23 1969


Uimhir 23 de 1969


AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AIRGEAD REATHA DEACHÚIL A THABHAIRT ISTEACH SA BHLIAIN 1971 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LENA THABHAIRT ISTEACH AMHLAIDH AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LE hAIRGEAD REATHA AGUS LE MONAÍOCHT.

[30 Iúil, 1969]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1950, Uimh. 32 .

1926, Uimh. 14 .

1942, R. & O.R., Uimh. 6.

1942, Uimh. 22 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Monaíochta, 1950 ;

ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “cupra-nicil”, maidir le mona, mona atá déanta de mheascán copair agus nicile;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do mhonaí a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí do mhonaí a eisíodh faoin Acht Coighneála, 1926 , nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Comhachta Práinne (Uimh. 140), 1942, nó le hailt 58 agus 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , nó faoi Acht 1950.

An t-airgead reatha deachúil nua.

2. —(1) An 15ú lá d'Fheabhra, 1971, agus dá éis, beidh ainmluach nó aonad airgid in airgead reatha Éireannach ann ar a dtabharfar an phingin nua agus an céadú cuid de phunt Éireannach a bheidh ann.

(2) Is é an punt Éireannach agus an phingin nua na hainmluachanna nó na haonaid airgid dlíthiúla amháin in airgead reatha Éireannach a bheidh ann cibé lá, agus tar éis cibé lá, a cheapfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo.

(3) An phingin a thabharfar ar an bpingin nua cibé lá, agus tar éis cibé lá, a cheapfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo agus déanfar tagairtí don phingin nua in aon reacht nó ionstraim a dhéanfar faoin gcéanna a fhorléiriú dá réir sin an lá, agus tar éis an lae, a cheapfar faoin bhfo-alt seo.

Monaí cupranicile agus monaí créumha a sholáthar.

3. —(1) Féadfaidh an tAire monaí cupra-nicile agus monaí créumha de na hainmluachanna faoi seach a shonraítear i gcolún (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a sholáthar, agus féadfaidh sé cibé bearta a dhéanamh is cuí leis chun na monaí sin a sholáthar.

(2) Gach mona a sholáthrófar faoin alt seo beidh an meáchan caighdeánach agus an comhshuíomh caighdeánach ann a shonraítear ina leith i gcolúin (2) agus (3) den Chéad Sceideal sin nó, más mona cupra-nicile é, an meáchan caighdeánach a shonraítear amhlaidh agus cibé comhshuíomh caighdeánach eile a bheidh sonraithe de thuras na huaire le hordú faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, maidir le haon mhonaí cupra-nicile d'ainmluach áirithe a sholáthrófar faoin alt seo, an Chéad Sceideal sin a leasú le hordú trí cibé comhshuíomh caighdeánach eile is oiriúnach leis agus a shonróidh sé san ordú a chur in ionad an chomhshuímh chaighdeánaigh a shonraítear sa Chéad Sceideal sin i leith na monaí sin agus beidh éifeacht dá réir sin ag an gCéad Sceideal sin.

(4) Lamhálfar i leith monaí a sholáthrófar faoin alt seo an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a luaitear ina leith i gcolún (4) den Chéad Sceideal sin.

(5) (a) Féadfaidh an tAire monaí cupra-nicile agus monaí créumha seachas iad sin dá bhforáiltear sa Chéad Sceideal sin a sholáthar agus féadfaidh sé, le hordú, ainmluachanna, meáchain chaighdeánacha agus comhshuímh chaighdeánacha na monaí sin agus an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomshuíomh caighdeánach) a bheidh le lamháil ina leith a chinneadh.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(c) Ní thiocfaidh aon ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le rún ó gach Teach den Oireachtas.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, toisí agus dearadh na n-ainmluach monaí faoi seach a sholáthrófar faoin alt seo a fhorordú agus is de na toisí agus den dearadh a fhorordófar amhlaidh ina leith a bheidh gach mona a sholáthrófar amhlaidh.

Monaí a sholáthar in ionad monaí cupra-nicile.

4. —(1) San alt seo, ní folaíonn “miotal” ór ná airgead.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú (dá ngairtear ordú monaíochta nua san alt seo) gur foirsteanach go soláthrófaí monaí de mhiotal sonraithe nó de mheascán sonraithe miotal, seachas cupra-nicil (cibé acu a bheidh copar nó nicil ann nó nach mbeidh), d'aon mhona cupra-nicile d'ainmluach sonraithe a údaraítear don Aire le halt 3, nó faoi alt 3, den Acht seo a sholáthar.

(b) Aon ordú monaíochta nua a bhainfidh le monaí d'ainmluach áirithe sonróidh sé meáchan caighdeánach agus comhshuíomh caighdeánach na monaí sin agus an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a bheidh le lamháil ina leith.

