|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FOR-BARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [6 Nollaig, 1983]. | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ): | ||||||||
[EN] | “(h) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £2,076,667, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais i dtaobh comhshocraíochtaí le haghaidh ranníocaí speisialta, | |||||||||
[EN] | (i) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”. | |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 to 1983, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980, agus den Acht seo. | |||||||||
|