26 1980


Uimhir 26 de 1980


AN tACHT OMBUDSMAN, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHEANAMH SOCRU LE hAGHAIDH CEAPADH AGUS FEIDHMEANNA OMBUDSMAN, AGUS CHUN CRIOCHA A BHAINEANN LEIS SIN. [14 Iúil, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “gníomh” cinneadh, mainneachtain gníomhú agus faillí agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “státseirbhíseach” an bhrí a shanntar do “stát-sheirbhíseach” le hAcht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú cumhachta;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn tagairtí san Acht seo d'aon Roinn Stáit tagairtí don Aire Rialtais atá i bhfeighil na Roinne Stáit sin agus d'oifigigh don Aire Rialtais sin agus, i gcás a mbeidh agus fad a bheidh aon fheidhmeanna de chuid an Aire Rialtais sin tarmligthe chuig Aire Stáit ag Roinn Stáit, folaíonn siad tagairtí don Aire Stáit sin ag Roinn Stáit.

(3) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn tagairtí san Acht seo do phearsa (seachas Roinn Stáit) a shonraítear sna Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

(a) maidir le gnó agus feidhmeanna na pearsan, tagairtí don Roinn Stáit ina gcuimsítear aon cheann acu agus don Aire Rialtais atá i bhfeighil na Roinne Stáit sin, agus

(b) maidir le feidhmeanna i ndáil leis an bpearsa a chomhlíonann Roinn Stáit, tagairtí don Roinn Stáit sin agus don Aire Rialtais atá ina feighil,

agus d'oifigigh do na hAirí Rialtais sin agus do chomhaltaí, d'oifigigh agus d'fhoireann na pearsan agus, i gcás a mbeidh agus fad a bheidh aon fheidhmeanna de chuid aon Airí Rialtais díobh sin tarmligthe chuig Aire Stáit ag Roinn Stáit, don Aire Stáit sin ag Roinn Stáit.

Ceapadh an Ombudsman agus a théarma oifige.

2. —(1) Bunaítear leis seo oifig Ombudsman agus an tOmbudsman a ghairfear de shealbhóir na hoifige.

(2) Is é an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh le bheith ina Ombudsman tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.

(3) Aon duine a bheidh ceaptha le bheith ina Ombudsman—

(a) féadfaidh an tUachtarán, ar iarratas ón duine féin, é a scaoileadh ó oifig,

(b) féadfaidh an tUachtarán é a chur as oifig ach ní chuirfear as oifig é ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag éileamh é a chur as oifig,

(c) éireoidh sé as an oifig ar chaoi ar bith ar 67 mbliana d'aois a shlánú dó.

(4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh aon duine a cheapfar le bheith ina Ombudsman i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.

(5)  (a)  I gcás a ndéanfar duine a shealbhaíonn oifig an Ombudsman a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, chun Tionól na hEorpa nó chun údaráis áitiúil nó mar chomhalta de Sheanad Éireann nó i gcás a ndéanfar é a cheapadh mar chomhalta de Thionól na hEorpa nó d'údarás áitiúil, scoirfidh sé air sin d'oifig an Ombudsman a shealbhú.

 (b)  Duine a bheidh i dteideal de thuras na huaire—

(i) faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(ii) faoi rialacha nós imeachta Thionól na hEorpa suí sa Tionól sin, nó

(iii) faoi bhuan-orduithe údaráis áitiúil suí mar chomhalta den údarás sin.

beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun oifig an Ombudsman a shealbhú.

(6) Duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman ní shealbhóidh sé aon oifig ná fostaíocht eile a mbeidh díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé ina chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca.

(7) Ní bheidh duine os cionn 61 bliain d'aois nuair a cheapfar é den chéad uair chun oifig an Ombudsman.

Tuarastal agus pinsean.

3. —(1) Íocfar le sealbhóir oifig an Ombudsman an luach saothair céanna agus na liúntais chéanna i leith caiteachas a íoctar le breitheamh den Ard-Chúirt.

(2)  (a)  Déanfaidh an tAire agus cuirfidh sé i gcrích, de réir a téarmaí, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Ombudsman nó i leith na ndaoine sin.

