19 1973


Uimhir 19 de 1973


An tACHT AIRGEADAIS, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS d'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [4 Lúnasa, 1973]

ACHTAÍTER AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll, más lú ná £5 méid an úis arna ríomh amhlaidh, gur £5 an méid úis is iníoctha.”.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le hús is inmhuirir d'aon mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin, nó d'aon chuid de mhí mar sin, ar cháin a ndlíonn nó ar dhligh an fostóir í a tharchur ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —Leasaítear leis seo alt 138 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£104” a chur in ionad “£74”.

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1969, Uimh. 21 .

3. Leasaítear leis seo alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ):

“(1A) Is í an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a)  (i) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £170, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £155, nó

(ii) i gcás leanbh lena mbaineann mír (aa) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £220, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £205;

(b) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (i), £170;

(c) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (ii) agus a gcothabhálann an t-éilitheoir é go hiomlán nó go páirteach ar a chostas féin, £220 mura lú ná £220 an méid a chaith an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta ag cothabháil an linbh, agus, i gcás inar lú ná £220 an méid a caitheadh amhlaidh, an méid sin:

Ar choinníoll—

(i) gur asbhaint in ionad, agus nach asbhaint i dteannta, aon asbhaint i mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh faoi alt 142 aon asbhaint faoi fho-alt (1) (b) (ii); agus

(ii) nach mbeidh an t-éilitheoir i dteideal níos mó ná asbhaint amháin faoi fho-alt (1) i leith an linbh chéanna.”.

(2) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A)—

“(1AA) I gcás ina mbeidh nó ina mbeadh an t-éilitheoir i dteideal, tar éis iarratas a dhéanamh go cuí, liúntas leanaí a fháil ar feadh na bliana measúnachta i leith níos mó ná leanbh amháin, déanfar an asbhaint a bheidh le tabhairt faoi fho-ailt (1) agus (2)—

(i) a laghdú £15 i gcás leanbh amháin den sórt sin, agus

(ii) a laghdú £23 an duine i gcás aon leanaí den sórt sin de bhreis ar leanbh amháin.

(1AAA) Más rud é, don bhliain 1973-74 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, gur mó ná £2,500 ioncam iomlán an éilitheora don bhliain mheasúnachta iomchuí ó gach bunadh, arna ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus go mbeidh nó go mbeadh an t-éilitheoir i dteideal, tar éis iarratas a dhéanamh go cuí, liúntas leanaí a fháil ar feadh na bliana measúnachta i leith aon linbh, déanfar aon asbhaint a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith an linbh sin, i dteannta aon laghdú a bheidh le déanamh de bhua fho-alt (1AA), a laghdú £42 don bhliain 1973-74 agus £50 d'aon bhliain dá éis sin:

Ar choinníoll go mbeidh éilitheoir a mbeidh méadú ar an méid cánach ioncaim a bheidh le híoc aige de dhroim forálacha an fho-ailt seo i dteideal go ndéanfaí an méid sin a laghdú go dtí suim is comhionann le cóimhéid na suimeanna seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach a bheadh le híoc dá mba £2,500, ach nár mhó ná sin, a ioncam iomlán, agus méid a ioncaim

iomláin de bhreis ar £2,500.”.

(3) tríd an míniú seo a leanas ar “liúntas leanaí” a chur in ionad an mhínithe i bhfo-alt (1B):

“ciallaíonn ‘liúntas leanaí’ liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1970, agus aon Acht iardain ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.”.

(4) Beidh éifeacht ag alt 523 (1) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba nár achtaíodh alt 141 (1AAA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1972, Uimh. 19 .

4. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£407” a chur in ionad “£355” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) sa dá áit ina bhfuil an tsuim sin, agus trí “£347” a chur in ionad “£295” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 , a dúradh).

Leasú ar alt 154 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Chun críocha alt 154 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní chuirfear i gcuntas aon cháin a íocfar i leith ioncam do bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis na bliana 1972-73 ná aon fhaoiseamh a mbeadh duine ina theideal do bhliain mheasúnachta den sórt sin sna himthosca a luaitear san alt sin.

Leasú ar alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1972, agus dá éis, leasaítear leis seo alt 229 (1) (i) den Acht Cáanach Ioncaim, 1967, trí na focail ó “cibé suim acu seo a leanas” go dtí deireadh na míre a scriosadh agus “méid is comhionann le ceithre oiread luach saothair deiridh an duine sin” a chur ina n-ionad.

Srian le halt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, ag ceannach loinge nua.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le caiteachas arna thabhú faoi chonradh a rinneadh roimh an 24ú lá d'Iúil, 1973.

Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973” i bhfo-alt (4) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ).

(2) I gcás éileamh a dhéanamh ag duine an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, ar liúntas tosaigh faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta i leith innealra nó gléasra, ní rachaidh aon liúntas a thabharfar don duine sin faoin alt sin thar cibé suim a bheidh, tar éis í a chur—

(a) le méid aon asbhainte i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh lamháilte don duine sin faoi alt 241 den Acht sin don bhliain mheasúnachta sin, agus

(b) le comhiomlán aon asbhaintí a bheidh lamháilte don duine sin i leith an innealra nó an ghléasra faoi na hailt sin 241 agus 251 do bhlianta measúnachta roimhe sin,

comhionann le dearbhmhéid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.

Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1971, Uimh. 23 .

10. —Leasaítear leis seo alt 254 (2) den Acht Cáanach Ioncaim, 1967, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a cur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ).

Leasú ar alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) I gcás inar mó comhiomlán na liúntas tosaigh agus na liúntas caithimh agus cuimilte a bheidh tugtha d'aon duine i leith aon innealra nó gléasra ná dearbhméid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin, áireofar méid an bharrachais sin (dá ngairtear méid an bharrachais san fho-alt seo), ar theagmhas lena mbaineann míreanna (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) tarlú, mar íocaíocht ar cóimhéid le suim a fuair an duine sin ar scór airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh, agus cuirfear é le haon airgead eile a fuarthas i leith an innealra nó an ghléasra sin agus gearrfar muirear cothromaíochta, agus is í suim ar a ngearrfar an muirear sin suim is comhionann—

(a) le méid an bharrachais sin i gcás gan aon airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheith ann, nó

(b) le comhiomlán an airgid sin agus méid an bharrachais sin i gcás airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheith ann.

(5A) I gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, aon teagmhas tarlú lena mbaineann mír ar bith de mhíreanna (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) agus teagmhas eile tarlú lena mbaineann aon mhír acu sin, cuirfear i gcuntas in aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine, nó in aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, de bhua an teagmhas is déanaí acu tarlú, aon liúntas cothromaíochta a tugadh don duine sin nó aon mhuirear cothromaíochta a gearradh air roimhe sin i leith an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.

(2) Beidh éifeacht, maidir le haon innealra nó gléasra, ag an alt seo i gcás an teagmhas is cúis leis an muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin tarlú an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis.

Leasú ar alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Leasaítear leis seo alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£450” a chur in ionad “£350” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ).

Leasú ar alt 357 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Beidh éifeacht ag alt 357 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon díbhinn a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, amhail is dá mba gur cuireadh “a rialaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cuid nach 1ú ná deich faoin gcéad den chumhacht vótála sa chéad chuideachta” in ionad “arb í is úinéir tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ar chuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáth-scairchaipiteal na céad chuideachta”.

Leasú ar alt 387 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Leasaítear leis seo alt 387 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(4) (a) Más rud é, faoi alt 456, go mbeidh comhlacht corpraithe i dteideal cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, nach díbhinn lena mbaineann fo-alt (2) nó (3), ní dhéanfar in aon chás cáin a asbhaint de réir ráta is mó ná an ráta cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a thabharfar faoi réim nó de bhua na Caibidle seo, agus beidh feidhm ag forálacha alt 457 dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(b) An ráta cánach ioncaim ar a mbeidh aon aisíoc cánach d'aon bhliain mheasúnachta le déanamh beidh sé faoi réir cibé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtugtar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo.

(c) Más rud é, de bhua mhír (a), gur de réir ráta laghdaithe a bhainfear cáin ioncaim as díbhinn, is é méid a bheidh le háireamh i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críche forchánach méid a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus méid na díbhinne is a bheidh idir an ráta cánach ioncaim arna bhaint as agus an ráta a údarófaí a asbhaint dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo.”.

Leasú ar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Leasaítear leis seo alt 439 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii):

“(iia) is iníoctha le haon chomhlacht daoine lena mbaineann forálacha alt 20 den Acht Airgeadais, 1973 , agus is iníoctha amhlaidh go ceann tréimhse a bhfuil nó a bhféadfadh go mbeadh fad trí bliana nó níos mó inti, nó”.

Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

16. —Leasaítear leis seo alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973”.

Leasú ar alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .

17. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973”.

Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1972 .

18. —Leasaítear leis seo alt 21 den Airgeadais, 1972—

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2):

“Ar choinníoll, i gcás aon aisíoca faoi scéim reachtúil a bunaíodh faoi reacht poiblí, go mbeidh riarthóir na scéime i dteideal an cháin is inmhuirir i leith an aisíoca sin a bhaint as méid an aisíoca”, agus

(b) trí “má bhíonn an riarthóir i dteideal faoi rialacha na scéime iomchuí nó ar shlí eile” a chur in ionad “má cheadaíonn rialacha na scéime iomchuí do riarthóir” i bhfo-alt (4).

Íocaíochtaí i leith leanaí tailidimíde.

19. —(1) Déanfar neamhshuim chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim d'ioncam lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Bainfidh an t-alt seo le haon ioncam arb éard é íocaíochtaí ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon duine, nó i leith aon duine, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair an duine sin do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach.

Comhlachtaí chun Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine a shaothrú agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a fheidhmiú.

20. —Más rud é maidir le haon chomhlacht daoine ag a bhfuil stádas comhairleach le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe nó le Comhairle na hEorpa—

(a) gurb é a aon-aidhm nó a phríomh-aidhm urramú na bhforálacha i nDearbhú Uile-Choitheann Cearta an Duine a shaothrú nó an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a fheidhmiú, nó iad araon, agus

(b) go gcoisceann a rialacha nó a bhunreacht air aon chuid dá mhaoin a íoc nó a aistriú go díreach nó go neamhdhíreach, ach amháin ar leor-chomhaoin luachmhar, chun aon chomhaltaí dá chuid i modh díbhinne, bronntanais, roinnte, bónais nó ar shlí ar bith eile i modh brabúis,

lamhálfar, i gcás an chomhlachta sin, ar éileamh a dhéanamh chuige sin ar na Coimisinéirí Ioncaim, cibé díolúine ó cháin ioncaim a bheidh le lamháil faoi alt 333 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás comhlacht daoine ar chun críocha carthanúla amháin a bunaíodh é agus ar chun críocha carthanúla agus chun na gcríocha sin amháin a úsáidtear a ioncam go léir.

Íocaíochtaí le hollscoileanna.

21. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann trádáil nó gairm—

(a) aon suim a íoc le hollscoil Éireannach an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, chun a chur ar chumas na hollscoile sin taighde a dhéanamh ar ábhair fhormheasta nó iad a theagasc, agus

(b) nach ioncam lena mbaineann alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an tsuim a íocadh amhlaidh,

déanfar an tsuim a íocadh amhlaidh, murab inasbhainte amhlaidh ar slí eile í, a asbhaint mar chaiteachas nuair a bheifear ag ríomh na mbrabús nó na ngnóchan as trádáil nó as gairm an duine sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ábhair fhormheasta”—

(a) caidreamh tionscail,

(b) margú, agus

(c) aon ábhar eile arna fhormheas ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo.

Cáin ioncaim a ghnóthú.

1968, Uimh. 33 .

22. —Bainfidh alt 131 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le gnóthú—

(a) aon mhéid cánach a measadh faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1968 , agus

(b) aon mhéid cánach a measadh faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1968 , a dúradh, nó aon iarmhéid cánach a measadh amhlaidh ach atá fós gan íoc,

ionann is dá mb'éard é an méid a measadh amhlaidh nó an iarmhéid cánach a measadh amhlaidh ach atá fós gan íoc méid cánach a dlíodh faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus aon rialacháin faoin gcéanna, de dhuine a thugann díolaíochtaí a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Polasaithe árachais saoil.

1936, Uimh. 45 .

23. —(1) Baineann an t-alt seo le haon pholasaí árachais saoil arna dhéanamh ar shaol duine faoi bhun sé bliana is caoga d'aois arb éard é polasaí dearlaice de réir brí fho-alt (2) agus a eiseofar nó a eisíodh i leith árachas a rinneadh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis :

Ar choinníoll go n-áireofar chun críocha an ailt seo polasaí árachais saoil a eisíodh i leith árachas a rinneadh roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, mar pholasaí a eisíodh i leith árachas a rinneadh tar éis an dáta sin má athraíodh é ar an dáta sin nó dá éis d'fhonn méadú a dhéanamh ar na sochair a urraíodh nó téarma an árachais a shíneadh.

(2) San alt seo agus sa Chéad Sceideal ciallaíonn “polasaí dearlaice” polasaí árachais saoil a urraíonn suim chaipitiúil is iníoctha ar dhuine maireachtáil go ceann téarma shonraithe nó d'fháil bháis roimhe sin, nó ar é d'fháil bháis nó a bheith míchumasaithe roimhe sin, ach ní fholaíonn sé polasaí a eisíodh i gcúrsa gnó árachais tionscail, de réir brí alt 3 den Acht Árachais, 1936 .

(3) Ní dheonófar faoiseamh ó cháin ioncaim faoi alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na bpréimheanna is iníoctha ar pholasaí dearlaice ach amháin nuair is polasaí cáilitheach an polasaí sin de réir an Chéad Sceidil sin.

Caiteachais fialachta gnó.

24. —(1) Beidh éifeacht ag alt 61 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéid a bhaineann le caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó, amhail is dá mba gur cuireadh “go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas” in ionad “go hiomlán agus go heisiatach”.

(2) Nuair a bheifear ag ríomh aon chaiteachais bhainistí a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi alt 214 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní áireofar caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó, ach amháin sa mhéid gur chun críocha gnó, go hiomlan, go heisiatach agus de riachtanas, a leagadh amach nó a caitheadh iad.

(3) Chun críocha alt 241, Chaibidil III de Chuid XIV, Chaibidlí I agus III de Chuid XV agus Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , déanfar úsáid aon sócmhainne chun fialacht ghnó a sholáthar, ach amháin sa mhéid gur úsáideadh an tsócmhainn chun fialacht ghnó a sholáthar ar chun críocha trádála, go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, a leagadh amach nó a caitheadh na caiteachais a tabhaíodh á sholáthar, a áireamh mar úsáid ar shlí seachas chun críocha trádála.

(4) Sna caiteachais lena mbaineann fo-alt (1) áireofar, i gcás aon duine, aon suim a d'íoc sé le comhalta dá fhoireann, nó aon suim a d'íoc sé thar ceann an chomhalta sin, nó a chuir sé faoina réir, d'fhonn caiteachais a íoc a thabhaigh an duine sin nó a bheidh le tabhú aige ag soláthar fialachta gnó.

(5) Chun críocha an ailt seo ciallaionn “fialacht ghnó” fialacht (lena n-áirítear aon chineál oinigh) a sholáthraíonn duine, nó comhalta dá fhoireann, i ndáil le trádáil a sheolann an duine sin, ach ní fholaíonn sé aon ní a sholáthraíonn sé do chomhaltaí bona fide dá fhoireann mura dtéann a sholáthar dóibh sin lena sholáthar do dhaoine eile freisin.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le soláthar bronntanais díreach mar atá feidhm aige maidir le soláthar fialachta.

(7) San alt seo—

folaíonn tagairt do chaiteachais a tabhaíodh, nó d'úsáid sócmhainne, chun fialacht a sholáthar, tagairt do chaiteachais a tabhaíodh, nó d'úsáid sócmhainne, chun aon ní a ghabhann leis sin a sholáthar;

folaíonn tagairt do thrádáil tagairt do ghnó nó do ghairm;

aon tagairt do chomhaltaí d'fhoireann duine is tagairt í do dhaoine atá ar fostú ag an duine sin, stiúrthóirí cuideachta nó daoine atá i mbun bainistí na cuideachta agus chun na críche sin measfar gur daoine iad atá ar fostú aici.

(8) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) le caiteachais a tabhaíodh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus bainfidh fo-alt (3) le húsáid ar an dáta sin nó dá éis.

Liúntais chaipitiúla do ghluaisteáin a chosnaíonn thar £2,500.

25. —(1) Maidir le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba rud é, chun críocha fho-alt (7) den alt sin, gur £2,500 dearbhchostas na feithicle, i gcás gur mhó ná an tsuim sin an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus, i gcás ina mbeadh asbhaint, a lamhálfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, faoin alt sin 241, le laghdú de bhua an fho-ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháil faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna laghdú faoin bhfo-alt seo.

(2) Maidir le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh sna hasbhaintí faoin alt sin 241 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh, ach amháin na hasbhaintí a ríomhfar de réir forálacha fho-alt (1), agus beidh £2,500 de theorainn leis an méid a chuirfear i gcuntas de chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

(3) Más mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás ina mbeidh airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh i gceist, ionann is dá ndéanfaí méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhoráil eile sna hAchtanna Cánach Ioncaim seachas an fo-alt seo, gur méid éigin eile an méid a bheidh le háireamh mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin) a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin.

(4) Más rud é, i gcás inar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go ndíolfaidh an duine a sholáthair an fheithicil (dá ngairtear an réamhúinéir anseo feasta) an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an díol, nó

(b) go ndíolfaidh an réamhúinéir an fheithicil nó go dtabharfaidh sé uaidh í sa chaoi go mbeidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 277 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ag an bhfo-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (5) den alt sin, maidir leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí, nó

(c) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh trádáil nó gairm an réamhúinéara, go mbeidh éifeacht ag alt 300 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

ansin, maidir leis an gceannaitheoir, an deontaí nó an comharba, áireofar, chun críocha an ailt sin 277, 299 nó 300, an praghas a rachadh an fheithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó an caiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, mar phraghas nó mar chaiteachas arna laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin; agus le linn fo-alt 3 a bheith á fheidhmiú i leith an cheannaitheora, an deontaí nó an chomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh :

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith ag an bhfo-alt seo ar aon ócáid áirithe maidir leis an bhfeithicil, agus mura ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann ceachtar de na hailt sin 277 agus 299, ansin, maidir le gach duine lena mbaineann, leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoin bhfo-alt seo maidir le díol, bronnadh nó comharbas faoi mhíreanna (a) go (c) a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin ionann is dá mba rud é gur thabhaigh an duine, arb é an réamhúinéir é maidir leis an díol, an bronnadh nó an comharbas sin, caiteachas ag soláthar na feithicle ar cóimhéid leis an gcaiteachas a tabhaíodh amhlaidh ag an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite.

(5) Le linn alt 273 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú maidir le cás inarb í an fheithicil an gléasra nua dá dtagraítear san alt sin, déanfar neamhshuim den caiteachas sa mhéid gur mó é ná £2,500, ach is foráil í seo gan dochar d'fheidhmiú na bhfo-alt sin roimhe seo maidir leis an bhfeithicil.

(6) I gcás inar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicle ach faoin alt 303 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go bhfuil aon chuid de le háireamh mar chaiteachas nár thabhaigh duine, ní foláir an méid (faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo) a bheidh le háireamh chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an caiteachas caipitiúil sin a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

Teorainn le liúntas athnuachana do gluaisteáin.

26. —D'fhonn a chinneadh cad é an méid (más ann) is incheadaithe—

(a) a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D a bheith á ríomh, nó

(b) a asbhaint as díolaíochtaí is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E, nó

(c) a chur i gcuntas chun críocha éileamh ar chaiteachais bhainistí faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

i leith caiteachais chaipitiúil, is é sin caiteachas os cionn £2,500, a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar neamhshuim chun gach críche den bharrachas os cionn £2,500; ach más rud é nuair a bheidh athsholáthar á dhéanamh ar an bhfeithicil sin go mbeidh aon mhéid incheadaithe mar a dúradh i leith caiteachas caipitiúil ar aon fheithicil eile, ní foláir aon asbhaint a bheidh le déanamh, nuair a bheidh an méid sin is deireanaí atá luaite á chinneadh, i leith luach nó fáltas díola na feithicle ar soláthraíodh feithicil ina háit, nó a bheidh le déanamh i slí éigin eile ina leith sin, a laghdú go dtí an chomhréir idir £2,500 agus costas na feithicle ar soláthraíodh feithicil ina háit.

