agus má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh.”.

Asbhaintí breise i gcásanna áirithe.

23. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 82 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

“82.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘brabúis nó gnóchain eiscthe’ brabúis nó gnóchain ó chíos faoi léas i leith áitribh i gcás ina bhfuil, don bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, na coinníollacha seo a leanas comhlíonta is é sin le rá:

(a) áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) an t-áitreabh;

(b) deonaíodh an léas go ceann téarma nach faide ná caoga bliain agus ní fhorchuireann sé aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil nó a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó an deisithe sin, agus

(c) ní mó ná £52 sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi alt 81 (5) (b) agus méid na mbrabús nó na ngnóchan á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás V de Sceideal D, an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh;

ciallaíonn ‘cíos brabúis’, maidir le haon áitreabh a bhfuil an duine inmhuirir an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, i dteideal cíosa ina leith faoi léas, méid an chíosa is infhaighte an bhliain sin lúide na hasbhaintí a údaraítear le halt 81 (5).

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear gurbh áitreabh rialaithe é de réir na nAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain.

(b) I gcás ina dtarlóidh, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain a ndéanfar cáin orthu faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta, go mbeidh cíos faoi léas i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo le cur i gcuntas, déanfar an méid a mbeadh, ar leith ón alt seo, de cheangal ann é a chur i gcuntas a laghdú suim ar cóimhéid le dhá chúigiú den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná £200 comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó na gnóchain, seachas brabúis nó gnóchain eiscthe, a tháinig chun an duine a laghdú de bhua na míre seo.

(3) An tagairt atá, sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b), do bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair.

San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4) ciallaíonn ‘banchéile’ bean phósta a bhfuil sé le meas, faoi alt 196 (1), í a bheith ina cónaí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le ‘fearchéile’.

(4) (a) Má thagann, aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) agus gur mó comhiomlán (dá ngairtear an mór-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna go léir a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b) (dá ngairtear an fhoráil theorainniúcháin anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú na forála teorainniúcháin, comhiomlán (dá ngairtear an glan-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó na gnóchain sin a laghdú, ní rachaidh comhiomlán na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an glan-chomhiomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir comhiomlán na méideanna uile a bheadh na sochair nó na gnóchain a thiocfaidh chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh an fhoráil theorainniúcháin, agus an mórchomhiomlán.

(b) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchain ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchain eiscthe.”

Faoiseamh i leith caillteanas.

24. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 89 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“89.—(1) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur mó méid comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, féadfar an bhreis, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain sin, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir é, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar é ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, agus, má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar an méid a ró-íocadh.

(2) Aon fhaoiseamh faoin alt seo trí aon chuid de bhreis den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aghaidh tabharfar é, a mhéid is féidir, as an gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh as an gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.”.

(2)  (a) Má tharla aon bhliain de na blianta measúnachta 1963-64 go dtí 1968-69—

(i) go raibh méid comhiomlán na n-asbhaintí a údaraítear le halt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon léas nárbh fhaide ná caoga bliain a ré níos mó ná méid an chíosa ar tháinig duine chun bheith ina theideal, agus

(ii) gur fágadh an bhreis sin ar measadh gur caillteanas í den sórt a luaitear in alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gan faoiseamh ar bith nó gan faoiseamh iomlán a thabhairt ina leith faoin alt sin,

ansin, déanfar aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a fágadh amhlaidh gan faoiseamh a thabhairt ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóchan a measúnofar an duine sin ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70 nó d'aon bhliain ina dhiaidh sin.

(b) Déanfar aon fhaoiseamh faoi mhír (a) a thabhairt, a mhéid is féidir é, as an measúnacht don bhliain 1969-70, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ansin as an measúnacht don bhliain 1970-71 agus mar sin de:

Ar choinníoll i gcás nach féidir, mar gheall ar neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain áirithe, faoiseamh iomlán i leith aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a thabharfar ar aghaidh faoi mhír (a) a thabhairt trí asbhaint as na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir amhlaidh nó trí fhritháireamh ina gcoinne, déanfar, a mhéid is féidir é, an chuid den chaillteanas nár tugadh faoiseamh amhlaidh ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne mhéid, aon bhrabús nó gnóchan a measúnófar an duine sin ina leith faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain sin; agus déanfar iarmhéid aon chaillteanais a thabharfar ar aghaidh amhlaidh go dtí an bhliain sin agus nach bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith i gcoinne brabúis nó gnóchain is inmhuirir amhlaidh faoi na Cásanna sin IV nó V a thabhairt ar aghaidh go dtí aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Cíosanna, etc., is iníoctha le neamhchónaitheoirí.

25. —(1) Ní bhainfidh alt 200 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) le cáin ar bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D, ná

(b) le cáin ar aon chuid de na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D agus a d'éirigh faoi théarmaí léasa, ach chun duine seachas an léasóir, nó a d'éirigh ar shlí eile as aon diúscairt nó conradh de shórt dá n-éireoidis chun an duine a rinne an diúscairt nó an conradh go mbeidís inmhurir faoin gCás sin V,

i gcás íocaíocht a dhéanamh (sa Stát nó in áit eile) díreach le duine ar lasmuigh den Stát atá a ghnáth-áit chónaithe, ach beidh feidhm ag alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an íocaíocht mar atá feidhm aige maidir le híocaíochtaí eile is íocaíochtaí bliantúla faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D agus nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach.

(2) I gcás ina dtarlóidh de bhua fho-alt (1) go mbeadh an cháin is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta ar bhrabúis nó gnóchain duine inmhuirir i leith cánach faoi cheachtar Cás, nó faoin dá Chás, a luaitear ansin níos mó, mura mbeadh an fo-alt seo, ná an cháin ab inmhuirir ar an gcéanna mura mbeadh an fo-alt sin ((1), ansin, ar éileamh chuige a dhéanamh, tabharfar faoiseamh ón mbreis, tri aisioc nó ar shlí eile.

Cáin-dhéileáil le fáltais agus eisimeachtaí ar áitreabh a dhíol.

26. —(1) Má tharlaíonn, de bhua conradh i leith eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go mbeidh le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an conradh a dhéanamh ach roimh an am a bheidh an chionroinnt le déanamh, agus go mbeidh cuid den fháltas le fáil dá bhrí sin ag an díoltóir ar iontaobhas don cheannaitheoir nó, de réir mar a bheidh, go n-íocfaidh an díoltóir mar iontaobhaí don cheannaitheoir cuid den eisimeacht, déileálfar chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D leis an gceannaitheoir ionann dá mbeadh an chuid sin infhaighte nó iníoctha thar a cheann díreach tar éis an ama a bheidh an chionroinnt le déanamh.

(2) I gcás ina mbeidh, de bhua conartha den sórt sin, le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith eastát nó leas a tháinig chun bheith dlite sula ndearnadh an conradh, déileálfar leis na páirtithe chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D ionann is dá mba sular tháinig an fáltas nó an eisimeacht chun bheith dlite a rinneadh an conradh, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1).

(3) Más rud é, ar eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go gcionroinnfear ar an díoltóir cuid d'fháltas nó d'eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith infhaighte ag an gceannaitheoir nó a íocfaidh an ceannaitheoir tar éis na cionroinnte, ansin chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D—

(a) nuair a thiocfaidh an fáltas chun bheith dlite nó, de réir mar a bheidh, a íocfar an eisimeacht, measfar méid an chéanna a bheith laghdaithe an méid sin de a cionroinneadh ar an díoltóir;

(b) déileálfar leis an gcuid a chionroinnfear ar an díoltóir ionann dá mba den ghné chéanna é agus an fáltas nó an eisimeacht agus go raibh sé tagtha chun bheith infhaighte, nó go raibh sé íoctha, go díreach aigesean, agus, i gcás inar cuid d'eisimeacht é, go raibh sé tagtha chun bheith dlite, díreach roimh thráth na cionroinnte.

(4) Folóidh aon tagairt i bhfo-alt (1) nó (2) do pháirtí i gconradh duine a bhfuil cearta agus oibleagáidí an pháirtí sin faoin gconradh tar éis gabháil chuige trí shannadh nó ar shlí eile.

(5) Tá an bhrí chéanna le “áitreabh” san alt seo atá leis in alt 80 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith

Leasú ar alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

27. —Leasaítear leis seo alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí na mínithe ar “léas fada”, “gearr-léas” agus “aonad luachála” a scriosadh as fo-alt (1),

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe atá ann ar “cíos”:

“folaíonn ‘cíos’—

(i) aon chíosmhuirear, cíos feofheirme agus aon íocaíocht ar mhodh cíosa, d'ainneoin an íocaíocht do bhaint go páirteach le háitreabh agus go páirteach le hearraí nó seirbhísí, agus

(ii) aon íocaíocht arna déanamh ag an léasaí chun íoc as costas obair chothabhála nó deisiúchán ar an áitreabh, nach obair a cheanglaíonn an léas a dhéanamh ag an leasaí;”,

(c) trí “chun críocha na Caibidle seo” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “chun críocha na mínithe ar ‘léas fada’ agus ‘gearr-léas’ atá i bhfo-alt (1)”, agus

(d) trí “alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “alt 96 (3)”.

Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas.

28. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 90 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“90.—I gcás duine inmhuirir, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, á chruthú nach bhfuair sé méid a bhfuil teideal aige chuige agus atá le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain arb inmhuirir é ina leith de bhua na Caibidle seo nó faoi Chás IV nó V de Sceideal D, agus

(a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, nach inghnóthaithe an méid sin, nó

(b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é le réasún d'fhonn cruatan a sheachaint,

déileálfar chun críocha cánach do gach bliain iomchuí mheasúnachta leis an duine inmhuirir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil, agus déanfar cibé coigeartú is gá sa chás, trí aisíoc nó ar shlí eile; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an duine inmhuirir i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile”.

Cáin a bhaint as cíosanna agus íocaíochtaí áirithe eile.

29. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 93 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“93.—(1) Baineann an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas:

(a) aon chíos is iníoctha i leith aon áitreabh nó aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis nó na gnóchain uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás I (b) de Sceideal D de bhua alt 53, agus

(b) aon ús bliantúil, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as nach cíos nó íocaíocht i leith éasúna,

is íocaíochtaí a tháinig chun bheith dlithe an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis.

I mír (a) measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil ar mhodh cíosa, cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é.

(2) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV den Sceideal sin, agus

(b) déileálfar léi, chun críocha mhír (m) d'alt 61 agus ailt 433 agus 434, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne:

Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b); agus go measfar gurb é luach an tortha a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó na ngnóchan.

(3) Beidh éifeacht ag alt 8 (2) ionann agus dá bhfolódh ‘íocaíocht bhliantúil eile’ sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.”.

Leasú ar alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

30. —Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1)—

“Ar choinníoll, más chun críocha cánach don bhliain 1968-69 an ríomh, gurb é luach bliantúil na maoine sin arna mheasúnú agus arna mhuirearú faoi Sceideal A don bhliain 1968-69 an méid a eisiafar i leith luach bliantúil na maoine sin má dhéanann an duine a sheolann an trádáil nó an ghairm rogha chuige sin trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire an 31ú lá de Nollaig, 1969, nó roimhe sin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith aige don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin.”.

Leasú ar alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

31. —Leasaítear leis seo alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “d'ainneoin aon ní in alt 65” agus “, agus a bheidh lasmuigh den Stát” a scriosadh as fo-alt (2),

(b) trí “le dhá dhódhéagú cuid de luacháil bhliantúil” a chur in ionad “leis an tríú cuid de luach bliantúil” i bhfo-ailt (2) agus (3), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)—

“(3A) (a) Más rud é, i gcás maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, gur áitreabh cuid di agus nach áitreabh cuid di, tiocfar ar luacháil gach coda trí luacháil na maoine a chionroinnt.

(b) Aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire é ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais.

(c) féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon chionroinnt a dhéanfar faoi mhír (b) a leasú nuair a éistfear nó a athéistfear achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cionroinnte, ach, nuair a bheidh aon achomharc den sórt sin á éisteacht nó á athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála a thairgfidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dhéanfaidh, maidir le maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe na maoine is inchurtha i leith aon choda den mhaoin ina fhianaise ar an méid is inchurtha amhlaidh.”, agus

(d) trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

32. —Leasaítear leis seo alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin—

(a) trí fho-ailt (3) agus (5) a scriosadh,

(b) trí “agus nach áitreabh an tsócmhainn,” a scriosadh as fo-alt (4), agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (4):

“I gcás sócmhainn is áitreabh, measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb é luach bliantúil úsáide na sócmhainne an cíos a bhféadfaí súil réasúnach a bheith ann lena fháil ó ligean ó bhliain go bliain agus dá ngeallfadh an tionónta na gnáthrátaí tionónta uile a íoc, agus dá ngeallfadh an tiarna talún íoc as costais na ndeisiúchán agus an árachais, agus na caiteachais eile, más ann, is gá chun an t-áitreabh a choimeád i riocht a thabhódh an cíos sin.”.

Leasú ar achtacháin áirithe.

33. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le báis a tharlóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1969, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

CUID III

Custaim agus Mál

Beoir,

1968, Uimh, 37.

1933, Uimh. 15 .

34. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 2 (1) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 8ú lá de Bhealtaine, 1969, nó dá éis sin, dleacht máil de réir seacht bpunt is fiche, trí scilling agus naoi bpingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 2 (2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , déanfar, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál a allmhaireofar isteach sa Stát de réir seacht bpunt is fiche, ceithre scilling agus trí phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir seacht bpunt is fiche agus ceithre scilling ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlúis bhunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

I.R. Uimh. 132 de 1966.

1919, c. 32.

1926, Uimh. 35 .

35. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, tríd an ábhar atá i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 3 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir ceithre phunt déag agus dhá phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Déantar leis seo alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , a aisghairm amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille, seachas biotáille a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníodh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.08 nó faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Leanfar de na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.

(d) Déantar leis seo alt 3 (3) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , a aisghairm -3 9 0 agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de réir trí phunt déag, naoi scilling déag agus naoi bpingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 3 (4) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 .

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Olaí hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

1968, Uimh. 33 .

1931, Uimh. 43 .

1935, Uimh. 7 .

I.R. Uimh. 219 de 1959.

1957, Uimh. 20 .

36. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Airgeadais, 1968 .

(2) Maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i leith ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de réir 4s. 2.82d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 20 (2) d'Acht 1968.

(3) Maidir leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , déanfar, i leith ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 8ú lá de Bhealtaine, 1969, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 4s. 1.82d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 20 (3) d'Acht 1968.

(4) An dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935 déanfar, i leith ola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de réir 3s. 7.57d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 20 (4) d'Acht 1968.

(5) Amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—

(a) i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo de réir 3s. 7.57d. an galún, 3s. 7.57d. an galún, agus

(b) i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 3s. 6.57d. an galún, 3s. 6.57d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de bhua alt 20 (5) d'Acht 1968.

(6) An dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935 déanfar, i leith ola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 8ú lá de Bhealtaine, 1969, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 6.57d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 20 (6) d'Acht 1968.

(7) Amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo de réir 3s. 6.57d. an galún, 3s. 6.57d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de bhua alt 20 (7) d'Acht 1968.

(8) Amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, is é ráta aon aisíocaíochta a lamhálfar faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 , i leith ola hiodracarbóin ar arb inlamháilte an aisíocaíocht sin agus ar a ndearnadh—

(a) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 3s. 6.57d. an galún, nó

(b) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir 3s. 6.57d. an galún nó 3s. 7.57d. an galún,

1s. 11d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 8ú lá de Bhealtaine, 1969.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1940, Uimh. 14 .

1934, Uimh. 31 .

37. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 .

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus

(b) ionann is dá mbeadh na cineálacha tobac monaraithe a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún in ionad an rata a luaitear sa dara colún sin os coinne lua an tobac mhonaraithe sa chéad cholún sin.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monararaíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1969, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1969, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II den Sceideal sin.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid II nó III (de réir mar is iomchuí) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCodanna II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCodanna II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

(4) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1968.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

38. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus seacht bpingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus seacht bpingin ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé ar a cúig a chlog san iarnóin, an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 14ú lá de Bhealtaine, 1969, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc, a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 7ú lá de Bhealtaine, 1969.

(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó an 14ú lá de Bhealtaine, 1969, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá de Shamhain, 1969, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástacht go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Fíon.

1966, Uimh. 17 .

I.R. Uimh. 155 de 1967.

39. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an bhfíon go léir a allmhaireofar isteach sa Stát de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1968 .

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo—

(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus

(b) ionann is dá ndéanfaí na tagairtí d'fhíon drithleach sa bhuidéal agus d'fhíon neamhdhrithleach sa bhuidéal atá sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin mar aon leis na rátaí comhréire atá sa dara colún a scriosadh agus dá gcuirfí ina n-ionad, faoi seach, na cineálacha fíona a luaitear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le fíon neamhdhrithleach sa bhuidéal a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim arna allmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh é agus gurb as sin a coinsíníodh é.

(b) Déanfar an dleacht custam ar fhíon a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1969, ar fhíon lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1969, ar fhíon lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (3) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin II.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

(5) Déanfar an dleacht máil ar fhíon Éireannach a fhorchuirtear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1966 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1969, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1968 , agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1969, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III de.

Feidhm a bheith ag na hAchtanna Custam, etc., maidir le hidiruasáin.

40. —(1) Beidh ag na forálacha atá sna hAchtanna Custam agus sna hionstraimí atá déanta fúthu agus ag forálacha na Reacht a bhaineann leis na dleachtanna máil agus atá sna hionstraimí atá déanta fúthu feidhm faoi réir aon mhodhnuithe a dhéanfar orthu le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo, maidir le hidiruasáin ionann agus dá mbeadh tagairtí d'idiruasáin ar áireamh i dtagairtí sna forálacha sin do longa, báid agus árthaí.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:—

(a) modhnú a dhéanamh ar aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo maidir le hidiruasáin agus maidir le daoine, earraí, poist, stórais agus bagáiste a bheidh á n-iompar iontu nó a chuirfear astu nó a chuirfear ar bord nó a luchtófar orthu;

(b) aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur chun feidhme, faoi réir cibé modhnuithe is iomchuí leis agus a shonróidh sé sna rialacháin, maidir le hidiruasfoirt.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “idiruasán” feithicil atá deartha sa chuma go mbeidh adhart aeir faoi á choinneáil suas agus é ag gluaiseacht; agus

ciallaíonn “idiruasfort” aon áit atá deartha lena húsáid le haghaidh teacht agus imeacht idiruasán.

