3 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1985


AN tACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Airgead de chuid eagraíochtaí neamhdhleathacha a íoc isteach san Ard-Chúirt.

3.

Airgead a íocadh isteach san Ard-Chúirt faoi alt 2 a ghnóthú ag úinéir in imthosca áirithe.

4.

Cúiteamh d'úinéir, in imthosca áirithe, i gcás ina n-íoctar airgead isteach san Ard-Chúirt faoi alt 2.

5.

Fianaise.

6.

Díolúine ó imeachtaí.

7.

Cionta.

8.

An bhrí atá le “maoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí” san Acht seo agus in ailt 22 agus 23 den Phríomh-Acht.

9.

Gearrtheideal agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

Na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1972.

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1985


AN tACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939 go 1972.

[19 Feabhra, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “banc” sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971 agus na daoine a shonraítear in alt 7 (4) den Acht sin agus aon fhoras airgeadais eile;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 .

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo d'airgead a bheidh ar teachtadh ag banc tagairtí do scaireanna i gcumann foirgníochta de chuid taisceora sa chumann.

Airgead de chuid eagraíochtaí neamhdhleathacha a íoc isteach san Ard-Chúirt.

2. —(1) (a) I gcás ina dtabharfar doiciméad ar aird d'aon bhanc a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Aire agus ar a mbeidh séala an Aire agus ina ndéarfar—

(i) gurb é tuairim an Aire, maidir le hairgead a mbeidh tuairisc air sa doiciméad agus a bheidh ar teachtadh ag an mbanc, gur mhaoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí é murach oibriú alt 22 den Phríomh-Acht agus go mbeidh an t-airgead sin arna fhorghéilleadh don Aire agus arna dhílsiú ann de bhua an ailt sin 22, agus

(ii) go gceanglaíonn an tAire ar an mbanc an t-airgead sin, nó an chuid sin de a bheidh ar teachtadh ag an mbanc an tráth a thabharfar an doiciméad ar aird dó, a íoc isteach san Ard-Chúirt lá sonraithe nó tráth nach déanaí ná lá sonraithe agus, san idirlinn, gan aon ghníomh nó mainneachtain a dhéanamh a bheadh ar neamhréir leis an gceanglas sin agus a chur in iúl a luaithe is féidir ina dhiaidh sin don duine nó do na daoine ar ina ainm nó ina n-ainm a bheidh an t-airgead ar teachtadh ag an mbanc gur íocadh an t-airgead isteach sa Chúirt sin,

déanfaidh an banc de réir an cheanglais.

(b) Measfar, chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, maidir le doiciméad a shonraítear sa mhír sin a thabhairt ar aird don phríomhoifigeach nó don duine eile faoi cibé ainm, a bheidh i gceannas ar bhainisteoireacht bainc, nó don bhainisteoir, nó d'oifigeach don bhanc a bheidh ag gníomhú mar bhainisteoir, ar an mbrainse bainc ar íocadh, nó a gcreideann an tAire gur íocadh, an t-airgead isteach ann, gurb ionann sin agus an doiciméad a thabhairt ar aird don bhanc.

(c) (i) Faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, fanfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh go ceann tréimhse 3 mhí dar tús a tosach feidhme agus scoirfidh sí air sin de bheith i ngníomh.

(ii) Féadfaidh an Rialtas, ó am go ham le hordú, tráth ar bith a mbeidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh, an mhír sin a choimeád i ngníomh go ceann cibé tréimhse breise nach faide ná 3 mhí de réir mar a bheidh sonraithe san ordú.

(iii) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú, tráth ar bith nach mbeidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh, a fhoráil go dtiocfaidh an mhír sin i ngníomh ar cibé lá a bheidh sonraithe san ordú agus go bhfanfaidh sí i ngníomh go ceann cibé tréimhse nach faide ná 3 mhí a bheidh sonraithe san ordú, agus tiocfaidh an mhír sin i ngníomh agus fanfaidh sí i ngníomh de réir fhorálacha aon ordaithe den sórt sin.