Teorainn le hasbhaintí, etc., i leith fruiliú gluaisteán.

27. —Más rud é, ar leith ón alt seo, go gceadófaí méid aon chaiteachais ag fruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) feithicle lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint nó a chur i gcuntas mar a luaitear in alt 26, agus gur mhó ná £2,500 praghas miondíola na feithicle tráth a déanta, déanfar an méid sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an praghas sin.

Gluaisteáin: forálacha i dtaobh fruilcheannaigh, etc.

28. —(1) I gcás feithicil lena mbaineann an t-alt seo, is é sin feithicil ar mó ná £2,500 a praghas miondíola tráth an chonartha atá i gceist, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas.

(2) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo faoi chonradh a d'fhoráil go mbeidh sé nó go bhféadfadh sé bheith ina úinéir ar an bhfeithicil ar an gconradh a chomhlíonadh, do scor de bheith i dteideal sochar an chonartha gan teacht chun bheith ina úinéir ar an bhfeithicil, fágfar an caiteachas sin, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfeithicil, as cuntas chun críocha alt 241 agus Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus an méid (más ann) is incheadaithe mar a luaitear in alt 26 á chinneadh.

(3) I gcás éifeacht a bheith ag fo-alt (2), déanfar na híocaíochtaí go léir a rinneadh faoin gconradh a áireamh chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear go háirithe críocha alt 27) mar chaiteachas a tabhaíodh ag fruiliú na feithicle ar shlí seachas trí fhruilcheannach.

(4) Más faoi chonradh fruilcheannaigh a thógfaidh an duine a bheidh ag soláthar na feithicle í, ansin nuair a bheidh na híocaíochtaí faoin gconradh á gcionroinnt idir an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus aon chaiteachas eile, áireofar mar chaiteachas caipitiúil den sórt sin cibé cion de na híocaíochtaí sin a bheidh comhionann leis an bpraghas ab inmhuirir tráth déanta an chonartha, ar an duine a bheadh ag soláthar na feithicle dá mbeadh sé á fáil ar glandíol.

Gluaisteáin : forálacha i gcás fruilitheoir a theacht chun bheith ina úinéir.

29. —Má thagann duine a rinne feithicil lena mbaineann alt 27 a fhruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) chun beith ina úinéir ar an bhfeithicil sin dá éis sin, agus gur mhó ná £2,500 praghas miondíola na feithicle tráth a déanta, ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim (agus go háirithe ailt 25 agus 27)—

(a) déanfar cibé cion de chomhiomlán na n-íocaíochtaí i leith fruiliú na feithicle agus aon íocaíocht chun í a fháil nach mó ná praghas miondíola na feithicle tráth a déanta a áireamh mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus mar chaiteachas a tabhaíodh nuair a thosaigh an fruiliú, agus

(b) déanfar na híocaíochtaí a bheidh le háireamh mar chaiteachas ar fhruiliú na feithicle a laghdú go rátúil ionas go mbeidh an comhiomlán ar aon mhéid leis an iarmhéid.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hailt 25 go 29.

30. —(1) Faoi réir an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, is iad na feithiclí lena mbaineann ailt 25 go 29 feithiclí bóthair inneallghluaiste atá déanta nó oiriúnaithe chun paisinéirí a iompar, seachas feithiclí de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá neamhoiriúnach lena n-úsáid amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 25 go 27 ná ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 ná ag alt 29 sa chás ina mbeidh feithicil arna soláthar nó, de réir mar a bheidh, ar fruiliú, go hiomlán nó go formhór lena fruiliú chuig daoine den phobal, nó chun daoine den phobal a iompar, i ngnáthchúrsa trádála.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na forálacha atá in ailt 25 agus 26 nó i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 agus in alt 29 maidir le feithicil a sholáthróidh duine ar monaróir é a dhéanann feithiclí dá luaitear i bhfo-alt (1), nó a dhéanann páirteanna nó gabhálais do na feithiclí sin, má shuíonn sé gur d'aontoisc chun tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar pháirteanna nó ar ghabhálais d'feithiclí den sórt sin a soláthraíodh an céanna:

Ar choinníoll, má bhaineann sé úsáid as an bhfeithicil sin go forleathan ar mhodh nach bhfreastalaíonn don chuspóir sin agus don chuspóir sin amháin, sa tréimhse cúig bliana dar tosach an t-am a soláthraíodh an fheithicil, go measfar nach raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo i leith na feithicle sin.

(4) (a) Déanfar gach measúnacht bhreise agus gach coigeartú breise ar mheasúnachtaí (lena n-áirítear measúnachtaí agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí i leith cánach brabús corparáide) is gá chun éifeacht a thabhairt d'fho-ailt (2) agus (3) d'alt 28, d'alt 29 agus d'fho-alt (3), agus féadfar aon mheasúnachtaí breise den sórt sin nó aon choigeartuithe breise den sórt sin ar mheasúnachtaí a dhéanamh tráth ar bith.

(b) I gcás bás duine a bheadh, murach gur éag sé, inmhuirir i leith cánach d'aon bhliain faoi fhorálacha fho-ailt (2) agus (3) d'alt 28, alt 29 agus fho-alt (3), déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

(5) ní fholaíonn na tagairtí atá in ailt 25 go 27 do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle tagairtí do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, ná do chaiteachas a tabhaíodh faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin i gcás—

(a) an caiteachas a thabhú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin, nó

(b) gur conradh fruilcheannaigh é nó chun ceannach i dtráthchodanna,

agus ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 ná ag alt 29 más roimh an lá sin a rinneadh an conradh.

(6) Déanfar an t-alt seo agus ailt 25 go 29 agus Cuid XIII agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a fhorléiriú mar aon ní amháin, ach amháin in alt 26 go ndéanfar “caiteachas caipitiúil” a fhorléiriú ar neamhaird le halt 303 (1) den Acht sin.

Cáin ioncaim ar dhíbhinní áirithe.

31. —Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncam is díbhinn, de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, is é sin díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1975, áireofar san ioncam a bheidh inmhuirir i leith cánach ioncaim amhlaidh méid an chreidmheasa cánach a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

Daingniú ar chomhaontú maidir le cánachas dúbailte.

32. —Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, a rinneadh an 2ú lá de Bhealtaine, 1973, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontaithe a rinneadh an 14ú lá d'Aibreán, 1926, agus atá leagtha amach i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú leis an gcomhaontú a rinneadh an 25ú lá d'Aibreán, 1928, agus atá leagtha amach sa Chuid sin, agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.

Caibidil II

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Muirearú i leith cánach a chur i mbaint le brabúis agus ioncam as gníomhaíochtaí a sheoltar agus fostaíochtaí a fheidhmítear ar an Scairbh Ilchríochach.

1968, Uimh. 14 .

1960, Uimh. 7 .

33. —(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal—

(a) ciallaíonn “gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe” gníomhaíochtaí a sheoltar i ndáil le taiscealadh nó saothrú na coda sin de ghrinneall agus d'fho-ithir na farraige agus a n-ábhair mhaoine nádúrtha atá sa Stát nó i limistéar ainmnithe;

(b) ciallaíonn “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” cearta chun sócmhainní a bheidh le cur ar fáil trí ghníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe nó chun leasanna sna sócmhainní sin nó chun tairbhe na sócmhainní sin;

(c) ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar atá ainmnithe le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ;

(d) ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí, agus ciallaíonn “chun críocha cánach” chun críocha aon cheann de na cánacha sin.

(2) Aon bhrabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a sheoltar i limistéar ainmnithe nó as cearta taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar bhrabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí nó maoin sa Stáit.

(3) Aon bhrabúis nó gnóchain a thagann chun aon duine nach bhfuil cónaí air sa Stát as gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a sheoltar sa Stát nó i limistéar ainmnithe nó as cearta taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar bhrabúis nó gnóchain as trádáil a sheolann an duine sin sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht.

(4) I gcás gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a bheith á seoladh ag duine thar ceann sealbhóir ceadúnais a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 , measfar, chun críche aon mheasúnachta i leith cánach, gur gníomhaire don duine sin an sealbhóir ceadúnais sin.

(5) Aon díolaíochtaí as oifig nó fostaíocht i leith dualgais a rinneadh i limistéar ainmnithe i ndáil le gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar dhíolaíochtaí i leith dualgais a rinneadh sa Stát.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain 1973-74 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, agus chun críocha cánach brabús corparáide i leith aon bhrabúis a tháinig nó a thiocfaidh an 1ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis.

(7) Beidh éifeacht ag an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Díolúine ó cháin ar ioncam as ríchíosanna paitinne.

1964, Uimh. 12 .

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “paitinn cháilitheach” paitinn ar sa Stát a rinneadh ina leith an taighde, an phleanáil, an phróiseáil, an turgnamh, an tástáil, an seiftiú, an dearadh, an fhorbairt nó aon ghníomhaíocht eile den sórt sin ba réamhshaothar i leith an aireagáin is ábhar don phaitinn;

ciallaíonn “ioncam as paitinn cháilitheach” aon ríchíos nó aon suim eile a íoctar as úsáid aireagán lena mbaineann an phaitinn cháilitheach agus folaíonn sé aon suim a íoctar as ceadúnas a dheonú chun cearta a fheidhmiú faoin bpaitinn sin;

ciallaíonn “cónaitheoir sa Stát” aon duine a bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach ioncaim agus nach bhfuil cónaí air in aon áit eile; áireofar gur cónaitheoir sa Stát cuideachta más sa Stát a bhainistítear agus a rialaítear í.

(2) Cónaitheoir sa Stát a dhéanfaidh éileamh chuige sin agus a chuirfidh tuairisceán ar fáil san fhoirm fhorordaithe i dtaobh a ioncam iomlán as gach bunadh, arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, beidh sé i dteideal go ndéanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, d'aon ioncam a tháinig nó a thiocfaidh chuige as paitinn cháilitheach an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis.

(3) Más rud é, faoi alt 92 d'Acht na bPaitinní, 1964 , nó faoi aon fhorálacha comhréire i ndlí aon tíre eile, go mbeidh aireagán is ábhar do phaitinn á dhéanamh, á úsáid, á fheidhmiú nó á dhíol ag an Stát nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó ag rialtas na tíre lena mbaineann nó le haghaidh seirbhís an rialtais sin, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba gur de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh, nó a díoladh an t-aireagán sin agus gur ioncam as paitinn cháilitheach aon suimeanna a íocadh ina leith sin.

(4) Má bhíonn, de bhun an ailt seo, neamhshuim le déanamh d'aon ioncam a tháinig nó a thiocfaidh chun duine, ní áireofar an duine sin, de bhíthin na neamhshuime sin, mar dhuine a scoir de sheilbh a bheith aige ar bhunadh amháin go hiomlán de réir brí alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) D'fhonn teacht ar an méid ioncaim a mbeidh neamhshuim le déanamh de faoin alt seo chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé cionroinnt is gá a dhéanamh ar fháltais agus ar chaiteachais.

(6) Féadfar an faoiseamh a fhoráiltear san alt seo a thabhairt trí aisíoc nó i slí eile.

(7) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le díolúintí ó cháin faoin alt seo.

Ús ar chánacha agus ar dhleachtanna neamhíoctha.

1891, c. 39.

1972, Uimh. 22 .

35. —Aon ús is iníoctha—

(a) faoi alt 15 den Stamp Act, 1891, agus faoi fho-ailt (2) agus (3) d'alt 69 den Acht seo,

(b) faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(c) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

beidh sé iníoctha gan aon asbhaint cánach ioncaim agus ní lamhálfar é le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, nó na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.

Caibidil III

Cáin Bhrabús Corparáide

Fadú tréimhse do dhíolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide.

1929, Uimh. 32 .

36. —Tabharfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929 , i leith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1973, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1973.

Cáin bhrabús corparáide ar dhíbhinní áirithe.

1920, c. 18.

37. —Má áirítear sna brabúis is inmhuirir i leith cánach brabús corparáide faoi alt 52 den Finance Act, 1920, díbhinn de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é sin, díbhinn a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, agus tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1975, áireofar sna brabúis is inmhuirir amhlaidh méid aon chreidmheasa cánach is iomchuí don díbhinn a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

Daingniú ar phrótacal i dtaobh cánachais dúbailte.

1949, Uimh. 13 .

38. —Daingnítear leis seo an prótacal atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a síníodh an 2ú lá de Bhealtaine, 1973, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontaithe atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.

Caibidil IV

Forálacha frithsheachanta agus pionóis

Athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanais trádála a dhícheadú agus liúntais chaipitiúla a shrianadh.

1964, Uimh. 15 .

39. —(1) Má tharlaíonn athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta—

(a) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh sular athraíodh an úinéireacht, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as, nó a fhritháireamh in aghaidh, méid na mbrabús nó na ngnóchan ar a ndéanfar an chuideachta a mheasúnú i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D i ndáil leis an trádáil sin d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis an athrú úinéireachta sin;-

(b) chun críocha alt 241 (3), 244 (7), 245 (6), 248, 252, 254 (5), 295 nó 305 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní dhéanfar méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó na ngnóchan as trádáil a bheidh á seoladh ag an gcuideachta aon bhliain mheasúnsachta a chríochnóidh roimh an athrú úinéireachta a chur le méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó na ngnóchan as an trádáil sin d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis an athrú úinéireachta sin ná ní mheasfar gurb éard é méid na liúntas caipitiúil sin ná gur cuid den mhéid sin é;

(c) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 , i leith caillteanas a bhain don chuideachta i dtréimhse chuntasaíochta a thosóidh roimh an athrú úinéireachta, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as brabúis nó a fhritháireamh in aghaidh brabúis a thiocfaidh chun na cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an athrú úinéireachta sin.

(2)  (a) Baineann an fo-alt seo le haon chuideachta a dtarlóidh athrú iomchuí ar a húinéireacht, agus a mbainfidh caillteanas di sa bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta.

(b) I gcás cuideachta lena mbaineann an fo-alt seo—

(i) déanfar méid an chaillteanais a bhainfidh don chuideachta an bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta a chionroinnt ar an mbonn a shonraítear in alt 107 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus an caillteanas roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta roimh an athrú úinéireachta, agus an caillteanas iar-athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta tar éis an athrú úinéireachta,

(ii) déanfar méid aon ioncaim, as ar baineadh cáin ioncaim, de chuid na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin a chionroinnt faoi threoir an dáta ar a bhfuair an chuideachta an t-ioncam sin, agus an t-ioncam cáinghearrtha roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a fuarthas sa chuid sin den bhliain sin roimh an athrú úinéireachta agus an t-ioncam cáinghearrtha iar-athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid den ioncam sin a fuarthas sa chuid sin den bhliain sin tar éis an athrú úinéireachta,

(iii) déanfar méid aon ioncaim don bhliain sin, seachas an t-ioncam sin dá dtagraítear i bhfomhír (ii), a chionroinnt ar an mbonn a shonraítear in alt 107 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus an t-ioncam roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain sin roimh an athrú úinéireachta agus an t-ioncam iarathrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain sin tar éis an athrú úinéireachta.

(c) I gcás ina n-éileoidh cuideachta lena mbaineann an fo-alt seo faoiseamh faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na bliana measúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, ní rachaidh méid aon fhaoisimh a bheidh le tabhairt faoin alt sin 307 don bhliain mheasúnachta sin thar a suim seo a leanas :

(i) méid an fhaoisimh a thabharfaí i leith na bliana measúnachta sin dá mba rud é nach raibh sa chaillteanas a bhain don chuideachta an bhliain mheasúnachta sin ach méid an chaillteanais roimh athrú agus nach raibh in ioncam na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin ach méid an ioncaim cháinghearrtha roimh athrú mar aon le méid an ioncaim roimh athrú;

agus

(ii) méid an fhaoisimh a thabharfaí dá mba rud é nach raibh sa chaillteanas a bhain don chuideachta an bhliain mheasúnachta sin ach méid an chaillteanais iar-athrú agus nach raibh in ioncam na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin ach méid an ioncaim cháinghearrtha iar-athrú mar aon le méid an ioncaim iar-athrú.

(d) Ní chuirfear i gcuntas, chun críocha alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon chaillteanas roimh athrú, nach mbeidh faoiseamh tugtha, nó tugtha go hiomlán, ina leith faoi aon fhoráil sna hAchtanna Cánach Ioncaim arna modhnú leis an bhfo-alt seo.

(3) Más rud é, le linn brabúis nó gnóchain as trádáil atá á seoladh ag cuideachta, a dtarlóidh athrú iomchuí ar a húinéireacht, a bheith á muirearú don bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, go mbeidh liúntais chaipitiúla le tabhairt, áireofar—

(a) cibé cion d'aon asbhaint a bheidh le déanamh faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus is inchurtha i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta roimh an athrú úinéireachta, agus

(b) cibé cion d'aon liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt faoi aon fhoráil seachas an t-alt sin 241 a dúradh, agus ar liúntais chaipitiúla iad i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an athrú úinéireachta,

mar mhéid liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt i leith bliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta.

(4)  (a) I gcás ina ndearnadh an faoiseamh i leith caillteanais nó méid na liúntas caipitiúil a tugadh i leith cuideachta ar tharla athrú iomhchuí ar a húinéireacht a shrianadh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nuair a bheidh forálacha Chuid XVI den Acht sin i dtaobh muirir chothromaíochta á bhfeidhmiú i leith na cuideachta faoi threoir aon teagmhais tar éis an athrú úinéireachta, déanfar neamhshuim d'aon liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt i leith na cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta mura rud é gur leor na brabúis nó na gnóchain don bhliain mheasúnachta sin nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta chun éifeacht a thabhairt do na liúntais.

(b) Nuair a bheidh mír (a) á feidhmiú measfar feidhm a bheith á baint as aon bhrabúis nó gnóchain chun éifeacht a thabhairt d'aon liúntais chaipitiúla den sórt sin i dtosaíocht ar iad a fhritháireamh in aghaidh caillteanais nach inchurtha i leith na liúntas sin.

(5) Nuair a bheidh fo-alt (1) (c) á fheidhmiú maidir leis an tréimhse chuntasaíochta inar tharla an t-athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta, áireofar mar dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid a chríochnaigh leis an athrú úinéireachta, agus an chuid a thosaigh dá éis sin, agus déanfar brabúis nó caillteanais na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt ar an dá chuid. Is ar bhonn ama a dhéanfar an chionroinnt de réir fad faoi seach na gcodanna sin ach más dealraitheach go n-oibreodh an modh sin go míréasúnach nó go héagórach úsáidfear cibé modh eile is dealraitheach a bheith cóir réasúnach.

(6)  (a) Chun críocha an ailt seo measfar gur tharla athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta más rud é—

(i) in aon tréimhse trí bliana gur tharla athrú ar úinéireacht na cuideachta agus mórathrú ar chineál nó ar sheoladh thrádáil de chuid na cuideachta, cibé acu is i gcomhthráth leis an athrú úinéireachta nó roimhe nó dá éis a tharla an mórathrú sin, nó

(ii) gur tharla athrú ar úinéireacht na cuideachta aon tráth tar éis scála gníomhaíochtaí i dtrádáil de chuid na cuideachta dul i laghad nó i léig, agus roimh aon mhórbhorradh teacht ar an trádáil.

(b) I mír (a) folaíonn “mórathrú ar chineál nó ar sheoladh thrádáil”—

(i) mórathrú ar an gcineál maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó ar na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil, nó

(ii) mórathrú ar chustaiméirí, ar chóracha díola nó ar mhargaí na trádála,

agus beidh feidhm ag an alt seo fiú más as próis leanúnach a thosaigh lasmuigh den tréimhse trí bliana a luaitear i mír (a) (i) a tháinig an t-athrú.

