|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 16 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 AGUS 1972. [21 Iúil, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 . |
[EN] |
Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht trí ná fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4): |
[EN] | “(3) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a íocfar ina dheontais faoin alt seo i leith gnóthais tionscail thar £850,000. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú don Údarás deontais is mó ná £850,000 a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo, ach sin ar choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.” | |
[EN] |
Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 42: |
[EN] | “42—(1) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas den Acht seo, is é sin ailt 33, 34, 35 agus 46, do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith thar £850,000. | |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú deontas nó deontais is mó ná £850,000 a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hailt sin den Acht seo, ach sin ar choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in ailt 33 (2), 34 (2), 35 (2) agus 35 (4) den Acht seo (de réir mar is iomchuí).” | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1975 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus 1972, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975, a ghairm díobh le chéile. |