|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 37 de 1976 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1976 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1974, DO LEASÚ AN ACHTA RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Nollaig, 1976] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ; | |||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 . | |||||||
[EN] |
Comhalta den Údarás a chur as oifig. |
2. —Féadfaidh an Rialtas comhalta den Údarás a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe, má ritheann, agus amháin má ritheann, dhá Theach an Oireachtais rúin á iarraidh é a chur as oifig. | ||||||
[EN] |
Neamhchlaontacht. |
3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad alt 18 (1): | ||||||
[EN] | “(1) Faoi réir fho-alt (1A) den alt seo, beidh de dhualgas ar an Údarás a áirithiú— | |||||||
[EN] | (a) go ndéanfar an nuacht go léir a chraolfaidh sé a thuairisciú agus a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon gan aon tuairimí de chuid an Údaráis féin a chur in iúl, | |||||||
[EN] | (b) go mbeidh an tslí a gcraolfar cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair chonspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí, cothrom do gach a mbeidh leas acu iontu agus go ndéanfar ábhar an chraolta a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon gan aon tuairimí de chuid an Údaráis féin a chur in iúl, | |||||||
[EN] | (c) go ndéanfaidh an tUdarás aon ábhar, bíodh sé scríofa, le cloisteáil nó le feiceáil, a bhaineann le nuacht nó cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair chonspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí agus a ndéanann an tUdarás, de bhun alt 16 den Acht seo, é a fhoilsiú, a dháileadh nó a dhíol, a fhoilsiú go hoibiachtúil neamhchlaon. | |||||||
[EN] | Ní bhainfidh mír (b) den fho-alt seo, a mhéid a cheanglaíonn sí ar an Údarás gan tuairimí dá chuid féin a chur in iúl, le haon chraoladh a mhéid a bhaineann an craoladh le haon togra, is togra maidir le polasaí i leith craoladh is ábhar conspóide poiblí nó díospóireachta reatha poiblí agus ar togra é atá faoi bhreithniú ag an Rialtas nó ag an Aire. | |||||||
[EN] | Mura féidir mír (b) den fho-alt seo a chur chun feidhme in aon chlár amháin, féadfar a mheas gur clár iomlán dhá chraoladh ghaolmhara nó níos mó; ar choinníoll go ndéanfar na craoltaí a fhorleathadh laistigh de thréimhse réasúnach. | |||||||
[EN] | (1A) Toirmisctear leis seo ar an Údarás aon ní a bheith in aon chraoltaí dá chuid nó in aon ábhar dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo a bhféadfaí a mheas le réasún gur dóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d'údarás an Stáit. | |||||||
[EN] | (1B) Ní dhéanfaidh an tUdarás, ina chláir agus sna meáin a úsáidfear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngracht mhíréasúnach ar phríobháideachas pearsan aonair.”. | |||||||
[EN] |
An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin. |
4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Comhairle don Údarás. |
5. —Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur n ionad fho-ailt (1), (2) agus (3): | ||||||
[EN] | “(1) Chun a chumasú don Údarás comhairle a bheith aige ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire, coistí comhairleacha nó comhairleoirí a cheapadh ó am go ham. | |||||||
[EN] | (2) (a) Beidh coiste faoin alt seo comhdhéanta de cibé líon (nach 1ú ná triúr) comhaltaí is cuí leis an Údarás. | |||||||
[EN] | (b) Leanfaidh comhalta de choiste faoin alt seo de bheith ina chomhalta go ceann na tréimhse a chinnfidh an tUdarás le linn é a cheapadh mura n-éagfaidh sé nó mura n-éireoidh sé as oifig roimhe sin agus ní leanfaidh níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha. | |||||||
[EN] | (c) Tionólfaidh coiste faoin alt seo aon uair a ghairfidh an tUdarás é. | |||||||
[EN] | (3) (a) Leanfaidh comhairleoir faoin alt seo de bheith ina chomhairleoir go ceann na tréimhse a chinnfidh an tUdarás le linn é a cheapadh mura n-éagfaidh sé nó mura n-éireoidh sé as oifig roimhe sin agus ní leanfaidh níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha. | |||||||
[EN] | (b) Tabharfaidh comhairleoir faoin alt seo comhairle don Údarás aon uair a iarrfaidh an tUdarás air é.”. | |||||||
[EN] |
Taifeadfaidh an tUdarás gach craoladh. |
6. —(1) Beidh de dhualgas ar an Údarás, trína shaoráidí féin agus ar dhóigh a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún chun críocha an ailt seo, gach craoladh a dhéanfaidh an tUdarás a thaifeadadh chun na gcríocha sin; ar choinníoll i gcás craoladh teilifíse go measfar ceanglais an ailt seo a bheith comhlíonta ag an Údarás i gcás gur fuaim-thaifeadadh amháin a dhéanfaidh sé den chraoladh. | ||||||
[EN] | (2) Coimeádfaidh an tUdarás, go ceann céad is ochtó lá ar a laghad nó go ceann cibé tréimhse eile ar a gcomhaontóidh an tUdarás agus an Coimisiún, taifeadtaí a rinneadh do chomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo, agus le linn gearán a bheith á imscrúdú ag an gCoimisiún tabharfaidh an tUdarás don Choimisiún, ar an gCoimisiún á iarraidh sin aon tráth i rith na tréimhse sin, taifeadadh an chraoladh lena mbaineann an gearán, mar aon leis an taifeadadh, a rinneadh agus a choimeádtar de bhun an ailt seo, ar aon chraoladh eile is dóigh leis an gCoimisiún is craoladh iomchuí i ndáil leis an gcraoladh sin. | |||||||