(c) Beidh éifeacht ag an gCúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

(7) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bheidh le tabhairt le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh, faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII den Acht sin;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a tharla an t-athrú úinéireachta agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) (a) (i) má críochnaíodh an mórathrú i gcineál nó i seoladh na trádála roimh an dáta sin; ach, ar shlite eile, beidh éifeacht ag an alt seo faoi threoir toscaí agus teagmhais roimh an dáta sin agus, fairis sin, faoi threoir toscaí agus teagmhais níos deireanaí.

Srian le liúntais chothromaíochta ar fhoirgnimh agus déanmhais tionscail a dhíol.

1968, Uimh. 7 .

40. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) má dhíoltar an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas faoi réir íosleasa; agus

(b) go mbeadh, ar leith ón alt seo, liúntas cothromaíochta faoi alt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le tabhairt de bhua an díola, don duine nó chun sochair don duine (dá ngairtear an duine iomchuí san alt seo) a bhí i dteideal an leasa iomchuí díreach roimh an díol; agus

(c)      (i) go mbeidh baint ag an duine iomchuí, ag an duine a ndíolfar an leas iomchuí leis agus ag deontaí an íosleasa, nó aon bheirt acu, lena chéile de réir brí fho-alt (6), nó

(ii) gur dealraitheach, maidir leis an díol nó le deonú an íosleasa, nó maidir le hidirbhearta lena n-áirítear an díol nó an deonú, gurb é an t-aon sochar nó an príomhshochar a mheasfaí, murach an t-alt seo, a d'fhaibhreodh do na páirtithe nó d'aon pháirtí díobh liúntas nó asbhaint a fháil faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Chun críocha an ailt sin 265, measfar maidir le glanfháltas an duine iomchuí as an díol—

(a) é a bheith méadaithe de mhéid is comhionann le haon phréimh is infhaighte aige as an íosleas a dheonú; agus

(b) i gcás nach iníoctha aon chíos, nó aon chíos tráchtála, i leith an íosleasa, gurb é a suim seo a leanas é—

(i) méid na bhfáltas sin dá mba go raibh cíos tráchtála iníoctha agus gur díoladh an leas iomchuí ar an margadh oscailte, agus

(ii) aon mhéid a bheidh le cur leis faoi mhír (a);

ach ní mheasfar, de bhua an fho-ailt seo, gur mó glanfháltais an díola ná cibé méid a áiritheoidh nach mbeidh aon liúntas cothromaíochta le tabhairt.

(3) I gcás ina n-oibreoidh fo-alt (2), maidir le díol, chun liúntas cothromaíochta a dhiúltú nó a laghdú i leith aon chaiteachais, déanfar iarmhar an chaiteachais sin díreach tar éis an díola a ríomh chun críocha na Caibidle sin I amhail is dá mba gur tugadh an liúntas cothromaíochta sin, nó, de réir mar a bheidh, nár laghdaíodh é.

(4) I gcás ina ndéanfar na téarmaí ar ar deonaíodh íosleas a athrú roimh an leas iomchuí a dhíol, áireofar aon chomaoin chaipitiúil i leith an athraithe, chun críocha an ailt seo, mar phréimh chun an leas a dheonú, agus déanfar an cheist i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil cíos iníoctha i leith an leasa, agus, má tá, cad é an cíos é, a chinneadh faoi threoir na dtéarmaí mar a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an díol.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “íosleas” aon leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas lena mbaineann nó aon cheart thar an bhfoirgneamh nó thar an déanmhas sin, cibé acu is é an duine iomchuí féin nó duine éigin eile a dheonaigh é;

folaíonn “préimh” aon chomaoin chaipitiúil ach amháin cibé cion d'aon suim a bheidh ar comhréir le haon mhéid cíosa nó brabús a bheidh le ríomh faoi threoir na suime sin faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “comaoin chaipitiúil” comaoin ar suim chaipitiúil í nó ar suim chaipitiúil a bheadh inti dá mba i bhfoirm íocaíochta airgid di;

folaíonn “cíos” aon chomaoin nach comaoin chaipitiúil;

ciallaíonn “cíos tráchtála” cibe cíos a mheasfaí le réasún a éileofaí i leith an íosleasa áirithe, ag féachaint d'aon phréimh is iníoctha as an leas a dheonú, dá mba idirbheart gan tuilleamaí an t-idirbheart.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag daoine lena chéile dá measfaí baint a bheith acu lena chéile chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(7) Forléireofar an t-alt seo amhail is dá mba alt é a bhí i gCaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh feidhm aige in aon chás inar díoladh nó ina ndíolfar an leas iomchuí an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis.

Leasú ar alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

41. —Leasaítear leis seo alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis :

“(7) Má thabhaíonn duine a bhfuil baint aige le comhlacht corpraithe caiteachas, ar chaiteachas é den chineál a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) dá mba é an comhlacht corpraithe a thabhaigh é, measfar, chun críocha an ailt seo, gurbh é an comhlacht corpraithe a thabhaigh an caiteachas agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha fho-alt (1) maidir le haon duine, ar stiúrthóir nó fostaí é de chuid an chomhlachta chorpraithe, ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas.

(8) Measfar baint a bheith ag duine le comhlacht corpraithe chun críocha fho-alt (7), más duine é—

(a) is iontaobhaí ar chomhshocraíocht de réir brí alt 447, a rinne an comhlacht corpraithe, nó

(b) is comhlacht corpraithe,

agus go measfaí baint a bheith ag an duine sin leis an gcomhlacht corpraithe chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .”.

Alt 121 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do scor.

42. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 121 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1973-74 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

Leasú ar alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

43. —Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó cáin a sheoladh chun an Bhailitheora” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “doiciméid eile a thabhairt ar aird”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fho-ailt sin :

“(1A) Más comhlacht daoine an duine a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear pionós ar leithligh £20 a chur ar an rúnaí.”.

Leasú ar alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1896, c. 25.

44. —Leasaítear leis seo alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis :

“(2) Ní bheidh cara-chumann cláraithe i dteideal díolúine ó cháin faoin alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta, is é sin, an bhliain 1973-74 nó aon bhliain dá éis sin, má chinneann na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha teidil chun díolúine don bhliain sin, nach gcomhlíonann an cumann na coinníollacha seo a leanas :

(a) gur d'aontoisc chun aon cheann nó gach ceann de na críocha atá leagtha amach in alt 8 (1) den Friendly Societies Act, 1896, a bunaíodh é agus nach chun buntáiste cánach a fháil; agus

(b) go raibh sé, ó bunaíodh é, ag gabháil go heisiatach do ghníomhaíochtaí le haghaidh na gcríocha dar bunaíodh é amhlaidh agus nach raibh sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála, seachas i modh árachais i leith comhaltaí, d'fhonn brabúis a dhéanamh.

(3) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoin alt seo ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cara-chumann cláraithe, breithneoidh siad aon fhianaise a chuirfidh an cumann faoina mbráid maidir leis an ábhar.

(4) In aon chás inarb éagóir le cara-chumann cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo maidir leis an gcumann, beidh an cumann i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc é in gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.”.

Leasú ar alt 413 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

45. —Leasaítear leis seo alt 413 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£100” a chur in ionad “£50”.

Leasú ar alt 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

46. —Leasaítear leis seo alt 503 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó, i gcás calaoise, £1,000,” a chur isteach i ndiaidh “£500,” i mír (a) (i) (I).

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1933, Uimh. 15 .

47. —(1) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 27 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir arna grúdú sa Stát an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, dleacht máil de réir £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad na dleachta custam a fhorchuirtear le halt 27 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , déanfar, an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál arna hallmhairiú isteach sa Stát de réir ráta £31.913 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais, beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt arna ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach, de réir £31.926 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933, maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

I.R. Uimh. 220 de 1972.

1919, c. 32.

1926, Uimh. 35 .

48. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, tríd an ábhar atá i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 28 den Acht Airgeadais, 1971 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníonadh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.08 nó faoin gceannteideal taraife darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.

(d) Aisghairtear leis seo alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1971 , amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir £17.990 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 28 (4) den Acht Airgeadais, 1971 .

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1940, Uimh. 14 .

1934, Uimh. 31 .

49. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I, II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadas, 1969.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus

(b) ionann is dá mbeadh na tuairiscí tobac mhonaraithe a luaitear i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de in ionad an ráta a luaitear sa dara colún sin os coinne lua tobac mhonaraithe sa chéad cholún sin.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac neamh-mhonaraithe a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a allmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a d'fhás sé agus gurbh as sin a coinsíníodh é.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac neamh-mhonaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gceannteideal taraife darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus go mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

(5) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 17ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1969 .

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

50. —(1) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) sa mhéid gur tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamh-mhonaraithe na stoic, £0.627 ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar stoic tobac a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh monaróra cheadúnaithe tobac má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná 5,500 punt meáchan iomlán na stoc sin a bheidh ar úinéireacht nó i seilbh an mhonaróra agus ar a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, an dleacht inmhuirir.

(3) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, lán-ullmhaithe lena mhiondíol agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a mhiondíol; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena mhiondíol má bhí sé de réir gnáthchúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(4) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé faisnéis a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na cainníochtaí de réir meáchain de gach tuairisc tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a tugadh de bhun fho-alt (4) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973.

(6) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo nó an 23ú lá de Bhealtaine, 1973, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéiri Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an lú lá de Shamhain, 1973, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(7) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (5) den alt seo air a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach cion den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(8) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-alt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Toitíní le honnmhairiú.

1842, c. 93.

1863, c. 7.

51. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 1, 3, 4, 5 ná 8 den Tobacco Act, 1842, maidir le—

(a) toitíní a monaraíodh, lena n-onnmhairiú, go hiomlán nó páirteach as airteagail nó earraí a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 38 den Acht Airgid, 1932 , a allmhairiú gan aon dleacht custam a íoc, nó

(b) monarú toitíní den sórt sin, nó aon ní a úsáidtear i monarú toitíní den sórt sin.

(2) Bainfidh alt 10 den Manufactured Tobacco Act, 1863, le toitíní lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo ar iad a onnmhairiú as an Stát, agus ní aon tráth roimhe sin, ach thairis sin bainfidh sé le tobac monaraithe amhail is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1) den alt seo.

Orduithe a dhaingniú.

52. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 162 de 1972.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine), 1972

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972

I.R. Uimh. 4 de 1973 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 201) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 68 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 202) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife) (Leasú), 1973

I.R. Uimh. 71 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 203) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 72 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 204) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973

I.R. Uimh. 83 de 1973.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 205) (Beoir, Biotáille, Tobac, Olaí Hidreacarbóin agus Fíon), 1973.

CUID III

Dleachtanna Báis

Athrú ar rátaí dleachta eastáit.

53. —I gcás daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, is é an scála rátaí dleachta eastáit an scala atá leagtha amach san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus beidh éifeacht an scála sin aige, in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1972 , agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Forálacha is iarmhaírt ar athruithe ar na rátaí dleachta eastáit.

1961, Uimh. 23 .

1931, Uimh. 31 .

54. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1961 , trí “deich míle punt” a chur in ionad “seacht míle cúig chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ).

(2) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgid, 1931 , trí “deich míle punt” a chur in ionad “seacht míle cúig chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ).

(3) I gcás inar mó ná deich míle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistreoidh ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an bhreis a bheidh ag luach glan na maoine sin, tar éis méid na dleachta eastáit is inchurtha ina leith a asbhaint, ar dheich míle punt.

(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar rátaí dleachta leagáide agus dleachta comharbais.

55. —(1) Aon dleacht leagáide nó dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta cúig faoin gcéad faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh sí iníoctha de réir ráta deich faoin gcéad agus aon dleacht leagáide nó dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta deich faoin gcéad faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh sí iníoctha de réir ráta fiche faoin gcéad ar mhéid nó ar luach na leagáide nó an chomharbais.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo, i gcás dleachta leagáide, más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a d'éag an tiomnóir ar faoina uacht a tugadh an leagáid, nó an díthiomnóir arb iníoctha an dleacht leagáide ar a bhás, agus, i gcás dleachta comharbais, más roimh an dáta sin a tíolacadh an comharbas.

Laghdú ar dhleacht eastáit.

56. —(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£4,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh insteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh insteach leis an Acht Airgeadais, 1972 , a dúradh) gach áit a bhfuil siad faoi seach i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5).

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le sochair (de réir brí an ailt sin 45) a fhaibhreoidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910.

1910, c.8.

57. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 (1) den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “£3,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ).

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais 1965.

1965, Uimh. 22 .

58. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1965

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) i bhfo-alt (1) :

“(d) Chun críocha dleachta eastáit déanfar luach comhiomlán na sochar báis uile is iníoctha ar bhás a laghdú £7,500 nó an luach comhiomlán sin, cibé acu is lú.”,

(b) tríd an míniú ar “leanbh cleithiúnach” i bhfo-alt (1) (f) a scriosadh,

(c) trí “le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh” i bhfo-alt 2 (a) a scriosadh, agus

(d) trí “, ‘leanaí cleithiúnacha’” bhfo-alt 2 (b) a scriosadh.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás duine a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Faoiseamh i leith airgead áirithe is iníoctha faoi pholasaithe árachais.

59. —(1) Má áirítear airgead polasaí sa mhaoin a aistreoidh nó a mheastar a aistreoidh ar bhás an éagaigh déanfar luach príomhshuime an airgid pholasaí sin chun críocha dleachta eastáit a lagdhú £7,500 nó luach na príomhshuime sin, cibé acu is lú.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “airgead polasaí” méid iomlán an airgid (seachas aisíoc préimheanna) ab iníoctha faoi pholasaí nó polasaithe árachais a bhunaigh an t-éagach ar a shaol féin agus ab iníoctha ar a bhás sa chás—

(a) inar phréimh ab iníoctha go bliantúil, go leathbhliantúil, go ráithiúil nó go míosúil ar feadh tréimhse a bhraith ar shaol an éagaigh a bhí sa chomaoin don pholasaí, agus

(b) nár mhó méid iomlán na bpréimheanna a íocadh in aon tréimhse dhá mhí dhéag ná fiche faoin gcéad den airgead ab iníoctha ar bhás,

ach folaíonn sé freisin airgead ab iníoctha ar bhás an éagaigh faoi pholasaí árachais a eisíodh faoi réir an choinníll nach mbeadh na sochair a d'urraigh an polasaí iníoctha ach amháin sa chás gur de dheasca tionóisce a tharla bás an éagaigh.

(3) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás duine ar a mbeidh sainchónaí sa Stát tráth a bháis agus a éagfaidh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Díolúine ó dhleacht ag iontaobhais aonad áirithe.

1972, Uimh. 17 .

1951, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1970, Uimh. 14 .

60. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “urrúis” urrúis (lena n-áirítear stoc bintiúir, bannaí morgáiste agus stoc morgáiste agus deimhnithe muirir faoi na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972) arna n-eisiúint, roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, agus coinníoll leo go mbeidh siad díolmhaithe ó chánachas le linn dóibh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” scéim iontaobhais aonad atá cláraithe sa chlár a bunaíodh leis an Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , a bhforálann a ghníomhas ag sainiú iontaobhais na scéime, gur urrúis amháin a bheidh sa mhaoin atá faoi réir na n-iontaobhas sin.

(2) Beidh aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ) de scéim iontaobhais aonad díolmhaithe ó dhleachtanna báis i ndáil le bás aon duine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith agus ar dhuine é nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát tráth a bháis agus bainfidh alt 12(2) den Acht Airgeadais, 1951 , alt 34(3) den Acht Airgeadais, 1956 , agus alt 39 den Acht Airgeadais, 1970 , leis na haonaid sin amhail is dá mba urrúis iad.

Leasú ar alt 33 den Acht Airgid, 1935 .

1935, Uimh. 28 .

1971, Uimh. 24 .

61. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgid, 1935 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) :

“(6) San alt seo—

ciallaíonn ‘baincéir’ duine a sheolann gnó baincéireachta sa Stát agus folaíonn sé cara-chumann, cumann tionscail agus soláthair, cumann foirgníochta, Banc Taisce an Phoist, banc taisce iontaobhais, an Chuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, agus aon duine lena ndéantar airgead a lóisteáil nó a thaisceadh;

folaíonn ‘pá’ aistriú i leabhair bhaincéara agus aon déileálacha d'aon sórt le haon airgead a lóisteáladh nó a taisceadh in ainm duine a d'éag tar éis am na loisteála nó an taiscthe agus aon duine nó daoine eile;

ciallaíonn ‘cuntas reatha’ cuntas ar a n-oibrítear de ghnáth trí sheic nó ordú baincéara;

tá le ‘gnó baincéireachta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

folaíonn tagairtí d'airgead a lóisteáladh nó a taisceadh tagairtí do scaireanna i gcumann foirgníochta, i gcara-chumann nó i gcumann tionscail agus soláthair.”

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le bás aon duine a éagfaidh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Caibidil I

Ilghnéitheach

Tosach feidhme (Caibidil I).

62. —Tiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1973, nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh an teacht i ngníomh sin.

Leasú ar alt 88 den Stamp Act, 1891.

63. —Leasaítear leis seo alt 88 den Stamp Act, 1891, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) As respects an instrument executed on or after the 1st day of June, 1973, or deemed by virtue of this subsection to be a new and separate instrument executed on or after the 1st day of June, 1973, where such total amount is unlimited, the security shall—

(a) if unstamped, or if stamped with ad valorem duty to cover an amount not exceeding £10,000 be available only for £10,000, and

(b) if stamped with ad valorem duty to cover an amount exceeding £10,000, be available for such amount only;

but where any advance or loan is made in excess of £10,000 or such greater amount as may be covered by that duty, the security shall, for the purpose of stamp duty, be deemed to be a new and separate instrument, executed on the day on which the advance or loan is made”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

64. —(1) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid 1 den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Cheannteidil “BOND, COVENANT, or INSTRUMENT of any kind whatsoever” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

(2)  (a)  Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid II den Naoú Sceideal sin a chur in ionad an Cheannteidil “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal sin (arna leasú amhlaidh).

(b) An Ceannteideal sa Chéad Sceideal sin a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo, measfar, faoi réir forálacha an Cheannteidil sin, go bhfolaíonn sé aon tíolacadh nó aistriú ar aon mhaoin seachas stoic nó urrúis inmhargaidh a oibríonn mar dhiúscairt dheonach inter vivos agus déanfar aon tagairt sa Cheannteideal sin do mhéid nó luach aon chomaoine a fhorléiriú maidir leis an dleacht is inmhuirir ar an tíolacadh nó ar an aistriú sin mar thagairt do luach na maoine.

(3) Déantar leis seo an mhír atá leagtha amach i gCuid III den Naoú Sceideal sin a chur in ionad mhír (3) den Cheannteideal “LEASE” sa Chéad Sceideal sin (arna leasú amhlaidh).

(4) Déantar leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid IV den Naoú Sceideal sin a chur in ionad an Cheannteidil “MORTGAGE, BOND, DEBENTURE, COVENANT (except a marketable security otherwise specially charged with duty) and WARRANT OF ATTORNEY to confess and enter up judgment” sa Chéad Sceideal sin (arna leasú amhlaidh).

(5) Faoi réir alt 4 den Stamp Act, 1891, aon ionstraim atá, de bhua aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den alt seo, díolmhaithe ó dhleacht faoi aon Cheannteideal sa Chéad Sceideal sin a luaitear sna forálacha sin, ní bheidh sí inmhuirir i leith dleachta faoi aon Cheannteideal eile sa Chéad Sceideal sin.

Leasú ar alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 .

65. —(1) Leasaítear leis seo alt 50 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , trí “cúig déag faoin gcéad” a chur in ionad “deich faoin gcéad”.

Ordú a chúlghairm.

66. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 206) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1973.

