9 1970


Uimhir 9 de 1970


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1968.

[24 Meitheamh, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1961, Uimh. 31 .

1963, Uimh. 27 .

1968, Uimh. 13 .

1959, Uimh. 36 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1968 ;

tá le “aerfort” an bhrí a shanntar dó leis an bPríomh-Acht;

ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach le tionscal;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1968, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

Deontais don Chuideachta.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don Chuideachta d'fhonn a chumasú di íoc as costais reatha na Cuideachta maidir lena feidhmeanna i ndáil le forbairt tionscail i gcontaethe Luimnigh, an Chláir (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) agus i gcontae-bhuirg Luimnigh.

(2) Nuair a bheidh an Chuideachta ag caitheamh aon airgid a íocadh léi faoin alt seo beidh aird aici ar na feidhmeanna ginearálta a sannadh don Údarás.

Ní thabharfaidh an Chuideachta deontais, etc., do ghnóthais tionscail seachas ag Aerfort na Sionna.

3. —Ní dhéanfaidh an Chuideachta, maidir le gnóthas tionscail seachas gnóthas tionscail ag an aerfort, deontais a thabhairt ná a ráthú go n-aisíocfar príomhshuim airgid, ná a ráthú go n-íocfar ús ar airgead, a bheidh faighte ar iasacht ag gnóthas tionscail nó thar a cheann ná aon fhóirdheontas ná cúnamh airgid eile a sholáthar.

Cumhachtaí áirithe de chuid an Údaráis a tharmligean chun na Cuideachta.

4. —(1) D'ainneoin alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tÚdarás cuid nó an t-iomlán de cibé cumhachtaí a bheidh ag an Údarás a tharmligean chun na Cuideachta d'fhonn cúnamh airgeadais a sholáthar do ghnóthas tionscail nó maidir le gnóthas tionscail nó maidir le tithíocht d'fhostaithe i dtionscal i gContaetha Luimnigh, an Chláír, Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) agus i gcontae-bhuirg Luimnigh, agus féadfaidh an Chuideachta aon chumhachtaí a tharmligfear amhlaidh a fheidhmiú.

(2) Is as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás a íocfar an costas a bhainfidh le cúnamh airgid faoin alt seo.

Teaghaisí áirithe a ligean ag an gCuideachta.

5. —Féadfaidh an Chuideachta teaghaisí a soláthraíodh roimh dháta an Achta seo a rith le cúnamh airgid a cuireadh ar fáil faoi alt 4 d'Acht 1961 a ligean chun daoine nach mbeidh fostaithe ar an eastát tionscail ag an aerfort.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1963.

6. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1963—

(a) trí “Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin,” a chur in ionad “Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962,” i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Féadfaidh an Chuideachta tithe arna soláthar (go hiomlán nó go páirteach) as airgead a cuireadh nó a chuirfear ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo a ligean chun daoine nach bhfuil fostaithe san eastát tionscail a dúradh.”.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1963.

7. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1963—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfar deontas faoi fho-alt (1) den alt seo a íoc i leith tí cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé á áithiú ag duine atá fostaithe ar an eastát tionscail a dúradh.”,

(b) trí “Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin,” a chur in ionad “alt 2 d'Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 ,” i bhfo-alt (2),

(c) trí “Achtanna na dTithe, 1966, agus 1969, nó aon Achta ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin,” a chur in ionad “an Achta sin” i bhfo-alt (2), agus

(d) trí “faoi Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin” a chur in ionad “faoin alt sin 2” i bhfo-alt (2).

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

8. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1968) a fhorálann nach mó ná ocht milliún punt a bheidh i gcomhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún déag punt a bheidh i gcomhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

9. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1968 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná deich milliún punt a bheidh i gcomhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht seo.

Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.

10. —Aisghairtear leis seo alt 4 d'Acht 1968 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná deich milliún punt a bheidh i gcomhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) d'Acht 1963 agus na n-airleacan faoi alt 4 d'Acht 1961.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 2:—

“2. (1) Coimeádfaidh an Chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála agus an tAire Iompair agus Cumhachta le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an Chuideachta agus, go háirithe, coimeádfaidh sí, san fhoirm sin a dúradh cibé cuntas speisialta a ordóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála (nó, i ndáil le cuartaíocht agus eitlíocht, an tAire Iompair agus Cumhachta).

(2) Déanfaidh an Chuideachta cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur gach bliain chun iniúchóra lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tabharfaidh an Chuideachta cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra orthu, don Aire Tionscail agus Tráchtála agus don Aire Iompair agus Cumhachta agus cuirfidh an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi deara, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta, cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 3 (1):—

“3. (1) Tabharfaidh an Chuideachta, gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, tuarascáil don Aire Tionscail agus Tráchtála agus don Air Iompair agus Cumhachta ar a gníomhaíochtaí in imeacht na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire Tionscail agus Tráchála faoi deara, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta, cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”, agus

(c) trí “le toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála” a chur in ionad “le toiliú an Aire” i mír 5.

Tosach feidhme.

12. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Trachtála le hordú.

Caiteachais.

13. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Feadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1970, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1968, agus den Acht seo le chéile