Feidhm ag forálacha áirithe maidir le fíon Éireannach.

1876, c. 36.

1881, c. 12.

1929, Uimh. 32 .

41. —Beidh feidhm ag alt 95 den Customs Consolidation Act, 1876, ag alt 17 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, agus ag alt 28 den Acht Airgid, 1929 , maidir le fíon Éireannach (de réir brí alt 15 den Acht Airgeadais, 1966 ) mar atá feidhm acu maidir le fíon a allmhairíodh isteach sa Stát.

Dleacht ar cheadúnais mhonaróirí tobac.

1825, c. 81.

1840, c. 17.

42. —An 6ú lá d'Iúil, 1969, agus uaidh sin amach, déanfar an dleacht máil is inmhuirir ar cheadúnas a bheidh ar mhonaróir tobac nó snaoise a fháil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir cúig phunt ar gach ceadúnas den sórt sin in ionad na rátaí is inmhuirir de bhua alt 2 den Excise Licences Act, 1825, agus alt 1 den Excise Act, 1840.

Leasú ar an Finance (New Duties) Act, 1916.

1916, c. 11.

43. —Leasaítear leis seo alt 6 (1) den Finance (New Duties) Act, 1916, trí “two hundred pounds” a chur in ionad “fifty pounds”.

Leasú ar an Acht Airgid, 1932 .

44. —Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgid, 1932 , trí “a calógadh,” a chur isteach roimh “do brachadh”.

CUID IV

Dleachtanna Báis

Laghdú ar dhleacht eastáit.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” an mhaoin go léir agus na leasanna go léir a aistreoidh nó a fhaibhreoidh chun cleithiúnaí ar bhás an éagaigh arb iníoctha dleacht eastáit i leith a bháis;

ciallaíonn “leanbh” leanbh (lena n-áirítear leanbh a uchtáladh faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) leis an éagach a bhí beo tráth a bháis agus nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige an t-am sin nó a bhí an t-am sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas oideachais eile;

ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás agus sainchónaí air sa Stát;

ciallaíonn “cleithiúnaí” an bhaintreach nó leanbh;

ciallaíonn “baintreach”, ach amháin i bhfo-alt (4) den alt seo baintreach an éagaigh.

(2) I gcás inarb í an bhaintreach an t-aon-chleithiúnaí amháin atá i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú £1,000 mar aon le £500 i gcás gach linbh.

(3) I gcás beirt chleithiúnaí nó níos mó a bheith ann arb í an bhaintreach duine díobh agus ar leanbh an t-aon-chleithiúnaí a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh nó go mbeidh níos mó ná cleithiúnaí amháin i dteideal sochar ar an mbás sin—

(a) déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair linbh a laghdú £500;

(b) má bhíonn an bhaintreach i dteideal sochair, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha ina leith a laghdú £1,000 mar aon le—

(i) suim £500 i leith gach linbh nach mbeidh i dteideal sochair nó nach mbeidh teideal aige ach amháin chun sochair nach ndéanfaidh éileamh ar dhleacht eastáit difear dó, agus

(ii) i leith gach linbh ag a mbeidh teideal chun sochair dá ndéanfaidh éileamh ar dhleacht go feadh méid is lú ná £500 difear, suim is comhionann leis an difear idir an méid a dhéantar de dhifear amhlaidh don sochar agus £500.

(4) I gcás inar bhaintreach fir nó baintreach an t-éagach tráth a bháis nó a báis, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú £500.

(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) den alt seo faoi réir an choinníll—

(i) i gcás nach ndéanfaidh dliteanas i leith dleacht eastáit a tharlóidh i ndáil le bás an éagaigh difear do mhéid sochair, nach ndéanfar aon laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair sin;

(ii) i gcás ina ndéanfaidh dliteanas den sórt sin difear do mhéid sochair agus gurb é an difear a dhéanfar dó amhlaidh méid is lú ná an laghdú sin ab iomchuí, ar leithligh ón bhfomhír seo, faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair, go ndéanfar an laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair a laghdú go dtí an tsuim sin.

(b) Ní oibreoidh an fo-alt seo chun laghdú a dhéanamh ar an méid a laghdófar an dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair baintrí de bhíthin nach ndéanann éileamh ar dhleacht difear do shochar linbh nó gur lú ná £500 an difear a dhéantar dó.

(6) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (5) den alt seo faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm acu i gcás inar mó ná £100,000 glanluach na maoine go léir a bheidh tar éis aistriú nó a mheasfar a bheith tar éis aistriú ar bhás an éagaigh agus arb iníoctha dleacht eastáit ina leith.

(7) I gcás ina ndéanfaí laghdú ar dhleacht eastáit mura mbeadh gur mó ná £100,000 an t-eastát, beidh feidhm ag an alt seo faoi réir na teorann go ndéanfar an laghdú iomlán, ab iomchuí ar leithligh ó mhír (b) d'fho-alt (5) den alt seo dá mba nár mhó ná £100,000 an t-eastát, a laghdú méid cóimhéid leis an méid is mó ná £100,000 an t-eastát, agus beidh éifeacht ag mír (b) dá réir sin.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le básanna a tharla an lú lá de Mhárta, 1968, nó dá éis sin, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910.

1910, c. 8.

1951, Uimh. 15 .

46. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 (1) den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1951 ).

(2) Is maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus leo sin amháin a bheidh éifeacht ag an alt seo.

CUID V

Dleachtanna Stampa

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

1947, Uimh. 33 .

1891, c. 39.

47. —(1) Déantar leis seo alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú mar a leanas:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh na dleachtanna stampa is iníoctha ar thíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán faoin gceannteideal ‘Conveyance or Transfer on sale of any property’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891—

(i) punt in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine mura mó ná sé mhíle punt méid nó luach na comaoine agus go bhfuil ráiteas san ionstraim ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar léi nach cuid é d'idirbheart is mó ná sin ná de shraith idirbheart ar mó ná sé mhíle punt méid nó luach na comaoine, nó comhiomlán méid nó luach na comaoine, ina leith;

(ii) punt agus deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine más mó ná sé mhíle punt ach nach mó ná caoga míle punt méid nó luach na comaoine agus go bhfuil ráiteas san ionstraim ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar léi nach cuid é d'idirbheart is mó ná sin ná de shraith idirbheart ar mó ná caoga míle punt méid nó luach, nó comhiomlán méid nó luach, na comaoine ina leith;

(iii) in aon chás eile, de réir dhá phunt deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine.”

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) mura mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine agus go mbeidh ráiteas san ionstraim ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar léi nach cuid é d'idirbheart is mó ná sin ná de shraith idirbheart ar mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine, nó comhiomlán méid nó luach na comaoine, ina leith, nó

(b) más mó ná cúig chéad punt ach nach mó ná dhá mhíle cúig chéad punt méid nó luach na comaoine agus go mbeidh ráiteas san ionstraim ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar léi nach cuid é d'idirbheart is mó ná sin ná de shraith idirbheart.”

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) I gcás den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo is mar seo a leanas a bheidh an dleacht is inmhuirir:

I gcás méid nó luach comaoine an díolacháin a bheith—

Níos mo ná

£500 gan bheith níos mó ná £600

£4

0

0

,,

£600               ,,                  £700

£5

0

0

,,

£700               ,,                  £800

£6

0

0

,,

£800               ,,                  £900

£7

0

0

,,

£900               ,,               £1,000

£8

0

0

,,

£1,000               ,,               £1,100

£10

0

0

,,

£1,100               ,,               £1,200

£12

10

0

,,

£1,200               ,,               £1,300

£15

0

0

,,

£1,300               ,,               £1,400

£17

10

0

,,

£1,400               ,,               £1,500

£20

0

0

,,

£1,500               ,,               £1,600

£22

10

0

,,

£1,600               ,,               £1,700

£25

0

0

,,

£1,700               ,,               £1,800

£27

10

0

,,

£1,800               ,,               £1,900

£30

0

0

,,

£1,900               ,,               £2,000

£33

0

0

,,

£2,000               ,,               £2,100

£36

10

0

,,

£2,100               ,,               £2,200

£40

0

0

,,

£2,200               ,,               £2,300

£43

10

0

,,

£2,300               ,,               £2,400

£47

0

0

,,

£2,400               ,,               £2,500

£50

0

0

”.

(2) I gcás aon ionstraim a bheidh forghníomhaithe ach nach mbeidh stampáilte roimh theacht i ngníomh don alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go dtabharfar dóibh cibé fianaise a mheasfaidh siad is gá chun a shuíomh chun a sástacht an bhfuil na fíorais agus na himthosca go léir a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime i leith dleachta, nó méid na dleachta is inmhuirir uirthi, leagtha amach inti go hiomlán, fírinneach.

(3) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh dó.

(b) Déanfar aisíocaíocht iomchuí chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de dhá bhliain ó dháta na hionstraime lena mbaineann an t-aisíoc.

(c) Tiocfaidh an t-alt seo, a mhéid a dhéanann sé foráil chun dleacht stampa a mhuirearú de réir dhá phunt agus deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó luach na comaoine, i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1969, nó ar dháta an Achta seo a rith cibé acu is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh don alt seo.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

1949, Uimh. 13 .

