|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 10 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHISTE COMHSHÓITE NA gCEADÚNAS SRIANTA, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I LEITH DIÚSCAIRT SHÓCMHAINNÍ CHISTE COMHSHÓITE NA gCEADÚNAS SRIANTA. [23 Meitheamh, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Diúscairt Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta. |
1. —Déanfar sócmhainní Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta (a bunaíodh le halt 27 den Acht Deocha Meisciúla, 1960 ) a dhiúscairt ar cibé modh agus chun cibé críche de na críocha seo a leanas, is é sin, alcólacht a fháithmheas, a chóireáil agus a chosc agus críocha a bhaineann leis na críocha sin, a chinnfidh an tAire Sláinte ó am ga ham tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Dlí agus Cirt. |
[EN] |
Aisghairm. |
2. —Aisghairtear leis seo alt 27 (7) (b) den Acht Deocha Meisciúla, 1960 . |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht um Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta, 1975 , a ghairm den Acht seo. |