34 1979


Uimhir 34 de 1979


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (DOLA-BHÓITHRE), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DOLAÍ A MHUIREARÚ I LEITH BÓITHRE POIBLÍ A ÚSÁID, DÁ CHUMASÚ D'ÚDARÁIS BHÓITHRE, LE TOILIÚ AN AIRE COMHSHAOIL, SCÉIMEANNA A DHÉANAMH CHUN CÓRAIS DOLAÍ DEN SÓRT SIN A BHUNÚ AGUS FREISIN COMHAONTUITHE A DHÉANAMH FAOINA nDÉANFAIDH DAOINE NÍ NÓ NITHE DÍOBH SEO A LEANAS, IS É SIN LE RÁ, BÓITHRE IS ÁBHAR DO DHOLAÍ DEN SÓRT SIN A SHOLÁTHAR, A CHOTHABHÁIL, A FHEABHSÚ, A BHAINISTÍ AGUS A OIBRIÚ LE hAGHAIDH, I dTEANNTA NÓ THAR CEANN NA nÚDARÁS SIN AR CIBÉ TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA A BHEIDH SONRAITHE SNA COMHAONTUITHE (LENA nÁIRÍTEAR SOCHAR UILE NÓ CUID DE SHOCHAR NA nDOLAÍ SIN A ÍOC LEO NÓ IAD DO CHOIMEÁD AN CHÉANNA) AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH ÁBHAIR A BHAINEANN LEIS NA hÁBHAIR RÉAMHRÁITE. [12 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an ráiteas míniúcháin “an ráiteas dá dtagraítear in alt 3 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “bóthar poiblí” aon bhóthar, sráid, bóithrín, cosán, cearnóg, cúirt, caolsráid nó scabhat, agus aon chuid den chéanna, ar údarás bóithre atá freagrach ina gcothabháil, agus folóidh sé aon droichead, tarbhealach, íosbhealach, fobhealach, tollán, tardhroichead, uasród, píopa, stua, lintéar, cosán, carrbhealach (singil nó iolrach), pábháil, ráille, fál, balla, bacainn, ráille cosanta, colbha, leataobh, crua-ghrua, rian rothar, oileán, místráice, láriomaire, conaireoir, compal, cuaille, mullard, sreang, cábla, sín, comhartha nó soilsiú is cuid den bhóthar nó déanmhas eile dá samhail is cuid den bhóthar agus a bhfuil gá leo mar shábháilteacht, mar aosáid nó mar shaoráid do lucht úsáidte bóithre;

ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;

ciallaíonn “dola” dola is inmhuirearaithe faoin Acht seo;

ciallaíonn “dola-bhóthar” bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a bhfuil dola-scéim i bhfeidhm ina leith;

ciallaíonn “dola-scéim” scéim faoi alt 3 den Acht seo.

(2) (a) Tagairtí san Acht seo, i ndáil le húdarás bóithre, do dhola-bhóthar is tagairtí iad do dhola-bhóthar i limistéar amháin den dá limistéar seo a leanas, nó iontu araon, is é sin le rá, limistéar feidhme an údaráis nó limistéar feidhme údarás bóithre eile is páirtí i gcomhaontú ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire faoi alt 10 den Acht seo agus ar páirtí ann freisin an t-údarás céadluaite agus a fhorálann go ndéanfaidh an t-údarás céadluaite feidhmeanna de chuid an údaráis eile i ndáil leis an dola-bhóthar a fheidhmiú.

(b) Tagairtí san Acht seo, i ndáil le húdarás bóithre, do bhóthar poiblí is tagairtí iad do bhóthar poiblí i limistéar feidhme an údaráis sin.

(3) Folaíonn tagairtí san Acht seo do fheidhm tagairtí do chumhacht agus do dhualgas agus folaíonn tagairtí san Acht seo do chomhlíonadh feidhme tagairtí do fheidhmiú cumhachta agus do dhéanamh dualgais.

Cumhacht chun dolaí a mhuirearú ar dholabhóithre.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh údarás bóithre dolaí a mhuirearú agus a bhailiú a mbeidh cibé méid iontu a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfodhlíthe arna ndéanamh aige faoi alt 5 den Acht seo i leith dola-bhóthar a úsáid.

