|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS) (UIMH. 2), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT Á CHUMASÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS D'ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA, MUIRIR ÁIRITHE A DHÉANAMH AGUS DO LEASÚ ALT 9 DEN ACHT RIAL-TAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 1978 . [12 Iúil, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||||
[EN] | folaíonn “muirear”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, táille; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “achtachán láithreach” achtachán atá i bhfeidhm ag tosach feidhme an Achta seo; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “seirbhís” aon seirbhís, saoráid, ceadúnas, cead, deimhniú, ceadú nó ní eile a fhéadfaidh údarás áitiúil a thabhairt, a sholáthar, a dheonú, a eisiúint, nó a chur ar fáil ar athrach dóigh ag comhlíonadh nó ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, dá chumhachtaí nó dá dhualgais d'aon duine nó i leith aon áitribh agus folaíonn sí iarratas a shaothrú le haghaidh ceadúnas, cead, deimhniú nó ceadú den sórt sin. | |||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar tagairtí san Acht seo do sheirbhís a chur ar fáil a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don tseirbhís a thabhairt, a sholáthar, a dheonú, a eisiúint nó a chur ar fáil ar athrach dóigh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin. | |||||||||||||
[EN] | (3) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo. | |||||||||||||
[EN] |
Cumasaítear d'údaráis áitiúla muirir áirithe a ghearradh. |
2. —(1) Faoi réir alt 4 den Acht seo, measfar, maidir le haon achtachán láithreach a cheanglaíonn ar údarás áitiúil nó a chumasaíonn dó seirbhís a chur ar fáil ach nach dtugann cumhacht don údarás, ar leith ón bhfo-alt seo, muirear a ghearradh i leith an tseirbhís a chur ar fáil, go dtugann sé an chumhacht sin amhlaidh don údarás sin. | ||||||||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo maidir le hachtachán d'ainneoin foráil a bheith san achtachán a choisceann ar údarás áitiúil muirear a ghearradh i leith seirbhís a chur ar fáil nó a cheanglaíonn go gcuirfidh údarás den sórt sin seirbhís ar fáil saor ó mhuirear. | |||||||||||||
[EN] | (3) Faoi réir alt 4 den Acht seo, agus d'ainneoin aon fhoráil in aon achtachán láithreach ina sonraítear— | |||||||||||||
[EN] | (a) méid an mhuirir a fhéadfaidh údarás áitiúil a ghearradh i leith seirbhís a cheanglaítear ar an údarás nó a chumasaítear dó a chur ar fáil, nó | |||||||||||||
[EN] | (b) méid nach ceadmhach muirear a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo do dhul thairis, | |||||||||||||
[EN] | féadfaidh an t-údarás áitiúil muirear a ghearradh is mó ná an méid a bheidh sonraithe amhlaidh agus measfar chun gach críche, maidir le haon mhuirear a gearradh de bhua an fho-ailt seo, gur muirear é a gearradh go cuí faoin achtachán. | |||||||||||||
[EN] |
Méid na muirear a ghearrfar de bhua alt 2 agus íoc na muirear sin. |
3. —(1) Is é a bheidh i muirear a ghearrfaidh údarás áitiúil de bhua alt 2 den Acht seo cibé méid is iomchuí leis an údarás agus is é an duine a mbeidh sé iníoctha aige agus inghnóthaithe uaidh an duine ar cuireadh an tseirbhís ar fáil dó nó, más i leith áitribh a chuirfear an tseirbhís ar fáil— | ||||||||||||
[EN] | (a) i gcás nach le húdarás áitiúil an t-áitreabh agus go mbeidh níos mó ná teaghais amháin ann, úinéir an áitribh, agus | |||||||||||||
[EN] | (b) in aon chás eile, áititheoir an áitribh, | |||||||||||||
[EN] | agus féadfaidh údarás den sórt sin muirir éagsúla den sórt sin a ghearradh i leith daoine, áitribh nó seirbhísí d'aicmí éagsúla nó de chineálacha éagsúla. | |||||||||||||
[EN] | (2) San alt seo— | |||||||||||||
[EN] | folaíonn “teaghais” cuid d'aon áitreabh atá ligthe mar theaghais ar leithligh cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a bhfuil an chuid sin ligthe chuige i bpáirt le haon duine eile in aon chóiríocht, aosáid nó saoráid maidir leis an gcuid sin nó le haon chuid eile den áitreabh; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le háitreabh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh ach atá i dteideal, as a cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán an áitribh a fháil nó, i gcás nach mbeidh an t-áitreabh ligthe ar chíos forlán, a bheadh i dteideal amhlaidh dá mbeadh an t-áitreabh ligthe amhlaidh. | |||||||||||||
[EN] |
Gan feidhm a bheith ag alt 2 maidir le seirbhísí áirithe. |
4. —(1) Ní bhainfidh alt 2 den Acht seo le haon seirbhís a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire chun críocha fho-alt (1) den alt seo aon seirbhís a shonrú le hordú. | |||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||
[EN] | (4) Gach ordú faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú | |||||||||||||
[EN] |
Muirir a gearradh de bhua alt 2 a tharscaoileadh. |
5. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más deimhin leis gur cuí sin a dhéanamh ar fhoras cruatain phearsanta, muirear a ghearr sé de bhua alt 2 den Acht seo, nó cuid de mhuirear den sórt sin, a tharscaoileadh. | ||||||||||||
