1 1971


Uimhir 1 de 1971


AN tACHT UM CHOMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA SLÁINTE (STÁDAS CORPRAITHE), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHOMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA ÁIRITHE SLÁINTE TEACHT CHUN BHEITH, LE hORDÚ, INA gCOMHLACHTAÍ CORPRAITHE. [3 Márta, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAire.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

Comhlachtaí lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo le haon chomhlacht idirnáisiúnta arb iad, go hiomlán nó go formhór, a fheidhmeanna faoina bhunreacht gach ceann nó aon cheann acu seo a leanas, is é sin, breithniú a dhéanamh ar shláinte daoine, ar árachas sláinte, ar aireachas agus cóireáil daoine breoite nó daoine easlána, ar riaradh seirbhísí sláinte, nó ar thaighde leighis (lena n-áirítear taighde déadeolaíochta), nó taighde den sórt sin a sheoladh.

Ordú um stádas corpraithe.

1965, Uimh. 2 .

3. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas a fháil ó chomhlacht lena mbaineann an tAcht seo, ordú (dá ngairtear ordú um stádas corpraithe san Acht seo) a dhéanamh maidir leis an gcomhlacht tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, foilseoidh an tAire dréacht den ordú san Iris Oifigiúil.

(3) Aon chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, tabharfar air agus gairfear de, amhail ón lá a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, an teideal a shonrófar san ordú arb é teideal é an teideal a d'úsáid an comhlacht díreach sula ndearnadh an t-ordú nó cibé teideal eile ar a gcomhaontóidh an tAire agus an comhlacht.

(4) Comhlacht corpraithe ag a mbeidh síorchomharbas, cumhacht agra a dhéanamh agus bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a theachtadh a bheidh, de bhua an orduithe i gcomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe.

(5) Déantar leis seo comhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe a chur leis an liosta de dhaoine cáilithe atá in alt 45 den Acht Talún, 1965 .

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an chomhlachta lena mbainfidh, an teideal a shonrófar in ordú um stádas corpraithe a leasú le hordú.

(7) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceanglas a chur in ordú um stádas corpraithe á cheangal go bhfíordheimhneofar i slí shonraithe séala an chomhlachta lena mbaineann an t-ordú, agus má bhíonn ceanglas den sórt sin in ordú um stádas corpraithe déanfaidh an comhlacht lena mbaineann an t-ordú an ceanglas a chomhlíonadh.

(8) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta lena mbaineann ordú um stádas corpraithe agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an comhlacht agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe go cuí) glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

Oifig a bheith sa Stát ag comhlachtaí áirithe.

4. —Aon chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe beidh, amhail ón lá a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh nó cibé lá is déanaí ná sin a shonrófar san ordú, aige sa Stát oifig a bhféadfar gach comhfhreagras a dhíriú chuici agus ina bhféadfar doiciméad a sheirbheáil ar an gcomhlacht trína fhágáil san oifig nó é a chur leis an bpost dírithe chun an chomhlachta chun na hoifige.

Clár.

5. —(1) Coimeádfaidh an tAire clár de chomhlachtaí lena mbaineann orduithe um stádas corpraithe.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gclár faoin alt seo:

(a) coimeádfar an clár ar oscailt le hiniúchadh ag an bpobal le linn uaire oifige,

(b) i dteannta an chláir, coimeádfar ar fáil le hiniúchadh ag an bpobal cóipeanna de bhunreachtanna (lena n-áirítear leasuithe) na gcomhlacht cláraithe agus maille leis sin, muran i mBéarla nó i nGaeilge atá bunreacht nó leasú den sórt sin scríofa, tiontú air,

(c) taifeadfar sa chlár seoladh na hoifige a choimeádann an comhlacht cláraithe de réir alt 4 den Acht seo, agus

(d) déanfaidh gach comhlacht cláraithe, chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, cóip dá bhunreacht (lena n-áirítear leasuithe) agus, ina theannta sin i gcás inar gá sin, tiontú ar an gcéanna a thabhairt don Aire.

Eolas.

6. —(1) Déanfaidh comhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe cibé eolas (lena n-áirítear cóipeanna de chuntais bhliantúla nó de chuntais chuí-iniúchta eile) a thabhairt don Aire a theastóidh uaidh le réasún.

(2) I gcás ina mbeartóidh an tAire ordú cúlghairme faoi alt 7 den Acht seo a dhéanamh mar gheall ar é á mheas gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, a cheangal ar an gcomhlacht, lena mbaineann an t-ordú um stádas corpraithe a bheartaíonn sé a chúlghairm, cibé eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé is gá chun a chumasú dó a chinneadh ar cheart aon fhoráil a luaitear i mír (b), (c) nó (d) d'alt 7 (2) den Acht seo, nó aon fhoráil iarmartach eile, a chur san ordú cúlghairme.

(3) Déanfar de réir ceanglais ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo.

Ordú um stádas corpraithe a chúlghairm.

7. —(1) Más rud é—

(a) gurb oiriúnach leis an Aire déanamh amhlaidh ar iarratas a fháil ó chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, nó

(b) go measfaidh an tAire, i gcás nach ndéanfar iarratas den sórt sin, gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh,

féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ordú um stádas corpraithe a chúlghairm.

(2) Faoi réir an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt seo, beidh cibé forálacha in ordú cúlghairme a mheasfaidh an tAire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe, féadfaidh foráil a bheith ann—

(a) chun an comhlacht a dhíscaoileadh lena mbaineann an t-ordú um stádas corpraithe a chúlghairfear leis an ordú cúlghairme sin,

(b) chun maoin, cearta nó dliteanais an chomhlachta sin a aistriú nó a dháileadh,

(c) chun conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht sin a bhuanchoimeád.

(d) chun imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh a choimeád ar marthain.

ar choinníoll, má bhíonn ordú cúlghairme le déanamh mar gheall ar iarratas ó chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, go rachaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé an t-ordú cúlghairme, i gcomhairle leis an gcomhlacht sin maidir leis na forálacha a bheidh san ordú.

(3) Nuair a bheartóidh an tAire ordú cúlghairme a dhéanamh cuirfidh sé faoi deara fógra go bhfuil sé chun an t-ordú a dhéanamh a fhoilsiú i dhá nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát.

(4) Féadfaidh duine ar bith, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an dáta ar a gcomhlíonfar forálacha fho-alt (3) den alt seo, iarratas a dhéanamh chun an Aire maidir le haon ábhar a mbeidh sé beartaithe baint a bheith leis ag ordú a dhéanfar faoin alt seo agus tabharfaidh an tAire breith ar an iarratas, agus cuirfidh sé a bhreith in iúl don duine, a luaithe is féidir.

Tuarascáil Bhliantúil.

8. —A luaithe is féidir tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain, ullmhóidh an tAire agus cuirfidh faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo.

Orduithe a leagan.

9. —(1) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(2) Déanfar gach ordú faoin Acht seo, seachas ordú a dhéanfar faoi alt 3, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais an Aire.

10. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Chomhlachtaí Idirnáisiúnta Sláinte (Stádas Corporaithe), 1971, a ghairm den Acht seo.