20 1979


Uimhir 20 de 1979


AN tACHT SLÁINTE (BEARTÚ MUIRÍNE), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ BEARTAITHE MUIRÍNE AGUS, D'FONN A ÁIRITHIÚ NACH mBEIDH FRITHGHINIÚNAIGH AR FÁIL ACH, BONA FIDE, CHUN CRÍCHE BEARTAITHE MUIRÍNE NÓ AR LEORCHÚISEANNA LIACHTA, DO RIALÁIL AGUS DO RIALÚ DÍOL, ALLMHAIRIÚ, MONARÚ, FÓGAIRT AGUS TAISEALBHADH FRITHGHINIÚNACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE. [23 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946 ;

ciallaíonn “frithghiniúnach” aon fhearas, deis, druga, ullmhóid nó ní atá ceaptha, ullmhaithe nó beartaithe chun toircheas de thoradh chomhriachtain idir daoine a chosc;

ciallaíonn “poitigéir agus drugadóir urghnaimh” duine atá cláraithe i gclár na bpoitigéirí agus na ndrugadóirí urghnaimh a bunaíodh faoin Acht Cógaisíochta, 1951 ;

ciallaíonn “seirbhís bheartaithe muiríne” seirbhís chun faisnéis, teagasc, comhairle nó sainchomhairle a sholáthar i ndáil le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) beartú muiríne,

(b) frithghiniúint,

(c) frithghiniúnaigh;

ciallaíonn “poitigéir cógaisíochta” duine atá cláraithe i gclár na bpoitigéirí cógaisíochta d'Éirinn a bunaíodh faoin Pharmacy Act (Ireland), 1875;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, nó faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt16 den Acht seo;

folaíonn “díol” comhaontú nó tairiscint chun díolta nó tairiscint chun ceannaigh a lorg agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Dualgas ginearálta an Aire.

2. —Déanfaidh an tAire—

(a) eagrú rianúil seirbhísí beartaithe muiríne a áirithiú, agus

(b) seirbhís bheartaithe muiríne nádúrtha chuimsitheach a sholáthar, is é sin le rá, seirbhís chuimsitheach chun faisnéis, teagasc, comhairle agus sainchomhairle a sholáthar i ndáil le modhanna beartaithe muiríne nach ngabhann úsáid frithghiniúnach leo.

Seirbhísí beartaithe muiríne.

3. —(1) Chun críocha alt 2 den Acht seo, féadfaidh an tAire, gan dochar do ghinearáltacht an ailt sin, a fhoráil le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo go ndéanfaidh bord sláinte seirbhís bheartaithe muiríne a chur ar fáil de réir na rialachán.

(2) Féadfaidh duine seachas bord sláinte seirbhís bheartaithe muiríne a chur ar fáil chun faisnéis, teagasc, comhairle agus sainchomhairle a sholáthar i ndáil le modhanna beartaithe muiríne nach ngabhann úsaid frithghiniúnach leo.

(3)  (a) Féadfaidh duine seachas bord sláinte, le toiliú an Aire agus de réir rialacháin chun críocha an fho-ailt seo, seirbhís bheartaithe muiríne a chur ar fáil, nach seirbhís bheartaithe muiríne go heisiatach í den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(b) Ní thabharfaidh an tAire a thoiliú chun seirbhís bheartaithe muiríne a chur ar fáil faoin bhfo-alt seo mura deimhin leis gur le leas an phobail é a thabhairt agus go bhfuil gá go réasúnach leis an tseirbhís chun freastal do riachtanas áirithe.

(4) Ní sholáthrófar faisnéis, teagasc, comhairle ná sainchomhairle i ndáil le húsáid frithghiniúnach i seirbhís bheartaithe muiríne faoin alt seo ach amháin faoi threoir agus faoi mhaoirseacht ghinearálta liachleachtóra chláraithe.

(5) Áiritheoidh bord sláinte nó aon duine eile a bheidh ag cur seirbhís bheartaithe muiríne ar fáil faoi fho-alt (1) nó (3), cibé acu é, den alt seo go bhfolóidh an tseirbhís faisnéis, teagasc, comhairle agus sainchomhairle i ndáil le modhanna beartaithe muiríne nach ngabhann úsáid frithghiniúnach leo.

