18 1975


Uimhir 18 de 1975


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1975


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 GO 1974.

[29 Iúil, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 26 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 .

1957, Uimh. 29 .

1974, Uimh. 13 .

1. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 , trí “fiche is cúig mhilliún punt” a chur in ionad “deich milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974 ), agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

26.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is cúig mhilliún punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1975, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1974, agus den Acht seo le chéile.