14 1974


Uimhir 14 de 1974


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (Uimh. 2), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1974, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1974, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1974, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1974, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1974. [27 Meitheamh, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1966, Uimh. 16 .

1970, Uimh. 12 .

1973, Uimh. 10 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Pinsin seanaoise (rátaí nua, leathnú ar na teorainneacha acmhainne, liúntais nua i leith cleithiúnaithe aosaithe).

1969, Uimh. 19 .

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1973):

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

(i) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara ná £12.50—an ráta atá leagtha amach i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

(ii) i gcás gur mó acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara ná £12.50—an ráta ar dá réir, faoi threoir an Tábla sin, ab iníoctha an pinsean dá mba gur mhó ná £11.50 ach nár mhó ná £12.50 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £12.50, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll más lú ná 50 pingin nua an ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha,

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo móide 55 phingin nua,

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás gur duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, á fháil aici, nó

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, á fháil aige.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA A

AN RATA PINSIN

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £5     ..

7.30

9.25

11.20

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1.50 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ..     ..     ..     ..

6.30

8.25

10.20

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..     ..

5.30

7.25

9.20

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..     ..

4.30

6.25

8.20

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..     ..

3.30

5.25

7.20

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ..     ..     ..     ..

2.30

4.25

6.20

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ..     ..     ..

1.30

3.25

5.20

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £11.50     ..     ..     ..

0.80

2.75

4.70

níos mó ná £11.50 gan bheith níos mó ná £12.50     ..     ..

Neamhní

1.75

3.70

TABLA B

MEADU I LEITH CLEITHIUNAI AOSAITHE

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

..

..

3.65

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

3.15

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

2.65

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

2.15

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

1.65

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

1.15

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

0.65

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £11.50

..

..

0.40

níos mó ná £11.50

..

..

..

..

..

..

Neamhní

agus

(b) trí “ceithre phunt agus cúig phingin nua déag” a chur i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 ), in ionad “trí phunt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le Acht 1973).

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1973) trí “cúig chéad nócha is ocht bpunt” a chur in ionad “ceithre chéad nócha is ceithre phunt” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1974.

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1973) a ghabhann leis.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Iúil, 1974.

AN SCEIDEAL

RÁTAÍ CÚNAIMH DHíFHOSTAíOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí      ..

£6.35

£6.05

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£10.95

£10.55

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..

£12.90

£12.50

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£14.85

£14.45

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.50 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.50 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£8.45

£8.15

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£10.40

£10.10

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.50 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.50 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Pinsin baintreach (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le halt 105 d'Acht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi réir forálacha an Achta seo—

(i) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £12.50—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás gur mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £12.50—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin leis an mbaintreach dá mba rud é gur mhó ná £11.50 ach nár mhó ná £12.50 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £12.50 agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll, más lú na 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA B

RATAI SEACHTAINIULA PINSEAN BAINTREACH (NEAMHRANNIOCACH)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

gan bheith níos mó ná £5     ..

7.30

9.70

12.10

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1.50 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ..     ..     ..     ..

6.30

8.70

11.10

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..     ..

5.30

7.20

10.10

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..     ..

4.30

6.70

9.10

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..     ..

3.30

5.70

8.10

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ..     ..     ..     ..

2.30

4.70

7.10

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ..     ..     ..

1.30

3.70

6.10

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £11.50     ..     ..     ..

0.80

3.20

5.60

níos mó ná £11.50 gan bheith níos mó ná £12.50     ..     ..

Neamhní

2.20

6.60

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1974, i gcás liúntais is iníoctha de bhua alt 22 d'Acht 1970, alt 8 d'Acht 1973 nó alt 9 den Acht seo, agus an 5ú lá d'Iúil, 1974, i ngach cás eile.

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (1).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Iúil, 1974.

AN TABLA

RATAI SEACHTAINIULA PINSEAN DILLEACHTAI (NEAMHRANNIOCACH)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

gan bheith níos mó ná £1

..

..

..

..

..

4.75

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

3.75

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

2.75

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

1.75

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

0.75

níos mó ná £5     ..

..

..

..

..

..

..

Neamhní

 

Liúntais leanaí (rátaí nua).

1952, Uimh. 12 .

