15 1983


Uimhir 15 de 1983


AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[8 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 1 (díolúine ó cháin ioncaim) den Acht Airgeadais, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£4,800” a chur in ionad “£4,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) agus trí “£2,400” a chur in ionad “£2,200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £4,800, agus

(b) in aon chás eile, £2,400.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £3,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

...

...

60 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

65 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £6,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An chéad £4,000 eile

...

...

60 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

65 faoin gcéad

Cothabháil i gcás céilí idirscartha.

3. —(1) (a) (i) San alt seo—

ciallaíonn “comhshocraíocht chothabhála” ordú cúirte, riail chúirte, gníomhas idirscartha, iontaobhas, cúnant, comhaontú, comhshocraíocht nó gníomh ar bith eile, as a dtagann oibleagáid is inchurtha i bhfeidhm le dlí agus a dhéanfar i gcomaoin nó de dhroim scaoileadh nó neamhniú pósta nó i gcomaoin nó de dhroim idirscaradh idir na páirtithe i bpósadh de chineál dá dtagraítear in alt 192 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus baineann comhshocraíocht chothabhála leis an bpósadh arbh i gcomaoin nó de dhroim a scaoilte nó a neamhnithe nó arbh i gcomaoin nó de dhroim an idirscartha idir na páirtithe ann a rinneadh nó a d'eascair an chomhshocraíocht chothabhála;

ciallaíonn “íocaíocht” íocaíocht nó cuid d'íocaíocht, de réir mar a bheidh.

(ii) Tagairt san alt seo do leanbh duine fola íonn sé leanbh a raibh an duine, tráth ar bith sula ndearnadh an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, i dteideal asbhainte ina leith faoi alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) (i) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí a dhéanfaidh páirtí i bpósadh, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi réim nó de bhun comhshocraíocht chothabhála a bhaineann leis an bpósadh chun sochair do leanbh dá chuid, nó chun sochair don pháirtí eile sa phósadh, ar íocaíochtaí iad—

(I) a dhéanfar tráth an Achta seo a rith nó tráth dá éis sin nuair nach mbeidh an banchéile ina cónaí leis an bhfearchéile,

(II) arb infheidhme le dlí iad a íoc, agus

(III) a dhéanfar go bliantúil nó go tréimhsiúil:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí den sórt sin a dhéanfar faoi chomhshocraíocht chothabhála a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith mura dtarlóidh agus go dtí go dtarlóidh ceachtar teagmhas díobh seo a leanas, nó go dtí go dtarlóidh cibé teagmhas díobh is túisce, i gcás an dá theagmhas tarlú, is é sin le rá—

(A) go gcuirfear comhshocraíocht chothabhála eile in ionad na comhshocraíochta cothabhála nó go n-athrófar í,

(B) go ndéanfaidh an dá pháirtí sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála, trí fhógra i scríbhinn don chigire, rogha go comhpháirteach go mbeidh feidhm ag an alt seo,

agus i gcás ina dtarlóidh teagmhas den sórt sin i gceachtar de na himthosca thuasluaite, beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach íocaíocht den sórt sin a dhéanfar tar éis an dáta ar a dtarlóidh sé.

(ii) Chun críocha an ailt seo agus alt 4, i gcás íocaíocht, cibé acu is íocaíocht choinníollach í nó nach ea, a dhéanfaidh páirtí i bpósadh, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi réim nó de bhun comhshocraíocht chothabhála a bhaineann leis an bpósadh (seachas íoca íocht a bhfuil a méid nó modh ríomha an mhéid sin sonraithe sa chomhshocraíocht chothabhála agus ar íocaíocht í nach bhfaigheann leanbh de chuid an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta ná an páirtí eile sa phósadh aon sochar aisti ná as an gcomaoin ina leith), measfar gur chun sochair don pháirtí eile sa phósadh a dhéanfar í:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar, nó ina n-ordófar go ndéanfar, an íocaíocht de réir na comhshocraíochta cothabhála, chun a húsáide ag, agus chun sochair do, leanbh de chuid an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta, nó le haghaidh cothabháil, cothú nó oideachas an linbh sin nó chun sochair dó ar shlí eile, nó ar iontaobhas don leanbh sin, agus go mbeidh méid na híocaíochta sin a dhéanfar nó a ordófar a dhéanamh, nó an modh le méid na híocaíochta sin a ríomh, sonraithe sa chomhshocraíocht chothabhála, go measfar gur chun sochair don leanbh sin agus nach chun sochair d'aon duine eile, a dhéanfar an íocaíocht sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach faoi réir alt 4, maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfaidh páirtí amháin sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, go díreach nó go neamhdhíreach, chun sochair don pháirtí eile sa phósadh—

(a) ní bheidh an duine atá ag déanamh na híocaíochta i dteideal, ar an íocaíocht a dhéanamh, aon suim atá ag freagairt d'aon mhéid cánach ioncaim ar an íocaíocht sin a asbhaint agus a choimeád aisti,

(b) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur brabúis nó gnóchain atá ag eascairt chuig an bpáirtí eile sin sa phósadh an íocaíocht agus muirearófar cáin ioncaim ar an bpáirtí eile sin faoi Chás IV de Sceideal D i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus

(c) beidh an páirtí sa phósadh a dhéanfaidh an íocaíocht, tar éis dó éileamh chuige sin a dhéanamh ar an modh atá forordaithe leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, i dteideal, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, an íocaíocht a asbhaint nuair a bheidh a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an íocaíocht á ríomh aige.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfaidh páirtí sa phósadh lena mbaineann an chomhshocraíocht chothabhála áirithe, go díreach nó go neamhdhíreach, chun sochair d'aon leanbh dá chuid—

(a) ní bheidh an duine atá ag déanamh na híocaíochta i dteideal, ar an íocaíocht a dhéanamh, aon suim atá ag freagairt d'aon mhéid cánach ioncaim ar an íoca íocht sin a asbhaint agus a choimeád aisti,

(b) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, nach ioncam de chuid an linbh an íocaíocht,

(c) déanfar ioncam iomlán an pháirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta, d'aon bhliain mheasúnachta, a ríomh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim amhail is dá mba nach ndearnadh an íocaíocht, agus

(d) chun críocha alt 141 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar gur méid í an íocaíocht a chaith an páirtí sa phósadh atá ag déanamh na híocaíochta ag cothabháil an linbh, agus, d'ainneoin an íocaíocht a bheith déanta leis an bpáirtí eile sa phósadh lena caitheamh faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh agus gur mar sin a chaitear í, measfar chun na gcríoch thuasluaite nach méid í a chaith an páirtí eile sin ag cothabháil an linbh.

(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha ailt 146 agus 149 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hasbhaint faoi fho-alt (2) (c) mar atá feidhm acu maidir le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh faoi ailt 138 go 145 den Acht sin.

(b) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag forálacha mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht sin, maidir le hasbhaint faoi fho-alt (2) (c).

Céilí idirscartha: oiriúnú ar fhorálacha speisialta maidir le daoine pósta.

4. —(1) I gcás ina ndéanfaidh páirtí i bpósadh (is pósadh nach mbeidh scaoilte ná neamhnithe) íocaíocht lena mbaineann alt 3 i mbliain mheasúnachta agus go mbeidh an dá pháirtí sa phósadh ina gcónaí sa Stát don bhliain sin, beidh éifeacht le halt 195 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil leis na páirtithe sa phósadh don bhliain mheasúnachta sin ionann is dá ndéanfaí—

(a) i bhfo-alt (1), “, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí leis an bhfearchéile,” a scriosadh, agus

(b) fo-alt (4) a scriosadh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh na páirtithe i bpósadh, de bhua fho-alt (1), rogha dá bhforáiltear in alt 195 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta dá mbeidh éifeacht leis an rogha—

(a) faoi réir fho-alt (1) agus mhíreanna (b) agus (c), beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim i gcás na bpáirtithe sa phósadh mar atá feidhm acu i gcás fearchéile agus banchéile a mbeidh rogha déanta acu faoin alt sin 195 (1) agus a mbeidh éifeacht lena rogha don bhliain mheasúnachta sin,

(b) déanfar ioncam iomlán nó ioncaim iomlána na bpáirtithe sa phósadh a ríomh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim ionann is dá mba nach ndearnadh aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 3 agus a bheidh déanta sa bhliain mheasúnachta sin ag páirtí amháin sa phósadh chun sochair don pháirtí eile sa phósadh, agus

(c) déanfar cáin ioncaim a mheasúnú, a mhuirearú, agus a ghnóthú ar ioncam iomlán nó ar ioncaim iomlána na bpáirtithe sa phósadh ionann is dá mbeadh iarratas faoi alt 197 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanta ag páirtí amháin díobh agus go mbeadh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain mheasúnachta sin.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

5. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , chun an méid ioncaim a fhionnadh ar ina leith a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin don bhliain 1983-84, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1983-84” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar Chuid IX (forálacha speisialta maidir le bliain an phósta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gCaibidil I (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 195:

“Forálacha speisialta maidir le bliain an phósta.

195A.—(1) San alt seo—

tá le ‘mí cánach ioncaim’ an bhrí a shanntar dó le halt 124;

ciallaíonn ‘bliain an phósta’, i ndáil le fearchéile agus a bhanchéile, an bhliain mheasúnachta inar pósadh iad.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 195 i ndáil le fearchéile agus a bhanchéile do bhliain an phósta.

(3) Más rud é, ar éileamh chuige sin a dhéanamh, go gcruthóidh fearchéile agus a bhanchéile gur mó an méid is ionann agus méid comhiomlán na cánach a bheidh íoctha agus iníoctha ag an bhfearchéile ar a ioncam iomlán do bhliain an phósta agus na cánach a bheidh íoctha agus iníoctha ag a bhanchéile ar a hioncam iomlán do bhliain an phósta ná an cháin ab iníoctha ag an bhfearchéile ar a ioncam iomlán agus ar ioncam iomlán a bhanchéile do bhliain an phósta dá mba rud é—

(a) go ndearnadh é a mhuirearú i leith cánach do bhliain an phósta de réir alt 194, agus

(b) go raibh sé féin agus a bhanchéile pósta ar a chéile ar feadh bhliain an phósta,

beidh siad i dteideal, faoi réir fho-alt (4), aisíoc cánach a fháil a gcinnfear a mhéid de réir na foirmle—

A  ×

B

__

12

i gcás—

arb é A méid na breise thuasluaite, agus

arb é B an uimhir míonna cánach ioncaim sa tréimhse idir an dáta a ndearnadh an pósadh agus deireadh bhliain an phósta, agus déileálfar chun na críche sin le cuid de mhí cánach ioncaim mar mhí cánach ioncaim i gcás gurb é a bheidh sa tréimhse cuid de mhí cánach ioncaim nó mí amháin nó níos mó de mhíonna cánach ioncaim mar aon le cuid de mhí cánach ioncaim.

(4) Déanfar aon aisíoc cánach faoi fho-alt (3) a leithroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile áirithe i gcomhréir leis na méideanna cánach a bheidh íoctha agus iníoctha acu, ag féachaint d'fho-alt (2), ar a n-ioncaim iomlána faoi seach do bhliain an phósta.

(5) Aon éileamh ar aisíoc cánach faoi fhorálacha fho-alt (3) déanfar é i scríbhinn chun an chigire tar éis dheireadh bhliain an phósta agus is iad an fearchéile agus an banchéile áirithe i gcomhpháirt a dhéanfaidh é.

(6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 beidh feidhm acu maidir le haon aisíoc cánach faoin alt seo.

(7) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin don bhliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis.”.

Cuid XX (faoiseamh d'infheisteoirí in urrúis Éireannacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do scor.

7. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le Cuid XX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le haon dáileadh nó íocaíocht úis dá dtagraítear sa Chuid sin agus a dhéanfar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis.

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ), trí “£120” a chur in ionad “£150”, gach áit a bhfuil sé, agus trí “£50” a chur in ionad “£70”,

(b) i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980), trí “£120” a chur in ionad “£150” agus trí “£50” a chur in ionad “£70”, agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “na bainc thráchtála” i bhfo-alt (4):

“ciallaíonn ‘na bainc thráchtála’ Bainc-Aontas Éireann Teoranta, Banc na hÉireann, Banc an Tuaiscirt Teoranta, Banc Uladh Teoranta, Ansbacher agus a Chuideachta, Teoranta, Banc Tráchtála Barclay Teoranta, Mac Aonghusa agus Ó Mathúna Teoranta, Banc Chase (na hÉireann) Teoranta agus Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta;”,

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear “na suimeanna sin” san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin—

(i) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (a), ná £120, nó

(ii) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (b), ná £50:

Ar choinníoll nach mó ná £120 na suimeanna iomlána a ndéanfar neamhshuim díobh amhlaidh:

Ar choinníoll freisin go mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cá mhéid is mó ná £120 nó £50, cibé acu é, na suimeanna sin, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.

Leasú ar Chuid XXVI (achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo Cuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) maidir le hachomhaire i gcoinne measúnachtaí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith—

(i) in alt 416—

(I) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Mura bhfaighfear fógra achomhairc ó dhuine dár tugadh fógra measúnachta beidh an mheasúnacht a rinneadh air ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte.

(b) Mura láithríonn duine, a mbeidh fógra achomhairc i gcoinne measúnachta tugtha aige, os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc san am agus san áit a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht, beidh, faoi réir fho-alt (8), an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht a rinneadh air a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh fógra achomhairc ina leith.

(c) Más rud é, ar achomharc i gcoinne measúnachta a éisteacht—

(i) nach ndéanfar nó nach ndearnadh aon iarratas chun na gCoimisinéirí Achomhairc, roimh éisteacht, nó tráth éisteachta, an achomhairc ag an achomharcóir nó thar a cheann chun na himeachtaí ar an achomharc a chur ar atráth nó go ndéanfar nó go ndearnadh iarratas den sórt sin agus go ndiúltófar nó gur diúltaíodh dó (ach ní dhiúltófar iarratas den sórt sin sula mbeidh tréimhse 9 mí caite ó dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne nó ón dáta a tugadh an fógra measúnachta don achomharcóir, cibé acu is luaithe) agus

(ii) (A) nach mbeidh tuairisceán tugtha ag an achomharcóir ar a ioncam don bhliain mheasúnachta iomchuí, nó

(B) go mbeidh tuairisceán den sórt sin tugtha ach nach mbeidh na ráitis uile i dtaobh brabús agus gnóchan, na sceidil agus an fhianaise eile go léir i ndáil leis an tuairisceán sin tugtha ag an achomharcóir nó tugtha thar a cheann,

déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc ordú chun an t-achomharc i gcoinne na measúnachta a dhíbhe agus air sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nach mbeadh fógra achomhairc tugtha ina leith:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo más rud é, ar an achomharc a éisteacht, gur deimhin leis na Coimisinéirí Achomhairc go bhfuil dóthain faisnéise tugtha ag an achomharcóir nó tugtha thar a cheann chun a chur ar a gcumas an t-achomharc a chinneadh ag an éisteacht sin.”,

(II) i bhfo-alt (7)—

(A) trí “laistigh de 12 mhí tar éis dháta an fhógra measúnachta” a chur isteach i ndiaidh “á iarraidh sin” i mír (a), agus

(B) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) D'ainneoin fhorálacha mhír (a), iarratas a dhéanfar tar éis don am atá sonraithe sa mhír sin a bheith caite agus a ngéillfí dó faoin mír sin (a) murach an t-am sin a bheith caite, féadfar géilleadh dó faoin mír sin más rud é, tráth déanta an iarratais—

(i) go mbeidh tuairisceán ar ioncam, ráitis i dtaobh brabús agus gnóchan agus cibé faisnéis eile curtha faoi bhráid an chigire nó an oifigigh eile is dóigh leis a d'fhágfadh go bhféadfaí an t-achomharc a shocrú trí chomhaontú faoi fho-alt (3), agus

(ii) go mbeidh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, mar aon le haon ús uirthi is inmhuirearaithe faoi fhorálacha alt 550, íoctha.

(e) Más rud é i gcás iarratas d á dtagraítear i mír (d) nach deimhin leis an gcigire nó leis an oifigeach eile gur leor an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid le go bhféadfaí an t-achomharc a shocrú trí chomhaontú faoi fho-alt (3) nó nach mbeidh an cháin agus an t-ús a luaitear i mír (d) (ii) íoctha, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, go bhfuiltear tar éis diúltú dá iarratas.

(f) Laistigh de 15 lá tar éis dáta aon fhógra faoi mhír (e) féadfaidh an t-iarratasóir trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcigire nó ar an oifigeach eile a iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus, i ndáil le hiarratas a tharchuirfear amhlaidh, más rud é—

(i) gur iarratas é a ngéillfí dó faoi mhír (c), murach an tréimhse atá sonraithe i mír (a) a bheith caite, dá mba faoin mír sin (c) a bheadh an t-iarratas tarchurtha chun na gCoimisinéirí Achomhairc,

(ii) tráth an t-iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc, go mbeidh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, mar aon le haon ús uirthi sin is inmhuirearaithe faoi alt 550, íoctha, agus

(iii) gurb amhlaidh don fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an chigire nó an oifigigh eile gur dóigh leis na Coimisinéirí Achomhairc go gcinnfear an t-achomharc ar an gcéad ócáid a dtiocfaidh sé os a gcomhair lena éisteacht,

féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc géilleadh don iarratas.

(g) I gcás go mbeifear, faoi mhír (d) nó (f), tar éis géilleadh d'iarratas i ndáil le hachomharc i gcoinne measúnachta agus go n-éireoidh ró-íocaíocht cánach de bhíthin an t-achomharc a chinneadh, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 30 (4) den Acht Airgeadais, 1976 , maidir leis an méid nó na méideanna is bun leis an ró-íocaíocht.”,

(III) i bhfo-alt (8), trí “mír (b) d'fho-alt (6)” a chur in ionad “fo-alt (6)”,

(IV) trí fho-alt (8A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1968 ) a scriosadh, agus

(V) i bhfo-alt (9), trí “mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncam a mhalairt” i mír (a) a scriosadh,

(ii) in alt 421, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Gach cinneadh a bheidh déanta ag na Coimisinéirí ar achomharc taifeadfaidh siad é san fhoirm fhorordaithe an tráth a dhéanfar an cinneadh agus, laistigh de 10 lá tar éis an chinnidh, cuirfidh na Coimisinéirí an fhoirm sin ar aghaidh chuig an gcigire nó chuig an oifigeach eile.”,

(iii) in alt 428, trí “£20” a chur in ionad “fiche scilling” i bhfo-alt (3),

(iv) in alt 429, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Tráth a bheidh an t-achomharc á ath éisteacht ag an mbreitheamh sin, nó tráth roimhe sin, cuirfidh an cigire nó an t-oifigeach eile ar aghaidh chuig an mbreitheamh an fhoirm fhorordaithe inar taifeadadh cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc ar an achomharc.”,

agus

(v) in alt 430, trí “agus in aon chás a shonróidh breitheamh de bhun an ailt sin 428 leagfar amach na fíorais, cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc agus cinneadh an bhreithimh” a chur isteach i ndiaidh “Achomhairc” i bhfo-alt (1),

agus

(b) maidir le gach éisteacht ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach tar éis dháta an Achta seo a rith ar chás a shonrófar faoi alt 428 nó 430—

(i) in alt 416 (10), trí “agus, más mar sin a theastóidh ón duine arb é a inmhuirireacht i leith cánach is ábhar don chás, is i gcúirt iata a dhéanfar gach éisteacht ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach ar chás a shonrófar faoi alt 428 nó 430” a scriosadh, agus

(ii) trí alt 420 a scriosadh,

agus tá na fo-ailt sin (7)(a), (8), (9)(a), agus (10) d'alt 416, an fo-alt sin (3) d'alt 428 agus an fo-alt sin (1) d'alt 430, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(7)  (a)  Aon fhógra achomhairc nár tugadh laistigh den am a theorainnítear le fo-alt (1) measfar gur tugadh amhlaidh é i gcás ina ndearna an cigire nó cibé oifigeach eile mar a dúradh, ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige á iarraidh sin laistigh de 12 mhí tar éis dháta an fhógra measúnachta agus ar é a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, fógra achomhairc a thabhairt laistigh den am a theorainnítear agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach ina dhiaidh sin, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn gur géilleadh dá iarratas.

(8) I gcás gan duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige a theacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc san am agus san áit a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht ann, ní bheidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (6) más rud é—

(a) go dtiocfaidh duine eile i láthair san am agus san áit sin thar ceann an achomharcóra agus go dtoileoidh na Coimisinéirí Achomhairc éisteacht leis an duine sin, nó

(b) go n-iarchuirfidh na Coimisinéirí Achomhairc an éisteacht ar iarratas chuige sin a bheith déanta chucu i scríbhinn nó ar shlí eile ag an am sin nó roimhe, nó

(c) ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chucu tar éis an ama sin, go n-ordóidh na Coimisinéirí Achomhairc, ar iad a bheith sásta nár théad an t-iarratasóir, mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, teacht i láthair os a gcomhair san am agus san áit sin agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach, go ndéileálfar leis an achomharc mar achomharc nach bhfuil am a éisteachta ceaptha go fóill.

(9)  (a)  I gcás ina mbeifear tar éis caingean a thionscnamh chun cáin a ghnóthú a muirearaíodh trí mheasúnacht is caingean i modh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485, ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) ná ag fo-alt (8) maidir leis an measúnacht sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.

(10) Is i gcúirt iata a bheidh gach athéisteacht achomhairc ag an gCúirt Chuarda faoi alt 429.

(3) Íocfaidh an páirtí a bheidh ag iarraidh an cháis táille £20 le Cléireach na gCoimisinéirí le haghaidh agus i leith an chéanna sula mbeidh teideal aige go sonrófaí an cás.

(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 428 maidir le cinneadh a dhéanfaidh breitheamh de bhun alt 429 sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le cinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc agus in aon chás a shonróidh breitheamh de bhun an ailt sin 428 leagfar amach na fíorais, cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc agus cinneadh an bhreithimh.

Leasú ar alt 496 (aisíoc i leith ús a íocadh le bainc, tithe úis, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Leasaítear leis seo alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )—

(a) trí “an 6ú lá d'Aibreán, 1983” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1980”, agus

(b) trí “£4,000” a chur in ionad “£4,800”, “£2,900” a chur in ionad “£3,500” agus “£2,000” a chur in ionad “£2,400”,

agus tá an fo-alt sin (2A), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2A) I ndáil le haon ús a íocfar i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo in aghaidh aon bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás fearchéile, a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, ar bhreis an úis ar £4,000,

(b) i gcás baintreach fir nó mná, ar bhreis an úis ar £2,900, nó

(c) in aon chás eile, ar bhreis an úis ar £2,000.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta

Brabúis fheirmeoireachta a mhuirearú faoi Sceideal D.

11. —Leasaítear leis seo Cuid I den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

“Brabúis fheirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D.

15.—(1) Measfar gur seoladh trádála nó coda de thrádáil, de réir mar a bheidh, an fheirmeoireacht go léir sa Stát agus déanfar na brabúis nó na gnóchain as an bhfeirmeoireacht sin a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní dá mhalairt i gCaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar gur seoladh aon trádála amháin an fheirmeoireacht go léir a sheolann aon duine go haonraic nó i gcomhpháirtíocht:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo dochar d'oibriú alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó nach gcuirfidh sé srian leis an gcéanna, i gcás ina ndéanfar trádáil chomhpháirtíochta fheirmeoireachta a bhunú agus a thosú nó ina ndéanfar í a dhíscor go buan.”.

Feidhm alt 20A (bonn roghnach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le 1983-84.

