6 1971


Uimhir 6 de 1971


AN tACHT UM SHEIRBHÍSÍ RIALTAIS ÁITIÚIL (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHTAÍ A BHUNÚ LE SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR DON AIRE RIALTAIS ÁITIÚIL, D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DO CHOMHLACHTAÍ ÁIRITHE EILE. [7 Aibreán, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Léiriú.

1956, Uimh. 10 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Údaráis lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Is údarás lena mbaineann an tAcht seo gach n-aon acu seo a leanas chun críocha an Achta seo :

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968,

(b) bord sláinte.

Comhlachtaí a bhunú le seirbhísí áirithe a sholáthar.

3. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairtear ordú bunaithe san Acht seo), aon uair a chinnfidh sé, le comhaontú an Aire Airgeadais, gur foirsteanach sin a dhéanamh, comhlacht a bhunú le cibé seirbhísí a shonrófar san ordú bunaithe a sholáthar don Aire, do na húdaráis a shonrófar san ordú bunaithe, is údaráis lena mbaineann an tAcht seo, nó don Aire agus do na húdaráis a shonrófar amhlaidh, de réir mar a bheidh.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair a chinnfidh sé gur foirsteanach sin a dhéanamh, aon chomhlacht, nach údarás lena mbaineann an tAcht seo, cibé acu is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine an comhlacht, a ainmniú chun críocha fho-alt (3) den alt seo.

(3) Féadfaidh comhlacht a bunaíodh faoi fho-alt (1) den alt seo, i dteannta na seirbhísí a shonrófar san ordú bunaithe iomchuí a sholáthar do na húdaráis a shonrófar ann, na seirbhísí sin, nó seirbhísí cosúil leo, a sholáthar do chomhlacht a bheidh ainmnithe de thuras na huaire chun críocha an fho-ailt seo ag an Aire.

(4) Déanfar seirbhísí a sholáthrófar faoin bhfo-alt sin (3) a sholáthar amhlaidh ar cibé téarmaí (ar a n-áirítear téarmaí maidir le táillí a mhuirearú) ar a gcomhaontófar idir an comhlacht a sholáthróidh agus an comhlacht dá soláthrófar na seirbhísí amhlaidh.

(5) Is é cibé teideal a shonrófar san ordú bunaithe a thabharfar ar chomhlacht, agus a ghairfear de chomhlacht, a bhunófar faoin bhfo-alt sin (1).

(6) Beidh comhlacht a bhunófar amhlaidh ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala agus cumhacht aige agra a dhéanamh agus a bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(7) Tabharfaidh gach cúirt aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta a bhunófar amhlaidh agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ordú é nó ionstraim eile a rinne an comhlacht sin agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe sa tslí a fhorálfaidh an t-ordú bunaithe) agus measfar gurb é an t-ordú nó an ionstraim sin é gan tuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

(8) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú ordú bunaithe nó ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo a leasú.

Comhaltas, foireann, riarachán, airgeadas agus nithe eile.

4. —(1) Ceanglóidh gach ordú bunaithe ar an gcomhlacht a bhunóidh sé séala a sholáthar dó féin agus beidh, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé forálacha ann is dóigh leis an Aire is iomchuí maidir le líon comhaltaí an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, maidir le modh, téarmaí agus coinníollacha a gceaptha agus a seilbh oifige, agus beidh ann freisin cibé forálacha is dóigh leis an Aire is iomchuí maidir leis na nithe seo a leanas :

(a) an tslí ina bhféadfaidh agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh an comhlacht a bhunófar leis an ordú na seirbhísí a shonrófar san ordú a sholáthar;

(b) cumasú don chomhlacht na seirbhísí a shonrófar amhlaidh a sholáthar go héifeachtúil; agus

(c) riarachán ginearálta agus airgeadas ginearálta an chomhlachta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh forálacha maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith in ordú bunaithe nó in ordú do leasú ordú bunaithe:

(a) ceapadh oifigeach agus fostú seirbhíseach ag an gcomhlacht ar a mbeidh, más oiriúnach leis an Aire, forálacha do chur Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, chun feidhme, le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, maidir le ceapadh daoine chun oifigí faoin gcomhlacht ionann is dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar san ordú;

(b) luach saothair, coinníollacha seirbhíse agus seilbh oifige agus fostaíocht oifigeach agus seirbhíseach don chomhlacht sin;

(c) aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an chomhlachta ar a mbeidh, más oiriúnach leis an Aire, forálacha do chur Acht 1956 chun feidhme maidir leis an gcomhlacht ionann is dá mba údarás áitiúil é ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar san ordú;

(d) cruinnithe an chomhlachta agus an nós imeachta ag cruinnithe den sórt sin;

(e) a shéala a úsáid agus a fhíordheimhniú;

