5 1977


Uimhir 5 de 1977


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , D'FHONN A FHORÁIL GUR CUID DE DHLÍ BAILE AN STÁIT AN CONRADH A LEASAÍONN FORÁLACHA AIRGEADAIS ÁIRITHE DE NA CONARTHAÍ AG BUNÚ NA gCOMHPHOBAL EORPACH AGUS DEN CHONRADH AG BUNÚ COMHAIRLE AONAIR AGUS COIMISIÚN AONAIR DE NA COMHPHOBAIL EORPACHA.

[29 Márta, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach, sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh “a ndátaí tosach feidhme”—

“, agus

(i) an Conradh a leasaíonn forálacha airgeadais áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Bhruiséil an 22ú lá d'Iúil, 1975”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme, etc.

2. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá céanna a thiocfaidh an Conradh dá dtagraítear in alt 1 den Acht seo i bhfeidhm.

(3) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir fógra ag sonrú an lae dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus á shonrú gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an lá sin.


An tAcht dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1972, Uimh. 27 .