9 1975


Uimhir 9 de 1975


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN CHUN COSC A CHUR LE GNÍOMHARTHA NEAMHDHLEATHACHA IN AGHAIDH SHÁBHÁILTEACHT NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA, A RINNEADH I MONTREAL AN 23ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1971, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN.

[19 Meitheamh, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1965, Uimh. 17 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ;

folaíonn “aerárthach” aon aerárthach seachas aerárthach stáit;

ciallaíonn “ceannasaí”, maidir le haerárthach, an comhalta den fhoireann atá ainmnithe mar cheannasaí ag an oibritheoir nó, mura bhfuil aon duine ainmnithe amhlaidh, an píolóta i gceannas an aerárthaigh;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Mhontreal” an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a rinneadh i Montreal an 23ú lá de Mheán Fómhair, 1971, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “aerárthach stáit” aerárthach de chuid aon stáit a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta an stáit sin.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar na tréimhsí seo a leanas a bheith ar áireamh sa tréimhse a bhíonn aerárthach ar eitilt—

(i) aon tréimhse ón nóiméad a dhúntar doirse seachtracha uile an aerárthaigh tar éis bordála le haghaidh eitilte go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras seachtrach le haghaidh díbhordála tar éis na heitilte sin, agus

(ii) más tuirlingt éigin a dhéanann an t-aerárthach, aon tréimhse dá éis sin go dtí an t-am a ghabhann údaráis inniúla an stáit inar tharla an tuirlingt éigin freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord an aerárthaigh (is é sin, i gcás tuirlingt éigin sa Stát, an t-am a shroicheann comhalta den Gharda Síochána an áit tuirlingthe);

(b) measfar gur cuid den tréimhse a bhíonn aerárthach ar seirbhís aon tréimhse ón uair a thosaíonn ullmhúchán réamheitilte an aerárthaigh ag pearsanra talún nó ag an bhfoireann le haghaidh eitilte áirithe go ceann 24 huaire a chloig tar éis don aerárthach tuirlingt i ndiaidh na heitilte sin, agus an tréimhse a bheidh an t-aerárthach ar eitilt a áireamh sa tréimhse sin i ngach cás; agus folóidh aon tagairt san Acht seo d'aerárthach ar eitilt nó d'aerárthach ar seirbhís tagairt d'aerárthach i gcaitheamh na tréimhse le linn di a bheith ar uachtar mara nó talún ach gan í a bheith laistigh de theorainneacha críche aon stáit.

Triail cionta faoin Acht seo.

2. —Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh, agus féadfar chun gach críche teagmhasaí déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

Gníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta.

3. —(1) Chun éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún Mhontreal, beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé in áit ar bith go neamhdhleathach agus d'aonghnó—

(a) aon gníomh foréigin ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt is cosúil a bhaolódh sábháilteacht an aerárthaigh,

(b) aerárthach ar seirbhís a scriosadh nó í a dhamáistiú ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt,

(c) aon fheiste nó substaint a chur, nó a thabhairt go gcuirfear sin, ar aerárthach ar seirbhís, is cosúil a scriosfadh an t-aerárthach nó a dhamáisteodh í ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt,

(d) aon saoráidí aerloingseoireachta a scriosadh nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar a n-oibriú, más cosúil don ghníomh sin sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt a bhaolú,

(e) aon fhaisnéis a pháirtiú is eol dó a bheith bréagach má bhaolaíonn páirtiú na faisnéise, nó más cosúil go mbaolódh sé, sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt.

(2) Duine a thabharfaidh faoi aon ghníomh dá sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh in áit ar bith nó a chabhróidh nó a neartóidh le gníomh den sórt sin a dhéanamh nó a chomhairleoidh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfaí é, nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh duine, a fhéachfaidh in áit ar bith le gníomh den sórt sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí gabhála, etc., mar gheall ar chionta, faoin Acht seo.

4. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint cion faoin Acht seo a bheith déanta ag duine an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(2) Comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhfuil ar intinn ag duine atá ar tí dul ar bhord aerárthaigh sa Stát, nó atá ar bhord aerárthaigh den sórt sin, cion faoin Acht seo a dhéanamh ar an aerárthach sin nó ina leith, féadfaidh sé—

(a) an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó ó thaisteal ar bhord an aerárthaigh,

(b) dul isteach san aerárthach agus an duine a chur amach as, gan bharántas,

(c) an duine a ghabháil gan bharántas.

(3) Féadfar duine a ghabhfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a choinneáil i gcoimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig agus scaoilfear ansin é mura rud é roimh dheireadh na tréimhse sin go gcúiseofar é i gcion faoin Acht seo nó go dtabharfar os comhair breithimh den Chúirt Dúiche é de bhun forálacha alt 27 (6) d'Acht 1965 nó os comhair breithimh den sórt sin nó feadhmannaigh shíochána de bhun forálacha alt 49 (3) nó 49 (4) den Acht sin.

(4) (a) Má bhíonn cúis ag ceannasaí nó ag duine eile i bhfeighil aerárthaigh atá sa Stát a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí cion faoin Acht seo a dhéanamh, féadfaidh sé an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó, má bhíonn an duine sin ar bhord an aerárthaigh, féadfaidh sé é a chur amach aisti.

(b) Déanfaidh ceannasaí nó duine eile i bhfeighil aerárthaigh, a luaithe is féidir tar éis dó duine a chosc ó dhul ar bhord aerárthaigh nó a chur amach aisti, faoi mhír (a) den fho-alt seo, fógra a thabhairt don údarás inniúil i bhfeighil an aerfoirt go bhfuil coiscthe aige ar an duine sin dul ar bord amhlaidh nó go bhfuil sé curtha amach amhlaidh aige agus na cúiseanna a bhí aige lena chosc nó lena chur amach a lua, agus cuirfidh an t-údarás i bhfios don Gharda Síochána, a luaithe is féidir tar éis dó an fógra sin a fháil, go bhfuair sé an fógra sin.

(5) Mura saoránach d'Éirinn duine a ndéanfar faoin alt seo é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó é a ghabháil, nó mura sa Stát atá gnáthchónaí air, ansin, más eachtrannach é a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teach isteach sa Stát a dhiúltú dó, measfar chun críocha an dlí sin gurb eachtrannach é ar diúltaíodh an cead sin dó.

(6) I gcás duine is eachtrannach a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teacht isteach sa Stát a dhiúltú dó a bheith sa Stát gan de chúis lena bheith ann ach go ndearnadh, faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo, é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó, faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, é a ghabháil, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le heachtrannaigh, nach bhfuil an duine sin tar éis teacht isteach sa Stát.

(7) Ceannasaí aerárthaigh nó údarás inniúil a mhainneoidh fo-alt (4) (b) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(8) Ní bheidh ceannasaí aerárthaigh, comhalta d'fhoireann aerárthaigh, paisinéir in aerárthach, uinéir nó oibritheoir aerárthaigh ná aon duine a ndearnadh eitilt thar a cheann—

(a) faoi réir a chiontaithe sa Stát in aon ionchúiseamh coiriúil, ná

(b) faoi dhliteanas damáistí sa Stát in aon chaingean shibhialta,

a thionscnófar i leith aon bheart a rinneadh in aghaidh aon duine de bhun foráil de chuid an Achta seo.

Feidhm an Achta um Eiseachadadh, 1965 , maidir le daoine a ghabhfar faoin Acht seo.

5. —Aon duine a ghabhfar faoi alt 4 (1) nó 4 (2) den Acht seo measfar—

(a) más i Stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe agus (i gcás duine is saoránach d'Éirinn) mura bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus

(b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin,

agus ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 maidir le heiseachadadh duine lena mbaineann an t-alt seo.

Pionóis i leith cionta faoi alt 3.

1907, c. 17.

6. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht lena shaol, nó príosúnacht ar feadh cibé téarma eile is cuí leis an gcúirt, a chur air.

(2) Ní fhionróidh cúirt pianbhreith a tugadh faoin alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (2) den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoi alt 3 den Acht seo.

