3 1973


Uimhir 3 de 1973


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN DO DHÁIL ÉIREANN, DO SHEANAD ÉIREANN AGUS D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA. [9 Aibreán, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1972, agus de cibé méid den Acht seo a leasaíonn na hAchtanna sin le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1972, agus de cibé méid den Acht seo a leasaíonn na hAchtanna sin le chéile.

(4) Féadfar Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 go 1973, a ghairm d'Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 agus 1972, agus de cibé méid den Acht seo a leasaíonn na hAchtanna sin le chéile.

(5) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1973, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1972, agus de cibé méid den Acht seo a leasaíonn na hAchtanna sin le chéile.

(6) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1973, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1972, agus de cibé méid den Acht seo a leasaíonn na hAchtanna sin le chéile.

Leasú ar an Acht Toghcháin, 1963 .

1963, Uimh. 19 .

1972 Uimh. 12.

2. —Leasaítear leis seo an tAcht Toghcháin, 1963 , trí “ocht mbliana déag” a chur in ionad “bliain agus fiche”—

(a) i bhfo-alt (1) agus i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1972 ) d'fho-alt (2) d'alt 5,

(b) i míreanna (b) agus (c) d'alt 26 (2),

(c) i míreanna (b) agus (c) d'alt 51 (2), agus

(d) i míreanna (b) agus (c) d'alt 70 (2).

Leasú ar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937 .

1937, Uimh. 30 .

3. —Leasaítear leis seo Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, trí “ocht mbliana déag” a chur in ionad “bliain agus fiche”—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 7, agus

(b) i Riail 20 den Chéad Sceideal.

Gan daoine idir 18 mbliana agus 21 bliain d'aois a bheith dícháilithe feasta chun bheith ina gcomhaltaí d'údaráis áitiúla agus de chomhlachtaí gaolmhara áirithe.

1944, Uimh. 3 .

1944, Uimh. 9 .

4. —(1) Leasaítear leis seo Airteagal 12 (4) (a) den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, trí “under the age of eighteen years” a chur in ionad “an infant”.

(2) Beidh éifeacht ag alt 3 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944 , agus ag alt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 (ailt a thugann feidhm don Airteagal sin 12 (4) (a) maidir le coistí talmhaíochta agus le coistí gairmoideachais, faoi seach), amhail is dá mba é a bheadh sna tagairtí sna hailt sin d'Airteagal 12 den Sceideal sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin tagairtí don Airteagal sin 12 arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear fo-alt (1) den alt seo.