Caibidil II

Dleacht Stampa ar Chuideachtaí Caipitiúla

Léiriú (Caibidil II)

67. —Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cuideachta chaipitiúil”—

(a) cuideachta atá corpraithe faoi dhliteanas teoranta, nó comhpháirtíocht theoranta arna bunú faoi dhlí an Stáit nó cuideachta nó comhpháirtíocht atá corpraithe nó foirmithe in aon Bhallstát eile agus atá, faoi dhlí an Stáit sin, ar aon dul le haon chuideachta nó comhpháirtíocht den sórt sin, nó

(b) aon chuideachta, gnólacht, comhlachas nó pearsa dhlíthiúil eile ar féidir déileáil ar stocmhargadh leis na scaireanna ina chaipiteal nó ina shócmhainní, nó

(c) aon chuideachta gnólacht, comhlachas nó pearsa dhlíthiúil eile a oibríonn chun brabús a dhéanamh agus a bhfuil sé de cheart ag a comhaltaí nó a chomhaltaí a gcuid scaireanna a dhiúscairt chun tríú páirtithe gan údarás a fháil roimh ré agus nach dtéann a bhfeagracht as fiacha de chuid na cuideachta, an ghnólachta, an chomhlachais nó na pearsan dlíthiúla thar mhéid a scaireanna;

ciallaíonn “Ballstát” Ballstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an lú lá de Lúnasa, 1973, nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí;

ciallaíonn “cláraitheoir” cláraitheoir na gcuideachtaí de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “dleacht stampa” an dleacht stampa a fhorchuirtear le halt 68 den Acht seo;

ciallaíonn “ráiteas” an ráiteas nach foláir a sheachadadh faoi alt 69 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “tríú tír” Stát nach Ballstát;

ciallaíonn “idirbheart” idirbheart lena mbaineann alt 68 (1) den Acht seo;

ciallaíonn tagairt do dhleacht stampa a íocadh dleacht stampa a íocadh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Muirearú dleacht stampa.

68. —(1) Baineann an t-alt seo leis na hidirbhearta seo a leanas a tharlóidh ar an dáta feidhme nó dá éis—

(a) cuideachta chaipitiúil a fhoirmiú;

(b) cuideachta chaipitiúil a dhéanamh de chuideachta, de ghnólacht, de chomhlachas nó de phearsa dhlíthiúil nach cuideachta chaipitiúil;

(c) méadú ar chaipiteal cuideachta caipitiúla trí shócmhainní d'aon chineál a ranníoc seachas méadú ar chaipiteal trí chaipitliú brabús nó cúlchistí, cibé acu is cúlchistí sealadacha nó buana iad, ach lena n-áirítear stoc iasachta le cuideachta chaipitiúil a chomhshó ina scairchaipiteal;

(d) méadú ar shócmhainní cuideachta caipitiúla trí shócmhainní d'aon chineál a ranníoc i gcomaoin, ní ar scaireanna i gcaipiteal nó i sócmhainní na cuideachta, ach ar chearta den chineál céanna atá ag comhaltaí na cuideachta, mar atá, cearta vótála, scair de na brabúis nó scair den bharrachas iar-leachtú;

(e) lárionad éifeachtach bainistí cuideachta caipitiúla, ar i dtríú tír atá a hoifig chláraithe, á aistriú ó thríú tír chun an Stáit;

(f) oifig chláraithe cuideachta caipitiúla ar i dtríú tír atá a lárionad éifeachtach bainistí a aistríú ó thríú tír chun an Stáit;

(g) lárionad éifeachtach bainistí cuideachta caipitiúla nach n-áirítear mar chuideachta chaipitiúil i mBallstát eile a aistriú ón mBallstát sin chun an Stáit;

(h) oifig chláraithe cuideachta caipitiúla ar i dtríú tír atá a lárionad éifeachtach bainistí agus nach n-áirítear mar chuideachta chaipitiúil sa Bhallstát óna bhfuil an oifig chláraithe á haistriú a aistriú ón mBallstát sin chun an Stáit.

(2) Más rud é, ar dháta idirbhirt, nó dá thoradh—

(a) gur sa Stát atá lárionad éifeachtach bainistí na cuideachta caipitiúla, nó,

(b) más i dtríú tír atá lárionad bainistí na cuideachta caipitiúla, gur sa Stát atá oifig chláraithe na cuideachta caipitiúla,

muirearófar dleacht stampa (dá ngairtear dleacht stampa sa Chaibidil seo) ar an ráiteas nach foláir a sheachadadh de bhun na Caibidle seo, agus, faoi réir forálacha na Caibidle seo, beidh feidhm ag an Stamp Act, 1891, i ndáil leis an dleacht stampa sin amhail is dá mba leis an Acht sin a forchuireadh an dleacht sin.

Dleacht stampa le muirearú ar ráiteas.

1907, c. 24.

69. —(1) I gcás aon idirbheart tarlú, déanfar ráiteas ar na sócmhainní, na dliteanais agus na caiteachais dá dtagraítear in alt 70 den Acht seo a sheachadadh don chláraitheoir—

(a) i gcás ina bhfoirmeofar cuideachta chaipitiúil atá le corprú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó le foirmiú faoin Limited Partnerships Act, 1907, sula gcorprófar nó sula gclárófar í, agus

(b) in aon chás eile, laistigh de 30 lá tar éis dáta an idirbhirt,

agus muirearófar dleacht stampa ar an ráiteas de réir £1 ar gach £100 nó cuid de £100 den mhéid a chinnfear de réir an ailt sin 70;

Ar choinníoll, sa chás dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, go muirearófar dleacht stampa nach lú ná £1 ar an ráiteas:

Ar choinníoll freisin, sa chás dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, má bhíonn sé deacair a chinneadh cad é go cruinn an méid ar a bhfuil dleacht stampa inmhuirir, go muirearófar ar an gcéad ásc dleacht stampa de réir an ráta a dúradh ar an ráiteas i leith cibé méid is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, dá éis sin—

(i) má shuitear nár íocadh dóthain dleachta, go mbeidh an dleacht bhreise iníoctha agus áireofar mar riaráiste dleachta í, agus

(ii) má shuitear gur íocadh barraíocht dleachta, go n-aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an barrachas sin mar aon le hús de réir 9 faoin gcéad sa bhliain.

(2) Má mhainnítear an ráiteas atá le seachadadh faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadach laistigh de 30 lá tar éis dáta idirbhirt, dlífidh an chuideachta chaipitiúil lena mbaineann ús a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir punt faoin gcéad ar an méid dleachta is inmhuirir agus a chomhshuim in aghaidh gach mí tar éis an chéad mhí a leanfaidh an mhainneachtain.

(3) Muirearófar ús ar an dleacht bhreise is iníoctha faoi fho-alt (1) (i) den alt seo de réir 9 faoin gcéad sa bhliain ó dháta an idirbhirt a thabhaigh an muirear dleachta go dtí dáta íoctha na dleachta.

(4) Ach amháin i gcás cuideachtaí caipitiúla a shonraítear in alt 73 den Acht seo, ní chorpróidh an cláraitheoir cuideachta chaipitiúil a bheidh le corprú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , ná ní chláróidh sé cuideachta chaipitiúil atá le foirmiú faoin Limited Partnerships Act, 1907, go dtí go mbeidh an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i leith na cuideachta stampáilte.

An méid ar arb inmhuirir dleacht stampa.

70. —Muirearófar dleacht stampa—

(a) i gcás idirbhirt a shonraítear i mír (a), (c) nó (d) d'alt 68 (1) den Acht seo, i leith an mhéid arbh é, ar dháta an idirbhirt, dearbhluach sócmhainní d'aon chineál é a ranníocadh nó a bheidh le ranníoc i ndáil leis an idir bheart ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla lena mbaineann tar éis na dliteanais a bhí ag gabháil leis na sócmhainní sin agus a ghabh an chuideachta chaipitiúil uirthi féin mar aon leis na caiteachais a thabhaigh an chuideachta chaipitiúil i ndáil leis an ranníoc sin a asbhaint;

(b) i gcás idirbheart a shonraítear i mír (b), (e), (f), (g) nó (h) d'alt 68 (1) den Acht seo, i leith an mhéid arbh é, ar dháta an idirbhirt, dearbhluach sócmhainní d'aon chineál é de chuid na cuideachta caipitiúla lena mbaineann tar éis a dliteanais ar an dáta sin mar aon leis na caiteachais a thabhaigh an chuideachta i ndáil leis an idirbheart a asbhaint:

Ar choinníoll, in aon chás, nach mbeidh an méid a muirearófar dleacht stampa ina leith faoi bhun dearbhluach nó luach ainmniúil (cibé acu is mó) scaireanna (más ann) sa cuideachta áirithe a cionroinneadh ar chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i ndáil leis an idirbheart nó a bheidh ar úinéireacht ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla díreach tar éis an idirbhirt:

Ar choinníoll freisin, nuair a bheifear á chinneadh cad é méid an dearbhluacha a mbeidh an dleacht le muirearú ina leith, go n-eisiafar méid aon sócmhainní den sórt a dúradh a ranníoc comhalta faoi dhliteanas neamhtheoranta i ndáil leis an idirbheart nó scair an chomhalta sin i sócmhainní na cuideachta.

Dleacht stampa áirithe a chealú agus faoiseamh i leith íocaíochtaí áirithe dleachta stampa.

1899, c. 9.

71. —(1) (a)  I gcás aon idirbheart arna shonrú in alt 68(1) den Acht seo a tharla an lú lá d'Eanáir, 1973, nó dá éis, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir, faoi alt 8 den Finance Act, 1899, ar aon ráiteas ag insint an mhéid a bheartaítear a urrú trí eisiúint caipitil iasachta (de réir brí an ailt sin) ná, faoi fhoráil lena mbaineann an fo-alt seo, ar aon ionstraim, agus, in aon chás inar íocadh an dleacht sin ón lú lá d'Eanáir, 1973, i leith aon idirbhirt den sórt sin, déanfar, ar iarratas a fháil ón duine a d'íoc an dleacht, an dleacht a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an duine sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “foráil lena mbaineann an fo-alt seo” aon fhoráil arna déanamh le reacht nó faoi reacht a chuireann an dleacht stampa is iníoctha i leith morgáiste nó urrúis inmhargaidh de mhuirear ar aon ghníomhas iontaobhais nó doiciméad eile a urraíonn caipiteal iasachta (de réir brí an ailt sin 8).

(2) I gcás aon idirbhirt ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ráiteas—

(a) faoi alt 112 nó 113 den Stamp Act, 1891, i leith scairchaipiteal ainmniúil cuideachta teoranta, ná

(b) faoi alt 11 den Limited Partnerships Act, 1907, i leith suimeanna a ranníoc comhpháirtithe teoranta.

(3) I gcás aon idirbheart a shonraítear in alt 68(1) a tharla nó a tharlóidh an lú lá d'Eanáir, 1973, nó dá éis, agus roimh an dáta feidhme (dá ngairtear an tréimhse iomchuí san fho-alt seo), agus nárbh fholáir ráitis ina leith a sheachadadh faoi cheachtar de na hAchtanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus ar ar íocadh an dleacht stampa is inmhuirir orthu, féadfaidh an chuideachta a d'íoc an dleacht, ráitis den sórt a shonraítear in alt 69(1) den Acht seo a sheachadadh tráth ar bith roimh an lú lá de Lúnasa, 1975, i dtaobh gach idirbheart a tharla sa tréimhse iomchuí maidir leis an gcuideachta chaipitiúil agus muirearófar dleacht stampa orthu amhail is dá mba gur cuireadh an lú lá d'Eanáir, 1973, in ionad an dáta feidhme in alt 68 den Acht seo agus, más mó an dleacht stampa a íocadh roimhe sin ná méid na dleachta stampa a muirearaíodh ar an ráiteas, aisíocfar méid an bharrachais leis an gcuideachta chaipitiúil.

(4) Má tharlaíonn faoi fhorálacha alt 112 nó 113 den Stamp Act, 1891, gur íocadh dleacht stampa cheana féin i leith scairchaipiteal ainmniúil aon chuideachta caipitiúla agus go mbeidh dleacht stampa iníoctha arís faoin gCaibidil seo ag an gcuideachta chaipitiúil i leith aon chuid den chaipiteal sin nach raibh eisithe ar an dáta feidhme, lamhálfar, mar asbhaint in aghaidh dleachta stampa, an cion sin den dleacht stampa a íocadh cheana a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus méid iomlán na dleachta stampa a íocadh cheana is atá idir an méadú ar an scairchaipiteal a eisíodh (sa mhéid go seasann sé don scairchaipiteal sin nár eisíodh) agus an scairchaipiteal ainmniúil ar íocadh an dleacht stampa ina leith cheana féin, agus, chun críche an ailt seo, áireofar an scairchaipiteal ainmniúil ar íocadh dleacht stampa ina leith cheana féin, in aon chás ina ndearnadh laghdú i scairchaipiteal ainmniúil i modh faoisimh faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1965 , mar scairchaipiteal de shórt ab inmhuirir i leith dleachta dá mba rud é nach ndearnadh aon laghdú den sórt sin.

(5) Más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh ar áireamh i scairchaipiteal cuideachta chaipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo scaireanna nach bhfuil láníoctha, áireofar an méid iomlán a bheidh fós le híoc ar na scaireanna sin ar an dáta sin, chun críocha an fho-ailt sin, mar scairchaipiteal ainmniúil nach raibh eisithe ar an dáta sin.

(6) Déanfar an ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun na Caibidle seo i leith idirbheart a shonraítear in alt 68 (1) (c) den Acht seo, in aon chás inar tharla, laistigh den tréimhse ceithre bliana díreach roimh dháta an idirbhirt agus ar an dáta feidhme nó dá éis, laghdú ar chaipiteal eisithe na cuideachta caipitiúla lena mbaineann de thoradh caillteanais a bhain don chuideachta, a mhuirearú de réir ráta nialas faoin gcéad i leith cibé cion den mhéid a chinnfear de bhun alt 70 den Acht seo a bheidh ag freagairt don laghdú ar an gcaipiteal eisithe nó don chion sin den laghdú ar an gcaipiteal eisithe nár feidhmíodh an ráta nialas faoin gcéad ina leith maidir le hidirbheart níos luaithe a tharla ó laghdaíodh an caipiteal.

Athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí caipitiúla.

72. —(1) Más rud é, i gcás idirbhirt, go bhfaighidh cuideachta chaipitiúil nó cuideachta chaipitiúil atá á foirmiú (dá ngairtear an chuideachta aistrí san alt seo)—

(a) gnóthas nó cuid de ghnóthas cuideachta caipitiúla eile (dá ngairtear an chuideachta aistreora san alt seo), nó

(b) scairchaipiteal cuideachta caipitiúla eile de mhéid a thabharfaidh go mbeidh ar úinéireacht ag an gcuideachta aistrí tar éis an idirbhirt sin, ach ní gá gur de thoradh an idirbhirt sin é, 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta eile sin (dá ngairtear an chuideachta aistreora san alt seo),

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, muirearófar dleacht stampa de réir ráta nialas faoin gcéad (dá ngairtear an ráta laghdaithe san alt seo) ar an ráiteas a sheachadfar de réir alt 69 (1):

Ar choinníoll, i gcás ina sroichtear an céatadán dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo trí dhá idirbheart nó níos mó, nach mbainfidh an ráta laghdaithe ach leis an idirbheart trína mbainfear amach an céatadán sin agus le haon idirbheart d'éis an céatadán sin a bhaint amach agus a choimeád.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin sa chás inarb éard é an chomaoin i leith na fála (ach amháin an chuid sin di is aistriú ar dhliteanais de chuid na cuideachta aistreora chun na cuideachta aistrí, nó urscaoileadh na ndliteanas sin aici)—,

(a) i gcás ina bhfaighfear gnóthas nó cuid de ghnóthas na cuideachta aistreora, scaireanna sa chuideachta aistrí a eisiúint chun na cuideachta aistreora nó chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta aistreora; nó

(b) i gcás ina bhfaighfear scaireanna de chuid na cuideachta aistreora, scaireanna sa chuideachta aistrí a eisiúint chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta aistreora mar mhalairt ar scaireanna dá gcuid sa chuideachta aistreora,

i dteannta nó d'uireasa íocaíocht in airgead tirim, ach sin ar choinníoll nach mó an íocaíocht in airgead tirim ná 10 faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna sa chuideachta aistrí a bheidh ar áireamh sa chomaoin.

(3) Tiocfaidh an ráiteas ar a muirearófar an ráta laghdaithe de bhua an ailt seo chun bheith inmhuirir i leith dleacht stampa de réir an ráta a shonraítear in alt 69 den Acht seo mura gcoimeádfaidh an chuideachta aistrí, go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta an idirbhirt ar muirearaíodh dleacht stampa de réir an ráta laghdaithe ina leith, 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta eile agus na scaireanna go léir a shealbhaigh sí tar éis an idirbhirt sin, lena n-áirítear na scaireanna a fuarthas i modh idirbhirt nó eile roimh an idirbheart sin agus a bhí ina seilbh tráth an idirbhirt :

Ar choinníoll, áfach, go leanfaidh an ráta laghdaithe d'fheidhm a bheith aige má b'éard é an t-aistriú sin, ar dá thoradh a tharla nár sealbhaíodh na scaireanna áirithe sin ar feadh tréimhse cúig bliana—

(a) aistriú ba chuid d'idirbheart a cháileodh uaidh féin don ráta laghdaithe de bhun fho-alt (1) den alt seo, nó

(b) aistriú le linn don chuideachta aistrí a bheith á leachtú.

(4) Más rud é, de dhroim fho-alt (3) den alt seo, go mbeidh dleacht stampa inmhuirir de réir an ráta a shonraítear in alt 69 den Acht seo nuair a bheidh an chuideachta aistrí lena mbaineann, laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta aon idirbhirt ar muirearaíodh dleacht stampa ina leith de réir an ráta laghdaithe—

(a) tar éis scor de 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta aistreora lena mbaineann a choimeád, nó

(b) tar éis aon chuid de scaireanna na cuideachta aistreora sin a shealbhaigh sí d'éis an idirbhirt ar feidhmíodh an ráta laghdaithe ina leith a dhiúscairt,

ansin, déanfar an ráiteas a seachadadh don chláraitheoir de bhua alt 69 (1) den Acht seo maidir leis an idirbheart ar muirearaíodh dleacht stampa ina leith de réir an ráta laghdaithe a mhuirearú i leith dleacht stampa de réir an ráta a mhuirearófaí ar an gcéad ásc dá mba rud é nár bhain fo-alt (1) den alt seo leis an idirbheart agus feidhmeofar forálacha na Caibidle seo i leith an ráitis a muirearaíodh amhlaidh ach amháin, chun críocha fho-ailt (2) agus (3) d'alt 69 den Acht seo, gurb é an dáta ar ar tharla an teagmhas a shonraítear i mír (a) nó (b) de réir mar a bheidh, den fho-alt seo dáta an idirbhirt.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás gur i mBallstát atá lárionad éifeachtach bainistí nó oifig chláraithe na cuideachta aistreora lena mbaineann.

Díolúine do chuideachtaí áirithe.

73. —Ní mhuirearófar dleacht stampa i gcás idirbheart arna dhéanamh—

(a) ag cuideachta chaipitiúil a foirmíodh chun seirbhís phoiblí a sholáthar mar atá iompar poiblí nó saoráidí calafoirt, nó chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar, agus a sheolann an gnó sin go heisiatach, agus ar leis an Stát nó le húdarás áitiúil cuid nach lú ná caoga faoin gcéad dá caipiteal eisithe, nó

(b) ag cuideachta chaipitiúil ar cuspóirí cultúir, carthanais nó oideachais go heisiatach a cuspóirí:

Ar choinníoll nach measfar gur stampáladh go cuí an ráiteas nach foláir a sheachadadh de bhun alt 69 (1) den Acht seo maidir leis an idirbheart sin mura ndearnadh, de réir forálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, é a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach inmhuirir dleacht stampa air.

Achomhairc i gcásanna áirithe.

74. —Aon duine a bheidh míshásta le cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin gCaibidil seo i dtaobh méid dearbhluach aon sócmhainní dá dtagraítear in alt 70 den Acht seo, féadfaidh sé—

(a) i gcás stoic, scaireanna nó urrúis eile nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc (de réir brí alt 33 den Acht Airgeadais, 1972 ), in aghaidh an chinnte agus beidh feidhm ag an alt sin 33, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hachomharc faoin mír seo amhail is dá mba achomharc faoin alt sin an t-achomharc,

(b) i gcás talún, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnte sa tslí a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910; agus beidh feidhm ag cibé méid de Chuid I den Acht sin a bhaineann le hachomhairc, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hachomharc faoin mír seo amhail is dá mba achomharc faoin alt sin an t-achomharc.