(2) Féadfaidh údarás bóithre cibé foirgnimh, déanmhais, oibreacha agus gaireas a sholáthar agus a chothabháil a mheasfaidh sé a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun dolaí a mhuirearú agus a bhailiú agus dola-bhóithre a oibriú nó i ndáil leis an gcéanna.

(3) I gcás comhaontú faoi alt 9 den Acht seo do dhéanamh socrú go ndéanfaidh duine a shonraítear sa chomhaontú dolaí a bhailiú, féadfaidh an duine sin agus a sheirbhísigh agus a ghníomhairí na dolaí lena mbaineann an comhaontú a bhailiú.

Dolascéimeanna.

3. —(1) Féadfaidh údarás bóithre scéim (dá ngairtear “dola-scéim” san Acht seo) a dhéanamh chun córas dolaí a bhunú i leith bóthar poiblí a úsáid.

(2) Déanfar cóip d'aon dola-scéim a dhéanfar faoin alt seo agus d'aon léarscáil dá dtagraítear inti, mar aon le ráiteas ag míniú forálacha na scéime agus a haidhm agus a héifeacht (dá ngairtear “an ráiteas míniúcháin” dá éis seo san Acht seo) a chur ar fáil, laistigh de mhí tar éis a déanta, i bpríomh-oifigí an údaráis bhóithre a rinne í lena iniúchadh ag an bpobal le linn uaire gnó go ceann cibé tréimhse, nach lú ná mí, a chinnfidh an t-údarás.

(3) Le linn d'údarás bóithre dola-scéim a dhéanamh, tabharfaidh sé aird speisialta ar an gceist i dtaobh coisithe, rothair cos, otharcharráistí agus feithiclí atá oiriúnaithe go speisialta do dhaoine corpéislinneacha a bheith díolmhaithe ó dholaí faoin scéim.

(4) I ndola-scéim—

(a) sonrófar an bóthar poiblí nó an bóthar poiblí beartaithe a bhfuil beartaithe ag an údarás bóithre lena mbaineann córas dolaí a bhunú i leith a úsáide,

(b) taispeánfar na haicmí d'fheithiclí agus d'úsáidirí eile bóthair a bhfuil úsáid an dola-bhóthair ceaptha dóibh,

(c) taispeánfar na haicmí d'fheithiclí agus d'úsáidirí eile bóthair a muirearófar dolaí orthu i leith na húsáide sin,

(d) tabharfar meastachán ar mhéideanna na ndolaí atá beartaithe a mhuirearú i leith úsáid an dola-bhóthair ag na feithiclí agus ag na húsáidirí eile bóthair sin,

(e) sonrófar cibé faisnéis eile a mheasfaidh an t-údarás bóithre is iomchuí nó a ordóidh an tAire.

(5) (a) Déanfaidh údarás bóithre dola-scéim a bheidh déanta aige a chur faoi bhráid an Aire.

(b) Féadfaidh údarás bóithre, tráth ar bith, dola-scéim a dhéanamh agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú nó do chúlghairm dola-scéim a rinne an t-údarás agus a bheidh i bhfeidhm.

(c) Féadfaidh an tAire dola-scéim, modhnaithe nó gan mhodhnú, a cheadú nó féadfaidh sé diúltú í a cheadú.

(d) (i) Tiocfaidh dola-scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire faoin alt seo i bhfeidhm agus beidh feidhm aici fara na modhnuithe, más ann dóibh, a rinne an tAire, cibé lá a chinnfidh an t-údarás bóithre.

(ii) Déanfaidh an t-údarás bóithre iomchuí fógra i dtaobh an lae a mbeidh dola-scéim le teacht i ngníomh a fhoilsiú mí ar a laghad roimh an lá sin i nuachtán a léitear sa limistéar ina mbeidh an dola-bhóthar lena mbaineann an scéim.