(c) Féadfaidh an tAire le hordú ordú monaíochta nua a leasú nó a chúlghairm.

(d) Ní thiocfaidh aon ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le rún ó gach Teach den Oireachtas.

(3) Aon uair a bheidh ordú monaíochta nua i bhfeidhm—

(a) féadfaidh an tAire monaí lena mbainfidh an t-ordú a sholáthar agus cibé bearta a dhéanamh is cuí leis chun na monaí sin a sholáthar,

(b) ní sholáthróidh an tAire, faoi alt 3 den Acht seo, aon mhonaí cupra-nicile arb ionann a n-ainmluach agus na monaí lena mbainfidh an t-ordú.

(4) Gach mona a sholáthrófar faoin alt seo beidh an meáchan caighdeánach agus an comhshuíomh caighdeánach ann a bheidh sonraithe ina leith san ordú monaíochta nua a bhainfidh leis an mona sin, ach lamhálfar ina leith an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a bheidh luaithe ina leith san ordú.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, toisí agus dearadh na n-ainmluach monaí faoi seach a sholáthrófar faoin alt seo a fhorordú agus is de na toisí agus den dearadh a fhorordófar amhlaidh ina leith a bheidh gach mona a sholáthrófar amhlaidh.

Monaí a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4 a eisiúint.

5. —Gach mona a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4 den Acht seo eiseoidh an tAire tríd an mBanc Ceannais é.

Costais soláthair monaí faoi alt 3 nó 4.

6. —Gach suim a bheidh ag teastáil chun monaí a sholáthar a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4 den Acht seo íocfar as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais í agus féichiúnúnófar sa chiste sin í ar chúlchiste an airgid reatha.

Fáltais ó mhonaí a eisiúint a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4.

7. —Déanfar na fáltais ó mhonaí a eisiúint a sholáthrófar faoi alt 3 nó 4 den Acht seo a íoc isteach i gciste ginearálta an Bhainc Ceannais agus a chur chun creidiúna cúlchiste an airgid reatha as chiste sin.

Dlíthairiscint.

8. —(1) Má dhéantar airgead a thairiscint, an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, nó dá éis, i monaí (seachas monaí créumha) a eisíodh faoin Acht seo, agus ainmluach is mó ná deich bpingin nua ar gach mona acu, beidh an tairiscint sin ina dlíthairiscint suim nach mó ná deich bpunt a íoc, ach ní bheidh i gcás aon suim is mó ná sin.

(2) Má dhéantar airgead a thairiscint, an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, nó dá éis sin, i monaí (seachas monaí créumha) a eisíodh faoin Acht seo agus ainmluach nach mó deich bpingin nua ar gach mona acu, beidh an tairiscint sin ina dlíthairiscint suim nach mó ná cúig phunt a íoc, ach ní bheidh i gcás aon suime is mó ná sin.

(3) Má dhéantar airgead a thairiscint, an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, nó dá éis sin, i monaí créumha a eisíodh faoin Acht seo, beidh an tairiscint sin ina dlíthairiscint suim nach mó ná fiche pingin nua a íoc, ach ní bheidh i gcás aon suim is mó na sin.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le monaí a ghlaofar isteach faoin Acht seo.

Forálacha maidir le monaí caoga pingin nua.

1927, Uimh. 32 .

9. —(1) Féadfar monaí ag a mbeidh ainmluach caoga pingin nua a eisiúint roimh an 15ú lá d'Fheabhra, 1971, agus, roimh an dáta sin—

(a) measfar gur monaí reatha iad agus ainmluach deich scilling a bheith acu, agus

(b) beidh siad ina ndlíthairiscint suim nach mó ná deich bpunt a íoc, ach ní bheidh i gcás aon suim is mó ná sin.

(2) Ar mhonaí darb ainmluach caoga pingin nua a eisiúint faoin Acht seo, scoirfidh an Banc Ceannais de nótaí dlíthairiscinte deich scilling darb ainmluach deich scilling a eisiúint faoi alt 45 (1) den Acht Airgid Reatha, 1927 .

Forálacha maidir le monaí deich bpingin nua nó cúig phingin nua.

1926, Uimh. 14 .

10. —(1) Féadfar monaí darb ainmluach deich bpingin nua nó cúig phingin nua a eisiúint roimh an 15ú lá d'Feabhra, 1971, agus measfar, roimh an dáta sin, gur monaí iad darb ainmluach flóirín nó scilling, de réir mar a bheidh, a eisíodh de réir forálacha Acht 1950.

(2) An 15ú lá d'Fheabhra, 1971, agus dá éis, na monaí darb ainmluach flóirín nó scilling agus a eisíodh faoin Acht Coighneála, 1926 , nó faoi Acht 1950, leanfaidh siad de bheith ina monaí reatha agus measfar gur monaí iad darb ainmluach deich bpingin nua nó cúig phingin nua, de réir mar a bheidh, a eisíodh faoin Acht seo.