48. —(1) Déantar leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , a leasú mar a leanas:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh na dleachtanna stampa is inmhuirir faoi mhír (3) den cheannteideal ‘Lease or Tack’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, i leith aon chomaoin arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) do léas—

(i) punt in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt den chomaoin mura mó ná sé mhíle punt an chomaoin agus go bhfuil ráiteas sa léas ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar leis nach cuid é d'idirbheart is mó sin ná de shraith idirbheart ar mó ná sé mhíle punt méid nó luach, nó comhiomlán méid nó luach, na comaoine, seachas cíos, ina leith;

(ii) punt agus deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt den chomaoin más mó ná sé mhíle punt ach nach mó ná caoga míle punt an chomaoin agus go bhfuil ráiteas sa léas ag deimhniú maidir leis an idirbheart a dhéantar leis nach cuid é d'idirbheart is mó ná sin ná de shraith idirbheart ar mó ná caoga míle punt méid nó luach, nó comhiomlán méid nó luach, na comaoine, seachas cíos, ina leith;

(iii) in aon chás eile, de réir dhá phunt deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt den chomaoin.”

(b) tríd an tábla seo a leanas a chur in ionad an tábla atá leagtha amach i bhfo-alt (3)—

Níos mo ná

£500 gan bheith níos mó ná £600

£4

0

0

,,

£600               ,,                  £700

£5

0

0

,,

£700               ,,                  £800

£6

0

0

,,

£800               ,,                  £900

£7

0

0

,,

£900               ,,               £1,000

£8

0

0

,,

£1,000               ,,               £1,100

£10

0

0

,,

£1,100               ,,               £1,200

£12

10

0

,,

£1,200               ,,               £1,300

£15

0

0

,,

£1,300               ,,               £1,400

£17

10

0

,,

£1,400               ,,               £1,500

£20

0

0

,,

£1,500               ,,               £1,600

£22

10

0

,,

£1,600               ,,               £1,700

£25

0

0

,,

£1,700               ,,               £1,800

£27

10

0

,,

£1,800               ,,               £1,900

£30

0

0

,,

£1,900               ,,               £2,000

£33

0

0

,,

£2,000               ,,               £2,100

£36

10

0

,,

£2,100               ,,               £2,200

£40

0

0

,,

£2,200               ,,               £2,300

£43

10

0

,,

£2,300               ,,               £2,400

£47

0

0

,,

£2,400               ,,               £2,500

£50

0

0

.”

(2) I gcás aon ionstraim a bheidh forghníomhaithe ach nach mbeidh stampáilte roimh theacht i ngníomh don alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go dtabharfar dóibh cibé fianaise a mheasfaidh siad is gá chun a shuíomh chun a sástacht an bhfuil na fíorais agus na himthosca go léir a dhéanann difear do dhliteanas na hionstraime i leith dleachta, nó méid na dleachta is inmhuirir uirthi, leagtha amach inti go hiomlán, fírinneach.

(3) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh dó.

(b) Déanfar aisíoc iomchuí chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de dhá bhliain ó dháta na hionstraime lena mbaineann an t-aisíoc.

(c) Tiocfaidh an t-alt seo, a mhéid a dhéanann sé foráil chun dleacht stampa a mhuirearú de réir dhá phunt agus deich scilling in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó luach na comaoine, i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1969, nó ar dháta an Achta seo a rith cibé acu is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh don alt seo.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa.

1966, Uimh. 21 .

1962, Uimh. 27 .

1950, Uimh. 18 .

49. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh aon ionstraim a thabharfaidh éifeacht do cheannach tí ar é a thógáil díolmhaithe ó gach dleacht stampa.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le hionstraim más rud é, agus amháin más rud é, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur tugadh, nó go dtabharfar, de bhua alt 6 (2) d'Acht na dTithe, 1966 , deontas faoi alt 2 nó 7 d'Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 , i leith an tí lena mbaineann an ionstraim, nó

(b) gur tugadh nó go dtabharfar deontas faoi alt 15, 16, 17, 18 nó 20 d'Acht na dTithe, 1966 , i leith an tí a dúradh.

(3) Ní bheidh dleachtanna stampa inmhuirir i gcás tíolacadh, aistriú nó léasadh ag údarás áitiúil faoi fhorálacha Acht na dTithe, 1966 , nó tíolacadh, aistriú nó léasadh ag cumann agus é cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966, agus a rinneadh, de réir scéime chun tithe a sholáthar dá chomhaltaí, chun comhalta nó chun an chomhalta sin agus céile an chomhalta.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh dleacht stampa muirearaithe ar ionstraim faoin gceannteideal “Conveyance or Transfer on sale of any property” nó “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

(b) go n-iarrfaidh duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a lua maidir leis an ionstraim, agus

(c) go gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur ionstraim í lena mbaineann forálacha fho-alt (2) nó (3) den alt seo,

díolmhófar an ionstraim ó dhleacht, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí stampáilte cheana féin le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí.

(5) In aon chás den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht a muirearaíodh ar an ionstraim a aisíoc, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar dhíolúine agus aisíoc laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na hionstraime.

(6) Aisghairtear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1950 , agus alt 52 d'Acht na dTithe, 1966 .

(7) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, agus ní bheidh éifeacht aige i gcás aon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh don alt seo.

Dleacht stampa ar chonarthaí i leith foirgnimh oifige a fhoirgniú.

I.R. Uimh. 221 de 1964.

1963, Uimh. 28 .

1941, Uimh. 23 .

1853, c. 51.

50. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine a dhéanfaidh conradh amháin nó níos mó le foirgneamh a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú a mbeartaítear an chuid is mó de a úsáid mar oifigí an ionstraim nó na hionstraimí ina mbeidh gach conradh den sórt sin a sheachadadh, nó a thabhairt go seachadfar sin, do na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Beidh dleacht stampa inmhuirir ar gach ionstraim den sórt sin de réir deich faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine i leith comhlíonadh an chonartha nó na gconarthaí lena mbaineann sí: Ar choinníoll nach inmhuirir dleacht ar ionstraim go feadh an mhéid a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur chuid de mhéid nó de luach na comaoine i leith comhlíonadh conartha ar íocadh dleacht ina leith faoin bhfo-alt seo méid nó luach na comaoine i leith comhlíonadh an chonartha nó na gconarthaí atá inti.

(3) Más rud é, ar nócha lá a bheith caite tar éis conradh a dhéanamh de shórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nach mbeidh an ionstraim ina mbeidh sé stampáilte go cuí, beidh na páirtithe go léir sa chonradh, i dteannta bheith faoi dhliteanas i leith na dleachta neamhíoctha, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach pionós cóimhéid le dhá oiread na dleachta sin, a chur orthu, agus beidh an pionós inghnóthaithe ionann is dá mba chuid den dleacht é.

(4) I gcás ina mbeidh athrú ar mhéid nó ar luach na comaoine i leith conradh a chomhlíonadh de shórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má mhéadaítear méid nó luach na comaoine, beidh dleacht stampa inmhuirir arís ar an ionstraim ina bhfuil an conradh, d'ainneoin í bheith stampáilte cheana féin agus cibé acu stampáilte nó gan stampáil í le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí,

(b) beidh dleacht inmhuirir de réir deich faoin gcéad den chomaoin mhéadaithe, agus lamháil chuí a dhéanamh i leith méid aon dleachta a bheidh íoctha cheana féin,

(c) más rud é, ar nócha lá a bheith caite ó dháta an mhéadaithe ar an gcomaoin, nach mbeidh an ionstraim ina bhfuil an conradh stampáilte de réir na míre sin roimhe seo, beidh na páirtithe go léir sa chonradh, i dteannta bheith faoi dhliteanas i leith na dleachta neamhíoctha, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith pionós cóimhéid le dhá oiread na dleachta sin a chur orthu, agus beidh an pionós inghnóthaithe ionann is dá mba chuid den dleacht é.

(d) má laghdaítear méid nó luach na comaoine, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difear idir méid na dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim ina bhfuil an conradh agus an méid is inmhuirir uirthi faoi threoir na comaoine laghdaithe a íoc:

Ar chonnníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an laghdaithe ar an gcomaoin.

(5) I gcás ina ndéanfar foirgneamh ar le haghaidh úsáide mar oifigí a bheartaítear an chuid is mó de a úsáid a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú, agus—

(a) nach mbeidh an conradh nó aon cheann de na conartha i leith an fhoirgnithe, an athraithe nó an mhéadaithe in aon ionstraim nó ionstraimí,

(b) nach ábhar conartha an foirgniú, an t-athrú nó an méadú nó cuid den fhoirgniú, den athrú nó den mhéadú, nó

(c) gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go raibh comhshocraíocht nó comhshocraíochtaí ann maidir leis an bhfoirgniú, leis an athrú nó leis an méadú arbh í an phríomhchuspóir, nó ar cheann de na príomhchuspóirí, a bhí ag gabháil léi nó leo dliteanas i leith dleacht stampa faoin alt seo a sheachaint nó a laghdú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir an fhoirgnimh go seachadfaidh sé dóibh, laistigh de thríocha lá tar éis dáta an cheanglais, an ionstraim ina bhfuil an fógra, nó cóip den ionstraim sin (dá ngairtear an fógra san alt seo) a tugadh de bhun na Rialachán um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , (Ceadú), 1964, gur deonaíodh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1962, ag an údarás pleanála iomchuí, de réir brí an Achta sin, cead nó ceadú maidir leis an bhfoirgniú, leis an athrú nó leis an méadú, mar aon le ráiteas ar an eisíoc go léir a caitheadh nó atáthar chun a chaitheamh ar an bhfoirgniú, ar an athrú nó ar an méadú,

(ii) maidir leis an bhfógra sin—

(I) muirearófar air méid na dleachta stampa a mhuirearófaí air, agus

(II) beidh sé faoi réir na bhforálacha den alt seo a mbeadh sé faoina réir,

dá mba chonradh é i leith an fhoirgnithe, an athraithe nó an mhéadaithe a dúradh agus gurb é méid nó luach na comaoine i leith a chomhlíonta an t-eisíoc iomlán a caitheadh nó a bheifí chun a chaitheamh ar an bhfoirgniú, ar an athrú nó ar an méadú a dúradh.

