|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 37 de 1977 | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1977 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1975. | ||
[21 Nollaig, 1977] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail. 1969. | |||||||||
[EN] |
Deontais, etc. chun tionscal a athchóiriú. |
2. —(1) Chun athchóiriú tionscail a chur ar aghaidh, féadfaidh an tUdarás, i gcás a bhfaighidh gnóthas tionscail gnóthas tionscail eile go léir nó cuid de nó i gcás a gcónascfaidh dhá ghnóthas tionscail nó níos mó, i dteannta na gcumhachtaí a thugtar don Údarás leis na hAchtanna— | ||||||||
[EN] | (a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun laghdú ar ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin. | |||||||||
[EN] | (b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime, nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin. | |||||||||
[EN] | (2) Ní thabharfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i gcás ar mó ná £500,000 méid comhiomlán phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht. | |||||||||
[EN] |
Deontais fhorbartha fiontar, etc. |
3. —(1) Chun duine cuí-cháilithe nárbh úinéir, nó nárbh úinéir ar shlí mhór ar bith, roimhe sin, ar ghnóthas tionscail a spreagadh chun gnóthas tionscail a bhunú, féadfaidh an tUdarás, i dteannta na gcumhachtaí a thugtar dó leis na hAchtanna— | ||||||||
[EN] | (a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, | |||||||||
[EN] | (b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime, nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil leis an gcaipiteal oibre do ghnóthas den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin. | |||||||||
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht a thabhairt i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ná deontas a thabhairt chun laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, i gcás ar mó san iomlán ná £150,000 méid príomhshuime aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha chun laghdú ar an ús. | |||||||||
[EN] |
Cúnamh ón Údarás do thíortha forfhásacha. |
4. —Beidh d'fheidhm ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le halt 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1950, agus le halt 11 den Phríomh-Acht, cúnamh de chineál teicniúil nó comhairleach a sholáthar, de réir mar is cuí leis an Aire, do thír fhorfhásach. | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht. |
5. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975 ) den Phríomh-Acht trí “agus na scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoi alt 44 den Acht seo agus na ndeontas ón Údarás faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 ” a chur isteach i ndiaidh “alt 15 den Acht seo”. | ||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975 ) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |||||||||
[EN] | “(b) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime ag an Údarás faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime ar scór ráthaíochtaí faoi aon cheann de na hailt sin, thar £100,000,000 tráth ar bith.”. | |||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 17 (arna leasú leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975 ) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||
[EN] | “(3) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo (gan aon mhéideanna a áireamh a theastóidh ón Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 ) thar £400,000,000. | |||||||||
[EN] | (b) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , i leith príomhshuime thar £100,000,000. | |||||||||
[EN] | (c) Maidir le ráthaíocht dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo agus san fho-alt roimhe seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar gurb é atá sna tagairtí do phríomhshuim sna míreanna sin tagairtí do mhéid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas na príomhshuime iarbhír é tráth na ráthaíochta a thabhairt.”. | |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht. |
6. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 20 den Phríomh-Acht: | ||||||||
[EN] | “20.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí. | |||||||||
[EN] | (2) San alt seo folaíonn ‘caiteachas reatha’ caiteachas ag an Údarás ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu is feidhm riaracháin nó feidhm chaipitiúil í.”. | |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht. |
7. —Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | ||||||||
[EN] | “(4) Ní dhéanfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas oiliúna ná deontais oiliúna is mó san iomlán na £850,000 a thabhairt i leith gnóthais áirithe.”. | |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht. |
8. —Leasaítear leis seo alt 40 den Phríomh-Acht trí “£50,000” a chur in ionad “£15,000” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (4), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| ||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht. |
9. —Cuirtear leis seo an méid seo a leanas in ionad alt 44 den Phríomh-Acht: | ||||||||
[EN] | “44.—(1) I gcás arb é tuairim an Údaráis go gcomhlíonann gnóthas tionscail ceanglais ailt 33 (3) agus 34 (3) den Acht seo, féadfaidh an tUdarás, as cistí faoina réir— | |||||||||
[EN] | (a) scaireanna a cheannach nó a thógáil, a mhéid is inmhianaithe leis, sa chomhlacht corpraithe ar leis an gnóthas nó a rialaíonn nó a bhainistíonn an gnóthas nó i gcomhlacht corpraithe atá rannpháirteach in úinéireacht, i rialú nó i mbainistí an ghnóthais. | |||||||||
[EN] | (b) comhlachtaí corpraithe den sórt sin a fhoirmiú nó bheith páirteach le daoine eile á bhfoirmiú, | |||||||||
[EN] | ach ní cheannóidh ná ní thógfaidh an tUdarás scaireanna ar bith i gcás a mbeadh de thoradh air sin go mbeadh tromlach na scaireanna i gcomhlacht corpraithe ag an Údarás, mura mbeidh ceannach nó tógáil na scaireanna, mar a bheidh beartaithe, ceadaithe ag an Aire. | |||||||||
[EN] | (2) Is in ainm an Aire Airgeadais a chlárófar scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoin alt seo. | |||||||||
[EN] | (3) Déanfar na suimeanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a cheannófar nó a thógfar faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |||||||||
[EN] | (4) Ní chaithfidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, thar £1,000,000 ag ceannach nó ag tógáil scaireanna i gcomhlacht corpraithe áirithe.”. | |||||||||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
10. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6: | ||||||||
[EN] | “6.—(1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhaltaí nó le síniú comhalta den Údarás agus oifigigh nó seirbhísigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin nó le síniú beirt oifigeach nó beirt seirbhíseach don Údarás a bheidh údaraithe amhlaidh. | |||||||||
[EN] | (2) Tabharfaidh na cúirteanna breithiúnais go léir aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é, agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.”. | |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
11. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1977, a ghairm díobh le chéile. | |||||||||
|