30 1972


Uimhir 30 de 1972


ACHT NA bPÓSTAÍ, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE PÓSTAÍ.

[20 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gan póstaí a bheith bailí faoin dlí má bhíonn ceachtar páirtí faoi bhun sé bliana déag.

1. —(1) Aon phósadh a shollúnófar idir daoine a mbeidh ceachtar acu faoi bhun sé bliana déag d'aois ní bheidh sé, faoi réir an chéad fho-ailt eile, bailí faoin dlí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás ina mbeidh díolúine uaidh faighte roimh an bpósadh ó Uachtarán na hArd-Chúirte (nó ó Bhreitheamh den Chúirt sin arna ainmniú ag Uachtarán na Cúirte sin).

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hiarratas faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) féadfaidh ceachtar páirtí sa phósadh beartaithe é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh thar a cheann agus sin gan idirghabháil ag neaschara,

(b) féadfar é a dhéanamh go neamhfhoirmiúil trí Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte de réir rialacha nós imeachta a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte,

(c) féadfar é a éisteacht agus a chinneadh go príobháideach,

(d) ní dheonófar é mura dtaispeáinfidh an t-iarratasóir go bhfuil cúiseanna tromaí ann lena dheonú agus gur rud ar mhaithe leis na páirtithe sa phósadh beartaithe é,

(e) ní mhuirearófar aon táille chúirte ina leith, agus

(f) ní fhéadfar aon iarratas eile i leith an phósta a dhéanamh faoin bhfo-alt sin.

(4) Duine ar bith a ndéanfar iarratas chuige maidir le pósadh beartaithe a shollúnú féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, a cheangal go dtabharfaí fianaise aoise ar aird maidir le gach páirtí nó le ceachtar páirtí.

(5) I gcás ina ndéanfar ceanglas faoi fho-alt (4) den alt seo—

(a) beidh diúltú nó faillí déanamh de réir an cheanglais ina chúis chuí le diúltú don iarratas,

(b) má dhéantar de réir an cheanglais agus go dtaispeánann an fhianaise go bhfuil an dá pháirtí nó ceachtar páirtí faoi bhun sé bliana déag d'aois, diúltófar don iarratas mura mbeidh i dteannta na fianaise an díolúine iomchuí faoi fho-alt (2) den alt seo.

(6) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine go feasach pósadh a shollúnú nó a cheadú go sollúnófaí pósadh ar pósadh é, de dhroim forálacha an ailt seo, nach bhfuil bailí faoin dlí, nó

(b) go mbeidh duine go feasach ina pháirtí i bpósadh den sórt sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear pionós nach mó ná caoga punt a chur air.

(7) I gcás nach measfaí pósadh a bheith ina phósadh bailí faoin dlí mura rud é gur deonaíodh díolúine ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar é a chlárú ach amháin ar an díolúine sin a thabhairt ar aird don duine ag a mbeidh an clárú á dhéanamh.

Póstaí áirithe a bheith bailí ó thaobh foirme.

1863, c. 90.

2. —(1) Baineann an t-alt seo le pósadh—

(a) a sollúnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith le searmanas creidimh sa département Hautes Pyrénées, sa Fhrainc agus leis sin amháin, agus

(b) a rinneadh idir daoine a raibh an bheirt acu nó ceachtar acu ina saoránaigh nó ina shaoránach d'Éirinn ar dháta an phósta.

(2) Aon phósadh lena mbaineann an t-alt seo beidh sé agus measfar é a bheith i gcónaí bailí ó thaobh foirme más rud é go mbeadh sé bailí amhlaidh dá mba sa Stát a sollúnaíodh é.

(3) Féadfaidh an tArd-Chláraitheoir, ar cibé fianaise is dóigh leis a bheith sásúil a thabhairt ar aird, a chur faoi deara go ndéanfar aon phósadh lena mbaineann an t-alt seo a chlárú i gclár a chothabhálfar in Oifig an Ard-Chláraitheora.