(6) Aon ionstraim nó fógra de shórt dá dtagraítear sna forálacha roimhe seo den alt seo ní mheasfar í a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim air a lua de réir alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh an ionstraim stampáilte le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí.

(7) Ní bheidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) in aon chás nach mó ná £50,000 méid nó méid comhiomlán an eisíoca i ndáil le foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh;

(b) maidir le foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh le hAire Stáit, le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó le húdarás áitiúil chun críocha alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

(c) maidir le foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh i limistéar is limistéar neamhfhorbartha de réir bhrí an Achta um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , ar dháta tosaithe an fhoirgnithe, an athraithe nó an mhéadaithe.

(8) Mura seachadfaidh duine do na Coimisinéirí Ioncaim ionstraim, fógra nó ráiteas a cheanglaítear air de bhua an ailt seo a sheachadadh dóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh na hionstraime, an fhógra nó an ráitis ag an duine, nó, i gcás comhlachta chorpraithe, ag a rúnaí nó ag aon stiúrthóir dá chuid, a chur i bhfeidhm faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, i ngach slí ionann agus dá mba é a bhí san ionstraim, san fhógra nó sa ráiteas, cibé acu é, cuntas den sórt a luaitear san alt sin agus dá mba é a bhí i neamhsheachadadh na hionstraime, an fhógra nó an ráitis, cibé acu é, mainneachtain den sórt a luaitear san alt sin.

(9) Nuair a bheifear a chinneadh chun críocha an ailt seo cad é méid nó luach na comaoine i leith comhlíonadh conartha nó conarthaí le haghaidh foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh nó i leith na heisíoca iomláine a caitheadh nó a bheifear chun a chaitheamh ar an bhfoirgniú, ar an athrú nó ar an méadú sin, measfar gur cuid den fhoirgneamh carrchlós, agus aon oibreacha foghabhálacha eile le haghaidh an fhoirgnimh agus a bheidh tadhlach leis.

(10) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1969, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu sin is déanaí.

CUID VI

Cáin Bhrabús Corparáide

Liúntas infheistíochta l oingis a asbhaint.

1957, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 18 .

51. —I gcás ina ndéanfar méid liúntais infheistíochta loingis a asbhaint de réir alt 22 den Acht Airgeadais, 1957 , agus brabúis chuideachta á ríomh chun críocha cánach brabúis chorparáide, agus go ndéanfar an liúntas infheistíochta loingis a aistarraingt chun críocha cánach ioncaim de réir fho-alt (1A) (b) d'alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar an liúntas infheistíochta loingis a aistarraingt chun críocha cánach brabúis chorparáide agus déanfar cibé measúnachtaí cánach brabúis chorparáide agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí cánach brabúis chorparáide sa bhreis is gá le haghaidh nó de dhroim liúntas infheistíochta loingis a aistarraingt nó liúntas tosaigh faoi alt 69 den Acht Airgeadais, 1969, a chur ina ionad.

Leasú ar alt 10 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

1956, Uimh. 47 .

52. —Déantar leis seo an míniú ar “tréimhse chuntasaíochta” atá in alt 10 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a leasú, ach amháin maidir le alt 13 (10) den Acht sin—

(a) trí “chúig bliana déag” a chur in ionad “deich mbliana”, agus

(b) trí “an 6ú lá d'Aibreán, 1975”, a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1970”.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 .

1958, Uimh. 28 .

53. —Leasaítear leis seo alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , trí “go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990” a chur in ionad “go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ó dháta an Achta seo a rith”.

Leasú ar alt 69 den Acht Airgeadais, 1959 .

54. —(1) Aon tagairt in alt 69 den Acht Airgeadais, 1959 , do liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar, i gcás ina raibh éifeacht ag alt 4 (2) den Acht seo, í a fhorléiriú mar thagairt don liúntas arna mhéadú faoin bhfo-alt sin.

(2) I gcás ina measfar nach raibh feidhm ag an alt sin 4 (2) maidir le haon innealra ná fearas d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar cibé measúnachtaí breise agus coigeartuithe breise ar mheasúnachtaí is iomchuí chun críocha cánach brabúis chorparáide.

CUID VII

Cáin Láimhdeachais

Leasú ar alt 46 den Acht Airgeadais, 1963 .

1963, Uimh. 23 .

55. —(1) Leasaítear leis seo alt 46 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an míniú seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh an mhínithe ar “óstán”:

“folaíonn ‘airgead a fháil’—

(a) airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas duine in aon bhanc, banc taisce, cumann foirgníochta, gnólacht airgeadais fruilcheannaigh nó gnólacht airgeadais dá shamhail, agus

(b) airgead, seachas airgead dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú seo, a scoir, faoi chomhaontú, seachas comhaontú ina bhfuil foráil le haghaidh lascaine nó coigeartú praghais arna dhéanamh i ngnáth-chúrsa gnó, nó faoi chomhshocraíocht le creidiúnaithe, de bheith dlite do dhuine,

agus aon airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas duine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine é ar an dáta a taisceadh nó a creidiúnaíodh amhlaidh é agus aon airgead a scoir de bheith dlite do dhuine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine é ar dháta an scortha.”.

(2) Beidh éifeacht, agus measfar éifeacht a bheith, ag an alt seo amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969.

Leasú ar alt 64 den Acht Airgeadais, 1963 .

1963, Uimh. 23 .

56. —(1) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Airgeadais, 1963

(a) trí “ailt 48 agus 50 go 63” a chur in ionad “ailt 48 go 63” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní dhéanfar cáin mar a luaitear anseo roimhe seo a mhuirearú ar—

(a) airceadal a mbeadh a dhíol lena sheachadadh lastigh den Stát, amach ó aon díolúine maidir le díol na n-airceadal sin le daoine, nó ag daoine, d'aicme áirithe, ina ghníomhaíocht dhíolmhaithe chun críocha alt 48 (2) den Acht seo,

(b) airceadal a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arna allmhairiú mar stoc dá ghnó ag duine cláraithe is déileálaí sna hairceadail sin,

(c) airceadal, nach airceadal a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, arna allmhairiú—

(i) mar stoc dá ghnó,

(ii) mar ábhair le haghaidh monaraíochta,

(iii) mar throscán, feistis, riachtanais oifige, gléasra nó trealamh dá ghnó,

ag duine cláraithe,

(d) airceadal (seachas mótarfheithicil a bheidh ceaptha chun daoine a iompar de bhóthar nó ola hiodracarbóin le haghaidh feithiclí ród-iompair) arna allmhairiú ag comhlacht corpraithe a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é is príomhghníomhaíocht dó paisinéirí nó earraí a iompar lasmuigh den Stát agus gur lena úsáid ina ghnó a allmhairítear an t-airceadal,

(e) airceadal arna allmhairiú ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann lena úsáid chun longa solais nó tithe solais a chothabháil.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh i gcás airceadal a allmhaireofar an chéad lá nó tar éis an chéad lae den mhí díreach i ndiaidh na míosa a rithfear an tAcht seo agus, i gcás na n-airceadal sin, déanfar an cháin dá bhforáiltear le halt 47 (1) (i) (b) den Acht Airgeadais, 1963 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ionann agus dá mba nach ndearnadh aon ordú faoi alt 64 den Acht sin.

CUID VIII

Cáin Mhórdhíola

Rátaí cánach mórdhíola.

1966, Uimh. 22 .

57. —(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 :

“(1) Is é a bheidh sa cháin mhórdhíola cúig déag faoin gcéad den chuid sin de láimhdeachas inchánaithe, arna mhíniú leis an alt seo, an duine fhreagraigh a bhaineann le díol aon earraí de shórt a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus deich faoin gcéad den mhéid a bheidh fágtha den láimhdeachas inchánaithe arna mhíniú amhlaidh, agus déanfar an méid cánach is inmhuirir in imeacht gach míosa a íoc tar éis deireadh na míosa de réir rialachán.

AN TÁBLA

(Cáin Mhórdhíola)

(1) Mótarfheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar lena n-áirítear mótarfheithiclí spóirt, cairr eastáit, vaigíní stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, moipéid agus uathrothair, ach gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná sé dhuine dhéag (agus an tiománaí a áireamh) a iompar, cóistí easlán agus feithiclí eile de chineál atá deartha le haghaidh úsáide ag daoine easlána nó daoine éiglí.

(2) Carbháin, lena n-áirítear teaghais shoghluaiste.