(f) a chuid airgid a rialáil agus a chuntais a choimeád agus a iniúchadh;

(g) deontais ina mbeidh cibé méid a cheadóidh an tAire Airgeadais a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi chomhair caiteachais an chomhlachta;

(h) údarás amháin nó níos mó lena mbaineann an tAcht seo do chúiteamh caiteachais uile nó chuid de chaiteachais an chomhlachta i cibé slí a shonrófar san ordú, agus má mhainníonn údarás lena mbaineann an tAcht seo an comhlacht a chúiteamh de réir an ordaithe, suim a bhaint as airgead is iníoctha ag aon Aire leis an údarás agus an tAire sin d'íoc na suime sin leis an gcomhlacht ar suim í ar cóimhéid leis an tsuim a bheidh le cúiteamh ag an údarás ar scór an ordaithe;

(i) an comhlacht do mhuirearú táillí i leith seirbhísí a sholáthróidh sé d'údaráis lena mbaineann an tAcht seo;

(j) an comhlacht do thabhairt eolais i dtaobh a ghníomhaíochtaí don Aire ó go ham, agus eolas den sórt sin a thabhairt don Aire aon tráth a iarrfaidh sé é;

(k) cumhacht a thabhairt don chomhlacht comhshocraíochtaí a dhéanamh le duine nó le comhlacht eile chun é d'úsáid áitribh nó trealamh leis an duine sin nó leis an gcomhlacht eile sin nó chun an comhlacht d'úsáid seirbhísí oifigeach agus seirbhíseach an duine sin nó an chomhlachta eile sin;

(l) nithe atá cumhaltach le nó a ghabhann le haon ní de na nithe sin roimhe seo.

(3) Ní cead aon fhoráil maidir le nithe a luaitear i míreanna (a), (b), (c) agus (g) d'fho-alt (2) den alt seo a bheith in ordú bunaithe ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) I gcás foráil a bheith in ordú bunaithe, nó in ordú do leasú ordú bunaithe, do chur Acht 1956 chun feidhme maidir le comhlacht a bunaíodh le hordú bunaithe (faoi réir modhnuithe nó gan mhodhnú) agus go dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach don chomhlacht sin chun bheith ina oifigeach inphinsin nó ina sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de réir brí Acht 1956, déanfar alt 11 (1) nó 34 (1) den Acht sin, cibé acu is iomchuí, a fhorléiriú, ina fheidhm maidir leis, ionann is dá mbeadh foráil ann ag tabhairt teidil dó aon seirbhís (mar oifigeach inphinsin nó mar sheirbhíseach inphinsin don chomhlacht nó eile), ab ináirithe ag an gcomhlacht chun críocha a aoisliúntais a áireamh mar sheirbhís.

Ordú bunaithe a chúlghairm.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú bunaithe a chúlghairm aon tráth.

(2) Beidh in ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme, agus, go háirithe, féadfaidh foráil a bheith ann chun—

(a) an comhlacht a bunaíodh leis an ordú bunaithe a dhíscaoileadh agus maoin, cearta agus dliteanais an chomhlachta sin a aistriú nó a dháileadh chun aon cheann acu seo a leanas—

(i) an tAire,

(ii) aon chomhlacht amháin eile nó níos mó a bunaíodh le hordú bunaithe,

(iii) aon údarás amháin, nó níos mó ná údarás amháin, lena mbaineann an tAcht seo,

(b) conarthaí leanúnacha a bhuanchoimeád a rinne an comhlacht díscaoilte,

(c) leanúint d'imeachtaí a bheidh ar feitheamh,

(d) d'ainneoin aon sriantacht atá in aon Acht eile, sealbhóir aon oifige faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú chun oifige a samhail—

(i) faoi údarás lena mbaineann an tAcht seo,

(ii) faoi aon chomhlacht eile a bunaíodh le hordú bunaithe,

(iii) faoi Roinn Stáit.

(3) Ní bheidh in ordú cúlghairme foráil d'aistriú sealbhóir aon oifige faoin gcomhlacht díscaoilte chun oifige faoi Roinn Stáit ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais, agus, muran í an Roinn Airgeadais an Roinn sin, le toiliú an Aire i bhfeighil na Roinne lena mbainfidh.

Caiteachais an Aire.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadas, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus cóipeanna a chur chuig comhaltaí na dTithe sin.

7. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de gach ordú a dhéanfaidh sé faoin Acht seo a chur, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, chuig gach comhalta de gach Teach den Oireachtas.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den chéad seacht lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo a bheith gan chomhlíonadh maidir le aon chomhalta nó chomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas difear do bhailíocht ná do theacht i ngníomh ordaithe a rinne an tAire faoin Acht seo.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 , a ghairm den Acht seo.