12. —Beidh éifeacht le halt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 ionann is dá ndéanfaí—

(a) i mír (a)—

(i) “1983-84” a chur in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé,

(ii) “alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht Airgeadais, 1983 )” a chur in ionad “alt 13 den Acht Airgeadais, 1978 ” i bhfomhír (ii), agus

(iii) “1983” a chur in ionad “1978” i bhfomhír (II),

agus

(b) i mír (b), “1983-84” a chur in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé.

Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic.

13. —Leasaítear leis seo alt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1982 , trí “1982-83 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis” a chur in ionad “1982-83”, agus tá an t-alt sin 13 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é, le linn brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain 1982-83 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) beidh feidhm agus éifeacht le halt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna chur chun feidhme le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976 ) ionann is dá scriosfaí “lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin”,

(b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ),

agus

(c) is é a bheidh i méid na hasbhainte sin, faoi réir fhorálacha fhomhír (i) den alt sin 31 (4) (a), a haon déag de dheichithe de mhéid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin arna ríomh de réir mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo.

Leasú ar alt 307 (faoiseamh i leith caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ):

“(1A) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh feirmeoireacht á seoladh seachas i gcás pearsa aonair a thabhóidh caillteanas i seoladh na feirmeoireachta agus ar duine é nach bhfuil inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta ina dtabhóidh sé an caillteanas.”.

Leasú ar alt 22 (foirgnimh feirme: liúntais chaipitiúla) den Acht Airgeadais, 1974 .

15. —Leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis—

(a) i bhfo-alt (1), trí “alt 15” a chur in ionad “alt 15 (1)”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2B):

“(2B) Más rud é, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, nach mbeidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, dá mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, liúntas foirgneamh feirme a éileamh faoin alt seo ina leith, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha in aghaidh na bliana measúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta dá éis.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Baineann an t-alt seo le haon duine a sheolann feirmeoireacht ar inmhuirearaithe cáin de réir forálacha alt 15 ar na brabúis nó ar na gnóchain uaithi.

Caibidil III

Tobhach Ioncaim

Tobhach ioncaim.

16. —(1) Le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1983, íocfaidh pearsa aonair atá os cionn sé bliana déag d'aois nó íocfar ina leith, faoi réim agus de réir fhorálacha fho-alt (2), tobhach (ar a dtabharfar “tobhach ioncaim”).

(2) Beidh feidhm—

(a) ag ailt 1, 16 go 18, 20 go 23, 25, 26, 27 (2), 28 agus 30 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 (dá ngairtear “an tAcht” san fho-alt seo), agus

(b) ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, 1982 (I.R. Uimh. 84 de 1982), agus ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg (Leasú), 1983 (I.R. Uimh. 52 de 1983) (dá ngairtear “na Rialacháin” san fho-alt seo),

fara na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá, i ndáil le tobhach ioncaim mar atá feidhm acu i ndáil le Tobhach Fostaíochta don Aos Óg—

(i) in alt 1 (1) den Acht, scriosfar an míniú ar “an Ghníomhaireacht”,

(ii) in ailt 16, 17 agus 18 den Acht, déanfar tagairtí do phearsa aonair dá dtagraítear in alt 15 den Acht a fhorléiriú mar thagairtí do phearsa aonair a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo,

(iii) déanfar tagairtí san Acht agus sna Rialacháin (seachas Rialachán 21 de na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, 1982) don Aire Saothair a fhorléiriú mar thagairtí do na Coimisinéirí Ioncaim,

(iv) déanfar tagairtí san Acht agus sna Rialacháin do Thobhach Fostaíochta don Aos Óg a fhorléiriú mar thagairtí do thobhach ioncaim,

(v) déanfar tagairtí san Acht agus sna Rialacháin do bhliain ranníoca a fhorléiriú mar thagairtí don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1983, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1984, agus

(vi) i Rialachán 21 de na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, 1982, déanfar an tagairt don Aire Saothair a fhorléiriú mar thagairt don Ard-Bhailitheoir, agus scriosfar Rialachán 22 de na Rialacháin sin.

Caibidil IV

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

Leasú ar alt 175 (cumhacht chun eolas a fháil i dtaobh ús a íocfar nó a chreidiúnófar gan cáin a asbhaint) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —Chun cosc a chur le himghabháil ó dhliteanas cánach ag daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát—

(a) trí airgead a chur ar taisce le brainsí nó oifigí éagsúla a bhíonn á gcothabháil ag trádáil nó gnó nó i ndáil le trádáil nó gnó a dtagann ús chun bheith iníoctha nó inchreidiúnaithe i leith an airgid sin i ngnáthchúrsa na trádála nó an ghnó sin agus ar trádáil nó gnó é atá á sheoladh ag duine a gceánglaítear air trí fhógra ón gcigire arna thabhairt faoi alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tuairisceán a thabhairt ar an ús a d'íoc nó a chreidiúnaigh sé i leith airgid a fuair sé nó a choimeád sé, nó

(b) trí dhearbhuithe bréagacha faoi fho-alt (4) den alt sin 175 a dhéanamh,

achtaítear leis seo mar a leanas:—

(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 13 den Acht Airgeadais, 1968 , i ndáil le haon tuairisceán ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh dá dtagraítear san alt sin 175, i gcás inar tuairisceán é ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh le linn bliana dar tosach an 10ú lá d'Fheabhra, 1982, nó aon lá dá éis.

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 175, maidir le haon ús a íocfar nó a chreidiúnófar tráth ar bith tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.” i bhfo-alt (4), eadhon, “ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin:

Ar choinníoll:

(i) mura deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra go raibh gnáthchónaí lasmuigh den Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús—

(A) go dtabharfar don duine ar a seirbheáiltear an fógra mionnscríbhinn ón duine a sheirbheáil an fógra ina dtabharfar a ainm agus a sheoladh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(B) mura raibh teideal tairbhiúil chun an úis sin ag an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, go dtabharfar sa mhionnscríbhinn, i dteannta na sonraí a shonraítear i mír (A), ainm agus seoladh an duine a raibh teideal aige amhlaidh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(ii) más deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús agus, má dhearbhaíonn an dara duine sin san fhógra, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, nach raibh teideal tairbhiúil aige chun an úis an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh é, go dtabharfaidh sé, má tá gnáthchónaí sa Stát ar an duine a bhfuil teideal aige amhlaidh (dá ngairtear ‘an t-úinéir tairbhiúil’ anseo ina dhiaidh seo), i gceann amháin de na fógraí thuasluaite, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fho-ailt sin (4):

“(5) Maidir le duine lena mbaineann fo-alt (1)—

(a) coinneoidh sé agus coimeádfaidh sé aon fhógra a sheirbheálfar air de réir fho-alt (4), agus aon mhionnscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an bhfógra, go ceann tréimhse sé bliana ón dáta a seirbheáladh an fógra,

(b) má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim air i scríbhinn déanamh amhlaidh, cuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san iarratas, an ndearna an duine atá ainmnithe san iarratas agus a bhfuil a sheoladh luaite ann, fógra a sheirbheáil air de réir fho-alt (4), agus

(c) má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim air i scríbhinn déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san iarratas, cibé fógra a seirbheáladh air de réir fho-alt (4) agus a bheidh sonraithe san iarratas mar aon leis an mionnscríbhinn a bhí ag gabháil leis an bhfógra sin.”

agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(4) Bainfidh na forálacha roimhe seo den alt seo le hús a íocadh nó a creidiúnaíodh tráth ar bith tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus ní bhainfidh sé ach le hairgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát, agus, i gcás duine ar bith a ndearnadh aon ús a íoc leis nó a chreidiúnú dó maidir le haon airgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús—

(a) á dhearbhú nach raibh an duine a bhí i dteideal tairbhiúil an úis sin tráth a íoctha nó a chreidiúnaithe ina ghnáthchónaí sa Stát an tráth sin, agus

(b) á iarraidh nach n-áireofar an t-ús in aon tuairisceán faoin alt seo,

ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin:

Ar choinníoll:

(i) mura deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra go raibh gnáthchónaí lasmuigh den Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús—

(A) go dtabharfar don duine ar a seirbheáiltear an fógra mionnscríbhinn ón duine a sheirbheáil an fógra ina dtabharfar a ainm agus a sheoladh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(B) mura raibh teideal tairbhiúil chun an úis sin ag an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, go dtabharfar sa mhionnscríbhinn, i dteannta na sonraí a shonraítear i mír (A), ainm agus seoladh an duine a raibh teideal aige amhlaidh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(ii) más deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús agus, má dhearbhaíonn an dara duine sin san fhógra, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, nach raibh teideal tairbhiúil aige chun an úis an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh é go dtabharfaidh sé, má tá gnáthchónaí sa Stát ar an duine a bhfuil teideal aige amhlaidh (dá ngairtear “an t-úinéir tairbhiúil” anseo ina dhiaidh seo), i gceann amháin de na fógraí thuasluaite, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil.

Faisnéis a bheidh le tabhairt ag institiúidí airgeadais.

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “leabhair”—

(a) leabhair baincéirí, de réir bhrí na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus

(b) taifid agus doiciméid de chuid daoine dá dtagraítear in alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “institiúid airgeadais”—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

agus

(b) duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin;

ciallaíonn “breitheamh” breitheamh den Ard-Chúirt;

ciallaíonn “duine” (seachas sa mhíniú ar “institiúid airgeadais”) pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.

(2) Más rud é—

(a) i gcás duine a mbeidh curtha de cheangal air go cuí ag cigire, chun críocha cánach, ráiteas a sheachadadh faoi na brabúis nó na gnóchain a d'eascair chuige ó aon trádáil nó gairm nó tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an gcigire, go mainneoidh sé an ráiteas sin nó an tuairisceán sin a sheachadadh ar an gcigire,

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas nó tuairisceán den sórt sin a seachadadh amhlaidh,

féadfaidh oifigeach údaraithe, más é a thuairim go bhfuil nó go raibh cuntas nó cuntais, nach bhfuil a dtuairisc tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim, ar cothabháil ag an duine sin le hinstitiúid airgeadais nó gur dóigh go mbeidh faisnéis i leabhair na hinstitiúide sin a thabharfadh le fios go bhfuil an ráiteas sin ar bhrabúis nó gnóchain, nó an tuairisceán sin ar ioncam, bréagach ar bhealach ábhartha, ordú a iarraidh ar bhreitheamh á cheangal ar an institiúid airgeadais sin an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don oifigeach údaraithe—

(i) sonraí iomlána faoi na cuntais go léir a bhí á gcothabháil ag an duine sin, go haonraic nó i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, san institiúid sin le linn tréimhse nach faide ná deich mbliana díreach roimh dháta an iarratais, agus

(ii) cibé faisnéis a bheidh sonraithe san ordú i ndáil le hidirbhearta airgeadais an duine sin, ar faisnéis í a bheidh ar taifead i leabhair na hinstitiúide sin agus a bheadh ina faisnéis ábhartha le cinneadh a dhéanamh faoi chruinneas an ráitis ar bhrabúis nó gnóchain nó an tuairisceáin ar ioncam a sheachaid an duine sin, nó, i gcás mainneachtain ráiteas nó tuairisceán den sórt sin a sheachadadh, a bheadh ina fianaise ábhartha chun dliteanas an duine sin i leith cánach a chinneadh.

(3) Más deimhin leis an mbreitheamh a ndéanfar iarratas chuige faoi fho-alt (2) go bhfuil forais réasúnacha ann chun an t-iarratas a dhéanamh, féadfaidh sé, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí agus a shonróidh sé san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an institiúid airgeadais cibé sonraí agus cibé faisnéis a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt don oifigeach údaraithe.

(4) I gcás ina ndéanfaidh breitheamh ordú faoin alt seo, féadfaidh sé freisin, ar iarratas ón oifigeach údaraithe lena mbaineann, ordú eile a dhéanamh do chur cosc go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh an breitheamh is cuí agus a shonróidh sé san ordú le haon aistriú ar aon sócmhainní nó airgead de chuid an duine lena mbaineann an t-ordú agus atá i gcoimeád na hinstitiúide airgeadais an tráth a dhéanfar an t-ordú, nó le haon déileáil sna sócmhainní nó san airgead sin, gan toiliú ón mbreitheamh.

(5) Is i gcúirt iata a éistfear gach iarratas ar ordú faoin alt seo agus aon achomharc i ndáil leis an gcéanna.

Inmhuirearaitheacht brabús nó gnóchan áirithe.

19. —(1) Beidh cáin inmhuirearaithe ar bhrabúis nó gnóchain d'ainneoin gurbh amhlaidh, an tráth a rinneadh measúnacht i leith cánach maidir leis na brabúis nó na gnóchain sin—

(a) nárbh eol don chigire an bunadh ónar eascair na brabúis nó na gnóchain sin,

(b) nárbh eol dó gur eascair na brabúis nó na gnóchain go hiomlán nó go páirteach ó bhunadh dleathach nó ó ghníomhaíocht dhleathach, nó

(c) gur eascair na brabúis nó na gnóchain, agus gurbh eol dó gur eascair siad, ó bhunadh nó gníomhaíocht neamhdhleathach,

agus, nuair a bheidh inmhuirearaitheacht na mbrabús nó na ngnóchan sin i leith cánach á cinneadh déanfar neamhshuim d'aon cheist i dtaobh arbh ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht nach eol nó ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht neamhdhleathach a d'eascair na brabúis nó na gnóchain sin go hiomlán nó go páirteach.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, déanfar aon bhrabúis nó gnóchain ar a muirearófar cáin de bhua fho-alt (1)—

(a) a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) a thuairisciú mar “ioncam ilghnéitheach” sa mheasúnacht áirithe i leith cánach,

agus ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó cúirt an mheasúnacht a urscaoileadh de bhíthin amháin go mba chóir, ar leith ón alt seo, an t-ioncam a thuairisciú ar shlí éigin eile nó de bhíthin amháin gur ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht nach eol nó ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht neamhdhleathach a d'eascair na brabúis nó na gnóchain go hiomlán nó go páirteach.

(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le measúnachtaí i leith cánach arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.

Tuairisceán ar mhaoin.

20. —(1) (a) San alt seo—

folaíonn “sócmhainn” aon leas i sócmhainn;

ciallaíonn “leas teoranta”—

(i) leas (seachas leas léasach) ar feadh saoil nó saolta nó ar feadh tréimhse cinnte; nó

(ii) aon leas eile nach leas iomlán;

ciallaíonn “leanbh mionaoiseach” leanbh nach bhfuil 21 bliain d'aois slánaithe aige ar an dáta sonraithe agus nár phós ar an dáta sin nó roimhe;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, folaíonn sé—

(i) i gcás leas teoranta, an mhaoin ina bhfuil an leas teoranta ar marthain nó ar a muirearaítear nó ar a n-urraítear é nó ar a bhfuil ceart chun é a mhuirearú nó a urrú,

(ii) leas feifeach,

(iii) leas nó scair i gcomhpháirtíocht, i nascthionóntacht nó in eastát duine éagtha,

(iv) stoic nó scaireanna i gcuideachta atá á leachtú,

(v) blianacht, agus

(vi) maoin atá ar áireamh i socraíocht a bhfuil de chumhacht ag an duine lena mbaineann í a chúlghairm;

tá le “socraíocht” an bhrí a shanntar dó le halt 447 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “dáta sonraithe”, i ndáil le fógra faoi fho-alt (2), an dáta atá sonraithe san fhógra;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim.

(b) Chun críocha an ailt seo áireofar ar an gcostas a bhainfidh do dhuine as sócmhainn a fháil—

(i) méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais fhoghabhálacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne nó, i gcás nach bhfuair sé an tsócmhainn, aon chaiteachas a thabhaigh sé ag soláthar na sócmhainne, agus

(ii) méid aon chaiteachais a thabhaigh sé nó a tabhaíodh thar a cheann ar an tsócmhainn chun luach na sócmhainne a mhéadú, is caiteachas a bhí le brath i staid nó i nádúr na sócmhainne ar an dáta sonraithe agus aon chaiteachas a thabhaigh sé ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti.

(2) Más rud é go seachadfaidh duine, chun críocha cánach, tuairisceán ar ioncam ar chigire agus nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán sin ar ioncam, féadfaidh an cigire—

(a) a cheangal ar an duine sin, le fógra i scríbhinn a thabharfar dó, agus

(b) i gcás ina n-áirítear, don bhliain mheasúnachta lena mbaineann an tuairisceán ar ioncam, go bhfuil an duine sin agus a chéile ina gcónaí le chéile chun críche alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cheangal ar a chéile, le fógra i scríbhinn a thabharfar don chéile,

tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh ar an gcigire, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse de bhreis air sin a cheadóidh an cigire, ar mhaoin is maoin iomchuí i ndáil leis an bhfógra sin ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra agus déanfaidh an duine sin nó a chéile, má cheanglaíonn an cigire air nó uirthi le fógra nó fógraí eile i scríbhinn, ráiteas ag fíorú an tuairisceáin sin ar ioncam, mar aon le cibé fianaise, ráiteas nó doiciméid a iarrfaidh an cigire i ndáil leis an maoin sin nó i ndáil le haon mhaoin a bhfuil cúis ag an gcigire lena chreidiúint gur cuid den mhaoin iomchuí í, a sheachadadh ar an gcigire laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra nó sna fógraí eile sin.

(3) (a) Ciallaíonn maoin iomchuí i ndáil le fógra faoi fho-alt (2), más rud é, maidir leis an duine dá dtabharfar an fógra—

(i) gur pearsa aonair é agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam a bhfuil cáin inmhuirearaithe air ina leith seachas i gcáil ionadaitheach nó mar iontaobhaí, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair sin chuici ar an dáta sonraithe,

(ii) gurb eisean céile na pearsan aonair a sheachaid an tuairisceán ar ioncam, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcéile sin chuici ar an dáta sonraithe,

(iii) gur duine é is inmhuirearaithe i leith cánach i gcáil ionadaitheach agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam duine a bhfuil sé inmhuirearaithe amhlaidh ina leith, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an dara duine sin a luaitear chuici agus ar maoin í as a dtagann ioncam a bhfuil an chéad duine sin a luaitear inmhuirearaithe i leith cánach i gcáil ionadaitheach ina leith nó ar maoin í a bhfeidhmíonn an chéad duine sin a luaitear feidhmeanna nó dualgais i ndáil léi sa cháil sin ar an dáta sonraithe, agus

(iv) gur duine é is inmhuirearaithe mar iontaobhaí iontaobhais agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam de chuid an iontaobhais, an mhaoin go léir san iontaobhas ar an dáta sonraithe.

(b) Déanfar maoin a bhfuil teideal tairbhiúil chuici ag leanbh mionaoiseach de chuid pearsan aonair dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a) a áireamh ar thuairisceán na pearsan aonair sin faoin alt seo i gcás—

(i) inar dhiúscair an phearsa aonair sin an mhaoin sin, tráth ar bith sula bhfuair an leanbh mionaoiseach í cibé acu is chuig an leanbh mionaoiseach, nó nach chuige, a diúscraíodh í, nó

(ii) inarbh é an phearsa aonair sin a sholáthair, go díreach nó go neamhdhíreach, an chomaoin i leith an leanbh mionaoiseach d'fháil na maoine sin.

(4) (a) I dtuairisceán faoin alt seo beidh sonraí na maoine iomchuí, ar a n-áireofar, i ndáil le gach sócmhainn a bheidh ar áireamh inti—

(i) tuairisc iomlán,

(ii) a suíomh ar an dáta iomchuí,

(iii) an costas a bhain don duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chuici as í a fháil,

(iv) dáta na fála, agus

(v) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí a fuarthas í, ainm agus seoladh an duine óna bhfuarthas í agus an chomaoin, más ann, a tugadh don duine sin i leith na fála.

(b) I dtuairisceán faoin alt seo beidh, i gcás leas nach leas iomlán, sonraí an teidil faoinar eascair an teidlíocht thairbhiúil.

(c) Beidh tuairisceán faoin alt seo sínithe ag an duine a mbeidh sé le seachadadh aige agus beidh dearbhú ann ón duine sin go bhfuil an tuairisceán cruinn iomlán, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé.

(d) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal gur faoi mhionn a dhéanfar an dearbhú a luaitear i mír (c).

(5) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 20” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

Tuairisceán ó shealbhóirí ainmnitheacha urrús.

21. —(1) Más rud é, chun aon chríche de na hAchtanna Cánach, i gcás aon duine a bhfuil aon urrúis cláraithe ina ainm, go gceanglófar air, le fógra i scríbhinn a thabharfaidh cigire dó, déanamh amhlaidh, beidh air, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, a rá an é uinéir tairbhiúil na n-urrús é nó nach é agus, murab é úinéir tairbhiúil na n-urrús nó aon choda díobh é, soláthróidh sé, maidir le gach duine ar thar a cheann atá na hurrúis cláraithe ina ainm siúd—

(a) ainm agus seoladh an duine sin,

(b) luach ainmniúil na n-urrús atá cláraithe amhlaidh thar ceann an duine agus, sa mhéid gur scaireanna i gcuideachta na hurrúis, uimhir agus aicme na scaireanna sin, agus

(c) an dáta ar ar cláraíodh gach urrús amhlaidh ina ainm thar ceann an duine.

(2) San alt seo folaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir agus stoc bintiúir de chuid cuideachta (de réir bhrí alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) agus freisin aon nóta gealltanais nó ionstraim eile is fianú ar fhéichiúnas agus a eisíodh chuig creidiúnaí iasachta (de réir bhrí alt 103 (7) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) de chuid cuideachta,

(b) urrúis arna mbunú agus arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais faoin Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , nó faoi aon chumhachtaí eile faoina gcuirtear sin ar a chumas, agus aon stoc, bintiúr, stoc bintiúir, deimhniú muirir nó urrús eile arna eisiúint le ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt faoi aon Acht den Oireachtas agus a bhfuil íoc úis agus aisíoc caipitil ina leith ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin Acht sin, agus

(c) urrúis de chuid rialtas aon tíre nó críche lasmuigh den Stát.

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 21” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

Oibleagáid uimhir thagartha cánach a thaispeáint ar admhálacha, etc.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gnó”—

(a) gairm, nó

(b) trádáil arb éard í go hiomlán soláthar (focal a bhfuil an bhrí chéanna leis sa mhír seo atá leis sna hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1983) seirbhíse agus folaíonn sé, i gcás trádáil ar cuid di seirbhís a sholáthar, an chuid sin agus folaíonn sé freisin, i gcás trádáil arb éard í go hiomlán nó ar cuid di soláthar seirbhíse ina ndéantar earraí a sholáthar nuair atáthar ag soláthar na seirbhíse sin, an trádáil sin nó an chuid sin, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “duine sonraithe”, i ndáil le gnó—

(a) i gcás an gnó sin a bheith á sheoladh ag pearsa aonair, an phearsa aonair sin, agus

(b) i gcás an gnó a bheith á sheoladh ag comhpháirtíocht, an comhpháirtí tosaíochta;

ciallaíonn “uimhir thagartha cánach”, i ndáil le duine sonraithe, gach uimhir díobh seo a leanas:

(a) an Uimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh (IÁS) atá luaite ar aon deimhniú liúntas saor ó cháin a eiseoidh cigire chuig an duine sin, ach nach deimhniú a eiseofar chuig fostóir i leith fostaí de chuid an fhostóra sin,

(b) an uimhir thagartha atá luaite ar aon fhoirm thuairisceán ioncaim nó fógra measúnachta a eiseoidh cigire chuig an duine sin, agus

(c) uimhir chláraithe an duine sin chun críocha cánach breisluacha.

