28 1983


Uimhir 28 de 1983


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 GO 1982. [20 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Tionól” Tionól na gComhphobal Eorpach;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;

ciallaíonn “cathaoirleach” ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, cathaoirleach an Bhoird agus forléireofar “cathaoirleach” dá réir sin;

ciallaíonn “leas-chathaoirleach”, ach amháin in alt 8 (1) den Acht seo, leas-chathaoirleach an Bhoird agus forléireofar “leas-chathaoirleacht” dá réir sin;

ciallaíonn “gnáthchomhalta” comhalta den Bhord seachas an cathaoirleach.

An Bord do leanúint de bheith ina chomhlacht corpraithe, etc.

2. —(1) Leanfaidh an Bord de bheith ina chomhlacht corpraithe agus beidh comharbas suthain agus séala aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird, nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord, nó fhostaí don Bhord nó duine ar bhain an Bord leas as a sheirbhísí de bhua alt 21 (3) d'Acht 1976, agus é údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(3) Leanfar d'aird bhreithiúnach a thabhairt ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2) den alt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

(4) Duine a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, i seilbh oifige mar chathaoirleach nó mar ghnáthchomhalta, leanfaidh sé, faoi réir alt 3 (2) d'Acht 1976 agus alt 10 den Acht seo, den oifig sin a shealbhú.

Cathaoirleach agus cúigear comhaltaí eile a bheidh ar an mBord.

3. —Amhail ar thosach feidhme an ailt seo agus uaidh sin amach, cathaoirleach agus cúigear comhaltaí eile a bheidh ar an mBord.

Dualgas ginearálta an Bhoird.

4. —(1) (a) Is é dualgas an Bhoird a áirithiú go ndéanfar achomhairc, tarchuir agus nithe eile is cúram dó a chur de láimh a luaithe is féidir agus, chun na críche sin, go ndéanfaidh sé gach beart is ceadaithe dó a dhéanamh chun a áirithiú nach ndéanfar, a mhéid is praiticiúil, aon mhoill is inseachanta ag aon chéim i mbreithniú na n-achomharc, na dtarchur agus na nithe eile sin.

(b) Déanfaidh an Bord, ag cibé agaí aimsire is cuí leis nó de réir mar a ordóidh an tAire, athbhreithnithe ar a eagraíocht agus ar na córais agus ar na nósanna imeachta a chleachtann sé i ndáil le hachomhairc, tarchuir agus nithe eile is cúram dó.

(c) Má thugann an tAire ordú faoin alt seo, tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire i dtaobh thorthaí an athbhreithnithe a rinneadh de bhun an ordaithe agus comhlíonfaidh sé aon ordachán a thabharfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord maidir leis na torthaí sin, i ndáil leis na nithe go léir nó aon ní díobh a bhí faoi réim an athbhreithnithe.

(2) Féadfaidh an Bord aighneachtaí a dhéanamh chun an Aire maidir le haon ní a bhaineann lena fheidhmeanna.

(3) Féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an mBord maidir le haon ní—

(a) a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird a chur i gcrích, nó

(b) a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Aire leis na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó fúthu, nó le haon achtachán eile nó le haon ordú, rialachán nó ionstraim eile fúthu, a chur i gcrích.

(4) (a) Ní dochar forálacha fho-alt (1) den alt seo do na fóralacha a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(b) Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo—

(i) forálacha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó forálacha aon rialacháin arna ndéanamh fúthu a bhaineann leis an mBord do chur a fheidhmeanna i gcrích,

(ii) na forálacha in aon achtachán, ordú, rialachán nó ionstraim eile fúthu atá bainteach amhlaidh.

An cathaoirleach.

5. —(1) An Rialtas a cheapfaidh an cathaoirleach.

(2) Beidh coiste ann (dá ngairfear “an coiste” anseo feasta san alt seo) ar a mbeidh—

(a) Uachtarán na hArd-Chúirte,

(b) Cathaoirleach Ard-Chomhairle na gComhairlí Contae,

(c) Príomh-Chomhairleoir Innealtóireachta na Roinne Comhshaoil,

(d) Cathaoirleach Chomhairle an Taisce,

(e) Uachtarán na Cónaidhme Tionscail Foirgníochta, agus

(f) Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Chomhar Ceardchumann na hÉireann.

