4 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1985


AN tACHT SLÁINTE (BEARTÚ MUIRÍNE) (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

“Príomh-Acht”.

2.

Díol agus riar frithghiniúnach a rialú.

3.

Gearrtheideal, lua, forléiriú agus tosach feidhme.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Sláinte (Beartú Muiríne), 1979

1979, Uimh. 20

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1985


AN tACHT SLÁINTE (BEARTÚ MUIRÍNE) (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE (BEARTÚ MUI-RÍNE), 1979 . [12 Márta, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“Príomh-Acht”.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne), 1979 .

Díol agus riar frithghiniúnach a rialú.

2. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Phríomh-Acht trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (b):

“(i) (I) gur duine é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, is poitigéir cógaisíochta, nó is poitigéir agus drugadóir urghnaimh, a choimeádann siopa ar oscailt chun oidis liachta a chumasc agus a urghnamh de réir fhorálacha na nAchtanna Cógaisíochta, 1875 go 1977, agus go ndéanfar an díol san áit a gcoimeádtar an siopa sin ar oscailt, nó

(II) gur lia-chleachtóir cláraithe é agus go ndéanfar an díol in áit a gcomhlíonann sé a dhualgais ghairmiúla de ghnáth, nó

(III) gur fostaí é de bhord sláinte ag gníomhú sa cháil sin agus go ndéanfar an díol i bhforas sláinte, nó

(IV) gur duine é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire é ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a chuireann seirbhís bheartaithe muiríne ar fáil de réir alt 3 (3) den Acht seo agus go ndéanfar an díol san áit a gcuirtear an tseirbhís sin ar fáil, nó

(V) gur fostaí é ag gníomhú sa cháil sin d'ospidéal a sholáthraíonn seirbhísí máithreachais nó seirbhísí chun cóireáil a chur ar ghalair ghnéasseolta agus go ndéanfar an díol san ospidéal,

agus—

(ia) gur díol cumhdán frithghiniúnach nó speirmicídí le duine os cionn 18 mbliana d'aois a bheidh sa díol, nó”.

Gearrtheideal, lua, forléiriú agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne) (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1981, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1981, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.