1946, Uimh. 8 .

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952 ) den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1973):—

“(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1974, agus na rialachán fúthu, aon duine a fhionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil de réir—

(a) £2.30 i gcás é a bheith cáilithe i leith linbh cháilithe amháin,

(b) £5.60 i gcás é a bheith cáilithe i leith beirt leanbh cháilithe,

(c) £9.65 i gcás é a bheith cáilithe i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó, móide £4.05 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar thriúr.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Liúntas (cúram) seanaoise (ráta nua).

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) d'Acht 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais (cúram) seanaoise, trí “£4.15” a chur in ionad “£3.50” (a cuireadh isteach le hAcht 1973).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1974.

Liúntas do bhean shingil.

8. —(1) Íocfar, faoi réir rialachán, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas (dá ngairtear liúntas do bhean shingil san alt seo) le bean—

(a) atá singil,

(b) a bhfuil ocht mbliana is caoga d'aois slánaithe aici ach nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Is de réir an ráta atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a íocfar liúntas do bhean shingil.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhean shingil agus féadfaidh na rialacháin sin, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, aon fhorálacha de chuid, nó a rinneadh faoi réim, Acht 1952 agus na nAchtanna ag leasú nó ag leathnú an Achta sin a fheidhmiú (le modhnú nó gan mhodhnú), nó forálacha a dhéanamh ar aon-dul (le modhnú nó gan mhodhnú) le forálacha den sórt sin.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1974.

AN TABLA

RATA AN LIUNTAIS DO BHEAN SHINGIL

Acmhainn an éilitheora nó an tairbhí

An Ráta Seachtainiúil

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

gan bheith níos mó ná £1

..

..

..

..

..

6.35

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

5.35

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

4.35

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

3.35

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

2.35

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

1.35

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £6.50

..

..

..

0.85

níos mó ná £6.50

..

..

..

..

..

..

Neamhní

 

Liúntas do bhanchéile príosúnaigh

9. —(1) Íocfar, faoi réir rialachán, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas (dá ngairtear liúntas do bhanchéile príosúnaigh san alt seo) le bean—

(a) a ndearnadh a fearchéile, is príosúnach, a chimiú i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí féilire,

(b) nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici,

(c) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun daichead bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus

(d) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais do bhanchéile príosúnaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974, dá mbeadh a fearchéile marbh.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh más rud é, á chur i gcás go raibh a fearchéile marbh, gur leanbh cáilithe maidir léi an leanbh chun críocha na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974.

(4) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, de réir alt 2 (6) d'Acht 1952 agus na rialachán faoin bhfo-alt sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní a bhaineann le liúntas do bhanchéile príosúnaigh agus féadfaidh na rialacháin sin, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, aon fhorálacha de chuid, nó a rinneadh faoi réim, Acht 1952 agus na nAchtanna ag leasú agus ag leathnú an Achta sin a fheidhmiú (le modhnú nó gan mhodhnú), nó forálacha a dhéanamh ar aon-dul (le modhnú nó gan mhodhnú) le forálacha den sórt sin.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1974.

Sochair áirithe a íoc tar éis bháis.

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “sochar”—

(a) sochar míchumais (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha i modh sochair phá-choibhneasa más iomchuí),

(b) sochar dífhostaíochta (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha i modh sochair phá-choibhneasa más iomchuí),

(c) cúnamh dífhostaíochta,

(d) sochar díobhála (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha i modh sochair phá-choibhneasa más iomchuí),

(e) pinsean seanaoise (ranníocach),

(f) pinsean scoir,

(g) pinsean easláine,

(h) pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974.

(2) D'ainneoin aon fhorálacha dá mhalairt in Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, sna hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974, sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974, nó sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, nó i rialacháin faoi na hAchtanna sin,

(a) i gcás duine atá ag fáil sochair lena n-áirítear méadú i leith cleithiúnaí aosaithe, nó lena n-áireofaí méadú den sórt sin mura mbeadh an cleithiúnaí aosaithe ag fáil sochair as a cheart féin d'fháil bháis, leanfar den sochar sin a íoc go ceann tréimhse sé sheachtain tar éis dáta an bháis agus i gcaitheamh na tréimhse sin íocfar é le cibé duine agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe agus

(b) in aon chás ina dtabharfar íocaíocht faoin alt seo, ní thiocfaidh duine i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin bhaintrí (neamhranníocach), liúntais dílleachta (ranníocach), pinsin dílleachta (neamhranníocach), sochair faoi alt 26 (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952 ná sochair bháis faoi alt 17, 18, 19 nó 21 d'Acht 1966 nó go mbeidh an tréimhse sé sheachtain a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo caite mura bhforáiltear agus a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin.