(2) Áiritheoidh an duine sonraithe i ndáil le gnó go mbeidh a uimhir thagartha cánach nó, má tá níos mó ná uimhir thagartha cánach amháin aige, ceann dá uimhreacha tagartha cánach nó, mura bhfuil aon uimhir thagartha cánach aige, a ainmneacha iomlána agus a sheoladh, luaite ar aon doiciméad (is sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, ráiteas cuntais, dearbhán nó meastachán a bhaineann le suim £5 nó níos mó) a eiseofar an lú lá de Mheán Fómhair, 1983, nó aon lá dá éis, i gcúrsa an ghnó sin.

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 22” a chur isteach i gcolún (3) den Sceideal sin.

Ainmneacha mainnitheoirí cánach a fhoilsiú.

23. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(e) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa agus le bainistí na dleachta sin, agus

(f) Cuid VI,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le gach bliain (arb í an bhliain 1984 nó bliain dá éis sin í), liosta a thiomsú d'ainmneacha agus seoltaí agus de shlite beatha nó tuairiscí gach duine—

(a) ar ar ghearr cúirt fíneáil nó pionós eile faoi aon cheann de na hAchtanna i gcaitheamh na bliana sin,

(b) ar ar ghearr cúirt fineáil nó pionós eile thairis sin i gcaitheamh na bliana sin i leith gníomh nó neamhghníomh ag an duine i ndáil le cáin, nó

(c) ar staon na Coimisinéirí Ioncaim ina chás, de bhun chomhaontú a rinneadh leis an duine an bhliain sin, ó imeachtaí a thionscnamh chun aon fhíneáil nó pionós den chineál a luaitear i míreanna (a) agus (b) a ghnóthú agus, in ionad imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, gur ghlac siad, nó gur gheall siad go nglacfadh siad, le suim shonraithe airgid mar shocraíocht ar aon éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim i leith aon dliteanas sonraithe de chuid an duine faoi aon cheann de na hAchtanna maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) aon cháin a íoc,

(ii) ús ar an gcáin sin a íoc, agus

(iii) fíneáil nó pionós airgeadaíochta eile ina leith sin.

(3) D'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu leis na hAchtanna nó leis an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963

(a) áireoidh na Coimisinéirí Ioncaim sa tuarascáil bhliantúil uathu don Aire Airgeadais, ag tosú leis an tuarascáil don bhliain 1984, an liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) don bhliain lena mbaineann an tuarascáil, agus

(a) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, a chur faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(4) Níl feidhm ag mír (c) d'fho-alt (2) i ndáil le duine más rud é i gcás an duine sin—

(a) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna an duine sin, sular chuir siad féin nó aon duine dá n-oifigigh tús le haon imscrúdú nó fiosrúchán faoi aon ábhar ba bhun le dliteanas dá dtagraítear sa mhír sin ar thaobh an duine sin, faisnéis iomlán i ndáil leis an ábhar sin agus sonraí iomlána ina thaobh a sholáthar dóibh go deonach, nó

(b) nach mó ná £10,000 an tsuim shonraithe dá dtagraítear sa mhír sin (c) nó gur íocadh í an 31ú lá de Nollaig, 1983, nó aon lá roimhe sin.

(5) Maidir le haon liosta den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) sonrófar ann i ndáil le gach duine a bheidh ainmnithe sa liosta cibé sonraí is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) i dtaobh an ábhair ba bhun leis an bhfíneáil nó leis an bpionós den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a gearradh ar an duine nó, de réir mar a bheidh, an dliteanas den chineál sin a raibh an duine faoina réir, agus

(b) i dtaobh aon ús, fíneáil nó pionós airgeadaíochta eile, agus i dtaobh aon phionós nó smachtbhanna eile, ab inchurtha ar an duine sin, nó a ghearr cúirt air, agus arbh é an t-ábhar sin ba bhun leis.

(6) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin chorparáide, cáin bhreisluacha, cáin bhronntanais, cáin oidhreachta, cáin mhaoine cónaithe agus dleacht stampa.

Caibidil V

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 58 (íocaíochtaí le hiontaobhaithe a asbhaint de réir Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1982 .

24. —Leasaítear leis seo alt 58 (1) den Acht Airgeadais, 1982 , le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1982—

(a) trí “nó, i gcás grúp-scéim, ag cuideachta rannpháirteach” a chur isteach i ndiaidh “ag an gcuideachta lena mbaineann”, agus

(b) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an choinníll:

“Ar choinníoll freisin nach mó an asbhaint a bheidh le lamháil faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach i leith aon suime nó comhiomlán aon suimeanna a caitheadh amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta sin ná cibé suim is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith réasúnach ag féachaint do líon na bhfostaithe nó na stiúrthóiri de chuid na cuideachta a bheidh ag déanamh na híocaíochta a bhfuil comhaontaithe acu bheith rannpháirteach sa scéim, do na seirbhísí a thugann siad don chuideachta sin, do leibhéil a gcuid luach saothair, d'fhad a gcuid seirbhíse nó do thosca eile dá samhail.”,

agus tá an chuid sin den alt sin 58 (1), arna leasú amhlaidh, a thagann roimh mhír (a) den alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

58.—(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, aon suim a bheidh caite ag an gcuideachta lena mbaineann nó, i gcás grúp-scéim, ag cuideachta rannpháirteach sa tréimhse chuntasaíochta sin ag déanamh íocaíochta nó íocaíochtaí le hiontaobhaithe scéime ceadaithe—

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le srianú faoisimh i leith úis.

25. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), beidh feidhm ag na príomh-ailt—

(i) i ndáil le hiasacht nó iasachtaí a tugadh tar éis an dáta feidhme ach sin ar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá roimhe, maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht nó na hiasachtaí sin an 5ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá roimhe, agus

(ii) i ndáil le hiasacht nó iasachtaí a tugadh tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht nó na hiasachtaí sin an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá roimhe,

a mhéid nach mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta méid na hiasachta nó méid comhiomlán na n-iasachtaí ar ar íocadh nó ar arb iníoctha an t-ús sin i mbliain mheasúnachta agus, más mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta an méid sin nó an méid comhiomlán sin ar ar íocadh nó ar arb iníoctha ús ar an iasacht nó ar na hiasachtaí, ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt ach amháin maidir le cibé riar den ús sin a bhfuil idir é agus iomlán an úis sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den mhéid sin nó den mhéid comhiomlán sin nach mó ná an teorainn shonraithe agus iomlán an mhéid sin nó an mhéid chomhiomláin sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,000,

(ii) i gcás baintreach fir nó mná, £3,600, nó

(iii) in aon chás eile, £2,500.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) I ndáil—

(a) le hús iomchuí a íocfar an 5ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá roimhe, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an dáta feidhme ach sin ar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá roimhe,

(b) le hús iomchuí a íocfar an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá roimhe, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983,

(c) le hús—

(i) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983,

(ii) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tráth ar bith,

(iii) a íocfar tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin,

(iv) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme, agus

(d) le hús ar rótharraingt dá dtagraítear i mír (c) (iv) i gcás ar sa bhliain dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1983, a bheidh an t-ús sin íoctha, sa mhéid gur mó méid an úis ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh inmhuirearaithe ús ar an méid sin ar an dáta feidhme,

beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (6)—

‘(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar le hús mar mhuirear ar ioncam.’.”.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

26. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1983” a chur in ionad “1982” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ag us

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1983-84” a chur in ionad “1982-83” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1983” a chur in ionad “1982” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1983-84.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1983, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ag us

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis:

(3) (a) Faoi réir mhír (c), baineann an fo-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta is déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1982, agus is luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1983, le háireamh, ar leith ó mhír (b), mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 .

(b) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, ní áireofar méid lena mbaineann an fo-alt seo i ndáil le cuideachta mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a) ach áireofar é mar fháltas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta is túisce de chuid na cuideachta dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le trádáil cuideachta i gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 31A i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983.

(4) (a) Faoi réir mhír (c), baineann an fo-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta is déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1982, agus is luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1983, le háireamh, ar leith ó mhír (b), mar fháltas trádála de chuid thrádáil duine don tréimhse chuntasaíochta sin de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 .

(b) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, ní áireofar méid lena mbaineann an fo-alt seo i ndáil le duine mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine don tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a) ach áireofar é mar fháltas trádála de chuid na trádála sin don chéad tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le trádáil i gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 12 i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a).

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le 1983-84.

27. —(1) Beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1983-84 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 1981-82—

(a) maidir le haon chumann foirgníochta a thabharfaidh do na Coimisinéirí Ioncaim, ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1983, nó aon lá roimhe, gealltanas i scríbhinn go gcomhoibreoidh sé go hiomlán leis na Coimisinéirí sin in aon scéim dá gcuid chun an ráta laghdaithe dá dtagraítear i mír (a) d'alt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 a chinneadh (ag féachaint don oibleagáid a fhorchuirtear ar na Coimisinéirí sin leis an gcoinníoll a ghabhann leis an alt sin 31 (1)), agus go háirithe, go soláthróidh sé do na Coimisinéirí sin cibé tuairisceáin, faisnéis agus sonraí eile a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá chun críocha an chinnidh sin, agus

(b) maidir le haon chumann foirgníochta eile, faoi réir an mhodhnaithe maidir leis an ráta laghdaithe sin, arb é a bheadh ann don bhliain 1983-84, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an bhfo-alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, gurb é a bheidh ann, don bhliain sin, 75 faoin gcéad den ráta caighdeánach.

(2) San alt seo tá le “cumann foirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

Dáiltí: méadú ar chreidmheasanna cánach, etc.

28. —(1) Ní bheidh éifeacht le halt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis.

(2) Beidh éifeacht le halt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le dáiltí a gheofar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ionann is dá mba rud é nár achtaíodh alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1978 .

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, agus a mbeidh feidhm ag alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis.

(b) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978 , maidir le dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar B i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí lena mbaineann an t-alt sin 64 agus—

(i) a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo,

agus

(ii) a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983,

mar thagairt do dhaichead a naoi de thríocha naoithe de na creidmheasanna cánach sin.

Feidhm alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 .

29. —(1) Leasaítear leis seo alt 23 (dá ngairtear “an príomh-alt” ina dhiaidh seo san alt seo agus in alt 30) den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1987” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;

(2) Chun críocha faoisimh faoin bpríomh-alt i leith caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht leis an míniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairt do 90 méadar cearnach an tagairt ann do 75 mhéadar chearnacha:

Ar choinníoll nach áitreabh cáilitheach de bhua an fho-ailt seo teach (is árasán nó teaghasán den chineál a luaitear sa mhíniú) ar mó ná 75 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán mura mbeidh trí sheomra codlata nó níos mó ann; agus, chun críocha an choinníll seo, ciallaíonn “seomra codlata” seomra a mbeidh deimhnithe ag an Aire Comhshaoil ina leith—

(a) go bhfuil sé deartha agus foirgnithe lena úsáid mar sheomra codlata, agus

(b) go bhfuil sé oiriúnach lena úsáid amhlaidh.

(3) Más rud é, de bhua fho-alt (2) den phríomh-alt, go mbeidh aon chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo le cur i gcuntas d'aon tréimhse inmhuirearaithe le linn easnamh i leith aon chíosa ó áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh faoi alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, d'ainneoin an fho-ailt sin (2), ní chuirfear i gcuntas amhlaidh ach an méid sin den chaiteachas sin nach mó ná méid an chíosa sin agus beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin i ndáil le haon anbharr atá ag an gcaiteachas sin ar mhéid an chíosa sin (dá ngairtear “anbharr caiteachais” ina dhiaidh seo san alt seo).

(4) Más rud é, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (3), go mbeidh méid éigin d'anbharr caiteachais ann, áireofar an méid sin, chun críocha fho-alt (2) den phríomh-alt agus fho-alt (3) den alt seo (lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo) ionann is dá mba chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo é a bheidh, de bhua an fho-ailt sin (2), le cur i gcuntas don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile ina dhiaidh sin le linn barrachas nó easnamh i ndáil le haon chíos ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh faoi alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Más rud é, faoin gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den phríomh-alt, go mbeidh aon laghdú le déanamh ar chaiteachas atá le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ach gur tabhaíodh cuid de an 31ú lá de Mhárta, 1984, nó aon lá roimhe, agus cuid de tar éis an dáta sin, déanfar méid an laghdaithe sin a chionroinnt ar an gcuid sin den tréimhse cháilitheach a bhí ann ar an dáta sin nó aon lá roimhe agus ar an gcuid sin den tréimhse cháilitheach a bhí ann tar éis an dáta sin de réir na méideanna faoi seach den chaiteachas a áirítear mar chaiteachas a tabhaíodh sna codanna sin.

(6) Más rud é, faoi fho-alt (6) nó (7) den phríomh-alt, nó faoi cheachtar de na fo-ailt sin arna chur chun feidhme le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , go n-áirítear duine mar dhuine a thabhaigh caiteachas (dá ngairtear “an chéad chaiteachas a luaitear” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú tí agus go bhfuil méid éigin den chaiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú nó ag athchóiriú an tí sin le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ach gur tabhaíodh cuid de an 31ú lá de Mhárta, 1984, nó aon lá roimhe, agus cuid de tar éis an dáta sin, áireofar an chéad chaiteachas a luaitear mar chaiteachas a tabhaíodh go páirteach ar an dáta sin nó aon lá roimhe agus go páirteach tar éis an dáta sin sna comhréireanna céanna ina raibh méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír sa tréimhse cháilitheach le háireamh amhlaidh.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe”—

(i) i gcás ina bhfuil cáin ioncaim inmhuirearaithe ar aon chíos, bliain mheasúnachta, agus

(ii) i gcás ina bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar aon chíos, tréimhse chuntasaíochta;

ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas a thabhófar sa tréimhse (dá ngairtear “an chéad tréimhse a luaitear” ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, ag foirgniú áitreabh cáilitheach; agus d'fhonn a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa chéad tréimhse a luaitear, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don chéad tréimhse a luaitear na tagairtí i bhfomhír (i) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(b) Déanfar an t-alt seo agus alt 30 a fhorléiriú le chéile leis an bpríomh-alt.

Feidhm alt 24 (forálacha d'fhorlíonadh alt 23) den Acht Airgeadais, 1981 .

30. —(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 29, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo mar atá feidhm acu maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas a thabhófar sa tréimhse (dá ngairtear “an chéad tréimhse a luaitear” ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú; agus d'fhonn a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa chéad tréimhse a luaitear, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don chéad tréimhse a luaitear na tagairtí i bhfomhír (1) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.

Caibidil VI

Cáin Chorparáide

Buanú ar fhaoiseamh maidir le méadú ar fhostaíocht.

31. —Beidh éifeacht le Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 , maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta atá laistigh den bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1984, mar atá éifeacht léi maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta atá laistigh den bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) in alt 43 den Acht sin, cuirfear “1984” in ionad “1983” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”,

(b) in ailt 44 agus 45 den Acht sin, cuirfear “1983” in ionad “1982” gach áit a bhfuil sé, agus

(c) in alt 46 den Acht sin, cuirfear “1982” in ionad “1981”.

Brabúis Bhord Gáis Éireann a bheith díolmhaithe ó ch áin chorparáide.

32. —D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh brabúis a eascróidh chuig Bord Gáis Éireann in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1982, díolmhaithe ó cháin chorparáide.

Leasú ar alt 56 (onnmhairiú earraí áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

33. —Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon táirge muiceola a dhíol (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a dhíolfar é), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Coimisiún” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an Coimisiún’ an Coimisiún Muc agus Bagúin nó an Coimisiún Muc agus Bagúin Teoranta, de réir mar a bheidh;”.

Leathnú ar idirbhearta díolmhaithe i ndáil le cumainn talmhaíochta.

34. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1978 , trí “seirbhísí a sholáthraítear i gcúrsa pórú, clárú agus díol beostoic fholaíochta fheirme a chur chun cinn” a chur isteach i mír 2 de Chuid I roimh “péarslaí a scriosadh”.

Leasú ar alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe, etc.) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

35. —Leasaítear leis seo alt 98 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Chun críocha an ailt seo agus i ndáil le haon iasacht a thabharfar nó airleacan a dhéanfar an 23ú lá de Bhealtaine, 1983, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 94 (1) ionann is dá ndéanfaí an tagairt i mír (b) do chumann tionscail agus coigiltis cláraithe a scriosadh.”.

Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

36. —Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) (a) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta, a mbeidh ceangailte uirthi go cuí tuairisceán faoin alt seo a sheachadadh, mainneachtain an tuairisceán a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán a bheidh seachadta ag aon chuideachta den sórt sin, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta sin á cheangal uirthi aon ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(i) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) de chuid na cuideachta a bheidh sonraithe nó a mbeidh tuairisc orthu san fhógra a sheachadadh ar an gcigire nó ar an oifigeach údaraithe laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe ann, lena n-áirítear, i gcás iniúchadh a bheith déanta ar na cuntais, cóip de dheimhniú an iniúchóra;

(ii) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid go léir a bheidh i seilbh na cuideachta nó faoina cumhacht aici agus a bheidh sonraithe nó a mbeidh tuairisc orthu san fhógra a chur ar fáil, laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach údaraithe, ar leabhair, cuntais agus doiciméid iad a bhfuil faisnéis maidir le brabúis, sócmhainní nó dliteanais na cuideachta iontu.

(b) Féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach údaraithe cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil dó lena n-iniúchadh faoin bhfo-alt seo nó féadfaidh sé sleachta a thógáil astu.

(c) An tagairt i bhfo-alt (8) (a) do thuairisceán a sheachadadh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do dhéanamh aon ní a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a) den fho-alt seo.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 146 (achomhairc) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

37. —Leasaítear leis seo alt 146 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag forálacha Chuid XXVI (Achomhairc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim agus, dá réir sin, sna forálacha sin—

(a) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim tagairt do cháin chorparáide,

(b) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do bhliain mheasúnachta tagairt do thréimhse chuntasaíochta,

(c) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do thuairisceán ar ioncam tagairt do thuairisceán faoi alt 143, agus

(d) is tuigthe go bhfolaíonn aon tagairt do na hAchtanna Cánach Ioncaim tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide.”.

Caibidil VII

Luathcháin Chorparáide

Dliteanas maidir le luathcháin chorparáide.

38. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chaibidil seo, i gcás ina ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, dlífidh sí cáin chorparáide (dá ngairfear “luathcháin chorparáide”) a íoc de réir na Caibidle seo agus, faoi réir alt 41, is é a bheidh san íocaíocht sin, cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte faighteoir an dáilte nó nach ea, méid is ionann agus méid an chreidmheasa cánach a bhfuil faighteoir, ar duine den sórt sin é, ina theideal i leith an dáilte sin.

Luathcháin chorparáide a fhritháireamh.

39. —(1) Déanfar luathcháin chorparáide a d'íoc cuideachta (agus nach mbeidh aisíoctha) i ndáil le haon dáileadh a rinne sí i dtréimhse chuntasaíochta a fhritháireamh, a mhéid is féidir, in aghaidh a dliteanas cánach corparáide ar aon ioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta sin agus urscaoilfear dá réir sin méid comhréireach den dliteanas sin.

(2) Más rud é, i gcás aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go mbeidh méid barrachais ann de luathcháin chorparáide (is é sin le rá, luathcháin chorparáide nach féidir a fhritháireamh in aghaidh dhliteanas cánach corparáide na cuideachta don tréimhse sin mar gheall ar easpa nó easnamh san ioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse nó mar gheall ar aon fhaoiseamh ón méid, nó aon laghdú ar an méid, cánach corparáide a muirearaíodh ar an ioncam sin don tréimhse), féadfaidh an chuideachta, laistigh de dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse sin, a éileamh go ndéanfar an méid sin go léir nó aon chuid de a áireamh chun críocha an ailt seo (ach ní chun aon fheidhmiú breise a dhéanamh ar an bhfo-alt seo) ionann is dá mba luathcháin chorparáide é a íocadh i leith dáiltí a rinne an chuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta dá cuid dar chríoch tráth ar bith sa tréimhse dhá mhí dhéag díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta sin (ach amháin sa chaoi go ndéanfar an méid is ábhar don éileamh a fhritháireamh, a mhéid is féidir, in aghaidh dhliteanas na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta is neasa i dtosaíocht ar thréimhse chuntasaíochta is cianda) agus is dá réir sin a aisíocfar cáin chorparáide, a mhéid a éileofar sin.

(3) Más rud é, i gcás aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go mbeidh méid barrachais ann de luathcháin chorparáide nach mbeifear tar éis déileáil leis faoi fho-alt (2), áireofar an méid sin chun críocha an ailt seo (lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo) ionann is dá mba luathcháin chorparáide é a íocadh i leith dáiltí a rinne an chuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile.

(4) Chun críocha an ailt seo is é ioncam cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta a hioncam don tréimhse sin mar a mhínítear sin in alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt sin.

(5) Chun críocha an ailt seo féadfar le fógra faoi alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a cheangal go mbeidh i dtuairisceán a bheidh le seachadadh ag cuideachta faoin alt sin 143 sonraí maidir le haon bharrachas de luathcháin chorparáide a tugadh ar aghaidh i ndáil leis an gcuideachta sin faoi fho-alt (3).

(6) Beidh éifeacht leis an alt seo faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den Chaibidil seo.

Ceartú ar fhritháireamh iomarcach luathchánach corparáide.

40. —Má fhaigheann cigire amach, maidir le haon fhritháireamh luathchánach corparáide a rinneadh faoi alt 39, nár chóir é a dhéanamh, nó go bhfuil sé iomarcach nó éirithe iomarcach, féadfaidh an cigire aon mheasúnachtaí a dhéanamh is dóigh leis is gá chun aon cháin ba chóir a bheith íoctha a ghnóthú agus chun a áirithiú i gcoitinne gurb é a bheidh i ndliteanais chánach na ndaoine iomchuí dá thoradh sin (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) na dliteanais chánach a bheadh orthu dá mba rud é nach ndearnadh ach na fritháirimh sin ba chóir a bheith déanta.

Luathcháin chorparáide a ríomh i gcás cuideachta d'fháil dáiltí.

41. —(1) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go bhfaighidh cuideachta dáileadh, ní dhlífidh an chuideachta luathcháin chorparáide a íoc i leith dáiltí a rinne sí sa tréimhse sin murar mó méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith na ndáiltí a rinne sí sa tréimhse ná méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith na ndáiltí a fuair sí sa tréimhse.

(2) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go mbeidh anbharr ann den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1), is é a bheidh i méid na luathchánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta i leith dáiltí a rinne sí sa tréimhse sin méid is ionann agus an t-anbharr.

(3) Más mó méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith dáiltí a fuair cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta ná a gcomhshuim seo a leanas, eadhon—

(a) méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach (más ann) i leith dáiltí a rinne sí sa tréimhse sin, agus

(b) méid aon íocaíochta leis an gcuideachta, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide, de na creidmheasanna cánach i leith dáiltí a fuair sí sa tréimhse sin,

tabharfar an t-anbharr ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse chuntasaíochta eile agus chun críocha an ailt seo (lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo) áireofar é mar chreidmheas cánach i leith dáileadh a fuair an chuideachta sa tréimhse sin.

(4) Má fhaigheann cigire amach gurb amhlaidh, toisc gur íocadh an creidmheas cánach le cuideachta i leith dáileadh a fuair sí nó ar chúis ar bith eile, go bhfuil an méid a tugadh ar aghaidh faoi fho-alt (3) go dtí tréimhse chuntasaíochta (agus a áiríodh mar chreidmheas cánach i leith dáileadh a fuair an chuideachta sa tréimhse sin) iomarcach nó éirithe iomarcach, féadfaidh an cigire aon mheasúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile do mhéid na luathchánach corparáide (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) is iníoctha ag an gcuideachta i leith dáiltí a rinne sí sa tréimhse sin agus an méid ab iníoctha aici dá mba rud é nach ndearnadh ach cibé méid a thabhairt ar aghaidh a ba chóir a bheith tugtha ar aghaidh.

