2 1975


Uimhir 2 de 1975


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932 GO 1968. [2 Aibreán, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1932, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 .

Ní gá rún ó Thithe an Oireachtais maidir le scéimeanna pinsin.

2. —(1) D'ainneoin alt 2, 4 nó 5 den Phríomh-Acht, ní gá rún ó cheachtar Teach den Oireachtas le go dtiocfadh scéim pinsin a rinneadh faoin Acht sin i bhfeidhm ach tiocfaidh sí i bhfeidhm mar a fhoráiltear leis an scéim sin.

(2) Má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim pinsin sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúithi.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1968, a aisghairm.

1968, Uimh. 4 .

3. —Aisghairtear leis seo an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1968.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1975, a ghairm de na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1968, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.