Fuascailt monaí a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo.

11. —Féadfaidh an Banc Ceannais, más oiriúnach leis sin a dhéanamh, monaí a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo a fhuascailt agus déanfar gach suim a bheidh ag teastáil chun na críche sin a íoc as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais agus a fhéichiúnú ar chúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.

Monaí a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo a ghlaoch isteach.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, monaí d'aon dáta nó ainmluach áirithe, a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo, a ghlaoch isteach.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) forálfar san ordú go dtiocfaidh sé i ngníomh ar dháta áirithe (dá ngairtear an dáta feidhme san fho-alt seo) nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta a dhéanta,

(b) leagfar an t-ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, roimh an dáta feidhme, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin.

(3) Beidh éifeacht ag aon ordú a rinneadh faoi alt 11 d'Acht 1950 ionann is dá mba faoin alt seo a rinneadh é agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

Fáltais ó leá monaí a dhiúscairt.

13. —Féadfaidh an Banc Ceannais na fáltais ó leá monaí a tharraingeofar as cúrsaíocht nó monaí a bheidh ar stoc ag an mBanc Ceannais, agus nach mbeidh ag teastáil chun a n-eisiúna nó a n-atheisiúna, a chur isteach i gcúlchiste an airgid reatha.

Toirmeasc ar dhéanamh nó eisiúint monaí.

1926, Uimh. 14 .

1942, R. & O.R., Uimh. 6.

1942, Uimh. 22 .

14. —(1) Ach amháin monaí a eiseofar faoin Acht seo, ní dhéanfar ná ní eiseofar sa Stát aon phíosa miotail nó miotail mheasctha d'aon luach ar bith mar mhona ná mar inchomhartha ar airgead ná mar ní a airbheartaíonn go bhfuil a shealbhóir i dteideal aon luach a thaispeáintear air a éileamh.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo leis an mBanc Ceannais d'eisiúint monaí, roimh Acht 1950 a aisghairm le halt 23 (2) den Acht seo, a soláthraíodh faoin Acht sin nó monaí a soláthraíodh, roimh Acht 1950 a rith, faoin Acht Coighnéala, 1926 , nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Comhachta Práinne (Uimh. 140), 1942, nó le hailt 58 agus 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

(3) Gach duine a dhéanfaidh nó a eiseoidh aon phíosa miotail nó miotail mheasctha contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air.

Toirmeasc ar leá, etc., monaí.

15. —(1) Ní dleathach d'aon duine (seachas an Banc Ceannais), ach amháin faoi réim agus de bhun ceadúnais arna eisiúint ag an Aire, aon mhona a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo nó a bheidh de thuras na huaire ar rith in aon tír eile seachas an Stát a leá ná a bhriseadh.

(2) Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh gníomh contrártha don alt seo, nó

(b) nach gcomhlíonfaidh aon choinníoll áirithe a bheidh ag gabháil le ceadúnas arna dheonú faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air

agus, i dteannta aon phionóis eile, féadfaidh an chúirt a ordú na hearraí a fhorghéilleadh a ndearnadh an cion ina leith.

Íocaíochtaí faoi chonarthaí carachumann agus cuideachtaí árachais tionscail.

1936, Uimh. 45 .

16. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le rialacháin faoin alt seo, socrú a dhéanamh le haghaidh modh nó modhanna ar a ndéanfar préimheanna nó íocaíochtaí eile is iníoctha le carachumann cláraithe nó le cuideachta árachais tionscail faoi chonradh cara-chumainn nó faoi chonradh árachais tionscail, de réir mar a bheidh, agus is leathphingin nó ina bhfuil leathphingin, a athrú ionas go gcuirfear i gcuntas monaí darb ainmluach leathphingin a ghlaoch isteach.

(2) San alt seo—

tá le “cuideachta árachais” agus “gnó árachais tionscail” an bhrí chéanna atá leo san Acht Árachais, 1936 , agus tá an bhrí chéanna le “préimh” atá le “praemium” san Acht sin;

ciallaíonn “conradh cara-chumainn” conradh arna dhéanamh ag cara-chumann cláraithe i gcúrsa a ghnó sa Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil sé i rialacha an chumainn;

ciallaíonn “cuideachta árachais tionscail” cuideachta a sheolann gnó árachais tionscail sa Stát;

ciallaíonn “conradh árachais tionscail” conradh árachais arna dhéanamh ag duine a sheolann gnó árachais tionscail i gcúrsa a ghnó árachais tionscail sa Stát;

ciallaíonn “cara-chumann cláraithe” cumann atá cláraithe sa Stát faoi Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

17. —Déanfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 3 (5), 4 nó 12 den Acht seo) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Orduithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

18. —Foilseofar gach ordú faoin Acht seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta.