(5) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo ní fholaíonn tagairtí do dháileadh nó dáiltí do dháileadh nó dáiltí—

(a) a rinneadh roimh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó

(b) a áirítear, faoi aon fhoráil den Chaibidil seo, mar dháileadh nó mar dháiltí nach dáileadh nó dáiltí chun críocha an ailt seo.

Creidmheas cánach arna ghnóthú ó chuideachta.

42. —(1) Más rud é, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide, go bhfaighidh cuidéachta íocaíocht chreidmheasa cánach i leith dáileadh a fuair sí an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, agus go ndéanfar an creidmheas cánach sin nó aon chuid de a ghnóthú ina dhiaidh sin ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D, ansin, chun críocha alt 41, áireofar méid an chreidmheasa cánach a gnóthaíodh amhlaidh ionann is dá mba chreidmheas cánach é i leith dáileadh a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéanfar an méid a ghnóthú amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le creidmheas cánach i leith dáileadh a áirítear, de bhua alt 49, mar dháileadh nach dáileadh chun críocha alt 41.

Srian maidir le creidmheas cánach a íoc.

43. —(1) Más rud é—

(a) de bhua alt 41 gur lú méid na luathchánach corparáide is iníoctha ag cuideachta i leith dáiltí a rinne sí i dtréimhse chuntasaíochta ná méid na luathchánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta i leith na ndáiltí sin dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt sin, agus

(b) (i) nach ndéanfar aon mhéid a áireamh faoi alt 41 (3) mar chreidmheas cánach i leith dáileadh a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, nó

(ii) gur mó méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith dáiltí a rinne an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ná an méid a áirítear amhlaidh faoi alt 41 (3),

ansin, beidh méid éigin de na creidmheasanna cánach i leith dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta nach mbeidh ar fáil lena íoc leis an gcuideachta faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide, agus is é an méid nach mbeidh ar fáil amhlaidh méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta nó, más lú. ná sin é, méid a chinnfear de réir na foirmle

A-B

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i leith dáiltí a rinne an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus

arb é B an méid (más ann) a áirítear amhlaidh faoi alt 41 (3).

(2) Chun críocha fho-alt (1) ní chuirfear i gcuntas aon dáileadh a rinneadh roimh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, ná aon dáileadh a áirítear mar dháileadh nach dáileadh chun críocha alt 38 nó 41 faoi aon fhoráil den Chaibidil seo.

Grúp-dhíbhinní.

44. —(1) I gcás ina bhfaighidh cuideachta díbhinní ó chuideachta eile (ar cuideachta a chónaíonn sa Stát gach cuideachta díobh) agus an chuideachta atá ag íoc na ndíbhinní—

(a) a bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta eile nó do chuideachta a chónaíonn sa Stát ar fochuideachta 51 faoin gcéad di an ceann eile, nó

(b) a bheith ina cuideachta thrádála nó shealbhaíochta ar úinéireacht ag comheagras ar ceann dá chomhaltaí an chuideachta atá ag fáil na ndíbhinní,

ansin, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an chuideachta atá ag fáil na ndíbhinní agus an chuideachta atá á n-íoc comhrogha a dhéanamh go mbainfidh an fo-alt seo leis na díbhinní atá á bhfáil ag an gcuideachta fála ón gcuideachta íoca, agus fad a bheidh an rogha sin i bhfeidhm—

(i) áireofar aon díbhinní den sórt sin mar dhíbhinní nach dáiltí chun críocha alt 38 nó 41, agus

(ii) ní bheidh na creidmheasanna cánach i leith na ndíbhinní sin ar fáil lena n-íoc, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide, leis an gcuideachta atá ag fáil na ndíbhinní.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon díbhinn a gheobhaidh cuideachta ar aon infheistíochtaí, dá n-áireofaí mar fháltas trádála de chuid na cuideachta sin brabús as na hinfheistíochtaí sin a dhíol.

(3) I gcás ina n-airbheartóidh cuideachta, de bhua rogha faoi fho-alt (1), aon díbhinn a íoc gan luathcháin chorparáide a íoc agus gur chóir luathcháin chorparáide a bheith íoctha, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir, do na dliteanais chánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh, dá thoradh sin, ar an gcuideachta a d'íoc, agus ar an gcuideachta a fuair an díbhinn, agus do na dliteanais a bheadh orthu dá mba rud é go raibh an luathcháin chorparáide íoctha go cuí.

(4) I gcás cáin a measúnaíodh faoi fho-alt (3) ar an gcuideachta a d'íoc an díbhinn a bheith gan íoc ag an gcuideachta sin roimh dheireadh thrí mhí ón dáta is iníoctha an cháin sin, féadfar, gan dochar don cheart an cháin sin a ghnóthú ón gcuideachta sin, í a ghnóthú ón gcuideachta a fuair an díbhinn.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 105 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

(6) Na tagairtí san alt seo do dhíbhinn nó díbhinní a fuair cuideachta tá feidhm acu maidir le haon díbhinn nó díbhinní a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach níl feidhm acu maidir le haon díbhinn nó díbhinní a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó.

(7) Beidh éifeacht, fara aon mhodhnuithe is gá, le forálacha alt 106 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt seo mar atá éifeacht leo chun críocha alt 105 den Acht sin.

Luathcháin chorparáide a ghéilleadh.

45. —(1) I gcás ina mbeidh cuideachta (dá ngairfear “an chuideachta ghéillte” ina dhiaidh seo san alt seo) tar éis méid éigin de luathcháin chorparáide a íoc i leith díbhinn nó díbhinní a d'íoc sí i dtréimhse chuntasaíochta agus nach mbeidh an luathcháin chorparáide aisíoctha, agus más rud é, le linn na tréimhse cuntasaíochta, go n-áireofaí an chuideachta ghéillte mar chomhalta de ghrúpa cuideachtaí chun críocha grúp-fhaoisimh faoi Chuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976 , féadfaidh sí, ar éileamh a dhéanamh chun an chigire, sochar an mhéid sin go léir nó aon choda de a ghéilleadh d'aon chuideachta (dá ngairfear “an chuideachta fála” ina dhiaidh seo san alt seo) a d'áireofaí, chun críocha an ghrúp-fhaoisimh sin, mar chomhalta den ghrúpa cuideachtaí céanna ar feadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó féadfaidh sí é a ghéilleadh (i cibé comhréireanna a chinnfidh an chuideachta ghéillte) d'aon dá chuideachta nó níos mó den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), i gcás ina ndéanfar sochar aon mhéid luathchánach corparáide (dá ngairfear “an méid a géilleadh” ina dhiaidh seo san alt seo) a ghéilleadh faoin alt seo do chuideachta fála, ansin—

(a) murar íocadh an luathcháin chorparáide a luaitear i bhfo-alt (1) ach i leith díbhinne amháin nó má íocadh í i leith díbhinní ar íocadh iad go léir ar an dáta céanna, áireofar an chuideachta fála chun críocha alt 39 mar chuideachta a d'íoc méid éigin de luathcháin chorparáide is ionann agus an méid a géilleadh i leith dáileadh a rinne sí ar an dáta a íocadh an díbhinn nó na díbhinní,

(b) más i leith díbhinní a íocadh ar dhátaí éagsúla a íocadh an luathcháin chorparáide a luaitear i bhfo-alt (1) áireofar an chuideachta fála chun críocha alt 39 mar chuideachta a d'íoc méid éigin de luathcháin chorparáide is ionann agus an chuid iomchuí den mhéid a géilleadh i leith dáileadh a rinne sí ar gach dáta díobh sin.

(3) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (2) ciallaíonn “an chuid iomchuí den mhéid a géilleadh”, i ndáil le haon dáileadh a áirítear mar dháileadh a rinneadh an dáta céanna ar ar íocadh díbhinn, an chuid sin den mhéid sin a bhfuil idir í agus an méid iomlán an chomhréir chéanna atá idir méid an chreidmheasa cánach i leith na díbhinne sin agus méid iomlán na gcreidmheasanna cánach i leith na ndíbhinní a luaitear sa mhír sin.

(4) Ní dhéanfar aon mhéid luathchánach corparáide a áirítear mar luathcháin a d'íoc cuideachta fála de bhua fho-alt (2), a fhritháireamh faoi alt 39 (2) in aghaidh dhliteanas cánach corparáide na cuideachta fála; ach nuair a bheifear á chinneadh chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt sin 39 cad é an méid barrachais (más aon mhéid é) de luathcháin chorparáide atá ann in aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta fála, déanfar méid a áirítear amhlaidh mar mhéid a íocadh a fhritháireamh in aghaidh dhliteanas cánach corparáide na cuideachta fála i dtosaíocht ar aon luathcháin chorparáide a íocadh i leith aon dáileadh a rinne an chuideachta fála.

(5) Ní dhéanfar aon mhéid luathchánach corparáide a áirítear mar luathcháin a d'íoc cuideachta fála de bhua fho-alt (2) a fhritháireamh in aghaidh dhliteanas cánach corparáide na cuideachta fála d'aon tréimhse chuntasaíochta nach ndéanfaí i ndáil léi, nó i ndáil le haon chuid di, an chuideachta fála agus an chuideachta ghéillte a áireamh, chun críocha grúp-fhaoisimh faoi Chuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar chomhaltaí den ghrúpa cuideachtaí céanna.

(6) Ní mór aon éileamh faoin alt seo a dhéanamh laistigh de dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sé agus ní mór toiliú na cuideachta fála nó na gcuideachtaí fála lena mbaineann sé a fháil ina leith (agus ní mór an toiliú sin a chur in iúl don chigire i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim).

(7) Aon mhéid luathchánach corparáide a mbeidh fritháireamh déanta air faoi alt 39 (1) nó a mbeifear tar éis déileáil leis faoi alt 39 (2), ní bheidh sé ar fáil chun críocha éilimh faoin alt seo; agus ní dhéanfar aon mhéid luathchánach corparáide, a mbeifear tar éis a shochar a ghéilleadh faoin alt seo, a áireamh chun críocha an ailt sin 39 mar luathcháin chorparáide a d'íoc an chuideachta ghéillte.

(8) I gcás íocaíocht a dhéanfaidh cuideachta fála le cuideachta ghéillte de bhun comhaontú eatarthu maidir le sochar mhéid luathchánach corparáide a ghéilleadh, ar íocaíocht í nach mó ná an méid sin—

(a) ní chuirfear i gcuntas í le linn brabúis nó caillteanais cheachtar cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, agus

(b) ní tuigthe, chun aon chríche de na hAchtanna cánach Corparáide, gur dáileadh nó muirear ar ioncam í.

Athrú ar úinéireacht cuideachta: luathcháin chorparáide a ríomh agus mar a áireofar í.

46. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) má bhíonn, laistigh d'aon tréimhse trí bliana, athrú ar úinéireacht cuideachta agus (níos luaithe nó níos déanaí sa tréimhse sin, nó an tráth céanna) mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála nó gnó a sheolann an chuideachta, nó

(b) má bhíonn, aon tráth tar éis do scála na ngníomhaíochtaí i dtrádáil nó gnó a sheolann cuideachta a bheith éirithe beag nó neamhbhríoch, agus roimh aon mhórbhorradh a theacht ar an trádáil nó ar an ngnó, athrú ar úinéireacht na cuideachta.

(2) Beidh feidhm ag ailt 39, 41 agus 50 maidir le tréimhse chuntasaíochta ina dtarlóidh athrú úinéireachta ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid ag críochnú leis an athrú úinéireachta agus an chuid ina dhiaidh sin; agus déanfar, chun na críche sin, an t-ioncam de chuid na cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta (mar a mhínítear sin in alt 39 (4) a chionroinnt ar na codanna sin.

(3) Ní dhéanfar aon luathcháin chorparáide a íocfaidh an chuideachta i leith dáiltí a rinneadh i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach aon lá roimh an athrú úinéireachta a áireamh, faoi alt 39 (3), mar luathcháin chorparáide a d'íoc sí i leith dáiltí a rinneadh i dtréimhse chuntasaíochta ag críochnú tar éis an athrú úinéireachta; agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, an chuid ag críochnú leis an athrú úinéireachta, agus an chuid ina dhiaidh sin.

(4) I bhfo-alt (1) (a) folaíonn “mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála nó gnó”—

(a) mórathrú ar chineál na maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil nó sa ghnó, nó

(b) mórathrú ar chustaiméirí, ar easraisí nó ar mhargaí na trádála nó an ghnó, nó

(c) athrú trína scoireann an chuideachta de bheith ina cuideachta thrádála agus go ndéantar cuideachta infheistíochta di, nó vice versa, nó

(d) i gcás inar cuideachta infheistíochta an chuideachta, mórathrú ar chineál na n-infheistíochtaí a shealbhaíonn an chuideachta,

agus beidh feidhm ag an alt seo fiú más athrú é a lean próis chéimseach a thosaigh lasmuigh den tréimhse trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) (a).

(5) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh;

ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta (seachas cuideachta shealbhaíochta) arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, infheistíochtaí a dhéanamh agus a fhaigheann an phríomhchuid dá hioncam ón ngnó sin;

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, sealbhú a dhéanamh ar scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí ar fochuideachtaí 90 faoin gcéad dá cuid iad, agus ar cuideachtaí trádála iad.

(6) Tá feidhm ag fo-alt (3) maidir le luathcháin chorparáide a n-áireofar í a bheith íoctha ag cuideachta de bhua alt 45 (2) mar atá feidhm aige maidir le luathcháin chorparáide atá íoctha ag an gcuideachta.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (6) agus (7) d'alt 27 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin agus beidh feidhm acu amhlaidh—

(a) ionann is dá mba thagairt do luathcháin chorparáide an tagairt do chaillteanais nó liúntais chaipitiúla i mír 3 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , agus

(b) ionann is dá mba thagairt don 9ú lá d'Fheabhra, 1983, an tagairt don 16ú lá de Bhealtaine, 1973, i mír 7 den Chuid sin I.

(8) Beidh feidhm ag alt 149 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le fógra arna thabhairt faoi mhír 9 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 (amhail mar a chuirtear chun feidhme í chun críocha an ailt seo le fo-alt (7)) mar atá feidhm aige i ndáil le fógra den sórt sin arna thabhairt chun críocha alt 27 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, a tharla an t-athrú úinéireachta agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) má cuireadh i gcrích, roimh an dáta sin, an mórathrú ar chineál nó ar stiúradh na trádála nó an ghnó; ach thairis sin beidh éifeacht leis an alt seo faoi threoir imthosca agus teagmhas roimh an dáta sin, chomh maith le himthosca agus teagmhais dá éis.

Dáiltí chuig cuideachtaí neamhchónaitheacha áirithe.

47. —(1) (a) Baineann an t-alt seo le haon dáileadh—

(i) is dáileadh de bhua alt 84 (2) (d) (iv) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus dá bhua sin amháin, nó

(ii) is díbhinn arna híoc ag cuideachta (dá ngairfear “an chéad chuideachta a luaitear” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) le cuideachta eile—

(I) ar fochuideachta 75 faoin gcéad di an chéad chuideachta a luaitear, agus

(II) is cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gcríoch a bhfuil comhshocraíochtaí, agus feidhm dlí leo de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanta le rialtas na críche sin.

(b) Chun críocha mhír (a)—

tá le “cónaitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá” an bhrí a shanntar dó leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

measfar gur cónaitheoir i gcríoch seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá cuideachta má mheastar gurb amhlaidh sin di faoi fhorálacha comhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas na críche sin agus a bhfuil feidhm dlí leo de bhua alt 361 den Acht sin.

(2) I gcás ina gcruthóidh cuideachta go mbaineann an t-alt seo le dáileadh a rinne sí agus go n-éileoidh sí go n-áireofar an dáileadh mar dháileadh nach dáileadh chun críocha alt 38, ansin—

(a) áireofar an dáileadh amhlaidh, agus

(b) d'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach, ní bheidh an chuideachta lena ndéanfar an dáileadh i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte.

(3) Ní mór aon éileamh faoin alt seo a dhéanamh sa tuairisceán a thabharfar faoi alt 50 don tréimhse chuntasaíochta ina ndéanfar an dáileadh agus ní mór toiliú na cuideachta lena ndéanfar an dáileadh a fháil agus a chur in iúl don chigire i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “agus alt 47 den Acht Airgeadais, 1983 , beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán, seachas an t-alt sin 47,”, a chur in ionad “, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán,”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

361. (1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus aon chánacha den ghné chéanna, a bheidh forchurtha le dlíthe an Stáit nó dlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo agus alt 47 den Acht Airgeadais, 1983 , beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán, seachas an t-alt sin 47.

Ús i leith urrús áirithe.

48. —(1) Faoi réir fho-alt (2), baineann an t-alt seo le haon ús is dáileadh agus is ús a íocann cuideachta i leith urrús de chuid na cuideachta a thagann faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás—

(a) inar eisigh an chuideachta an t-urrús, ar ina leith atá an t-ús á íoc, chuig cuideachta eile ar cuid dá gnáthghníomhaíochtaí trádála airgead a thabhairt ar iasacht, agus

(b) (i) go ndeachthas, roimh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, faoin oibleagáid an t-ús a íoc, nó

(ii) go ndeachthas faoin oibleagáid sin roimh an 9ú lá de Mheitheamh, 1983, de bhun caibidlí a bhí ar siúl an 9ú lá d'Fheabhra, 1983:

Ar choinníoll go measfar, chun críocha mhír (b), go ndeachthas faoi oibleagáid roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn as ar eascair an oibleagáid sin agus, i gcás ina raibh an conradh sin faoi réir comhaontú iasachta a chur í gcrích, go raibh an comhaontú iasachta curtha i gcrích go cuí roimh an 9ú lá de Mheitheamh, 1983.

(2) (a) I gcás ina ndéanfar an tréimhse (dá ngairfear “an tréimhse aisíoca” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) d'aisíoc príomhshuime nó úis dá bhforáiltear faoi oibleagáid den chineál atá luaite i bhfo-alt (1) (b) a fhadú an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, (cibé acu a d'eascair nó nár eascair an ceart chun fadú den sórt sin as téarmaí an chonartha a bhunaigh an oibleagáid sin), ansin, faoi réir mhír (b), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ús a íocfar i ndáil leis an tréimhse lena ndéanfar an tréimhse aisíoca a fhadú.

(b) I gcás ina ndéanfar an tréimhse aisíoca a fhadú roimh an 9ú lá de Mheitheamh, 1983, de bhun caibidlí a bhí ar siúl an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le haon ús a íocfar i ndáil leis an tréimhse is giorra díobh seo a leanas, is é sin le rá—

(i) an tréimhse lena ndéanfar an tréimhse aisíoca a fhadú, agus

(ii) na chéad chúig bliana den tréimhse a luaitear i bhfomhír (i).

(3) Ní áireofar ús lena mbaineann an t-alt seo mar dháileadh chun críocha alt 38 nó 41.

(4) Ní bheidh an creidmheas cánach i leith aon úis lena mbaineann an t-alt seo ar fáil, faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, lena íoc leis an duine atá ag fáil an úis.

Díbhinní a íocadh roimh an 1 Iúil, 1983.

49. —(1) Baineann an t-alt seo le díbhinn a d'íoc cuideachta an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1983, agus arbh amhlaidh maidir léi—

(a) gur dhearbhaigh an chuideachta í i gcruinniú ginearálta roimh an gcéad dáta a luaitear, nó

(b) gur dearbhaíodh í i gcruinniú ginearálta ar an gcéad dáta a luaitear nó dáta dá éis, ach de réir mholadh ó na stiúrthóirí, agus go ndearnadh cinneadh na stiúrthóirí an moladh sin a dhéanamh, a fhógairt go poiblí, ar údarás ó na stiúrthóirí, roimh an dáta sin, nó

(c) gur de réir chinneadh na stiúrthóirí a íocadh í agus go ndearnadh, ar údarás uathu, an cinneadh sin a fhógairt go poiblí roimh an gcéad dáta a luaitear.

(2) I gcás ina gcruthóidh cuideachta go mbaineann an t-alt seo le díbhinn a d'íoc sí, agus go n-éileoidh sí go n-áireofar an díbhinn mar dhíbhinn nach dáileadh chun críocha alt 38 ansin—

(a) áireofar an díbhinn amhlaidh, agus

(b) áireofar an díbhinn freisin mar dhíbhinn nach dáileadh chun críocha alt 41.

(3) Is chuig an gcigire a dhéanfar éileamh faoin alt seo agus ní mór é a dhéanamh amhlaidh roimh an 9ú lá de Lúnasa, 1983.

Tuairisceáin agus bailiú luathchánach corparáide.

50. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo chun an t-am agus an modh a rialú a mbeidh cuntas le tabhairt ar luathcháin chorpar áide agus a mbeidh sí le híoc.

(2) Tabharfaidh cuideachta, de réir an ailt seo, in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dá cuid, tuairisceán don Ard-Bhailitheoir ar na dáiltí a rinne sí agus na dáiltí a fuair sí sa tréimhse sin agus ar an luathcháin chorparáide (más ann) is iníoctha aici i leith na ndáiltí a rinne sí.

(3) Ní foláir tuairisceán d'aon tréimhse a gceanglaítear tuairisceán a thabhairt ina leith faoin alt seo a thabhairt laistigh de shé mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(4) Ní gá do chuideachta tuairisceán faoin alt seo a thabhairt i leith tréimhse chuntasaíochta nach ndearna sí dáileadh lena linn.

(5) (a) Taispeánfar i dtuairisceán a thabharfaidh cuideachta maidir le tréimhse chuntasaíochta—

(i) méid na ndáiltí a rinne an chuideachta sa tréimhse agus méid na gcreidmheasanna cánach i leith na ndáiltí sin,

(ii) méid (más aon mhéid é) na ndáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse agus méid na gcreidmheasanna cánach i leith na ndáiltí sin,

(iii) méid aon chreidmheasa cánach atá á thabhairt ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta agus a áirítear, faoi alt 41 (3), mar chreidmheas cánach i leith dáileadh a fuair an chuideachta sa tréimhse sin, agus

(iv) méid (más aon mhéid é) na luathchánach is iníoctha ag an gcuideachta i leith na ndáiltí a rinne sí sa tréimhse.

(b) Sonrófar sa tuairisceán an bhfuil aon mhéid creidmheasanna cánach ar áireamh ann de bhun mhír (a) (i) i leith dáiltí a áirítear mar dháiltí nach dáiltí chun críocha alt 38 faoi aon fhoráil den Chaibidil seo agus, má tá, an méid atá ar áireamh ann amhlaidh.

(c) Sonrófar sa tuairisceán an bhfuil aon mhéid creidmheasanna cánach ar áireamh ann de bhun mhír (a) (ii) i leith dáiltí a áirítear mar dháiltí nach dáiltí chun críocha alt 41 faoi aon fhoráil den Chaibidil seo agus, má tá, an méid atá ar áireamh ann amhlaidh.

(d) I gcás ina mbeidh aon mhéid ar áireamh sa tuairisceán de bhun fhomhír (ii) nó (iii) de mhír (a), déileálfar leis an áireamh sin mar éileamh ón gcuideachta go gcuirfear i gcuntas é chun a chinneadh cé mhéid luathchánach corparáide is iníoctha, agus beidh cibé fianaise a cheanglóidh an cigire le reasún mar thaca le haon éileamh den sórt sin.