 (b)  Féadfaidh an tAire tráth ar bith scéim nó scéimeanna ag leasú nó ag cúlghairm scéim faoin alt seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.

 (c)  Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuifidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Feidhmeanna an Ombudsman.

4. —(1) Beidh an tOmbudsman neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tOmbudsman aon ghníomh a imscrúdú a rinne Roinn Stáit nó pearsa eile a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a rinneadh thar a gceann (is gníomh a rinneadh i gcomhlíonadh feidhmeanna riaracháin) i gcás a bhfeictear don Ombudsman, tar éis dó réamhscrúdú a dhéanamh ar an ábhar—

(a) go ndearna nó go mb'fhéidir go ndearna an gníomh dochar do phearsa (seachas Roinn Stáit nó pearsa eile a shonraítear sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo), agus

(b) maidir leis an ngníomh—

(i) go ndearnadh nó go mb'fhéidir go ndearnadh é gan údarás cuí,

(ii) go ndearnadh nó go mb'fhéidir go ndearnadh é ar fhoras neamhábhartha,

(iii) gur neamart nó neamh-aire nó go mb'fhéidir gur neamart nó neamh-aire ba chúis leis,

(iv) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé bunaithe ar eolas earráideach nó easpach,

(v) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí,

(vi) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé bunaithe ar chleachtas riaracháin míchuibhiúil, nó

(vii) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé thairis sin contrártha do riaradh cóir nó fónta.

(3) Ní dhéanfaidh an tOmbudsman gníomh a imscrúdú mura rud é—

(a) go ndearna pearsa (seachas Roinn Stáit nó pearsa eile a shonraítear sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) gearán leis i ndáil leis an ngníomh, nó

(b) go bhfeictear dó, ag féachaint do na himthosca ar fad, gur cheart an gníomh a imscrúdú faoin alt seo.

(4) Ní dhéanfaidh an tOmbudsman gníomh a imscrúdú a rinne pearsa a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a rinneadh thar a cheann.

(5) Féadfaidh an tOmbudsman—

(a) tar éis dó réamhscrúdú a dhéanamh ar an ábhar a chinneadh gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo faoi ghníomh a ndearnadh gearán ina leith, nó

(b) gan leanúint d'imscrúdú faoin Acht seo faoi ghníomh den sórt sin,

má thagann sé ar an tuairim—

(i) gur gearán fánach nó cráiteach an gearán,

(ii) nach bhfuil leas sách mór san ábhar ag an bpearsa a rinne an gearán, nó

(iii) nár ghlac an phearsa a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghearáin nó, má ghlac, nár diúltaíodh sásamh dó.

(6) Ní gá don Ombudsman gníomh a imscrúdú faoin Acht seo más é a thuairim go ndearnadh nó go ndéanfar imscrúdú leordhóthanach, nó go bhfuil imscrúdú leordhóthanach á dhéanamh, ar an ábhar áirithe in imscrúdú eile ag an Ombudsman faoin Acht seo.

(7) Ní dhéanfaidh scrúdú ná imscrúdú ag an Ombudsman difear do bhailíocht aon ghníomh a imscrúdófar ná d'aon chumhacht ná dualgas de chuid na pearsan a rinne an gníomh aon ghníomh eile a dhéanamh maidir le haon ábhair a bheidh á scrúdú nó á n-imscrúdú.

(8) Nuair a bheidh an tOmbudsman á chinneadh an dtionscnóidh sé imscrúdú, nó an leanfaidh sé nó nach leanfaidh sé d'imscrúdú, faoin Acht seo, gníomhóidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, de réir a bhreithiúnais féin.

(9) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (2) (a) nó (3) (a) den alt seo a fhorléiriú mar ní a thoirmisceann imscrúdú ag an Ombudsman—

(a) faoi ghníomh a rinne difear nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, i dtuairim an Ombudsman, d'aon phearsa aonair ach amháin i gcáil oifigiúil, nó

(b) faoi ghníomh is ábhar do ghearán a rinne aon phearsa aonair leis ag gníomhú dó i gcáil nach cáil oifigiúil.