(iv) Leagfar gach ordú faoin mír seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is feidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(2) (a) Mura rud é, i ndáil le hairgead a íocadh isteach san Ard-Chúirt faoin alt seo nó maidir le haon íocaíocht nó ag éirí as aon íocaíocht den sórt sin, nach ndéanfar, faoi alt 3 den Acht seo nó ar shlí eile, imeachtaí a thionscnamh laistigh de 6 mhí ón lá ar íocadh an t-airgead isteach sa Chúirt sin nó má dhéantar gach imeacht den sórt sin a bheidh tionscanta a dhíbhe—

(i) ní íocfar an t-airgead amach as an Ard-Chúirt ach amháin de réir fhomhír (ii) den mhír seo, agus

(ii) féadfaidh an tAire, ar an tréimhse ó mhí sin adúradh a dhul in éag, iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú á ordú go n-íocfar an t-airgead leis an Aire nó isteach i cibé cuntas i cibé banc a shonróidh an tAire, agus,

gan dochar do chearta aon duine faoi alt 4 den Acht seo, déanfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip den ordú a chur chuig an mbanc a d'íoc an t-airgead isteach sa Chúirt sin.

(b) Folaíonn an tagairt i mír (a) den fho-alt seo do dhíbhe imeachtaí tagairt don chás ina dtarlóidh sé, tar éis bhreith na Cúirte Uachtaraí i gcás ina mbeidh achomharc in aon imeachtaí den sórt sin chun na Cúirte sin, go mbeidh na himeachtaí arna ndíbhe.

(c) Déanfar airgead a íocfar de bhun ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 2 den Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir orduithe an Aire Airgeadais.

Airgead a íocadh isteach san Ard-Chúirt faoi alt 2 a ghnóthú ag úinéir in imthosca áirithe.

3. —(1) Duine a mhaífidh gur úinéir é ar airgead a íocadh isteach san Ard-Chúirt de bhun alt 2 den Acht seo, féadfaidh sé, laistigh de 6 mhí ón lá ar íocadh an t-airgead isteach sa Chúirt sin, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte sin ar ordú a ordóidh go n-íocfar leis an t-airgead, mar aon le cibé méid i leith úis air is réasúnach leis an gCúirt sin agus, más deimhin leis an gCúirt sin nach raibh éifeacht, maidir leis an airgead, le halt 22 den Phríomh-Acht agus gurb é úinéir an airgid an duine, déanfaidh sí an t-ordú sin adúradh.

(2) Tabharfar fógra don Aire i dtaobh aon imeachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo agus beidh sé i dteideal éisteacht a fháil sna himeachtaí sin.

Cúiteamh d'úinéir, in imthosca áirithe, i gcás ina n-íoctar airgead isteach san Ard-Chúirt faoi alt 2.

4. —(1) I gcás go n-ordóidh an Chúirt faoi alt 3 den Acht seo go ndéanfar airgead a íocadh isteach san Ard-Chúirt de bhun alt 2 den Acht seo a íoc le haon duine, féadfaidh an Chúirt sin, ar iarratas chuici faoin bhfo-alt seo, cúiteamh is iníoctha ag an Aire a dhámhachtain don duine i leith aon chaillteanais a d'fhulaing sé mar gheall air gur íocadh an t-airgead isteach sa Chúirt sin agus gur coinníodh sa Chúirt sin é faoin alt sin 2.

(2) Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte faoin bhfo-alt seo, go suífidh duine chun sástacht na Cúirte sin—

(a) nach airgead a raibh éifeacht le halt 22 den Phríomh-Acht maidir leis airgead a íocadh leis an Aire faoi alt 2 den Acht seo, agus

(b) gurb é an duine úinéir an airgid,

féadfaidh an Ard-Chúirt—

(i) má bhíonn sí den tuairim go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann gur mhainnigh an duine iarratas a dhéanamh chun na Cúirte sin faoi alt 3 den Acht seo i leith an airgid laistigh den am a shonraítear san alt sin, agus

(ii) má rinneadh an t-iarratas faoin bhfo-alt seo laistigh de 6 bliana ón lá ar íocadh an t-airgead isteach sa Chúirt sin de bhun alt 2 den Acht seo,

cúiteamh is iníoctha ag an Aire a dhámhachtain don duine i leith aon chaillteanais a d'fhulaing an duine mar gheall air gur íocadh an t-airgead isteach san Ard-Chúirt agus gur coinníodh san Ard-Chúirt é, agus gur íocadh leis an Aire é agus gur choinnigh an Stát é, faoin alt sin 2.

(3) Tabharfar fógra don Aire i dtaobh aon imeachtaí faoin alt seo agus beidh sé i dteideal éisteacht a fháil sna himeachtaí sin.

Fianaise.