(3) I gcás—

(a) ina gcuirfidh aon duine de na daoine réamhráite sin in iúl aon uair nach mian leis nó nach féidir leis gníomhú ar feadh aon tréimhse mar chomhalta den choiste,

(b) nach bhfuil aon duine de na daoine réamhráite, mar gheall ar easláinte nó ar chúis éigin eile, in ann gníomhú amhlaidh ar feadh aon tréimhse,

féadfaidh an tAire, nuair a bheidh iarraidh á dhéanamh aige faoi fho-alt (7) den alt seo, duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den choiste ina ionad agus fanfaidh an duine sin ina chomhalta den choiste go dtí cibé am a ndéanfaidh an coiste an roghnú de bhun na hiarrata.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire iarraidh faoi fho-alt (7) den alt seo agus go mbeidh, tráth na hiarrata, folúntas in aon cheann de na hoifigí réamhráite, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den choiste agus fanfaidh an duine sin ina chomhalta den choiste go dtí cibé am a ndéanfaidh an coiste an roghnú de bhun na hiarrata.

(5) Más rud é, de bhun fho-alt (3) nó (4) den alt seo, go gceapfaidh an tAire duine chun bheith ina chomhalta den choiste, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, fógra faoin gceapachán a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(6) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, fo-alt (2) den alt seo a leasú.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear ordú faoin mír seo) a leasú nó a chúlghairm.

(c) I gcás ina mbeartófar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(d) I gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar fo-alt (2) den alt seo a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

(7) (a) Déanfaidh an coiste, cibé uair a iarrfaidh an tAire é, triúr iarrthóirí a roghnú, nó, i gcás inarb é tuairim an choiste nach bhfuil líon go leor d'iarrthóirí oiriúnacha ar fáil, cibé líon iarrthóirí is lú ná sin a chinnfidh an coiste a roghnú, lena gceapadh mar chathaoirleach agus déanfaidh sé ainmneacha na n-iarrthóirí, nó, de réir mar is iomchuí, ainm an iarrthóra a bheidh roghnaithe aige agus na cúiseanna ar measadh na daoine nó an duine sin a bheith oiriúnach, i dtuairim an choiste, don cheapachán sin, a chur in iúl don Aire.

(b) Le linn don choiste a bheith ag roghnú iarrthóirí, cuirfidh sé san áireamh an t-eolas agus an taithí speisialta, agus na cáilíochtaí eile nó na tréithe pearsanta, a mheasann an coiste a bheith iomchuí chun a chur ar chumas duine feidhmeanna an chathaoirligh a chur i gcrích go héifeachtach.

(8) Ach amháin i gcás athcheapachán faoi fho-alt (12) den alt seo, ní cheapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach mura raibh sé ar dhuine de na daoine nó, de réir mar is iomchuí, murarbh eisean an t-iarrthóir, a roghnaigh an coiste de bhun iarrata faoi fho-alt (7) den alt seo i ndáil leis an gceapachán sin, ach—

(a) mura féidir leis an gcoiste aon iarrthóir oiriúnach a roghnú de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin (7), nó

(b) má chinneann an Rialtas gan aon duine de na hiarrthóirí nó, de réir mar is iomchuí, gan an t-iarrthóir, a roghnaigh an coiste de bhun iarrata áirithe den sórt sin a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach,

ansin—

(c) ceapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach, ar duine é a bhí ar líon na ndaoine, nó, de réir mar is iomchuí, arbh é an t-iarrthóir é, a roghnaigh an coiste de bhun iarrata den sórt sin roimhe sin (más ann) i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(d) cuirfidh an tAire iarraidh eile den sórt sin chun an choiste agus ceapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach, ar duine é a bhí ar líon na ndaoine, nó, de réir mar is iomchuí, arbh é an t-iarrthóir é, a roghnaigh an coiste de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile den sórt sin arna dhéanamh i ndáil leis an gceapachán sin.

(9) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) maidir le fógra a fhoilsiú go bhfuair an coiste iarraidh faoi fho-alt (7) den alt seo,

(b) maidir le hiarratais lena roghnú ag an gcoiste,

(c) maidir le haon ní eile is fóirsteanach leis an Aire chun críocha an ailt seo.

(10) Duine a bheidh, de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina ionadaí sa Tionól,

(c) ina chomhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé dícháilithe chun a cheaptha mar chathaoirleach.