(10)  (a) Féadfaidh an Rialtas, tar éis dul i gcomhairle leis an Ombudsman, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le hordú agus beidh éifeacht leis an Sceideal sin de réir téarmaí aon orduithe faoin mír seo.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú aon Aire Rialtais dá sanntar feidhmeanna maidir leis an bpearsa lena mbaineann an leasú, an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le hordú agus beidh éifeacht leis an Sceideal sin de réir téarmaí aon orduithe faoin mír seo.

(c) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an dréacht a leagan faoina bhráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.

Eisiamh.

5. —(1) Ní imscrúdóidh an tOmbudsman aon ghníomh a rinne pearsa nó a rinneadh thar ceann pearsan—

(a) más rud é i ndáil leis an ngníomh—

(i) go mbeidh an phearsa dá ndearna an gníomh difear tar éis imeachtaí dlíthiúla sibhialta a thionscnamh in aon chúirt agus nach mbeidh na himeachtaí dífe de bharr gan cúis chaingne nó gearán is inbhreithnithe ag an gcúirt sin a nochtadh cibé acu a bheidh na himeachtaí sin tugtha chun críche nó nach mbeidh,

(ii) go mbeidh ag an duine dá ndearna an gníomh difear ceart, a thugtar le reacht nó faoi reacht (de réir brí alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ), achomhairc, tarchuir nó athbhreithnithe chun cúirte nó os comhair cúirte sa Stát (nach achomharc, tarchur ná athbhreithniú i ndáil le cinneadh ó chúirt), nó

(iii) go mbeidh ag an duine dá ndearna an gníomh difear ceart achomhairc, tarchuir nó athbhreithnithe chun pearsan, nó os comhair pearsan, seachas Roinn Stáit nó pearsa eile a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) má bhaineann an gníomh le slándáil náisiúnta nó le gníomhaíocht mhíleata nó (i dtuairim an Ombudsman) le socruithe maidir le stáit nó rialtais a bheith páirteach in eagraíochtaí nó má dhéanann sé difear don chéanna,

(c) a bhaineann le hearcaíocht nó le ceapadh chun aon oifige nó fostaíochta i Roinn Stáit nó ag aon phearsa eile a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(d) a bhaineann leis na téarmaí nó na coinníollacha nó a dhéanann difear do na téarmaí nó do na coinníollacha—

(i) ar fúthu agus faoina réir—

(a) a shealbhaíonn duine aon oifig, nó

(b) a fhostaítear duine i Roinn Stáit nó ag aon phearsa eile a luaitear sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(ii) i gconradh le haghaidh seirbhísí,

(lena n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha ar fúthu agus faoina réir is iníoctha pinsin, aiscí nó sochair aoisliúntas eile leis an duine nó ina leith nó faoin gconradh),

(e) más gníomh é—

(i) a rinneadh ag riaradh an dlí a bhaineann le heachtrannaigh nó le headóirseacht, nó

(ii) lena mbaineann ceart nó cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 13.6 den Bhunreacht a fheidhmiú nó aon fhorghéilleadh nó dícháiliú a loghadh a d'fhorchuir Cúirt ag feidhmiú dlínse coiriúla di, nó

(iii) a rinneadh ag riaradh príosún nó áiteanna eile chun daoine a choimeád a chimigh na Cúirteanna chun a gcoimeádta.

(f) (i) i gcás gearán a dhéanamh leis an Ombudsman i ndáil leis an ngníomh, mura ndearnadh an gearán sula raibh 12 mhí caite ó thráth an ghnímh nó ón tráth a tháinig an gníomh ar umhail an duine a rinne an gearán, cibé acu is déanaí.

 (ii) i gcás ar bith eile, mura mbeidh tús curtha leis an imscrúdú sula mbeidh 12 mhí caite ó thráth an ghnímh, nó

(g) más roimh thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an gníomh;

Ar choinníoll go bhféadfaidh an tOmbudsman an gníomh a imscrúdú d'ainneoin gur gníomh é lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo más dealraitheach don Ombudsman gur cuí sin a dhéanamh de bharr imthosca speisialta.

Ar choinníoll freisin go bhféadfaidh an tOmbudsman an gníomh a imscrúdú d'ainneoin go ndéanfadh an t-imscrúdú sárú ar mhír (f) den fho-alt seo más dealraitheach don Ombudsman gur cuí sin a dhéanamh de bharr imthosca speisialta.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh faoi inárachaíocht agus teideal chun sochair faoi na hAchtanna Leasa Shoisialaigh, 1952 go 1979.