(3) Tiocfaidh an t-alt i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Isliú ar an aois cháilitheach chun críocha pinsin.

1908, c. 40.

1932, Uimh. 18 .

1964, Uimh. 28 .

11. —(1) Leasaítear leis seo gach ceann de na forálacha seo a leanas trí thagairt do ocht mbliana is seasca a chur in ionad na tagartha do naoi mbliana is seasca (a cuireadh isteach le hAcht 1973) gach áit a bhfuil sí:—

(a) alt 2 (1) den Old Age Pensions Act, 1908,

(b) alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ,

(c) alt 10 (3) (b) d'Acht 1933,

(d) alt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ), ailt 22 (1) agus 36 (a) (i) d'Acht 1935, agus

(e) ailt 80 (2) agus 81 (1) d'Acht 1952.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 trí “ocht mbliana is seasca” a chur in ionad “naoi mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1973) sa mhíniú ar “aois inphinsin”.

(3) Leasaítear leis seo alt 81 (1) d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht seo) trí “ocht mbliana is seasca” a chur in ionad “naoi mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1973).

(4) I gcás duine a shlánóidh 57 mbliana d'aois an lú lá d'Iúil, 1974, nó dá éis,—

(i) déanfar an coinníoll ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach) atá leagtha amach i mír 6 (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “ocht mbliana is caoga” in ionad “seasca bliain”, agus

(ii) déanfar alt 9 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 4 d'Acht 1960) a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “ocht mbliana is caoga” in ionad “seasca bliain”.

(5) (a) Duine a shlánóidh 69 mbliana d'aois an lú lá d'Iúil, 1974, nó dá éis, ach roimh an 5ú lá d'Eanáir, 1976, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an lú lá d'Iúil, 1974, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a mbeidh 69 mbliana d'aois slánaithe aige roimh an lú lá d'Iúil, 1974, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe a bheidh comhionann le meánmhéid bhliantúil na ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(c) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) nó chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánóidh 69 mbliana d'aois roimh an 5ú lá d'Eanáir, 1976, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an lú lá d'Iúil, 1974, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(d) Baintreach nó banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an lú lá d'Iúil, 1974, pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an lú lá d'Iúil, 1974, agus dá éis, chun an phinsin nó an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe a bheidh comhionann le meánmhéid bhliantúil na ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

12. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1973):

“CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..     ..     ..     ..

7.75

5.05

2.20

1.80

--

(ii) aon bhean phósta eile     ..

6.55

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

7.75

5.05

2.20

1.80

_

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ..     ..     ..

6.55

--

--

--

--

2. Pinsean easláine:

(a) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaionn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..     ..     ..

7.75

5.05

2.20

1.80

4.15

(b) aon bhean phósta eile     ..     ..

6.55

--

--

--

4.15

3. Liúntas Máithreachais     ..     ..

7.75

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranniocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

7.80

--

2.55

2.55

4.15

(b) in aon chás eile     ..     ..     ..

8.40

--

2.55

2.55

4.15

5. Sochar Banchéile Thréigthe     ..     ..

7.80

--

2.55

2.55

4.15

6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ..

5.70

--

--

--

--

7. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

8.50

5.50

2.20

1.80

4.15

(b) in aon chás eile     ..     ..     ..

9.10

5.50

2.20

1.80

4.15

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ..     ..     ..

--

1.00

--

--

--

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais, an lú lá d'Iúil, 1974,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 4ú lá d'Iúil, 1974, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an 5ú lá d'Iúil, 1974.

Méadú ar rátaí sochair dhífhostaíochta áirithe.

1967, Uimh. 18 .

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) (arna leasú le hAcht 1973).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

AN TABLA

An Aicme Duine

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ..