Costais an Aire agus an Aire Tionscail agus Tráchtála.

19. —Déantar na costais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar costais a thabhóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Costais an Bhainc Cheannais.

20. —Íocfar as cuntas ginearálta an Bhainc Cheannais aon chostais a thabhóidh an Banc Ceannais i ndáil le monaí a eisiúint, a fhuascailt nó a leá.

Alt 57 den Acht Cóipchirt, 1963 , a chur chun feidhme maidir le monaí a eiseofar faoin Acht seo.

1963, Uimh. 10 .

21. —Bainfidh alt 57 den Acht Cóipchirt, 1963 , le monaí a eiseofar faoin Acht seo.

Feidhm agus oiriúnú achtachán áirithe.

22. —Gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo beidh éifeacht aige de réir na bhforálacha atá leagtha amach i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.

Aisghairm.

23. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 10, 11, 13, 14, 16 agus 19 d'Acht 1950 agus an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950.

(2) Aisghairtear leis seo Acht 1950 (a mhéid nach bhfuil sé aisghairthe) amhail ar agus ó cibé dáta a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.

Gearrtheideal.

24. —Féadfar an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

Sonraí Monaí Cupra-Nicile agus Créumha

Alt 3.

(1)

(2)

(3)

(4)

Liúntas Tualainge

Ainmluach an Mhona

Meáchan Caighdeánach (gramanna)

Comhshuíomh Caighdeánach

Meáchan (gramanna)— inchurtha chun feidhme maidir le meánmheáchan mona i sampla nach mó ná cileagram den mhona a bheidh i gceist

Comhshuíomh

Monai Cupra-nicile

Caoga pingin nua

13.50000

75 faoin gcéad de chopar, 25 faoin gcéad de nicil

0.0800

1 faoin gcéad

Deich bpingin nua

11.31036

0.0646

2 faoin gcéad

Cúig phingin nua

5.65518

0.0375

2 faoin gcéad

 

 

Monaí Créumha

Dhá phingin nua

7.12800

Miotal measctha de chopar, stán agus sionca

0.1500

Pingin nua

3.56400

0.0750

Leathphingin nua

1.78200

0.0375

 

 

AN DARA SCEIDEAL

Achtacháin a dTugtar Feidhm Dóibh nó a Oiriúnaítear

Alt 22.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Feidhm nó Oiriúnú

(1)

(2)

(3)

24 & 25 Vic., c. 99.

Coinage Offences Act, 1861.

Beidh feidhm ag an Acht sin maidir le monaí arna n-eisiúint faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin—

(a) déanfar na tagairtí, in alt 1 den Acht céadluaite, do mhonaí nó d'aon aicme áirithe monaí ar rith go dleathach de bhua aon fhorógra nó eile in aon chuid de Thiarnais a Soilse a léiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mhonaí ar rith go dleathach sa Stát,

(b) déanfar na tagairtí san alt sin 1 do mhonaí airgid a léiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mhonaí nicile, monaí cupra-nicile agus monaí arna soláthar faoi alt 6 d'Acht 1950 nó faoi alt 4 den Acht seo.

39 & 40 Vic., c. 36.

Customs Consolidation Act, 1876.

Beidh éifeacht ag alt 42 amhail is dá gcuirfí na hairteagail seo a leanas leis an Table of Prohibitions and Restrictions Inwards san alt sin—

(a) counterfeits of coins issued under the repealed enactments or this Act,

(b) any coins or money purporting to be coins issued under the Coinage Act, 1926 but not being of the standard weight or not being of the standard fineness prescribed by the Coinage Act, 1926, as amended by the Emergency Powers (No. 140) Order, 1942 or by the Central Bank Act, 1942,

(c) any coins or money purporting to be provided under section 5 or 6 of the Act of 1950 and not being of the standard weight or not being of the standard composition prescribed by the said section 5 or 6 (as the case may be),

(d) any coins or money purporting to be coins provided under section 3 or 4 of this Act and not being of the standard weight or not being of the standard composition prescribed by the said section 3 or 4 (as the case may be).

52 & 53 Vic., c. 42.

Revenue Act, 1889.

Beidh feidhm ag alt 2 maidir le cosúlais ar mhonaí arna n-eisiúint faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin do mhonaí ar rith go dleathach de bhua forógra nó eile in aon chuid de Thiarnais a Soilse a léiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do mhonaí ar rith go dleathach sa Stát.

Uimh. 32 de 1927 .

An tAcht Airgid Reatha, 1927 .

In alt 10 déanfar an tagairt don Acht Coighneála, 1926 , a léiriú mar thagairt d'Acht 1950 agus don Acht seo.