4 1973


Uimhir 4 de 1973


AN tACHT UM FHÓGRA ÍOSTA AGUS TÉARMAÍ FOSTAÍOCHTA, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT A CHEANGAL TRÉIMHSE ÍOSTA FÓGRA A THABHAIRT LE FOSTAÍOCHT DAOINE A BHEIDH FOSTAITHE AR FEADH TRÉIMHSE CÁILITHÍ A FHOIRCEANNADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN bhFÓGRA A THABHAIRT, AGUS A CHEANGAL AR FHOSTÓIRÍ SONRAÍ I SCRÍBHINN AR NA TÉARMAÍ FOSTAÍOCHTA A THABHAIRT, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[9 Bealtaine, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1967. Uimh. 21.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ;

ciallaíonn “fostaí” duine a chuaigh faoi chonradh nó a oibríonn faoi chonradh le fostóir, cibé acu is conradh é le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile, nó conradh sainráite nó conradh intuigthe, nó conradh ó bhéal nó conradh i scríbhinn nó conradh seirbhíse nó conradh printíseachta nó eile, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá leis an mbriathar “asleagan” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1967;

tá leis an mbriathar “frithdhúnadh” an bhrí a shanntar dó le Cuid II d'Acht 1967;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “gearr-am” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1967;

tá le “stailc” an bhrí a shanntar dó le Cuid II d'Acht 1967;

ciallaíonn “an Binse” an Binse a bunaíodh faoi Acht 1967;

ciallaíonn “seachtain” aon tréimhse seacht lá as a chéile;

ciallaíonn “bliain” aon tréimhse dhá sheachtain is caoga.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Gan feidhm a bheith ag an Acht.

1956, Uimh. 45 .

1894, c. 60.

3. —(1) Ní bhainfidh an tAcht seo—

(a) le fostaíocht fostaí a gceaptar dó de ghnáth oibriú don fhostóir céanna ar feadh tréimhse is lú ná uair a chloig is fiche sa tseachtain,

(b) le fostaíocht a thugann fostóir d'fhostaí arb é athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, garmhac, gariníon, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar an fhostaí é agus ar duine de theaghlach an fhostaí é agus arb é an t-ionad fostaíochta atá aige teach cónaithe príobháideach nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil cónaí ar an bhfostaí agus ar an bhfostóir araon,

(c) le fostaíocht sa Státseirbhís (seachas i bpost neamhbhunaithe) de réir brí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 ,

(d) le fostaíocht mar chomhalta de na Buan-Óglaigh (seachas mar chomhalta sealadach de Sheirbhís Altranais an Airm),

(e) le fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána, ná

(f) le fostaíocht faoi chomhaontú fostaíochta de bhun Chuid II nó Chuid IV den Merchant Shipping Act, 1894.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil áirithe den Acht seo maidir le haicme nó le haicmí fostaíochta a shonrófar san ordú agus amhail ó thosach feidhme an ordaithe ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an aicme nó na haicmí sin.

(3) D'ainneoin fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go mbeidh feidhm ag aon fhoráil áirithe den Acht seo maidir le haicme nó le haicmí fostaíochta a shonrófar san ordú agus amhail ó thosach feidhme an ordaithe beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an aicme nó na haicmí sin.

(4) Féadfaidh go mbeidh in ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forálacha, idir fhorálacha eatramhacha agus fhorálacha eile forlíontacha agus teagmhasacha, is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Tréimhseíosta fógra.

4. —(1) Déanfaidh fostóir, d'fhonn deireadh a chur le conradh fostaíochta fostaí atá ina sheirbhís go leanúnach le tréimhse trí sheachtain déag nó níos mó, tréimhse íosta fógra arna ríomh de réir forálacha fho-alt (2) den alt seo a thabhairt don fhostaí sin.

(2) Is é an fógra íosta a thabharfaidh fostóir chun conradh fostaíochta a fhostaí a fhoirceannadh—

(a) i gcás an fostaí a bheith i seirbhís a fhostóra go leanúnach le tréimhse is lú ná dhá bhliain, seachtain amháin,

(b) i gcás an fostaí a bheith i seirbhís a fhostóra go leanúnach le tréimhse dhá bhliain nó níos mó ach is lú ná cúig bliana, dhá sheachtain,

(c) i gcás an fostaí a bheith i seirbhís a fhostóra go leanúnach le tréimhse cúig bliana nó níos mó ach is lú ná deich mbliana, ceithre sheachtain,

(d) i gcás an fostaí a bheith i seirbhís a fhostóra go leanúnach le tréimhse deich mbliana nó níos mó ach is lú ná cúig bliana déag, sé sheachtain,

(e) i gcás an fostaí a bheith i seirbhís a fhostóra go leanúnach le tréimhse cúig bliana déag nó níos mó, ocht seachtain.