(11) Ceapfar an cathaoirleach i gcáil lánaimsire agus ní shealbhóidh sé, am ar bith i gcaitheamh a théarma oifige, aon oifig ná fostaíocht eile a mbeidh díolaíochtaí iníoctha ina leith.

(12) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar feadh téarma seacht mbliana agus féadfaidh an Rialtas é a athcheapadh i gcomhair an dara téarma oifige nó i gcomhair téarma oifige iardain: Ar choinníoll nach n-athcheapfar duine faoin bhfo-alt seo mura rud é, tráth a athcheaptha, gurb eisean nó gurbh eisean cathaoirleach ceann téarma an Bhoird.

(13) (a) Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a chathaoirleacht trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir.

(b) Fágfaidh an cathaoirleach oifig an chathaoirligh ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú.

(c) Scoirfidh duine de bheith ina chathaoirleach—

(i) má ainmnítear é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas,

(ii) má ainmnítear é lena thoghadh chun an Tionóil nó má cheaptar é faoi alt 15 d'Acht 1977 mar ionadaí sa Tionól,

(iii) má dhéantar comhalta d'údarás áitiúil de.

(14) (a) Íocfaidh an Bord leis an gcathaoirleach an tuarastal céanna a íoctar le breitheamh den Ard-Chúirt.

(b) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh an cathaoirleach i seibh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(15) Féadfaidh an Rialtas an cathaoirleach a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach mar gheall ar easláinte lena dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó má rinne sé é féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó más dóigh leis an Rialtas gur gá é a chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Bord feidhmeanna an Bhoird go héifeachtach, agus i gcás ina gcuirfear an cathaoirleach as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an Rialtas faoi deara ráiteas i scríbhinn ag insint na gcúiseanna lena chur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

An Cathaoirleach d'áirithiú go ndéanfar gnó an Bhoird a chur i gcrích go héifeachtúil, etc.

6. —(1) Beidh sé d'fheidhm ag an gcathaoirleach, nó, i gcás nach mbeidh sé ar fáil, nó ina mbeidh oifig an chathaoirligh folamh, ag an leas-chathaoirleach—

(a) a áirithiú go ndéanfar gnó an Bhoird a chur i gcrích go héifeachtúil, agus

(b) a shocrú go ndéanfar gnó an Bhoird a dháileadh ar a chomhaltaí.

(2) Más é tuairim an chathaoirligh go ndearna gnáthchomhalta é féin a iompar ar shlí a tharraingeodh míchlú ar an mBord nó gur dhochar é d'fheidhmeanna uile an Bhoird nó aon fheidhm nó feidhmeanna díobh a chomhlíonadh go héifeachtach, féadfaidh sé dá lánrogha féin—

(a) a cheangal ar an gcomhalta den Bhord freastal le haghaidh agallaimh agus an comhalta a chur faoi agallamh go príobháideach ann agus an tuairim sin a chur i bhfios dó, nó

(b) má mheasann sé gur cuí sin a dhéanamh, an t-ábhar a imscrúdú ar dhóigh eile, agus má mheasann sé gur cuí sin a dhéanamh, toradh an imscrúdaithe a thuairisciú don Aire.

Gnáthchomhaltaí.

7. —(1) Féadfaidh an tAire na heagraíochtaí seo a leanas a fhorordú—

(a) chun críocha mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, aon dá eagraíocht nó níos mó atá, ina thuairim, ionadaitheach do dhaoine a mbaineann a ngairm nó a slí bheatha le pleanáil agus forbairt fhisiceach,

(b) chun críocha mhír (b) den fho-alt sin (2), aon dá eagraíocht nó níos mó atá, ina thuairim, ionadaitheach do dhaoine ar cúram dóibh an timpeallacht agus taitneamhachtaí a chosaint agus a chaomhnú,

(c) chun críocha mhír (c) den fho-alt sin (2), aon dá eagraíocht nó níos mó ar cúram dóibh, ina thuairim, forbairt eacnamaíochta nó forbairt eile a spreagadh nó atá ionadaitheach do cheachtar díobh seo a leanas nó dóibh araon, is é sin, daoine a bhíonn ag gabháil do ghnó forbartha talún nó daoine a bhíonn fostaithe sa tionscal foirgníochta nó ag gabháil don tionscal sin nó atá bainteach leis ar dhóigh eile,

(d) chun críocha mhír (d) den fho-alt sin (2), aon dá eagraíocht nó níos mó ar cúram dóibh, ina thuairim, leasanna sóisialta, eacnamaíochta nó ginearálta a spreagadh, i ndáil leis an bpobal.