(3) I gcás a n-iarrfaidh Aire Rialtais é i scríbhinn (agus go gcuirfidh sé ráiteas i scríbhinn leis an iarraidh ag leagan amach go hiomlán cé na cúiseanna atá leis an iarraidh), ní imscrúdóidh an tOmbudsman gníomh, nó scoirfidh sé de ghníomh a imscrúdú, a shonrófar san iarraidh, ar gníomh é—

(a)  a rinne Roinn Stáit a bhfuil a feidhmeanna sannta chun an Aire Rialtais sin, nó

(b)  a rinne pearsa (seachas Roinn Stáit) a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bhfuil a ghnó agus a fheidhmeanna cuimsithe i Roinn Stáit den sórt sin nó a gcomhlíonann an Roinn Stáit sin feidhmeanna i ndáil leis.

(cibé acu atá nó nach bhfuil feidhmeanna uile nó aon chuid d'fheidhmeanna an Aire Rialtais sin tarmligthe chun Aire Stáit ag Roinn Stáit).

Tuarascálacha, etc., ón Ombudsman.

6. —(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an Ombudsman i ndáil le gníomh agus a gcinnfidh an tOmbudsman gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo faoin ngníomh nó gan leanúint d'imscrúdú den sórt sin, cuirfidh sé chuig an bpearsa a rinne an gearán ráiteas i scríbhinn i dtaobh na gcúiseanna a bhí aige leis an gcinneadh agus, más tar éis don Ombudsman iarraidh a fháil faoi alt 5 (3) den Acht seo a rinneadh an cinneadh, cóip den iarraidh agus den ráiteas i scríbhinn i dtaobh chúiseanna an iarrata i gceangal leis an iarraidh agus cuirfidh sé chuig cibé pearsa eile (más ann) is cuí leis cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis i ndáil leis an ábhar.

(2) In aon chás a seolfaidh an tOmbudsman imscrúdú faoin Acht seo, cuirfidh sé ráiteas i scríbhinn faoi thorthaí an imscrúdaithe—

(a) chuig an Roinn Stáit, nó chuig an bpearsa eile a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, lena mbaineann,

(b) chuig an Roinn Stáit ina gcuimsítear gnó agus feidhmeanna aon phearsa, nó a chomhlíonann feidhmeanna i ndáil le haon phearsa (seachas Roinn Stáit), a shonraítear sa Chuid sin I a gcuirtear ráiteas chuige faoi mhír (a) den fho-alt seo,

(c) chuig aon phearsa eile a rinne nó a d'údaraigh an gníomh nó, i gcás a ndearnadh gearán leis an Ombudsman i ndáil leis an ngníomh is ábhar don imscrúdú, a líomhnaítear sa ghearán a rinne nó a d'údaraigh an gníomh, agus

(d) chuig aon duine eile a measann sé gur cuí an ráiteas a chur chuige.

(3) I gcás ar dealraitheach don Ombudsman, tar éis gníomh a imscrúdú faoin Acht seo, go ndearna an gníomh dochar do phearsa lena mbaineann mír (a) d'alt 4 (2) den Acht seo agus go raibh sé faoi réim mhír (b) den alt sin 4 (2), féadfaidh sé a mholadh don Roinn Stáit, nó don phearsa eile a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, lena mbaineann—

(a) go ndéanfar an t-ábhar ar i ndáil leis a rinneadh an gníomh a bhreithniú tuilleadh,

(b) go ndéanfar bearta nó bearta sonraithe chun an dochar a rinne an gníomh a leigheas, a mhaolú nó a athrú, nó

(c) go ndéanfar na cúiseanna ar a ndearnadh an gníomh a thabhairt don Ombudsman,

agus féadfaidh an tOmbudsman, más cuí leis sin a dhéanamh, a iarraidh ar an Roinn Stáit nó ar an bpearsa eile a dúradh freagra ar an moladh a chur in iúl dó laistigh d'am sonraithe.

