1 1974


Uimhir 1 de 1974


AN tACHT IOMPAIR, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [18 Feabhra, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Minithe.

1950, Uimh. 12 .

1958, Uimh. 20 .

1964, Uimh. 30 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1958” Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Iompair, 1964 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann.

An Bord d'fáil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.

2. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 5 d'Acht 1964:

“5. (1) Féadfaidh an Bord ó am go ham airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, a fháil ar iasacht chun caiteachas a bheidh tabhaithe aige a ghlanadh ar caiteachas é is inmhuirir go cuí ar chaipiteal agus nach bhfuil toirmiscthe de bhua alt 3 den Acht seo.

(2) Ní rachaidh comhshuim na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe thar £55,000,000.

(3) Ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht faoin alt seo (seachas ón Aire Airgeadais) ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

(4) Maidir le hairgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, is é an ráta iomlaoide an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus do airgead reatha an Stáit.”.

Airleacain don Bhord ón Aire Airgeadais chun críocha caipitiúla.

1969, Uimh. 31 ,

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1964 trí “£55,000,000” a chur in ionad “seacht milliún déag punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Iompair, 1969 ), agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

(1)  Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis (nach mó san iomlán ná £55,000,000) a airleacan chun an Bhoird ó am go ham i leith costas íoctha caiteachais faoina ndeachaigh an Bord agus is inmhuirir go cuí ar chaipiteal.

Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí a gheobhaidh an Bord chun críocha caipitiúla.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i cibé foirm agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, seachas ón Aire Airgeadais, faoi alt 5 (arna leasú leis an Acht seo) d'Acht 1964 nó go n-íocfaidh sé an t-ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfaidh sé an phríomhshuim agus go n-íocfaidh sé an t-ús agus féadfar go mbeidh ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfar na fochaiteachais a bhainfidh leis na hiasachtaí sin a fháil.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina leagfar amach maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon airgead a bheith íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) méid na príomhshuime faoi réim na ráthaíochta a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin.

(3) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoi fho-alt (4) den alt seo agus na gcaiteachas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(6) Déanfaidh an Bord an t-airgead a íocfaidh an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacfar an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(7) I gcás iomlán an airgid nó aon chuid den airgead nach foláir faoi fho-alt (6) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh amuigh amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Bord an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire sin cibé tráthanna agus de réir cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, má mhainnítear an tsuim sin a aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh eile chun í a ghnóthú, féadfar an tsuim sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Déanfar an t-airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais.

(10) Maidir le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) féachfar ar gach tagairt do phríomhshuim, ar gach tagairt d'ús agus ar an tagairt d'fhochaiteachais i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairt do choibhéis na príomshuime iarbhír, an úis iarbhír agus na bhfochaiteachas iarbhír, faoi seach, in airgead reatha an Stáit, agus déanfar an choibhéis sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na bhfochaiteachas iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit,

(ii) féachfar ar an tagairt do phríomshuim i bhfo-alt (2) den alt seo mar thagairt do choibhéis na príomshuime iarbhír in airgead reatha an Stáit agus déanfar an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus do airgead reatha an Stáit,

(iii) féachfar ar gach tagairt d'airgead i bhfo-alt (3) agus i bhfo-ailt (6) go (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Cumhachtaí sealadacha an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

5. —Leasaítear leis seo alt 28 (1) d'Acht 1950 (arna leasú le halt 24 d'Acht 1958) trí “£5,000,000” a chur in ionad “£2,000,000” i mír (c) agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an mír sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachta faoi mhír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná £5,000,000 aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta shealadaigh.

Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha a gheobhaidh an Bord.

6. —Leasaítear leis seo alt 30 (1) d'Acht 1950 (arna leasú le halt 25 d'Acht 1958) trí “£5,000,000” a chur in ionad “£1,500,000” i mír (b) agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an mír sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TáBLA

(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachta a bheirtear dó leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná £5,000,000 méid nó méid iomlán na príomhshuime a dhlífeas sé, aon tráth áirithe, d'aisíoc de bhun aon ráthaíochta nó aon ráthaíocht faoin bhfo-alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime más ann) a bheas íoctha roimhe sin ag an Aire sin de bhun aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Iompair, 1974 , a ghairm den Acht seo.