[EN] | (3) Ní sárú ar alt 2 ná ar alt 3 den Acht um Chosaint Taibheoirí 1968, ná ní sárú cóipchirt, taifead a dhéanamh nó a choimeád do chomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo, agus ní fhorléireofar aon ní san Acht Cóipchirt, 1963 , mar ní a thoirmisceann nó a shrianann taifead den sórt sin a dhéanamh. | |||||||
[EN] |
Feidhmeanna breise a shannadh don Údarás. 1966 Uimh. 7. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, le hordú, cibé feidhmeanna a shannadh don Údarás maidir le gníomhaíochtaí foghabhálacha (i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar dó le halt 16 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 5 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 , agus le halt 12 den Acht seo) a dhéanamh mar is cuí leis an Aire agus mar a shonróidh sé san ordú, agus féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach le lánéifeacht a thabhairt don ordú a bheith in aon ordú den sórt sin. | ||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |||||||
[EN] | (3) Nuair a bheartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an dréacht a leagan faoina bhráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú. | |||||||
[EN] |
Méideanna bliantúla a íocfaidh an tAire leis an Údarás. |
8. —Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, na méideanna seo a leanas a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— | ||||||
[EN] | (a) maidir le gach bliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, méid is comhionann le hiomlán fáltas na bliana sin i leith táillí ceadúnais chraolta lúide— | |||||||
[EN] | (i) aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i ndáil le bailiú na dtáillí sin, | |||||||
[EN] | (ii) aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i leith comhlíonadh a fheidhmeanna faoi alt 12 nó 12A d'Acht 1926 i ndáil le trasnaíl ar ghléasra raiditheileagrafaíochta chun glactha amháin nó lena dhochrú, agus | |||||||
[EN] | (iii) méid deontais nó deontas ón Aire faoi alt 18A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht seo), agus | |||||||
[EN] | (b) maidir le gach bliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1974, méid is comhionann le hiomlán fáltas na bliana sin i leith táillí ceadúnais leaschraolta sreinge lúide aon chaiteachais a dheimhneoidh an tAire a thabhaigh sé an bhliain sin i ndáil le bailiú na dtáillí sin. | |||||||
[EN] |
Méadú na teorann atá le hairleacain inaisíoctha. |
9. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'alt 23 (2) den Phríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “(b) ní bheidh siad níos mó ná cúig mhilliún déag punt san iomlán,”. | |||||||
[EN] |
Cumhachtaí an Údaráis chun airgead a fháil ar iasacht a mhéadú. |
10. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 27 den Phríomh-Acht trí “(lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “airgead”, agus tá an fo-alt sin (1) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht. |
11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 15 i ndiaidh fho-alt (6): | ||||||
[EN] | “(6A) (a) Le linn mír (c) d'alt 2 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , a bheith á bhfeidhmiú ar scéim faoin alt seo, forléireofar an mhír sin ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ léi. | |||||||
[EN] | (b) Forléireofar fo-alt (3) d'alt 7 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , i ndáil le hiarratas faoin alt sin 7 ó iontaobhaí scéime faoin alt seo ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ isteach i ndiadh ‘sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so’ i mír (a). | |||||||
[EN] | (c) Forléireofar alt 12 (2) den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , agus beidh éifeacht leis i ndáil le hiontaobhaí scéime faoin alt seo ionann is dá gcuirfí ‘seachas fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 6’ isteach i ndiaidh ‘sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so’.” | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht. |
12. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'alt 16 (2) den Phríomh-Acht: | ||||||
[EN] | “(b) socrú a dhéanamh faoi réir aon rialacháin faoin Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, chun cláir a chraolfaidh an tUdarás agus cibé cláir eile a chinnfidh an tUdarás a leathadh trí stáisiúin leaschraolta sreinge;”. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht. |
13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 17: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 19 agus 20 den Phríomh-Acht. |
14. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 19: | ||||||
| ||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||