(6) Beidh luathcháin chorparáide i leith aon dáileadh a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus ní mór í a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, agus beidh luathcháin chorparáide a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an gcuideachta gan aon mheasúnacht a bheith déanta; ach féadfar luathcháin chorparáide atá tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an gcuideachta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha an tráth a dhéanfar an mheasúnacht) mura n-íocfar an cháin sin, nó aon chuid di, ar an dáta dlite nó dáta roimhe.

(7) Más dealraitheach don chigire go bhfuil dáileadh ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire míshásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta go feadh a bhreithiúnais; agus, aon luathcháin chorparáide a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo déileálfar léi chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.

(8) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta dáileadh ar dháta nach dáta i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, measfar go gcríochnaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar an dáta sin agus ní mór don chuideachta tuairisceán ar an dáileadh sin a thabhairt laistigh de shé mhí tar éis an dáta sin; agus beidh an luathcháin chorparáide a mbeidh an chuideachta cuntasach inti i leith an dáilte sin dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt.

(9) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán faoin alt seo mar dháileadh a rinne cuideachta nó mar dháileadh a fuair sí, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais chánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh ar an gcuideachta nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.

(10) (a) Beidh luathcháin chorparáide a mheasúnófar ar chuideachta faoin alt seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh sí dlite níos luaithe ná sin faoi fho-alt (6) nó (8)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh cáin dlite faoi fho-alt (6) nó (8).

(b) Tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin alt seo a chinneadh aisíocfar aon cháin a ró-íocadh.

(11) (a) Na forálacha go léir de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide a bhaineann—

(i) le measúnachtaí cánach corparáide,

(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus

(iii) le cáin chorparáide a bhailiú agus a ghnóthú, beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le luathcháin chorparáide a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú faoin alt seo.

(b) Aon cháin is iníoctha de réir an ailt seo gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sí ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí ón dáta a bheidh an cháin dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.

(d) Le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú ar aon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht luathchánach corparáide de réir an ailt seo, beidh éifeacht leis ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár.

(e) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Corparáide, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht luathchánach corparáide de réir an ailt seo.

(12) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (3), (8), (9), (10), (11) agus (12) (b) d'alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le tuairisceán faoi fhorálacha an ailt seo mar atá feidhm acu i ndáil le tuairisceán faoi fhorálacha an ailt sin 143.

(13) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo ní fholaíonn tagairtí do dháileadh nó dáiltí tagairtí do dháileadh nó dáiltí arna ndéanamh ag cuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

Forálacha áirithe do scor.

51. —(1) Na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a shonraítear i bhfo-alt (2), ní bheidh éifeacht leo i ndáil le dáiltí (seachas díbhinní a thagann faoi réim alt 49 (2)) arna ndéanamh an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis.

(2) Is iad na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá dtagraítear i bhfo-alt (1), alt 18 (4), fo-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) d'alt 25, mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt 26 (3) agus ailt 90, 91, 167 agus 168.

Laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide.

52. —(1) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, is é méid na luathchánach corparáide a dhlífidh cuideachta a íoc i leith dáiltí arna ndéanamh aici i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 8ú lá d'Fheabhra, 1984, nó aon lá roimhe, leath mhéid na luathchánach corparáide a dhlífeadh an chuideachta a íoc, ar leith ón alt seo, i leith na ndáiltí sin.

(2) Más roimh an 9ú lá d'Fheabhra, 1984, do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus más i dtréimhse dar tosach an dáta sin don chuid eile di, beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid dar críoch an 8ú lá d'Fheabhra, 1984, agus an chuid dar tosach an 9ú lá d'Fheabhra, 1984.

Feidhmiú na nAchtanna Cánach Corparáide.

53. —Na forálacha de na hAchtanna Cánach Corparáide a bhaineann le cáin chorparáide a mhuirearú, a ríomh agus a ioc (lena n-áirítear forálacha a thugann aon fhaoiseamh nó díolúine), ní fhorléireofar iad mar fhorálacha a dhéanann difear do mhuirearú, do ríomh nó d'íoc luathchánach corparáide.

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leathnú ar alt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

54. —Beidh feidhm ag alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i ndáil le hurrúis arna n-éisiúint ag Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta agus arna ráthú ag an Aire Airgeadais mar atá feidhm aige in dáil leis na cineálacha urrús a shonraítear i mír (d) den alt sin.

Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

55. —Leasaítear leis seo mír 8 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1):

“(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de thríocha lá tar éis dháta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile agus, mura ndéanfaidh duine dár tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt, is measúnacht chríochnaitheach dhochloíte an mheasúnacht a rinneadh air.”, agus

(b) trí na clásail seo a leanas a chur i bhfomhír (2) in ionad chlásail (e), (f) agus (g):

“(e) le héisteacht, le cinneadh nó le díbhe achomhairc ag na Coimisinéirí Achomhairc lena n-áirítear éisteacht, cinneadh nó díbhe achomhairc ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(f) leis an measúnacht a bhfuil an fheidhm agus an éifeacht chéanna léi a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith i gcás nach ndéanfaidh an duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéir í Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha;

(g) le fadú na tréimhse chun fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;”.

Gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí ag daoine áirithe.

56. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “duine cuntasach”—

(a) leachtaitheoir cuideachta, nó

(b) aon duine atá i dteideal sócmhainne ar mhodh urrúis nó atá i dteideal sochair ó mhuirear nó ó eire ar shócmhainn, nó de réir mar a bheidh, aon duine atá ceaptha chun an t-urrús, an muirear nó an t-eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna;

tá le “cain ghnóchan caipitiúil inghairthe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (8);

tá le “cáin chorparáide inghairthe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (9);

tá le “diúscairt iomchuí” an bhrí chéanna atá leis in alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 .

(3) I gcás éifeacht a bheith le halt 8 (5) nó 41 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i leith diúscairt sócmhainne ag duine cuntasach i mbliain mheasúnachta, ansin, d'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil—

(a) beidh aon cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt inmheasúnaithe ar an duine cuntasach agus inghnóthaithe uaidh,

(b) áireofar an cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe mar eisíocaíocht riachtanach as fáltais na diúscartha agus íocfaidh an duine cuntasach í as na fáltais sin, agus

(c) urscaoilfidh cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe, a bheidh íoctha ag an duine cuntasach, méid comhréireach den dliteanas cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt, is dliteanas a luíonn ar an duine (dá ngairfear “an féichiúnaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) arb é, ar leith ón alt seo, an duine inmhuirearaithe é i ndáil leis an diúscairt.

(4) I gcás éifeacht a bheith le halt 8 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , nó le halt 13 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith diúscairt (nach diúscairt iomchuí) sócmhainne ag duine cuntasach i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta, ansin, d'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide—

(a) beidh aon cháin chorparáide inghairthe i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt inmheasúnaithe ar an duine cuntasach agus inghnóthaithe uaidh,

(b) áireofar an cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe mar eisíocaíocht riachtanach as fáltais na diúscartha agus íocfaidh an duine cuntasach í as na fáltais sin, agus

(c) urscaoilfidh cáin chorparáide inghairthe, a bheidh íoctha ag an duine cuntasach, méid comhréireach den dliteanas cánach corparáide, don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar an diúscairt, is dliteanas a luíonn ar an gcuideachta (dá ngairfear “an chuideachta” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) arb í, ar leith ón alt seo, an duine inmhuirearaithe í i ndáil leis an diúscairt.

(5) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil nó na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe, de réir mar a bheidh, is inmheasúnaithe faoin alt seo ar dhuine cuntasach i ndáil le diúscairt, inghnóthaithe uaidh trí cháin ioncaim a mheasúnú air faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta inar tharla an diúscairt ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air, de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin, agus méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe, de réir mar a bheidh.

(6) I gcás ina n-íocfaidh duine cuntasach cáin faoi fhorálacha an ailt seo agus go suífear go bhfuil méid na cánach a íocadh iomarcach, tabharfar faoiseamh iomchuí dó trí aisíoc nó ar shlí eile.

(7) Faoi réir fho-ailt (3) (c) agus (4) (c), ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do mhéid na ngnóchan inmhuirearaithe—

(a) ar a mbeidh an féichiúnaí inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil, nó

(b) ar a mbeidh an chuideachta inmhuirearaithe i leith cánach corparáide.

(8) San alt seo—

(a) i gcás nár fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe, seachas na gnóchain inmhuirearaithe a luaitear i bfho-alt (3) (a) (dá ngairtear “na gnóchain inghairthe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta, ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inghairthe;

(b) i gcás inar fhaibhrigh gnóchain inmhuirearaithe eile, i dteannta na ngnóchan inghairthe, chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta agus, ar na gnóchain sin go léir a mhuirearú i leith cánach gnóchan caipitiúil gan féachaint d'fhorálacha fho-alt (3), go mbeadh feidhm ag an ráta cánach céanna, agus—

(i) nach diúscairt iomchuí aon cheann de na diúscairtí as ar fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe, nó

(ii) gur diúscairt iomchuí gach ceann de na diúscairtí,

ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

A

__

×

C

B

i gcás—

arb é A méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inghairthe murar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe eile chuige sa bhliain mheasúnachta agus mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inghairthe,

arb é B méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, a d'fhaibhrigh chuige sa bhliain mheasúnachta, mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inmhuirearaithe sin, agus

arb é C méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith mhéid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, a d'fhaibhrigh chuige sa bhliain mheasúnachta;

(c) in aon chás eile, ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil arb éard a bheadh ann, ar leith ó fho-alt (3) agus ag féachaint—

(i) do na gnóchain inmhuirearaithe eile go léir a fhaibhríonn chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) mar is iomchuí, d'fhorálacha mhír 8 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , agus d'fhorálacha ailt 30(3) agus 40 den Acht Airgeadais, 1982 ,

méid na cánach gnóchan caipitiúil is iomchuí do na gnóchain inghairthe.

(9) San alt seo—

(a) i gcás nár fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe seachas—

(i) na gnóchain inmhuirearaithe a luaitear i bhfo-alt (4) (a) (dá ngairtear “na gnóchain inghairthe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), nó

(ii) aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí,

chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inghairthe ar na toimhdí seo a leanas—

(I) d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, go raibh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú i leith na ngnóchan sin de réir fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(II) go mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta,

nó, más lú é, méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta;

(b) i gcás inar fhaibhrigh, i dteannta na ngnóchan inghairthe, gnóchain inmhuirearaithe eile (nach gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí) chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus, ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ag muirearú na ngnóchan sin go léir i leith cánach gnóchan caipitiúil gan féachaint d'fhorálacha fho-alt (4), go mbeadh feidhm ag an ráta cánach céanna, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

D

__

×

F

E

i gcás—

arb é D méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inghairthe murar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe eile chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inghairthe,

arb é E méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe (ach gan gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí a áireamh), a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inmhuirearaithe sin, agus

arb é F méid (dá ngairtear “an méid barúlach” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na cánach gnóchan caipitiúil a bheadh, ar leith ó fho-alt (4), le ríomh i ndáil leis an gcuideachta, de réir alt 13(1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, nó, más lú é, méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta;

(c) in aon chás eile, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil arb éard a bheadh ann, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), agus ag féachaint—

(i) do na gnóchain inmhuirearaithe eile go léir (nach gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí) a fhaibhríonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus

(ii) mar is iomchuí, d'fhorálacha ailt 30 (3) agus 40 den Acht Airgeadais, 1982 ,

méid na cánach gnóchan caipitiúil is iomchuí do na gnóchain inghairthe:

Ar choinníoll, in aon chás lena mbaineann an mhír seo, más mó an méid barúlach ná méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, go gciallóidh “cáin chorparáide inghairthe” méid a chinnfear de réir na foirmle—

G

__

×

K

H

i gcás—

arb é G an méid arb éard a bheadh ann, faoin mír seo ar leith ón gcoinníoll seo, an cháin chorparáide inghairthe,

arb é H an méid barúlach, agus

arb é K méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

(10) (a) In aon chás ina raibh, le linn méid cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó cánach corparáide inghairthe a bheith á ríomh faoi fho-alt (8) (c) nó (9) (c), asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain mheasúnachta nó i dtréimhse chuntasaíochta, agus, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh na hasbhaintí nó na faoisimh sin (nó cuid díobh) le fritháireamh in aghaidh dhá ghnóchan chaipitiúla nó níos mó is nmhuirearaithe de réir an ráta cánach gnóchan caipitiúil chéanna, ansin, déanfar na hasbhaintí nó na faoisimh sin (nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin díobh), a mhéid is gá chun méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe a ríomh, a chionroinnt ar na gnóchain inmhuirearaithe is inmhuirearaithe de réir an ráta chéanna i gcomhréir le méideanna na ngnóchan inmhuirearaithe sin.

(b) I gcás gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig cuideachta (nach gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt iomchuí), déanfar aon tagairt i mír (a) do ráta cánach a fhorléiriú mar thagairt don ráta cánach gnóchan caipitiúil ab infheidhme maidir leis na gnóchain sin ar na toimhdí a dhéantar i bhfo-alt (9) (a).

CUID II

Custaim agus Mál

Taisteal coigríche.

57. —Déanfar alt 65 den Acht Airgeadais, 1982 , a leasú amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1983,—

(a) i bhfo-alt (1), trí “ciallaíonn ‘aerárthach’74 wxaerárthach atá oiriúnach chun breis agus cúig phaisinéir déag a iompar;” a scriosadh,

agus

(b) i bhfo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Is é an ráta ar dá réir a dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc £5 in aghaidh gach duine a bhfuil a iompar údaraithe le ticéad paisinéara a bhaineann le hiompar i long nó in aerárthach ar thuras nó ar eitilt, de réir mar a bheidh, go dtí ceann scríbe (seachas ceann scríbe i dTuaisceart Éireann) lasmuigh den Stát.”.

Teilifíseáin.

58. —Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5(1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982).

Fís-seinnteoirí.

59. —Déanfar an dleacht máil ar fhís-seinnteoirí a fhorchuirtear le mír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 260) (Dleacht Máil ar Fhís-Seinnteoirí), 1982 (I.R. Uimh. 49 de 1982), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, de réir ráta £40 in aghaidh gach fís-seinnteora in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 4.

Hidreacarbóin.

60. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

(2) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 11 (1) den Ordú sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.75 an heictilítear, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c), in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (4) den Acht Airgeadais, 1980 .

(3) D'ainneoin fhomhír (6) de mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (1) den mhír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.75 an heictilítear, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6), in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (5) den Acht Airgeadais, 1980 .

(4) Déanfar mír 11 (7) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (3) den Acht Airgeadais, 1976 a leasú, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, trí “£1.75” a chur in ionad “£1.53” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ).

(5) Aon údarú a eisíodh roimh an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, faoi fhorálacha mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar arb inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras, ar dhleacht máil de réir £1.53 an heictilítear is iníoctha faoi alt 70 (6) den Acht Airgeadais, 1980 , a íoc, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dáta dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £1.75 an heictilítear a íoc in ionad an dleacht máil réamhráite sin a íoc.

(6) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £1.75 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (8) den Acht Airgeadais, 1980 , a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983.

(7) Leasaítear leis seo mír 12 (1) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 70 (9) den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an mír sin a scriosadh.

(8) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le haon ola hidreacarbóin (seachas ola bhreosla de réir bhrí mhír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981)) arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £1.75 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (10) den Acht Airgeadais, 1980 .

(9) Is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoi alt 35 (5) (b) den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £1.09 an heictilítear.

(10) Déanfar alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1976 , a leasú, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, trí “£0.08” a chur in ionad “£0.07” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ).

(11) Leasaítear leis seo mír 12 (11) d'Ordú 1975—

(a) trí “sa tseirbhís bóthair do phaisinéirí” a chur in ionad “i seirbhís bóthair do phaisinéirí ar deonaíodh an ceadúnas ina leith”, agus

(b) trí “a aisíoc leis” a chur in ionad “a aisíoc leis an gceadúnaí”.

Mótarfheithiclí.

61. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979, ar mhótarfheithiclí earnáil A (de réir bhrí an Ordaithe sin) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1983—

(a) a mhéid is inmhuirearaithe í ar fheithiclí den sórt sin a fhaigheann a gcumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh agus ar mó ná 16 a n-each-chumhacht (arna ríomh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 1 (3) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , chun críche ráta dleachta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), de réir ráta ar cóimhéid le suim 64.5 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe (de réir na brí sin a dúradh) in ionad an ráta a shonraítear i mír 10 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982, agus

(b) a mhéid is inmhuirearaithe í ar fheithiclí eile den sórt sin (seachas gluaisrothair, uathrothair, nó rothair a bhfuil mótar cúnta feistithe orthu, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil carranna cliathánacha mar chuid díobh), de réir ráta ar cóimhéid le suim 54.5 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe (de réir na brí sin a dúradh) in ionad an ráta a shonraítear in alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

Ceadúnais chearrbhachais.

62. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956 , ar cheadúnais chearrbhachais a eiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, de réir na rátaí a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

Ceadúnais mheaisín cearrbhachais.

63. —(1) Déanfar alt 74 (1) den Acht Airgeadais, 1980 , a leasú maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, trí “£62.50”, “£125”, “£187.50” agus “£250” a chur in ionad “£37.50”, “£75”, “£112.50” agus “£150”, faoi seach (a cuireadh isteach leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982)).

(2) Déanfar alt 43 (7) (aa) den Acht Airgeadais, 1975 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ), a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, trí “£40”, “£80”, “£120” agus “£160” a chur in ionad “£25”, “£50”, “£75” agus “£100”, faoi seach (a cuireadh isteach leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982).

Deimhnithe airm tine.

64. —Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú airm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964 , i gcás aon deimhniú den sórt sin do theacht i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1983, nó aon lá dá éis, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear sa Tríú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

Gadhair.

65. —(1) Leasaítear leis seo alt 37 den Acht Airgid, 1925 , trí “£5” a chur in ionad “£1” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(1) Ar an 1 adh lá d'Eanair, 1926, agus dá éis sin, beidh diúité máil (dá ngairmtear gadhar-dhiúité san Acht so) £5 iníoctha ar gach gadhar atá mí nó níos mó d'aois in aghaidh gach biiana nó cuid de bhliain a cimeádfar an gadhar san i Saorstát Éireann.

(2) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “£100” a chur in ionad “£25” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) i bhfo-ailt (1) agus (2) agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(1) Duine ar bith a dhlíonn dleacht gadhair a íoc féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha suim bhliantúil £100 a íoc i leith na dleachta sin in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgid, 1925 , agus déanfar an méid sin a íoc agus a bhailiú tríd an bPost-Oifig trí cheadúnas ginearálta a thógáil amach go bliantúil.

(2) Duine ar bith a íocfaidh suim £100 agus a thógfaidh amach ceadúnas ginearálta de réir an ailt seo measfar dleacht gadhair a bheith íoctha aige i leith na ngadhar go léir a bheidh á gcoimeád aige i gcaitheamh na bliana go léir nó aon choda den bhliain lena mbainfidh an ceadúnas ginearálta.

(3) Aisghairtear leis seo alt 44 (3) den Acht Airgeadais, 1975 , agus achtaítear leis seo ina ionad go ndlífear, ar aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 37 den Acht Airgid, 1925 , a chiontú go hachomair, pionós máil £20 a chur air.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1984.

Ceantálaithe agus gníomhairí tithe.

66. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 .

(2) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnas ceantálaí (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 11 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 1 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

(3) Déanfar an dleacht máil ar chead ceantála (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 12 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 2 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

(4) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt (3) agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Duine a dhéanfas gnó ceantálaí a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl gnó ceantálaí a bheith á sheoladh aige nó a dhéanfas ceantáil, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil £500 a chur air.

(5) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnas gníomhaire tithe (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 13 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £62.50 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 3 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

(6) Leasaítear leis seo alt 7 den Acht trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt (3) agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Duine a dhéanfas gnó gníomhaire thithe a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl gnó gníomhaire thithe a bheith á sheoladh aige nó a ghníomhós mar ghníomhaire tithe, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil £500 a chur air.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1983.

Geallghlacadóirí.

67. —(1) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1931 , ar cheadúnas geallghlacadóra arna eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1983, de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 4 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 , ar chlárú a dhéanamh, nó ar athnuachan a dhéanamh ar chlárú, faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , ar aon áitribh ina ndéantar gnó glactha geall, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1983, de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 5 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 .

Dleacht máil ar cheadúnais nár úsáideadh a aisíoc.

68. —(1) San alt seo forléireofar “ceadúnas” mar ní a fholaíonn cead agus deimhniú.

(2) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir le ceadúnas lena mbaineann fo-alt (4) d'alt 77 den Acht Airgeadais, 1980

(a) nach ndearnadh aon trádáil faoin gceadúnas, nó

(b) nach raibh sealbhóir an cheadúnais ag gabháil don ghníomhaíocht lena mbaineann an ceadúnas le linn tréimhse bhailíochta an cheadúnais,

féadfaidh na Coimisinéirí, ach cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur a bheith comhlíonta agus d'ainneoin fhorálacha fho-alt (6) den alt sin 77, an dleacht máil a íocadh ar an gceadúnas sin a aisíoc.

Leasú ar alt 50 (pionós i ndáil le deochanna meisciúla a mhórdhíol nó a mhiondíol gan cheadúnas) den Finance (1909-10) Act, 1910.

69. —Leasaítear leis seo alt 50 den Finance (1909-10) Act, 1910—

(a) trí “£500” a chur in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (2), agus

(b) trí “£500” a chur in ionad “fifty pounds” i bhfo-alt (3),

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) If any person deals wholesale in any intoxicating liquor, for the wholesale dealing in which he is required to take out a licence under this Act, without taking out such a licence, he shall be liable in respect of each offence to an excise penalty of £500.

(3) If any person sells by retail any intoxicating liquor, for the retail sale of which he is required to take out a licence under this Act, without taking out such a licence, he shall be liable in respect of each offence to an excise penalty of £500.

Leasú ar alt 21 (dleachtanna ar olaí hidreacarbóin) den Acht Airgid, 1935 .

70. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (12) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1940 ) d'alt 21 den Acht Airgid, 1935

(a) trí “pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin dlífear an ola a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh” a chur in ionad “pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

(b) trí “faoin alt seo” a chur in ionad “faoin alt” i mír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ):

“(ii) má úsáidtear—

(I) dabhach nó coimeádán eile agus é folaithe, nó

(II) aon fheiste, acra nó modh de chineál ar bith,

chun ola hidreacarbóin atá san fheithicil agus a bheartaítear a úsáid lena dó in inneall na feithicle a fholú contrártha don alt seo,”,

agus

(d) trí “dlífear an fheithicil a fhorghéilleadh” a chur in ionad “forghéillfear an fheithicil” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

agus tá an chuid sin den fho-alt sin (12), arna leasú amhlaidh, a thagann i ndiaidh mhír (e) den fho-alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin dlífear an ola a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh agus, i gcás cion a bhaineann le mótarfheithicil—

(i) más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é faoin alt seo ag an duine, nó

(ii) má úsáidtear—

(I) dabhach nó coimeádán eile agus é folaithe, nó

(II) aon fheiste, acra nó modh de chineál ar bith,

chun ola hidreacarbóin atá san fheithicil agus a bheartaítear a úsáid lena dó in inneall na feithicle a fholú contrártha don alt seo,

dlífear an fheithicil a fhorghéilleadh.

(2) Leasaítear leis seo alt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , trí “ná feithicil dá dtagraítear i mír 4B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ” a chur isteach i ndiaidh “ná rollóir bóthair” sa mhíniú ar “mótar-fheithicil” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1942 ), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

cialluíonn an focal “mótar-fheithicil” feithicil inneall-ghluaiste bhíonn ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun í úsáid ar bhóithre, ach ní fholuíonn tarraingire bhíonn ceaptha agus déanta chun é úsáid chun crícheanna talmhaíochta ná rollóir bóthair ná feithicil dá dtagraítear i mír 4B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

Leasú ar alt 23 (forghéilleadh) den Acht Airgeadais, 1946 .