(2) Faoi réir alt 12 (4) den Acht seo, déanfaidh an tAire na gnáthchomhaltaí a cheapadh mar a leanas:

(a) ceapfar duine amháin amhlaidh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire;

(b) ceapfar duine amháin amhlaidh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire;

(c) ceapfar duine amháin amhlaidh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire;

(d) ceapfar duine amháin amhlaidh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire;

(e) ceapfar duine amháin amhlaidh as líon na n-oifigeach don Aire ar státseirbhísigh bunaithe iad chun críocha Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 .

(3) Déanfaidh eagraíocht a bheidh forordaithe chun críocha mhír (a), (b), (c) nó (d) d'fho-alt (2) den alt seo, aon uair a iarrfaidh an tAire é, cibé líon iarrthóirí (nach lú ná beirt) a shonróidh an tAire a roghnú lena gceapadh mar ghnáthchomhaltaí agus cuirfidh sí ainm na n-iarrthóirí a roghnaíodh agus na cúiseanna a bhfuil siad, i dtuairim na heagraíochta, oiriúnach don cheapachán sin, in iúl don Aire.

(4) Ach amháin i gcás ceapachán de bhun mhír (e) d'fho-alt (2) den alt seo nó i gcás athcheapachán faoi fho-alt (9) den alt seo agus faoi réir alt 12 (4) den Acht seo, ní cheapfaidh an tAire duine chun bheith ina ghnáthchomhalta mura raibh an duine ar líon na ndaoine a roghnaíodh de bhun iarrata faoi fho-alt (3) den alt seo i ndáil leis an gceapachán sin, ach—

(a) má dhiúltaíonn na heagraíochtaí iomchuí go léir, nó má theipeann orthu, aon iarrthóir a roghnú de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin (3), nó

(b) má chinneann an tAire gan aon iarrthóir de na hiarrthóirí a roghnóidh na heagraíoctaí sin de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin a cheapadh mar ghnáthchomhalta,

ansin—

(c) ceapfaidh an tAire mar ghnáthchomhalta duine a bhí ar líon na ndaoine a roghnaigh eagraíocht den sórt sin de bhun iarrata roimhe sin (más ann) faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(d) déanfaidh an tAire iarraidh eile den sórt sin agus ceapfaidh sé mar ghnáthchomhalta duine a bhí ar líon na ndaoine a roghnaíodh de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile den sórt sin arna déanamh i ndáil leis an gceapachán sin.

(5) I gcás ina ndéanfar iarraidh de bhun fho-alt (3) den alt seo, ansin, má theipeann ar an eagraíocht ar a ndearnadh an iarraidh nó má dhiúltaíonn sí an líon iarrthóirí a bheidh sonraithe san iarraidh a roghnú ní bheidh sé sin ina bhac ar dhuine a cheapadh mar ghnáthchomhalta más duine é a bheidh roghnaithe i ndáil leis an gceapachán sin ag an eagraíocht réamhráite nó ag eagraíocht ar bith eile.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) maidir leis an tréimhse ina mbeidh an fhaisnéis atá le tabhairt de réir fho-alt (3) den alt seo le cur in iúl don Aire,

(b) maidir le haon ní eile is fóirsteanach leis an Aire chun críocha an ailt seo.

(7) Duine a bheidh de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina ionadaí sa Tionól,

(c) ina chomhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé dícháilithe chun a cheaptha ina ghnáthchomhalta.

(8) Ceapfar gach gnáthchomhalta i gcáil lánaimsire agus ní shealbhóidh sé, am ar bith i gcaitheamh a théarma oifige, aon oifig ná fostaíocht eile a mbeidh díolaíochtaí iníoctha ina leith.