(4) Measfar, maidir leis an gclár ina dtaifeadfar pósadh faoi fho-alt (3) den seo, gur clár é a chothabháiltear faoin Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an Acht sin.

Forálacha do phóstaí áirithe i gcás gan ceachtar páirtí a bheith ina chónaí sa pharóiste nó sa cheantar iomchuí.

1844, c. 81.

1870, c. 110.

3. —Aon phósadh a sollúnaíodh roimh thosach feidhme an ailt seo—

(a) i dteampall de chuid Eaglais na hÉireann, is teampall a bhí ann díreach roimh an Marriages (Ireland) Act, 1844, a rith, nó

(b) i dteampall nó i séipéal a bhí ceadúnaithe faoi alt 33 den Marriages (Ireland) Act, 1844, nó faoi alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870,

ní bheidh sé, ná ní measfar é a bheith riamh, neamhbhailí nó gan éifeacht toisc, agus dá thoisc sin amháin, nach raibh ceachtar páirtí ina chonaí—

(i) i gcás pósadh a sollúnaíodh i dteampall dá dtagraítear i mír (a) den alt seo—sa pharóiste nó sa cheantar a ghabhann leis an teampall, nó

(ii) i gcás pósadh a sollúnaíodh i dteampall nó i séipéal dá dtagraítear i mír (b) den alt seo—sa cheantar a shonraítear i gceadúnas an teampaill nó an tséipéil.

Ionadaí do rúnaí sionagóige.

4. —(1) I gcás duine a dheimhnítear faoi alt 63 den Marriages (Ireland) Act, 1844, chun bheith ina rúnaí ar shionagóg a bheith as láthair de dheasca breoiteachta nó ar chúis réasunách eile, féadfaidh sé, le ceadú ó Ard-Raibí na gComhphobal Iúdach in Éirinn agus faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt don Ard-Chláraitheoir, ionadaí a cheapadh chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Acht sin agus faoi na hAchtanna eile a bhaineann le póstaí i gcaitheamh aon tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag.

(2) I gcás an tArd-Raibí a bheith as láthair nó i gcás oifig an Ard-Raibí a bheith folamh, féadfaidh an duine nó na daoine a bheidh ag comhalladh feidhmeanna an Ard-Raibí de thuras na huaire an ceadú dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo a thabhairt.

(3) Forléireofar tagairtí sa Marriages (Ireland) Act, 1844, do rúnaí sionagóige mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionadaí arna cheapadh faoin alt seo.

Rúnaí sionagóige (Pobal Forásach Iúdach Bhaile Átha Cliath).

5. —(1) I gcás comhlacht rialaithe Phobal Forásach Iúdach Bhaile Átha Cliath do chur in iúl don Ard-Chláraitheoir go bhfuil duine ceaptha acu chun bheith ina rúnaí ar a sionagóg, measfar gurb é a bheidh sa duine sin duine atá deimhnithe faoi alt 63 den Marriages (Ireland) Act, 1844, chun bheith ina rúnaí ar shionagóg, agus measfar amhlaidh i gcónaí é go dtí go gcuirfidh an comhlacht rialaithe in iúl don Ard-Chláraitheoir go bhfuil scortha ag an duine sin de bheith ina rúnaí ar a sionagóg.

(2) I gcás aon duine den sórt sin a bheith as láthair de dheasca breoiteachta nó ar chúis réasúnach eile, féadfaidh sé, le ceadú ón gcomhlacht rialaithe agus faoi reir na hoibleagáide fógra a thabhairt don Ard-Chláraitheoir, ionadaí a cheapadh chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Marriages (Ireland) Act, 1844, agus faoi na hAchtanna eile a bhaineann le póstaí i gcaitheamh aon tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag.

(3) Forléireofar tagairtí sa Marriages (Ireland) Act, 1844, do rúnaí sionagóige mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a mheastar faoin alt seo a bheith deimhnithe mar a dúradh agus d'ionadaí arna cheapadh faoin alt seo.