(6) Beidh ar áireamh i ráiteas míniúcháin a bhaineann le dolascéim—

(a) faisnéis i ndáil leis na socruithe ginearálta chun an dolabhóthar lena mbaineann an scéim a dhéanamh, a chothabháil, a fheabhsú, a bhainistí agus a oibriú agus chun an costas a bhaineann leis an déanamh, leis an gcothabháil, leis an bhfeabhsú, leis an mbainistí agus leis an oibriú sin a íoc,

(b) meastacháin ar chostas caipitiúil agus ar chostais oibrithe an bhóthair, agus

(c) meastacháin ar mhéid agus ar chineál an tráchta a úsáidfidh an bóthar agus ar mhéideanna na ndolaí i leith an tráchta sin.

(7) Is feidhm fhorchoimeádta de réir bhrí Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, agus na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, údarás bóithre do dhéanamh dola-scéime.

Forálacha i ndáil leis an Aire do cheadú dola-scéimeanna.

4. —(1) Déanfaidh údarás bóithre, sula gcuirfidh sé dola-scéim faoi bhráid an Aire de bhun alt 3 den Acht seo, fógra a fhoilsiú i nuachtán nó i nuachtáin a chlóitear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil nó ina mbeidh an dola-bhóthar lena mbaineann an scéim á rá go bhfuil dola-scéim déanta ag an údarás bóithre faoi alt 3 den Acht seo agus go bhfuil ar intinn í a chur faoi bhráid an Aire lena ceadú, agus á chur in iúl cad iad na huaire agus na laethanta agus cad é an áit a bhféadfar cóip den scéim agus aon léarscáil dá dtagraítear inti agus an ráiteas míniúcháin a bhaineann leis an scéim a iniúchadh agus go bhféadfar agóidí in aghaidh na scéime a thaisceadh i scríbhinn leis an Aire i rith cibé tréimhse (nach lú ná dhá mhí) a shonrófar tar éis deireadh na tréimhse ar ar cinneadh faoi alt 3 (2) den Acht seo chun an scéim a iniúchadh.

(2) Má dhéantar agóid in aghaidh dola-scéime a thaisceadh go cuí leis an Aire, cuirfidh an tAire faoi deara, sula gcinnfidh sé ar an scéim a cheadú nó gan í a cheadú, fiosrúchán áitiúil a dhéanamh faoin scéim agus faoi aon agóidí in aghaidh na scéime a taisceadh agus nár tarraingíodh siar agus breithneoidh sé tuarascáil an duine a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin.

(3) I gcás a mbeidh fiosrúchán áitiúil faoi dhola-scéim le déanamh agus go mbeidh fiosrúchán áitiúil faoi alt 47 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , nó faoi alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 , a bhaineann go hiomlán nó go páirteach leis an dolabhóthar áirithe nó fiosrúchán áitiúil faoin talamh sin a fháil go héigeantach chun críocha na scéime sin le déanamh, ní dhéanfar an fiosrúchán faoin dola-scéim sula ndéanfar an fiosrúchán nó na fiosrúcháin eile ach féadfar é a dhéanamh an tráth céanna leis an bhfiosrúchán nó leis na fiosrúcháin eile.

Fodhlíthe.

5. —(1) Féadfaidh údarás bóithre, tar éis comhairle a ghlacadh le Coimisinéir an Gharda Síochána, cibé fodhlíthe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun dola-bhóthar a oibriú agus a bhainistí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo—

(a) a shonrú cad iad méideanna na ndolaí a mhuirearófar, nó cad iad na scálaí agus na forálacha eile ar faoina réir a mhuirearófar iad, i leith úsáid dola-bhóthair ag feithiclí agus ag úsáidirí eile bóthair de gach aicme ar leith a bheidh sonraithe sna fodhlíthe agus féadfaidh siad méideanna éagsúla den sórt sin a shonrú faoi threoir cibé imthosca nó teaglaim imthosca (cibé acu a bhaineann siad le haicmí feithiclí nó úsáidirí eile bóthair, le séasúir den bhliain, le laethanta den tseachtain, le huaire den lá nó eile) is iomchuí leis an údarás bóithre,

(b) a shocrú go n-eiseofar, go n-iniúchfar agus go mbaileofar ticéid, airíochtaí, dearbháin, ceadanna, admhálacha agus foirmeacha eile údaraithe le haghaidh dola-bhóthar a úsáid,