(3) Longa, báid nó árthaí eile atá deartha agus déanta chun paisinéirí a iompar agus nach mó ná céad tonna mórmheáchain; agus báid spóirt agus pléisiúir de gach cineál lena n-áirítear luamhanna, cúrsóirí cábáin, báidíní calaidh, curacha, coití agus báid rásaíochta.

(4) Gléasanna raidió-ghlacadóireachta agus gléasanna téilifísghlacadóireachta den chineál tís nó den chineál iniompair lena n-áirítear gléasanna atá oiriúnach le húsáid i bhfeithiclí bóthair.

(5) Gramafóin, raidió-ghramafóin, seinnteoirí ceirníní agus atáirgeoirí leictreachais ceirníní gramafóin.

(6) Ceirníní gramafóin.”

(2) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 :

“(1) Ní bhainfidh ailt 3 agus 5 go 10 den Acht seo le cáin mhórdhíola dá bhforáiltear le halt 2 (b) den alt seo agus déanfar, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an cháin sin a mhuirearú ar gach airceadal de shórt a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 7 (1) den Acht seo agus a allmhaireofar an lú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, de réir cúig déag faoin gcéad de luach an airceadail agus ar gach airceadal eile a allmhaireofar amhlaidh de réir deich faoin gcéad de luach an airceadail.”

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo, agus measfar éifeacht a bheith aige, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1969, agus uaidh sin amach.

Suimeanna a chur le híocaíochtaí áirithe.

58. —I gcás inarb éard é an t-iomlán nó cuid de láimhdeachas inchánaithe duine fhreagraigh airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis, agus roimh an lú lá de Mheitheamh, 1969, féadfaidh an duine freagrach, d'éagmais comhaontú dá mhalairt, suim ar cóimhéid le haon mhéid breise is iníochta aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú a dhéantar le halt 57 den Acht seo ar an ráta cánach mórdhíola a aisghabháil i dteannta na híocaíochta a shonraítear sa chonradh.

Leasú ar alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 .

59. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(2) I gcás ina ndéanfar earraí inchánaithe a chur chun feidhme nó a leithreasú ar mhodh fruilithe chun duine a mbeidh uimhir chláraithe tugtha dó faoi alt 4 den Acht seo agus a bheidh, de réir alt 5 den Acht seo, tar éis ráiteas i scríbhinn agus an uimhir chláraithe sin luaite ann a thabhairt don duine óna nglacfar na hearraí ar fruiliú:—

(a) ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an gcur chun feidhme nó leis an leithreasú, agus

(b) measfar gurb é a bheidh sa chur chun feidhme nó sa leithreasú díol na n-earraí ar mórdhíol i gcúrsa gnó agus measfar gurb é a bheidh san airgead a gheofar i leith an fhruilithe airgead ó dhuine a bhí cláraithe faoin alt sin 4 i leith na n-earraí a díoladh leis:

Ar choinníoll, más rud é go ndéanfaidh an duine chun a mbeidh na hearraí fruilithe, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don duine óna mbeidh na hearraí fruilithe, an ráiteas a dúradh a aistarraingt, ansin, ar dháta na haistarraingte agus uaidh sin amach, scoirfidh míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo d'fheidhm a bheith acu agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin (1) ionann agus dá mba rud é go ndearna an duine óna mbeidh na hearraí fruilithe na hearraí a chur chun feidhme nó a leithreasú, ar an dáta sin, ar shlí seachas—

(i) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó

(ii) in aon chás eile—mar stoc trádála,

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine dar tugadh uimhir chláraithe faoi alt 4 den Acht seo—

(a) ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an uimhir chláraithe sin luaite a thabhairt, de réir alt 5 den Acht seo, do dhuine a bheidh cláraithe faoin alt sin 4 agus óna bhfruilíonn sé earraí inchánaithe, agus

(b) na hearraí sin a úsáid ar dhóigh seachas go díreach i bpróiseas táirgthe i gcúrsa earraí a dhéanamh,

ansin, an fad nach ndéanfaidh an duine ar chuige a fruilíodh na hearraí an ráiteas a dúradh a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don duine ónar fruilíodh na hearraí, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin (1) maidir leis ionann agus dá mba rud é—

(i) de réir an ailt sin 5, gur cheannaigh sé na hearraí i dtosca nach raibh cáin mhórdhíola inmhuirir,

(ii) go ndearna sé, ar ócáid gach íocaíochta as fruiliú na n-earraí a bhainfidh le tréimhse inar úsáid sé na hearraí ar dhóigh seachas i bpróiseas táirgthe i gcúrsa earraí a dhéanamh, na hearraí a chur chun feidhme nó a leithreasú ar dhóigh seachas—

(I) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó

(II) in aon chás eile—mar stoc trádála, agus

(iii) gurbh é a bhí i ngach íocaíocht acu sin as fruiliú íocaíocht i leith díol earraí a cuireadh chun feidhme nó a leithreasaíodh amhlaidh ar an bpraghas mórdhíola a bhí i réim tráth na híocaíochta”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an gcéad lá den mhí díreach i ndiaidh na míosa ina rithfear an tAcht seo.

Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 .

60. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní mhuirearófar cáin mar a dúradh ar—

(a) airceadal a mbeadh a dhíol lena sheachadadh sa Stát, amach ó aon díolúine maidir le díol na n-airceadal sin le daoine, nó ag daoine, d'aicme áirithe nó ag daoine seachas daoine d'aicme áirithe, ina ghníomhaíocht dhíolmhaithe chun críocha alt 3 (5) den Acht seo,

(b) airceadal arna allmhairiú—

(i) ag monaróir a bheidh cláraithe faoi alt 4 den Acht seo agus a bheartaítear a úsáid mar ábhair nó mar stoc dá ghnó, nó

(ii) ag aon duine eile a bheidh cláraithe faoin alt sin agus a bheartaítear a úsáid mar stoc dá ghnó,

(c) airceadal (seachas mótarfheithicil atá ceaptha chun daoine a iompar de bhóthar nó ola hiodracarbón le haghaidh feithiclí ród-iompair) arna allmhairiú ag comhlacht corpraithe a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é is phríomhghníomhaíocht dó paisinéirí nó earraí a iompar lasmuigh den Stát agus gur lena úsáid ina ghnó a allmhairítear an t-airceadal,

(d) airceadal arna allmhairiú ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann lena úsáid chun longa solais nó tithe solais a chothabháil”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh maidir le hairceadail a allmhaireofar an chéad lá nó tar éis an chéad lae den mhí díreach i ndiaidh na míosa a rithfear an tAcht seo agus, maidir le hairceadail den sórt sin, déanfar an cháin dá bhforáiltear le halt 2 (b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ionann agus dá mba nach ndearnadh aon ordú faoi alt 11 den Acht sin.

CUID IX

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1968, Uimh. 33 .

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1968” alt 33 den Acht Airgeadais, 1968 ;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1968 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, ach “£2,636,326” a chur in ionad “£2,453,200”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1968 ach “£1,672,492” a chur in ionad “£1,586,900”.

(4) Déanfar suim £3,000,128 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970.

(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,940,575 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann amháin nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 .

1927, Uimh. 7 .

62. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí mhír (f) a scriosadh.

Préimheanna ar urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin.

1965, Uimh. 26 .

1965, Uimh. 4 .

1968, Uimh. 37 .

63. —(1) An bhreis a bheidh ag an méid a gheofar ar aonad urrús lena mbaineann an t-alt seo a fhuascailt ar an méid a íocadh ar an aonad nuair a eisíodh é beidh sí, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánachais ar bhrabúis trádála, díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide.

(2) Na hurrúis lena mbaineann an t-alt seo is urrúis iad a bhunaigh agus a d'eisigh an tAire Airgeadais faoin Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , nó faoi aon chumhachtaí eile á chumasú chuige sin, mar aon le haon stoc, bintiúr, stoc bintiúra, deimhniú muirir, nó urrús eile, a eisíodh le ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt faoi aon Acht ón Oireachtas agus a ndearna an tAire Airgeadais faoin Acht sin íoc úis agus aisíoc caipitil a ráthú ina leith, ach gan urrúis a áireamh lena mbaineann alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1965 , alt 465 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 .

Leasú ar alt 255 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

64. —(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i ndiaidh mhír (d): “agus, go sonrach, folaíonn an abairt sin aon fhoirgneamh nó déanmhas atá an duine a bhfuil trádáil nó gnóthas den sórt sin á sheoladh aige tar éis a chur ar fáil le haghaidh caitheamh aimsire nó slándála oibrithe atá ar fostú sa trádáil nó so ghnóthas sin agus a bhfuil an úsáid sin á bhaint as”.

(2) Leasaítear leis seo alt 255 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “mar champa saoire” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1): “nó foirgneamh nó déanmhas atá á úsáid mar theachín saoire agus atá ar áireamh in áitreabh atá cláraithe in aon chlár de theachíní saoire a bhunaigh Bord Fáilte Éireann faoi fhorálacha aon Achta ón Oireachtas a ritheadh tar éis dáta an Achta Airgeadais, 1969 , a rith”, agus

(b) trí “(seachas óstán saoire dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1))” a chur isteach i bhfo-alt (4) (a) i ndiaidh “theach cónaithe” agus i ndiaidh “tí chónaithe”.