[EN] | “(3) Beidh na tráthanna go léir in aghaidh an lae a shocróidh an tUdarás le fógráin a chraoladh agus an tréimhse uasta a shocrófar amhlaidh le haghaidh fógrán in aon uair a chloig faoi réir a gceadaithe ag an Aire.”. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht. |
15. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 28: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht |
16. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 31: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Cláir áitiúla a rialáil lena leathadh ar chórais chábla. |
17. —Leasaítear leis seo Acht 1926 tríd an alt seo a leanas a chur i ndiaidh alt 3: | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 2 d'Acht 1926. |
18. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1926— | ||||||
[EN] | (a) trí “trí fhuinneamh a astú, thar chonairí nach de shubstaint ábhartha atá déanta nó eagraithe chun na críche sin, is fuinneamh leictreach, maighnéadach nó leictrimaighnéadach” a chur in ionad “le tonntracha leictremhaighnéadacha leathta” sa mhíniú ar “radiothelegrafaíocht”, agus | |||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur leis an alt: | |||||||
[EN] | “Chun críocha an Achta seo, aon ghaireas— | |||||||
[EN] | (a) atá leictreachuingrithe le gaireas raiditheileagrafaíochta, agus | |||||||
[EN] | (b) a úsáidtear ag glacadh nó ag tíolacadh teachtaireachtaí, fuaimeanna nó dearc-íomhánna a sheoltar le raiditheileagrafaíocht, measfar gur gaireas raiditheileagrafaíochta é.”, | |||||||
[EN] | agus tá an míniú ar “radio-thelegrafaíocht”, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla ghabhann leis an alt seo. | |||||||
| ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12A d'Acht 1926. |
19. —Leasaítear leis seo alt 12A d'Acht 1926 (a cuireadh isteach le halt 34 (f) d'Acht 1960)— | ||||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríche nó gach críche acu seo a leanas: | |||||||
[EN] | (a) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gaireas a úsáid; | |||||||
[EN] | (b) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear leis an ngaireas a dhíol ar shlí seachas lena onnmhairiú, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol ar shlí seachas lena onnmhairiú, nó a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a fhógairt lena ligean ar fruiliú ag aon duine a mhonaraíonn, a chóimeálann nó a allmhairíonn gairis den sórt sin i gcúrsa gnó; | |||||||
[EN] | (c) chun na ceanglais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh i gcás aon ghaireas lena mbaineann an t-alt seo má bhítear leis an ngaireas a dhíol lena onnmhairiú go dtí tír nó críoch a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire ag an Aire faoin alt seo gur tír nó críoch í lena mbaineann an mhír seo nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh, ag aon duine a luaitear i mír (b) den fho-alt seo.”; | |||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9): | |||||||
[EN] | “(9) Aon uair is dóigh leis an Aire nach gcomhlíonann aon ghaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin faoin alt seo chun na gcríocha a luaitear i mír (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo— | |||||||
[EN] | (a) i gcás arb é tuairim an Aire nach gcomhlíonann an gaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin a rinneadh amhlaidh chun na gcríocha a shonraítear sa mhír sin (b), féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur leis an bpost cláraithe chun aon duine, a mhonaraigh nó a d'allmhairigh an gaireas i gcúrsa gnó á thoirmeasc ar an duine, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gaireas a dhíol seachas lena onnmhairiú, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh nó a ligean ar fruiliú nó a fhógairt lena ligean ar fruiliú, | |||||||
[EN] | (b) i gcás arb é tuairim an Aire nach gcomlíonann an gaireas na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi rialacháin a rinneadh amhlaidh chun na gcríocha a shonraítear sa mhír sin (c), féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur amhlaidh chun aon duine, a mhonaraigh nó a d'onnmhairigh an gaireas i gcúrsa gnó á thoirmeasc ar an duine, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gaireas a dhíol lena onnmhairiú go dtí na tíortha nó na críocha a shonrófar sna rialacháin iomchuí faoin alt seo, nó a thairiscint nó a fhógairt lena dhíol amhlaidh, | |||||||
[EN] | agus in aon chás den sórt sin á cheangal ar an duine laistigh de thréimhse den sórt sin a shonrófar amhlaidh,— | |||||||
[EN] | (i) an gaireas a chur ar fáil lena scrúdú ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe ag an Aire, nó i gcás ordú faoi fho-alt (14) den alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ag oifigeach nó ag seirbhíseach don Údarás nó d'aon chomhlacht eile a shonrófar san ordú agus a bheidh údaraithe ag an Údarás nó ag an gcomhlacht eile, de réir mar is iomchuí, an scrúdú a dhéanamh. | |||||||