(c) na daoine a shonrú a mbeidh dola le híoc acu is iníoctha i leith dola-bhóthar a úsáid ag feithicil nó ag úsáidire eile bóthair is inchurtha faoi dhola i leith na húsáide sin,

(d) a shocrú nach ndéanfaidh duine a ndlífear de faoi na fodhlíthe dola a íoc aon fheithicil ná úsáidire eile bóthair lena mbaineann agus atá faoina cheannas an dola-bhóthar lena mbaineann a úsáid, ná a chur faoi deara ná a cheadú é a úsáid, mura mbeidh an dola íoctha nó socruithe chun a íoctha déanta chun sástacht an údaráis bhóithre lena mbaineann nó chun sástacht duine a bheidh údaraithe ag an údarás sin an dola-bhóthar a oibriú agus a bhainistí, agus

(e) a shonrú cad iad cumhachtaí an údaráis bhóithre agus cumhachtaí aon duine a bheidh údaraithe ag an údarás sin an dola-bhóthar lena mbaineann a oibriú agus a bhainistí, i ndáil le feithiclí agus le húsáidirí eile dola-bhóthair agus leis na daoine i gceannas orthu.

(3) Bainfidh ailt 219 agus 221 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe faoin alt seo sa tslí chéanna ina mbaineann siad le fodhlíthe faoin Acht sin.

Díolúine ó dholaí.

6. —(1) Beidh feithiclí de chuid Óglaigh na hÉireann agus feithiclí de chuid an Gharda Síochána a bheidh á n-úsáid acu chun críocha oifigiúla, agus feithiclí briogáide dóiteáin agus otharcharranna díolmhaithe ó dholaí a íoc.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “otharcharr” feithicil inneallghluaiste atá inaitheanta go seachtrach mar otharcharr agus a úsáidtear go heisiatach chun daoine atá breoite, díobhálaithe nó míchumasaithe a iompar;

ciallaíonn “feithicil briogáide dóiteáin” feithicil inneallghluaiste a úsáidtear chun dóiteáin a mhúchadh nó chun daoine nó maoin a tharrtháil ó chontúirt nó i gcóir an dá chríoch sin.

Cionta.

7. —(1) Duine a dhlífidh dola a íoc agus a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh é a íoc beidh sé ciontach i gcion.

(2) Duine a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh géilleadh d'aithne nó do threoir ó dhuine a bheidh údaraithe ag údarás bóithre dola-bhóthar a oibriú agus a bhainistí beidh sé ciontach i gcion.

(3) Duine a sháróidh fodhlí a rinneadh faoi alt 5 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

(5) Féadfar méid aon dola a bheith dlite de dhuine agus iníoctha aige faoin Acht seo agus a bheidh gan íoc a ghnóthú ón duine a bhfuil sé iníoctha aige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacháin.

8. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun críocha an Achta seo agus chun a chumasú don Acht seo agus d'aon scéim faoi alt 3, nó d'aon chomhaontú faoi alt 9, den Acht seo lánéifeacht a bheith leo, agus

(b) á fhoráil go ndéanfar aon airgead a fhaibhreoidh chuig údarás bóithre ó oibriú agus ó bhainistí dola-bhóthair a chur chun feidhme.

(2) Rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Comhaontuithe idir údaráis bhóithre agus daoine eile i ndáil le dola-bhóithre a mhaoiniú, a dhéanamh agus a oibriú.

9. —(1) I gcás an tAire do cheadú dola-scéime, féadfaidh údarás bóithre, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh le duine eile faoina gcomhaontóidh an duine sin, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa chomhaontú (lena n-áirítear sochar uile nó cuid de shochar na ndolaí sin i leith an dola-bhóthair is ábhar don scéim a íoc leis an duine sin nó é do choimeád an chéanna), gach ní nó aon ní nó nithe díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) cuid den chostas, nó costas uile, an bhóthair a sholáthar a íoc,

(b) cuid den chostas, nó costas uile, an bhóthair a chothabháil agus a fheabhsú a íoc,

(c) an bóthar a sholáthar don údarás nó dul i bpáirt leis an údarás nó cabhrú leis chun an bóthar a sholáthar,