71. —Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgeadais, 1946

(a) i mír (i), trí “dlífear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na hábhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach a fhorghéilleadh” a chur in ionad “urghéillfear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na habhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach”,

(b) i mír (ii), trí “suim £1,000” a chur in ionad “trí oiread luacha na n-earraí nó na n-airceadal sin uile nó suim céad punt, do réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) I gcás nach mbeidh dleacht máil, is inmhuirearaithe ar aon earraí, íoctha an tráth a mbeidh sé dlite í a íoc nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a bheidh ceadaithe maidir lena híoc le haon achtachán nó faoi aon achtachán, dlífear na hearraí a fhorghéilleadh.”,

agus tá na míreanna sin (i) agus (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) dlífear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na hábhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach a fhorghéilleadh,

(ii) gach duine a aistreos, a thaiscfeas, nó a cheilfeas aon earraí nó airceadail den tsórt sin nó a mbeidh baint aige le haon earraí nó airceadail den tsórt sin a aistriú, a thaisceadh nó a cheilt, le hintinn an diúite sin nó aon chuid de a choimeád go calaoiseach ón Aire Airgeadais, urghéillfidh sé suim £1,000.

Leasú ar alt 34 (leasuithe maidir le pionóis) den Acht Airgeadais, 1963 .

72. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1963

(a) i bhfo-alt (4)—

(i) i mír (c) (i), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

(ii) i mír (d) (ii), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

agus

(b) i bhfo-alt (5), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ),

agus tá na míreanna sin (c) (i) agus (d) (ii) agus an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(c) (i) i gcás inar mó ná £1,000 trí oiread an luacha mheasta, triailfear an cion ar dhíotáil, agus

(d) (ii) más mó ná £1,000 trí oiread an luacha a chinnfear amhlaidh, triailfear an cion ar dhíotáil.

(5) Déanfar cion faoi aon achtachán de na hAchtanna Custam, seachas achtachán dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, a thriail ar dhíotáil má bhíonn an pionós, nó más rud é go bhféadfadh an pionós a bheith, níos mó ná £1,000.

Dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.

73. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

(2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis—

(a) trí “daichead punt nó níos lú “a chur in ionad “tríocha punt nó níos lú” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) in alt 1 (2) (b),

(b) trí “£5”, “£11”, “£18”, “£26”, “£33”, “£6”, “£28”, “£21” agus “£7” a chur in ionad “£4”, “£10”, “£16”, “£24”, “£30”, “£5”, “£25”, “£19” agus “£6”, faoi seach, i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(c) i mír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, trí—

(i) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (a),

(ii) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ),

(iii) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), agus

(iv) “£75” a chur in ionad “£50” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ),

(d) trí “£10”, “£20”, “£30” agus “£40” a chur in ionad “£5”, “£10”, “£15” agus “£20”, faoi seach, i mír 4A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 93 den Acht Airgeadais, 1973 ):

“5. Feithiclí (lena n-áirítear trírothaigh ar mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach) a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear chun earraí no ualach d'aon chineál eile a iompar i gcúrsa trádála nó gnó (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó ag údarás poiblí) agus feithiclí a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear, d'iompar meaisín, ceardlann, acra nó deis lena ndéantar nó ina ndéantar earraí atá á n-iompar sna feithiclí sin a phróiseáil nó a mhonarú le linn do na feithiclí a bheith ag gluaiseacht:

(a) is feithiclí a thiomáintear le leictreachas agus nach mó ná 25 cmn. a meáchan gan ualach     ...     ...     ...     ...     ...

£22

(b) is feithiclí nach feithiclí mar a luaitear roimhe seo a thiomáintear le leictreachas—

(i) nach mó ná 12 cmn. a meáchan gan ualach     ...     ...     ...     ...

£28

(ii) ar mó ná 12 cmn., ach nach mó ná 16 cmn., a meáchan gan ualach     ...

£34

(iii) ar mó ná 16 cmn., ach nach m tonna, a meáchan gan ualach     ...

£41

(iv) ar mó ná tonna, ach nach mó ná 2 thonna, a meáchan gan ualach

 

 

£41, móide £7 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar thonna

(v) ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, a meáchan gan ualach

 

 

£69, móide £8 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 2 thonna

(vi) ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná 4 thonna, a meáchan gan ualach

 

 

£101, móide £10 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 3 thonna

(vii) ar mo ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan ualach

 

 

£141, móide £10 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 4 thonna

(viii) ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná 6 thonna, a meáchan gan ualach

 

 

£181, móide £17 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 5 thonna

(ix) ar mó ná 6 thonna a meáchan gan ualach a meáchan gan ualach

 

 

£249, móide £22 an ceathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 6 thonna

agus ina theannta sin, i gcás aon fheithicil a úsáidtear chun leantóir a tharraingt, dleacht bhreise mar a leanas—

(I) i gcás nach mó ná 2 thonna meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...

£15

(II) i gcás inar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£20

(III) i gcás inar mó ná 3 thonna ach nach mó ná 4 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£26

(IV) i gcás inar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£35

(V) i gcás inar mó ná 5 thonna ach nach mó ná 6 thonna, meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...     ...     ...

£46

(VI) i gcás inar mó ná 6 thonna meáchan na feithicle gan ualach     ...     ...

£59”,

(f) trí—

(i) “£16” agus “£2” a chur in ionad “£8” agus “£1”, faoi seach, i bhfomhír (c) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(ii) trí “£16” agus “£2” a chur in ionad “£8” agus “£1”, faoi seach, i bhfomhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) den mhír sin 6,

(g) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach roimh fhomhír (d) den mhír sin 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin:

“(ccc) aon fheithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht nó a thiomáintear le leictreachas     ...

£26

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 9 n-each-chumhacht     ...

£29

is mó ná 9 n-each-chumhacht ach nach mó ná 10 n-each-chumhacht

£33

is mó ná 10 n-each-chumhacht ach nach mó ná 11 each-chumhacht     ...

£39

is mó ná 11 each-chumhacht

£44”.

(3) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, leasófar an tAcht tuilleadh, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 71 den Acht Airgeadais, 1982 ) in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht

£7 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó na 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht

£9 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16 each-chumhacht

£11 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 16 each-chumhacht ach nach mó ná 20 each-chumhacht

£13 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 20 each-chumhacht

£14 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas

£46”.

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, nó

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.

(c) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ).

(4) (a) Leasófar an tAcht tuilleadh tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin:

“4B. Feithiclí (ar a dtugtar ‘dumpairí eisbhóthair’) is mó toilleadh ná 4 shlat chiúbacha ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta go príomha le húsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóithre agus oibreacha tí agus tógála eile) le haghaidh coincréit, screallach, cré nó ábhair eile den sórt sin a iompar agus nach féidir leo, mar gheall ar an dearadh agus an déanamh atá orthu, dul thar 30 míle san uair ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin agus is ábhar do cheadanna speisialta faoi alt 17 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963, (I.R. Uimh. 190 de 1963)     ...     ...     ...     ...     ...     £250.”.

(b) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus is de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil a dhéanfar na haisíocaíochtaí.

(c) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire Comhshaoil chuige sin le hordú.

(5) (a) Leasófar alt 94(2) den Acht Airgeadais, 1973

(i) trí “£2” a chur in ionad “£1” i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ),

(ii) trí “£10” a chur in ionad “£5” i mír (aa) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ),

(iii) trí “£40” a chur in ionad “£20” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), agus

(iv) trí “£20” a chur in ionad “£10” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ).

(b) Beidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo maidir le feithiclí a mbainfear amach ceadúnais ina leith faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis.

Méadú ar an dleacht máil ar cheadúnais tiomána.

74. —Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1983, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach in alt 4 (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) in ionad mhíreanna (a) agus (b):

“(a) ceithre phunt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus

(b) ceithre phunt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin,”.

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais mhótarfheithiclí trádála.

75. —Beidh éifeacht le halt 15 (2) den Finance Act, 1922, arna chur chun feidhme le halt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , agus d'ainneoin téarmaí an ailt deiridh sin, maidir le ceadúnais lena mbaineann an t-alt sin 15 (2) a bhainfear amach an 1ú lá d'Eanáir, 1984, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí—

(a) “£200” in ionad “£100” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i mír (a),

(b) “£40” in ionad “£20” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 , sin a dúradh) i míreanna (a) agus (b), agus

(c) “£8” in ionad “£4” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 , sin a dúradh) i mír (b).

Orduithe a dhaingniú.

76. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo—

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 22 de 1982

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 257) (Beoir), 1982.

I.R. Uimh. 37 de 1982

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 258) (Beoir) (Uimh. 2), 1982.

I.R. Uimh. 9 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 261) (Dleachtanna Máil), 1983.

I.R. Uimh. 42 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 263) Dleachtanna Máil) (Uimh. 2), 1983.

I.R. Uimh. 85 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 264) (Hidreacarbóin), 1983.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

77. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ;

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Airgeadais, 1982 .

Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.

78. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (i) Más rud é, i gcás gnó atá á sheoladh, nó a bhfuil scortha ag duine inchánach de bheith á sheoladh, go ndéanfaidh duine eile, faoi aon chumhacht is infheidhmithe ag an duine eile sin, lena n-áirítear leachtaitheoir agus glacadóir, earraí is cuid de shócmhainní an ghnó a dhiúscairt i gcomhair nó faoi chomhair fiach a bheidh dlite den duine inchánach a shásamh, nó i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, measfar gur i gcúrsa a ghnó nó mar chabhair dá ghnó a sholáthair an duine inchánach na hearraí sin.

(ii) Áireofar ar dhiúscairt earraí faoin bhfo-alt seo aon diúscairt a meastar gur soláthar earraí do-chorraithe faoi alt 4 (2) í.”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

79. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—

(i) i mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1982), trí “£12,000” a chur in ionad “£15,000”,

(ii) i mír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1981), trí “£25,000” a chur in ionad “£30,000”, agus

(iii) i mír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1981), trí “£12,000” a chur in ionad “£15,000”,

(b) i bhfo-alt (3A) (a cuireadh isteach le hAcht 1982), trí “£12,000” a chur in ionad “£15,000”, agus

(c) i bhfo-alt (9), sa mhíniú ar “feirmeoir” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), trí “£12,000” a chur in ionad “£15,000” gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 9 (clárú) den Phríomh-Acht.

80. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “nó is daoine a dhiúscróidh earraí a meastar, de bhun alt 3 (7), gur earraí iad a sholáthair duine inchánach i gcúrsa a ghnó nó mar chabhair dá ghnó” a chur isteach i ndiaidh “ina ndaoine inchánach”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Gach duine a dhiúscróidh earraí a meastar, de bhun alt 3 (7), gur earraí iad a sholáthair duine inchánach i gcúrsa a ghnó nó mar chabhair dá ghnó, tabharfaidh sé i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de cheithre lá dhéag ón diúscairt sin na sonraí sin a bheidh leagtha síos i rialacháin mar shonraí is gá chun an duine sin a chlárú le haghaidh cánach.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

81. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “18 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus

(ii) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ), trí “35 faoin gcéad” a chur in ionad “30 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1982),

agus

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), maidir le soláthairtí an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó aon lá dá éis, trí “8.69 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad”,

(ii) i mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “21.74 faoin gcéad” a chur in ionad “16.67 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1982),

(iii) i mír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1981), trí “21.74 faoin gcéad” a chur in ionad “16.67 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1982),

(iv) i mír (d) (a cuireadh isteach le hAcht 1982), trí “21.74 faoin gcéad” a chur in ionad “16.67 faoin gcéad”, agus

(v) i mír (e) (a cuireadh isteach le hAcht 1982), trí “21.74 faoin gcéad” a chur in ionad “16.67 faoin gcéad”.

(2) Déantar leis seo alt 11 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) 5 faoin gcéad den mhéid ar arb inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal,”,

agus

(ii) i mír (c), trí “de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear i míreanna (a), (aa) agus (b)” a chur in ionad “de réir cheachtar de na rátaí a shonraítear i míreanna (a) agus (b)”,

(b) i bhfo-alt (2), trí míreanna (b), (c), (d) agus (e) a scriosadh,

(c) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1976), trí “, fo-alt (1) (aa)” a chur i ndiaidh “fo-alt (1) (a)” i mír (e) (i), agus

(d) i bhfo-alt (8), trí “an Dara, an Tríú nó an Séú Sceideal” a chur in ionad “an Dara nó an Tríú Sceideal” i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

82. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

(a) maidir le soláthairtí an 1ú lá de Mhárta, 1983, nó aon lá dá éis, trí “2.3 faoin gcéad” a chur in ionad “1.8 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1982) i bhfo-alt (1), agus

(b) maidir le soláthairtí an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó aon lá dá éis, trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “2.3 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le mír (a)) san fho-alt sin (1).

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

83. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) ar earraí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal de réir an chéatadáin a shonraítear in alt 11 (1) (aa) de luach na n-earraí, agus”,

agus

(b) i bhfo-alt (4), maidir le hallmhairiúcháin an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó aon lá dá éis, trí “8.69 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad”.

Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.

84. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Faoi réir mhír (b), tabharfaidh duine inchánach don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 9 lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tuairisceán ceart cruinn arna ullmhú de réir rialachán ar an méid cánach a tháinig chun bheith dlite de i gcaitheamh na tréimhse inchánach, nach cáin a bheidh íoctha aige cheana féin i ndáil le hearraí a d'allmhairigh sé, agus an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin agus cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacháin, agus cuirfidh sé ag an am céanna chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin.

(b) Maidir le duine a dhiúscróidh earraí a meastar, de bhun alt 3 (7), gur earraí iad a sholáthair duine inchánach i gcúrsa a ghnó nó mar chabhair dá ghnó—

(i) tabharfaidh sé don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 9 lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tuairisceán cruinn iomlán, arna ullmhú de réir rialachán, ar an méid cánach a tháinig chun bheith dlite den duine inchánach sin i ndáil leis an diúscairt, agus cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacháin, agus cuirfidh sé ag an am céanna chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach is iníoctha i leith na tréimhse inchánach lena mbaineann,

(ii) cuirfidh sé ráiteas, ina mbeidh cibé sonraí a bheidh leagtha síos i rialacháin, chuig an duine ar leis na hearraí a diúscraíodh, agus

(iii) déileálfaidh sé leis an méid sin cánach mar eisíocaíocht riachtanach as fáltais na diúscartha.

(c) Maidir le duine is úinéir ar earraí a meastar, de bhun alt 3 (7), gur earraí iad a sholáthair duine inchánach i gcúrsa a ghnó nó mar chabhair dá ghnó, ní chuirfidh sé san áireamh in aon tuairisceán atá nó, mura mbeadh an fhomhír seo, a bheadh, de cheangal air a thabhairt faoin Acht seo, an cháin is iníoctha de réir mhír (b).”.

Leasú ar alt 25 (achomhairc) den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo alt 25 (2) den Phríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) achomharc a chinneadh trí mhainneachtain ag duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige láithriú os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc ag an am agus san áit a ceapadh;

(ff) diúltú d'iarratas chun aon imeachtaí i ndáil le hachomharc a chur ar atráth, agus díbhe achomhairc, ag na Coimisinéirí Achomhairc;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó mhír (k) go dtí deireadh an ailt, eadhon, “beidh feidhm acu, faoi réir na modhnuithe atá leagtha amach anseo thíos agus aon mhodhnuithe eile is gá, maidir le héileamh faoi alt 22 nó le hachomharc faoi alt 11 (1B) nó 23 nó faoin alt seo ionann agus dá mba é a bhí san éileamh nó san achomharc achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim:

(i) folóidh tagairt do bhliain mheasúnachta tagairt do na tréimhsí inchánach lena mbaineann,

(ii) folóidh tagairt do thuairisceán ar ioncam tagairt do thuairisceán is gá a thabhairt faoi alt 19,

(iii) folóidh tagairt d'ús tagairt d'ús is iníoctha faoi alt 21”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

86. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xx):

“(xx) (a) leictreachas,

(b) coinnle céarach agus soilse oíche atá bán agus sorcóireach, gan coinnle agus soilse oíche maisithe, bíseacha, barrchaolaithe nó cumhraithe a áireamh.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

87. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i gCuid I—

(i) i mír (ix), trí“, atlasaí” a scriosadh,

(ii) trí mhír (xii) a scriosadh, agus

(iii) trí “nó i mír (i) den Séú Sceideal” a chur isteach i míreanna (xxiii) agus (xxiv) i ndiaidh “Sceideal”, agus

(b) i gCuid II, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) Seirbhísí seachas—

(a) earraí a fhruiliú nó a ligean,

(b) seirbhísí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal;”.

An Séú Sceideal a chur isteach sa Phríomh-Acht.

88. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an Cúigiú Sceideal:

“AN SÉÚ SCEIDEAL

Earraí agus Seirbhísí is inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (aa)

(i) (a) Gual, móin agus substaintí soladacha eile ar mar bhreosla amháin a chuirtear ar díol iad,

(b) gás de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin nó soilsiúcháin i dtithe nó i dtionscail i bhfoirm gásach nó i bhfoirm leachtach, ach gan gás a áireamh de chineál a úsáidtear de ghnáth le miotail a tháthú agus a ghearradh ná gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra,

(c) ola hidreacarbóin de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin i dtithe nó i dtionscail seachas ola gáis (de réir bhrí na Rialachán Ola Hiodracarbóin (Ola faoi Lacáiste), 1961 (I.R. Uimh. 122 de 1961)) nach ola gáis atá marcáilte go cuí de réir Rialachán 6 (2) de na Rialacháin sin;

(ii) earraí do-chorraithe;

(iii) seirbhísí arb éard iad earraí do-chorraithe a fhorbairt, agus earraí do-chorraithe a chothabháil agus a dheisiú lena n-áirítear daingneáin a fheistiú, i gcás nach mó luach na n-earraí so-chorraithe (más ann dóibh) a sholáthrófar de bhun comhaontú i ndáil leis na seirbhísí sin ná dhá thrian den mhéid iomlán ar arb inmhuirearaithe cáin maidir leis an gcomhaontú;

(iv) seirbhísí, arna soláthar an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó aon lá dá éis, arb éard iad deisiú nó cothabháil feithiclí talún inneallghluaiste lena n-áirítear innealra soghluaiste uathghluaisteach (seachas feithiclí agus innealra atá deartha, déanta nó ceaptha lena n-úsáid ar ráillí) agus earraí a shonraítear i mír (v), a mhéid a bhaineann sí le feirmeoirí, agus i mír (xx), de Chuid I den Tríú Sceideal, lena n-áirítear earraí a chur ar fáil agus a fheistiú i gcúrsa na seirbhísí sin a sholáthar ar earraí iad de chineál a bhíonn ar áireamh mar chodanna de na feithiclí sin de ghnáth nuair a sholáthraítear as an nua iad, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(a) gabhálais, aidhlicí, earraí a shonraítear i mír (xxv) den Chuid sin I agus batairí a chur ar fáil i gcúrsa seirbhíse deisithe nó cothabhála,

(b) deisiú agus cothabháil a dhéanamh, cibé acu ar leithligh nó i gcúrsa earraí eile a dheisiú nó a chothabháil, ar airceadail arb éard iad gabhálais nó aidhlicí nó earraí a shonraítear sa mhír sin (xxv), seachas airceadail den sórt sin de chineál a shonraítear sa mhír sin (v), a mhéid a bhaineann sí le feirmeoirí, agus sa mhír sin (xx), agus

(c) ní, glanadh agus snasú;

(v) seirbhísí talmhaíochta arb éard iad—

(a) obair mhachaire, buaint, baint, bualadh, cornadh, fómharaíocht, curaíocht agus plandáil,

(b) táirgí talmhaíochta a dhíghalrú agus a shadhlasú,

(c) fiaile agus loitmhíola a dhíothú agus barraí agus talamh a dhustáil agus a spréáil,

(d) teascadh, crainn a leagan agus seirbhísí eile foraoiseachta, agus

(e) siltean agus míntíriú talún;

(vi) seirbhísí ceantálaí, aturnae, gníomhaire eastáit nó gníomhaire eile, a bhaineann go díreach le soláthar earraí do-chorraithe a úsáidtear chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A;

(vii) seirbhísí cuntasaíochta feirme nó bainistí feirme.”.

Faoiseamh d'óstáin etc.

89. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn “seirbhís cháilitheach” seirbhís ina soláthraítear, do dhaoine nach gcónaíonn sa Stát, faoi chomhaontú arna dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1983, cóiríocht chodlata, i dteannta nó d'éagmais cothaithe, nó gluaisteáin ar fruiliú, báid ar fruiliú nó fialacht, ar tháillí arna socrú tráth déanta an chomhaontaithe, do dhaoine a bhfuil gnó gníomhaire taistil, gnó tionscnóra turais nó gnó fruilithe gluaisteán nó bád á dhéanamh acu.

(b) Maidir leis na tréimhsí inchánach dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1983, an lú lá de Bhealtaine, 1983, an 1ú lá d'Iúil, 1983, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983 agus an 1ú lá de Shamhain, 1983, d'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) beidh, agus measfar go raibh, cáin inmhuirearaithe, i ndáil le seirbhís cháilitheach a sholáthar, de réir ráta 18 faoin gcéad.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo), 18 faoin gcéad a bheidh sa ráta cánach is inmhuirearaithe i ndáil le hearraí do-chorraithe a ligean mar a shonraítear i mír (iv) (b) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

90. —(1) San alt seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £5,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá d'Aibreán, 1983, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin mhíosúla bainc a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1982, an 20ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982, agus an 17ú lá de Shamhain, 1982;

ciallaíonn “méid sonraithe”—

(a) i gcás banc comhlachaithe, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar i dtuairisceáin an bhainc sin maidir le Mír 7 i bhFoscríbhinn II de na tuairisceáin mar choigeartú ar chuntais reatha le haghaidh seiceanna idirthurais a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha agus cuntais taisce atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin;

(b) i gcás aon bhainc eile, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar san anailís ar dhliteanais roghnaithe i dtuairisceáin an bhainc sin mar shuimeanna a dhlitear do bhainc (lena n-áirítear bainc nach bainc de réir bhrí fho-alt (1)) maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe, atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 14ú lá de Mheán Fómhair, 1983, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.2 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

(b) 0.375 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.2 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mBanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin dlífidh sé mar phionós breise ón 14ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Leasú ar alt 17 (dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

91. —Leasaítear leis seo alt 17 (2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) (i) Féadfaidh tionscnóir, laistigh de thrí mhí tar éis an 1ú lá d'Aibreán aon bhliain (arb í an bhliain 1983 nó bliain dá éis sin í), le toiliú na gCoimisinéirí Ioncaim, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh orthu ina dtaispeánfar líon na gcártaí muirir, na gcártaí muirir cuideachta agus na gcártaí forlíontacha a d'eisigh nó a d'athnuaigh an tionscnóir agus a deir gur bailí dóibh ar feadh tréimhse a bhfuil an 1ú lá d'Aibreán an bhliain sin ar áireamh inti.

(ii) Muirearófar ar gach ráiteas a sheachadfar de réir fhorálacha fhomhír (i) den mhír seo, agus íocfar tráth seachadta an ráitis, dleacht stampa de réir ráta £5 i leith gach cárta muirir, gach cárta muirir cuideachta agus gach cárta forlíontach atá ar áireamh ar an líon cártaí a thaispeántar sa ráiteas.