6.50

--

1.95

1.50

Aon duine eile     ..

6.35

4.60

1.95

1.50

 

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua).

14. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo, cuirfear an ráta atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua na míre sin i gcolún (1).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

AN TABLA

An mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.24

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.18

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.63

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.61

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.12

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.49

Mír 2 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.98

Mír 2 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.47

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.02

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.46

Mír 3 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.17

Mír 3 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.89

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.27

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.37

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.37

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.15

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.61

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.29

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

1.84

 

Ranníocaí saorálacha (rátaí nua).

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla na ranníocaí saorálacha agus beidh siad le híoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi aois inphinsin, de réir—

(a) £0.64 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranní ocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), agus

(b) £1.67 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach),

i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952 (deireadh le dliteanas ranníocaí áirithe a íoc).

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10) (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1973):

“(10) Ní bheidh an ráta ranníoca fostaíochta a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mar ranníoc is iníoctha ag ranníocóir fostaithe iníoctha i gcás ranníocóir fostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas—

(a) pinsean baintrí (ranníocach),

(b) pinsean baintrí (neamhranníocach),

(c) sochar banchéile thréigthe,

(d) liúntas banchéile thréigthe,

(e) sochar báis i modh pinsin bhaintrí faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ,

(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 ,

(g) íocaíocht ar comhréir le pinsean faoi (a) nó (e) den fho-alt seo ó institiúid inniúil ballstát (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlaigh a ghluaiseann laistigh den Chomhphobal.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1952 (liúntas máithreachais).

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1952, a dhéanann foráil do liúntas máithreachais, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar in aon seachtain an Domhnach a áireamh mar lá a mbeadh duine i dteideal liúntais mháithreachais dó agus, dá réir sin, is é an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí an méid is iníoctha mar liúntas den sórt sin in aghaidh aon lae eile de sheachtain.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1952 (pinsean baintrí (ranníocach)).

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1952, a dhéanann foráil do phinsean baintrí (ranníocach), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fhoráil an Achta seo, beidh baintreach i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) má chomhlíonann a hárachas féin nó árachas a fearchéile na coinníollacha ranníoca iomchuí nó má bhí a fearchéile i dteideal pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir de réir ráta sheachtainiúil mhéadaithe de bhua fho-alt (2) nó (6) d'alt 26 den Acht seo in aghaidh tréimhse a chríochnaigh lena bhás.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1952 (sochar breise do chleithiúnaithe aosaithe).

1972, Uimh. 15 .

19. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 (4) (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1972 ) d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Déanfar ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) agus, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin scoir, pinsin easláine nó sochair bhanchéile thréigthe, a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a bheidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a chomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Sochar banchéile thréigthe (modhnú ar na coinníollacha ranníoca).

20. —(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 10 (a cuireadh isteach le halt 17 (6) d'Acht 1973):

“10. Sochar Banchéile Thréigthe.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair bhanchéile thréigthe—

(a) go mbeidh ar a laghad céad caoga is sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an fhearchéile in aghaidh na tréimhse a thosaigh ar a theacht faoi árachas agus a chríochnaigh díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, ceithre bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile,—

(i) nach lú ná tríocha a naoi meán-uimhir na ranníocaí in aghaidh na bliana ranníoca a bheidh íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh na dtrí bliana ranníoca, nó (más gá sin de réir a thaifid árachais) in aghaidh na gcúig bliana ranníoca, dar chríoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó

(ii) nach lú ná daichead a hocht meán-uimhir na ranníocaí in aghaidh na bliana ranníoca a bheidh íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh na tréimhse dar thosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas agus dar chríoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí,

ach, mura mbeidh na coinníollacha sin roimhe seo comhlíonta de réir taifid árachais an fhearchéile, féadfar iad a bheith comhlíonta de réir taifid árachais na mná (agus gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile).

Sa mhír seo ciallaíonn “am iomchuí”—

(i) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó an dáta, roimh shlánú na haoise sin dó, a cinneadh an bhean a bheith tréigthe aige, nó

(ii) más ar thaifead árachais na mná atá na coinníollacha á gcomhlíonadh—

(I) an dáta a cinneadh an bhean a bheith tréigthe ag a fearchéile, nó

(II) i gcás inar shlánaigh an bhean aois inphinsin roimh an dáta a cinneadh í a bheith tréigthe ag a fearchéile, an dáta a shlánaigh sí aois inphinsin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua).

