|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT UM INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUMARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUMARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA, 1981 . [31 Márta, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 6 den Acht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 6 (a bhaineann le ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) den Acht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 , trí “£600,000,000” a chur in ionad “£350,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||
| ||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Déanfar an tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 agus 1983, a ghairm díobh le chéile. | |||||
|