Dleacht stampa a ghnóthú agus faisnéis a thabhairt.

75. —(1) Beidh dleacht stampa agus an t-ús air inghnóthaithe ón gcuideachta chaipitiúil lena mbaineann agus, in aon chás nach comhlacht corpraithe an chuideachta chaipitiúil, beidh sé inghnóthaithe ó chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i gcomhpháirt agus go leithleach.

(2) Ní foláir na ráitis go léir a úsáidtear chun críche na Caibidle seo a bheith i cibé foirm agus cibé sonraí a bheith iontu a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh ar gach duine a bheidh cuntasach i ndleacht stampa, má cheanglaíonn na Coimisinéirí Ioncaim air é, na sonraí sin a dheimhniú agus cibé fianaise a éileoidh siad a thabhairt dóibh maidir le haon idirbheart nó le haon chuideachta a raibh baint aici le haon idirbheart den sórt sin.

CUID V

Cáin Bhreisluacha

Tosach feidhme (Cuid V).

76. —Tiocfaidh an Chuid seo (seachas alt 90, a mhéid a leasaíonn sé an míniú ar “monaróir” in alt 1 (1) den Phríomh-Acht) i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1973.

“An Príomh-Acht”.

77. —Sa chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

78. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás—

(a) ina ndéanfar earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal a sholáthar i bhfoirm atá oiriúnach lena gcaitheamh ag daoine gan a thuilleadh ullmhúcháin,

(b) ina ndéanfar an soláthar—

(i) le meaisín díola, nó

(ii) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó

(iii) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun na hearraí a sholáthraítear a chaitheamh, agus

(c) ar leith ón bhfo-alt seo, inar sheachadadh earraí an soláthar,

measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur déanamh seirbhísí agus nach seachadadh earraí an soláthar.”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

79. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Seirbhísí a dhéantar, ar chomaoin nó gan chomaoin nó ar chomaoin ar leithligh nach n-áireofaí, ar leith ón bhfo-alt seo, mar sheirbhísí a dhéanann duine i gcúrsa gnó, áireofar iad, faoi réir agus faoi réim forálacha rialachán, mar sheirbhísí a dhéanann sé i gcúrsa gnó má bhíonn baint acu le haon ghníomhaíocht ghnó a bhíonn ar siúl aige.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus alt 32, measfar baint a bheith ag seirbhísí le gníomhaíocht ghnó a bhíonn ar siúl ag duine má sholáthraíonn sé saoráidí chun na seirbhísí a dhéanamh nó má íocann sé go hiomlán nó go páirteach costas a ndéanta.”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh mhír (b):

“(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le soláthar earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

80. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht —

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1):

“(a) 6.75 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine, seachas comaoin a bhfuil feidhm ina leith ag mír (b), a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin,

(b) 11.11 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le rincí a sheoladh agus le seachadadh (más aon seachadadh é) earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii) agus (xii) go (xv) den Dara Sceideal nó i gCuid I den Tríú Sceideal agus le déanamh (más aon déanamh é) seirbhísí ab inmhuirir, mura mbeadh an mhír seo, de réir an ráta a shonraítear i mír (a) arna seachadadh nó arna ndéanamh i ndáil le rincí, i gcás íocaíocht na comaoine don seachadadh nó don déanamh sin a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith cead dul isteach go dtí an rince nó a bheith ina choinníoll a ghabhann le cead isteach,”,

(b) trí “36.75” a chur in ionad “30.26” i bhfo-alt (1) (c),

(c) trí “19.50” a chur in ionad “16.37” i bhfo-alt (1) (e),

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Is é an ráta ar dá réir a bheidh cáin inmhuirir, maidir le cáin is inmhuirir faoi alt 2(1) (a), an ráta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire an tráth a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite de réir fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19.

(b) Earraí nó seirbhísí a eisiatar go sainráite ó aon mhír i Sceideal, measfar, mura mbeidh a mhalairt d'intinn sainráite, gur earraí nó seirbhísí iad atá eisiata ó gach mír eile sa Sceideal sin, agus ní mheasfar iad a bheith sonraithe sa Sceideal sin.

(1B) (a) Ar iarratas a fháil i scríbhinn ó dhuine cuntasach, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh de réir rialachán agus tar éis cibé comhairle (más aon chomhairle í) a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a ghlacadh le cibé duine nó cibé comhlacht daoine is dóigh leo ba chabhair dóibh—

(i) i dtaobh an gníomhaíocht dhíolmaithe gníomhaíocht d'aon chineál áirithe a sheolann an duine, nó

(ii) i dtaobh an ráta ar dá réir is inmhuirir cáin i leith seachadadh earraí d'aon chineál ag an duine, i leith seachadadh earraí in aon imthosca áirithe nó i leith seirbhísí d'aon chineál a dhéanamh ag an duine.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon uair is oiriúnach leo é, cinneadh a dhéanamh, de réir rialachán agus tar éis cibé comhairle (más aon chomhairle í) a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a ghlacadh le cibé duine nó cibé comhlacht daoine is dóigh leo ba chabhair dóibh—

(i) i dtaobh an gníomhaíocht dhíolmhaithe gníomhaíocht d'aon chineál áirithe, nó

(ii) i dtaobh an ráta ar dá réir is inmhuirir cáin i leith seachadadh earraí d'aon chineál, i leith seachadadh earraí in aon imthosca áirithe nó i leith déanamh seirbhísí d'aon chineál.

(c) Beidh éifeacht ag cinneadh faoin bhfo-alt seo chun críocha uile an Achta seo i leith duine cuntasach a iarrfaidh an cinneadh sin, amhail ar an agus ón dáta a chuirfear sonraí an chinnte in iúl dó de réir mhír (e) (i) agus, i leith aon duine eile, amhail ar an agus ón dáta a fhoilseofar an cinneadh sin san Iris Oifigiúil.

(d) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh faoin alt seo maidir le haon ábhar a cinneadh ar achomharc faoin Acht seo nó a bheidh, de thuras na huaire, faoi rialú ordaithe faoi alt 6 (2) nó 11 (8), agus ní bheidh de cheangal orthu cinneadh den sórt sin a dhéanamh i leith aon ábhar dá mbeidh luaite in iarratas faoi mhír (a)—

(i) má foilsíodh cinneadh roimhe sin i dtaobh an ábhair, nó

(ii) más dóigh leo go bhfuil ábhar an iarratais saor a dhóthain ó amhras le nach gá cinneadh a dhéanamh agus a fhoilsiú.

(e)  (i) A luaithe is féidir tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a), cuirfear in iúl é don duine a d'iarr é trí na Coimisinéirí Ioncaim do sheirbheáil fógra air ina mbeidh sonraí an chinnte.

(ii) Féadfar cinneadh faoi mhír (a) a fhoilsiú, agus foilseofar cinneadh faoi mhír (b), san Iris Oifigiúil agus, má dhéantar amhlaidh, foilseofar é freisin i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát.

(f) Duine arb éagóir leis cinneadh faoi mhír (a) a rinneadh de bhun iarratas uaidh, féadfaidh sé, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta ar a ndearnadh fógra i dtaobh an chinnte a sheirbheáil air de réir mhír (e) (i), achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(g) Aon duine cuntasach a sheachadfaidh earraí nó a dhéanfaidh seirbhísí, i gcúrsa a gnó, de chineál nó in imthosca a shonraítear i gcinneadh faoi mhír (a) nó (b), féadfaidh sé. tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta a foilsíodh an cinneadh san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.”,

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) :

“(4A) I gcás—

(a) duine d'úsáid earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal le linn dó a bheith ag déanamh seirbhísí inchánach, agus

(b) gurb é an duine dá ndéantar na seirbhísí nó aon duine eile seachas an duine a dhéanann na seirbhísí a sholáthróidh na hearraí,

measfar gurb é an duine a dhéanann na seirbhísí inchánach a sholáthair na hearraí a úsáideadh amhlaidh i gcúrsa gnó, agus dlífidh sé, i dteannta aon dliteanas eile a chuirtear air leis an Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a úsáideadh amhlaidh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a).”, agus

(f) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (8) :

“(a) Féadfaidh an tAire le hordú an Dara nó an Tríú Sceideal a athrú trí thuairiscí earraí nó seirbhísí d'aon chineál a chur leo nó a scriosadh astu nó trí athrú a dhéanamh ar aon tuairisc earraí nó seirbhísí atá sonraithe iontu de thuras na huaire, agus féadfaidh sé, mar an gcéanna, an Ceathrú Sceideal a athrú trí thuairiscí earraí d'aon chineál a scriosadh as nó athrú a dhéanamh ar aon tuairiscí earraí atá sonraithe ann de thuras na huaire, ach ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo chun aon cheann de na rátaí cánach a ardú ná chun na haicmí gníomhaíochtaí nó earraí arb inmhuirir cáin ina leith de thuras na huaire a leathnú.”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

81. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) (a) Má mheastar duine a theacht chun bheith ina dhuine cuntasach, trí rogha nó de réir forálacha alt 8 (4), beidh sé i dteideal, de réir rialachán, nuair a bheidh méid na cánach is iníoctha aige á ríomh i leith na chéad tréimhse inchánach a measfar amhlaidh é a bheith ina dhuine cuntasach ina leith, go n-áireofar mar cháin is inasbhainte faoi fho-alt (1) cibé cuid de luach an stoic thrádála (de réir brí alt 34) a bhí ar seilbh aige díreach roimh thosach na tréimhse inchánach sin agus a bhféadfaí de réir réasúin a áireamh gurb í an tsuim í a bheadh sé i dteideal a éileamh faoin bhfo-alt sin (1) dá mba dhuine cuntasach é an t-am a seachadadh an stoc trádála sin dó.

(b) Ní bheidh aon ábhar éilimh ann faoin bhfo-alt seo chun asbhaint a fháil maidir leis an gcáin a bhaineann le haon stoc trádála (de réir brí alt 34) más rud é go bhféadfaí agus a mhéid a d'fhéadfaí asbhaint faoi fho-alt (1) a éileamh ar leith ón bhfo-alt seo.

(c) Beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le tréimhsí inchánach a thosóidh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1973, nó dá éis.”, agus

(b) trí mhír (e) a scriosadh as fo-alt (1).

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

82. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) :

“(3) (a) Laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tabharfaidh duine cuntasach don Ard-Bhailitheoir tuairisceán ceart cruinn arna ullmhú de réir rialachán ar an méid cánach a tháinig chun bheith dlite de faoi alt 2 (1) (a) i gcaitheamh na tréimhse inchánach agus an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin, agus cuirfidh sé, an tráth céanna, chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin.

(b) Forléireofar mír (a) maidir leis an tréimhse inchánach a thosóidh an chéad lá d'Iúil, 1973, amhail is dá mba é a bheadh sa tagairt sa mhír sin do naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach tagairt do naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí ina gcríochnóidh an tréimhse inchánach.”.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

83. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht—

(a) trí “18 (2)” a chur in ionad “18” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) :

“(3A) Dlífear fíneáil £100 a chur ar dhuine nach gcomhlíonfaidh alt 18 (3).”.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

84. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) :

“(5) Duine a dhéanfaidh, go calaoiseach nó go faillíoch—

(a) sonrasc a eisiúint ina mbeidh méid cánach sonraithe in imthosca de shórt nach ionann an méid a dúradh, gan a dhliteanas faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 17 a áireamh, agus an méid cánach (más ann) a thiocfaidh chun bheith dlite de i leith an idirbhirt lena mbaineann an sonrasc, nó

(b) nóta sochair a eisiúint ag taispeánt méid cánach seachas é sin is inchurtha go cuí i leith an idirbhirt lena mbaineann an nóta sochair,

dlífear pionós mar a leanas a chur air—

(i) £100, agus

(ii) méid a dhliteanais, nó, i gcás calaoise, dhá oiread a dhliteanais faoin bhfo-alt sin (5) nó (6), de réir mar a bheidh, i leith aon sonrasc nó nóta sochair den sórt sin a eisiúint.”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo alt 32 (1) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (x) :

“(xx) an faoiseamh (más ann) a bheidh le tabhairt do dhuine cuntasach i leith cáin a iompróidh nó a íocfaidh sé ar stoc trádála a bhí ar seilbh aige díreach roimh thosach na chéad tréimhse inchánach a meastar gur duine cuntasach é ina leith;

(xxx) an tslí ina bhféadfar cinneadh a dhéanamh chun críocha alt 11 (1B);”.

Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

86. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) :

“(1A) (a) Má tharlaíonn, tar éis comhaontú a dhéanamh earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh agus roimh an dáta a thiocfadh aon cháin chun bheith dlite faoi fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19, i leith an idirbhirt dá ndéanfaí neamhshuim den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (1), go mbeidh athrú ar an méid cánach is inmhuirir ar sheachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí sin, ansin, cheal comhaontú dá mhalairt, déanfar méid is comhionann le méid an athraithe ar an gcáin is inmhuirir a chur le, nó a bhaint as, méid iomlán na comaoine agus aon cháin a sonraíodh ar leithligh faoin gcomhaontú.

(b) Sna tagairtí san fho-alt seo d'athrú ar an méid cánach is inmhuirir ar sheachadadh earraí nó ar dhéanamh seirbhísí áireofar tagairtí d'athrú go dtí staid nó ó staid nach ndéantar inti aon cháin a mhuirearú ar sheachadadh na n-earraí ná ar dhéanamh na seirbhísí.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

87. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ix) :

“(ix) seirbhísí de chineál liachta nó oideachais a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin; agus seirbhísí lónadóireachta a dhéantar—

(a) d'othair de chuid ospidéil nó theach banaltrais san ospidéal nó sa teach banaltrais, agus

(b) do mhic léinn scoile sa scoil;” agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xxiii) :

“(xxiv) capaill bheo a sheachadadh;

(xxv) cúnna beo a sheachadadh;

(xxvi) inseamnú nádúrtha nó saorga ar bheostoc.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh Acht.

88. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (vii) :

“(vii) aon ábhar beatha d'ainmhithe, seachas ábhar beatha a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó a bhíonn ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;”,

agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (x) :

“(xi) seirbhísí tarrthála a chuireann an Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála ar fáil lena n-áirítear eagrú agus cothabháil na seirbhíse bád tarrthála;

(xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine seachas—

(a) deochanna ar arb inmhuirir aon dleacht custam nó máil a mhuirearaítear go speisialta ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach, agus ar ullmhóidí díobh,

(b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(I) tae agus ullmhóidí tae,

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh,

(III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, giosta, uibheacha nó bainne,

(c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh,

(d) (I) seacláidí, milseáin, agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta seachas arán,

(II) chun críocha na míre seo ciallaíonn “arán” bia don duine a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus de cheann amháin nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid—

(1) giosta nó gníomhaire deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan,

(2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach rachaidh meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo thar 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos,

(3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach rachaidh a meáchan thar 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos,

seachas bia a bhíonn i bpacáistí lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha síos dó nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán), ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail a mbíonn screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana,

(e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, sceallóga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail as prátaí, nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta, le blaoscanna nó gan blaoscanna;

(xiii) leigheas de chineál a chaitheann daoine de bhéal;

(xiv) leigheas de chineál a chaitheann ainmhnithe de bhéal, seachas leigheas a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

(xv) síolta, plandaí, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a chuirtear le bia a tháirgeadh;

(xvi) earraí de chineálacha éagsúla a bhíonn i bpacáistí lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith—

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) inmhuirir i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) inmhuirir i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann an chomaoin sheachadta, agus

(c) nach mó Iuach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (e) inmhuirir i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin nua, cibé acu is 1ú.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

89. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) i gCuid I den Sceideal:

“(i) leigheas ainmhithe seachas leigheas—

(a) de chineál a shonraítear i mír (xiv) den Dara Sceideal, nó

(b) a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur le Cuid I den Sceideal :

“(xxxii) earraí de chineálacha éagsúla a bhíonn i bpacáistí lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith:

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) inmhuirir i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir aon ráta nó aon rátaí eile inmhuirir i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin den sórt sin,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann an chomaoin sheachadta, agus

(c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phácáiste a mbeadh cáin de réir ráta nó rátaí seachas an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (a) inmhuirir i leith a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh nó ar chomaoineacha ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin nua cibé acu is lú,”, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur le Cuid II den Sceideal :

“(vii) fruiliú chun duine faoi chonradh i scríbhinn, seachas conradh de chineál a luaitear in alt 3 (1) (b), a rinneadh roimh an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972, ar earraí soghluaiste a bhí i seilbh an duine an lú lá de Shamhain, 1972, is é sin, earraí de chineál a mbeadh cáin inmhuirir ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e), dá ndéanfaí neamhshuim de mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

90. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

91. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1972” alt 40 den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “an tríú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1972, maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1974, ach “£4,647,544” a chur in ionad “£4,650,815”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1972 ach “£2,933,771” a chur in ionad “£2,993,830”.

(4) Déanfar suim £5,452,955 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1974.

(5) Déanfar an tríú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den tríú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £3,510,185 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an tríú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Urrúis chomhlachtaí Eorpacha áirithe.

92. —(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó le haon chineál eile urrúis atá arna eisiúint sa Stát ag an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

(2) Aon stoc nó aon chineál eile urrúis lena mbaineann an t-alt seo measfar—

(a) gur urrús é a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir brí alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) gur urrús é lena mbaineann alt 63 den Acht Airgeadais, 1969 ,

agus beidh feidhm agus éifeacht ag na hailt sin dá réir sin.

(3) Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “, nó alt 92 den Acht Airgeadais, 1973 ” a chur le fo-alt (1).

(4) Leasaítear leis seo alt 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “, nó alt 92 den Acht Airgeadais, 1973 ” a chur le fo-alt (1).

(5) Beidh aon stoc nó aon chineál eile urrúis lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó dhleachtanna báis i ndáil le bás aon duine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith agus ar dhuine é nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát tráth a bháis agus bainfidh alt 39 den Acht Airgeadais, 1970 , le haon stoc nó le haon chineál eile urrúis den sórt sin.

(6) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, tríd an mír seo a leanas a chur i mír 1 den Cheannteideal “GENERAL EXEMPTIONS FROM ALL STAMP DUTIES” i ndiaidh fhomhír (i):

“(ia) transfers of any stock or other form of security to which section 92 of the Finance Act, 1973, applies,”.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 24 .

I.R. Uimh. 120 de 1973.

1920, c. 72.

93. —(1) Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1973, nó dá éis, trí £2, £5, £8, £12 agus £15 a chur mar rátaí dleachta in ionad £1.50, £3, £4.50, £7.00 agus £9.50 i mír 1 (a) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1973, nó dá éis, trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (b), (c) agus (d) de mhír 4 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin :

“(b) tarracóirí (is é sin, tarracóirí atá deartha agus déanta go príomha lena n-úsáid ar dhóigh seachas ar bhóithre agus nach bhfuil in ann mar gheall ar a ndéanamh thar 25 mhíle luais san uair a dhéanamh ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin) agus innill thalmhaíochta, nach tarracóirí ná innill a úsáidtear chun rudaí a tharraingt seachas a bhfearas riachtanach féin, córacha buailte, uirlisí feirmeoireachta nó soláthairtí breosla nó uisce is gá chun críocha na feithicle nó chun críocha talmhaíochta     ...     ...     ...     ...

£1.

(c) tarracóirí (is é sin, tarracóirí atá deartha agus déanta go príomha lena n-úsáid ar dhóigh seachas ar bhóithre agus nach bhfuil in ann mar gheall ar a ndéanamh thar 25 mhíle luais san uair a dhéanamh ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin agus nach tarracóirí iad a bhfuil dleacht inmhuirir ina leith de réir an ráta a shonraítear i bhfomhír (b) den mír seo) a úsáidtear i gcóir tarlú i ndáil le talmhaíocht agus ní chun aon chríche eile     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£5.