(3) Beidh feidhm ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo chun tréimhse seirbhíse fostaí a fhionnadh agus chun a fhionnadh ar sheirbhís leanúnach an tseirbhís sin.

(4) Féadfaidh an tAire an tréimhse íosta fógra a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a athrú le hordú.

(5) Aon fhoráil i gconradh fostaíochta, arna dhéanamh roimh dháta thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agus lena ndéantar socrú le haghaidh tréimhse fógra is lú ná an tréimhse fógra a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht aici amhail is dá mbeadh socrú déanta leis an gconradh sin le haghaidh tréimhse fógra de réir an ailt seo.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Cearta fostaí le linn tréimhse fógra.

5. —(1) Beidh éifeacht ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le dliteanas fostóra le linn tréimhse an fhógra a cheanglaítear leis an Acht seo a thabhairt—

(a) ag fostóir chun deireadh a chur le conradh fostaíochta fostaí atá ina sheirbhís go leanúnach le trí sheachtain déag nó níos mó, agus

(b) ag fostaí atá i seirbhís go leanúnach amhlaidh chun deireadh a chur lena chonradh fostaíochta leis an bhfostóir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina dtabharfaidh fostaí fógra chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh mar fhreagra ar fhógra asleagain nó gearr-ama arna thabhairt ag a fhostóir.

(3) Aon fhoráil i gconradh a airbheartaíonn an oibleagáid a fhorchuirtear ar fhostóir leis an alt seo a eisiamh nó a theorannú beidh sí ar neamhní.

Ceart an fhostóra chun fógra.

6. —Beidh teideal ag fostóir, faoi réir cheart fostaí frith-fhógra a thabhairt faoi alt 10 d'Acht 1967 nó fógra a thabhairt go bhfuil sé chun íocaíocht iomarcaíochta a éileamh i leith asleagain nó gearrama faoi alt 12 den Acht sin, chun fógra seachtaine ar a laghad ó fhostaí atá ar fostaíocht aige go leanúnach le trí sheachtain déag nó níos mó go bhfuil an fostaí sin lena chonradh fostaíochta a fhoirceannadh.

An ceart chun fógra a tharscaoileadh.

7. —(1) Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun fostaí nó fostóir a chosc ar a cheart chun fógra a tharscaoileadh ar ócáid ar bith nó ar íocaíocht a ghlacadh in ionad fógra.

(2) In aon chás ina nglacfaidh fostaí le híocaíocht in ionad fógra, measfar, chun críocha Acht 1967, gurb é dáta foirceanta fhostaíocht an duine sin an dáta a rachadh fógra in éag dá mba gur tugadh fógra.

An ceart chun conradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra.

8. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart aon fhostóra nó aon fhostaí chun conradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra mar gheall ar mhí-iompar ag an bpáirtí eile.

Ráiteas i scríbhinn ar théarmaí fostaíochta.

9. —(1) Féadfaidh fostaí, d'fhonn aon cheann dá théarmaí fostaíochta (lena n-áirítear dáta tosaigh na fostaíochta sin) a fhionnadh nó a chinntiú, a cheangal ar a fhostóir ráiteas i scríbhinn a thabhairt dó ina mbeidh na sonraí seo a leanas go léir nó aon chuid acu maidir leis na nithe seo a leanas, is é sin le rá—

(a) dáta tosaigh a fhostaíochta,

(b) ráta nó modh ríofa a luach saothair,

(c) fad na tréimhse idir na tráthanna a íoctar an luach saothair, cibé acu is seachtain, mí nó tréimhse ar bith eile í,

(d) aon téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le huaire oibre nó le breis-am,

(e) aon téarmaí nó coinníollacha a bhaineann—

(i) le saoire agus le pá saoire,

(ii) le héagumas chun oibre mar gheall ar thinneas nó gortú agus le pá breoiteachta, agus

(iii) le pinsin agus le scéimeanna pinsin,

(f) tréimhse an fhógra nach foláir don fhostaí a thabhairt agus atá sé i dteideal a fháil chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh, nó (más conradh go ceann téarma chinnte an conradh fostaíochta) an dáta a rachaidh an conradh sin in éag.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go bhféadfaidh fostaithe a cheangal ar a bhfostóirí cibé sonraí breise nó sonraí eile a shonraítear san ordú a thabhairt maidir lena gconarthaí fostaíochta.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfaidh fostóir, laistigh de mhí ón tráth a ceanglaíodh air faoi fho-alt (1) den alt seo sin a dhéanamh, ráiteas i scríbhinn de réir an fho-ailt sin a thabhairt dá fhostaí.