1907, c. 17. Leasú ar alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963.

1963, Uimh. 15 .

7. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (a bhaineann le taifid a choimeád faoi ghluaiseachtaí aerárthaí agus le húsáid na dtaifead sin mar fhianaise), amhail is dá mbeadh tagairt do chion faoin Acht seo ar áireamh sa tagairt atá i bhfo-alt (1) (c) do chion.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1973, le chéile.

AN SCEIDEAL

Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta

TA NA STAIT is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo

A BHREITHNIU DOIBH go ndéanann gníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta sibhialta sábháilteacht daoine agus maoine a chur i gcontúirt, oibriú aersheirbhísí a mhórdhochrú agus muinín phobail an domhain i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a lagú;

A BHREITHNIU DOIBH gurb ábhar mór imní é gníomhartha den sórt sin tarlú;

A BHREITHNIU DOIBH go bhfuil géarghá, chun cosc a chur le gníomhartha den sórt sin, le bearta iomchuí a fhoráil chun ciontóirí a phionósú:

TAR EIS COMHAONTU mar a leanas:

Airteagal 1

1. Beidh cion déanta ag aon duine má dhéanann sé go neamhdhleathach agus d'aonghnó:

(a) gníomh foréigin in aghaidh aon duine ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt más cosúil don ghníomh sin sábháilteacht an aerárthaigh sin a bhaolú; nó

(b) aerárthach ar seirbhís a scriosadh nó damáiste a dhéanamh d'aerárthach den sórt sin a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó is cosúil a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt; nó

(c) aon fheiste nó substaint a chur, nó a thabhairt go gcuirfear sin, ar dhóigh ar bith, ar aerárthach ar seirbhís, is cosúil a scriosfadh an t-aerárthach sin nó a dhéanfadh damáiste di a chuirfeadh ó chumas eitilte í, nó a dhéanfadh damáiste di is cosúil a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt; nó

(d) saoráidí aerloingseoireachta a scriosadh nó a dhamáistiú nó cur isteach ar a n-oibriú, más cosúil d'aon ghníomh den sórt sin sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt a bhaolú; nó

(e) aon fhaisnéis a pháirtiú is eol dó a bheith bréagach agus dá bhíthin sin sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt a bhaolú.

2. Beidh cion déanta ag aon duine freisin más rud é:

(a) go dtabharfaidh sé faoi aon chion dá luaitear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh; nó

(b) gur comhchoirí é le duine a dhéanfaidh aon chion den sórt sin nó a thabharfaidh faoina dhéanamh.

Airteagal 2

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:

(a) measfar aerárthach a bheith ar eitilt aon tráth ón nóiméad a dhúntar a doirse seachtracha go léir tar éis bordála go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras den sórt sin le haghaidh díbhordála; i gcás tuirlingthe éigin, measfar an eitilt a bheith ar bun go dtí go ngabhfaidh na húdaráis inniúla freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith daoine agus maoine ar bord;

(b) measfar aerárthach a bheith ar seirbhís ón uair a thosaíonn ullmhúchán réamheitilte an aerárthaigh ag pearsanra talún nó ag an bhfoireann le haghaidh eitilte sonraí go ceann ceithre huaire a chloig is fiche tar éis aon tuirlingthe; mairfidh an tréimhse sheirbhíse, in aon chás, ar feadh na tréimhse go léir a bheidh an t-aerárthach ar eitilt mar a mhínítear i mír (a) den Airteagal seo.

Airteagal 3

Gabhann gach Stát Conarthach air féin cionta is inphionóis le dianphionóis a dhéanamh de na cionta a luaitear in Airteagal 1.

Airteagal 4

1. Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haerárthaí a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta.

2. Sna cásanna a luaitear i bhfomhíreanna (a), (b), (c) agus (e) de mhír 1 d'Airteagal 1, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo, is cuma cé acu ar eitilt idirnáisiúnta nó ar eitilt intíre don aerárthach, ach amháin i gcás:

(a) gur lasmuigh de chríoch Stát cláraitheachta an aerárthaigh atá áit turgabhála nó tuirlingthe, iarbhír nó beartaithe, an aerárthaigh sin; nó

(b) gur i gcríoch Stáit seachas Stát cláraitheachta an aerárthaigh a rinneadh an cion.

