28 1973


Uimhir 28 de 1973


AN tACHT UM CHINEDHÍOTHÚ, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DON CHOINBHINSIÚN AR CHOSC AGUS PIONÓSÚ CHOIR AN CHINEDHÍOTHAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [18 Nollaig 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Coinbhinsiún um Chinedhíothú” an Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Cinedhíothú.

2. —(1) Beidh cion cinedhíothaithe déanta ag duine má dhéanann sé aon ghníomh a thagann faoi réim an mhínithe ar “cinedhíothú” atá in Airteagal II den Choinbhinsiún um Chinedhíothú.

(2) Ar dhuine a beidh ciontach i gcion cinedhíothaithe a chiontú ar díotáil—

(a) i gcás inar aon duine a mharú an cion tabharfar príosúnacht saoil de phianbhreith air, agus

(b) in aon chás eile, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag a chur air.

(3) Ní thionscnófar imeachtaí i gcion cinedhíothaithe ach amháin ag an Ard-Aighne nó lena thoiliú.

(4) Is í an Príomh-Chúirt Choiriúil a thriailfidh duine a chúiseofar i gcion cinedhíothaithe nó in aon iarracht ar chinedhíothú nó i gcomhcheilg nó i ngríosú cinedhíothú a dhéanamh.

Eiseachadadh agus fianaise do chúirteanna coigríche.

1965, Uimh. 17 .

1870, c. 52.

1873, c. 60.

3. —(1) Ní mheasfar gur cion polaitiúil ná cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil chun críocha an Achta um Eiseachadadh, 1965 , aon chion ab inphionóis, dá mba sa Stát a rinneadh é, mar chinedhíothú nó mar iarracht ar chinedhíothú nó mar chomhcheilg nó gríosú cinedhíothú a dhéanamh, agus ní mheasfar gur ábhar coiriúil de chineál polaitiúil chun críocha alt 24 den Extradition Act, 1870, nó alt 5 den Extradition Act, 1873, aon imeachtaí i leith cion den sórt sin.

(2) Ní bheidh duine díolmhaithe ó eiseachadadh faoin Acht um Eiseachadadh, 1965 , i leith cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar an bhforas nach bhféadfaí é a phíonósú sa chion sin faoin dlí a bhí i bhfeidhm san am agus san áit a líomhnaítear a rinne sé an gníomh a bhfuil sé cúisithe ann nó inar ciontaíodh é; ná ní bheidh ordú faoi alt 24 den Extradition Act, 1870, nó faoi alt 5 den Extradition Act, 1873, chun fianaise a ghlacadh i ndáil le haon chion den sórt sin a dúradh, neamhbhailí ar aon fhoras den sórt sin.

Leasú ar alt 169 den Acht Cosanta, 1954 .

1954, Uimh. 18 .

4. —Leasaítear leis seo alt 169 den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le cionta sibhialta áirithe a thriail ag armchúirt) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) más i ngníomh cinedhíothaithe ab inphionóis faoin Acht um Chinedhíothú, 1973 , a chiontófar é, dlífear—

(i) i gcas inar aon duine a mharú an cion, príosúnacht saoil a chur air, nó

(ii) in aon chás eile, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag a chur air;”.

Leasú ar alt 192 den Acht Cosanta, 1954 .

5. —Leasaítear leis seo alt 192 den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le dlínse armchúirteanna) trí—

(a) “nó cinedhíothaithe” a chur isteach i bhfo-alt (2) (c) i ndiaidh “dúnmharaithe”, agus

(b) “cinedhíothaithe,” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “dúnmharaithe,”,

agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

(2) Ní bheidh dlínse ag armchúirt theoranta—

(a) aon duine a thriail in aon chion in aghaidh an dlí mhíleata a rinne an duine sin le linn dó a bheith faoin dlí míleata mar oifigeach, ná

(b) aon duine a thriail a bheidh de thuras na huaire ina oifigeach, ná

(c) aon duine a thriail i gcion tréasa nó dúnmharaithe nó cinedhíothaithe, ná

(d) aon phianbhreith is troime ná príosúnacht a ghearradh ar aon duine.

(3) Ní bheidh dlínse ag armchúirt aon duine faoin dlí míleata a thriail i gcion tréasa, dúnmharaithe, cinedhíothaithe, dúnorgana ná banéigin, mura le linn don duine sin a bheith ar fianas a rinneadh an cion sin.