[EN] | (ii) má iarrann an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin é, sampla nó samplaí (a chuirtear leis seo ar chumas an oifigigh nó an tseirbhísigh sin a roghnú) den ghaireas, nó d'aon chuid den ghaireas a shonróidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin, a iompar, ar chostas an duine, go dtí áit a shonróidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach, le tástáil de bhun fho-alt (9A) den alt seo. | |||||||
[EN] | (9A) I gcás gaireas nó aon ní eile a iompar de bhun iarratas a rinneadh faoi fho-alt (9) den alt seo, féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas nó aon oifigeach nó seirbhíseach eile don Aire, don Údarás nó don chomhlacht eile, de réir mar is iomchuí, an gaireas nó an ní eile a chur faoi thástálacha lena fhionnadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an gaireas nó an ní eile na ceanglais is infheidhmithe ina leith faoi na rialacháin iomchuí faoin alt seo.”; | |||||||
[EN] | (c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (10): | |||||||
[EN] | “(b) a sáróidh an duine sin forálacha an fhógra nó a mainneoidh sé ceanglais an fhógra a chomhlíonadh tar éis an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a bheith caite,”; agus | |||||||
[EN] | (d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13): | |||||||
[EN] | “(14) Féadfaidh an tAire le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm nó a leasú aon tráth le hordú eile) a dhearbhú go mbeidh ag an Údarás nó ag aon chomhlacht eile a bheidh sonraithe san ordú na cumhachtaí go léir is féidir leis an Aire a fheidhmiú faoi fho-alt (9) den alt seo agus, aon uair a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh na cumhachtaí sin ag an Údarás nó ag an gcomhlacht eile a bheidh sonraithe amhlaidh agus beidh éifeacht le fo-alt (9) den alt seo ionann is dá mbeadh ar áireamh gach tagartha san fho-alt sin don Aire tagairt don Údarás nó don chomhlacht eile a bheidh sonraithe amhlaidh, de réir mar is iomchuí. | |||||||
[EN] | (15) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú gur tír nó críoch lena mbaineann mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo aon tír nó críoch a bheidh sonraithe sna rialacháin. | |||||||
[EN] | (16) San alt seo ciallaíonn ‘an tUdarás’ Radio Telefís Éireann.”. | |||||||
[EN] |
Feidhm ailt 7, 8, 10 agus 12 d'Acht 1926 in ndáil de gaireas áirithe. |
20. —(1) Féadfar a cheangal ar dhuine faoi alt 7 d'Acht 1926 a rá i ndearbhú— | ||||||
[EN] | (a) cé acu atá nó nach bhfuil gaireas rialáilte ar coimeád aige nó ina sheilbh aige, | |||||||
[EN] | (b) má tá aon ghaireas den sórt sin ar coimeád aige nó ina sheilbh aige, an cineál gairis é agus an áit a bhfuil an céanna ar coimeád aige nó ina sheilbh aige. | |||||||
[EN] | (2) (a) Beidh na cumhachtaí a thugtar le halt 8 d'Acht 1926 do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh a thabhairt infheidhmithe freisin de réir an ailt sin ag an mBreitheamh sin i ndáil le gaireas rialáilte agus, dá réir sin, déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 8 do ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghaireas rialáilte. | |||||||
[EN] | (b) Aon bharántas cuardaigh a thabharfar i ndáil le gaireas rialáilte faoin alt sin 8, arna chur chun feidhme le mír (a) den fho-alt seo, beidh sé sainráite agus oibreoidh sé, i ndáil leis an ngaireas sin, sa tslí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin i dteannta agus faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar an dara tagairt san fho-alt sin do ghaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú, chun críocha na míre seo, mar thagairt do ghaireas rialáilte. | |||||||
[EN] | (3) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1926 le gaireas rialáilte mar a bhaineann sé le gaireas raiditheileagrafaíochta, agus, dá réir sin, beidh éifeacht leis on bhfo-alt sin ionann is dá gcuirfí “, ar ghléas rialáilte de réir brí alt 20 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ” isteach i ndiaidh “do roinnt”. | |||||||
[EN] | (4) Bainfidh alt 12 d'Acht 1926 le gaireas rialáilte mar a bhaineann sé le gaireas le haghaidh raiditheileagrafaíochta, agus, dá réir sin, déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 12 agus gach tagairt i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) den alt sin do ghléas raiditheileagrafaíochta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghaireas rialáilte. | |||||||
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “gaireas rialáilte” gaireas a úsáidtear chun ábhar cláir áitiúil, de réir brí alt 3A d'Acht 1926 (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht seo), a sholáthar nó a leathadh mar a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt sin 3A. | |||||||
[EN] |
Aisghairm. |
21. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1960: | ||||||
[EN] | (a) alt 6, | |||||||
[EN] | (b) i mír (j) d'alt 16 (2) na focail “faoi réir thoiliú an Aire,”, agus | |||||||
[EN] | (c) i mír (m) d'alt 16 (2) (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 ) na focail “faoi réir thoiliú an Aire,”. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
22. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1974, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1976, a ghairm díobh le chéile. |