|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 26 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1981. [19 Iúil, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) trí “thar chéad agus ochtó milliún punt” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “thar chéad milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Forbartha Móna, 1980 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||||||
[EN] | (4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar £180,000,000. | |||||||||||
[EN] |
Áraigh chaipitil an Bhoird. |
2. —(1) Ní rachaidh an Bord, gan ceadú ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, faoi árach caipitil ar mó a mhéid ná méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire chun críche an ailt seo agus a mbeidh baint aige leis an árach. | ||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, méideanna a shonrú chun críocha an ailt seo agus féadfar méid den sórt sin a shonrú amhlaidh i ndáil le háraigh chaipitil go ginearálta nó le háraigh chaipitil d'aicme nó de chineál ar leith. | |||||||||||
[EN] |
An Bord do chur torthaí trialacha agus taighde dá chuid ar fáil do dhaoine áirithe. |
3. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás ina n-iarrfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo ar an mBord aon fhaisnéis a chur ar fáil dó a fuarthas de thoradh trialacha agus taighde de chineál dá dtagraítear in alt 19 den Acht Forbartha Móna, 1946 agus ar trialacha agus taighde iad a rinne an Bord agus ar d'aicme nó de chineál ar leith iad a bheidh sonraithe aige, déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, de réir mar a iarradh air. | ||||||||||
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le duine atá ag forbairt portaigh chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla nó atá i dteideal deontas forbartha a iarraidh ar an mBord. | |||||||||||
[EN] | (3) Cinnfidh an Bord ó am go ham, le ceadú an Aire, an polasaí a leanfaidh sé agus é ag tabhairt faisnéise faoin alt seo. | |||||||||||
[EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglóidh ar an mBord faisnéis a thabhairt do dhuine a ndéanfadh a tabhairt— | |||||||||||
[EN] | (a) i dtuairim an Bhoird, dochar do leasanna tráchtála an Bhoird, nó | |||||||||||
[EN] | (b) sárú ar pholasaí a bheidh, de thuras na huaire, arna chinneadh de bhun fho-alt (3) den alt seo. | |||||||||||
[EN] | (5) Déanfar alt 19 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha an ailt seo. | |||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1981, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, a ghairm díobh le chéile. | |||||||||||
|