(4) In ionad na sonraí a thabhairt a iarrfaidh an fostaí faoin alt seo, féadfaidh go n-iarrfaidh ráiteas ó fhostóir faoi fho-alt (3) den alt seo ar an bhfostaí breathnú ar dhoiciméad ina mbeidh na sonraí sin le fáil is doiciméad a mbeidh deis réasúnach ag an bhfostaí é a léamh i gcúrsa a fhostaíochta nó a mbeidh fáil réasúnach aige air ar bhealach éigin eile.

(5) Déanfaidh fostóir, laistigh de mhí tar éis d'fhostaí tosú ar obair leis an bhfostóir sin, na sonraí a shonraítear san alt seo a thabhairt don fhostaí sin.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

An fostóir do loiceadh ráiteas a thabhairt.

10. —(1) Fostóir nach gcomhlíonfaidh forálacha alt 9 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(2) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith cion faoin alt seo.

Díospóidí a tharchur chun an Bhinse.

11. —(1) Aon díospóid a éireoidh maidir le haon ní faoin Acht seo (seachas díospóid a éireoidh maidir le haon ní faoi alt 9 den Acht seo) tarchuirfear í ar an modh forordaithe chun an Bhinse.

(2) Is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh i gcinneadh an Bhinse ar aon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an gcinneadh achomharc i gcoinne an chéanna a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

(3) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBinse, aon cheist dlí a tharchur le haghaidh cinneadh na hArd-Chúirte.

Cearta fostaí ar mhainneachtain ag fostóir.

12. —(1) Más rud é—

(a) nach dtabharfaidh fostóir d'fhostaí an fógra a cheanglaítear le halt 4 (2) den Acht seo, nó

(b) nach gcomhlíonfaidh sé forálacha alt 5 den Acht seo maidir le cearta an fhostaí le linn na tréimhse fógra,

féadfaidh an fostaí an t-ábhar a tharchur chun an Bhinse le haghaidh eadrána agus féadfaidh an Binse cúiteamh a dhámhachtain don fhostaí in aon chaillteanas a bhain dó de dheasca mhainneachtain an fhostóra.

(2) Beidh méid aon chúitimh a bheidh dáfa ag an mBinse faoi fho-alt (1) den alt seo inghnóthaithe ag an bhfostaí óna fhostóir mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(3) Féadfaidh an tAire nó ceardchumann fostaí imeachtaí a thionscnamh agus a chothabháil thar ceann an fhostaí sin chun aon suim a ghnóthú a bheidh dlite ar mhodh cúitimh arna dámhachtain ag an mBinse faoi fho-alt (1) den alt seo.

Forálacha maidir le foirceannadh agus féimheacht.

1963, Uimh. 33 .

1889, c. 60.

13. —(1) Nuair a bheidh dáileadh á dhéanamh ar shócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, an cúiteamh go léir is iníoctha faoi alt 12 den Acht seo ag an gcuideachta le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna dá bhforálfar a mhalairt le rialacha arna ndéanamh faoin Acht sin.

(2) Nuair a bheidh dáileadh á dhéanamh ar mhaoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, an cúiteamh go léir is iníoctha faoi alt 12 den Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, de réir mar a bheidh, le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna dá bhforálfar a mhalairt le horduithe ginearálta arna ndéanamh faoin Acht sin.

Rialacháin.

14. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní a ndeirtear san Acht seo gur ní forordaithe é.

Rialacháin agus dréacht-orduithe áirithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

15. —(1) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoi alt 3, 4 nó 9 den Acht seo, leagfar dréacht den ordú beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú nó go rithfidh dhá Theach an Oireachtais rún ag ceadú an dréachta.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

16. —Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, a íocfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal.

17. —Féadfar an tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

Seirbhís Leanúnach a Ríomh

Alt 4

Leanúnachas Seirbhíse

1. Measfar gur seirbhís leanúnach seirbhís fostaí ina fhostaíocht mura bhfoirceanntar an fhostaíocht sin—

(a) tríd an bhfostóir do bhriseadh an fhostaí as a phost, nó

(b) tríd an bhfostaí d'fhágail a fhostaíochta dá dheoin féin.

2. Ní hionann frithdhúnadh agus an fostaí a bhriseadh as a phost ag a fhostóir.

3. Ní hionann asleagan agus fostóir d'fhoirceannadh seirbhíse a fhostaí.

4. Ní hionann stailc ag fostaí agus an fostaí sin d'fhágáil a fhostaíochta dá dheoin féin.

5. Fostaí a mbeidh fógra tugtha aige go bhfuil beartaithe aige íocaíocht iomarcaíochta a éileamh i leith asleagain nó gearr-ama measfar gur fhág sé a fhostaíocht dá dheoin féin.