I gcás léibheann, coimeádán nó deis inscartha (is é sin, léibheann, coimeádán nó deis a úsáidtear go príomha in obair feirme) a bheith feistithe ar tharracóir, measfar chun críche na fomhíre seo gur leis an tarracóir a tharlaítear aon earraí nó ualach d'aon chineál eile a iompraítear ar an léibheann, sa choimeádán nó leis an deis.

(d) tarracóirí d'aon chineál eile     ...     ...     ...     ...

£50.”

(3) Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1973, nó dá éis, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin :

“5. Feithiclí (lena n-áirítear rothair thrianacha ar mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach) a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear, chun earraí nó ualach d'aon chineál eile a iompar i gcúrsa trádála nó gnó (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó ag údarás poiblí) agus feithiclí a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear, chun meaisín, ceardlann, acra nó deis lena n-iompraítear nó ina n-iompraítear earraí atá á n-iompar sna feithiclí sin a phróiseáil nó a mhonarú le linn do na feithiclí a bheith ag gluaiseacht :

(a) is feithiclí a thiomáintear le leictreachas agus nach mó ná 25 cmn. a meáchan gan ualach     ...     ...

£20

(b) is feithiclí nach feithiclí mar a luaitear roimhe seo a thiomáintear le leictreachas—

(i) nach mó ná 12 cmn. a meáchan gan ualach     ...     ...     ...

£25

(ii) ar mó ná 12 cmn., ach nach mó ná 16 cmn., a meáchan gan ualach     ...     ...     ...     ...

£31

(iii) ar mó ná 16 cmn., ach nach mó ná tonna, a meáchan gan ualach     ...     ...     ...     ...

£37

(iv) ar mó ná tonna, ach nach mó nó

2 thonna, a meáchan gan ualach

£37, móide £6 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar thonna

(v) ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, a meáchan gan

ualach     ...     ...     ...     ...

£61, móide £8 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 2 thonna

(vi) ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná 4 thonna, a meáchan gan

ualach     ...     ...     ...     ...

£93, móide £8 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 3 thonna

(vii) ar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan

ualach     ...     ...     ...     ...

£125, móide £10 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 4 thonna

(viii) ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná 6 thonna, a meáchan

gan ualach     ...     ...     ...

£165, móide £15 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 5 thonna

(ix) ar mó ná 6 thonna a meáchan

gan ualach     ...     ...     ...

£225, móide £20 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 6 thonna

agus ina theannta sin, i gcás aon fheithicil a úsáidtear chun leantóir a tharraingt, dleacht bhreise mar a leanas—

(I) i gcás nach mó ná 2 thonna meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£14

(II) i gcás inar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...

£18

(III) i gcás inar mó ná 3 thonna ach nach mó ná 4 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...

£24

(IV) i gcás inar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...

£32

(V) i gcás inar mó ná 5 thonna ach nach mó ná 6 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...

£42

(VI) i gcás inar mó ná 6 thonna meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£54.”

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1973, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin :

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht nó a thiom

£

áintear le leictreachas     ...     ...     ...     ...

22

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 9 n-each-chumhacht     ...     ...     ...     ...

25.50

is mó ná 9 n-each-chumhacht ach nach mó ná 10 n-each-chumhacht     ...     ...     ...     ...

29

is nó ná 10 n-each-chumhacht ach nach mó ná 11 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

33

is mó ná 11 each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

37.50

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 13 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

42

is mó ná 13 each-chumhacht ach nach mó ná 14 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

46.50

is mó ná 14 each-chumhacht ach nach mó ná 15 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

51

is mó ná 15 each-chumhacht     ...     ...     ...

55.”

(5) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) den alt seo maidir le haon fheithicil—

(a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(c) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile.

(6) D'ainneoin alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , déanfar neamhshuim de na fáltais, arna ríomh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais—

(a) as na hathruithe ar dhleachtanna a dhéantar leis an alt seo agus le halt 95 den Acht seo,

(b) as an dleacht a fhorchuirtear le halt 94 den Acht seo, agus

(c) as na harduithe ar tháillí a dhéantar leis na Rialacháin um Thrácht an Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú) (Leasú), 1973,

nuair a bheidh aon chinneadh á dhéanamh maidir le suim a bheidh le heisiúint as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) den Roads Act, 1920.

Muirear ar fheithiclí inneallghluaiste a cheadúnú den chéad uair.

1920, c. 72.

I.R. Uimh. 15 de 1958 .

94. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1973, agus dá éis, sula ndéanfaidh duine a bhfuil beartaithe aige ceadúnas a fháil faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i leith feithicil inneallghluaiste a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus ar feithicil í nach raibh faoi cheadúnas cheana faoin alt sin, déanfar, i dteannta na dleachta máil is inmhuirir i leith na feithicle faoin alt sin, dleacht máil a mhuirearú agus a thobhach ar an duine sin, agus íocfaidh sé í, de réir an ráta iomchuí a shonraítear san fho-alt sin (2).

(2) Is de réir na rátaí seo a leanas a íocfar an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo:

(a) £1 maidir le feithicil a bhfuil an dleacht sin is inmhuirir faoin alt sin 1 le híoc ina leith de réir ráta a shonraítear i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin;

(b) £5 maidir le haon fheithicil eile (nach feithicil í nach inmhuirir agus nach intobhaigh an dleacht máil sin ina leith).

(3) Déanfar an dleacht faoin alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc díreach roimh an gceadúnas a fháil faoin alt sin 1 agus is iad an t-údarás ceadúnúcháin a bhaileoidh í agus is leo a íocfar í agus íocfaidh an t-údarás sin isteach sa Státchiste í de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(4) Chun an dleacht faoin alt seo a thobhach, beidh ag údarás ceadúnúcháin, laistigh dá gcontae nó dá gcontae-bhuirg, na cumhachtaí céanna, agus beidh orthu na dualgais agus na dliteanais chéanna atá ag na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcuid oifigeach agus orthu i leith dleachtanna máil, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hachtacháin a bhaineann le dleachtanna máil agus le peannaidí agus le pionóis i ndáil leis sin.

(5) Aon suimeanna a íocfar isteach sa Státchiste agus aon phionóis a ghnóthófar de bhua an ailt seo, measfar, chun críche alt 2 den Roads Act, 1920, gur faoin Acht sin a íocadh isteach sa Státchiste iad.

(6) Beidh feidhm ag an Ordú um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958, maidir leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo amhail is dá mba dhleacht í a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

Méadú ar dhleacht ceadúnais tiomána.

1961, Uimh. 23 .

95. —Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheitheamh, 1973, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) in alt 4 (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ):

“(a) dhá phunt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus

(b) dhá phunt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin.”.

Aisghairm.

96. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1973, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí:

Ar choinníoll, go measfar, chun críocha fho-ailt (1) agus (3) d'alt 71 den Acht seo, gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1973.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna

97. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

98. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus alt 92 den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II agus ailt 93 agus 95 den Acht seo, a mhéid a bhaineann siad le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid IV den Acht seo agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) alt 92 den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Achta Cánach Breisluacha, 1972 .

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1973.

(7) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL

Polasaithe Arachais Saoil

Alt 23.

Rialacha a bhaineann le polasaithe dearlaice

1. Is polasaí cáilitheach polasaí dearlaice má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas :

(a) ní foláir gur téarma dar críoch tráth nach luaithe ná deich mbliana tar éis an t-árachas a dhéanamh an téarma a shonraítear sa pholasaí i leith maireachtála,

(b) ní foláir préimheanna a bheith iníoctha faoin bpolasaí i gceann tréimhsí bliana nó i gceann tréimhsí sé mhí, trí mhí, dhá mhí nó míosa, agus—

(i) go dtí go dtarlóidh an teagmhas arb ar é tarlú is iníoctha an tsuim chaipitiúil atá urraithe, nó

(ii) go dtí go dtarlóidh an teagmhas sin, nó go dtí go rachaidh tréimhse shonraithe in éag roimhe sin is giorra ná an téarma sonraithe ach a chríochnóidh freisin tráth nach luaithe ná deich mbliana tar éis an t-árachas a dhéanamh, nó

(iii) más polasaí é atá le dul i léig ar bhás duine shonraithe, go dtí ceann de na tráthanna sin nó go dtí go rachaidh an polasaí i léig roimhe sin,

(c) ní rachaidh méid iomlán na bpréimheanna is iníoctha faoin bpolasaí in aon tréimhse dhá mhí dhéag—

(i) thar dhá oiread mhéid iomlán na bpréimheanna is iníoctha in aon tréimhse eile den sórt sin, nó

(ii) thar an ochtú cuid de mhéid iomlán na bpréimheanna ab iníoctha dá leanfadh an polasaí i bhfeidhm go ceann an téarma shonraithe,

(d) ní foláir don pholasaí a ráthú go mbeidh an tsuim chaipitiúil is iníoctha ar bhás comhionann le trí cheathrú ar a laghad de mhéid iomlán na bpréimheanna ab iníoctha dá leanfadh an polasaí i bhfeidhm go ceann an téarma sin, gan aird a thabhairt ar aon suimeanna atá ar áireamh sna préimheanna sin de bhíthin iad a bheith iníoctha ar aon slí seachas in aghaidh na bliana, agus

(e) ní fhéadfaidh an polasaí a urrú go dtabharfar (ach amháin tríd an bpolasaí a thabhairt suas), tráth ar bith sula dtarlóidh an teagmhas réamhráite, aon sochar de chineál caipitiúil seachas sochair is inchurtha i leith cirt chun bheith páirteach i mbrábúis nó a thiocfaidh ann mar gheall ar mhíchumas duine.

2. Nuair a bheidh mír 1 á feidhmiú maidir le haon pholasaí—

(a) ní thabharfar aon aird ar aon socrú chun préimheanna a tharscaoileadh mar gheall ar mhíchumas duine, agus

(b) má ritheann téarma an pholasaí ó dháta is luaithe, ach nach mó ná trí mhí níos luaithe, ná dáta an árachais a dhéanamh, measfar gur ar an dáta sin a rinneadh an t-árachas agus gur ar an dáta sin ab iníoctha aon phréimh a íocadh i leith na tréimhse sula ndearnadh an t-árachas nó i leith na tréimhse sin agus tréimhse dá héis.

3. Folaíonn tagairtí i mír 1 (d) do shuim chaipitiúil is iníoctha ar bhás tagairtí d'aon suim chaipitiúil, nó d'aon sraith de shuimeanna caipitiúla is iníoctha dá bhíthin sin; agus urraíonn polasaí suim chaipitiúil is iníoctha ar bhás nó ar mhíchumas d'ainneoin go bhféadfaidh an tsuim is iníoctha athrú de réir an teagmhais.

Fiontar neamhghnách mortlaíochta

4. Chun a chinneadh an polasaí cáilitheach polasaí ar bith déanfar neamhshuim—

(a) de cibé méid d'aon phréimh faoin bpolasaí a mhuirearaítear ar an bhforas go bhfuil fiontar neamhghnách báis i gceist, agus

(b) d'aon socrú faoinar féidir, ar an bhforas sin, d'aon suim teacht chun bheith inmhuirir mar fhiach i gcoinne na suime caipitiúla a urraítear leis an bpolasaí ar bhás.

Polasaithe cónasctha

5. I gcás ina bhforálann téarmaí aon pholasaí nach bhfuil sé le leanúint i bhfeidhm ach fad a leanfaidh polasaí eile i bhfeidhm, ní polasaí cáilitheach ceachtar polasaí ach amháin sa chás, dá mba é a bhí iontu le chéile polasaí amháin a eisíodh i leith árachas a rinneadh tráth an árachais ar ina leith a eisíodh an polasaí céadluaite, gur polasaí cáilitheach a bheadh sa pholasaí aonair sin.

Préimheanna a íoctar as suimeanna atá dlite faoi pholasaithe roimhe sin

6. (1) Más rud é, i gcás polasaí nach bhfuil ach préimh amháin iníoctha faoi, go ndéantar an dliteanas i leith íoc na préimhe sin a urscaoileadh de réir fhomhír (2), is polasaí cáilitheach an polasaí d'ainneoin aon ní i mír 1 (b) nó i mír 1 (c) agus más rud é, i i gcás aon pholasaí eile, go ndéantar an dliteanas i leith íoc na chéad phréimhe faoi, nó aon choda den phréimh sin, a urscaoileadh amhlaidh, déanfar neamhshuim chun críocha mhír 1 (c) den phréimh nó den chuid.

(2) Bíonn an dliteanas i leith íoc préimhe urscaoilte de réir na fomhíre seo má urscaoiltear é tríd an gcuideachta lena ndéantar an t-árachas do choinneáil iomlán aon suime nó coda d'aon suim atá tar éis teacht chun bheith iníoctha ar pholasaí aibeachan, nó ar na cearta a bhronntar le polasaí a thabhairt suas tráth is déanaí ná deich mbliana tar éis a eisiúna, ar polasaí é—

(a) a d'eisigh an chuideachta roimhe sin chun an duine a bheidh ag déanamh an árachais, nó, más iontaobhaithe a bheidh á dhéanamh, chun na n-iontaobhaithe sin nó chun aon réamhtheachtaithe in oifig, nó

(b) a d'eisigh an chuideachta nuair ba naíon an duine a bheidh a déanamh an árachais, agus a urraíonn suim chaipitiúil is iníoctha ar dháta sonraithe nach déanaí ná mí tar éis dó aois cúig bliana is fiche a shlánú nó ar chothrom lae an pholasaí díreach tar éis dó an aois sin a shlánú,

agus ar pholasaí cáilitheach é féin, nó ar pholasaí cáilitheach é dá mba i leith árachas a rinneadh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, a eisíodh é.

Malartú, athruithe, etc.

7. (1) I gcás ina n-eisítear polasaí amháin (dá ngairtear an polasaí nua anseo feasta) in ionad polasaí eile (dá ngairtear an seanpholasaí anseo feasta) nó ar an bpolasaí eile sin aibeachan agus de dhroim rogha a thugtar leis an bpolasaí eile sin, déanfar an cheist maidir le cé acu is polasaí cáilitheach an polasaí nua nó nach ea a chinneadh, a mhéid a fhoráiltear leis na rialacha i bhfomhír (2), faoi threoir an dá pholasaí.

(2) Is mar a leanas atá na rialacha a dúradh (ar chun a gcríocha a dhéanfar an cheist maidir le cé acu ba pholasaí cáilitheach an seanpholasaí nó nárbh ea a chinneadh de réir an Sceidil seo, ar neamhspleidh le dáta an árachais arb ina leith a eisíodh é)—

(a) má ba pholasaí cáilitheach an polasaí nua ar leith ón mír seo, ach nárbh ea an seanpholasaí, ní polasaí cáilitheach an polasaí nua murar naíon, nuair a eisíodh an seanpholasaí, an duine a dhéanfaidh an t-árachas arb ina leith a eiseofar an polasaí nua, agus gurb é a bhí sa seanpholasaí polasaí a d'urraigh suim chaipitiúil ab iníoctha ar dháta sonraithe nár dhéanaí ná mí tar éis dó aois cúig bliana is fiche a shlánú nó ar chothrom lae an pholasaí díreach tar éis dó an aois sin a shlánú;

(b) má ba pholasaí cáilitheach an polasaí nua ar leith ón mír seo, agus gur pholasaí cáilitheach an seanpholasaí freisin, is polasaí cáilitheach an polasaí nua mura rud é—

(i) go dtiocfaidh sé in éifeacht sula mbeidh deich mbliana caite ó rinneadh an t-árachas arb ina leith a eisíodh an seanpholasaí, agus

(ii) gur lú an tsuim is mó préimheanna is iníoctha faoi in aghaidh aon tréimhse dhá mhí dhéag a rachaidh in éag roimh an tráth sin ná leath na suime is mó a íocadh in aghaidh aon tréimhse dhá mhí dhéag faoin seanpholasaí, nó faoi aon pholasaí gaolmhar a eisíodh tráth is lú ná deich mbliana sular eisíodh an polasaí nua (ciallaíonn “polasaí gaolmhar” aon pholasaí ar pholasaí nua an seanpholasaí maidir leis de réir brí na míre seo, aon pholasaí ar pholasaí den sórt sin an polasaí sin, agus mar sin de);

(c) murar pholasaí cáilitheach an polasaí nua ar leith ón mír seo, agus gur de bhíthin mhír 1 (b) nó 1 (c) amháin nár pholasaí den sórt sin é, is polasaí cáilitheach é mar sin féin má ba pholasaí cáilitheach an seanpholasaí agus—

(i) gur i leith árachas a rinneadh breis agus deich mbliana roimh theacht in éifeacht don pholasaí nua a eisíodh an seanpholasaí, agus nach mó na préimheanna is iníoctha in aghaidh aon tréimhse dhá mhí dhéag faoin bpolasaí nua ná an t-iomlán ba lú a íocadh in aghaidh aon tréimhse den sórt sin faoin seanpholasaí, nó

(ii) gur lasmuigh den Stát a eisíodh an seanpholasaí, agus gur mar a shonraítear i bhfomhír (3) atá na himthosca.

(3) Is iad seo himthosca sin—

(a) gur tháinig an duine arb ina leith a dhéantar an t-árachas nua chun bheith ina chónaí sa Stát i rith an dá mhí dhéag a chríochnaigh ar dháta a eisiúna,

(b) go ndeimhníonn an chuideachta eisiúna gur malairt ar an seanpholasaí an polasaí nua, agus gur eisíodh an seanpholasaí ag brainse nó gníomhaireacht den chuideachta lasmuigh den Stát nó ag cuideachta lasmuigh den Stát a bhfuil comhshocraíochtaí idir í agus an chuideachta chéadluaite chun polasaithe a eisiúint mar mhalairt ar pholasaithe a bhíonn ag daoine a thagann isteach sa Stát, agus

(c) go dtugann an polasaí nua don sealbhóir sochair atá comhionann go substainteach leis na sochair a bheadh aige dá mba gur lean an seanpholasaí i bhfeidhm.

8. (1) Faoi réir forálacha na míre seo, i gcás ina n-athraítear téarmaí polasaí, déanfar an cheist maidir le cé acu is polasaí cáilitheach an polasaí arna athrú nó nach ea a chinneadh de réir na rialacha i mír 7, agus tagairtí sna rialacha sin don pholasaí nua agus don seanpholasaí a fhorléiriú chun na críche sin mar thagairtí faoi seach don pholasaí tar éis an athraithe agus don pholasaí roimh an athrú, agus le haon mhodhnuithe eile is gá.

(2) Nuair a bheidh aon cheann de na rialacha sin á fheidhmiú de bhua na míre seo, déanfar an cheist maidir le cé acu ar pholasaí cáilitheach, ar leith ón riail, polasaí tar éis athraithe nó nárbh ea a chinneadh amhail is dá mba é a bheadh in aon tagairt i míreanna 1 go 5 d'árachas a dhéanamh, nó do théarma polasaí, tagairt do theacht in éifeacht don athrú nó, de réir mar a bheidh, do théarma an pholasaí amhail ón athrú.

(3) Níl feidhm ag an mír seo—

(a) de bhíthin aon athraithe cibé acu is athrú de ghné fhoirmiúil amháin é nó nach ea, nach ndéanann difear do théarmaí polasaí ar aon bhealach bunúsach, ná

(b) de bhíthin aon athrú arna dhéanamh roimh dheireadh na bliana 1973 d'aontoisc le polasaí cáilitheach a dhéanamh d'aon pholasaí a eisíodh (ach nach polasaí a mheastar de bhua alt 23 a eisíodh) i leith árachas a rinneadh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis.

AN DARA SCEIDEAL

Comhaontú idir Rialtas na héireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le díolúintí áirithe ó cháin

Alt 32.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe;

D'fhonn cibé athruithe a dhéanamh sa Chomhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine maidir le Cáin Ioncaim Dúbailte is gá de dhroim na n-athruithe sna hAchtanna Cánach Ioncaim Breataineacha a rinneadh le hAchtanna Airgeadais na Breataine, 1971 agus 1972;

Tar éis comhaontú mar a leanas :

Airteagal 1

(1) In Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin forléireofar na focail “cáin ioncaim Bhreataineach” maidir leis an mbliain 1973-74 agus aon bhliain ina dhiaidh sin mar fhocail a chiallaíonn an bunráta cánach ioncaim agus forléireofar an tagairt d'fhorcháin Bhreataineach mar thagairt a chiallaíonn an bhreis atá ag an dliteanas i leith cáin ioncaim Bhreataineach ar an dliteanas a bheadh ann dá mba de réir an bhunráta amháin a mhuirearófaí an cháin ioncaim Bhreataineach go léir.