5. —(1) Má thugtar in aon imeachtaí doiciméad ar aird do chúirt a bheidh sínithe ag an Aire ina ndéarfar, maidir le hairgead a mbeidh tuairisc air sa doiciméad agus a bhí ar teachtadh lá sonraithe ag banc sonraithe, gur mhaoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí é an lá sin murach oibriú alt 22 den Phríomh-Acht, beidh sin, maidir leis an airgead a mbeidh tuairisc air amhlaidh, ina fhianaise gur mhaoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí é murach oibriú an ailt sin 22.

(2) Doiciméad a airbheartóidh gur doiciméad de chuid an Aire é faoi fho-alt (1) den alt seo agus a bheith sínithe ag an Aire, measfar, chun críocha an ailt seo, gur doiciméad den sórt sin é agus go bhfuil sé sínithe amhlaidh mura suífear a mhalairt.

(3) Ar iarratas ó aon pháirtí in imeachtaí faoi alt 3 den Acht seo, nó ar shlí eile, i ndáil le hairgead a d'íoc banc isteach san Ard-Chúirt faoi alt 2 den Acht seo nó maidir le haon íocaíocht nó ag éirí as aon íocaíocht den sórt sin, féadfaidh an chúirt a ordú don bhanc nó d'oifigeach sonraithe don bhanc gach doiciméad nó taifead a bheidh ina sheilbh ag an mbanc nó ar fáil aige a bheidh bainteach le híocaíocht an airgid nó coda de isteach sa bhanc nó amach as an mbanc nó a bhaineann le hoscailt, cothabháil, oibriú nó dúnadh aon chuntais sa bhanc maidir leis an airgead nó cuid de, nó aon doiciméid nó taifid shonraithe den sórt sin, a thabhairt ar aird don chúirt agus a chruthú don chúirt.

Díolúine ó imeachtaí.

6. —Ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachtaí d'aon chineál ann i gcoinne bainc in aon chúirt—

(a) maidir le gníomhartha a rinne an banc i gcomhlíonadh ceanglais i ndoiciméad a tugadh ar aird dó de bhun alt 2 den Acht seo, nó

(b) maidir leis an banc do mhainneachtain an t-airgead, nó cuid de, lena mbaineann an doiciméad, nó airgead eile ina ionad, a íoc leis an duine (nó le duine a bheidh údaraithe aige chun an t-airgead a ghlacadh) a bheadh, murach oibriú alt 22 den Phríomh-Acht, ina úinéir ar an airgead.

Cionta.

7. —(1) Banc a dhiúltaíonn nó a mhainníonn déanamh de réir ceanglais i ndoiciméad faoi alt 2 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air.

(2) I gcas ina gcruthófar, maidir le cion a rinne banc faoi fho-alt (1) den alt seo, go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go raibh sé inchurtha i leith faillí, aon duine a bhí, an tráth a rinneadh an cion, ina stiúrthóir ar an mbanc lena mbaineann, ina chomhalta de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an bhainc sin, nó arbh é, an tráth sin, an príomh-oifigeach, nó an duine eile, faoi cibé ainm, a bhí i gceannas bhainisteoireacht an bhainc, nó rúnaí an bhainc nó a bhí ina oifigeach eile de chuid an bhainc (lena n-áirítear an bainisteoir ar bhrainse den bhanc nó oifigeach eile de chuid an bhainc sa bhrainse sin den bhanc) measfar go ndearna an duine sin an cion freisin agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

An bhrí atá le “maoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí” san Acht seo agus in ailt 22 agus 23 den Phríomh-Acht.

8. —(1) Dearbhaítear leis seo, chun deireadh a chur le hamhras, go bhfuil agus go raibh i gcónaí, feidhm ag alt 22 den Phríomh-Acht, maidir le maoin de chuid eagraíochta neamhdhleathaí a gheobhaidh sí nó a fuair sí tráth ar bith le linn d'ordú díchuir faoi alt 19 den Acht sin a bheith i bhfeidhm ina taobh mar aon le maoin na heagraíochta díreach ar dháta déanta an ordaithe díchuir.

(2) Maidir le hairgead a bheidh ar teachtadh ag aon duine lena úsáid ag eagraíocht neamhdhleathach, nó ar mhaithe le heagraíocht neamhdhleathach, nó lena úsáid chun a críoch, agus a mbeidh ordú díchuir faoi alt 19 den Phríomh-Acht i bhfeidhm ina taobh, measfar, chun críocha an Achta seo agus ailt 22 agus 23 den Phríomh-Acht, gur maoin leis an eagraíocht é, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus ag na hailt sin agus beidh éifeacht leo dá réir.

Gearrtheideal agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1972, agus an tAcht seo mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1985, a ghairm díobh le chéile.