15 1972


Uimhir 15 de 1972


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1971, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1971, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1971, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1971. [12 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1966, Uimh. 24 .

1968, Uimh. 31 .

1969, Uimh. 19 .

1970, Uimh. 12 .

1971, Uimh. 16 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ;

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1971.

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.

1964, Uimh. 28 .

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) trí “dhá chéad seachtó is trí phunt” a chur in ionad “dhá chéad agus seasca punt” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ),

(b) trí “dhá chéad agus seasca punt” a chur in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt” san fho-alt sin,

(c) trí “caoga pingin nua” a chur in ionad “daichead pingin nua” san fho-alt sin,

(d) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1971) a ghabhann leis an bhfo-alt sin, agus

(e) trí “trí phunt” a chur in ionad “cúig scilling is caoga” i mír (a) d'fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969).

AN TÁBLA

An Ráta Pinsin

 

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

 

£

£

£

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara, arna ríomh go cuí—

ina Neamhní     ..     ..     ..

5·15

6·30

7·45

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, 75p i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26·25     ..     ..

4·90

6·05

7·20

níos mó ná £26·25 gan bheith níos mó ná £52·50     ..     ..

4·65

5·80

6·95

níos mó ná £52·50 gan bheith níos mó ná £65·50     ..     ..

4·40

5·55

6·70

níos mó ná £65·50 gan bheith níos mó ná £78·50     ..     ..

4·15

5·30

6·45

níos mó ná £78·50 gan bheith níos mó ná £104·75     ..     ..

3·90

5·05

6·20

níos mó ná £104·75 gan bheith níos mó ná £117·75     ..     ..

3·65

4·80

5·95

níos mó ná £117·75 gan bheith níos mó ná £130·75     ..     ..

3·40

4·55

5·70

níos mó ná £130·75 gan bheith níos mó ná £143·75     ..     ..

3·15

4·30

5·45

níos mó ná £143·75 gan bheith níos mó ná £156·75     ..     ..

2·90

4·05

5·20

níos mó ná £156·75 gan bheith níos mó ná £169·75     ..     ..

2·65

3·80

4·95

níos mó ná £169·75 gan bheith níos mó ná £182·75     ..     ..

2·40

3·55

4·70

níos mó ná £182·75 gan bheith níos mó ná £195·75     ..     ..

2·15

3·30

4·45

níos mó ná £195·75 gan bheith níos mó ná £208·75     ..     ..

1·90

3·05

4·20

níos mó ná £208·75 gan bheith níos mó ná £221·75     ..     ..

1·65

2·80

3·95

níos mó ná £221·75 gan bheith níos mó ná £234·75     ..     ..

1·40

2·55

3·70

níos mó ná £234·75 gan bheith níos mó ná £247·75     ..     ..

1·15

2·30

3·45

níos mó ná £247·75 gan bheith níos mó ná £260·75     ..     ..

0·90

2·05

3·20

níos mó ná £260·75 gan bheith níos mó ná £273·75     ..     ..

0·65

1·80

2·95

 

(2) I gcás pinsinéir a bhfuil aois 80 bliain slán aige, déanfar an ráta pinsin is iníoctha leis de réir an Tábla (a chuirtear isteach leis an alt seo) a ghabhann le fo-alt (2) den alt sin 77 a mhéadú caoga pingin nua.

(3) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1971) trí “dhá chéad seachtó is trí phunt” a chur in ionad “dhá chéad agus seasca punt” i bhfo-alt (1) (i).

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (3) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Lúnasa, 1972.

Méadú ar rátaí cúnamh dífhostaíochta.

1933, Uimh. 46 .

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur san Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 , in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1971) a ghabhann leis.

AN SCEIDEAL

RÁTAÍ CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí  ..

£4·35

£4·05

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe  ..     ..

£7·75

£7·35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin  ..     ..     ..

£8·90

£8·50

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£10·05

£9·65

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 75p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 75p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£5·65

£5·35

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£6·80

£6·50

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 75p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 75p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Lúnasa 1972.

Méadú ar rátaí sochair dífhostaíochta áirithe.

1967, Uimh. 18 .

4. —(1) Déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur sa Tábla a ghabhann le halt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , in ionad na rátaí atá leagtha amach ann (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

AN TÁBLA

An Aicme Duine

Ráta Seachtainiúil

Méadú do chleithiúnach aosaithe (más iníoctha)

Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cáilithe (más iníoctha)

Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ...

£4·50

--

£1·15

£0·75

Aon duine eile     ...     ...

£4·35

£3·40

£1·15

£0·75

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá de Lúnasa, 1972.