(2) Déanfar Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur leis :

“Más éard é an t-ioncaim díbhinn ó chuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, beidh an duine sin i dteideal go n-íocfaí leis an creidmheas cánach ina leith sin a mbeadh cónaitheoir aonair sa Ríocht Aontaithe ina theideal dá mba eisean a fuair an díbhinn sin.

Ar choinníoll nach mbeidh aon teideal den sórt sin ann chun an chreidmheasa cánach i gcás inarb éard é fáltóir na díbhinne cuideachta a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, ina haonar nó i bpáirt le comhchuideachta amháin nó níos mó, cion nach lú ná 10 faoin gcéad den chumhacht vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne. Chun críocha na míre seo measfar gur comhchuideachtaí dhá chuideachta má tá ceann acu á rialú go díreach nó go hindíreach ag an gceann eile nó má tá an dá cheann acu á rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú cuideachta.

Folaíonn an téarma ‘díbhinn’ aon ítim a áirítear faoi dhlí na Ríochta Aontaithe mar dháileadh ó chuideachta.”.

Airteagal 2

Déanfar Airteagal 1 (b) den Chomhaontú sin a leasú tríd an méid seo a leanas a chur leis :

“Más éard é an t-ioncam díbhinn a d'íoc cuideachta a chónaíonn in Éirinn le cuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe agus a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, cion nach lú ná 10 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chéad chuideachta sin, ní bhainfidh an díolúine ach le cáin ioncaim de bhreis ar 5 faoin gcéad den díbhinn.

Folaíonn an téarma ‘díbhinn’ aon íocaíocht nó aon idirbheart eile a áirítear mar dhíbhinn faoi dhlí na hÉireann.”.

Airteagal 3

In Airteagal 2 den Chomhaontú sin, arna leasú le hAirteagal 2 de Chomhaontú an 25 Aibreán, 1928, forléireofar aon tagairt do ráta caighdeánach na cánach ioncaim Breatainí mar thagairt a chiallaíonn bunráta na cánach ioncaim Breatainí agus forléireofar aon tagairt d'fhorcháin Bhreataineach mar thagairt a chiallaíonn breis an dliteanais i leith cánach ioncaim Breatainí ar an dliteanas a bheadh ann dá mba de réir an bhunráta amháin a mhuirearófaí an cháin ioncaim Bhreataineach go léir.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar Nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus air sin beidh éifeacht aige :

(a) i gcás díbhinní a íocfar an 6 Aibreán 1973 nó dá éis agus tráth nach déanaí ná 5 Aibreán 1975; agus

(b) i gcásanna eile d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6 Aibreán 1973 nó dá éis.

Dá fhianú sin chuireadar sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, a lámh leis an gComhaontú seo.

Arna dhéanamh in dhá chóip bhunaidh i Londain an 2ú lá seo de Bhealtaine, 1973.

Thar ceann Rialtas na hÉireann :

DóNAL ó SúILLEABHáIN.

Thar ceann Rialtas na Ríochta Aontaithe :

ANTHONY KERSHAW.

AN TRIU SCEIDEAL

Muirearú i leith Cánach a chur i mbaint le Brabúis agus Ioncam as Gníomhaíochtaí a Sheoltar agus Fostaíochtaí a Fheidhmítear ar an Scairbh Ilchríochach—Forálacha Forlíontacha

Alt 33.

Faisnéis

1. Déanfaidh sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí eile, 1960 , má cheanglaítear sin air le fógra arna sheirbheáil air ag cigire, cibé sonraí a éileofar leis an bhfógra a thabhairt don chigire laistigh den tréimhse a theorannófar leis an bhfógra (nach lú ná tríocha lá)—

(a) i dtaobh idirbhearta i ndáil le gníomhaíochtaí a údaraítear leis an gceadúnas a bhfuil aon duine, nó a bhféadfadh aon duine a bheith, faoi dhliteanas cánach dá dtoradh de bhua alt 33; agus

(b) i dtaobh díolaíochtaí a íocadh nó is iníoctha i leith dualgais a rinneadh i limistéar inar féidir na gníomhaíochtaí sin a sheoladh faoin gceadúnas agus i dtaobh na ndaoine lenar íocadh nó lenarb iníoctha iad;

agus déanfaidh sé bearta réasúnacha chun an fhaisnéis a fháil is gá le go bhféadfaidh sé déanamh de réir an fhógra.

2. Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1973 , an Tríú Sceideal, mír 1” a chur isteach i gcolún (2) de.

Bailiú

1962, Uimh. 15 .

3. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo, má mheasúnaítear aon cháin de bhua alt 33 ar dhuine nach bhfuil ina chónaí sa Stát i leith brabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí a údaraítear, nó a sheoltar i ndáil le gníomhaíochtaí a údaraítear, le ceadúnas a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Phreitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, nó i leith brabúis nó gnóchain as cearta taiscealaíochta nó saothraithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a údaraítear nó a sheoltar amhlaidh, agus go mbeidh aon chuid den cháin gan íoc tráth is déanaí ná tríocha lá tar éis di teacht chun bheith dlite agus iníoctha, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais ag lua sonraí na measúnachta, méid na cánach atá gan íoc agus an dáta a tháinig sí chun bheith iníoctha agus á cheangal ar shealbhóir an cheadúnais an méid sin a íoc, mar aon le haon ús a bheidh dlite uirthi faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , nó faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , laistigh de thríocha lá ó dháta seirbheála an fhógra.

(2) Féadfar aon mhéid cánach a cheanglaítear ar dhuine a íoc le fógra faoin mír seo a ghnóchan uaidh amhail is dá mba cháin í a bhí dlite uaidh agus a éilíodh go cuí air; agus féadfaidh sé aon mhéid den sórt sin a d'íoc sé a ghnóthú ón duine a ndearnadh an mheasúnacht air mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

4. Níl feidhm ag mír 3 maidir le haon mheasúnacht chánach ar dhíolaíochtaí ó oifig nó ó fhostaíocht dá dtagraítear in alt 33 (5).

5. Níl feidhm ag an mír sin 3 más de dhroim chonradh a rinne sealbhóir an cheadúnais roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a d'fhás na brabúis nó na gnóchain ar ina leith a rinneadh an mheasúnacht iomchuí chuig an duine ar a ndearnadh é, mura duine é a bhfuil baint aige leis an sealbhóir nó mura rud é gur athraíodh an conradh ar an dáta sin nó dá éis.

6. Chun críocha an Sceidil seo, measfar baint a bheith ag duine leis an sealbhóir más rud é go measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

7. Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag duine a thiocfaidh nó a d'fhéadfadh teacht faoi dliteanas cánach ar cáin í a d'fhéadfaí, dá bhfágfaí gan íoc í, a ghnóthú faoin mír sin 3 ó shealbhóir ceadúnais, go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir aon oibleagáidí a bheidh curtha air leis na hAchtanna Cánach Ioncaim nó leis na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, féadfaidh siad deimhniú a eisiúint chun sealbhóir an cheadúnais á dhíolmhú ó fhorálacha na míre sin maidir le haon cháin is iníoctha ag an iarratasóir; agus i gcás ina n-eiseofar deimhniú den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le haon cháin den sórt sin a thiocfaidh chun bheith dlite fad a bheidh an deimhniú i bhfeidhm.

8. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le fógra i scríbhinn arna thabhairt do shealbhóir cheadúnas a eisíodh faoi mhír 7, an deimhniú a chealú amhail ó cibé dáta, nach luaithe ná tríocha lá tar éis dáta seirbheála an fhógra, a shonrófar san fhógra.

AN CEATHRU SCEIDEAL

Prótacal

Alt 38.

Idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag Leasú an Chomhaontú i dtaobh Faoisimh Chomharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cánach Brabús Corparáide na hÉireann agus Cánach Brabús na Ríochta Aontaithe, a Síníodh an 18 Bealtaine 1949

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe;

Ós mian leo Prótacal a chur i gcrích do leasú an Chomhaontaithe idir na Páirtithe Conarthacha i dtaobh faoisimh chomharaíochta ó chánachas dúbailte maidir le Cáin Bhrabús Corparáide na hÉireann agus Cáin Bhrabús na Ríochta Aontaithe, a síníodh an 18 Bealtaine 1949 (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta);

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1

In Airteagal VII (1) agus (2) den Chomhaontú cuirfear na focail “controls, directly or indirectly, not less than 10 per cent. of the voting power in” in ionad na bhfocal “beneficially owns, directly or indirectly, not less than three-quarters of the ordinary share capital of”.

Airteagal 2

Is cuid dhílis den Chomhaontú an Prótacal seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm tráth a bheidh gach ní is gá chun feidhm dlí a thabhairt don Phrótacal in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach déanta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus air sin beidh éifeacht aige i leith díbhinní a íocadh an 6 Aibreán 1973, nó dá éis.

Dá fhianú sin chuireadar sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, a lámh leisa bPrótacal seo.

Arna dhéanamh in dhá chóip bhunaidh i Londain an 2ú lá seo de Bhealtaine, 1973.

Thar ceann Rialtas

na hÉireann :

DóNAL ó SúILLEABHáIN.

Thar ceann Rialtas

na Ríochta Aontaithe:

ANTHONY KERSHAW.

AN CUIGIU SCEIDEAL

Alt. 39.

CUID I

Caillteanais Trádála a Dhícheadú agus Liúntais Chaipitiúla a Shrianadh

Athrú ar úinéireacht cuideachta

1. Chun críocha alt 39 bíonn athrú ar úinéireacht cuideachta—

(a) má fhaigheann duine aonair úinéireacht ar níos mó ná leath gnáth-scairchaipiteal cuideachta, nó

(b) má fhaigheann gach duine de dhá dhuine nó níos mó úinéireacht ar shealbhán 5 faoin gcéad nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta agus gur mó méid na sealbhán sin le chéile ná leath gnáth-scairchaipiteal na cuideachta, nó

(c) má fhaigheann gach duine de dhá dhuine nó níos mó úinéireacht ar shealbhán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta, agus gur mó méid na sealbhán sin le chéile ná leath gnáth-scairchaipiteal na cuideachta, ach neamhshuim a dhéanamh de shealbhán is lú ná 5 faoin gcéad mura breis é ar shealbhán atá ann cheana féin agus go bhfuil 5 faoin gcéad nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta sa dá shealbhán sin le chéile.

2. Nuair a bheidh mír 1 á feidhmiú—

(a) féadfar na himthosca ag aon dá thráth ama nach faide ná trí bliana ó chéile a chur i gcomparáid, agus áireofar an sealbhóir a bheith, an tráth is déanaí, tar éis úinéireacht a fháil ar cibé méid den sealbhán nach raibh aige an tráth is luaithe, gan aird a thabhairt ar a bhfuair sé ná ar ar dhiúscair sé idir an dá linn,

(b) ionas go ndéanfar lamháltas maidir le haon eisiúint scaireanna nó aon atheagrú eile caipitil, féadfar an chomparáid dá dtagraítear i bhfomhír (a) a dhéanamh ina sealbháin chéatadánacha den ghnáth-scairchaipiteal go léir na tráthanna faoi seach, i gcaoi go bhéadfar a mheas faoi dhuine ar mó a shealbhán céatadánach an tráth is déanaí go bhfuair sé sealbhán céatadánach ar cóimhéid leis an méadú,

(c) le linn a bheith á chinneadh, chun críocha fhomhíreanna (b) agus (c) de mhír 1, an bhfuil sealbhán 5 faoin gcéad ar a laghad faighte ag duine nó an bhfuil sealbhán faighte aige ar shealbhán 5 faoin gcéad ar a laghad é ar é a chur le sealbhán atá ann cheana féin, déanfar fáltais a fuair daoine a bhfuil baint acu lena chéile agus sealbháin dá gcuid a chomhshuimiú amhail is dá mb'fháltais iad a fuair an t-aon duine amháin agus gur shealbháin iad dá chuid, agus chun críocha na fomhíre seo measfar baint a bheith ag daoine lena chéile más rud é go measfaí baint a bheith acu lena chéile chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ,

(d) fágfar as an áireamh aon fháltas scaireanna faoi uacht nó díthiomnacht éagaigh agus aon bhronntanas scaireanna má shuitear gur bronntanas gan iarraidh é a tugadh ar neamhspleidh le forálacha alt 39.

3. Má shealbhaíonn daoine, cibé acu is comhaltaí den chuideachta iad nó nach ea, cearta nó cumhachtaí urghnácha faoi na hairteagail chomhlachais nó faoi aon doiciméad eile a rialaíonn an chuideachta agus go dtarlódh dá dhroim sin nach foras iomchuí úinéireacht ar ghnáth-scairchaipiteal lena léiriú cé acu ar tharla nó nár tharla mórathrú i measc na ndaoine ar chun sochair dóibh a rachaidh na caillteanais nó na liúntais chaipitiúla sa deireadh, ansin, nuair a bheifear á bhreithniú ar tharla athrú ar úinéireacht na cuideachta chun críocha alt 39, féadfar sealbháin de gach cineál scairchaipitil, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta, nó aon aicme áirithe scairchaipitil, nó cumhacht vótála nó aon chineál áirithe cumhachta a chur san áireamh in ionad gnáth-scairchaipitil.

4. Má d'oibrigh alt 39 chun srian a chur le faoiseamh faoi threoir athrú a theacht ar úinéireacht aon tráth áirithe, ní chuirfear aon idirbheart ná aon imthoisc a bhí ann roimh an am sin san áireamh chun a chinneadh ar tharla aon athrú úinéireachta dá éis sin.

Grúpaí cuideachtaí

5. (1) Déanfar neamhshuim chun críocha alt 39 d'athrú ar úinéireacht cuideachta más rud é—

(a) díreach roimh an athrú, gur cuideachta í is fochuideachta 75 faoin gcéad de chuid cuideachta eile, agus

(b) go leanfaidh an chuideachta eile sin d'éis an athraithe, d'ainneoin athrú a theacht ar úinéireacht dhíreach na cuideachta chéadluaite, den chuideachta chéadluaite a bheith ar úinéireacht aici mar fhochuideachta 75 faoin gcéad.

(2) Má tharlaíonn athrú ar úinéireacht aon chuideachta ag a bhfuil fochuideachta 75 faoin gcéad, cibé acu atá sí ar úinéireacht go díreach nó go hindíreach, ansin beidh feidhm ag alt 39 amhail is dá mba gur tháinig athrú freisin ar úinéireacht na fochuideachta sin, mura rud é go bhfuiltear chun neamhshuim a dhéanamh, faoi fhomhír (1), den athrú ar úinéireacht na cuideachta chéadluaite.

Forálacha i dtaobh úinéireachta

6. Chun críocha alt 39 agus an Sceidil seo—

(a) forléireofar tagairtí d'úinéireacht mar thagairtí d'úinéireacht thairbhiúil, agus forléireofar tagairtí do fháil dá réir sin,

(b) tá leis an bhfocal “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 226 (2) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) measfar cuideachta a bheith ina fochuideachta 75 faoin gcéad de chuideachta eile má bhíonn agus fad a bheidh cion nach 1ú ná 75 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht ag an gcuideachta eile sin, cibé acu go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile,

(d) déanfar méid gnáth-scairchaipiteal cuideachta amháin atá ar úinéireacht ag dara cuideachta trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile, a chinneadh de réir forálacha Chuid II den Sceideal seo,

(e) folaíonn “scair” “stoc”.

An tráth a athraíonn úinéireacht

7. I gcás gur de bhun conradh díola nó rogha nó conradh eile a fuarthas seilbh ar aon ghnáth-scairchaipiteal nó aon mhaoin nó cearta a cuireadh san áireamh chun a chinneadh gur tharla athrú ar úinéireacht cuideachta, nó i gcás gur duine a raibh conradh den sórt sin aige a fuair an tseilbh sin agus gur ar an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis a rinneadh an conradh, déanfar an tráth a tharla an t-athrú úinéireachta a chinneadh amhail is dá mba go bhfuarthas an tseilbh sin nuair a rinneadh an conradh leis an sealbhóir nó nuair a sannadh a shochar dó sa chaoi, i gcás duine a d'fheidhmigh rogha chun scaireanna a cheannach, go measfar gur cheannaigh an duine sin na scaireanna nuair a fuair sé an rogha.

An t-am atá ceadaithe chun measúnachtaí a dhéanamh

8. Má bhraitheann oibriú alt 39 ar imthosca nó ar theagmhais tráth éigin tar éis athrú ar úinéireacht, ach tráth nach déanaí ná trí bliana dá éis, ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt sin 39 as tráth má dhéantar í—

(a) i gcás inar measúnacht i leith cánach ioncaim í, laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina raibh an tráth sin nó an tráth is deireanaí de na tráthanna sin, nó

(b) i gcás inar measúnacht i leith cánach brabús corparáide í, laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina raibh an tráth sin nó an tráth is deireanaí de na tráthanna sin.

9. Ní foláir d'aon duine a mbeidh aon scaireanna, nó urrúis de chuid cuideachta cláraithe ina ainm, má iarrtar sin air trí fhógra i scríbhinn ó chigire chun críocha alt 39, a rá an eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó na n-urrús sin nó aon choda díobh nó nach é, agus murab eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó na n-urrús sin nó aon choda díobh, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine ar thar a cheann nó thar a gceann atá na scaireanna nó na hurrúis sin cláraithe ina ainm.

10. Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1973 , an Cúigiú Sceideal, mír 9” a chur isteach i gcolún 2 de.

CUID II

Forálacha chun an Méid Caipitil atá ar teachtadh i gCuideachta trí Chuideachtaí eile a Chinneadh

1. Más rud é, i gcás uimhir cuideachtaí, go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an dara cuideachta agus go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta, ansin, chun críocha an Sceidil seo, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta tríd an dara cuideachta, agus má tá an tríú cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid ceathrú cuideachta, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáthscairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an dara cuideachta agus an tríú cuideachta, agus measfar go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an tríú cuideachta, agus mar sin de.

2. Sa Chuid seo—

(a) tugtar sraith ar aon uimhir cuideachtaí a bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na chéad chuideachta eile agus a bhfuil an chéad chuideachta eile sin ina húinéir díreach ar ghnáthscairschaipiteal de chuid an dara cuideachta eile agus mar sin de, agus freisin, i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith ann, ar aon trí chuideachta nó níos mó díobh;

(b) in aon sraith—

(i) tugtar an chéad úinéir ar an gcuideachta sin atá ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile tríd an gcuideachta nó na cuideachtaí eile sa tsraith;

(ii) tugtar an chuideachta úinéirithe dheiridh ar an gcuideachta eile sin a bhfuil a gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht amhlaidh;

(iii) idirghabhálaí a thugtar ar an gcuideachta eile sa tsraith mura bhfuil ann ach cuideachta amháin eile, agus slabhra idirghabhálaithe a thugtar ar na cuideachtaí eile má bhíonn níos mó ná cuideachta amháin eile ann;

(c) tugtar úinéir ar chuideachta i sraith atá ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile sa tsraith;

(d) deirtear go bhfuil gaol díreach idir aon dá chuideachta i sraith más go díreach agus nach trí cheann amháin nó níos mó de na cuideachtaí eile sa tsraith is úinéir cuideachta díobh ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na cuideachta eile.

3. Má tá gach úinéir i sraith ina úinéir ar iomlán ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh.

4. Má tá ceann de na húinéirí i sraith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus go bhfuil gach úinéir eile sa tsraith ina úinéir ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir ar an gcodán sin de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe.

5. I gcás—

(a) gach úinéir de dhá úinéir nó níos mó i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus gach úinéir eile sa tsraith a bheith ina úinéir ar iomlán ghnáth-schairchaipitil na cuideachta sin, nó

(b) gach úinéir i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi;

measfar an chéad úinéir a bheith ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar cibé codán de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh is toradh ar iolrú na gcodán sin.