Leasú ar alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

1967, Uimh. 12 .

1939, Uimh. 10 .

1962, Uimh. 11 .

6. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a bhaineann leis an nós imeachta i gcás ina bpléadálann an cúisí ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion indíotála) trí “, cinedhíothú” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “píoráideacht”, agus dá réir sin beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

(1) Baineann an t-alt seo le gach cion indíotáilte ach amháin iad seo a leanas—cion faoin Acht Tréasa, 1939 , dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú, píoráideacht, cinedhíothú nó sárú tromchúiseach den sórt dá dtagraítear in alt 3 (1) (i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 , lena n-áirítear cion ag cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghníomh.

Leasú ar alt 29 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 29 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a bhaineann le bannaí i gcás tréasa, dúnmharaithe agus cionta áirithe eile) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (f):

“(g) cinedhíothú.”.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Chinedhíothú, 1973 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

AN COINBHINSIUN AR CHOSC AGUS PIONOSU CHOIR AN CHINEDHIOTHAITHE. GLACADH LEIS AG TIONOL GINEARALTA NA NAISIUN AONTAITHE AN 9 NOLLAIG 1948

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha,

Ar bhreithniú a bheith déanta acu ar an dearbhú a rinne Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ina rún 96 (I) dar dáta 11 Nollaig 1946 gur coir faoin dlí idirnáisiúnta cinedhíothú, go bhfuil sé in aghaidh spiorad agus aidhmeanna na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil sé daortha ag an saol sibhialta;

á aithint dóibh gurbh éirleach ró-mhór ar an gcine daonna, gach ré den stair, cinedhíothú; agus

ós deimhin leo gur gá comhoibriú idirnáisiúnta chun an cine daonna a shaoradh ón sciúirse fhuafar sin,

Tar éis comhaontu leis seo mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo:

Airteagal I

Daingníonn na Páirtithe Conarthacha gur coir faoin dlí idirnáisiúnta cinedhíothú, cibé acu le linn síochána nó le linn cogaidh a dhéantar é, agus go ngabhann siad orthu féin é a chosc agus a phionósú.

Airteagal II

Sa Choinbhinsiún seo, ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas a dhéantar d'fhonn aicme náisiúnta, eitneach, chiníoch nó chreidimh a dhíothú, go hiomlán nó go páirteach, mar aicme den sórt sin:

(a) Daoine den aicme a mharú;

(b) Mórdhíobháil choirp nó intinne a dhéanamh do dhaoine den aicme sin;

(c) Dálaí maireachtála a ghearradh de dhearbh-thoil ar an aicme dá dtiocfadh an aicme a dhíothú go hiomlán nó go páirteach;

(d) Bearta a chur i bhfeidhm d'fhonn cosc a chur le breitheanna san aicme;

(e) Leanaí den aicme a aistriú go héigeanta go dtí aicme eile.

Airteagal III

Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionóis:

(a) Cinedhíothú;

(b) Comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh;

(c) Imghríosú díreach agus poiblí cinedhíothú a dhéanamh;

(d) Iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh;

(e) Comhpháirteachas i gcinedhíothú.

Airteagal IV

Gearrfar pionós ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú nó aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III, cibé acu is rialtóirí iad ar a bhfuil freagracht bhunreachtúil, oifigigh phoiblí nó daoine príobháideacha.

Airteagal V

Gabhann na Páirithe Conarthacha orthu féin go n-achtóidh siad an reachtaíocht is gá, de réir a mBunreachtanna faoi seach, chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus, go háirithe, pionóis éifeachtacha a fhoráil do dhaoine atá ciontach i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III.

Airteagal VI

Daoine a chúiseofar i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III triailfidh binse inniúil iad de chuid an Stáit arb ina chríoch a rinneadh an gníomh, nó triailfidh cibé pianbhinse idirnáisiúnta iad ag a mbeidh dlínse i leith na bPáirtithe Conarthacha sin a mbeidh glactha acu lena dhlínse.

Airteagal VII

Ní mheasfar gur coireanna polaitiúla chun críche eiseachadta cinedhíothú ná na gníomhartha eile a áirítear in airteagal III.

