|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1973 | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 . [27 Meitheamh, 1973] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 . | |
[EN] |
Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil. |
2. —Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasacht a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 (b) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin. |
[EN] |
Méadú ar airleacain ón Aire. |
3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheannd'fheidhmeanna na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh Acht ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh a bheidh gan aisíoc thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin. |
[EN] |
Dliteanas na Cuideachta chun airleacain áirithe a aisíoc a urscaoileadh. |
4. —D'ainneoin forálacha alt 19 den Phríomh-Acht, ní dhífear den Chuideachta airleacain, £1,142,000 san iomlán, a thug an tAire do Thaiscí Stáit Teoranta a aisíoc leis an Aire. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 agus 1973, a ghairm den Acht um Fhóir Teoranta, 1972 , agus den Acht seo le chéile. |