(4) I gcás a ndéanfaidh an tOmbudsman gníomh is ábhar do ghearán a rinneadh leis a imscrúdú faoin Acht seo, tabharfaidh sé fógra don phearsa a rinne an gearán á rá cén toradh a bhí ar an imscrúdú, cén moladh a rinne sé (má rinne) faoi fho-alt (3) den alt seo i ndáil leis an ábhar agus cén freagra a thug (má thug) an Roinn Stáit nó an phearsa eile dar tugadh an moladh ar an gcéanna.

(5) I gcás ar dealraitheach don Ombudsman nach bhfuil na bearta a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh de bharr moladh faoi fho-alt (3) den alt seo sásúil, féadfaidh sé, más cuí leis é, a chur faoi deara go ndéanfar tuarascáil speisialta ar an gcás a chur i dtuarascáil faoi fho-alt (7) den alt seo.

(6) Ní dhéanfaidh an tOmbudsman cinneadh ná lochtú a bheidh dochrach do phearsa i ráiteas, i moladh ná i dtuarascáil faoi fho-alt (1), (3) nó (5) den alt seo gan deis a thabhairt don phearsa an cinneadh nó an lochtú a mheas agus uiríolla a dhéanamh chun an Ombudsman i ndáil leis an gcéanna.

(7) Cuirfidh an tOmbudsman faoi deara go ndéanfar tuarascáil i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo a leagan in aghaidh na bliana faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus féadfaidh sé ó am go ham a chur faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí acu sin cibé tuarascálacha eile is cuí leis maidir leis na feidhmeanna sin. Cuirfear i dtuarascáil faoin alt seo téarmaí iarraidh faoi alt 5 (3) den Acht seo agus an ráitis i scríbhinn i dtaobh chúiseanna an iarrata i gceangal leis an iarraidh.

(8) Chun críocha an dlí a bhaineann le clúmhilleadh, beidh aon fhoilsiú den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo faoi phribhléid go hiomlán, is é sin le rá—

(a) an tOmbudsman d'fhoilsiú aon ábhair agus tuarascáil á thabhairt aige do cheachtar Teach den Oireachtas chun críche an Achta seo,

(b) foilsiú mar a leanas ag an Ombudsman—

(i) ráiteas a fhoilsiú chun pearsa a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo is ráiteas a cuireadh chuig an bpearsa sin de bhun an fho-ailt sin,

(ii) ráiteas a fhoilsiú chun pearsa a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo is ráiteas a cuireadh chuig an bpearsa sin de bhun an fho-ailt sin.

(iii) moladh a fhoilsiú chun pearsa a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo is moladh a thug an tOmbudsman don phearsa sin de bhun an fho-ailt sin,

(iv) fógra a fhoilsiú chun pearsa a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo is fógra a tugadh don phearsa sin de bhun an fho-ailt sin.

Cumhachtaí an Ombudsman i leith scrúduithe agus imscrúduithe.

7. —(1)  (a)  Féadfaidh an tOmbudsman, chun críocha réamhscrúdaithe nó imscrúdaithe aige faoin Acht seo, a cheangal ar aon phearsa a bhfuil, i dtuairim an Ombudsman, eolas ina sheilbh aige, nó a bhfuil doiciméad nó ní faoina chumhacht nó faoina rialú, a bhaineann leis an scrúdú nó leis an imscrúdú an t-eolas, an doiciméad nó an ní sin a thabhairt don Ombudsman agus, i gcás ar iomchuí sin, a cheangal ar an bpearsa láithriú os a chomhair chun na críche sin agus déanfaidh an phearsa de réir na gceanglas.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le heolas ná le cibé méid de dhoiciméad a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon eolas nó doiciméad nó cuid de dhoiciméad bainteach amhlaidh.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh aon phearsa a mbeidh ceanglas dírithe chuige faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba finné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Ní dhéanfaidh aon phearsa, trí ghníomh ná trí fhaillí, toirmeasc ná bac a chur ar an Ombudsman agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna ná ní dhéanfaidh aon phearsa aon ní eile arbh éard é, dá mba chúirt an tOmbudsman agus cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, díspeagadh ar an gcúirt sin.