Leasú ar alt 13 den Marriages (Ireland) Act, 1844, agus ar alt 2 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1853.

1863, c. 27.

6. —I gcás inar gá fógra nó fógraí a thabhairt de bhun alt 13 den Marriages (Ireland) Act, 1844, beidh éifeacht ag an alt sin agus ag alt 2 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863, faoi réir an choinníll nach gá go mbeidh an teampall nó an foirgneamh eile a mbeidh sé luaite san fhógra nó sna fógraí gurb é an teampall nó an foirgneamh eile é ina mbeartaítear an pósadh a shollúnú, nó go mbeidh an teampall nó an foirgneamh eile ina sollúnófar an pósadh, laistigh den cheantar ina bhfuil duine de na páirtithe tar éis bheith ina chónaí ar feadh na tréimhse a fhorordaítear sa chéad alt acu sin mura mbeidh teampall nó foirgneamh eile a úsáideann an aicme chreidimh ar de réir a gnáis atá an pósadh le sollúnú—

(a) i gcás cónaí a bheith ar na páirtithe sa cheantar céanna ar feadh na tréimhse a fhorordaítear leis an gcéad alt acu sin, laistigh den cheantar sin, nó

(b) i gcás cónaí a bheith ar na páirtithe i gceantair éagsúla ar feadh na tréimhse sin, laistigh de cheachtar de na ceantair sin.

Leasú ar ailt 19 agus 20 den Marriages (Ireland) Act, 1844.

7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur sa Marriages (Ireland) Act, 1844, in ionad ailt 19 agus 20:

“19. (1) A marriage shall not be solemnised where either of the parties, being neither a widower or widow nor a ward of court, is under the age of twenty-one unless there shall first be obtained (a) the consents of the guardians, or the consent of the sole guardian, of such of the parties so under age or (b) if there is no guardian, the consent of the President of the High Court (or of a Judge of that Court nominated by the President thereof).

(2) The foregoing subsection shall have effect subject to the proviso that the requirement of consent of a guardian shall not apply in a case in which the consent is refused or withheld, or in which the guardian is unknown, of unsound mind or of whereabouts which would be unreasonably difficult to ascertain, if consent of the President of the High Court (or of a Judge of that Court nominated by the President thereof) to the intended marriage is first obtained.

(3) The following provisions shall have effect in relation to an application under paragraph (b) of subsection (1) or subsection (2) of this section—

(a) it may be made by or on behalf of either party to the intended marriage and without the intervention of a next friend,

(b) it may be made informally through the Registrar of Wards of Court in accordance with rules of procedure directed by the President of the High Court,

(c) it may be heard and determined in private, and

(d) no court fee shall be charged in respect of it.

(4) This section applies, notwithstanding section 3 of this Act, in relation to all marriages.”

Leasú ar thagairtí do thithe tionóil sa Marriages (Ireland) Act, 1844.

8. —Leasaítear leis seo an Marriages (Ireland) Act, 1844, trí “Church” agus “Churches” a chur in ionad “Meeting House” agus “Meeting Houses” faoi seach áit ar bith a bhfuil na focail sin.

Leathnú ar alt 10 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863.

1863, c. 11.

9. —Beidh éifeacht maidir le póstaí chomh maith agus atá maidir le breitheanna agus básanna ag ceapadh duine ag an Ard-Chláraitheoir faoi alt 10 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, chun bheith ina chúntóir aige, agus forléireofar dá réir sin an tagairt san alt sin d'fhorálacha agus do phionóis mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhorálacha agus do phionóis a dhearbhaítear leis na hachtacháin maidir le póstaí.

Leasú ar alt 3 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863, trí “or the Clerk of a branch of the Church of Christ Scientist,” a chur isteach roimh “as the case may require”.

(2) Leasaítear leis seo alt 41 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, trí “or members of the Church of Christ Scientist,” a chur isteach roimh “the Registrar shall”.

Leasú ar alt 33 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870.