(3) I gcás foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de bhua fho-alt (2) do scor de bheith ar áireamh in áitreabh atá cláraithe i gclár dá dtagraítear san alt sin 255 in imthosca de shórt nach mbeidh feidhm ag an alt sin 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , seachas alt 264 (3), measfar ar an scor sin go ndearnadh an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail agus chun na gcríocha sin measfar gurb é atá i nglan-fháltais an díola méid cóimhéid leis an gcaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais.

(4) I gcás ina ndéanfar muirear cothromaíochta faoin alt sin 265 de bhua fho-alt (3) agus nach ndéanfar an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol ina dhiaidh sin ag an duine ar a ndéanfar an muirear tráth nach foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas, ansin má thagann an foirgneamh nó an déanmhas chun bheith ar áireamh arís in áitreabh atá cláraithe i gclár dá dtagraítear san alt sin 255, déileálfar chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an duine sin ionann agus dá mba eisean, tráth an scortha dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ceannaitheoir an leasa iomchuí a mheasfar faoin bhfo-alt sin a bheith díolta.

(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis.

(b) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an lú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis.

Aisghairm.

65. —(1) Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus blianta ina dhiaidh sin a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1969.

(3) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(4) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1969.

(5) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid V den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(6) (a) Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear i gcolún (2) de Chuid VI den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a d'éag nó éagfaidh an lú lá de Mhárta, 1968, nó dá éis sin.

(7) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid VII den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

66. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

67. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Codanna I agus II agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim lena n-áirítear forcháin) alt 63 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid V den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid VI agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide) alt 63 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Déanfar Codanna VII agus VIII a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus an Achta sin is déanaí a luaitear.

(7) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt iontu go sainráiteach, measfar gur tháinig Codanna I agus II agus alt 63 den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(8) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

AN CHéAD SCEIDEAL

Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam)

Alt 35.

Cuid I

An Cineál Biotáille

Rátaí Tosaíochta

Lán-rátaí

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe

29

10

2

29

14

2

Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadfar i slí a léireoidh nach bhfuil an

neart le tástáil

..

..

..

..

24

17

11

25

1

3

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina

bhfuil biotáille

..

..

..

..

18

8

10

18

11

4

Cuid II

An Cineál Biotáille

Ráta na Ríochta Aontaithe

£

s.

d.

Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe

..

..

24

15

7

Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadfar i slí a léireoidh nach bhfuil

an neart le tástáil

..

..

..

..

..

..

20

18

2

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus

ullmhóidí ina bhfuil biotáille

..

..

..

..

15

9

9

AN DARA SCEIDEAL

Dleachtanna ar Thobac

Alt 37.

Cuid I

Custaim

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe: má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe: agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain..     ..

an lb.

4

8

4.5

agus níos lú na 10 faoin gcéad de

fhliuchra ann de réir meáchain

,,   ,,

4

18

2.5

mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:

agus 10 faoin gcéad nó níos mó

de fhliuchra ann de réir meáchain

,,   ,,

4

8

4

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de

fhliuchra ann de réir meáchain   ..

,,   ,,

4

18

2

Lán-rátaí

Rátaí Tosaíochta

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:

todóga

..

..

..

an lb.

5

7

2.1

4

11

4

toitíní

..

..

..

,,

5

4

10.5

4

9

5

cavendish nó negrohead

,,

5

6

6.9

4

10

10

cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi bhanna

,,

5

5

11.7

4

10

4

tobac monaraithe eile ..

,,

5

4

6.9

4

9

2

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

5

4

2.1

4

8

10

snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

5

6

6.9

4

10

10

Cuid II

Custaim

Lán-rátaí

Rátaí Tosaíochta

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:

todóga

..

..

..

an lb.

5

1

0.2

4

11

toitíní

..

..

..

,,

4

18

9.7

4

9

cavendish nó negrohead

,,

5

0

5.5

4

10

10 

cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi

bhanna

..

..

,,

4

19

10.8

4

10

tobac monaraithe eile:

tobac cruafháiscthe

..

,,

4

11

5.2

4

2

 0.5

tobac píopa eile

..

,,

4

17

2.5

4

7

9.8

tobac monaraithe eile

,,

4

18

6.7

4

9

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

4

18

4

8

10 

snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

5

0

5.5

4

10

10 

Cuid III

Custaim

Lán-rátaí

Rátaí Tosaíochta

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:

todóga

..

..

..

an lb.

4

19

7.6

4

11

toitíní

..

..

..

,,

4

17

5.6

4

9

cavendish nó negrohead

,,

4

19

4

10

10 

cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi

bhanna

..

..

,,

4

18

6.4

4

10

tobac monaraithe eile:

tobac cruafháiscthe

..

,,

4

7

8.6

3

19

tobac píopa eile

..

,,

4

15

4

7

4.4

tobac monaraithe eile

,,

4

17

2.6

4

9

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

4

16

10 

4

8

10 

snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

,,

4

19

4

10

10 

Cuid IV

Mál

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de

fhliuchra ann de réir meáchain

..

an lb.

4

7

3

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra

ann de réir meáchain

..

..

..

,,

4

16

11

Tobac monaraithe:

cavendish nó negrohead a monaraíodh

faoi bhanna

..

..

..

..

,,

4

9

3

AN TRíú SCEIDEAL

Dleachtanna ar Fhíon

Alt 39.

Cuid I

Custaim

An Cineál Fíona

Ráta Dleachta

Lán-rátaí

Rátaí Tosaíochta

Fíon Neamhdhrithleach:

£

s.

d.

£

s.

d.

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa:

Gan a bheith i mbuidéal

..

an galún

1

3

6

18

9.2

Sa bhuidéal

..

..

..

,,

1

7

6

1

0

9.2

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa:

Gan a bheith i mbuidéal

..

,,

1

7

6

1

1

Sa bhuidéal

..

..

,,

1

15

6

1

5

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa:

Gan a bheith i mbuidéal

..

,,

2

1

6

1

11

6⅔ 

Sa bhuidéal

..

..

,,

2

9

6

1

15

6⅔ 

Fíon Drithleach

..

..

..

,,

2

16

3

2

1

6.5

Fíon is mó ná 42° de bhiotáille phrofa:

Dleacht bhreise in aghaidh gach grád nó codáin de ghrád thar

42° de bhiotáille phrofa

..

,,

3

6

2

10 

Cuid II

Custaim

An Cineál Fíona

Ráta Dleachta

Ráta Dleachta

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

£

s.

d.

Fíon Neamhdhrithleach sa Bhuidéal:

Nach mó ná 25° de bhiotáille

phrofa

..

..

..

an galún

1

0

19

11.6 

Is mó ná 25° ach nach mó ná

30° de bhiotáille phrofa

..

,,

1

3

11.6

1

3

6.8 

Is mó ná 30° de bhiotáille

phrofa

..

..

..

,,

1

14

4 4/15

1

13

11 7/15

Is mó ná 42° de bhiotáille phrofa:

Dleacht bhreise in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád thar 42° de

bhiotáille phrofa

..

,,

2

10

2

10

Cuid III

Mál

An Cineál Fíona

Ráta Dleachta

s.

d.

Fíon Éireannach:

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

13

9.5

an galún

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de

bhiotáille phrofa

..

..

..

14

6.5

,,

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

17

8

,,

Cuid IV

Mál

An Cineál Fíona

Ráta Dleachta

s.

d.

Fíon Éireannach:

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

..

14

6

an galún

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de

bhiotáille phrofa

..

..

..

15

6

,,

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

19

7

,,

AN CEATHRú SCEIDEAL

Cuid I

Leasú ar Achtacháin

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967 .

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

In alt 53 (1), i mír (b) de Chás 1 cuirfear “brabúis nó gnóchain ó thailte, tionóntáin agus oidhreachtáin i gcás aon cheann de na gnóthais seo a leanas” in ionad “an mhaoin sna tailte, sna tionóntáin agus sna hoidhreachtáin seo a leanas”; i mir (a) de Chás III cuirfear leis “ach gan aon íocaíocht is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a áireamh” ndiaidh “is giorra nó is faide ná sin”; i gCás IV, cuirfear “faoi aon Chás eile de Sceideal D” in ionad “faoi aon Chás acu sin roimhe seo” agus cuirfear “Cás V.—Cáin i leith aon chíosa i leith aon áitribh nó aon fháltais i leith aon éasúna;” isteach i ndiaidh Cás IV.

In alt 83, i bhfo-alt (1) cuirfear “agus nach faide ré an léasa ná caoga bliain” in ionad “agus gur gearr-léas é” agus i bhfo-alt (2) cuirfear “alt 8 (5)” in ionad “alt 81 (4)”

In alt 84 (1), cuirfear “léas nach faide ré ná caoga bliain” in ionad “gearr-léas”.

In alt 86, cuirfear “(lena n-áirítear, i gcás léas a deonaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin, agus nach faide a ré ná caoga bliain, suim iomchuí i leith aon phréimhe is iníoctha faoi léas)” in ionad “(lena n-áirítear, más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin, a deonaíodh an léas, suim iomchuí i leith aon phréimhe is iníoctha faoin léas)”.

In alt 89A (a cuireadh isteach le halt 7 (1) (b) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ), cuirfear “faoi threoir mhír (e) d'alt 81 (5)” i mír (b) in ionad “faoi threoir mhír (f) d'alt 81 (4)”.