21. —(1) Leasaítear Acht 1966 leis seo mar a leanas:

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “ocht bpunt agus daichead pingin nua” in ionad “seacht bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “deich bpunt agus ochtó pingin nua” in ionad “naoi bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “seacht gcéad agus daichead punt” in ionad “sé chéad agus tríocha punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(d) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla I a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):—

TABLA I

An grád míthreorach

An Ráta Seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

10.80

90     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

9.72

80     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

8.64

70     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

7.56

60     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6.48

50     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5.40

40     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4.32

30     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3.24

20     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2.16

(e) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla II a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):—

TABLA II

An grád míthreorach

An Ráta Seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

8.40

90     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

7.56

80     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6.72

70     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5.88

60     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5.04

50     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4.20

40     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3.36

30     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2.52

20     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

1.68

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “£2.16” in ionad “£1.82” agus “£1.68” in ionad “£1.42” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(g) in alt 10 (1) cuirfear “cúig phunt agus cúig phingin nua” in ionad “ceithre phunt agus cúig phingin nua is fiche” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(h) in alt 11 (1) cuirfear “dhá phunt agus fiche pingin nua” in ionad “punt agus cúig phingin nua is ochtó” (a cuireadh isteach le hAcht 1973) agus cuirfear “punt agus ochtó pingin nua” in ionad “punt agus caoga pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(i) in alt 12 (1) (a) cuirfear “sé phunt agus cúig phingin nua is caoga” in ionad “cúig phunt agus cúig phingin nua is tríocha” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(j) in alt 12 (1) (b) cuirfear “seacht bpunt agus cúig phingin nua is seachtó” in ionad “sé phunt agus cúig phingin nua is caoga” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(k) in alt 13 (1) cuirfear “£4.15” in ionad “£3.50” (a cuireadh isteach le hAcht 1973) agus cuirfear “ocht bpunt agus tríocha pingin nua” in ionad “seacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(l) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “ocht bpunt agus daichead pingin nua” in ionad “seacht bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(m) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “deich bpunt agus ochtó pingin nua” in ionad “naoi bpunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(n) in ailt 17 (2) agus 18 (2) cuirfear “deich bpunt agus cúig phingin nua déag” in ionad “ocht bpunt agus seasca pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(o) in alt 18 (3) cuirfear “cúig chéad fiche is ocht bpunt” in ionad “ceithre chéad daichead is seacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(p) in alt 19 cuirfear “dhá phunt agus cúig phingin nua is caoga” in ionad “dhá phunt agus cúig phingin nua déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1973) gach áit a bhfuil sé;

(q) in alt 20 cuirfear tagairt do cheithre phunt agus caoga pingin nua in ionad na tagartha do thrí phunt agus ochtó pingin nua (a cuireadh isteach le hAcht 1973) gach áit a bhfuil sí, agus cuirfear tagairt do dheich bpunt agus cúig phingin nua déag in ionad na tagartha d'ocht bpunt agus seasca pingin nua (a cuireadh isteach le hAcht 1973) gach áit a bhfuil sí;

(r) in alt 21 (2) cuirfear “sé phunt agus cúig phingin nua” in ionad “cúig phunt agus deich bpingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(s) in alt 25 (3) (a) cuirfear “punt agus ocht bpingin nua is seasca” in ionad “punt agus dhá phingin nua is daichead” (a cuireadh isteach le hAcht 1973);

(t) in alt 25 (3) (b) cuirfear “dhá phunt agus sé phingin nua déag” in ionad “punt agus dhá phingin nua is ochtó” (a cuireadh isteach le hAcht 1973); agus

(u) in alt 39 cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1):

“(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 34 den Phríomh-Acht, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear aon chaingean den sórt sin de dhroim conartha), cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dócha dó faibhriú chuige uathu i leith sochair dhíobhála (gan aird a thabhairt ar aon cheart i leith sochair dhíobhála is iníoctha de bhua alt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 , tar éis bhás an duine dhíobhálaithe) nó sochair mhíchumais (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 13 den Acht seo i leith síor-fhreastail) do na cúig bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Leathnú ar dhícháiliú chun pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974.