3. D'ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, sna cásanna a luaitear i bhfomhíreanna (a), (b), (c) agus (e) de mhír 1 d'Airteagal 1, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo freisin má fhaightear an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe i gcríoch aon Stáit seachas Stát cláraitheachta an aerárthaigh.

4. Maidir leis na Stáit a luaitear in Airteagal 9 agus sna cásanna a luaitear i bhfomhíreanna (a), (b), (c) agus (e) de mhír 1 d'Airteagal 1, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo más laistigh de chríoch an Stáit chéanna atá na háiteanna dá dtagraítear i bhfomhír (a) de mhír 2 den Airteagal seo i gcás inar ceann de na Stáit dá dtagraítear in Airteagal 9 an Stát sin, mura rud é gur i gcríoch Stáit éigin seachas an Stát sin a rinneadh an cion nó a fuarthas an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe.

5. Sna cásanna a luaitear i bhfomhír (d) de mhír 1 d'Airteagal 1, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach amháin i gcás na saoráidí aerloingseoireachta a bheith á n-úsáid san aerloingseoireacht idirnáisiúnta.

6. Beidh feidhm freisin ag forálacha míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo sna cásanna a luaitear i mír 2 d'Airteagal 1.

Airteagal 5

1. Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta sna cásanna seo a leanas a bhunú:

(a) nuair is i gcríoch an Stáit sin a rinneadh an cion;

(b) nuair is in aghaidh, nó ar bhord, aerárthach atá cláraithe sa Stát sin a rinneadh an cion;

(c) nuair is ina chríoch agus an ciontóir líomhnaithe fós ar bord a thuirlingeoidh an t-aerárthach ar ar bord uirthi a rinneadh an cion;

(d) nuair is in aghaidh, nó ar bhord, aerárthach a léasaíodh gan foireann chun léasaí ar sa Stát sin atá a phríomháit ghnó nó, i gcás gan aon áit ghnó mar sin a bheith aige, a bhuanáit chónaithe, a rinneadh an cion.

2. Mar an gcéanna, déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta a luaitear in Airteagal 1, mír 1 (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 1, mír 2, a bhunú, a mhéid a bhaineann an mhír sin leis na cionta sin, i gcás an ciontóir líomhnaithe a bheith i láthar ina chríoch agus nach n-eiseachadfaidh sé é de bhun Airteagal 8 chun aon Stát dá luaitear i mír 1 den Airteagal seo.

3. Ní eisiann an Coinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmítear de déir dlí náisiúnta.

Airteagal 6

1. Ar a bheith deimhin d'aon Stát Conarthach, a mbeidh an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe ina chríoch, go ndlíonn na himthosca sin, tógfaidh sé an duine sin i gcoimeád nó déanfaidh sé bearta eile lena chinntiú go mbeidh sé i láthair. Is mar a fhoráiltear i ndlí an Stáit sin a dhéanfar an coimeád agus na bearta eile ach ní leanfar díobh ach ar feadh cibé tréimhse is gá chun go bhféadfar aon imeachtaí coiriúla nó eiseachadta a thionscnamh.

2. Déanfaidh an Stát sin réamhfhiosrúchán láithreach faoi na fíorais.

3. Tabharfar cúnamh d'aon duine a bheidh i gcoimeád de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ionadaí cuí is cóngaraí de chuid an Stáit dar náisiúnach é.

4. Tar éis do Stát duine a thógáil i gcoimeád de bhun an Airteagail seo, cuirfidh sé i bhfios láithreach do na Stáit a luaitear in Airteagal 5, mír 1, don Stát dar náisiúnach an duine coinnithe agus, más cuí leis é, d'aon Stáit leasmhara eile, go bhfuil an duine sin i gcoimeád agus cad iad na himthosca a dhlíonn a choinneáil. Déanfaidh an Stát a dhéanfaidh an réamhfhiosrúchán a luaitear i mír 2 den Airteagal seo a chinntí a thuairisciú go tapaidh do na Stáit sin agus cuirfidh sé in iúl an mbeartaíonn sé dlínse a fheidhmiú.