(iii) D'ainneoin mhír (b) den fho-alt seo, i gcás ina seachadfaidh tionscnóir ráiteas de réir fhorálacha na míre seo, ní bheidh feidhm ag an mír sin (b) i ndáil leis an tionscnóir i leith na ráithí sa bhliain ina seachadfar an ráiteas.”.

Leasú ar alt 74 (dleacht stampa ar bhronntanais inter vivos) den Finance (1909-10) Act, 1910.

92. —(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Any conveyance or transfer (not being a disposition made in favour of a purchaser or incumbrancer or other person in good faith and for valuable consideration) shall, for the purposes of this section, be deemed to be a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos, and the consideration for any conveyance or transfer shall not for this purpose be deemed to be valuable consideration where marriage is the consideration, or part of the consideration, or where the Commissioners are of opinion that by reason of the inadequacy of the sum paid as consideration or other circumstances the conveyance or transfer confers a substantial benefit on the person to whom the property is conveyed or transferred.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982 .

93. —(1) Leasaítear leis seo alt 92 den Acht Airgeadais, 1982

(a) trí “(lena n-áirítear, i gcás árachóir is treoirárachóir (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhárachas), 1983 (I.R. Uimh. 65 de 1983)), an méid a fuarthas ar mhodh préimheanna iomlánacha (de réir na brí sin a dúradh))” a chur isteach i ndiaidh “préimheanna” sa mhíniú ar “méid inmheasúnaithe”, agus

(b) trí “4”, a chur isteach i ndiaidh “eadhon,” i mír (b) den mhíniú ar “méid eisiata”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le méideanna a gheofar ar dháta an Achta seo a rith nó dáta dá éis.

CUID V

Cionta Ioncaim

Cionta ioncaim.

94. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Custam,

(b) na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin,

(c) na hAchtanna Cánach,

(d) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(e) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(f) an tAcht um Cháin Fháltas Capitiúil, 1976, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(g) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa agus le bainistí na dleachta sin, agus

(h) Cuid VI.

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon achtachán eile agus a bhaineann le cáin;

ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Gan dochar d'aon phionós eile a bheidh inchurtha air, beidh duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é, tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) go seachadfaidh sé, go feasach nó go toiliúil, aon tuairisceán nó ráiteas mícheart nó aon chuntais mhíchearta nó go dtabharfaidh sé, go feasach nó go toiliúil, aon fhaisnéis mhícheart i ndáil le haon cháin,

(b) go gcabhróidh nó go neartóidh nó go gcuideoidh sé go feasach le duine eile, nó go ngríosóidh sé nó go n-aslóidh sé duine eile go feasach, chun aon tuairisceán nó ráiteas mícheart nó aon chuntais mhíchearta i ndáil le haon cháin a thabhairt nó a sheachadadh go feasach nó go toiliúil,

(c) go n-éileoidh sé nó go bhfaighidh sé faoiseamh nó díolúine ó aon cháin, nó aisíoc aon chánach, is faoiseamh, díolúine nó aisíoc nach bhfuil teideal aige chuige nó chuici, go bhfios dó,

(d) go n-eiseoidh sé nó go dtabharfaidh sé nó go dtabharfaidh sé ar aird, go feasach nó go toiliúil, aon sonrasc, admháil nó ionstraim mhícheart nó aon doiciméad mícheart eile i ndáil le haon cháin,

(e) go mainneoidh sé, go feasach nó go toiliúil, déanamh de réir aon fhoráil de chuid na nAchtanna lena gceanglaítear—

(i) tuairisceán a thabhairt ar ioncam, brabúis nó gnóchain, nó ar bhunaidh ioncaim, brabús nó gnóchan, chun críocha aon chánach,

(ii) aon tuairisceán, deimhniú, fógra nó sonraí eile a thabhairt, nó aon ráiteas nó fianaise a thabhairt, chun críocha aon chánach,

(iii) leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a choimeád nó a choinneáil chun críocha aon chánach, nó

(iv) leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a thabhairt ar aird, nuair a iarrfar sin, chun críocha aon chánach,

(f) go mainneoidh sé aon cháin ioncaim a íoc is iníoctha de bhun Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus na rialachán faoi, nó de bhun alt 7 den Acht Airgeadais, 1968 , agus na rialachán sin, nó aon cháin bhreisluacha a íoc, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin i ndáil le cáin ioncaim nó cáin bhreisluacha, de réir mar a bheidh, leis na hAchtanna, nó

(g) go gcuirfidh sé bac nó treampán ar aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, nó ar aon duine eile, agus é ag feidhmiú nó ag comhlíonadh cumhachtaí nó dualgas faoi na hAchtanna chun críocha aon chánach.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, gur sonraíodh ann na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) (a) den alt seo agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(5) I gcás cion faoin alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go suífear go ndearnadh an cion le tioliú nó le cúlcheadú aon duine a bhí, tráth an chiona a dhéanamh, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, measfar an duine sin freisin a bheith ciontach sa chion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(6) In aon imeachtaí faoin alt seo, aon tuairisceán nó ráiteas a sheachadfar ar chigire nó ar oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi aon fhoráil de na hAchtanna agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag aon duine measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith seachadta amhlaidh, agus é a bheith sínithe, ag an duine sin.

(7) D'ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i ndáil le cionta faoin alt seo.

(9) Chun críocha an ailt seo beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha ailt 128 (4), 500 (4), 501 (3), 502 (3), 506 agus 507 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag ailt 26 (6) agus 27 (7) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 mar atá feidhm acu chun críocha na bhforálacha sin, lena n-áirítear, i gcás cibé forálacha díobh sin a cuireadh chun feidhme leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó le Cuid VI, chun críocha na bhforálacha sin arna gcur chun feidhme amhlaidh.

CUID VI

Cáin Mhaoine Cónaithe

Léiriú (Cuid VI).

95. —(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “ioncam iomchuí comhiomlán” an bhrí a shanntar dó le halt 101 (1);

ciallaíonn “duine inmheasúnaithe” duine is inmhuirearaithe i leith cánach ach amháin gur duine inmheasúnaithe duine d'ainneoin teideal a bheith aige, faoi alt 101, chun díolúine ó cháin maidir le glanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar aon dáta luachála;

tá le “leanbh” an bhrí a shanntar dó le halt 141 (1B) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “Bailitheoir” an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “ioncam” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach gan féachaint—

(a) d'aon fhoráil de chuid na nAchtanna sin (cé is moite d'ailt 340, 353 agus 354 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1968 , d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1973 , agus d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1982 ) lena bhforáiltear go bhfuil ioncam díolmhaithe ó cháin ioncaim nó nach bhfuil aird le tabhairt ar aon ioncam chun críocha na nAchtanna sin nó lena bhforáiltear thairis sin nach bhfuil aon mhéid ioncaim nó aon chuid d'ioncam faoi réir cháin ioncaim na hÉireann,

(b) d'ailt 89, 236, 251, 254 agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) do Chaibidil I de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(d) do Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(e) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 ,

(f) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,

(g) do Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 ,

(h) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1977 ,

(i) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , agus

(j) d'ailt 23 agus 24 den Acht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “teorainn díolúine ioncaim” an méid a fhionnfar de réir alt 101;

tá le “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “léas”, “léasaí” agus “cíos” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le haon mhaoin, margadhluach na maoine sin arna fhionnadh de réir alt 98;

tá le “teorainn díolúine mhargadhluacha” an bhrí a shanntar dó le halt 100;

ciallaíonn “glan-mhargadhluach”, i ndáil le maoin chónaithe iomchuí de chuid duine ar dháta luachála, an bhreis, más ann, atá ag méid comhiomlán margadhluachanna na maoine cónaithe go léir, is maoin chónaithe iomchuí i ndáil leis an duine ar an dáta sin, ar mhéid na teorann díolúine margadhluacha ag a mbeidh feidhm ar an dáta luachála sin i gcás an duine;

ciallaíonn “áitiú”, i ndáil le maoin chónaithe, úsáid na maoine sin a bheith ag duine, cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear iarbhír í, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le duine inmheasúnaithe, agus maidir le haon dáta luachála, aon duine (seachas duine is fostaí de chuid an duine inmheasúnaithe agus ar leis an maoin chónaithe iomchuí a bhaineann a fhostaíocht go hiomlán nó go príomha) a riabh cónaí air go rialta ag aon mhaoin chónaithe iomchuí de chuid an duine inmheasúnaithe sa bhliain dar chríoch an dáta sin agus gurbh amhlaidh—

(a) nár íoc sé féin ná a chéile aon chíos ná íocaíocht eile dá shamhail i leith na háite cónaithe sin, nó

(b) gur íoc sé féin nó a chéile an riar sin de chíos nó d'íocaíocht eile dá shamhail i leith na háite cónaithe sin a d'fhágfadh, dá mba rud é gur duine lena mbaineann fo-alt (2) (b) (iv) a d'íoc é nó í i leith na maoine cónaithe iomchuí faoi léas, comhaontú nó ceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) (iv), gurb é an duine deiridh sin a luaitear a bheadh, de bhua fho-alt (2) (b) (iv), ina úinéir i ndáil leis an maoin chónaithe iomchuí;

ciallaíonn “maoin chónaithe iomchuí”, i ndáil le haon duine, aon mhaoin chónaithe arb eisean an t-úinéir i ndáil léi agus ar maoin í atá á háitiú aige mar theaghais nó teaghaisí;

ciallaíonn “maoin chónaithe”—

(a) foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, atá á úsáid nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus

(b) talamh (seachas gairdín den chineál a shonraítear in alt 39 (1) den Acht Airgeadais, 1978 ) atá ag áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad,

ach ní fholaíonn sé foirgneamh formheasta de réir bhrí alt 19 den Acht Airgeadais, 1982 ;

ciallaíonn “cáin” cáin mhaoine cónaithe is inmhuirearaithe de bhua na Coda seo;

tá le “na hAchtanna Cánach” an bhrí chéanna atá leis in alt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “dáta luachála”, i ndáil le haon bhliain, an 5ú lá d'Aibreán an bhliain sin.

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) d'ainneoin gan úsáid maoine cónaithe mar theaghais a bheith aige ar dháta luachála, áireofar duine mar dhuine ag a bhfuil úsáid na maoine mar theaghais ar an dáta luachála sin má bhíonn úsáid na maoine mar theaghais aige do bhunús na bliana dar críoch an dáta sin agus do bhunús na bliana dar tosach an chéad lá eile i ndiaidh an dáta sin;

(b) Faoi réir mhír (c) is úinéir duine i ndáil le maoin chónaithe má tharlaíonn don duine sin, ina aonar, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas—

(i) eastát ruílse sa mhaoin a shealbhú go tairbhiúil,

(ii) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil faoi léas, comhaontú nó ceadúnas ar faide ná 50 bliain a ré,

(iii) a bheith ina úinéir tairbhiúil faoi mhorgáiste ar chothromas fuascailte in eastát ruílse sa mhaoin nó ar chothromas fuascailte i leas sa mhaoin faoi léas, comhaontú nó ceadúnas den chineál a luaitear i bhfomhír (ii),

(iv) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil faoi léas, comhaontú nó ceadúnas (seachas léas, comhaontú nó ceadúnas den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (ii)), nach n-íoctar aon chíos nó íocaíocht eile dá shamhail faoi nó ina leith, nó—

(I) a n-íoctar cíos nó íocaíocht eile dá shamhail arb amhlaidh dá méid iomlán don tréimhse dár comhaontaíodh í gur lú é, ag féachaint do na luachanna agus do na himthosca eile a bhí i réim an tráth a comhaontaíodh ar mhéid an chíosa nó na híocaíochta eile, ná méid iomlán an chíosa nó na híocaíochta eile maidir leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas sin (dá ngairtear “an cíos neamhthuilleamaíoch” anseo feasta) don tréimhse sin a bhféadfaí bheith ag súil go gcomhaontófaí air an tráth sin ag féachaint do na luachanna sin agus do na himthosca eile sin dá mba ar an margadh oscailte agus ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí i ndáil leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas sin agus dá mba nach raibh an duine atá i dteideal an chíosa sin nó na híocaíochta sin i dteideal aon chomaoine eile maidir leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas, agus

(II) ar mó an difear idir méid iomlán an chíosa sin a dúradh nó na híocaíochta sin a dúradh agus méid iomlán an chíosa neamhthuilleamaíoch sin a dúradh ná 20 faoin gcéad den mhéid deiridh sin,

(v) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil ar toil nó trí fhulangacht aon duine eile, nó faoi aon iontaobhas, agus—

(I) nach n-íocann sé aon chíos ina leith, nó

(II) go n-íocann sé an riar sin de chíos ina leith a d'fhágfadh, dá mba faoi léas de chineál a luaitear i bhfomhír (iv) arna dheonú an tráth a thosaigh an duine ag sealbhú na maoine ar toil nó trí fhulangacht an duine eile sin, nó faoin iontaobhas, a d'íocfaí é, gurbh é an chéad duine a luaitear, faoi fhomhír (iv), a bheadh ina úinéir i ndáil leis an maoin;

(c) ní úinéir duine i ndáil le maoin chónaithe, de bhíthin fhomhír (iv) nó (v) de mhír (b)—

(i) má tá sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an maoin a chur ar fáil, nó go mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh i leith cánach murach alt (2) nó (3) den alt sin 117,

(ii) má tá sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 96 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an maoin a chur ar fáil,

(iii) más cuid í an mhaoin de mhaoin chónaithe iomchuí an duine a dheonaigh an léas nó an ceadúnas, nó a rinne an comhaontú, a luaitear san fhomhír sin (iv) nó más cuid í dé mhaoin chónaithe iomchuí an duine ar ar a thoil nó trína fhulangacht a shealbhaítear an mhaoin de réir mar a luaitear san fhomhír sin (v), nó

(iv) má shealbhaíonn sé an mhaoin mar airíoch faoi chomhaontú a rinneadh ar neamhthuilleamaí;

(d) tráth a bheidh ré léasa, comhaontaithe nó ceadúnais á fionnadh, beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha alt 80 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , amhail mar atá feidhm acu chun críocha Chaibidil VI de Chuid IV den Acht sin;

(e) tráth a bheifear á fhionnadh an lú nó nach lú aon chíos nó íocaíocht eile dá shamhail faoi réim nó i leith léasa, comhaontaithe nó ceadúnais ná an cíos neamhthuilleamaíoch i leith na maoine áirithe, ní thabharfar aird ar aon fhoráil sa léas, sa chomhaontú nó sa cheadúnas áirithe ná in aon chomhaontú a bhaineann leis an léas, leis an gcomhaontú nó leis an gceadúnas sin a cuireadh isteach ann, i dtuairim na gCoimisinéirí, chun méid an chíosa neamhthuilleamaíoch a cheilt nó a laghdú.

Cáin mhaoine cónaithe a mhuirearú.

96. —Faoi réir fhorálacha na Coda seo agus aon rialachán faoin gCuid seo, déanfar, le héifeacht ar an agus ón 5ú lá d'Aibreán, 1983, cáin, ar a dtabharfar cáin mhaoine cónaithe, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc gach bliain ar ghlan-mhargadhluach mhaoin chónaithe iomchuí gach duine ar an dáta luachála gach bliain agus is é a bheidh sa ráta cánach aon go leith faoin gcéad den ghlan-mhargadhluach sin.

Maoin chónaithe inchánach duine.

97. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, is é a bheidh i maoin chónaithe iomchuí duine a bhfuil sainchónaí air sa Stát ar an dáta luachála an mhaoin go léir, cibé áit a bhfuil sí, ar maoin chónaithe iomchuí an duine í ar an dáta sin.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, ní bheidh i maoin chónaithe iomchuí duine nach bhfuil sainchónaí air sa Stát ar an dáta luachála ach an mhaoin sa Stát ar maoin chónaithe iomchuí an duine í ar an dáta sin.

Margadhluach maoine.

98. —(1) Sa Chuid seo, faoi réir na bhforálacha eile inti agus faoi réir aon rialachán fúithi, measfar gurb éard é margadhluach aon mhaoine an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe na maoine sin dá ndíolfaí mar áit chónaithe í ar an margadh oscailte ar an dáta luachála i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a bhféadfaí le réasún bheith ag súil go bhfaighfí dá mbarr an praghas is fearr ar an maoin don díoltóir.

(2) Tráth a bheidh margadhluach feo simplí neamhualaithe aon mhaoine á mheas de réir fho-alt (1) déanfaidh an duine ar cuid dá mhaoin chónaithe iomchuí an mhaoin praghas na maoine a shocrú de réir an phraghais ar an dáta luachála iomchuí agus ní dhéanfaidh sé aon laghdú ar an meastachán mar gheall ar an meastachán a bheith déanta ar an toimhde go mbeidh an duine sin nó aon duine eile inmhuirearaithe i leith cánach.

(3) Mura mbeidh na Coimisinéirí sásta le margadhluach aon mhaoine a bheidh measta ag aon duine, nó más dóigh leo gur gá déanamh amhlaidh, féadfaidh siad, faoi réir na gcoinníollacha agus na gceanglas céanna a bhaineann leis an duine sin, margadhluach na maoine sin a mheas agus, i gcás inar mó an margadhluach a bheidh measta amhlaidh ag na Coimisinéirí ná an margadhluach a bheidh measta ag an duine, is faoi threoir an mhargadhluacha a bheidh measta ag na Coimisinéirí agus ní faoi threoir an mhargadhluacha a bheidh measta ag an duine a dhéanfar aon mhuirearú i leith cánach.

(4) Fionnfaidh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine chun críocha fho-alt (3) nó alt 104 (2) i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine a bheidh cáilithe go cuí chuige sin aon mhaoin a iniúchadh agus luach na maoine sin a thuairisciú dóibh chun críocha na Coda seo agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina sheilbh cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith riachtanach.

(5) I gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí gur duine a bheidh ainmnithe acu a dhéanfaidh an luacháil, is iad na Coimisinéirí a íocfaidh costais na luachála sin.

Margadhluachanna a chionroinnt.

99. —Más rud é, maidir le haon dáta luachála, gur cuid í an mhaoin chónaithe de maoin chónaithe iomchuí is le dhá dhuine nó níos mó, is é an méid a bheidh le cur i gcuntas maidir le margadhluach na maoine sin chun a fháil amach cad iad glan-mhargadhluachanna na maoine cónaithe iomchuí is le gach duine de na daoine sin ar an dáta sin an méid a bhfuil idir é agus margadhluach na maoine cónaithe ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir a haon agus líon na ndaoine sin.

Teorainn díolúine mhargadhluacha.

100. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “teorainn díolúine ghinearálta” an teorainn díolúine mhargadhluacha ghinearálta a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála, is é sin le rá, an méid a gheofar trí £65,000 a iolrú ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983 é;

ciallaíonn “teorainn díolúine mhargadhluacha”, i ndáil le duine inmheasúnaithe maidir le dáta luachála, méid comhiomlán na dteorainneacha díolúine aonaid is inchurtha i leith na n-aonad de mhaoin chónaithe is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála sin;

ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua” an Treoir-Uimhir do Threoghluaiseachtaí i bPraghsanna Tithe Nua Príobháideacha a thiomsaíonn an Roinn Comhshaoil agus ciallaíonn an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann le haon dáta luachála an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Mhárta díreach roimh an dáta luachála sin á lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973.

ciallaíonn “teorainn díolúine aonaid”, i ndáil le dáta luachála, an chomhréir den teorainn díolúine ghinearálta i ndáil leis an dáta luachála sin is inchurtha i leith aonad de mhaoin chónaithe, agus is é a bheidh inti méid a chinnfear de réir na foirmle—

A × G

_____

B

i gcás—

arb é A margadhluach (arna fhionnadh gan féachaint d'alt 99) an aonaid de mhaoin chónaithe ar an dáta luachála,

arb é B comhiomlán na margadhluachanna (arna fhionnadh gan féachaint d'alt 99) de na haonaid go léir ba chuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála,

arb é G an teorainn díolúine ghinearálta:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeadh, i ndáil le dáta luachála, aonad de mhaoin chónaithe ina chuid den mhaoin chónaithe iomchuí is le dhá dhuine nó níos mó, go ndéanfar an teorainn díolúine aonaid i ndáil leis an aonad de mhaoin chónaithe sin i gcás an duine inmheasúnaithe a laghdú go dtí an méid a bhfuil idir é agus an teorainn díolúine aonaid arna ríomh gan féachaint don choinníoll seo an chomhréir chéanna atá idir a haon agus líon na ndaoine sin.

(2) Ní bheidh méid na teorann díolúine margadhluacha a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála i gcás aon duine níos mó ná an teorainn díolúine ghinearálta a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin.

Teorainn díolúine ioncaim.

101. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe éileamh chuige sin agus go gcruthóidh sé nár mhó comhiomlán a chuid ioncaim féin don bhliain dar críoch dáta luachála agus an t-ioncam don bhliain sin a bhí ag gach duine ar tharla dó, maidir leis an dáta luachála sin, a bheith ina dhuine iomchuí i ndáil leis an duine inmheasúnaithe (dá ngairtear “ioncam iomchuí comhiomlán” anseo ina dhiaidh seo sa Chuid seo) ná an teorainn díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar an dáta luachála sin, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin i leith ghlanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta luachála sin.

(2) Is é a bheidh sa teorainn díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála an méid a gheofar trí £20,000 a iolrú ar an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983, é.

(3) San alt seo ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim a thiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ciallaíonn an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann le haon dáta luachála an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí Feabhra díreach roimh an dáta luachála sin á lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí na Samhna, 1982.

Faoisimh imeallacha.

102. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe éileamh chuige sin agus go gcruthóidh sé nach mó a ioncam iomchuí comhiomlán maidir le haon dáta luachála ná méid is ionann agus comhiomlán na teorann díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin agus £5,000, beidh sé i dteideal go ndéanfaí an cháin, más ann, is iníoctha aige i leith ghlan-mhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta luachála sin a laghdú go dtí méid is ionann agus an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A - E

T

×

______

5,000

i gcás—

arb é A méid an ioncaim iomchuí chomhiomláin,

arb é E an teorainn díolúine ioncaim, agus

arb é T an cháin a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo agus fho-alt (2), iníoctha.

(2) I gcás ina raibh duine inmheasúnaithe i dteideal faoisimh don bhliain mheasúnachta dar críoch dáta luachála, faoi alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith aon leanbh nó leanaí a chónaíonn leis, beidh sé i dteideal go ndéanfaí an cháin is iníoctha aige i leith ghlanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta sin a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle—

C

T

×

__

10

i gcás—

arb é C 1 nó, más mó ná 1 líon na leanaí sin, an líon sin (suas go dtí 10 ar a mhéid), agus

arb é T an cháin a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, iníoctha.

(3) Aon éileamh faoi fho-alt (1) ní mór é a dhéanamh i scríbhinn chun na gCoimisinéirí tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta luachála iomchuí.

Tuairisceáin a sheachadadh.

103. —(1) Ní mór do dhuine inmheasúnaithe, ar an nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach i ndiaidh gach dáta luachála, tuairisceán, agus é ar fhoirm a bheidh curtha ar fáil ag na Coimisinéirí, ar an maoin go léir is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála ag lua mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí, agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn air déanamh amhlaidh, ráiteas ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an maoin sin, nó le haon mhaoin a bhfuil cúis ag na Coimisinéirí a chreidiúint gur cuid í de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe sin, a sheachadadh orthu laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Ní mór do dhuine, má cheanglaíonn na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn air déanamh amhlaidh, tuairisceán, agus é ar fhoirm a bheidh curtha ar fáil acu, ar an maoin go léir ba chuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine sin ar an dáta luachála a bheidh sonraithe san fhógra, ag lua mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí, laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air déanamh amhlaidh, ráiteas ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an maoin sin, a sheachadadh orthu.