(d) an bóthar a chothabháil agus a fheabhsú don údarás nó dul i bpáirt leis an údarás nó cabhrú leis chun an bóthar a chothabháil agus a fheabhsú,

(e) an bóthar a oibriú agus a bhainistí don údarás nó i dteannta an údaráis (lena n-áirítear córas dolaí a sholáthar, a mhaoirsiú agus a oibriú i leith úsáid an bhóthair),

(f) cibé nithe eile a bheidh sonraithe sa chomhaontú agus a bhaineann nó a ghabhann leis na nithe sin roimhe seo nó atá cumhalda dóibh nó iarmhartach orthu.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh comhaontú faoin alt seo—

(a) socrú a dhéanamh chun an sochar as dolaí a chur chun feidhme, le haghaidh córais chun cuntas a thabhairt i ndolaí a bhaileofar agus le haghaidh na modhanna agus na tráthanna chun an sochar as dolaí a íoc leis na daoine a mbeidh sé le híoc leo faoi théarmaí an chomhaontaithe,

(b) socrú a dhéanamh le haghaidh ré an chomhaontaithe agus le haghaidh a fhoirceanta nó a fhionraí agus le haghaidh nithe a bhaineann nó a ghabhann le dul in éag an chomhaontaithe nó leis an bhfoirceannadh nó leis an bhfionraí sin nó atá cumhalda don chéanna nó iarmhartach air, agus

(c) socrú a dhéanamh maidir leis an bpáirtí nó na páirtithe eile sa chomhaontú do thabhairt cibé urrúis a shonrófar ann don údarás bóithre lena mbaineann i ndáil leis an bpairtí nó na páirtithe eile a dúradh do chomhlíonadh agus d'urramú téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe.

(3) Féadfaidh údarás bóithre, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh leis an bpáirtí nó leis na páirtithe lena ndearna sé comhaontú roimhe sin faoin alt seo do leasú téarmaí nó coinníollacha an chomhaontaithe sin, do chur téarmaí nó coinníollacha leis nó do bhaint téarmaí nó coinníollacha as nó do chúlghairm an chomhaontaithe a rinneadh roimhe sin.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta de réir bhrí Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, agus na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, údarás bóithre do dhéanamh comhaontú faoin alt seo.

(5) Déanfaidh na páirtithe i gcomhaontú faoin alt seo an comhaontú sin a chomhalladh de réir a théarmaí agus a choinníollacha agus beidh ag údarás bóithre na cumhachtaí go léir is gá chun na críche sin.

Comhshocraíochtaí gníomhaireachta ag údaráis bhóithre.

10. —(1) I gcás a bhfuil dola-bhóthar, nó a mbeidh dola-bhóthar beartaithe, i limistéar feidhme níos mó ná údarás bóithre amháin, féadfaidh na húdaráis lena mbaineann comhaontú a dhéanamh faoina bhfeidhmeoidh agus faoina gcomhlíonfaidh ceann amháin nó níos mó de na húdaráis aon chuid de chumhachtaí, de dhualgais agus d'fheidhmeanna na n-údarás eile, nó aon cheann amháin nó níos mó díobh, i ndáil leis an mbóthar nó leis an mbóthar beartaithe, agus beidh na cumhachtaí, na dualgais agus na feidhmeanna sin infheidhmithe agus inchomhlíonta ag na húdaráis sin nó ag aon cheann nó cinn de na húdaráis sin de réir an chomhaontaithe.

(2) I gcás nach mbeidh na húdaráis bhóithre lena mbaineann ábalta ná toilteanach teacht ar chomhaontú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh aon cheann nó níos mó díobh an cheist a tharchur chun an Aire agus féadfaidh seisean, le hordú, a ordú d'údarás amháin nó níos mó díobh sin cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna sonraithe de chuid na n-údarás eile lena mbaineann nó de chuid aon údaráis nó údarás díobh sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh i ndáil leis an mbóthar nó leis an mbóthar beartaithe lena mbaineann.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta de réir bhrí Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, agus na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, údarás bóithre do dhéanamh comhaontú faoin alt seo.

Caiteachais.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1979, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1978, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1978

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971