In alt 92 (1), cuirfear “alt 81 (5)” in ionad “alt 81 (4)”.

In alt 94, cuirfear “nó faoi Chás V” isteach i ndiaidh “faoi Chás IV”.

In alt 162 (3) (a), cuirfear “alt 480” in ionad “ailt 480 agus 481”.

In alt 183 (1), cuirfear “faoi Sceideal D nó E, nó faoin dá Sceideal acu sin” in ionad “faoi Sceideal A, B, D nó E, nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin”.

In alt 184 (1), cuirfear “ach faoi réir alt 133, measúnacht ar an duine sin arb é méid a bheidh inti an méid ar dá réir ba chóir é a mhuirearú faoi Sceideal E” in ionad na bhfocal ó “measúnacht ar an duine sin” go dtí deireadh an fho-ailt.

In alt 214 (3), cuirfear “ar costais iad is inasbhainte agus brabúis nó gnóchain na cuideachta nó an bhainc á ríomh chun críocha Chás V de Sceideal D” in ionad “a bhféadfar faoiseamh a éileamh nó a lamháil ina leith faoi alt 23 nó 24”.

In alt 267 (5) (a), cuirfear “faoi Chás V de Sceideal D” in ionad “faoi Sceideal A” agus cuirfear “nó” isteach i ndiaidh “déanmhas tionscail.”

In alt 307 (1), cuirfear “a bainistíodh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh as” in ionad “a ghlac sé de rogha é a mhuirearú i leith cánach faoi Sceideal D maidir leis”.

In alt 316 (2), cuirfear “nó alt 25 (1) den Acht Airgeadais, 1969 ”, isteach i ndiaidh “nó 435”.

In alt 334 (1), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (a):

(a) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Chás 1 (b) de Sceideal D de bhua alt 53, más ó thailte, ó thionóntáin nó ó oidhreachtáin atá ar úinéireacht agus á n-áitiú ag carthanas a thig na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir amhlaidh;”.

In ailt 335 agus 336, cuirfear “faoi Sceidil C agus D in ionad “faoi Sceideal A, C agus D”.

In alt 433, cuirfear an fo-alt seo a leanas leis:—

“(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon chíosanna nó suimeanna eile a bheidh dlite le n-íoc an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis sin, agus a mbeidh an duine a bheidh ina dteideal inmhuirir i leith cánach ina leith faoi Chás V de Sceideal D nó a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh mura mbeadh aon díolúine ó cháin”.

In alt 434, cuirfear an fo-alt seo a leanas leis:

“(8) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 25 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon chíosanna nó suimeanna eile a bheidh dlite le n-íoc an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis sin, agus a mbeidh an duine a bheidh ina dteideal inmhuirir i leith cánach ina leith faoi Chás V de Sceideal D nó a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh mura mbeadh aon díolúine ó cháin”.

I Sceideal 18, sa Cheannteideal le mír VII, cuirfear “FAOI SCEIDEAL D NÓ E” in ionad “FAOI SCEIDIL A, B D, NÓ E”.

Uimh. 7 de 1968

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

In alt 18 (2) (g), cuirfear “(seachas fáltais a thagann faoi réim fho-alt (1) (b) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar fáltais iad a bhfuil na brabúis nó na gnóchain uathu, de bhua an ailt sin, inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D)” in ionad “(seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 )”.

Cuid II

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

57 & 58 Vic., c.30

Finance Act, 1894

Sa choinníoll a ghabhann le halt 7 (5) cuirfear “as would, but for the provisions of the Finance Act, 1969, be assessed under Schedule A, after making such deductions as would not have been allowed in that assessment and are allowed under the Succession Duty Act, 1853, and making a deduction for expenses of management not exceeding five per cent., of such annual value” in ionad na bhfocal ó “assessed” go dtí deireadh an choinníll.

AN CúIGIú SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 65.

Cuid I

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

In alt 1 (1), an míniú ar “údarás rátúcháin”.

In alt 2 (1) (c), na focail “Sceideal B nó”.

Alt 2 (2) (d).

In alt 4, na focail “Sceideal A— Alt 9; Sceideal B—Alt 30;”.

Ailt 9 go 42 agus 44 agus 45.

In alt 52, i mír 1 (b) de Sceideal D, na focail “Sceideal A, Sceideal B”.

In alt 53 (1), i mír (a) de Chás 1, na focail “nach bhfuil in aon Sceideal eile”.

In alt 54 (2), na focail “D'ainneoin aon ní i Sceideal B, nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis,” agus na focail ó “agus (b) ní dhéanfar cáin ioncaim a mhuirearú” go dtí deireadh an fho-ailt.

Ailt 54 (3) agus (4) agus 56 (4), (5), agus (6).

In alt 60 (1), na focail “nó i gcás áitiú aon talún a áitítear d'aontoisc nó go formhór chun críche feirmeoireachta nó i gcás áitiú aon talamh coille”.

In alt 61 (c), na focail “nó luach bliantúil” agus “den luach bliantúil nó”.

Ailt 66, 75 (2) (ii) agus 78.

In alt 86, na focail ó “agus chuige sin” go dtí deireadh an ailt.

Ailt 87, 88 (2) agus (3), 95, 104 agus 106 (2).

In alt 107 (1), na focail “is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D de bhun alt 78 nó”.

Ailt 147, 148, 150 agus 169 (1) (a).

In alt 169 (2), na focail “na luachanna nó”.

Ailt 180 agus 183 (1) (b).

In alt 183 (1), na focail ó “ach tabharfaidh an cigire” go dtí deireadh an fho-ailt.

Alt 183 (5) (b) agus (6).

In alt 186 (1), na litreacha “A, B”.

Alt 210 (3).

In alt 219 (1), na focail “nó d'alt 78”.

In alt 235 (7) (c), na focail “Sceideal B nó”.

Ailt 243 (3), 244 (6) (b) agus 245 (8) (a).

In alt 251 (1), na focail “(ar shlí seachas de dhroim rogha faoi alt 34)”.

Ailt 267 (5) (b) agus 283 (2).

Alt 309 (3).

In alt 322, na focail ó “agus maidir le” go dtí “faoi Sceideal D”.

In alt 333 (1) (a), na focail “faoi Sceideal A nó, de bhua Chaibidil VI de Chuid IV,” agus an coinníoll.

In alt 334, fo-alt (1) (b) agus fo-alt (2).

Ailt 351, 352 agus 385 (2).

In alt 388, na focail “nó faoi Sceideal A”.

In alt 416 (1), na focail “nó an fhógra faoi alt 180 go ndearnadh measúnachtaí (de réir mar a bheidh)”.

Ailt 436, 437 agus 477 (2) (a) agus (b).

In alt 480 (1), na focail “ar na tailte, na tionóntáin agus na háitribh ar ina leith a muirearaiodh an cháin, nó” agus an coinníoll.

Ailt 480 (6) agus 481.

In alt 485, i bhfo-alt (1), na focail “agus d'ainneoin (i gcás measúnacht Sceideal A) nach mbeidh an mainnitheoir ainmnithe i measúnacht na cánach” agus na focail “nó (nuair is ar thailte nó ar thionóntáin a bheidh an cháin gan íoc muirearaithe) ina mbeidh na tailte agus na tionóntáin”, agus i bhfo-alt (2), na focail “agus (nuair is ar thailte nó ar thionóntáin a bheidh an cháin gan íoc muirearaithe) ar an iomlán nó ar aon chuid de na hearraí, de na hainmhithe agus den airnéis eile a gheofar ar na tailte nó ar na tionóntáin sin,”.

Alt 524 (3) (a).

In alt 533, na focail “luach bliantúil”.

In alt 544 (1), na focail ó “agus i gcás ina mbeidh teach cónaithe á áitiú” go dtí deireadh an ailt.

Ailt 545 (2) agus 548.

I Sceideal 15, i gcolún 2, na focail “alt 104 (3)”.

I Sceideal 18, mír 1.

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968

Alt 5.

Cuid II

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 19 de 1926

An tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1926 .

Alt 6.

Cuid III

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de 1965

An tAcht Airgeadais, 1965

Alt 33 (3) agus (4).

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Alt 404 (7) agus (8).

Cuid IV

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

1 Edw. 7, c. 7

Finance Act, 1901

Ailt 5 agus 9.

3 Edw. 7, c. 46.

Revenue Act, 1903

Alt 2.

Cuid V

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

43 & 44 Vict., c. 24

Spirits Act, 1880

In alt 74, na focail “Spirits to which any sweetening or colouring matter or any other ingredient has been added in warehouse,” agus in alt 95 (12), na focail “and on payment of the same duty”.

58 & 59 Vict., c. 16

Finance Act, 1895

In alt 8, na focail “Spirits to which any sweetening or colouring matter or any other ingredient has been added in warehouse, and” agus “, and British liqueurs,”.

Cuid VI

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de 1965

An tAcht Airgeadais, 1965

Alt 29.

Uimh. 17 de 1966

An tAcht Airgeadais, 1966

Alt 19.

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968

Alt 25.

Cuid VII

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Geo. 5, c. 89

Finance (No. 2) Act, 1915.

Alt 7 agus Cuid III den Chéad Sceideal

12 & 13 Geo. 5, c. 17

Finance Act, 1922

Alt 6 (2).

Uimh. 37 de 1925

Acht Siúcre Bhiatais (Congnamh Airgid), 1925.

Alt 2.