(4) Aon oibleagáid rúndacht a choimeád nó aon srian eile ar eolas a nochtadh a fuair Roinn Stáit nó státseirbhíseach a fhorchuirtear leis an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , ní bhainfidh sin le scrúdú ná le himscrúdú ag an Ombudsman faoin Acht seo, agus, faoi réir alt 9 (2) den Acht seo, ní bheidh ag an Stát, i ndáil le haon scrúdú nó imscrúdú den sórt sin, teideal chun aon phribhléide i leith doiciméid a thabhairt ar aird nó fianaise a thabhairt den sórt a cheadaítear le dlí in imeachtaí dlí.

(5) Féadfaidh an tOmbudsman, más cuí leis é, íocaíochtaí mar a leanas a íoc leis an duine dá ndearnadh difear le gníomh a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ina leith ag an Ombudsman faon Acht seo agus d'aon phearsa eile a fhreastalóidh nó a thabharfaidh eolas chun críocha an imscrúdaithe—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh siad go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a gcuid ama a chailleadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(6) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó phearsa i réamhscrúdú nó in imscrúdú a dhéanfaidh an tOmbudsman faoin Acht seo inghlactha mar fhianaise i gcoinne na pearsan sin in aon imeachtaí coiriúla.

(7) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (3) den alt seo mar ní a bhaineann le haon ghníomh a dhéanamh den sórt a luaitear in alt 4 (7) den Acht seo.

Imscrúduithe a sheoladh.

8. —(1) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imscrúdú a dhéanfaidh an tOmbudsman faoin Acht seo.

(2) I gcás a mbeartóidh an tOmbudsman imscrúdú a sheoladh faoin Acht seo faoi ghníomh tabharfaidh sé—

(a) d'aon Roinn Stáit, nó d'aon phearsa eile a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, lena mbaineann, agus

(b) d'aon phearsa eile ar dealraitheach nó, i gcás gearán a bheith déanta leis an Ombudsman i ndáil leis an ngníomh, a líomhnaítear, gurb é a rinne nó a d'údaraigh an gníomh,

deis trácht ar an ngníomh agus, má rinneadh gearán leis an Ombudsman i ndáil leis an ngníomh, ar aon líomhaintí sa ghearán.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta le himscrúdú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an Ombudsman in imthosca uile an cháis.

(4) Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae nó an féidir ar shlí eile, ionadaíocht a dhéanamh d'aon phearsa in imscrúdú a dhéanfaidh sé faoin Acht seo.

Eolas a bheith faoi rún.

9. —(1) Ní dhéanfar eolas nó doiciméad nó ní a gheobhaidh an tOmbudsman nó a oifigigh i gcúrsa, nó chun críche, réamhscrúdaithe, nó imscrúdaithe, faoin Acht seo a nochtadh ach amháin—

(a) chun críocha an scrúdaithe nó an imscrúdaithe agus aon ráitis, tuarascála nó fógra a bheidh le tabhairt orthu faoin Acht seo, nó

(b) chun críocha aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , a líomhnaítear a rinneadh maidir le heolas nó doiciméad nó ní a fuair an tOmbudsman nó aon oifigigh dá chuid de bhua an Achta seo,

agus ní iarrfar ar an Ombudsman ná ar a oifigigh fianaise a thabhairt in aon imeachtaí (seachas cibé imeachtaí a dúradh) faoi ábhair a thiocfaidh ar a umhail nó ar a n-umhail i gcúrsa réamhscrúdaithe, nó imscrúdaithe, faoin Acht seo.

(2)  (a)  Féadfaidh Aire Rialtais fógra a thabhairt i scríbhinn don Ombudsman, maidir le haon doiciméad, eolas nó ní a bheidh sonraithe san fhógra nó maidir le haon aicme doiciméid, eolais nó ní a bheidh sonraithe amhlaidh, go ndéanfadh, i dtuairim an Aire Rialtais, nochtadh (seachas don Ombudsman nó d'oifigigh don Ombudsman) an doiciméid, an eolais nó an ní sin nó doiciméid nó eolais nó nithe den aicme sin dochar do leas an phobail ar na cúiseanna a bheidh luaite san fhógra.