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin eiseachadadh a dhéanamh i gcásanna den sórt sin de réir a ndlíthe agus na gconarthaí a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal VIII

Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach a iarraidh ar orgain inniúla na Náisiún Aontaithe cibé beart is cuí leo a dhéanamh faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun gníomhartha cinedhíothaithe nó aon ghníomh eile dá n-áirítear in airteagal III a chosc agus deireadh a chur leo.

Airteagal IX

Cuirfear díospóidí idir na Páirtithe Conarthacha i dtaobh léiriú, feidhmiú nó comhlíonadh an Choinbhinsiúin seo, lena n-áirítear díospóidí i dtaobh Stát a bheith freagrach i gcinedhíothú nó in aon ghníomh eile dá n-áirítear in Airteagal III, faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta ar aon pháirtí sa díospóid á iarraidh sin.

Airteagal X

Is é an 9 Nollaig 1948 an dáta a bheidh ar an gCoinbhinsiún seo agus tá comhúdarás ag na téacsanna sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis de.

Airteagal XI

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt go dtí an 31 Nollaig 1949 lena shíniú thar ceann aon Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe agus thar ceann aon Stát nach comhalta a mbeidh cuireadh chun a shínithe dírithe chuige ag an Tionól Ginearálta.

Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Tar éis an 1 Eanáir 1950 féadfar aontú don Choinbhinsiún seo thar ceann aon Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe agus thar ceann aon Stát nach comhalta a fuair cuireadh mar a dúradh.

Déanfar ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal XII

Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach tráth ar bith, trí fhógra a bheidh dírithe chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, feidhmiú an Choinbhinsiúin seo a chur i mbaint le gach críoch nó le haon chríoch arb é an Páirtí Conarthach sin atá freagrach ina caidreamh coigríche a sheoladh.

Airteagal XIII

An lá a bheidh an chéad fiche ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais taiscthe, tarraingeoidh an tArd-Rúnaí suas procès-verbal agus cuirfidh cóip de chuig gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe agus chuig gach Stáit nach comhalta atá i gceist in airteagal XI.

Tiocfaidh an Coibhinsiún seo i bhfeidhm an nóchadú lá tar éis dáta an fichiú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Aon daingniúchán nó aontachas a dhéanfar tar éis an dáta sin is déanaí a luaitear glacfaidh sé éifeacht an nóchadú lá tar éis an ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal XIV

Fanfaidh an Coinbhinsiún seo in éifeacht ar feadh tréimhse deich mbliana ó dháta a theachta i bhfeidhm.

Fanfaidh sé i bhfeidhm dá éis sin ar feadh tréimhsí comhleanúnacha cúig bliana i gcás na bPáirtithe Conarthacha sin nach mbeidh séanadh déanta acu air sé mhí ar laghad roimh dheireadh na tréimhse reatha.

Déanfar séanadh trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal XV

Más rud é, de bharr séantaí, go dtitfidh líon na bPáirtithe sa Choinbhinsiún seo faoi bhun sé chomhalta dhéag, scoirfidh an Coinbhinsiún d'fheidhm a bheith aige amhail ón dáta a ghlacfaidh an séanadh is deireanaí acu sin éifeacht.

Airteagal XVI

Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach iarratas, trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an Ard-Runaí, a dhéanamh aon tráth á iarraidh go n-athchóireofaí an Coinbhinsiún seo.

Cinnfidh an Tionól Ginearálta na bearta, más aon bhearta iad, a dhéanfar maidir leis an iarratas sin.

Airteagal XVII

Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe na nithe seo a leanas in iúl do Chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe agus do na Stáit nach comhaltaí atá i gceist in airteagal XI:

(a) Síniúcháin, daingniúcháin agus aontachais a fuarthas de réir airteagal XI;

(b) Fógraí a fuarthas de réir airteagal XII;

(c) An dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir airteagal XIII;

(d) Gach séanadh a fuarthas de réir airteagal XIV;

(e) Aisghairm an Choinbhinsiúin de réir airteagal XV;

(f) Fógraí a fuarthas de réir airteagal XVI.

Airteagal XVIII

Taiscfear scríbhinn bhunaidh an Choinbhinsiúin seo i gcartlanna na Náisiún Aontaithe.

Cuirfear cóip dheimhnithe den Choinbhinsiúin chuig gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe agus chuig gach Stát nach comhalta atá i gceist in airteagal XI.

Airteagal XIX

Cláróidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an Coinbinsiún seo ar dháta a theachta i bhfeidhm.