(6) Ní chuirfear seirbhís bheartaithe muiríne ar fáil ach amháin de réir forálacha an ailt seo ach ní fhorléireofar an fo-alt seo mar ní a chuireann srian le discréid lia-chleachtóra chláraithe ina chaidreamh clinice le hothar ná le discréid poitigéara cógaisíochta i ndáil le faisnéis, teagasc nó comhairle a sholáthar do dhuine a mbeidh frithghiniúnaigh á ndíol aige leis de réir an Achta seo.

(7) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Díol agus riar frithghiniúnach a rialú.

4. —(1) Ní dhíolfaidh duine frithghiniúnaigh mura rud é—

(a) go mbeidh an díol de réir rialacháin chun críocha an fho-ailt seo a bhaineann le díol frithghiniúnach, agus

(b)  (i) gur duine é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, is poitigéir cógaisíochta, nó is poitigéir agus drugadóir urghnaimh, a choimeádann siopa ar oscailt chun oidis liachta a chumasc agus a urghnamh de réir forálacha na nAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1977, agus go ndéanfar an díol san áit a gcoimeádann sé an siopa ar oscailt nó gur poitigéir cógaisíochta, nó poitigéir agus drugadóir urghnaimh, den sórt sin é, mar a dúradh, agus go ndéanfar an díol, i ndáil leis an tseirbhís a sholáthraíonn an duine ag coimeád siopa den sórt sin ar oscailt dó mar a dúradh, in áit a gcuirtear seirbhísí beartaithe muiríne ar fáil faoi alt 3 den Acht seo, agus

(ii) go mbeidh an duine a mbeidh na frithghiniúnaigh á ndíol leis ainmnithe in oideas nó in údarás i scríbhinn ó lia-chleachtóir cláraithe le haghaidh na bhfrithghiniúnach agus gur duine é, i dtuairim an lia-chleachtóra, tuairim ar tháinig sé uirthi an tráth a thug sé an t-oideas nó an t-údarás, a d'iarr na frithghiniúnaigh

chun críche, bona fide, beartaithe muiríne nó ar leorchúiseanna liachta agus i ndálaí iomchuí agus go mbeidh tugtha le fios ar an oideas nó ar an údarás gur chun críocha an Achta seo a tugadh é, nó

(c)  (i) gur duine é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn ceadúnas a tugadh dó faoi alt 5 nó 6 den Acht seo agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbeidh an díol de réir an cheadúnais, agus

(ii) gur díol é le duine a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (b) den fho-alt seo.

(2) Féadfaidh lia-chleachtóir cláraithe, chun críocha an Achta seo, oideas nó údarás le haghaidh frithghiniúnaigh a thabhairt do dhuine más deimhin leis go bhfuil an frithghiniúnach á iarraidh ag an duine, bona fide, chun críocha beartaithe muiríne nó ar leorchúiseanna liachta agus i ndálaí iomchuí agus, i gcás é a bheith tugtha le fios ar oideas nó ar údarás ó lia-chleachtóir cláraithe i ndáil le frithghiniúnach gur chun críocha an Achta seo a tugadh é, toimhdeofar go críochnaitheach, chun críocha an ailt seo, gur duine é an duine atá ainmnithe ann, i dtuairim an lia-chleachtóra, tuairim ar tháinig sé uirthi an tráth a thug sé an t-oideas nó an t-údarás, a d'iarr an frithghiniúnach chun críche, bona fide, beartaithe muiríne nó ar leorchúiseanna liachta agus i ndálaí iomchuí.

(3) Ní riarfaidh duine frithghiniúnaigh ach amháin ar mhodh díola faoi réim agus de réir an ailt seo.

(4) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Allmhairiú frithghiniúnach a rialú.