 (b)  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt i scríbhinn don Ombudsman, maidir le haon doiciméad, eolas nó ní faoina gcumhacht nó faoina rialú a bheidh sonraithe san fhógra nó maidir le haon aicme doiciméid, eolais nó ní den sórt sin a bheidh sonraithe amhlaidh, go ndéanfadh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, nochtadh (seachas don Ombudsman nó d'oifigigh don Ombudsman) an doiciméid, an eolais nó an ní sin nó doiciméid, eolais nó nithe den aicme sin dochar do leas an phobail ar na cúiseanna a bheidh luaite san fhógra.

 (c)  I gcás a dtabharfar fógra faoin bhfo-alt seo, ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn don Ombudsman nó d'aon oifigeach don Ombudsman nó a cheanglaíonn ar an gcéanna aon doiciméad, eolas nó ní a bheidh sonraithe san fhógra nó aon doiciméad, eolas nó ní d'aicme a bheidh sonraithe amhlaidh a thabhairt d'aon duine nó chun aon chríche.

Foireann an Ombudsman.

10. —(1) (a) Fostófar in oifig an Ombudsman cibé líon oifigeach agus seirbhíseach a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(b) Beidh an chumhacht duine a cheapadh le bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ombudsman dílsithe don Aire.

(2) Beidh oifigigh agus seirbhísigh don Ombudsman ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit.

(3) Féadfaidh an tOmbudsman aon fheidhmeanna dá chuid faoin Acht seo, cé is moite de na feidhmeanna a thugtar le fo-ailt (5) agus (7) d'alt 6 den Acht seo nó leis an alt seo, a tharmligean chun aon oifigigh dá chuid.

(4) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, mar údarás iomchuí maidir le hoifigigh agus seirbhísigh don Ombudsman a tharmligean chun an Ombudsman agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(i) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an Ombudsman, agus

(ii) is é an tOmbudsman, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo maidir le hoifigigh agus seirbhísigh don Ombudsman.

Caiteachais.

11. —Déanfar aon chaiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht Ombudsman, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Rialtas le hordú.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Alt 4.

Ranna Stáit agus pearsana eile atá faoi réir a n-imscrúdaithe

CUID I

Roinn an Taoisigh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Oifig na Stát-Pháipéar

An Roinn Airgeadais

Oifig an Phámháistir Ghinearálta

An Coiste Coigiltis Náisiúnta

Na Coimisinéirí Ioncaim

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí

Saotharlann an Stáit

Suirbhéireacht an Ordanáis

An Coimisinéir Luachála agus Príomh-Shuirbhéir Teorann

Oifig an tSoláthair

Roinn na Seirbhíse Poiblí

Coimisinéirí na Státseirbhíse

Na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla

An Roinn Dlí agus Cirt

Clárlann na Talún

Clárlann na nGníomhas

Oifig na dTaifead Poiblí

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla

An Roinn Comhshaoil

An Roinn Oideachais

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Roinn na Gaeltachta

An Roinn Talmhaíochta

Coimisiún na Talún

An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta

An Roinn Saothair

An Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta

Oifig Chlárúcháin na gCuideachtaí

Oifig na bPaitinní

Cláraitheoir na gCara-Chumann

An Roinn Fuinnimh

An Roinn Poist agus Telegrafa

An Roinn Cosanta

An Roinn Iompair

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

An Roinn Leasa Shóisialaigh

Oifigigh Achomhairc faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An Roinn Sláinte

CUID II

Ní fholaíonn an tagairt i gCuid I den Sceideal seo do na Coimisinéirí Ioncaim tagairt do na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim ná dá bhfoireann.

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I don Roinn Dlí agus Cirt tagairt dóibh seo a leanas—

An Garda Síochána

na Cúirteanna, nó na hoifigigh chúirte a luaitear in Achtanna na nOifigeach Cúirte, 1926 go 1961, nó in Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

An Bord Uchtála

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I do Choimisiún na Talún tagairt dóibh seo a leanas—

An Coimisinéir Breithiúnais agus an Binse Achomhairc

Coimisinéirí Tuata i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna reachtúla forchoimeádta

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I don Roinn Saothair tagairt dóibh seo a leanas—

An Binse Achomhairc Fostaíochta

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta

An Chúirt Oibreachais

An Binse Achomharc Tobhach

Coimisinéirí um Chearta

An Rúnaíocht don Choimisiún um Chaidreamh Tionscail

An Rúnaíocht don Chomhdháil Fostóirí/Saothraithe

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I don Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta tagairt dóibh seo a leanas—