6. Ní bhrisfear seirbhís leanúnach fostaí ina fhostaíocht má bhriseann a fhostóir an fostaí as a phost agus go n-athfhostófar an fostaí láithreach.

7. Má aistrítear trádáil nó gnó ó dhuine amháin go dtí duine eile (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis don aistriú sin) measfar gur seirbhís leanúnach leis an aistrí seirbhís leanúnach fostaí sa trádáil nó sa ghnó sin tráth an aistrithe agus ní oibreoidh an t-aistriú chun leanúnachas seirbhís an fhostaí a bhriseadh.

Seirbhís Inríofa

8. Nuair a bheidh tréimhse seirbhíse á ríomh ní áireofar aon seachtain nach gceaptar de ghnáth do fhostaí oibriú ar feadh uair a chloig is fiche ar a laghad nó níos mó.

9. Má bhíonn fostaí as láthair óna fhostaíocht mar gheall ar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca, áireofar gur tréimhse seirbhíse an tréimhse asláithreachta sin.

10. Má bhíonn fostaí as láthair óna fhostaíocht ar feadh tréimhse nach mó ná sé sheachtain is fiche idir tréimhsí fostaíochta as a chéile—

(a) mar gheall ar asleagan,

(b) mar gheall ar thinneas nó gortú, nó

(c) trí chomhaontú lena fhostóir,

áireofar gur tréimhse seirbhíse an tréimhse sin.

11. Más rud é, in aon seachtain nó cuid de sheachtain, go mbeidh fostaí as láthair óna fhostaíocht toisc é a bheith ag glacadh páirt i stailc i ndáil leis an trádáil nó leis an ngnó ina bhfuil sé fostaithe, ní áireofar gur tréimhse seirbhíse an tseachtain sin.

12. Más rud é, in aon seachtain nó cuid de sheachtain, go mbeidh fostaí as láthair óna fhostaíocht de bhíthin frithdhúnadh ag a fhostóir, áireofar gur tréimhse seirbhíse an tseachtain sin.

13. Más rud é, in aon seachtain nó cuid de sheachtain, go mbeidh fostaí as láthair óna fhostaíocht de bhíthin stailc nó frithdhúnadh i dtrádáil nó i ngnó seachas an trádáil nó an gnó ina bhfuil sé féin fostaithe, áireofar gur tréimhse seirbhíse an tseachtain sin.

AN DARA SCEIDEAL

Cearta Fostaí le linn na Tréimhse Fógra

Alt 5

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, beidh fostaí, le linn na tréimhse fógra, á íoc ag a fhostóir de réir téarmaí a chonartha fostaíochta agus beidh aige na cearta céanna chun saoire breoiteachta nó saoire le pá a bheadh aige dá mba nár tugadh fógra ag foirceannadh a chonartha fostaíochta.

Fostaíochtaí a bhfuil gnáth-uaire oibre ceaptha dóibh

2. (a) (i) Íocfaidh fostóir a fhostaí i leith aon ama i gcaitheamh a ghnáth-uaire oibre a mbeidh sé faoi réir chun oibre agus toilteanach obair a dhéanamh ach nach soláthróidh a fhostóir aon obair dó.

(ii) San fhomhír seo folaíonn “gnáth-uaire oibre”, i gcás fostaí a gceaptar dó de ghnáth obair bhreis-ama a dhéanamh, na huaire ar lena linn a dhéantar an obair bhreis-ama sin de ghnáth.

(b) In aon chás nach faoi threoir ama ar fad a ríomhtar pá fostaí, déanfar an pá a cheanglaítear ar a fhostóir a íoc leis faoi fhomhír (a) a ríomh faoi threoir an mheánráta pá a thuill an fostaí i leith aon ama a oibríodh i gcaitheamh na dtrí sheachtain déag díreach roimh an bhfógra a thabhairt.

Fostaíochtaí nach bhfuil gnáth-uaire oibre ceaptha dóibh

3. Faoi réir mhír 4 den Sceideal seo, íocfaidh fostóir le fostaí, i gcás gan aon ghnáth-uaire oibre a bheith ceaptha don fhostaí sin faoin gconradh fostaíochta a bheidh i bhfeidhm sa tréimhse fógra, i leith gach seachtain sa tréimhse fógra, suim nach lú ná meántuilleamh seachtainiúil an fhostaí sna trí sheachtain déag díreach roimh an bhfógra a thabhairt.

4. Ní dhlífear d'fhostóir aon suim a íoc lena fhostaí faoi mhír 3 den Sceideal seo mura mbeidh an fostaí faoi réir chun oibre agus toilteanach méid réasúnach oibre de shórt réasúnach a dhéanamh chun luach saothair a thuilleamh de réir an ráta a luaitear sa mhír sin 3.