(9) Faoi réir fhorálacha alt 12 (4) (b) den Acht seo, sealbhóidh gnáthchomhalta oifig ar feadh cibé téarma (nach faide ná cúig bliana) a shonróidh an tAire tráth a cheaptha chun oifige agus féadfaidh an tAire é a athcheapadh i gcomhair an dara téarma oifige nó i gcomhair téarma oifige iardain: Ar choinníoll nach n-athcheapfar duine faoin bhfo-alt seo, mura rud é, tráth a athcheaptha, go bhfuil sé nó go raibh sé ina chomhalta ceann téarma den Bhord.

(10) (a) Féadfaidh gnáthchomhalta éirí as a chomhaltas trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir.

(b) Fágfaidh duine a oifig mar ghnáthchomhalta ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú.

(c) Scoirfidh duine de bheith ina ghnáthchomhalta—

(i) má ainmnítear é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas,

(ii) má ainmnítear é lena thoghadh chun an Tionóil nó má cheaptar é faoi alt 15 d'Acht 1977 mar ionadaí sa Tionól,

(iii) má dhéantar comhalta d'údarás áitiúil de.

(11) (a) Íocfaidh an Bord le gach gnáthchomhalta cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí,

(b) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh gnáthchomhalta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(12) Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach mar gheall ar easláinte lena dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó má rinne sé é féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó más dóigh leis an Aire gur gá é chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Bord feidhmeanna an Bhoird go héifeachtach, agus i gcás ina gcuirfear gnáthchomhalta as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara ráiteas i scríbhinn ag insint na gcúiseanna lena chur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leaschathaoirleach an Bhoird.

8. —(1) Ceapfaidh an tAire duine as líon na ngáthchomhaltaí chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an mBord agus is go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheapachán a dhéanfar an ceapachán sin.

(2) Má scoireann an leas-chathaoirleach aon am de bheith ina ghnáthchomhalta den Bhord, scoirfidh sé air sin de bheith ina leaschathaoirleach.

(3) Íocfaidh an Bord leis an leas-chathaoirleach, i dteannta a luach saothair mar ghnáthchomhalta, cibé luach saothair breise (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an leas-chathaoirleach éirí as leas-chathaoirleacht trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighigh an tAire an litir.

Aoisliúntas chomhaltaí an Bhoird.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí—

(a) scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a thabhairt don chathaoirleach agus do ghnáthchomhaltaí, nó ina leith, ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige,

(b) scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun aiscí a thabhairt do dhaoine, nó i leith daoine, ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige de bhua alt 10 den Acht seo.

(2) Féadfar a fhoráil le scéim faoin alt seo má fhoirceanntar ceapachán an chathaoirligh nó gnáthchomhalta le linn téarma oifige an duine sin nach mbeidh sin ina bhac ar phinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhadh dó faoin scéim.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim arna déanamh aige faoin alt seo a leasú.

(4) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Cuirfidh an Bord scéim faoin alt seo i gcrích de réir théarmaí na scéime sin.

(6) Ní thabharfaidh an Bord aon phinsean, aisce nó liúntas eile, ach amháin de réir scéime faoin alt seo, d'aon duine nó i leith aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar an duine sin do scor de bheith i seilbh oifige.

(7) D'ainneoin alt 25 den Acht seo, leanfaidh an scéim a rinne an tAire faoi Airteagal 28 den Sceideal a ghabhann le Acht 1976 d'fheidhm a bheith aici agus féadfar í a leasú amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh í.

(8) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Scor d'oifig.

10. —(1) An duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, i seilbh oifige mar chathaoirleach an Bhoird, scoirfidh sé, ar an tosach feidhme sin, de bheith ina chathaoirleach.

(2) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, ina ghnáthchomhalta den Bhord, scoirfidh sé, ar an tosach feidhme sin, de bheith ina ghnáthchomhalta.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

11. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Beidh vóta ag an gcathaoirleach agus ag gach gnáthchomhalta ag cruinniú den Bhord.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, is é an leaschathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach ná an leas-chathaoirleach i láthair, nó mura mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, agus má bhíonn, i gceachtar cás, oifig an leaschathaoirligh folamh, roghnóidh na gnáthchomhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an vóta réitigh ag an duine a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) (a) Faoi réir na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, agus aon rialacháin a rinneadh fúthu agus, faoi réir aon achtachán nó ordú, rialachán nó ionstraim eile fúthu sin freisin, a rialaíonn nó a dhéanann difear ar shlí eile do nós imeachta an Bhoird, déanfaidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil.