(3) Beidh tuairisceán faoin alt seo le síniú ag an duine a mbeidh sé le seachadadh aige agus beidh dearbhú ann ón duine sin go bhfuil an tuairisceán cruinn iomlán, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal gur faoi mhionn a dhéanfar an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (3).

Cáin a mheasúnú agus a íoc.

104. —(1) Beidh cáin maidir le haon mhaoin chónaithe iomchuí a gceanglaítear í a áireamh i dtuairisceán faoi alt 103 dlite an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach tar éis an dáta luachála lena mbaineann an tuairisceán agus beidh cáin a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an duine inmheasúnaithe gan measúnacht a dhéanamh; ach féadfar cáin a bheidh dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an duine inmheasúnaithe (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura n-íocfar an cháin sin, nó aon chuid di, ar an dáta dlite nó dáta roimhe.

(2) In aon chás—

(a) a mbeidh duine inmheasúnaithe gan tuairisceán faoi alt 103 (1) a sheachadadh ar na Coimisinéirí ar an nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach tar éis an dáta luachála iomchuí, nó

(b) a mbeidh duine gan tuairisceán faoi alt 103 (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe, nó

(c) a mbeidh na Coimisinéirí gan bheith sásta le haon tuairisceán a bheidh tugtha faoi alt 103 (1) nó alt 103 (2),

féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a dhéanamh den cháin is iníoctha ar ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí, nó aon choda di, is leis an duine ar an dáta luachála iomchuí ar measúnacht chánach í de cibé méid nó de cibé méid breise is cóir, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dóibh agus mar a chreideann siad, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc agus chun na críche sin féadfaidh na Coimisinéirí cibé meastachán a dhéanamh a mheasfaidh siad is gá de mhargadhluach aon mhaoine ar an dáta luachála sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a rinneadh faoin bhfo-alt seo a tharraingt siar agus measúnacht de mhéid na cánach is iníoctha a dhéanamh ar bhonn tuairisceáin a mheasann siad a chomhlíonann a gceanglais ar mhodh réasúnach agus a sheachadfar ar na Coimisinéirí laistigh de 30 lá tar éis dháta na measúnachta ó na Coimisinéirí de bhua an fho-ailt seo.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht chánach a athbhreithniú tráth ar bith agus, i gcás inar gá aon leasú a dhéanamh ar mheasúnacht de thoradh an athbhreithnithe, cibé acu i leith na maoine cónaithe iomchuí ar ar measúnaíodh cáin cheana féin nó i leith aon mhaoine cónaithe iomchuí breise, féadfaidh na Coimisinéirí, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dóibh agus mar a chreideann siad, measúnacht leasaithe a dhéanamh maidir leis an gcáin a bheidh dlite agus iníoctha ar ghlan-mhargadhluach mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe lena mbaineann nó ar ghlan-mhargadhluach aon choda di.

(4) Má dhéantar measúnacht leasaithe ní dhéanfaidh sin dochar do cheart na gCoimisinéirí measúnachtaí leasaithe breise a dhéanamh de mhéid na cánach is iníoctha ná dá gceart a cheangal ar an duine inmheasúnaithe áirithe tuairisceáin bhreise a sheachadadh, agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le tuairisceáin den sórt sin.

(5) Aon cháin nó cáin bhreise a bheidh dlite faoi mheasúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe arna déanamh de bhua an ailt seo, beidh sí dlite agus iníoctha ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht chánach nó an mheasúnacht chánach leasaithe ach, chun críocha alt 105, áireofar an cháin nó an cháin bhreise mar cháin is iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba de bhua tuairisceán cruinn faoi alt 103 (1) ab iníoctha í.

(6) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, ach faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar measúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe a dhéanamh tráth ar bith.

(7) Aon mhéid cánach a bheidh dlite nó measúnaithe faoin alt seo beidh sé dlite do na Coimisinéirí agus iníoctha leo.

(8) Beidh feidhm ag alt 187 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le measúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe mar atá feidhm aige maidir le measúnachtaí cánach ioncaim.

(9) Beidh feidhm ag alt 73 den Acht Airgeadais, 1974 , faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

Ús ar cháin.

105. —(1) Beidh ús simplí de réir 1.25 faoin gcéad sa mhí nó sa chuid de mhí, gan aon cháin ioncaim a asbhaint, iníoctha ar cháin ón dáta a mbeidh sí dlite agus iníoctha go dtí an dáta a n-íocfar í agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe ar an gcaoi chéanna ionann is dá mba chuid den cháin é:

Ar choinníoll nach mbeidh ús iníoctha mura mó ná £5 méid iomlán an úis sin.

(2) Bainfear feidhm as íocaíocht ar chuntas cánach—

(a) má bhíonn ús dlite ar cháin ar dháta an íoca, chun an t-ús a bheidh dlite amhlaidh a íoc, a mhéid is féidir sin, agus

(b) má bhíonn aon iarmhéid den íocaíocht sin fágtha, chun cibé méid cánach is ionann agus an t-iarmhéid sin a íoc.

(3) Faoi réir fho-ailt (1) agus (2), féadfar íocaíochtaí ar chuntas cánach a bheidh dlite ar aon dáta a íoc tráth ar bith tar éis an dáta sin, agus air sin scoirfidh ús de rith ar cibé cuid den íocaíocht ar chuntas is inchurtha i leith cánach.

(4) Ní lamhálfar ús is iníoctha faoin alt seo le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach.

(5) I gcás na Coimisinéirí a bheith míshásta le tuairisceán faoi alt 103 agus go bhfaighfear amach go bhfuil méid cánach nó méid breise cánach iníoctha de bhua mheasúnacht chánach arna déanamh faoi alt 104, ní bheidh aon ús iníoctha ar an méid cánach sin nó ar an méid breise cánach sin, más rud é—

(a) gur tugadh an tuairisceán in am, agus

(b) (i) maidir le méid cánach i gcás nach raibh aon cháin iníoctha ar bhonn ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí a bhí ar áireamh sa tuairisceán, nach mó ná £100 an méid cánach sin, nó

(ii) i gcás méid breise cánach—

(A) go ndearnadh an cháin ab iníoctha ar bhonn ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí a bhí ar áireamh sa tuairisceán a íoc ar an dáta dlite nó roimhe sin, agus

(B) nach mó an méid breise cánach ná 10 faoin gcéad den chomhiomlán atá ag an méid breise cánach agus an cháin dá dtagraítear i gclásal (A) den fhomhír seo, agus

(c) go n-íocfar an méid cánach nó an méid breise cánach tráth nach déanaí ná mí amháin—

(i) ó dháta na measúnachta cánach ina bhfuil sé, mura mbeidh aon achomharc faoi alt 108 nó 109 i gcoinne na measúnachta, nó

(ii) ón dáta a gcinnfear achomharc faoi cheachtar de na hailt sin nó, má bhíonn níos mó ná achomharc amháin le cinneadh, ó dháta an chinnidh is déanaí.

Íocaíocht leis an mBailitheoir.

106. —Is leis an mBailitheoir a íocfar na suimeanna go léir a bheidh dlite faoi fhorálacha na Coda seo.

Ró-íoc cánach.

107. —(1) I gcás ina gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí gur mó an méid cánach nó úis a íocadh i leith mhaoin chónaithe iomchuí duine inmheasúnaithe ar dháta luachála ná an méid a dhligh an duine sin a íoc, aisíocfaidh na Coimisinéirí an t-anbharr leis an duine a d'íoc an t-anbharr, lena ainmní nó lena ionadaí pearsanta nó, de rogha na gCoimisinéirí, féadfaidh siad an t-anbharr, nó cibé cuid de a bheidh ag teastáil chun na críche sin, a choinneáil agus a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais de chuid an duine inmheasúnaithe i leith cáin nó ús a bheidh dlite agus iníoctha ag an duine a d'íoc an t-anbharr nuair a bheidh an t-aisíoc le déanamh, i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar aon dáta luachála eile.

(2) I gcás ina mbeidh, faoin alt seo, aon mhéid le haisíoc nó le coinneáil, cuirfear leis an méid sin ús simplí de réir 1.25 faoin gcéad den mhéid a bheidh le haisíoc nó le coinneáil in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ón dáta a íocadh an t-anbharr is bun leis an aisíoc go dtí dáta an aisíoca nó na coinneála, de réir mar a bheidh. Ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte le linn ús a bheith á íoc faoin bhfo-alt seo agus ní dhéanfar an t-ús sin a áireamh nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

Achomhairc i ndáil le luach maoine cónaithe.

108. —Más éagóir le duine ar bith an cinneadh ó na Coimisinéirí maidir le margadhluach aon mhaoine cónaithe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh ar an modh a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha maidir le hachomhairc faoin alt sin den Acht sin.

Achomhairc i gcásanna eile.

109. —(1) San alt seo—

tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanfaidh achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoin alt seo.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine inmheasúnaithe a bhfuil measúnacht chánach déanta air i leith aon mhaoine cónaithe iomchuí agus arb éagóir leis an mheasúnacht féadfaidh sé, de réir fhorálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil.

(3) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo i ndáil le margadhluach maoine cónaithe.

(4) Duine a bheartóidh achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoínne measúnachta déanfaidh sé, laistigh de 30 lá tar éis dháta na measúnachta, fógra a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí go bhfuil sé chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta.

(5) Ní rachaidh na Coimisinéirí Achomhairc ar aghaidh le hachomharc faoin alt seo i gcoinne measúnachta ná ní thabharfaidh siad aird air mura n-íocfaidh an t-achomharcóir nó mura n-íocfar thar a cheann leis an mBailitheoir méid is ionann agus 75 faoin gcéad de mhéid na measúnachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás inarb éagóir leis an achomharcóir an mheasúnacht ar an bhforas go bhfuil sé i dteideal díolúine ó cháin de bhua alt 101 nó ar an bhforas nach duine inmheasúnaithe é.

(6) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm maidir le hachomharc faoin alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) tráthanna agus ionaid a cheapadh le hachomhairc a éisteacht;

(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus an ionaid a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht;

(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus na Coimisinéirí;

(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;

(v) achomharc a éisteacht, a chinneadh nó a dhíbhe ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht, a chinneadh nó a dhíbhe ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(vi) an mheasúnacht a bhfuil an fheidhm agus an éifeacht chéanna léi a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith i gcás nach ndéanfaidh an duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san ionad a bheidh ceaptha;

(vii) fadú na tréimhse le fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;

(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí;

(ix) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin go gceanglaítear achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur ceanglaíodh cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí nó go bhfuil cás den sórt sin ar feitheamh;

(x) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc,

ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.

(b) Beidh ag na Coimisinéirí, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de 10 lá tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a chinneadh, an ceart céanna atá ag an achomharcóir go n-athéistfidh breitheamh den Chúirt Chuarda an t-achomharc.

(c) An breitheamh den Chúirt Chuarda a athéistfidh achomharc faoin alt seo is breitheamh den Chúirt Chuarda é ar ina chuaird a chónaíonn an t-achomharcóir:

Ar choinníoll—

(i) in aon chás nach bhfuil cónaí sa Stát ar an achomharcóir, nó

(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid ann maidir leis an gcuaird,

gur breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath a athéistfidh an t-achomharc.

(7) (a) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí nó ag achomharcóir féadfar é a sheirbheáil leis an bpost.

(b) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, go dtí cuntasóir nó go dtí gníomhaire eile de chuid an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go ndearna sé, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann a tharraingt siar.

(8) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug na Coimisinéirí faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn sé sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.

Cáin a ghnóthú.

110. —(1) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú beidh feidhm acu, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), gach suim a bheidh dlite do na Coimisinéirí i leith cánach nó i leith úis ar cháin measfar gur fiach í a bheidh dlite de dhuine inmheasúnaithe nó dá ionadaí pearsanta don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar (gan dochar d'aon mhodh eile chun í a ghnóthú) agairt ina leith agus í a ghnóthú trí chaingean, nó trí imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne, an Aire Airgeadais nó na gCoimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Inland Revenue Regulation Act, 1890.

Fianaise in imeachtaí le cáin a ghnóthú.

111. —Beidh feidhm ag forálacha alt 39 den Acht Airgid, 1926 , in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche le cáin a ghnóthú nó i ndáil le cáin a ghnóthú.

Pionóis.

112. —(1) (a) Duine a sháróidh alt 103 (1) nó a mhainneoidh déanamh de réir fhógra faoi alt 103 (2) dlífear pionós £1,000 a chur air.

(b) I cás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine a bheidh i gceist.

(2) I gcás duine a bheith údaraithe, faoi réim nó chun críocha aon cheann d'fhorálacha na Coda seo, aon mhaoin a iniúchadh le margadhluach na maoine sin a thuairisciú do na Coimisinéirí agus go ndéanfaidh aon duine an t-iniúchadh sin a chosc nó an duine a bheidh údaraithe amhlaidh a bhac agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna i ndáil leis an iniúchadh, dlífear píonós £1,000 a chur ar an duine sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe go calaoiseach nó go faillíoch mar a leanas—

(a) aon tuairisceán nó tuairisceán breise a bheidh mícheart a sheachadadh,

(b) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon mhaoin is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe,

(c) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar liúntas, asbhaint, díolúine nó faoiseamh, nó

(d) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon ní eile,

a fhágfaidh gur lú an méid cánach is iníoctha i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ná an méid ab iníoctha dá mbeadh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil sin ceart, dlífear pionós mar a leanas a chur air—

(i) £2,000, agus

(ii) méid na difríochta nó, i gcás calaoise, dhá oiread mhéid na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (5).

(4) I gcás nach go calaoiseach ná go faillíoch a sheachaid, a rinne nó a thug duine aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) agus go dtiocfaidh sé ar a umhail go raibh sin mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur go faillíoch a rinne sé an rud sin.

(5) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an difríocht idir—

(a) méid na cánach is iníoctha i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe maidir leis an dáta luachála lena mbaineann an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil, agus

(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a rinne sé nó a chuir sé isteach ceart.

(6) Chun críocha fho-alt (3), i gcás ina seachadfar, ina ndéanfar nó ina dtabharfar thar ceann duine aon rud dá dtagraítear san fho-alt sin, measfar gurb é an duine sin a sheachaid, a rinne nó a thug é mura gcruthóidh sé gur gan fhios dó agus gan toiliú uaidh a rinneadh sin.

(7) Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh le haon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil is eol dó a bheith mícheart a sheachadadh, a dhéanamh nó a thabhairt chun aon chríocha cánach, dlífear pionós £1,000 a chur air.

(8) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear d'aon imeachtaí coiriúla.

(9) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm ag ailt 128 (4), 507, 508, 510, 511, 512, 517 agus 518 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le pionós faoin alt seo ionann is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte.

113. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a bheidh sonraithe san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cáin is iníoctha faoi dhlíthe an Stáit agus aon cháin den ghné chéanna a forchuireadh faoi dhlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na comhshocraíochtaí.

(2) Féadfaidh forálacha le haghaidh faoisimh ó cháin a muirearaíodh sula ndearnadh na comhshocraíochtaí agus forálacha maidir le maoin nach bhfuil faoi réir cánach dúbailte í féin a bheith ar áireamh in aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí leis an alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an ailt seo.

(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir le comhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche gur le rialtas an stáit sin a rinneadh iad.

(4) I gcás feidhm dlí a bheith ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní bheidh an oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán ina bac ar na Coimisinéirí cibé faisnéis, a cheanglaítear a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí, a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe don rialtas lena ndearnadh na comhshocraíochtaí.

(5) (a) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin.

(b) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.

(6) (a) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí gur íocadh cáin den ghné chéanna le cáin mhaoine cónaithe i gcríoch lasmuigh den Stát i leith maoin chónaithe (seachas maoin chónaithe sa Stát) is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí duine inmheasúnaithe ar aon dáta luachála faoi threoir aon dáta roimh an dáta luachála sin ach laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta sin, féadfaidh siad liúntas a thabhairt i modh creidmheasa in aghaidh na cánach a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an maoin chónaithe sin don dáta luachála sin i leith an cháin choigríche a íocadh sa chríoch sin maidir leis an maoin chónaithe sin agus chun na críche sin is é a bheidh sa cháin a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an maoin chónaithe sin don dáta luachála sin an méid a bhfuil idir é agus iomlán na cánach is iníoctha ag an duine inmheasúnaithe maidir lena mhaoin chónaithe iomchuí ar an dáta luachála an chomhréir chéanna atá idir margadhluach na maoine cónaithe sin ar an dáta sin agus comhiomlán mhargadhluachanna na maoine cónaithe go léir is cuid dá mhaoin chónaithe iomchuí ar an dáta sin.

(b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i leith cáin mhaoine cónaithe a bheidh dlite agus iníoctha do dháta luachála ach ní bheidh éifeacht leis i ndáil le cáin choigríche a mbeidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith agus socrú ann le haghaidh faoisimh ó chánachas dúbailte.

Leathnú ar Achtanna áirithe.

114. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin mhaoine cónaithe” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “residential property tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.

Rialacháin.

115. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin is dóigh leo is gá le héifeacht a thabhairt don Chuid seo agus lena chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Oifigigh a údarú.

116. —Féadfaidh na Coimisinéirí a údarú d'aon duine dá n-oifigigh aon ghníomh a dhéanamh agus aon fheidhm a chomhlíonadh a n-údaraíonn an Chuid seo do na Coimisinéirí é a dhéanamh nó í a chomhlíonadh.

CUID VII

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

117. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1982” alt 103 den Acht Airgeadais, 1982 ;

ciallaíonn “an tríú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1983, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1982 ach “£34,052,920” a chur in ionad “£35,938,852”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1982 ach “£21,495,968” a chur in ionad “£23,134,615”.

(4) Déanfar suim £30,566,856 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1983.

(5) Déanfar an tríú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den tríú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £19,676,545 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an tríú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 .

118. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ):

“(7) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé idirbhearta de ghnáth-chineál baincéireachta a dhéanamh, agus féadfaidh sé, chun críocha na n-idirbheart sin, cibé cistí a eisiúint as an Státchiste, a mheasfaidh sé is iomchuí chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus chun bainistí níos fearr a dhéanamh ar an bhféichiúnas a thabhóidh an tAire Airgeadais faoin bhfo-alt sin (1), agus is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a mhuirearófar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an tAire Airgeadais i ndáil leis na hidirbhearta sin nó dá ndroim.”.

Íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste le Ciste Bhanc Taisce an Phoist.

119. —(1) I gcás inar dealraitheach don Aire Airgeadais gur lú méid an úis a d'fhaibhrigh i gcaitheamh aon bhliana cuntais (dar críoch tráth roimh dháta an Achta seo a rith nó tráth dá éis) de dhroim na n-urrús a bhí chun creidmheasa Chiste Bhanc Taisce an Phoist i gcaitheamh na bliana sin ná méid an úis a íocadh le taisceoirí, nó a creidiúnaíodh do thaisceoirí, i gcaitheamh na bliana sin de bhun na nAchtanna a bhaineann le Banc Taisce an Phoist mar aon leis na caiteachais a tabhaíodh an bhliain sin ag forghníomhú na nAchtanna sin, féadfaidh an tAire Airgeadais a chur faoi deara go ndéanfar méid nach mó ná méid an easnaimh a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis le Ciste Bhanc Taisce an Phoist, cibé tráthanna a chinnfidh sé.

(2) I gcás inar dealraitheach don Aire Airgeadais nach leor Ciste Bhanc Taisce an Phoist chun freastal d'éilimh na dtaisceoirí go léir de chuid Bhanc Taisce an Phoist, féadfaidh an tAire Airgeadais a chur faoi deara go ndéanfar méid nach mó ná méid an easnaimh a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis le Ciste Bhanc Taisce an Phoist, cibé tráthanna a chinnfidh sé.

Aisghairm.

120. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

121. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo (seachas tobhach ioncaim is inbhailithe ag boird sláinte) a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

122. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Codanna I agus V (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(3) Déanfar Codanna II agus V (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid III agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) Codanna I agus V a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1982, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid IV agus (a mhéid a bhaineann le dleacht stampa) Codanna I agus V a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa agus le bainistí na dleachta sin.

(6) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1983.

(7) Measfar gur tháinig Cuid III (seachas ailt 77 go 80, 81 (1), 82, 84 agus 85) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1983, agus maidir leis na hailt sin 77, 81 (1) agus 82, measfar gur tháinig siad i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1983, agus maidir leis na hailt sin 78, 80 agus 84, tiocfaidh siad i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983.

(8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

(9) Aon tagairt atá san Acht seo do Chuid, d'alt nó do sceideal, is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(10) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíseáin

Alt 58.

An Cineál Teilifíseán

An Ráta Dleachta

Teilifíseáin daite:

le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£78 an teilifíseán

le scáileán is mó ná seacht n-orlach déag agus nach mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta     ...     ...

£98 an teilifíseán

le scáileán ar mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£121 an teilifíseán

Teilifíseáin mhonacróim:

le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£24 an teilifíseán

le scáileán ar mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£38 an teilifíseán

AN DARA SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Cheadúnais Chearrbhachaisin

Alt 62.

An Cineál Ceadúnais

An Ráta Dleachta

I gcás an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le heisiúint mar a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , á údarú an ceadúnas a eisiúint—

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí     ...     ...

£75

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí     ...     ...     ...

£150

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí     ...     ...     ...

£225

(d) a bheith níos faide ná naoi mí     ...     ...

£300

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Dheimhnithe Airm Tine

Alt 64.

An Cineál Deimhnithe

An Ráta Dleachta

Ar dheimhniú airm tine i leith piostail, lena n-áirítear aerphiostal, nó gunnán     ...     ...     ...     ...

£20

Ar dheimhniú airm tine i leith raidhfil, lena n-áirítear mionraidhfil     ...     ...     ...     ...     ...

£20

Ar dheimhniú airm tine i leith aerghunna, lena n-áirítear aer-raidhfil     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£20

Ar dheimhniú airm tine i leith airm thoirmiscthe     ...

£2

Ar dheimhniú airm tine i leith gunna gráin lena mbaineann forálacha alt 12 d'Acht na nArm Tine, 1964      ...

£3

Ar aon deimhniú airm tine eile—

Ar dheimhniú amháin den sórt sin     ...     ...     ...

£13

I gcás ina ndeonófar dhá dheimhniú nó níos mó den sórt sin don duine céanna (ní gá gurb é an tráth céanna é) agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna—

Ar an gcéad deimhniú den sórt sin     ...     ...

£13

Ar an dara deimhniú den sórt sin agus gach deimhniú den sórt sin ina dhiaidh sin     ...     ...     ...

£3

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 120.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 15 de 1933 .

An tAcht Airgid, 1933 .

Alt 7.

Uimh. 24 de 1952 .

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

Mír 5 (5) de Chuid II den Sceideal.

Uimh. 6 de 1967 .

n tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

Míreanna (d), (ff) agus (g) d'fho-alt (2) agus fo-alt (3) d'alt 340.

Uimh. 27 de 1974 .

An tAcht Airgeadais, 1974 .

In alt 13 (1), an míniú ar “rátaí” agus an míniú ar “cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht”.

Alt 13 (2) agus (3).

Alt 17.

Alt 18.

Alt 19.

In alt 20B (3) (b), na focail “, de bhua alt 15 (3),”.

Alt 21A.

Alt 28.

An Tríú Sceideal.

Uimh. 16 de 1976 .

An tAcht Airgeadais, 1976 .

Alt 19.

Uimh. 21 de 1978 .

An tAcht Airgeadais, 1978 .

In alt 15 (2), na focail “, de bhua alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 ,”.

Uimh. 14 de 1980 .

An tAcht Airgeadais, 1980 .

Alt 25.