Méadú ar rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach)

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1971):

“(b) (i) i gcás gan acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad seachtó is trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

 (ii) i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad seachtó is trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó, de réir an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí níos mó ná dhá chéad is seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó ach gan bheith níos mó ná dhá chéad seachtó is trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó, lúide cúig phingin nua is fiche i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá de bhreis ag an acmhainn bhliantúil sin ar dhá chéad seachtó is trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó, agus aon chodán de thrí phunt déag a ghlacadh mar thrí phunt déag chun na críche sin; ar choinníoll nach mbeidh an pinsean iníoctha más lú ná caoga pingin nua sa tseachtain an ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an fhoráil seo”,

agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B (a cuireadh isteach le hAcht 1971):

TÁBLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cáilithe

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí, arna ríomh go cuí—

ina Neamhní  ..     ..     ..

5·15

6·50

7·85

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cáilithe ann, £1·35 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26·25..

4·90

6·25

7·60

níos mó ná £26·25 gan bheith níos mó ná £52·50..     ..

4·65

6·00

7·35

níos mó ná £52·50 gan bheith níos mó ná £65·50..     ..

4·40

5·75

7·10

níos mó ná £65·50 gan bheith níos mó ná £78·50..     ..

4·15

5·50

6·85

níos mó ná £78·50 gan bheith níos mó ná £104·75     ..

3·90

5·25

6·60

níos mó ná £104·75 gan bheith níos mó ná £117·75     ..

3·65

5·00

6·35

níos mó ná £117·75 gan bheith níos mó ná £130·75     ..

3·40

4·75

6·10

níos mó ná £130·75 gan bheith níos mó ná £143·75..

3·15

4·50

5·85

níos mó ná £143·75 gan bheith níos mó ná £156·75     ..

2·90

4·25

5·60

níos mó ná £156·75 gan bheith níos mó ná £169·75     ..

2·65

4·00

5·35

níos mó ná £169·75 gan bheith níos mó ná £182·75     ..

2·40

3·75

5·10

níos mó ná £182·75 gan bheith níos mó ná £195·75     ..

2·15

3·50

4·85

níos mó ná £195·75 gan bheith níos mó ná £208·75     ..

1·90

3·25

4·60

níos mó ná £208·75 gan bheith níos mó ná £221·75     ..

1·65

3·00

4·35

níos mó ná £221·75 gan bheith níos mó ná £234·75     ..

1·40

2·75

4·10

níos mó ná £234·75 gan bheith níos mó ná £247·75     ..

1·15

2·50

3·85

níos mó ná £247·75 gan bheith níos mó ná £260·75     ..

0·90

2·25

3·60

níos mó ná £260·75 gan bheith níos mó ná £273·75     ..

0·65

2·00

3·35

 

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh, i gcás liúntais is iníoctha de bhua alt 22 d'Acht 1970, an 3ú lá de Lúnasa, 1972, agus, i ngach cás eile, an 4ú lá de Lúnasa, 1972.

Méadú ar rátai pinsean dílleachtaí (neamhranníocach).

6. —(1) Déantar leis seo an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur isteach in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1971) a ghabhann le halt 25 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935.

AN TÁBLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

Acmhainn an Dílleachta

Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

gán bheith níos mó ná £23·40     ..     ..     ..

   ..

£3·00

níos mó ná £23·40 gan bheith níos mó ná £46·80

   ..

£2·55

níos mó ná £46·80 gan bheith níos mó ná £70·20

   ..

£2·10

níos mó ná £70·20 gan bheith níos mó ná £93·60

   ..

£1·65

níos mó ná £93·60 gan bheith níos mó ná £117·00

   ..

£1·20

níos mó ná £117·00 gan bheith níos mó ná £140·40

   ..

£0·75

níos mó ná £140·40     ..     ..     ..     ..     ..

   ..

Neamhní

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Lúnasa, 1972.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

1960, Uimh. 25 .

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) d'Acht 1952 tríd an ráta ranníoca shaorálaigh atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a scriosadh agus an ráta atá leagtha amach, os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1), i gcolún (2) den Tábla sin a chur ina ionad.

AN TÁBLA

An Mhír d'Alt 6 (2)

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

Mír (a)

..

..

..

..

..

44p

Mír (b)

..

..

..

..

..

£1·08

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar alt 26 (4) d'Acht 1952.

8. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht 1968) d'alt 26 d'Acht 1952—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Déanfar ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) agus, i gcás duine a bhfuil aois 70 bliain slán aige, ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin scoir nó pinsin easláine, a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a bheidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.”,

agus

(b) trí “aon ghaoil” a chur in ionad “aon bhanghaoil” i bhfomhír (b).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar alt 47 d'Acht 1952.