An Coimisiún Náisiúnta Praghsanna

An Coimisiún Dumpála

An Coimisiún Cleachtas Srianta

An Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta

An Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I don Roinn Poist agus Telegrafa tagairt dóibh seo a leanas—

Comhairle na bPost-Usáidirí

An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin

Ní fholaíonn an tagairt sa Chuid sin I don Roinn Cosanta tagairt dóibh seo a leanas—

Óglaigh na hÉireann

Bord na nArm-Phinsean

AN DARA SCEIDEAL

Alt 4.

Pearsana nach bhfuil faoi réir a n-imscrúdaithe

Aer Lingus, Teoranta

Aerlínte Éireann Teoranta

Aer Rianta, Teoranta

An Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phearsanta Thar Lear

Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta

Arramara Teoranta

An tArd-Aighne

An Bord Altranais

An Bord Fuinnimh Núicléigh

An Bord Iascaigh Mhara

An Bord Pleanála

An Bord Rásaíochta

Bord Fáilte Éireann

Bord Gáis Éireann

Bord na gCapall

Bord na gCon

Bord na Gaeilge

Bord na Móna

Bord na Radharcmhastóirí

British & Irish Steam Packet Company Limited

Ceimicí, Teoranta

Banc Ceannais na hÉireann

An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint

An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha

An Chomhairle Ealaíon

An Chomhairle Leabharlanna

An Chomhairle Oiliúna (AnCO)

An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta

An Chomhairle Olla

Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta

An Córas Beostoic agus Feola

Córas Iompair Éireann

Córas Tráchtála

Bord Bainne Cheantar Chorcaí

Bord na bhFiaclóirí

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Bord Soláthair an Leictreachais

An Chomhairle do Chosc Dóiteáin

An Foras Forbartha Teoranta

An Foras Talúntais

Fóir Teoranta

Bord Iontaobhais na nOspidéal

Cuideachta an Chairde Tionscail, Teoranta

An tÚdarás Forbartha Tionscail

Institiúid Teangeolaíochta Éireann

An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán

Iontaobhas Iascaigh Intíre Ioncorportha

Comhairle Earraí Éireann

Cuideachta Arachais Saoil na hÉireann, Teoranta

Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta

Cuideachta Ghraí Náisiúnta na hÉireann Teoranta

Airmheán Táirgiúlachta na hÉireann

Loingeas Éireann Teoranta

Cruach na hÉireann Teoranta

Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta

An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí

An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil

An Bord Comhchaibidlí Foirne Rialtais Áitiúil

An Lia-Bhiúró Ród-Sábháilteachta

Comhairle na nDochtúirí Leighis

Min Fhéir (1959) Teoranta

An Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta

An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta

An Coiste Náisiúnta um Threoirscéimeanna do Chomhrac na Bochtaine

Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais

An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach

Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta

An Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath

An Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach

An Cumann Náisiúnta Slánródaíochta

Nítrigin Éireann Teoranta

Óstlanna Iompair Éireann Teoranta

An Coimisiún Muc agus Bagúin

Radio Telefís Éireann

Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta

Bord Ospidéil Lorcáin Naofa

Coláiste Oideachais Thuamhumhan, Luimneach

An Bord Arachais Sláinte Shaorálaigh

An tÚdarás um Ard-Oideachas

Údarás na Gaeltachta

Boird Choimeádaithe a bunaíodh leis an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 nó faoin Acht sin

Comhlachtaí a cuireadh ar bun faoin Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961

Comhlachtaí a cuireadh ar bun faoi na hAchtanna Sláinte

Údaráis Áitiúla

Coistí Talmhaíochta Contae

Coistí Gairmoideachais

Coistí agus Fochoistí Pinsean Seanaoise

Údaráis Chuain sna sceidil a ghabhann leis na hAchtanna Cuanta, 1946-1976


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Achtanna na nOifigeach Cúirte, 1926 go 1961

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

Na hAchtanna Cuanta, 1946 go 1976

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970

An tAcht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961

1961, Uimh. 27

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963

1963, Uimh. 1

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979