11. —Leasaítear leis seo alt 33 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, trí “in force from time to time” a chur in ionad “at the time of the passing of this Act in force” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 35 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870.

12. —(1) Beidh éifeacht faoi réir na leasuithe seo a leanas ag alt 35 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, agus ag na foirmeacha sa Sceideal (A.) a ghabhann leis an Acht sin:

(a) sa chéad mhír cuirfear isteach “or one of them has been a member of a congregation as provided for by this section” i ndiaidh “and resident within such districts”,

(b) sa dara mír cuirfear isteach “or been for not less than three months then next preceding a member of the congregation of the church or chapel” i ndiaidh “the district named in that notice”,

(c) cuirfear na habairtí seo a leanas leis an dara mír: “In case the church or chapel named in the notice is attached to a parish in which on the date of the notice neither of the parties intending marriage resides, the licence shall not be granted save on production, in case the parties are resident on the date of the notice in the same parish, of the consent of the incumbent of that parish, and in the case the parties are so resident in different parishes, of the consents of the incumbents of those parishes. In the foregoing sentence every reference to an incumbent shall be construed as including a reference to a curate in charge and, should there be no incumbent or curate in charge, a reference to the bishop of the diocese.”,

(d) sa chúigiú mír cuirfear isteach “or for more than three months immediately before the day of the grant of such licence been a member of the congregation of such church or chapel” i ndiaidh “the church or chapel in which such marriage is to be solemnised”,

(e) i bhFoirm Uimh. 1 cuirfear isteach “[or been for more than three months a member of the congregation of the (here describe the building in which the marriage is to be solemnised)]” i ndiaidh “had your (or his or her) usual place of abode for the space of fourteen days last past within the district of ()”,

(f) i bhFoirm Uimh. II cuirfear isteach “(where material)” i ndiaidh “Length of Residence”.

(2) Oibreoidh ceadúnas faoi alt 33 den Marriages (Ireland) Act, 1844, nó faoi alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, chun an teampall nó an séipéal a cheadúnú le haghaidh póstaí a cheiliúradh a cheadúnaítear faoi alt 35 den Acht deiridh sin arna leasú leis an alt seo.

Leasú ar alt 36 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870.

13. —Leasaítear leis seo alt 36 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, trí “or only one of them is a Protestant Episcopalian,” a chur isteach roimh “any bishop” agus trí “and, in case of the absence from illness or other reasonable cause of a bishop or a vacancy in a see, the grant of such licences may be affected by the person authorised by the laws of the said Church to exercise the functions of bishop” a chur isteach i ndiaidh “episcopal superintendence”.

Leasú ar alt 37 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870.

14. —Leasaítear leis seo alt 37 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870—

(a) trí

“The Chief Rabbi of the Jewish Communities in Ireland:”

a chur isteach i ndiaidh

“The clerk to the yearly meeting of the Society of Friends in Ireland:”;

(b) trí “, or one only of them is a member” a chur isteach i ndiaidh “both members”;

(c) trí “same religious denomination” a chur in ionad “same Church”;

(d) trí “clerk or rabbi” a chur in ionad “or clerk”;

agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“In case of the absence from illness or other reasonable cause of the moderator, chairman, secretary, president, head, clerk or rabbi, he may, subject to any directions which his religious authority may issue, appoint a person to grant special licences on his behalf for any period not exceeding twelve months.”

Ceadúnú agus clárú foirgneamh ina bhféadfar póstaí a shollúnú.

15. —(1) Féadfar foirgneamh a cheadúnú le haghaidh póstaí a cheiliúradh nó, de réir mar a bheidh, a chlárú, dhá uair nó níos mó faoi aon cheann de na hachtacháin seo a leanas, agus féadfar é a cheadúnú nó a chlárú amhlaidh faoi níos mó ná ceann amháin acu:

(a) alt 7 den Marriage (Ireland) Act, 1844,

(b) alt 27 den Acht sin,

(c) alt 12 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863,

(d) alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870.

má shásaíonn sé na coinníollacha atá sonraithe san alt atá i gceist.

