|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1979 | ||
[EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ GUR DÁRÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH SAN ARD-CHÚIRT. [3 Iúil, 1979] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt. |
1. —Dáréag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt. | ||||||
[EN] |
Iarmhartach. |
2. —Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1977 ) d'alt 14 (1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 : | ||||||
[EN] | “(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh— | |||||||
[EN] | (i) is trí déag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus | |||||||
[EN] | (ii) déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna, 1979 , do dháréag a fhorléiriú mar thagairt do thrí déag, agus”. | |||||||
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1977 . | ||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1979 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1979, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin. | |||||||
|