|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 5 de 1980 | ||
[EN] |
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1980 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934 . [13 Bealtaine, 1980] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 . |
1. —Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1978 ) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||||||||
[EN] | “(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar céad is cúig mhilliún punt.” | |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua. |
2. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1980 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin. | |||||||||
|