(2) Cuirtear leis seo na focail “is being used by them” in ionad na bhfocal ó “has been used” go dtí “least” san alt sin 27 agus san alt sin 12.

Ceadúnas pósta speisialta i gcás duine de na páirtithe a bheith an-tinn.

16. —(1) Féadfaidh an tArd-Chláraitheoir ceadúnas speisialta chun pósadh a dheonú ar bheith sásta dó nach féidir le duine de na páirtithe a bheidh le pósadh freastal in oifig chláraitheoir na bpóstaí le haghaidh na searmóine, mar gheall ar chúiseanna sláinte a bheidh deimhnithe ag liachleachtóir cláraithe.

(2) Féadfar pósadh a údaraítear le ceadúnas faoin alt seo a shollúnú, i bhfianaise beirt fhinné, tráth ar bith agus áit ar bith, ag cláraitheoir na bpóstaí don cheantar cláraitheachta ina bhfuil an áit sin ar choinníoll go ndearbhóidh gach duine de na páirtithe, i gcuid éigin den tsearmóin agus i bhfianaise an chláraitheora sin agus na bhfinnéithe sin:

“Dearbhaím go sollúnta nach eol dom aon chol dlí a bheith ann le nach bhféadfaidh mise, A.B., uaimcheangal pósta a dhéanamh le C.D.”

agus go ndéarfaidh gach duine de na daoine leis an duine eile:

“Gairim na daoine seo atá anseo i láthair chun a fhianú go ndéanaimse, A.B., tusa, C.D., a ghlacadh chun bheith i do bhanchéile ( i d'fhearchéile) dlí-phósta agam.”

(3) Leasaítear leis seo alt 66 den Marriages (Ireland) Act, 1844, trí “or pursuant to a special licence granted by an tArd-Chláraitheoir,” a chur isteach i ndiadh “in his office,”.

Uaire sollúnaithe— aisghairm agus leasú.

1918, c. 2.

17. —(1) Aisghairtear leis seo:

(a) na focail “between the hours of eight in the morning and three in the afternoon” agus “between the same hours” in alt 4 den Marriages (Ireland) Act, 1844, arna leasú leis an Marriages (Ireland) Act, 1918,

(b) na focail “between the hours of eight in the forenoon and three in the afternoon” in alt 29 den Marriages (Ireland) Act, 1844, arna leasú amhlaidh,

(c) na focail “between the hours of eight in the morning and three in the afternoon” in alt 7 den Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863, arna leasú amhlaidh,

(d) na focail “save only that such marriages may be celebrated at auy time between the hours of eight o'clock in the forenoon and three o'clock in the afternoon” in alt 33 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, arna leasú amhlaidh,

(e) na focail “between the hours of eight in the forenoon and three in the afternoon” in alt 38 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Act, 1870, arna leasú amhlaidh,

(f) an Marriages (Ireland) Act, 1918,

(g) aon chorprú, in aon achtachán, ar an gceanglas a aisghairtear leis na míreanna sin roimhe seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 30 den Marriages (Ireland) Act, 1844, trí “between the hours of eight in the forenoon and five in the afternoon” a chur in ionad “between the hours aforesaid”.

(3) Athrófar foirmeacha na gceadúnas pósta le go mbeidh siad de réir forálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo.

Tagairtí ionadacha do thagairtí áirithe d'aois.

18. —(1) Féadfaidh an tAire Sláinte, le rialacháin, tagairt d'aon aois faoi bhun bliain is fiche a chur in ionad aon tagairt don aois bliain is fiche atá in aon Acht dá sonraítear san fho-alt sin ina dhiaidh seo.

(2) Is iad seo na hAchtanna dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo:

(a) an Marriages (Ireland) Act, 1844,

(b) an Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863,

(c) an Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Act, 1870.

(3) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar Acht na bPóstaí, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Sláinte go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsula a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.