26 1975


Uimhir 26 de 1975


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT A ÚDARÚ DEONTAIS BHREISE A ÍOC LE BORD FÁILTE ÉIREANN AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1972. [3 Nollaig, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

Deontais neamhinaisíoctha don Bhord le cuartaíocht a fhorbairt.

1959, Uimh. 27 .

1961, Uimh. 37 .

2. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna nach mó san iomlán ná £4,750,000 a íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, is suimeanna a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh oibreacha forbartha ar oibreacha iad—

(a) de ghné chaipitiúil,

(b) is dóigh leis an mBord a fhorbróidh cuartaíocht, agus

(c) nach oibreacha le cóiríocht saoire a fhorbairt.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoin alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) Ní hinaisíoctha suimeanna a íocfar faoin alt seo leis an mBord.

(4) Is suimeanna i dteannta suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , nó faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 , suimeanna is iníoctha faoin alt seo leis an mBord.

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe don Bhord.

1959, Uimh. 27 .

1972, Uimh. 28 .

3. —Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le cóiríocht saoire a fhorbairt thar £16,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin ann in ionad na suime £13,000,000 a luaitear ansin agus a cuireadh isteach ann le halt 1 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1972 .

Luach saothair, etc., an phríomh-oifigigh.

4. —Íocfaidh an Bord lena phríomh-oifigeach (cibé acu Ard-Stiúrthóir nó teideal eile a thugtar ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Leasú ar alt 11 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 .

1939, Uimh. 24 .

5. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , trí “, seachas a bpríomh-oifigeach,” a chur isteach i ndiaidh “seirbhísigh” i bhfo-alt (2).

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1972, agus den Acht seo le chéile.