|
||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 14 de 1984 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 14 de 1984 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960 GO 1983. | ||
[10 Iúil, 1984] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||
[EN] |
Léiriú agus forléiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 ; | ||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 . | ||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £50,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| |||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £50,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| |||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1984, a ghairm de na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983, agus den Acht seo le chéile. |