5. —(1) Ní allmhaireoidh duine frithghiniúnaigh isteach sa Stát mura rud é—

(a) gur cuid iad dá bhagáiste pearsanta a bheidh in éineacht leis agus é ag teacht isteach sa Stát agus nach dtabharfadh a gcainníocht le fios nach chun a úsáide féin amháin iad, nó

(b) gur duine é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn ceadúnas a tugadh dó faoin alt seo agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbeidh an t-allmhairiú de réir an cheadúnais.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, ar dhuine á iarraidh i scríbhinn agus ar cibé táille a íoc a bheidh sonraithe i rialacháin chun críocha an fho-ailt seo, ceadúnas a thabhairt don duine sin á údarú cainníochtaí sonraithe de fhrithghiniúnaigh shonraithe a allmhairiú más rud é—

(i) gur deimhin leis an Aire go bhfuil na frithghiniúnaigh ag teastáil ón duine sin lena ndíol le daoine a shonraítear in alt 4(1)(b)(i) den Acht seo, nó

(ii) gur duine a shonraítear san alt sin 4(1)(b)(i) an duine.

(b) Féadfaidh an tAire diúltú ceadúnas faoin alt seo a thabhairt do dhuine a ciontaíodh i gcion faoin Acht seo nó i gcion eile de chineál a thabharfadh, i dtuairim an Aire, nárbh iomchuí ceadúnas den sórt sin a bheith aige.

(3) Leanfaidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm, mura gcúlghairfear roimhe sin é, go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(4) (a) Féadfaidh ceadúnas faoin alt seo cibé coinníollacha (más aon choinníollacha iad) a bheith ann a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(b) Féadfaidh an tAire tráth ar bith coinníoll a chur i gceadúnas faoin alt seo, coinníoll a scriosadh as nó coinníoll sa cheadúnas a leasú.

(c) Duine a shealbhaíonn ceadúnas faoin alt seo comhlíonfaidh sé coinníollacha an cheadúnais.

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil coinníoll de chuid an cheadúnais á shárú nó sáraithe nó má dhéantar an duine dar tugadh é a chiontú i gcion faoin Acht seo nó i gcion eile de chineál a thabharfadh, i dtuairim an Aire, nárbh iomchuí ceadúnas den sórt sin a bheith aige.

(6) Measfar frithghiniúnaigh, nach n-údaraítear faoin alt seo iad a allmhairiú, a bheith ar áireamh na n-earraí a áirítear agus a thuairiscítear sa Table of Prohibitions and Restrictions Inwards in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht sin (arna leasú nó arna leathnú le hAchtanna iardain) a bhaineann le hallmhairiú earraí toirmiscthe.

(7) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Monarú frithghiniúnach a rialú.

6. —(1) Ní mhonaróidh duine frithghiniúnaigh mura duine é, nó mura seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn ceadúnas a tugadh dó faoin alt seo agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus mura mbeidh an monarú de réir an cheadúnais.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, de réir aon rialacháin chun críocha an ailt seo, ar dhuine á iarraidh i scríbhinn agus ar cibé táille a íoc a bheidh sonraithe sna rialacháin, ceadúnas a thabhairt á údarú don duine frithghiniúnaigh a mhonarú más deimhin leis an Aire—

(i) go ndíolfar na frithghiniúnaigh le daoine a shonraítear in alt 4(1)(b)(i) den Acht seo, nó

(ii) gur duine a shonraítear san alt sin 4(1)(b)(i) an duine.

(b) Féadfaidh an tAire diúltú ceadúnas faoin alt seo a thabhairt do dhuine a ciontaíodh i gcion faoin Acht seo.

(3) Leanfaidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm, mura gcúlghairfear roimhe sin é, go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(4) Féadfaidh ceadúnas faoin alt seo cibé coinníollacha (más aon choinníollacha iad) a bheith ann, lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le caighdeáin mhonaraithe, a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith coinníoll a chur i gceadúnas faoin alt seo, coinníoll a scriosadh as nó coinníoll sa cheadúnas a leasú.

(6) Féadfaidh an tAire ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil coinníoll de chuid an cheadúnais á shárú nó sáraithe nó má dhéantar duine a shealbhaíonn é a chiontú i gcion faoin Acht seo.

(7) Duine a shealbhaíonn ceadúnas faoin alt seo comhlíonfaidh sé na coinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas.

(8) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Fógairt agus taisealbhadh frithghiniúnach a rialú.