(b) Féadfaidh an tAire a cheangal ar an mBord é a choimeád ar an eolas i dtaobh na socruithe a dhéanfar faoin bhfo-alt seo chun nós imeachta agus gnó an Bhoird a rialáil.

(6) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna a chur á gcomhlíonadh nó á bhfeidhmiú trí aon chomhalta nó ag aon chomhalta den Bhord nó trí aon duine eile nó ag aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chun na críche sin.

(b) Forléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a chuireann ar chumas comhalta den Bhord cás áirithe a chinneadh go críochnaitheach má breithníodh, agus ar an gcoinníoll amháin gur breithníodh, an cás lena mbaineann an t-údarás faoin mír sin ag cruinniú den Bhord sular tugadh an t-údarás.

(c) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a chuireann ar chumas an Bhoird údarás a thabhairt do dhuine nach comhalta den Bhord aon chás áirithe is cúram don Bhord a chinneadh go críochnaitheach.

Córam don Bhord, folúntais, etc.

12. —(1) Triúr is córam do chruinniú den Bhord.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas a bheith sa chathaoirleacht, sa leas-chathaoirleacht nó i líon na ngnáthchomhaltaí.

(3) I gcás folúntas a bheith sa chathaoirleacht, sa leas-chathaoirleacht nó i líon na ngnáthchomhaltaí, déanfaidh an tAire bearta a luaithe is féidir chun an folúntas a líonadh.

(4) (a) Más rud é, mar gheall ar an gcathaoirleach nó gnáthchomhalta a bheith breoite, nó mar gheall ar chúis ar bith eile, nach mbeidh go leor comhaltaí den Bhord ar fáil chun a chur ar chumas an Bhoird a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, féadfaidh an tAire, mar bheart idirlinne, duine amháin nó níos mó a cheapadh mar ghnáthchomhalta as líon na n-oifigeach dá dtagraítear in alt 7 (2) (e) den Acht seo.

(b) Ní dhéanfar duine a cheapadh chun bheith ina ghnáthchomhalta faoin bhfo-alt seo go ceann téarma is faide ná dhá mhí dhéag.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh.

13. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine gan toiliú an Bhoird (a fhéadfar a thabhairt don duine faoi réir nó d'éagmais coinníollacha, maidir le haon fhaisnéis, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe)—

(a) aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh faighte aige le linn dó bheith ag fónamh mar chomhalta nó mar fhostaí den Bhord nó mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Bhord nó mar dhuine a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí de bhua alt 21 (3) d'Acht 1976,

(b) aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh faighte amhlaidh i ndáil le gnó an Bhoird nó le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) nochtadh faisnéise i dtuarascáil chun an Bhoird nó i dtuarascáil ón mBord, nó thar ceann an Bhoird, chun an Aire,

(b) nochtadh faisnéise ag aon duine i gcúrsa agus de réir dhualgais a oifige

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le hachomhairc, etc.

14. —(1) Ní dleathach cumarsáid a dhéanamh leis an gcathaoirleach ná le gnáthchomhalta d'fhonn tionchar míchuí a imirt air tráth bheidh breithniú á dhéanamh aige ar achomharc, ar tharchur nó ar ní eile is cúram don Bhord nó ar chinneadh an Bhoird i dtaobh aon ní den sórt sin.

(2) Má bhíonn an cathaoirleach nó gnáthchomhalta ar an tuairim go sáraíonn cumarsáid fo-alt (1) den alt seo, beidh de dhualgas air gan bacadh a thuilleadh leis an gcumarsáid.

Éisteachtaí ó bhéal.

15. —(1) Beidh de lán-rogha ag an mBord tarchur nó achomharc chun an Bhoird nach tarchur nó achomharc lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo a éisteacht ó bhéal.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon tarchur nó achomharc chun an Bhoird is d'aicme nó de thuairisc a fhéadfar de thuras na huaire a fhorordú chun críocha an fho-ailt seo.