Airteagal 7

Beidh an Stát Conarthach ar ina chríoch a gheofar an ciontóir líomhnaithe, mura n-eiseachadfaidh sé é, faoi oibleagáid, gan eisceacht ar bith agus cibé acu ar ina chríoch nó nach ea a rinneadh an cion, an cás a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun críche ionchúisimh. Déanfaidh na húdaráis sin cinneadh sa tslí chéanna ina ndéanfaidís i gcás aon ghnáthchion tromchúiseach faoi dhlí an Stáit sin.

Airteagal 8

1. Measfar na cionta a bheith ar áireamh mar chionta ineiseachadta in aon chonradh eiseachadta atá i bhfeidhm idir Stáit Chonarthacha. Gabhann na Stáit Chonarthacha orthu féin na cionta a áireamh mar chionta ineiseachadta i ngach conradh eiseachadta a dhéanfaidh siad le chéile.

2. Má fhaigheann Stát Conarthach a chuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann iarratas ar eiseachadadh ó Stát Conarthach eile nach bhfuil aon chonradh eiseachadta aige leis, féadfaidh sé dá rogha féin a mheas gur bonn dlíthiúil le haghaidh eiseachadadh i leith na gcionta an Coinbhinsiún seo. Beidh an t-eiseachadadh faoi réir na gcoinníollacha eile a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha.

3. I gcás Stáit Chonarthacha nach gcuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann féachfaidh siad ar na cionta mar chionta ineiseachadta eatarthu féin faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha.

4. Chun críocha eiseachadadh idir Stáit Chonarthacha, déileálfar le gach ceann de na cionta mar chion a rinneadh ní amháin san áit inar tharla sé ach fairis sin i gcríocha na Stát a gceanglaítear orthu a ndlínse a bhunú de réir Airteagal 5, mír 1 (b), (c) agus (d).

Airteagal 9

Na Stáit Chonarthacha a bhunóidh comheagraíochtaí oibríochta aeriompair nó gníomhaireachtaí oibríochta idirnáisiúnta, a bheidh ag ibriú aerárthaí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhar nó go hidirnáisiúnta, ainmneoidh siad, ar mhodh cuí, i ndáil le gach aerárthach, an Stát díobh a fheidhmeoidh dlínse, agus ag a mbeidh airíona, an Stáit chláraitheachta chun críche an Choinbhinsiúin seo agus tabharfaidh siad fógra ina thaobh sin don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, agus cuirfidh an Eagraíocht sin an fógra sin in iúl do gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún seo.

Airteagal 10

1. Féachfaidh na Stáit Chonarthacha, de réir dlí idirnáisiúnta agus dlí náisiúnta, le gach beart is féidir a dhéanamh chun cosc a chur leis na cionta a luaitear in Airteagal 1.

2. Nuair a tharlóidh, mar gheall ar chion dá luaitear in Airteagal 1 a dhéanamh, moill nó briseadh d'eitilt, cuirfidh aon Stát Conarthach ar ina chríoch a bheidh an t-aerárthach nó na paisinéirí nó an fhoireann ar a ndeis do na paisinéirí agus don fhoireann leanúint dá dturas a luaithe is indéanta sin, agus tabharfaidh sé an t-aerárthach agus a lasta ar ais gan mhoill do na daoine ar dleathach dóibh seilbh a bheith acu orthu.

Airteagal 11

1. Tabharfaidh na Stáit Chonarthacha an oiread cúnaimh agus is féidir dá chéile i ndáil le himeachtaí coiriúla maidir leis na cionta. Is ag dlí an Stáit iarrtha a bheidh feidhm i ngach cás.

2. Ní bhainfidh forálacha mhír 1 den Airteagal seo le hoibleagáidí faoi aon chonradh eile, déthaobhach nó iltaobhach, a rialaíonn nó a rialóidh, go hiomlán nó go páirteach, cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla.