7. —(1) Ní ghabhfaidh duine páirt i bhfoilsiú fógráin nó fógra, ná ní thabharfaidh sé foilsiú fógráin nó fógra i gcrích, i ndáil le frithghiniúint nó le frithghiniúnaigh, ná ní thaisealbhóidh sé frithghiniúnaigh, ná ní thabharfaidh sé a dtaisealbhadh i gcrích, ach amháin a mhéid a cheadófar le rialacháin, agus de réir rialachán, chun críocha an ailt seo.

(2) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Oidis nó údaráis a brionnaíodh nó a athraíodh go calaoiseach

8. —(1) San alt seo ciallaíonn “doiciméad sonraithe” oideas nó údarás arna thabhairt ag lia-chleachtóir cláraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina dhoiciméad sonraithe.

(3) Ní athróidh ná ní úsáidfidh duine doiciméad sonraithe le hintinn mheabhlaireachta.

(4) Ní bheidh ina sheilbh ag duine doiciméad brionnaithe a airbheartaíonn a bheith ina dhoiciméad sonraithe, ná doiciméad sonraithe a athraíodh le hintinn mheabhlaireachta.

(5) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le rialacháin nach mbeidh feidhm, in imthosca a bheidh sonraithe sna rialacháin, ag fo-alt (4) den alt seo maidir le daoine d'aicme nó de thuairisc shonraithe agus, fad a bheidh rialacháin faoin alt seo i bhfeidhm, forléireofar an fo-alt sin (4) de réir na rialachán agus beidh éifeacht leis faoi réir na rialacháin.

(6) Duine a sháróidh an t-alt seo, nó rialacháin chun críocha an ailt seo, bheidh sé ciontach i gcion.

Deontais i gcóir taighde.

9. —Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas a thabhairt do dhuine chun taighde ar mhodhanna beartaithe muiríne nach mbaineann le húsáid frithghiniúnach a mhaoiniú nó chun cabhrú lena mhaoiniú.

Cosaint i ndáil le ginmhilleadh.

10. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn—

(a) ginmhilleadh a thabhairt i gcrích,

(b) aon ní eile a dhéanamh a bhfuil a dhéanamh toirmiscthe le halt 58 nó 59 den Offences Against the Person Act, 1861 (ailt a thoirmisceann drugaí a fhriotháil nó deiseanna a úsáid chun ginmhilleadh a thabhairt i gcrích nó drugaí nó deiseanna a riar chun ginmhilleadh a thabhairt i gcrích), nó

(c) ginmhilltigh a dhíol, a allmhairiú isteach sa Stáit, a mhonarú, a fhógairt nó a thaisealbhadh.

Agóidí coinsiais.

11. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuirfidh d'oibleagáid ar aon duine bheith páirteach i seirbhís bheartaithe muiríne a sholáthar, oidis nó údaráis a thabhairt chun críocha an Achta seo, nó frithghiniúnaigh a dhíol, a allmhairiú isteach sa Stát, a mhonarú, a fhógairt nó a thaisealbhadh.

Leasú ar an Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 , agus ar Acht 1946.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 16(1) den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 , trí “geiniúint a chosc go mí-nádúrtha, no” agus “an choisc no” a scriosadh agus tá an t-alt sin 16(1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

16.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, ach fé chead agus do réir cheada i scríbhinn a bheidh deonta dho fén alt so, aon leabhar ná foillseachán tréimhsiúil (pe'ca sa chlár d'fhoillseacháin toirmeasctha dhó nó nách ea) a mholann nó go bhféadfí do réir réasúin a cheapa go molann sé a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint nó aon mhodh, cóir nó fearas d'úsáid chun críche na tárlachtainte sin—

(a) do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go gclóbhuailfar nó go bhfoillseofar a leithéid, ná

(b) é do dhíol ná é do chur ar taisbeáint, do thairisgint, ná do chimeád chun a dhíolta, ná

(c) é do scaipe ná é do thairisgint ná do chimeád chun a scaipthe.