(b) Féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin a dhéanfar chun críocha an fho-alt seo á cheangal ar an mBord, tarchuir nó achomhairc is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sna rialacháin a éisteacht ó bhéal, go ginearálta nó i cibé cásanna a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) I gcás ina n-iarrfar ar an mBord tarchur nó achomharc a éisteacht ó bhéal (seachas tarchur nó achomharc lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo) agus go socróidh sé an tarchur nó an t-achomharc a chinneadh gan éisteacht ó bhéal, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra faoin socrú atá déanta aige ar an duine a d'iarr an éisteacht sin agus ceanglóidh an fógra sin ar an duine sin cibé aighneachtaí nó cibé aighneachtaí breise (más ann) is cuí leis i ndáil leis an tarchur nó leis an achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i scríbhinn laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach lú ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra), agus

(b) ní thosóidh an Bord ag cinneadh an tarchuir nó an achomhairc go dtí go rachaidh an tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh in éag.

Féadfaidh an Bord achomhairc faoi alt 26 den Phríomh-Acht a dhíbhe más achomhairc chráiteacha, etc., iad.

16. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo beidh, sna himthosca seo a leanas, lán-rogha ag an mBord achomharc a dhéanfar faoi alt 26 (5) den Phríomh-Acht a dhíbhe—

(a) más rud é, tar éis forais an achomhairc a bhreithniú, gurb é tuairim an Bhoird gur achomharc cráiteach, suaibhreosach nó achomharc gan substaint ná bunús an t-achomharc, nó

(b) más rud é—

(i) ag féachaint do chineál an achomhairc (lena n-áirítear aon cheist a eascraíonn, i dtuairim an Bhoird, as an achomharc), agus

(ii) ag féachaint d'aon chead nó ceadú roimhe sin a mheasann sé is cuí,

gur deimhin leis an mBord nár chóir sna himthosca áirithe an t-achomharc a bhreithniú tuilleadh.

(2) Beidh an chumhacht a thugtar don Bhord le fo-alt (1) den alt seo infheidhme aige faoi réir na sriantachta a fhorchuirtear ar an mBord le halt 26 (1) den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le halt 14 d'Acht 1976.

Fógra á cheangal ráiteas a thabhairt i dtaobh na bhforas achomhairc.

17. —(1) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Bhoird agus nach mbeidh forais an achomhairc luaite i scríbhinn, féadfaidh an Bord fógra a sheirbheáil ar an achomharcóir—

(a) á cheangal air ráiteas i scríbhinn i dtaobh fhorais a achomhairc a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach lú na ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra), agus

(b) á rá, mura gcomhlíonfar ceanglais an fhógra, go ndéanfaidh an Bord, tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, a dhearbhú, de bhun an ailt seo, go n-áireofar an t-achomharc a bheith tarraingthe siar.

(2) I gcás ina mbeidh fógra seirbheáilte, faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, tar éis dó an freagra (más ann) ar an bhfógra a bhreithniú, a dhearbhú, más cuí leis é, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don pháirtí ar a mbeidh an fógra seirbheáilte amhlaidh, go n-áireofar an t-achomharc lena mbaineann an fógra a bheith tarraingthe siar.

Cumhacht an Bhoird maidir le moill ag páirtithe etc., in achomhairc.

18. —(1) Más é tuairim an Bhoird go bhfuil aon doiciméad, aon sonraí nó aon fhaisnéis eile riachtanach chun go mbeidh ar a chumas achomharc a bheidh déanta faoi alt 26 (5) den Phríomh-Acht a chinneadh, féadfaidh an Bord fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar aon duine is páirtí san achomharc, nó ar aon duine eile a mbeidh aighneachtaí déanta aige chun an Bhoird nó barúlacha tugtha aige dó maidir leis an achomharc—

(a) á cheangal ar an duine sin an doiciméad, na sonraí nó an fhaisnéis eile sin (is doiciméad, sonraí nó faisnéis eile a bheidh sonraithe san fhógra) a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach lú ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra), agus

(b) á rá, mura gcomhlíonfar ceanglais an fhógra, go ndéanfaidh an Bord, tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, an t-achomharc a dhíbhe, nó d'eile, é a chinneadh, de bhun an ailt seo.

(2) I gcás ina mbeidh fógra seirbheáilte faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, tár éis dó an freagra (más ann) ar an bhfógra a bhreithniú, agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine ar ar seirbheáladh an fógra amhlaidh, an t-achomharc a dhíbhe nó, d'eile, é a chinneadh.

Achomhairc i gcoinne coinníollacha.