1963, Uimh. 26 .

9. —Leasaítear leis seo alt 47 d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (aa) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ):

“(aa) go bhféadfar, i gcás inar dóigh leis an Aire gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh sé thar ceann éilitheora nó tairbhí le sochar nó pinsean mar a leanas—

(i) maidir le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean easláine, pinsean scoir nó pinsean seanaoise (ranníocach), cibé cion den sochar nó den phinsean is iníoctha de bhua alt 26 nó alt 27 den Acht seo,

(ii) maidir le pinsean baintrí (ranníocach), cibé cion den phinsean is iníoctha de bhua alt 27 den Acht seo,

(iii) maidir le sochar díobhála nó pinsean míthreorach, cibé cion den chéanna is iníoctha de bhua alt 10 nó alt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .”.

Leasú ar alt 58 d'Acht 1952.

10. —Leasaítear leis seo alt 58 d'Acht 1952 trí “an dá mhí dhéag” a chur in ionad “na gceithre mí” i bhfo-alt (3).

Leasú ar alt 77 (5) d'Acht 1952.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969) d'Acht 1952 trí “gaol” a cur in ionad “banghaol” i mír (a) (ii) agus trí “aon ghaoil” a chur in ionad “aon bhanghaoil” i mír (b).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

12. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an ráta ranníoca atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a scriosadh agus an ráta atá leagtha amach, os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1), i gcolún (2) den Tábla sin a chur ina ionad.

AN TÁBLA

An Mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

1·03

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

0·97

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

1·09

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

1·07

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·91

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·95

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·77

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·90

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·72

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·79

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·82

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·95

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·23

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·23

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·94

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

1·07

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

0·94

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

..

1·02

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1965, Uimh. 20 .

13. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—

(a) tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1971):

“CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cáilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaionn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanai cáilithe nó i leith fearchéile

5·55

3·75

1·35

1·00

--

(ii) aon bhean phósta eile

4·35

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe

5·55

3·75

1·35

1·00

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ..     ..

4·35

--

--

--

--

2. Pinsean Easláine     ..     ..     ..

5·55

3·75

1·35

1·00

3·00

3. Liúntas Máithreachais     ..     ..

5·55

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois     ..     ..     ..     ..

5·60

--

1·50

1·50

3·00

(b) in aon chás eile     ..     ..

6·10

--

1·50

1·50

3·00

5. Liúntas Dílleachta (Ranniocach)

3·80

--

--

--

--

6. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois     ..     ..     ..     ..

6·20

4·15

1·35

1·00

3·00

(b) in aon chás eile     ..     ..

6·70

4·15

1·35

1·00

3·00

agus

(b) tríd an ítim seo a leanas a chur i gCuid II (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 ) in ionad na hítime a cuireadh isteach le hAcht 1970:

“3. Deontas Báis:

(a) i gcás inarbh leanbh cáilithe faoi bhun cúig bliana

d'aois an duine éagtha

..

..

..     7

(b) i gcás inarbh aon leanbh cáilithe eile an duine

éagtha

..

..

..

..   21

(c) in aon chás eile

..

..

..

35”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais agus le deontas báis, an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972,

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

14. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 3 (b) (ii):

“(ii) go mbeidh ar a laghad sé ranníoc fostaíochta is fiche íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó in aghaidh bliana ranníoca iomláine dá éis sin roimh an am iomchuí.”.

Leasuithe maidir le comhaltaí den Gharda Síochána a thabhairt faoi réim forálacha áirithe d'Acht 1952.

1966, Uimh. 16 .

15. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1952—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 10 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Áireamh agus Eisiamh i leith Árachais), 1968 (I.R. Uimh. 51 de 1968)) de Chuid I den Chéad Sceideal:

“11. Fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána.”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 12 (1) i ndiaidh fhomhír (g) (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

“nó

(h) daoine ar fostú mar chomhaltaí den Gharda Síochána.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (d):

“(e) fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire le hordú chun na críche sin.

Srian le halt 13 d'Acht 1966 agus le rialacháin áirithe faoi alt 32 d'Acht 1952.

16. —(1) Ní oibreoidh alt 13 d'Acht 1966, in imeacht na tréimhse iomchuí, lena cheadú do dhuine pinsean seanaoise neamhranníocach a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó aon choda di d'aontoisc go mbeadh, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 2 den Acht seo, ráta an phinsin sin ab iníoctha leis an duine sin níos mó ná an ráta pinsin seanaoise (ranníocach) nó an ráta pinsin baintrí (ranníocach) a mbeidh teideal ag an duine sin chuige, nó níos mó ná ráta an mhéadaithe ar an bpinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha i leith an duine sin.