(2) Leasaítear leis seo alt 17(1) den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 , trí “no chun geiniúint do chosc” a scriosadh agus tá an t-alt sin 17(1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

17.—(1) An tagairt atá in alt 3 den Indecent Advertisements Act, 1889, d'abhar chlóbhuailte de shaghas nea-náireach no draosta tuigfar go bhfoluíonn sí fógra a bhaineann no a thagrann, no go bhféadfí do réir réasúin a cheapa go mbainid no go dtagraid, le héinní no d'éinní acu so a leanas, eadhon, aon ghalar a thagann ar bhaill gheiniúna fir no mná, no aon tinneas no laige a eiríonn as lánamhnas no a bhaineann leis, no cosc no deire do chur le nea-rialtachtaí i ngalar míosach, no druganna, cógaisí, fearaistí, cóir no modhanna chun a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh nó mí-bhreith do thárlachtaint.

(3) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1946 trí “giniúint a chosc go mí-nádúrtha, nó” a scriosadh i mír (b) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

7.—Más dóigh leis an mBord Cinsireachta, tar éis dóibh leabhar a scrúdú go cuibhe—

(a) go bhfuil sé mígheanasach nó draosta, nó

(b) go molann sé breith anabaidh nó mochbhreith a thabhairt, nó aon mhodh, cóireáil nó gléas d'úsáid chuige sin,

agus gur ceart, ar aon cheann de na cúiseanna sin, a dhíol agus a iomdháil sa Stát a thoirmeasc, déanfaid, le hordú, an díol agus an iomdháil sin a thoirmeasc.

(4) Leasaítear leis seo alt 9(1) d'Acht 1946 trí “giniúint a chosc go mí-nádúrtha, nó” a scriosadh i mír (b) agus tá an t-alt sin 9(1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

9.—(1) Scrúdóidh an Bord Cinsireachta na heisiúna a foilsíodh le déanaí roimhe sin de gach foilseachán tréimhsiúil a ndéanfaidh duine ar bith gearán leo sa tslí ordaithe ina dtaobh, agus más dóigh leo, maidir leis na heisiúna sin—

(a) gur ghnáth nó gur mhinic mígheanasach nó draosta iad, nó

(b) gur mholadar breith anabaidh nó mochbreith a thabhairt nó aon mhodh, cóireáil nó gléas d'úsáid chuige sin, nó

(c) gur tugadh cion ró-mhór dá spás d'fhoilsiú abhair a bhain le coirthe,

agus gur ceart, ar aon cheann de na cúiseanna sin, toirmeasc a chur le díol agus iomdháil na n-eisiúin sin agus eisiúin todhchaí den fhoilseachán tréimhsiúil sin sa Stát, déanfaidh, le hordú, díol agus iomdháil na n-eisiúin sin a thoirmeasc dá réir sin.

Alt 17 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , a aisghairm.

13. —Aisghairtear leis seo alt 17 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 .

Pionóis.

14. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcéad chion faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Duine a bheidh ciontach i ndara cion nó i gcion dá éis sin faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £250 in aghaidh gach lae nó gach coda de lá a leanfar den chion tar éis an chéad lae sin nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche dara cion nó cion dá éis sin faoin Acht seo a thriail go hachomair más rud é—

(a) gurb é tuairim an Bhreithimh gur mionchion a fhéadfar a thriail go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne chosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) go dtoileoidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis sin, agus

(c) nach ndéanfaidh an cosantóir (tar éis don Bhreitheamh a chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtriailfeadh giúiré é) agóid i gcoinne a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le dara cion nó cion dá éis sin faoin Acht seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, gur sonraíodh ann na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt seo, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir sin.

Cionta ag comhlachtaí daoine.

15. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir ar an gcomhlacht iomchuí é, ar chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta é, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

Rialacháin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá faoi réir rialachán, nó ceadaithe nó dearbhaithe le rialacháin nó sonraithe i rialacháin nó le rialacháin nó de réir rialachán nó i ndáil le haon ní atá cumhalda nó teagmhasach le haon ní díobh sin.

(2) Ní dhéanfar rialacháin i ndáil le táillí gan toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

17. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 to 1979, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929

1929, Uimh. 21

An tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946

1946, Uimh. 1

Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935

1935, Uimh. 6

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Customs Consolidation Act, 1876

1876, c. 36

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961

Offences Against the Person Act, 1861

1861, c. 100

An tAcht Cógaisíochta, 1951

1951, Uimh. 30

Pharmacy Act (Ireland), 1875

1875, c. 57

Na hAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1977