19. —(1) I gcás—

(a) ina ndéanfar achomharc faoi alt 26 (5) den Phríomh-Acht i gcoinne cinneadh ó údarás pleanála cead nó ceadú a thabhairt, agus

(b) nach mbaineann an t-achomharc ach le coinníoll nó coinníollacha ar faoina réir a rinneadh an cinneadh, agus

(c) gur deimhin leis an mBord, ag féachaint do chineál an choinníll nó na gcoinníollacha, nach ndlífí den Bhord an t-iarratas iomchuí a chinneadh amhail is dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc,

féadfaidh an Bord dá lán-rogha féin, faoi réir é do chomhlíonadh fo-alt (2) den alt seo tráth bheidh sé ag breithniú an achomhairc, cibé orduithe is cuí leis a thabhairt don údarás pleanála iomchuí maidir leis an údarás sin do chur isteach, do leasú nó do bhaint amach an choinníll nó na gcoinníollacha lena mbaineann an t-achomharc nó coinníollacha eile.

(2) I bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, ní dhéanfaidh an Bord, ar leith ó bhreithniú an choinníll nó na gcoinníollacha lena mbaineann an t-achomharc iomchuí, breithniú ach amháin ar phleanáil agus ar fhorbhairt cheart limistéar an údaráis phleanála iomchuí (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú), agus beidh aird aige ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin, ar théarmaí aon cheada roimhe sin a mheas an Bord a bheith iomchuí, ar na hábhair dá dtagraítear in alt 26 (2) den Phríomh-Acht agus ar na hábhair dá dtagraítear in alt 24 (2) d'Acht 1976.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo alt 26 (9) (a) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnidh, ní thabharfaidh siad an cead nó an ceadú mura rud é, maidir leis an achomharc nó, de réir mar is cuí, maidir le gach ceann de na hachomhairc—

(I) go mbeidh sé tarraingthe siar, nó

(II) go mbeidh sé dífe ag an mBord de bhun alt 16 nó 18 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983 , nó

(III) go mbeidh ordú tugtha i ndáil leis ag an mBord don údarás de bhun alt 19 den Acht sin,

agus i gcás ina ndéanfar achomharc nó gach achomharc den sórt sin, de réir mar is iomchuí a tharraingt siar nó a dhíbhe, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis an t-achomharc a tharraingt siar nó a dhíbhe, agus, i gcás ordú den sórt sin, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú de réir an ordaithe, a luaithe is féidir tar éis don Bhord an t-ordú a thabhairt.”.

Leasú ar ailt 10 agus 19 d'Acht 1976.

21. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1976 trí “arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí” a chur isteach i ndiaidh “an Aire”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1976 trí “£200” a chur in ionad “£50”, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1. 10—(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith ina bhfostaithe don Bhord is dóigh leis an mBord, faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí maidir leis an líon agus leis an gcineál fostaithe den sórt sin, ó am go ham is cuí.

2. (2) Is tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus ansin amháin, a thabharfaidh an Bord ordú faoi fho-alt (1) den alt seo aon suim is mó ná £200 a íoc.

Forléiriú.

22. —(1) Déanfar alt 26 (5) (b) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 14 (9) d'Acht 1976, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir ailt 16, 18 agus 19 den Acht seo, agus déanfar na forálacha eile de chuid na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982, i dtaobh achomhairc chun an Bhoird a fhorléiriú agus beidh éifeacht leo faoi réir alt 17 den Acht seo.

(2) Ní fhorléireofar aon ní in alt 17 nó 18 den Acht seo mar ní a dhéanann difear d'aon chumhacht a thugtar don Bhord le haon achtachán nó faoi aon achtachán seachas na hailt sin.

Sriantacht.

23. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann ar chumas an Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe atá nó a bheidh de chúram ar an mBord.

(2) Ní dhéanfar an tagairt don Acht seo i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982 .

Cosaint.

24. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann isteach ar bhuan-leanúnachas an Bhoird ná ar chomhlíonadh aon fheidhme dá chuid feidhmeanna ag an mBord ná mar ní a dhéanann difear don bhuan-leanúnachas nó don chomhlíonadh sin.

Aisghairm.

25. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1976, eadhon, ailt 3 (2), 4, 16, 18 (1), 18 (2), 31 agus an Sceideal.

Gearrtheideal, comhlua, tosach feidhme agus forléiriú.

26. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.

(4) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982

1982, Uimh. 21