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1960, a fhorálann dícháilithe áirithe chun pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):—

“(3) Duine a mbeidh aois inphinsin slánaithe aici agus pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe á fháil aici, beidh sí dícháilithe chun pinsean a fháil faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an pinsean baintrí (ranníocach) nó an sochar banchéile thréigthe á fháil aici ina haghaidh.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 , de dhroim alt 22.

1966, Uimh. 24 .

23. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 (a bhaineann le pinsean a íoc faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, in ionad pinsin bhaintrí (ranníocach) nó pinsin seanaoise (ranníocach) i gcásanna áirithe) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):—

“(1) I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige a bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach) nó pinsin seanaoise (ranníocach) nó ar duine é a bhfuil méadú ar an bpinsean deiridh sin iníoctha leis de bhua alt 26 (2) d'Acht 1952, agus a bheadh, mura mbeadh alt 20 d'Acht 1960, cáilithe chun pinsean a fháil faoi na hAchtanna—

(a) féadfar, d'ainneoin aon ní atá san alt sin 20, an pinsean a íoc leis an duine sin faoi na hAchtanna ar feadh aon tréimhse ar mhó ar a feadh ráta an phinsin is iníoctha faoi na hAchtanna ná ráta an tsochair bhanchéile thréigthe, an phinsin bhaintrí (ranníocach), an phinsin seanaoise (ranníocach), nó an méadú ar an gcéanna, cibé acu é, ab iníoctha, agus

(b) in aon chás ina n-íocfar amhlaidh an pinsean faoi na hAchtanna, leanfar de bheith i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin seanaoise (ranníocach) nó an mhéadaithe ar an gcéanna, cibé acu é, ach aon sochar, pinsean nó méadú den sórt sin is iníoctha ar feadh aon tréimhse den sórt sin—

(i) ní íocfar é leis an duine sin ná ina leith, agus

(ii) íocfar é as an gCiste Árachais Shóisialaigh leis an Státchiste.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Leasú ar alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973.

1973, Uimh. 2 .

24. —(1) D'fhonn a áirithiú go bhféadfaidh gach duine atá ag fáil sochair dhíobhála faoi Acht 1966 agus a bheadh murach sin ag fáil sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais cáiliú chun sochar pá-choibhneasa a fháil, leasaítear leis seo alt 3 (1) (a) den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 , trí “faoin” a chur in ionad “faoi alt 8 den”.

(2) D'fhonn a áirithiú go bhféadfar sochar pá-choibhneasa a íoc i leith suas le 147 lá éagumais chun oibre, nó 147 lá dífhostaíochta in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, déantar leis seo alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha fho-alt (2) den alt seo an raibh duine éagumasach chun oibre céad caoga is naoi lá nó dífhostaithe céad caoga is naoi lá i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, ní chuirfear i gcuntas—

(i) aon lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin nár íocadh sochar míchumais, liúntas máithreachais ná sochar díobhála ina leith leis an duine sin, cé is moite de lá lenar bhain alt 15 (2) d'Acht 1952, nó

(ii) aon lá dífhostaíochta sa tréimhse sin nár íocadh sochar dífhostaíochta ina leith leis an duine sin, cé is moite de lá lenar bhain an t-alt sin 15 (2).”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1974.

Tuilleadh éascaíochta maidir leis an tréimhse feithimh le haghaidh cúnaimh dhífhostaíochta.

1960, Uimh. 28 .

25. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 , a chuireann deireadh i gcásanna áirithe leis an tréimhse feithimh le haghaidh cúnaimh dhífhostaíochta dá bhforáiltear le halt 19 (arna leasú le halt 96 d'Acht 1952) d'Acht 1933, trí “tráth nach luaithe na fiche seachtain roimh” a chur in ionad “an lá seachtaine deiridh roimh”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1974.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

26. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a áireamh sa chomhlua, Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a áireamh sa chomhlua, na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a áireamh sa chomhlua, na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a áireamh sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1974,

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a áireamh sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974.