[EN] | (2) Má tharscaoiltear muirear (nó cuid de mhuirear) faoi fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh an dliteanas a bheidh ar dhuine an muirear sin (nó an chuid sin de mhuirear) a íoc agus aon oibleagáid a bheidh ar an údarás áitiúil a rinne an tarscaoileadh an muirear sin (nó an chuid sin de mhuirear) a bhailiú. | |||||||||||||
[EN] |
Tuilleadh forálacha i ndáil le muirir a gearradh de bhua alt 2. |
6. —(1) Beidh méid is iníoctha le húdarás áitiúil ar scór muirear a gearradh de bhua alt 2 den Acht seo iníoctha roimh ré nó i cibé tráthchodanna a bheidh le híoc ar cibé dátaí a chinnfidh an t-údarás, agus, mura mbeidh sé íoctha laistigh de dhá mhí ón am ar iníoctha é, féadfaidh an t-údarás é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | ||||||||||||
[EN] | (2) I gcás— | |||||||||||||
[EN] | (a) muirear a bheith gearrtha ag údarás áitiúil de bhua alt 2 den Acht seo, agus | |||||||||||||
[EN] | (b) go mbaineann an muirear le hiarratas chun an údaráis chun ceadú nó ceadúnas, cead, deimhniú nó doiciméad eile a thabhairt, a dheonú nó a eisiúint ag an údarás, agus | |||||||||||||
[EN] | (c) nach mbeidh aon mhéid, nó go mbeidh méid is lú ná méid an mhuirir, faighte ag an údarás leis an iarratas, | |||||||||||||
[EN] | ansin ní thosóidh an tréimhse a bhfuil sé de cheangal ar an údarás, nó a bhféadfaidh an t-údarás, an t-iarratas a bhreithniú lena linn go dtí go mbeidh méid an mhuirir faighte ag an údarás, agus, más rud é, ar bheith caite don tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a bhfaighidh an t-údarás an t-iarratas, nach mbeidh aon mhéid, nó go mbeidh méid is lú ná méid an mhuirir, faighte ag an údarás, measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar, agus má bhíonn méid is lú ná méid an mhuirir faighte ag an údarás i ndáil leis an iarratas, aisíocfaidh an t-údarás an méid sin a luaithe is féidir. | |||||||||||||
[EN] |
Fritháireamh. |
7. —Má bhíonn suim dlite do údarás áitiúil de dhuine i leith muirear a gearradh faoi aon achtachán, cibé acu is de bhua alt 2 den Acht seo nó ar athrach dóigh é, agus go ndlífidh an t-údarás sin suim eile, an tráth céanna, don duine sin, féadfar an tsuim tosaigh sin a fhritháireamh in aghaidh na suime deiridh sin, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí, | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 65A den Public Health (Ireland) Act, 1878. |
8. —Leasaítear leis seo alt 65A den Public Health (Ireland) Act, 1878, a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 — | ||||||||||||
[EN] | (a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||
[EN] | “(1) A sanitary authority may make charges for water supplied, whether within or outside their functional area, by them. | |||||||||||||
[EN] | (1A) Notwithstanding any provision in any enactment which was in force on the commencement of the Local Government (Financial Provisions) (No. 2) Act, 1983, whereby there is specified— | |||||||||||||
[EN] | (a) the amount of the charge which may be made by a sanitary authority for the supply by them (otherwise than to another sanitary authority) of a supply of water for domestic purposes, or | |||||||||||||
[EN] | (b) an amount which a charge described in paragraph (a) of this subsection is not to exceed, | |||||||||||||
[EN] | the authority may make a charge which exceeds the amount so specified, and any charge made by virtue of this subsection shall for all purposes be deemed to have been duly made under the enactment. | |||||||||||||
[EN] | (1B) Notwithstanding any provision of an agreement whereby there is specified— | |||||||||||||
[EN] | (a) the amount of the charge which may be made by a sanitary authority for the supply by them (otherwise than to another sanitary authority) of a supply of water for domestic purposes, or | |||||||||||||
[EN] | (b) an amount which a charge described in paragraph (a) of this subsection is not to exceed, | |||||||||||||
[EN] | the authority may make a charge which exceeds the amount so specified, and any charge made by virtue of this subsection shall for all purposes be deemed to have been duly made under the agreement.”; | |||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||||||
[EN] | “(3) (a) A sanitary authority may, if it is satisfied that it is appropriate so to do on grounds of personal hardship, waive all or portion of a charge made by it under this section. | |||||||||||||
[EN] | (b) Where a charge (or portion thereof) is waived under paragraph (a) of this subsection, the liability of a person to pay that charge (or portion thereof) and any obligation on the sanitary authority by whom the waiver was made to collect the charge (or portion thereof) shall cease.”; agus | |||||||||||||
[EN] | (c) trí “, or by such other instalments as the sanitary authority to whom the charge is payable shall determine,” a chur isteach i bhfo-alt (7) i ndiaidh “the 1st day of October”; | |||||||||||||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||
| ||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 . |
9. —Leasaítear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9: | ||||||||||||
| ||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
10. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983” an tAcht seo. | |||||||||||||
[EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, mar aon Acht amháin. | |||||||||||||
|