6. I gcás an chéad úinéir in aon sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal an chomhlachta chorpraithe úinéirithe dheiridh sa tsraith sin tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe sa tsraith sin, agus é a bheith ina úinéir freisin ar chodán nó ar chodáin eile de ghnáth-scairchaipiteal an chomhlachta chorpraithe úinéirithe dheiridh cibé acu—

(a) go díreach, nó

(b) trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin, nó

(c) trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin ceann amháin díobh ná cuid díobh ná iad go léir, nó

(d) i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith sa tsraith, trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe is comhalta nó is comhaltaí den tsraith, nó trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe arb éard é nó iad cuid de na cuideachtaí atá sa slabhra idirghabhálaithe sa tsraith ach ní iad go léir,

ansin, d'fhonn a fháil amach cad é an méid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh ar arb úinéir an chéad úinéir, comhshuimeofar na codáin sin go léir agus measfar gurb é an chéad úinéir úinéir suim na gcodán sin.

AN SEU SCEIDEAL

Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam)

Alt 48.

Cuid I

An Cineál Biotáille

Rátaí Tosaíochta

Lánrátaí

(1)

(2)

(3)

£

£

Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...

36.236

36.436

Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...

30.573

30.740

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille     ...     ...     ...     ...

22.647

22.772

Cuid II

An Cineál Biotáille

Ráta na Ríochta Aontaithe

£

Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

28.765

Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...

24.270

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille     ...     ...     ...     ...

17.978

AN SEACHTU SCEIDEAL

Dleachtanna ar Thobac

Alt 49.

Cuid I

Custaim

Tobac Neamh-mhonaraithe:

£

scúite nó díloirgnithe:

a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

an lb.

5.045

a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.245

nach bhfuil scúite ná díloirgnithe:

agus a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.043

agus a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.243

Lánrátaí

Rátaí Tosaíochta

£

£

Tobac Monaraithe:

todóga     ...     ...     ...     ...

an lb.

5.985

5.193

toitíní     ...     ...     ...     ...

,, ,,

5.870

5.097

cavendish nó negrohead     ...

,, ,,

5.955

5.168

cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ...

,, ,,

5.925

5.143

tobac athdhéanta nó aonghnéithithe a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...     ...

,, ,,

5.043

5.043

tobac athdhéanta nó aonghnéithithe a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...

an lb.

5.243

5.243

tobac monaraithe eile     ...

,, ,,

5.855

5.085

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.835

5.068

snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.955

5.168

Cuid II

Custaim

Tobac Neamh-mhonaraithe:

£

scúite nó díloirgnithe:

a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

an lb.

5.043

a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.243

nach bhfuil scúite ná díloirgnithe:

agus a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.043

agus a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.243

Cuid III

Custaim

Lánrátaí

Rátaí Tosaíochta

£

£

Tobac Monaraithe:

todóga     ...     ...     ...     ...

an lb.

5.400

5.193

toitíní     ...     ...     ...     ...

,, ,,

5.298

5.097

cavendish nó negrohead     ...

,, ,,

5.374

5.168

cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ...

,, ,,

5.348

5.143

tobac athdhéanta nó aonghnéithithe a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...     ...

,, ,,

5.043

5.043

tobac athdhéanta nó aonghnéithithe a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...     ...

,, ,,

5.243

5.243

tobac monaraithe eile: tobac cruafháiscthe     ...

,, ,,

4.455

4.254

tobac píopa eile     ...     ...

,, ,,

5.129

4.928

tobac monaraithe eile     ...

,, ,,

5.286

5.085

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...

,, ,,

5.268

5.068

snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

,, ,,

5.374

5.168

Cuid IV

Mál

£

Tobac Neamh-mhonaraithe:

a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...

an lb.

5.043

a bhfuil níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ...     ...     ...

,, ,,

5.243

Tobac monaraithe: cavendish nó negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ...     ...     ...     ...     ...

,, ,,

5.143

AN tOCHTU SCEIDEAL

Scála na Rátaí Dleachta Eastáit

Alt 53.

Luach Príomhshuime an Eastáit

An ráta dleachta faoin gcéad

£

£

Is mó ná      10,000

agus nach mó ná          11,000

...

...

4

,,    ,,    ,,      11,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      12,500

...

...

6

,,    ,,    ,,      12,500

    ,,        ,,        ,,    ,,      15,000

...

...

8

,,    ,,    ,,      15,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      17,500

...

...

10

,,    ,,    ,,      17,500

    ,,        ,,        ,,    ,,      20,000

...

...

12

,,    ,,    ,,      20,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      25,000

...

...

14

,,    ,,    ,,      25,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      30,000

...

...

16

,,    ,,    ,,      30,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      35,000

...

...

18

,,    ,,    ,,      35,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      40,000

...

...

21

,,    ,,    ,,      40,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      45,000

...

...

24

,,    ,,    ,,      45,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      50,000

...

...

27

,,    ,,    ,,      50,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      55,000

...

...

30

,,    ,,    ,,      55,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      60,000

...

...

33

,,    ,,    ,,      60,000

    ,,        ,,        ,,    ,,      75,000

...

...

37

,,    ,,    ,,      75,000

    ,,        ,,        ,,    ,,    100,000

...

...

41

,,    ,,    ,,    100,000

    ,,        ,,        ,,    ,,    150,000

...

...

45

,,    ,,    ,,    150,000

    ,,        ,,        ,,    ,,    200,000

...

...

50

,,    ,,    ,,    200,000

    ...       ...             ...        ...    

...

...

55

AN NAOU SCEIDEAL

Dleachtanna Stampa ar Ionstraimí

Alt 64.

Cuid I

Bond, Covenant or Instrument of any kind whatsoever.

(1) Being the only or principal or primary security for any annuity (except upon the original creation thereof by way of sale or security, and except a superannuation annuity), or for any sum or sums of money at stated periods, not being interest for any principal sum secured by a duly stamped instrument, nor rent reserved by a lease.

For a definite and certain period, so that the total amount to be ultimately payable can be ascertained.

Where the total amount does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the total amount exceeds ten thousand pounds

For every £200 or any fractional part of £200 of the amount secured     ..     ..     ..     ..

25p

For the term of life or any other indefinite period. For every £10, and also for any fractional part of £10, of the annuity or sum periodically payable     ..     ..     ..     ..     ..     ..

25p

(2) Being a collateral or auxiliary or additional or substited security for any of the above-mentioned purposes where the principal or primary instrument is duly stamped.

Where the amount secured does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the total amount to be ultimately payable can be ascertained and exceeds ten thousand pounds     ..

50p

In any other case:

For every £10, and also for any fractional part of £10, of the annuity or sum periodically payable

5p

(3) Being a grant or contract for payment of a superannuation annuity, that is to say a deferred life annuity granted or secured to any person in consideration of annual premiums payable until he attains a specified age and so as to commence on his attaining that age.

For every £10, and also for any fractional part of £10, of the annuity     ..     ..     ..     ..     ..

5p

Cuid II

Conveyance or Transfer on sale of any property other than stocks or marketable securities.

(1) Where the amount or value of the consideration for the sale does not exceed one thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions, in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds one thousand pounds     ..     ..

Exempt

(2) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds one thousand pounds but does not exceed two thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds two thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the consideration     ..     ..     ..     ..     ..     ..

25p

(3) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds two thousand pounds but does not exceed six thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds six thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the consideration     ..     ..     ..     ..     ..     ..

50p

(4) Where in the case of a conveyance or transfer on sale or in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos the consideration for the sale or the value of the property exceeds six thousand pounds and the instrument contains a certificate by the party to whom the property is being conveyed or transferred to the effect that the person becoming entitled to the entire beneficial interest in the property (or, where more than one person becomes entitled to a beneficial interest therein, each of them) is related to the person or each of the persons immediately theretofore entitled to the entire beneficial interest in the property in one or other of the following ways, that is to say, as a lineal descendant, parent, grandparent, step parent, husband or wife, brother or sister of a parent or brother or sister, or lineal descendant of a parent, husband or wife or brother or sister:—

For every £50, or fractional part of £50, of the consideration or of the value     ..     ..     ..     ..

50p

(5) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds six thousand pounds but does not exceed seven thousand five hundred pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds seven thousand five hundred pounds:—

If the amount or value of the consideration—

Exceeds  £6,000

and does not exceed £6,250

..

£70

    ,,        £6,250

  ,,     ,,     ,,     ,,     £6,500

..

£80

    ,,        £6,500

   ,,     ,,     ,,     ,,     £6,750

..

£90

    ,,        £6,750

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,000

..

£100

    ,,        £7,000

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,250

..

£110

    ,,        £7,250

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,500

..

£120

(6) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds seven thousand five hundred pounds but does not exceed ten thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds ten thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the consideration     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£1.00

(7) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds ten thousand pounds but does not exceed fifty thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds fifty thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the consideration     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£1.50

(8) Of any other kind whatsoever not hereinbefore described:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value of the consideration for the sale, or, in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos, of the value of the property conveyed or transferred     ..     ..     ..

£2.50

Cuid III

(3) For any other definite term or for any indefinite term of any lands, tenements, or heritable subjects—

Where the consideration, or any part of the consideration (other than rent), moving either to the lessor or to any other person, consists of any money, stock, or security, and—

(a) The amount or value of such consideration does not exceed one thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds one thousand pounds     ..     ..     ..

Exempt

(b) The amount or value of such consideration exceeds one thousand pounds but does not exceed two thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds two thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value     ..     ..     ..     ..     ..

25p

(c) The amount or value of such consideration exceeds two thousand pounds but does not exceed six thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds six thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value     ..     ..     ..     ..     ..

50p

(d) The amount or value of such consideration exceeds six thousand pounds but does not exceed seven thousand five hundred pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds seven thousand five hundred pounds:—

If the amount or value of the consideration—

Exceeds  £6,000

and does not exceed £6,250

..

£70

    ,,        £6,250

   ,,     ,,     ,,     ,,     £6,500

..

£80

    ,,        £6,500

   ,,     ,,     ,,     ,,     £6,750

..

£90

    ,,        £6,750

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,000

..

£100

    ,,        £7,000

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,250

..

£110

    ,,        £7,250

   ,,     ,,     ,,     ,,     £7,500

..

£120

(e) The amount or value of such consideration exceeds seven thousand five hundred pounds but does not exceed ten thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds ten thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value     ..     ..     ..     ..     ..

£1.00

(f) The amount or value of such consideration exceeds ten thousand pounds but does not exceed fifty thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds fifty thousand pounds:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value     ..     ..     ..     ..     ..

£1.50

(g) The case is of any other kind whatsoever not hereinbefore described:—

For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value     ..     ..     ..     ..     ..

£2.50

Where the consideration or any part of the consideration is any rent:

In respect of such consideration:

If the rent, whether reserved as a yearly rent or otherwise, is at a rate or average rate:

If the term does not exceed 35 years, or is indefinite.

If the term exceeds 35 years, but does not exceed 100 years.

If the term exceeds 100 years.

Not exceeding £5 per annum                 ..

5p

30p

60p

Exceeding—

£5 and not exceeding           £10         ..

10p

60p

£1.20

£10    ,,        ,,        ,,           £15         ..

15p

90p

£1.80

£15    ,,        ,,        ,,           £20         ..

20p

£1.20

£2.40

£20    ,,        ,,        ,,           £25         ..

25p

£1.50

£3.00

£25    ,,        ,,        ,,           £50         ..

50p

£3.00

£6.00

£50    ,,        ,,        ,,           £75         ..

75p

£4.50

£9.00

£75    ,,        ,,        ,,         £100         ..

£1.00

£6.00

£12.00

£100

For every full sum of £50, and also for any fractional part of £50 thereof     ..      ..

50p

£3.00

£6.00

Cuid IV

Mortgage, Bond, Debenture, Covenant (except a marketable security) and Warrant of Attorney to confess and enter up judgment.

(1) Being the only or principal or primary security (other than an equitable mortgage) for the payment or repayment of money—

Not exceeding ten thousand pounds     ..     ..     ..

Exempt

Exceeding ten thousand pounds—

For every two hundred pounds, or any fractional part of two hundred pounds, of the amount secured     ..

25p

(2) Being a collateral, or auxiliary, or additional, or substituted security (other than an equitable mortgage), or by way of further assurance for the above-mentioned purpose where the principal or primary security is duly stamped—

Where the amount secured does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the amount secured exceeds ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

50p

(3) Being an equitable mortgage:

Where the amount secured does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the amount secured exceeds ten thousand pounds:

For every one hundred pounds, and also for any fractional part of one hundred pounds     ..

5p

(4) Transfer, Assignment, or Disposition of any mortgage, bond, debenture, or convenant (except a marketable security) or of any money or stock secured by any such instrument, or by any warrant of attorney to enter up judgment, or by any judgment.

Where the amount secured does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the amount secured exceeds ten thousand pounds:

For every two hundred pounds, and also for any fractional part of two hundred pounds, of the amount transferred, assigned, or disposed, exclusive of interest which is not in arrear     ..

5p

And also where any further money is added to the

money already secured     ..     ..     ..     ..

The same duty as a principal security for such further money.

(5) Reconveyance, Release, Discharge, Surrender, Resurrender, or Renunciation of any such security as aforesaid, or of the benefit thereof, or of the money thereby secured:

Where the amount secured does not exceed ten thousand pounds     ..     ..     ..     ..     ..

Exempt

Where the amount secured exceeds ten thousand pounds:

For every two hundred pounds, and also for any fractional part of two hundred pounds of the total amount or value of the money at any time secured     ..     ..     ..     ..     ..     ..

5p

AN DEICHIU SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 90.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de 1972

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

In alt 1 (1), sa mhíniú ar “beostoc”, cuirfear “agus muca” in ionad “muca agus capaill”; sa mhíniú ar “tréimhse inchánach”, cuirfear “ar choinníoll gurb í an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1973, agus dar críoch an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1973, an tréimhse inchánach díreach i ndiaidh na tréimhse inchánach dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1973, agus gurb í an tréimhse dar tosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1973, agus dar críoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973, an chéad tréimhse inchánach eile i ndiaidh na tréimhse sin” isteach i ndiaidh “de Shamhain”; agus sa mhíniú ar “monaróir” cuirfear “agus, maidir le hearraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, folaíonn sé duine a sholáthraíonn nó a shocraíonn go soláthrófar ábhair do dhuine eile i gcúrsa gnó chun aon earraí den sórt sin a fháil déanta nó cóimeáilte thar a cheann ag an duine eile sin nó ag duine éigin eile” isteach i ndiaidh “earraí”.

In alt 3, i bhfo-alt (1), cuirfear “, faoi réir fho-alt (1A),” isteach i ndiaidh “maidir le hearraí”; agus i bhfo-alt (5) (b) cuirfear “an ráta a shonraítear de thuras na huaire in alt 11 (1) (c)” in ionad “30.26 faoin gcéad”.

In alt 5 (1), cuirfear “nach seachadadh é a measfar de réir alt 3 (1A) gur déanamh seirbhísí é” isteach i ndiaidh “earraí”.

In alt 8, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1)—

“(1) San alt seo ní fholaítear tagairtí d'fheirmeoireacht fionnaidh sna tagairtí do ghnó feirmeoireachta.”;

agus i bhfo-alt (3), i mír (a) (i), cuirfear “i míreanna (vii), (xii), (xiv) agus (xv) den Dara Sceideal,” isteach i ndiaidh “a shonraítear”; i mír (b) (ii), cuirfear “nó ar earraí iad de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii) nó (xii) go (xv) den Dara Sceideal, a sheachaid daoine nach daoine cuntasacha chuige” isteach i ndiaidh “daoine cuntasacha eile chuige”; agus cuirfear “ceachtar de na rátaí a shonraítear de thuras na huaire i mír (a) nó (d) d'fho-alt (1) d'alt 11” in ionad “ráta 5.26 faoin gcéad”.

In alt 10, i bhfo-alt (7), cuirfear “14.81” in ionad “19 20”; i bhfo-alt (8) (b) cuirfear “45” in ionad “60”.

In alt 11, i bhfo-alt (1) (d), cuirfear “, seachas comaoin lena mbaineann mír (b),” isteach i ndiaidh “aon chomaoine”, cuirfear “, (v) nó (xvi)” in ionad “nó (v)” agus cuirfear “agus (xii) go (xv)” isteach i ndiaidh “(viii)”; i bhfo-alt (2), cuirfear “an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (c)” in ionad “ráta 30.26 faoin gcéad” agus cuirfear “an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (a) ar” in ionad “ráta 5.26 faoin gcéad de”; agus i bhfo-alt (3), cuirfear isteach “mhír (xvi) den Dara Sceideal agus mhír (xxxii) de Chuid I den Tríú Sceideal,” i ndiaidh “10 (8) (c),”.

In alt 12, i bhfo-alt (1), cuirfear “cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) ar an gcomaoin” in ionad “5.26 faoin gcéad den chomaoin” agus “cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) ar luach” in ionad “5.26 faoin gcéad de luach”; i bhfo-alt (3) (a) déanfar “ach amháin sa mhéid gurb é a bheidh sa soláthar sin déanamh seirbhísí a bhfuil sé cuntasach i gcáin ina leith,” a chur leis.

In alt 13, i bhfo-alt (2) (b), cuirfear “, go raibh cáin inmhuirir i leith an tseachadadh earraí nó an déanamh seirbhísí” isteach i ndiaidh “a rinne na seirbhísí sin dó”; agus cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (4)—

“(4) Chun críocha an ailt seo ní fholaíonn feirmeoireacht feirmeoireacht fionnaidh ag duine seachas duine lena mbaineann mír (c) nó mír (d) d'alt 8 (3).”

In alt 15, i bhfo-alt (1), cuirfear “an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) ar” in ionad “ráta 5.26 faoin gcéad de”; cuirfear “an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (c) ar” in ionad “ráta 30.26 faoin gcéad de”, agus cuirfear “an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) ar” in ionad “ráta 16.37 faoin gcéad de”; i bhfo-alt (2), cuirfear “agus (xii) go (xv)” isteach i ndiaidh “(viii)” agus i bhfo-alt (4) (b), cuirfear “14.81” in ionad “19.20”.

In alt 17 (1), cuirfear isteach “de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear in alt 11 (1), lena n-áirítear ráta nialas faoin gcéad,” i ndiaidh “gurb inmhuirir cáin”.

In alt 25 (2), cuirfear “alt 11 (1B) nó” isteach roimh “alt 23”.

In alt 32 (1) (b), cuirfear “duine do dhéanamh seirbhís a bhaineann le haon ghníomhaíocht ghnó” in ionad “déanamh seirbhíse ag duine chun críche gníomhaíochta gnó”.

Sa Tríú Sceideal, i gCuid I, cuirfear “seachas capaill agus cúnna” le mír (iv); cuirfear “chun críche seachas táirgeadh bia” le mír (vi); i mír (xi) cuirfear “agus ciarsúir theicstíleacha” in ionad “gan ciarsúir”; cuirfear “seachas bia agus deoch de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal” le mír (xv); agus cuirfear “seachas cógaisí a chaitear de bhéal” isteach i mír (xvi) i ndiaidh “do dhaoine”.

AN tAONU SCEIDEAL DEAG

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 96.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

54 & 55 Vict., c. 39

Stamp Act, 1891

In alt 83, na focail “makes, issues” agus “or offers for subscription”. Sa Chéad Sceideal, na ceannteidil — “Bond for securing the payment or repayment of money or the transfer or retransfer of stock”, “Debenture for securing the payment or repayment of money or the transfer or retransfer of stock”, “Foreign Security” agus fo-cheannteidil (1), (3), (4) agus (5) den cheannteideal “Marketable Security”. Ailt 112 agus 113.

59 & 60 Vict., c. 28

Finance Act, 1896

Alt 12.

62 & 63 Vict., c. 9

Finance Act, 1899

Alt 8.

3 Edw. VII, c. 46

Revenue Act, 1903

Alt 5.

7 Edw. VII, c. 13

Finance Act, 1907

Alt 10.

7 Edw. VII, c. 24

Limited Partnerships Act, 1907

Alt 11.

Uimh. 22 de 1965

An tAcht Airgeadais, 1965

Mír (A) d'fho-alt (1) agus fo-alt (4) d'alt 31.