Airteagal 12

Aon Stát Conarthach a mbeidh cúis aige a chreidiúint go ndéanfar cion dá luaitear in Airteagal 1, déanfaidh sé, de réir a dhlí náisiúnta, aon fhaisnéis iomchuí a bheidh ina sheilbh a thabhairt do na Stáit sin a gcreideann sé gurbh iad na Stáit iad a luaitear in Airteagal 5, mír 1.

Airteagal 13

Tabharfaidh gach Stát Conarthach de réir a dhlí náisiúnta aon fhaisnéis iomchuí a bheidh ina sheilbh do Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta chomh tapaidh agus is féidir i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) imthosca an chiona;

(b) an beart a rinneadh de bhun Airteagal 10, mír 2;

(c) na bearta a rinneadh maidir leis an gciontóir nó leis an gciontóir líomhnaithe agus, go háirithe, an toradh a bhí ar aon imeachtaí eiseachadta nó ar aon imeachtaí dlíthiúla eile.

Airteagal 14

1. Déanfar aon díospóid idir dhá Stát Chonarthacha nó níos mó maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach féidir a shocrú trí chaibidlíocht a chur chun eadrána ar cheann de na Stáit sin á iarraidh sin. Mura bhféadfaidh na Páirtithe, laistigh de shé mhí ón dáta a iarrfar an eadráin, comhaontú ar eagrú na headrána, féadfaidh aon Pháirtí díobh sin an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarratas i gcomhréir le Reacht na Cúirte.

2. Féadfaidh gach Stát, le linn an Coinbhinsiún seo a shíniú nó a dhaingniú nó aontú dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo. Ní bheidh na Stáit Chonarthacha eile faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo maidir le haon Stát Conarthach a chuir coinníoll den sórt sin.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach a chuir coinníoll de réir na míre sin roimhe seo an coinníoll sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra chuig na Rialtais Taiscíochta.

Airteagal 15

1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe i Montreal an 23 Meán Fómhair, 1971 ag Stáit a bhí páirteach sa Chomhdháil Idirnáisiúnta um Aerdhlí a comóradh i Montreal ón 8 go dtí an 23 Meán Fómhair, 1971 (dá ngairtear Comhdháil Mhontreal anseo feasta). Tar éis an 10 Deireadh Fómhair, 1971, beidh an Coinbhinsiún ar oscailt do gach Stát chun a shínithe i Moscó, i Londain agus i Washington. Aon Stát nach síneoidh an Coinbhinsiún seo sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé aontú dó tráth ar bith.

2. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit a shínithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin agus na hionstraimí aontachais le Rialtas Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, le Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus le Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus na Rialtais Taiscíochta a ghairtear leis seo de na Rialtais sin.

3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm tríocha lá tar éis an dáta a dhéanfaidh deich Stát a shínigh an Coinbhinsiún seo agus a bhí páirteach i gComhdháil Mhontreal ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh.

4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm do Stáit eile ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo, nó tríocha lá tar éis an dáta a thaiscfidh siad a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais, cibé acu is déanaí.

5. Cuirfidh na Rialtais taiscíochta in iúl go tapaidh do na Stáit go léir a shínigh an Combhinsiún seo nó a d'aontaigh dó an dáta a rinneadh gach síniú, an dáta a taisceadh gach ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm, agus fógraí eile

6. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, cláróidh na Rialtais Taiscíochta é de bhun Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus de bhun Airteagal 83 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Chicago, 1944).

Airteagal 16

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra scríofa chuig na Rialtais Taiscíochta.

2. Glacfaidh séanadh éifeacht sé mhí tar éis do na Rialtais Taiscíochta fógra a fháil.

DA FHIANU SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

ARNA DHEANAMH i Montreal, an tríú lá is fiche seo de Mheán Fómhair, míle naoi gcéad seachtó a haon, i dtrí scríbhinn bhunaidh, ar tarraingíodh suas gach ceann acu i gceithre théacs fhíordheimhneacha sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis.

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo síos).