(2) Na rialacháin faoi alt 32 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1966) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ní oibreoidh siad, in imeacht na tréimhse iomchuí, lena cheadú do bhaintreach pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó aon choda di d'aontoisc go mbeadh, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 5 den Acht seo, ráta an phinsin sin ab iníoctha léi níos mó ná ráta pinsin baintrí (ranníocach) is iníoctha léi.

(3) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 4ú lá de Lúnasa, 1972, agus dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

17. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 :

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “sé phunt agus deich bpingin nua” in ionad “cúig phunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “ocht bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “seacht bpunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “cúig chéad seasca is ocht bpunt” in ionad “cúig chéad agus fiche punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(d) I dTÁBLA I a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “£8·10” in ionad “£7·50”, “£7·29” in ionad “£6·75” “£6·48” in ionad “£6”, “£5·67” in ionad “£5·25”, “£4·86” in ionad “£4·50”, “£4·05” in ionad “£3·75”, “£3·24” in ionad “£3”, “£2·43” in ionad “£2·25” agus “£1·62” in ionad “£1·50” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(e) i dTÁBLA II a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “£6·10” in ionad “£5·50”, “£5·49” in ionad “£4·95”, “£4·88” in ionad “£4·40”, “£4·27” in ionad “£3·85”, “£3·66” in ionad “£3·30”, “£3·05” in ionad “£2·75”, “£2·44” in ionad “£2·20”, “£1·83” in ionad “£1·65” agus “£1·22” in ionad “£1·10” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “£1·62” in ionad “£1·50” agus “£1·22” in ionad “£1·10” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(g) in alt 10 (1) cuirfear “trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó” in ionad “trí phunt agus cúig phingin nua is daichead” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(h) in alt 11 (1) cuirfear “punt agus cúig phingin nua is tríocha” in ionad “ocht scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970) agus cuirfear “punt” in ionad “trí scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(i) in alt 12 (1) (a) cuirfear “ceithre phunt agus cúig phingin nua is tríocha” in ionad “trí phunt agus nócha pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(j) in alt 12 (1) (b) cuirfear “cúig phunt agus cúig phingin nua is caoga” in ionad “ceithre phunt agus cúig phingin nua is nócha” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(k) in alt 13 (1) cuirfear “£3” in ionad “£2·75” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(l) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “sé phunt agus deich bpingin nua” in ionad “cúig phunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(m) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “ocht bpunt agus deich bpingin nua” in ionad “seacht bpunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(n) in ailt 17 (2) agus 18 (2) cuirfear “seacht bpunt agus seasca pingin nua” in ionad “seacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(o) in alt 18 (3) cuirfear “trí chéad nócha is cúig phunt” in ionad “trí chéad seasca is cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(p) in alt 19 cuirfear “punt agus caoga pingin nua” in ionad “punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil sé,

(q) in alt 20 cuirfear “dhá phunt agus ochtó pingin nua” in ionad “dhá phunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil sé agus cuirfear “do sheacht bpunt agus seasca pingin nua” in ionad “do sheacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil sé,

(r) in alt 21 (2) cuirfear “ceithre phunt agus deich bpingin nua” in ionad “trí phunt agus seasca pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(s) in alt 22 cuirfear tagairt do chéad punt in ionad gach tagartha do sheasca punt (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil an tagairt sin,

(t) in alt 25 (3) (a) cuirfear “punt agus dhá phingin nua is fiche” in ionad “punt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971),

(u) in alt 25 (3) (b) cuirfear “punt agus dhá phingin nua is seasca” in ionad “punt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar alt 21 (1) d'Acht 1970.

18. —Leasaítear leis seo alt 21 (1) d'Acht 1970—

(a) trí “£3” a chur in ionaid “£2 15s. 0d.” agus, i mír (d), trí “£351·75” a chur in ionad “£299. 15s.”, le héifeacht ón 3ú lá de Lúnasa, 1972, agus

(b) trí “gaol” a chur in ionad “banghaol” i mír (b) le héifeacht ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972.

Leasú ar alt 22 (1) d'Acht 1970.

19. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 (1) d'Acht 1970 trí “daichead bliain” a chur in ionad “caoga bliain” i mír (c).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá de Lúnasa, 1972.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1971, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1972, a ghairm díobh le chéile.

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1971, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1972, a ghairm díobh le chéile.

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1971, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1972, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1971, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1972, a ghairm díobh le chéile.